|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 26 de 1936. | ||
[EN] |
ACHT UM SHEANAD ÉIREANN (FORÁLACHA IARMARTACHA), 1936. |
ACHT CHUN NA LEASUITHE SIN DO DHÉANAMH AR AN DLÍ AGUS NA hOIRIÚNUITHE AGUS NA hATHARUITHE SIN DO DHÉANAMH AR ACHTANNA DEN OIREACHTAS AGUS AR IONSTRUIMÍ DO RINNEADH FÚTHA IS GÁ TOISC DEIREADH DO CHUR LE SEANAD ÉIREANN MAR THIGH BA CHUID DEN CHÓIR REACHTÚCHÁIN DO BUNUÍODH LE hAIRTIOGAL 12 DEN BHUNREACHT NO CHUN A SHOCRÚ GO nDÉANFAR NA NITHE SIN. [3adh Iúl, 1936.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gan éifeacht do bheith feasta ag tagairtí reachtúla do Sheanad Éireann. |
1. —Fé réir na hathghairme sonnruithe dheineann an tAcht so ar Achtanna no ar choda d'Achtanna den Oireachtas agus gan dochar don athghairm sin ní bheidh éifeacht feasta ag aon luadh no trácht atá in aon Acht den Oireachtas ar Sheanad Éireann no ar an Seanad no ar Chathaoirleach no ar Leas-Chathaoirleach Sheanaid Éireann no ar bhall no ar bhaill de Sheanad Éireann no den tSeanad. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Oiriúnú tagairtí reachtúla do Thithe an Oireachtais. |
2. —(1) Fé réir na leasuithe sonnruithe agus na hathghairme sonnruithe dheineann an tAcht so no dhéanfaidh aon ordú déanfar fén Acht so ar Achtanna no ar choda d'Achtanna den Oireachtas agus gan dochar do sna leasuithe ná don athghairm sin, déanfar gach luadh no trácht atá in aon Acht den Oireachtas ar dhá Thigh an Oireachtais no ar aon Tigh den Oireachtas do léiriú agus beidh éifeacht aige mar luadh no trácht ar Dháil Éireann. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Pé uair is gá do réir aon Achta den Oireachtas dhá Thigh an Oireachtais no aon Tigh den Oireachtas do dhéanamh éinní áirithe féadfaidh Dáil Éireann (fé réir na leasuithe sonnruithe agus na hathghairme sonnruithe dheineann an tAcht so ar Achtanna no ar choda d'Achtanna den Oireachtas agus gan dochar do sna leasuithe ná don athghairm sin) an ní sin do dhéanamh agus má deintear agus nuair a déanfar an ní sin amhlaidh beidh aige, chun crícheanna an Achta san, an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bheadh aige dá ndeintí é ag dhá Thigh an Oireachtais no ag aon Tigh den Oireachtas (pe'ca aca é). | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
An tAcht um Chostaisí Billí Príobháideacha, 1924 , do leasú. |
3. —Déanfar an tAcht um Chostaisí Billí Príobháideacha, 1924 (Uimh. 52 de 1924) , do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na hailt agus na fo-ailt de a luaidhtear sa chéad cholún den chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú fé seach sa tslí atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh gach ailt agus fo-ailt acu san fé seach sa chéad cholún san. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Comhacht don Ard-Chomhairle chun oiriúnuithe agus atharuithe reachtúla do dhéanamh. |
4. —(1) Pé uair a mheasfaidh an Ard-Chomhairle gur gá, toisc deireadh do chur le Seanad Éireann mar Thigh ba chuid den Chóir Reachtúcháin do bunuíodh le hAirtiogal 12 den Bhunreacht, aon oiriúnú no atharú, generálta no áirithe, do dhéanamh ar aon Acht (puiblí no príobháideach) den Oireachtas chun go mbeadh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an Acht san, féadfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú, gach oiriúnú no atharú, generálta no áirithe, do dhéanamh ar aon Acht den tsórt san a mheasfaidh an Ard-Chomhairle is gá chun go mbeadh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an Acht san. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar aon oiriúnú no atharú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do dhéanamh d'ainneoin an oiriúnuithe no an atharuithe sin (pe'ca aca é) do thabhairt chun críche le haon oiriúnú no atharú generálta deintear leis an Acht so, ach ní déanfar fén alt so oiriúnú ná atharú ar bith a bheidh buiniscionn le hoiriúnú no atharú ar bith a deintear leis an Acht so. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) An chomhacht a bronntar leis an alt so ar an Ard-Chomhairle chun Achtanna den Oireachtas d'oiriúnú no d'atharú bainfidh le gach ordú, rialachán, no ionstruim eile do rinneadh fé aon Acht den tsórt san. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
An fheidhm a bheidh ag oriúnuithe agus atharuithe generálta. |
5. —Gach oiriúnú no atharú generálta dheineann an tAcht so ar Achtanna den Oireachtas bainfidh— | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) le hAchtanna príobháideacha chó maith le hAchtanna puiblí den Oireachtas, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) le gach ordú, rialachán, no ionstruim eile do rinneadh fé aon Acht den tsórt san. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Athghairm. |
6. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearr-theideal. |
7. —Féadfar an tAcht um Sheanad Éireann (Forálacha Iarmartacha), 1936 , do ghairm den Acht so. | ||||||||||||||||||||||||
CEAD SCEIDEAL. Leasuithe ar an Acht um Chostaisi Billi Priobhaideacha, 1924 . | ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
DARA SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear. | ||||||||||||||||||||||||||
|