2 1936


Uimhir 2 de 1936.


ACHT UM CHOINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA, 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FEABHSA DO DHÉANAMH CHUN COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA LUCHT OIBRE IN OBAIR THIONNSCAIL DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [14adh Feabhra, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “cigire” duine is cigire de thurus na huaire chun críche na Factory and Workshop Acts, 1901 to 1920;

cialluíonn an abairt “gnó tionnscail” gnó ina mbíonn obair thionnscail ar siúl i bhfuirm thrádála no chun sochair d'fháil aisti no chun aon tseirbhís phuiblí do chur ar fáil no ina mbíonn obair thionnscail ar siúl ag údarás áitiúil no ag cólucht puiblí eile i bhfeidhmiú no i gcólíonadh comhacht no dualgas reachtúil;

cialluíonn an focal “oibrí” duine, seachas oibrí lasmuich, a dheineann obair thionnscail ar thuarastal no ar phágh, no chun aon cheárd no gairm bheatha d'fhoghluim;

cialluíonn an abairt “oibrí lasmuich” duine a dheineann ar thuarastal no ar phágh, obair thionnscail sa bhaile, no in áit éigin eile ná bíonn fé stiúradh ná fé bhainistí a fhostóra, ar earraí, thugann an fostóir sin amach no cuirtear ar fáil ar chostas an fhostóra san, chun iad do sheachadadh, tar éis na hoibre tionnscail sin do dhéanamh, don fhostóir sin no do dhuine éigin eile ainmníonn an fostóir sin;

cialluíonn an abairt “oibrí fásta” oibrí ná fuil fé bhun ocht mblian déag d'aois;

cialluíonn an abairt “duine óg” oibrí atá fé bhun ocht mblian déag agus os cionn cheithre mblian déag d'aois;

cialluíonn an focal “bean” bean ná fuil fé bhun ocht mblian déag d'aois;

cialluíonn an abairt “ionadaithe d'fhostóirí” an comhlachas san no na comhlachaisí uile sin d'fhostóirí atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna fostóirí gur ina dtaobh a húsáidtear an abairt no, i gcás gan aon chomhlachas den tsórt san do bheith ann dar leis an Aire, daoine atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna fostóirí sin;

cialluíonn an abairt “ionadaithe d'oibrithe” an comhlachas san no na comhlachaisí uile sin d'oibrithe atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna hoibrithe gur ina dtaobh a húsáidtear an abairt no, i gcás gan aon chomhlachas den tsórt san do bheith ann dar leis an Aire, daoine atá, dar leis an Aire, ionadathach do sna hoibrithe sin;

cialluíonn an focal “gearr-lá” an lá is gearr-lá de thurus na huaire d'aon ghnó tionnscail chun crícheanna an Achta so;

cialluíonn an abairt “gnáth-lá oibre” aon lá nách gearr-lá, Domhnach, ná lá saoire puiblí;

foluíonn an focal “áitreabh” foirgintí de gach saghas, agus foluíonn freisin talamh gan foirgint ar bith air, pe'ca bhíonn an talamh san á úsáid maidir le foirgint no ná bíonn;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Obair thionnscail.

3. —(1) San Acht so ní fholuíonn an abairt “obair thionnscail” obair thalmhaíochta, thráchtála ná thighis ná mianadóireacht ná daoine no earraí d'iompar, ach fé réir na teorann san foluíonn an abairt sin gach saghas oibre tionnscail agus go háirithe obair thionnscail a deintear i gcóir no i dtaobh aon ghnímh acu so leanas, se sin le rá:—

(a) aon earra do dhéanamh, d'atharú, do ghlanadh, do dheisiú, d'ornáidiú, do chríochnú, do chur in oiriúint chun a díolta, do thástáil, do ghrádáil, do phacáil, do bhriseadh suas, do léir-scriosadh no do chur i bhfuirm eile;

(b) aon ainmhí no éan do mharbhadh;

(c) aon bhóthar iarainn, trambhealach, cuan, duga, piara, canáil, slí uisce intíre, bóthar, tunal, droichead, uiscrian, camra, dréin, tobar, píopa, gnó leictreachais, obair gheasa, obair uisce, monarcha, no obair eile dhéanmhais do dhéanamh, d'athdhéanamh, do chothabháil, do dheisiú, d'atharú no do léir-scriosadh, no fothaí do chur síos no do thógaint chun siúil, no aon láithreán i gcóir aon déanmhais den tsórt san do leagadh amach no do ghlanadh;

(d) aon ghléas telegrafach no telefónach do chur suas, no aon ghléas den tsórt san a bhíonn curtha suas do chothabháil, d'atharú no do dheisiú;

(e) leictreachas no fuirmeacha eile comhachta do gheiniúint, d'atharú, do tharchur, do roinnt no do rialú;

(f) geas do tháirgeadh agus do roinnt;

(g) uisce do thaisciú agus do roinnt;

(h) camracht do chur de láimh;

(i) coiréaladóireacht, pé doimhneas a bheidh sa choiréal;

(j) aon fhoirgint do dhéanamh, d'athdhéanamh, do chothabháil, do dheisiú, d'atharú, d'fheistiú, do dhathú, do mhaisiú no do léir-scriosadh, no fothaí do dhéanamh, do chur síos no do thógaint chun siúil, no an láithreán ar a mbeidh aon fhoirgint le tógáil do leagadh amach no do ghlanadh;

(k) loingeas do dhéanamh no d'athdhéanamh, do dheisiú, do ghléasadh no d'athghléasadh no do léir-scriosadh;

(l) clocha, slinn no gaineamh do thógaint as an talamh chun críche seachas críche mianaigh;

(m) clódóireacht agus gach modh eile (seachas scríbhneoireacht agus cló-scríobhadh) chun focail, figiúirí, pictiúirí no patrúin do chur síos no do mhacsamhlú;

(n) aon áit ina mbíonn obair thionnscail ar siúl do ghlanadh.

(2) Chun críche an ailt seo—

cialluíonn an abairt “obair thalmhaíochta” obair aon fheirme no gáirdín no obair fhoraoiseachta agus foluíonn sí aon tsaghas oibre tionnscail a deintear mar chuid d'obair fheirme no gháirdín chun gnó an chéanna do choimeád ar siúl agus chuige sin amháin;

cialluíonn an abairt “obair thráchtála” obair chléireachais, obair thionnscail do mhaoirsiú agus do stiúradh agus do bhainistí, no obair a deintear chun no i dtaobh aon earra do dhíol ina mór-choda no ina mion-choda;

foluíonn an abairt “obair thighis” bia d'ullamhú in aon tigh ósta no tigh bídh más sa tigh ósta no sa tigh bídh sin amháin, no in áit ina ndeineann an duine ag á mbíonn an tigh ósta no an tigh bídh sin ar siúl béilí do sholáthar, a bheidh beartuithe an bia a hullamhuítear amhlaidh do chaitheamh.

Fostóir.

4. —(1) San Acht so cialluíonn an focal “fostóir” duine, seachas duine is fostóir saortha chun críche an ailt seo, dhligheann tuarastal no págh d'íoc le hoibrí no teagasc no taithí do sholáthar d'oibrí no an dá ní sin do dhéanamh i gcomaoine aon oibre tionnscail do dhéanamh, no dhligheann tuarastal no págh d'íoc le hoibrí lasmuich ar an gcomaoine sin.

(2) I gcás an méid d'aon tsaghas oibre tionnscail a deintear i gcoimeád aon ghnótha áirithe ar siúl do bheith chó beag san gurb é tuairim an Aire nách féidir forálacha an Achta so do chur i mbaint go caothúil le fostú oibrithe chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh sa ghnó san, féadfaidh an tAire, ar iarratas sa bhfuirm orduithe ón duine 'na mbíonn an gnó san ar siúl aige, ceadúnas do dheonadh don duine sin chun oibrithe d'fhostú sa ghnó san chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh agus é saor o fhorálacha an Achta so agus faid a leanfaidh aon cheadúnas den tsórt san i bhfeidhm beidh an duine dá ndeonfar an ceadúnas san ina fhostóir shaortha chun críche an ailt seo alos oibrithe d'fhostú sa ghnó san chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh.

(3) Mara ndeinidh an tAire é do cheiliúradh roimhe sin leanfaidh gach ceadúnas a deonfar fén alt so i bhfeidhm ar feadh na tréimhse bheidh luaidhte ann agus raghaidh in éag ansan.

(4) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, faid a leanfaidh ceadúnas a deonadh fén alt so i bhfeidhm, an ceadúnas san do cheiliúradh tré fhógra seacht lá i scríbhinn do thabhairt don duine dar deonadh an ceadúnas san.

Fostaíocht leanúnach.

5. —Má thárlann briseadh i bhfostaíocht oibrí le fostóir áirithe de bhíthin breoiteachta an oibrí sin, de bhíthin na hoibre ina mbeidh sé ar fostú amhlaidh do stad go sealadach, de bhíthin laigheaduithe shealadaigh ar mhéid sheachtainiúil na hoibre sin, no de bhíthin aon chúise sealadaighe eile nách é gníomh no faillí an oibrí sin fé ndeár í tuigfear, chun aon tréimhse fostaíochta leanúnaighe leis an bhfostóir sin do réir bhrí aon ailt den Acht so d'áireamh, an t-oibrí sin do bheith i bhfostaíocht an fhostóra san faid a lean an briseadh sin más rud é, agus amháin más rud é, go ndearnadh do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an t-oibrí sin do dhul, nuair a bhí deireadh leis an mbriseadh sin, thar n-ais i bhfostaíocht an fhostóra ag á raibh sé ar fostú díreach roimh an mbriseadh sin, agus

(b) ná raibh an t-oibrí sin ar fostú in aon tsaghas oibre tionnscail faid a lean an briseadh sin, agus

(c) nár lean an briseadh sin níos sia ná mí.

An tAcht do bhaint le daoine ar fostú ag an Stát.

6. —Tá feidhm ag an Acht so maidir le daoine ar fostú ag an Stát no fé (seachas baill d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no den Ghárda Síochána) fé is dá mba ag duine príobháideach do bheadh na daoine sin ar fostú.

Lá saoire puiblí.

7. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo isiad na laetheanta so leanas agus ní haon laetheanta eile bheidh ina laetheanta saoire puiblí do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—

(a) Lá Nodlag nuair a thuitfe sé ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfe sé ar an Domhnach, an 27adh lá de Mhí na Nodlag, agus

(b) Lá Fhéile Stiofáin nuair a thuitfe sé ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfe sé ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin, agus

(c) Lá Fhéile Pádraig nuair a thuitfe sé ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfe sé ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin, agus

(d) Luan Cásca, Luan Cincíse, agus an chéad Luan de Lúnasa.

(2) Pé uair a déanfar in aon bhliain lá do cheapadh fén Acht Laetheanta Saoire Puiblí, 1924 (Uimh. 56 de 1924) , chun bheith ina lá saoire bainc in ionad lae luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tuigfear, an bhliain sin, an lá ceapfar amhlaidh do bheith curtha san alt so in ionad an lae luaidhtear amhlaidh agus léireofar an t-alt so agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Féadfaidh fostóir ar bith, ar fhógra mí ar a laighead do thabhairt roimh ré do gach duine ina fhostaíocht, aon lá acu so leanas do chur, chun crícheanna an ailt seo, in ionad Lá Fhéile Stiofáin nuair a thuitfe sé ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfe sé ar an Domhnach, in ionad an chéad Luain ina dhiaidh sin, sé sin le rá:—

(a) an 1adh lá d'Eanar,

(b) an 6adh lá d'Eanar,

(c) Déardaoin Deasgabhála,

(d) Féile Chorp Críost,

(e) an 29adh lá de Mheitheamh,

(f) an 15adh lá de Lúnasa,

(g) an 1adh lá de Mhí na Samhna,

(h) an 8adh lá de Mhí na Nodlag.

(4) Féadfaidh fostóir ar bith, ar fhógra mí ar a laighead do thabhairt roimh ré do gach duine ina fhostaíocht, aon lá acu so leanas do chur in ionad Luan Cásca, Luan Cincíse no an chéad Luain i Lúnasa chun crícheanna an ailt seo, bliain ar bith, sé sin le rá:—

(a) Déardaoin Deasgabhála,

(b) Féile Chorp Críost,

(c) an 29adh lá de Mheitheamh,

(d) an 15adh lá de Lúnasa.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) is i scríbhinn a bheidh an fógra luaidhtear i gceachtar den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo agus féadfar é do thabhairt do dhuine ar bith tré chóip de do shíneadh chuige go pearsanta no tré chóip de do phostáil suas in ionad feiceálach san áit 'na mbeidh an duine sin ar fostú;

(b) ní déanfar aon lá luaidhtear i gceachtar den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo do chur in ionad lae eile fén bhfo-alt san i mbliain gur ar an Domhnach a thuitfidh an lá san a luaidhtear amhlaidh;

(c) nuair a dhéanfaidh fostóir lá luaidhtear i gceachtar den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo do chur in ionad lae eile fén bhfo-alt san maidir le haon bhliain áirithe beidh an lá san a luaidhtear amhlaidh, sa bhliain sin agus maidir le gach duine ar fostú ag an bhfostóir sin, ina lá saoire phuiblí do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so in ionad an lae gur ina ionad a cuirfear é amhlaidh.

Athghairm.

8. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Pionóisí mar gheall ar chiontaí fén Acht so.

9. —(1) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé alt ar bith den Acht so, seachas cionta dá bhforáltar pionós speisialta leis an Acht so, dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair—

(a) más oibrí an duine sin, fíneáil do chur air—

(i) ná raghaidh thar dhá phúnt másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nách mó ná deich scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, agus

(ii) ná raghaidh thar cúig púint másé an dara cionta no aon chionta ina dhiadh sin den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nách mó ná púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, no

(b) marab oibrí an duine sin, fíneáil do chur air—

(i) ná raghaidh thar deich bpúint másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nach mó ná dhá phúnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, agus

(ii) ná raghaidh thar fiche púnt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nách mó ná ceithre púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

(2) Féadfar cúiseamh mar gheall ar chionta fé aon alt den Acht so do bhunú ar agra an Aire.

(3) Féadfar cúiseamh mar gheall ar chionta fé aon alt den Acht so do bhunú tráth ar bith laistigh de pé tréimhse acu so leanas is déanaí raghaidh in éag, sé sin de rá:—

(a) trí mhí tar éis an dáta ar a ndeimhneofar i scríbhinn ar n-a séalú le séala oifigiúil an Aire, fianaise do theacht i seilbh an Aire no chun bheith ar fáil aige is leor chun é dhéanamh ceart an cúiseamh san do bhunú, no

(b) sé mhí tar éis an chionta do dhéanamh.

Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

10. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Comhacht chun rialacháin do dhéanamh.

11. —Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Aird do thabhairt ar chonvensiúin eadarnáisiúnta.

12. —I bhfeidhmiú gach comhachta no aon chomhachta chun rialacháin do dhéanamh a bronntar air leis an Acht so féachfaidh an tAire go cuibhe d'fhorálacha na gconvensiún eadarnáisiúnta uile agus fé seach a bheidh daingnithe de thurus na huaire ag Rialtas Shaorstáit Éireann agus mar cheangal ortha.

CUID II.

Coinniollacha maidir le Tasc-Obair, le hAicmi Airithe Daoine d'Fhostu agus le Saoire Bhliantuil.

Toirmeasc ar dhaoine fé bhun cheithre mblian déag d'aois d'fhostú.

13. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith éinne fé bhun cheithre mblian déag d'aois d'fhostú chun oibre tionnscail do dhéanamh.

(2) Má fhostuíonn fostóir ar bith duine contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an duine sin freisin ciontach i gcionta fén alt so.

Cruthúnas ar aois dhuine óig roimh é d'fhostú.

14. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith duine óg d'fhostú mara dtugtar ná go dtí go dtabharfar deimhniú beireatais no fianaise shásúil eile ar aois an duine óig sin don fhostóir sin.

(2) Pé uair is gá deimhniú beireatais dhuine óig chun crícheanna an ailt seo beidh an duine óg san no a thuismitheoir no a chaomhnóir, ar iarratas i scríbhinn sa bhfuirm orduithe do thíolacadh ina mbeidh na mion-innste orduithe agus ar tháille de shé pingine d'íoc, i dteideal cóip dheimhnithe d'fháil d'iontráil bheireatais an duine óig sin i gclár na mbeireatas agus í fé láimh an chlárathóra no an cheann-chlárathóra no dhuine eile ag á mbeidh coimeád an chláir sin; agus déanfaidh gach clárathóir beireatas agus gach ceann-chlárathóir no duine eile ag á mbeidh coimeád an chláir fuirmeacha i gcóir an iarratais sin do chur ar fáil in aisce ar iad d'iarraidh.

(3) Má fhostuíonn fostóir ar bith duine óg contrárdha don alt so bheidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an duine óg san freisin ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le daoine óga d'fhostú.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon tsaghas oibre tionnscail agus tar éis do dul i gcomhairle le hionadaithe d'fhostóirí 'na bhfuil leas acu sa tsaghas san oibre tionnscail agus le hionadaithe d'oibrithe 'na bhfuil leas acu amhlaidh, féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh—

(a) á thoirmeasc daoine óga d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh, no

(b) ag ceapadh an chothruim a bheidh idir líon na ndaoine óga bheidh ar fostú ag aon fhostóir chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh agus líon na n-oibrithe eile bheidh ar fostú amhlaidh.

(2) I gcás aon rialacháin a déanfar fén alt so do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon tsaghais oibre tionnscail ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith aon duine óg d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh no (do réir mar bheidh) an oiread san daoine óga d'fhostú chuige sin go mbeadh idir líon na ndaoine óg a bheidh ar fostú amhlaidh ag an bhfostóir sin agus líon na n-oibrithe eile bheidh ar fostú amhlaidh cothrom is mó ná an cothrom a bheidh ceaptha leis na rialacháin sin.

(3) Má dheineann fostóir ar bith, agus aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire, duine óg no roinnt daoine óga d'fhostú contrárdha do sna rialacháin sin beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so.

(4) San alt so ní fholuíonn an abairt “duine óg” aon phríntíseach a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so, ar fostú fé dhintiúirí chuireann mar cheangal air fónamh mar phríntíseach ar feadh tréimhse nách giorra ná trí bliana ná aon phríntiseach a bheidh, i dtosach feidhme an Achta so no dá eis sin, ar fostú mar phríntíseach fé rialacha ar n-a ndéanamh ag coiste príntíseachta fén Acht Príntíseachta, 1931 (Uimh. 56 de 1931) .

Srian le banoibrithe d'fhostú.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon tsaghas oibre tionnscail agus tar éis do dul i gcomhairle le hionadaithe d'fhostóirí 'na bhfuil leas acu sa tsaghas san oibre tionnscail agus le hionadaithe d'obrithe 'na bhfuil leas acu amhlaidh, féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh—

(a) á thoirmeasc ban-oibrithe d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh, no

(b) ag ceapadh an chothruim a bheidh idir líon na mbanoibrithe bheidh ar fostú ag aon fhostóir chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh agus líon na n-oibrithe eile bheidh ar fostú amhlaidh.

(2) I gcás aon rialacháin a déanfar fén alt so do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon tsaghais oibre tionnscail ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith aon bhanoibrí d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh no (do réir mar bheidh) an oiread san ban-oibrithe d'fhostú chuige sin go mbeadh idir líon na mban-oibrithe bheidh ar fostú amhlaidh ag an bhfostóir sin agus líon no n-oibrithe eile bheidh ar fostú amhlaidh cothrom is mó ná an cothrom a bheidh ceaptha leis na rialacháin sin.

(3) Má dheineann fostóir ar bith, agus aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire, ban-oibrí no roinnt ban-oibrithe d'fhostú contrárdha do sna rialacháin sin beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so.

Toirmeasc ar oibrithe lasmuich d'fhostú.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon tsaghas oibre tionnscail, rialacháin do dhéanamh le hordú á thoirmeasc oibrithe lasmuich d'fhostú sa tsaghas san oibre tionnscail agus nuair a bheidh aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire ní bheidh sé dleathach d'aon fhostóir aon oibrí lasmuich d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh.

(2) Féadfar a rá in aon rialacháin a déanfar fén alt so i dtaobh aon tsaghais oibre tionnscail ná bainfid ach le líomatáiste bheidh luaidhte ionta agus pé uair adéarfar sna rialacháin sin ná bainfid ach leis an líomatáiste sin beidh sé nea-dhleathach dá gcionn oibrithe lasmuich a chomhnuíonn sa líomatáiste sin d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh ach ní chuirfid srian le haon oibrithe eile lasmuich d'fhostú.

(3) Má dheineann fostóir ar bith aon oibrí lasmuich d'fhostú contrárdha d'aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an t-oibrí sin lasmuich freisin ciontach i gcionta fén alt so.

Cláir d'oibrithe lasmuich.

18. —(1) Gach fostóir fhostóidh aon oibrithe lasmuich déanfaidh clár de sna hoibrithe uile lasmuich a bheidh ar fostú aige de thurus na huaire do choimeád do réir rialachán a bheidh déanta fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun na gcrícheanna so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a ordú cadé an fhuirm ina mbeidh an clár d'oibrithe lasmuich a coimeádfar do réir an ailt seo agus, más oiriúnach leis an Aire é, chun fuirmeacha deifriúla den tsórt san d'ordú alos saghsanna deifriúla oibre tionnscail, agus

(b) chun a ordú cadiad na nithe agus na rudaí a hiontrálfar i ngach clár den tsórt san agus, más gá é, chun nithe agus rudaí deifriúla den tsórt san d'ordú alos gach fuirme deifriúla (más ann di) den chlár san.

(3) Gach fostóir ar a gceangailtear leis an alt so clár d'oibrithe lasmuich do choimeád agus ar a dteipfidh an clár san do choimeád do réir an ailt seo agus na rialachán a bheidh déanta fé beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Págh tasc-oibre.

19. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo déanfaidh gach fostóir a bhéarfaidh, as aon obair thionnscail do dhéanamh, d'aon oibrí no d'aon oibrí lasmuich aon luach saothair (dá ngairmtear págh tasc-oibre san Acht so) ar n-a áireamh tré thagairt don méid oibre do rinne an t-oibrí sin no an t-oibrí sin lasmuich déanfaidh, roimh aon obair no le linn aon oibre do thosnú go mbeidh aon íocaíocht áirithe pháigh thasc-oibre le háireamh ina taobh, nóta i scríbhinn (dá ngairmtear duillín mion-innste, tasc-oibre san Acht so) do thabhairt don oibrí sin no don oibrí sin lasmuich ina dtaisbeánfar, mion go leor chun a chur ar chumas an oibrí sin no an oibrí sin lasmuich a dhéanamh amach cadé an págh tasc-oibre is iníoctha leis, mion-innste (dá ngairmtear mion-innste tasc-oibre san Acht so) ar ráta an pháigh thasc-oibre agus ar an obair gur ina taobh a bheidh an ráta san iníoctha.

(2) Ar n-a iarraidh sin air d'fhostóir, féadfaidh an tAire, más dóich leis, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, gur ceart san do dhéanamh, cead do thabhairt amach don fhostóir sin á údarú dho, fé réir cólíonadh pé coinníollacha (más ann dóibh) a luadhfar sa chead san, págh tasc-oibre d'íoc, gan déanamh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, le hoibrithe agus le hoibrithe lasmuich bheidh ar fostú aige, agus pé uair do bhéarfar aon chead den tsórt san amach amhlaidh d'fhostóir beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire, tráth ar bith, an cead san do cheiliúradh tré fhógra seacht lá i scríbhinn do thabhairt don fhostóir sin no do chur chuige tríd an bpost;

(b) faid a bheidh an cead san gan ceiliúradh agus a chólíonfaidh an fostóir sin na coinníollacha (más ann dóibh) a luadhfar sa chead san, ní bheidh sé d'oblagáid ar an bhfostóir sin déanamh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, déanfaidh gach fostóir, a íocann págh tasc-oibre le haon oibrí as aon obair thionnscail do dhéanamh i bhfoirgint fé n-a bhainistí agus fé n-a stiúradh, placárd (dá ngairmtear placárd mion-innste tasc-oibre san Acht so) do choimeád ar taisbeáint i gcomhnaí, do réir an Achta so, i ngach seomra sa bhfoirgint sin ina ndeintear an obair thionnscail sin, placárd ag tabhairt na mion-innste tascoibre i dtaobh na hoibre tionnscail sin.

(4) Beidh gach placárd mion-innste tasc-oibre do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh comharthaí air seachas leitreacha agus figiúirí ar n-a n-úsáid go n-a ngnáth-bhrí,

(b) beidh air na mion-innste tasc-oibre i dtaobh na hoibre tionnscail le n-a mbaineann agus san amháin,

(c) beidh sé ar taisbeáint in áit go bhféadfaidh oibrithe bheidh ar fostú chun na hoibre tionnscail le n-a mbaineann sé do dhéanamh é léigheamh go saoráideach,

(d) coimeádfar é go glan so-léighte,

(e) beidh sé i nGaedhilg agus i mBéarla,

agus má bhíonn aon phlacárd mion-innste tasc-oibre bheidh ar taisbeáint ag fostóir ar bith gan bheith do réir na gcoinníollacha san tuigfear gan an placárd san do bheith ar taisbeáint do réir an Achta so.

(5) Má bhíonn na mion-innste tasc-oibre bhaineann le haon tsaghas oibre tionnscail chó hilfhillte sin nách féidir go caothúil iad do chur ar phlacárd mion-innste tasc-oibre, féadfaidh fostóir ar bith a fhostuíonn oibrithe chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh ar tuarastal tasc-oibre, féadfaidh, in ionad placárd mion-innste tasc-oibre do choimeád ar taisbeáint, leabhar (dá ngairmtear leabhar mion-innste tasc-oibre san Acht so), ina mbeidh na mion-innste tasc-oibre sin do choimeád, a bheidh ar fáil go saoráideach chun a iniúchta ag gach oibrí ar fostú amhlaidh.

(6) Má theipeann ar fhostóir ar bith déanamh do réir a n-éilítear leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Pionóisí i dtaobh placárd no duillín d'atharú no i dtaobh eolas sa chéanna do nochtadh.

20. —(1) Má dheineann duine ar bith, chun críche seachas chun dearmhad do cheartú, aon duillín mion-innste tasc-oibre, aon phlacárd mion-innste tasc-oibre no aon leabhar mion-innste tascoibre d'atharú beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no príosúntacht ar feadh tréimhse nách sia ná sé mhí no, más rogha leis an gcúirt é, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(2) Má dheineann duine ar bith, chun rún trádála do scéith, aon eolas do fuair sé o dhuillín mhion-innste thasc-oibre, o phlacárd mhion-innste thasc-oibre no o leabhar mhion-innste thascoibre do nochtadh beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Má dheineann duine ar bith, chun críche iomaíochta trádála, eolas do shireadh ar aon duine eile no d'fháil o aon duine eile do fuair an duine eile sin o dhuillín mhion-innste thasc-oibre. o phlacárd mhion-innste thasc-oibre no o leabhar mhion-innste thasc-oibre, no má dheineann sé, chun aon eolas den tsórt san do fuair an duine eile sin amhlaidh d'fháil, aon luach saothair do thabhairt no do thairisgint no a chur fé ndeár é do thabhairt no do thairisgint don duine eile sin, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Tasc-obair d'áireamh.

21. —(1) I gcás fostóir ar bith d'íoc páigh thasc-oibre le haon oibrí no le haon oibrí lasmuich alos aon oibre tionnscail déanfaidh an fostóir sin an méid oibre do rinneadh d'áireamh, chun a fháil amach cadé an págh tasc-oibre bheidh le n-íoc as, ina leithéid sin de shlí go mbeidh caoi ag an oibrí sin no ag an oibrí sin lasmuich ar thoradh an áirimh sin do sheiceáil gach uair roimh an bpágh san d'íoc leis.

(2) Chun an méid oibre do rinneadh d'áireamh d'fhonn a fháil amach cadé an págh tasc-oibre bheidh le n'íoc as féadfar meaisín uathoibritheach (dá ngairmtear áirmhtheoir uathoibritheach san Acht so) d'úsáid agus má bhíonn aon áirmhtheoir uathoibritheach déanta agus á oibriú do réir an Achta so tuigfear caoi chun a thabhairt fé ndeara cadé an méid d'áirimh an t-áirmhtheoir uathoibritheach san do bheith ina caoi chun an méid oibre d'áirimh an t-áirmhtheoir uathoibritheach san do sheiceáil.

(3) Beidh gach áirmhtheoir uathoibritheach do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an taisbeántóir na méideanna oibre bheidh áirmhthe do thaisbeáint tré chomharthaí seachas leitreacha agus figiúirí ar n-a n-úsáid go n-a ngnáthbhrí,

(b) feisteofar an taisbeántóir in áit go bhféadfaidh oibrithe é do léigheamh go saoráideach a bheidh ar fostú chun na hoibre tionnscail do dhéanamh gurb é a méid a gheobhaidh an t-áirmhtheoir uathoibritheach amach,

(c) beidh an taisbeántóir go glan so-léighte,

(d) ní foláir an toradh gheobhfar ón áirmhtheoir uathoibritheach do bheith cruinn agus coimeádfar an t-áirmhtheoir i staid mhaith agus i dtreo mhaith oibre,

(e) na mion-innste uile is gá chun a fháil amach ón taisbeántóir cadé an méid oibre tionnscail a bheidh áirmhthe ag áirmhtheoir uathoibritheach beidh siad marcálta go soiléir ar an áirmhtheoir uathoibritheach san,

agus aon áirmhtheoir uathoibritheach ná beidh do réir na gcoinníollacha san tuigfear gan é bheith déanta agus á oibriú do réir an Achta so.

(4) Má dheineann fostóir ar bith áireamh ar shlí seachas do réir an ailt seo ar mhéid aon tsaghais oibre tionnscail a rinne aon oibrí ar phágh thasc-oibre beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so.

Pionós i dtaobh baint le háirmhtheoir uathoibritheach.

22. —Má atharuíonn duine ar bith meicníocht no taisbeántóir áirmhtheora uathoibrithigh, no má bhaineann no má chuireann fé ndeár go mbainfear leis an gcéanna, chun críche seachas chun críche dleathaighe, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no príosúntacht ar feadh tréimhse nách sia ná sé mhí no, más rogha leis an gcúirt é, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Meáchain agus tomhais a húsáidtear chun págh d'fháil amach d'iniúchadh.

23. —Gach Acht agus rialachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh fearaistí is meáchain, tomhais, scálaí, meadha, sail-mheadha, meaisíní meáchainte no instruimidí tomhais (dá ngairmtear fearaistí tomhais san alt so) bainfid le fearaistí tomhais a húsáidfear in aon áit chun an méid oibre tionnscail do rinne aon oibrí no oibrí lasmuich d'fháil amach d'fhonn a áireamh cadé an méid páigh thasc-oibre is iníoctha leis, bainfid leo fé is dá mba i ndíol earraí a húsáidfí na fearaistí tomhais sin agus dá mba áit ina gcoimeádtar earraí chun a ndíolta an áit sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag gach Acht den tsórt san, agus déanfaidh gach cigire meáchan agus tomhas, no duine eile go n-údarás chun meáchain agus tomhais d'iniúchadh no do scrúdú, na fearaistí tomhais sin d'iniúchadh, do stampáil, do mharcáil, do lorg agus do scrúdú dá réir sin agus chuige sin beidh aige na comhachta agus na dualgaisí céanna atá aige i dtaobh fearaistí tomhais a húsáidtear i ndíol earraí.

Ceart ag oibrí chun saoire bliantúla.

24. —(1) Lomhálfaidh gach fostóir do gach oibrí ina fhostaíocht in aon ghnó tionnscail tréimhse nách giorra ná sé lá saoire as a chéile (dá ngairmtear saoire bhliantúil san Acht so) i ngach bliain iomláin fhostaíochta bheidh curtha isteach ag an oibrí sin agus ina raibh sé go leanúnach i bhfostaíocht an fhostóra san agus ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh ocht gcéad déag uair a chluig ar a laighead sa bhfostaíocht san.

(2) I gcás oibrí bheidh ar fostú ag fostóir i ngnó tionnscail do scur de bheith ar fostú ag an bhfostóir sin aon tráth seachas i ndeireadh bliana fostaíochta bheidh curtha isteach ag an oibrí sin, déanfaidh an fostóir sin—

(a) sé lá de shaoire bhliantúil, alos na coda den bhliain fhostaíochta san go raibh sé ar fostú amhlaidh ar a feadh, do lomháil don oibrí sin roimh an scur san, no

(b) íoc do dhéanamh leis an oibrí sin, le linn an scurtha san—

(i) i bpágh aon lae amháin (ar n-a áireamh do réir an ráta do bhainfeadh leis an gcás dá mba lá de shaoire bhliantúil a lomálfaí díreach roimh an scur san an lá san) alos gach tréimhse iomláine de dhá mhí sa chuid sin den bhliain fhostaíochta san ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh trí chéad uair a chluig ar a laighead, agus

(ii) i bpágh aon lae amháin (ar n-a áireamh mar adubhradh) alos na tréimhse (más ann di) sa chuid sin den bhliain fhostaíochta san is giorra ná dhá mhí ach nách giorra ná mí agus ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh céad go leith uair a chluig ar a laighead.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart, rialacháin do dhéanamh a atharóidh, maidir le gach aicme oibrithe no aon aicmí no aicme áirithe oibrithe, gach ceann no aon cheann de sna tréimhsí d'ocht gcéad déag uair a chluig, de thrí chéad uair a chluig, agus de chéad go leith uair a chluig a luaidhtear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt so tré pé tréimhsí no tréimhse eile, is dóich leis an Aire is ceart, do chur in ionad na dtréimhsí no na tréimhse sin, agus pé uair a bheidh aon rialacháin den tsórt san i bhfeidhm beidh éifeacht ag na fo-ailt sin maidir leis na hoibrithe no na haicmí no an aicme oibrithe le n-a mbainfidh na rialacháin sin fé is dá ndeintí na tréimhsí sin, no pé cinn acu dá ndéanfaidh na rialacháin sin deifir, d'atharú sa tslí bheidh luaidhte sna rialacháin sin.

(4) Ní háirmheofar aon Domhnach ná lá saoire puiblí mar lá saoire bliantúil ach má thagann Domhnach no lá saoire puiblí idir laetheanta saoire bliantúla tuigfear na laetheanta san do bheith as a chéile d'ainneoin an Domhnaigh no an lae sin do theacht eatortha.

(5) Ní bheidh sé dleathach d'oibrí ar bith aon obair thionnscail do dhéanamh ar luach saothair le linn aon tréimhse de shaoire bhliantúil chun a mbeidh teideal aige fén alt so, agus má dheineann oibrí ar bith aon obair thionnscail contrárdha don fho-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(6) I gcás oibrí is ball den Fhórsa Cúltaca d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann do bheith as láthair o n-a fhostaíocht chun bheith i láthair agus a dhualgas do chólíonadh, mar bhall den tsórt san, ag aon tréineáil tionnscnaimh, tréineáil bhliantúil, no slógadh tástála tuigfear, chun aon tréimhse fostaíochta no fostaíochta leanúnaighe do réir bhrí an ailt seo d'áireamh, an t-oibrí sin do bheith sa bhfostaíocht san aige le linn é do bheith as láthair amhlaidh, agus dá réir sin déanfar, chun crícheanna an ailt seo, an tréimhse do bhí sé as láthair amhlaidh d'áireamh sa tréimhse fostaíochta no fostaíochta leanúnaighe sin.

(7) I gcás únaerachta gnótha thionnscail d'aistriú tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí, beidh oibrí bheidh ar fostú sa ghnó san díreach roimh an aistriú san agus díreach dá éis i dteideal an tréimhse dá fhostaíocht leanúnaigh sa ghnó san a thosnuigh roimh an aistriú san agus a chríochnuigh le linn an aistrithe sin agus an tréimhse den fhostaíocht leanúnaigh sin a thosnuigh le linn an aistrithe sin agus a lean dá éis d'áireamh, chun crícheanna an ailt seo, mar aon tréimhse amháin nea-mbriste d'fhostaíocht leanúnaigh sa ghnó san d'ainneoin an aistrithe sin.

(8) Bainfidh an t-alt so leis an mbliain fhostaíochta bheidh, le linn tosach feidhme an Achta so, á caitheamh ag gach oibrí bheidh ar fostú ag fostóir i ngnó tionnscail le linn an rithte sin, agus beidh éifeacht ag an alt so maidir leis an mbliain fhostaíochta san agus maidir leis an oibrí sin fé is dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm i dtosach na bliana fostaíochta san, ach san fé réir na n-atharuithe —

(a) má théigheann an bhliain fhostaíochta san in éag laistigh de mhí tar éis tosach feidhme an Achta so go dtuigfear go ndearna an fostóir sin do réir an ailt seo má lomhálann sé don oibrí sin, ar dháta nách déanaí ná trí mhí tar éis deireadh na bliana fostaíochta san, an tsaoir, bhliantúil sin chun a mbeidh teideal ag an oibrí sin fén alt so alos na bliana fostaíochta san, agus

(b) má bhíonn an fostóir sin, roimh thosach feidhme an Achta so, tar éis saoire lae amháin no níos mó do lomháil don oibrí sin sa bhliain fhostaíochta san do bheadh ina saoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo mara mbeadh ná raibh na laetheanta san as a chéile no gur lugha ná sé cinn iad no ná rabhadar as a chéile agus gur lugha ná sé cinn iad, tuigfear an tsaoire sin do lomháladh amhlaidh do bheith ina saoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo agus ní bheidh teideal ag an oibrí sin, maidir leis an mbliain fhostaíochta san, ach chun an méid sin (más aon mhéid é) laetheanta as a chéile de shaoire bhliantúil tar éis tosach feidhme an Achta so is cóionann leis an méid (más aon mhéid é) laetheanta gur lugha-de ná sé an tsaoire sin do lomháladh amhlaidh.

(9) Déanfar, maidir le baint an ailt seo le hoibrithe is daoine óga, na tréimhsí uile agus fé seach de chúig céad déag uair a chluig, de dhá chéad go leith uair a chluig agus de chéad agus fiche uair a chluig do chur fé seach san alt so in ionad na dtréimhsí uile agus fé seach d'ocht gcéad déag uair a chluig, de thrí chéad uair a chluig agus de chéad go leith uair a chluig, agus beidh éifeacht ag an alt so dá réir sin maidir leis na hoibrithe sin.

(10) San alt so agus sa dá alt díreach ina dhiaidh den Acht so cialluíonn an abairt “bliain fhostaíochta” maidir le haon oibrí tréimhse bhliana dar tosach an lá is déanaí do chuaidh an t-oibrí sin sa bhfostaíocht gur ina taobh a húsáidtear an abairt no lá cinn bliana don lá san.

(11) Má theipeann ar aon fhostóir íoc do dhéanamh le hoibrí ar bith in aon airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an oibrí sin fén alt so, féadfaidh an t-oibrí sin an t-airgead san do bhaint den fhostóir sin mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(12) Má theipeann ar aon fhostóir saoire bhliantúil do lomháil d'oibrí ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Luach saothair i rith saoire bliantúla.

25. —Pé uair a lomhálfaidh a fhostóir d'oibrí ar tuarastal no ar págh aon tsaoire bhliantúil chun a mbeidh teideal aige de bhuadh an Achta so íocfaidh an fostóir sin leis an oibrí sin, alos gach lae den tsaoire sin, tuarastal no págh do réir pé ráta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) i gcás oibrí go ndeintear a ghnáth-luach saothair d'áireamh ar fad tré thagairt d'aimsir, do réir an ráta gur dá réir a bhí an luach saothair sin iníoctha díreach roimh thosach na saoire bliantúla san, agus

(b) i gcás oibrí gur págh tasc-oibre ar fad is gnáth-luach saothair do, do réir meán-ráta laethiúla a thuillimh (gan págh as obair bhreise d'áireamh) sa tréimhse gur ina haghaidh a lomhálfar an tsaoire bhliantúil sin do, agus

(c) i gcás oibrí go ndeintear cuid dá ghnáth-luach saothair d'áireamh tré thagairt d'aimsir agus gur págh tasc-oibre an chuid eile dá luach saothair, do réir meán-ráta laethiúla a thuillimh (gan págh as obair bhreise d'áireamh) sa tréimhse gur ina haghaidh a lomhálfar an tsaoire bhliantúil sin do.

Am na saoire bliantúla.

26. —(1) An t-am in aon bhliain fhostaíochta ina lomhálfaidh fostóir saoire bhliantúil d'oibrí a bheidh i dteideal saoire bliantúla fén Acht so isé an fostóir sin a cheapfaidh é.

(2) Más rud é, in aon bhliain fhostaíochta oibrí le fostóir, go mbeidh oiread san den bhliain fhostaíochta san caithte ná beidh ach sé lá oibre dhi gan caitheamh agus ná beidh an fostóir sin tar éis saoire bhliantúil do lomháil an uair sin don oibrí sin, féadfaidh an t-oibrí sin, má bhíonn sé i dteideal saoire bliantúla fén Acht so, fanúint as láthair o n-a chuid oibre don fhostóir sin ar feadh na sé lá san agus ní tuigfear, de bhíthin é d'fhanúint as láthair amhlaidh, é do dhéanamh aon bhriseadh ar a chonnradh seirbhíse leis an bhfostóir sin, agus íocfaidh an fostóir sin leis an oibrí sin alos na sé lá san an méid a dhlighfeadh sé d'íoc dá lomhálfadh sé an sé lá san mar shaoire bhliantúil.

(3) Má dheineann fostóir in aon bhliain fhostaíochta tréimhse saoire bliantúla do lomháil d'oibrí níos túisce ná an sé lá oibre deiridh den bhliain fhostaíochta san agus má fhágann an t-oibrí sin fostaíocht an fhostóra san roimh dheireadh na bliana fostaíochta san ní bheidh an fostóir sin i dteideal, i dtaobh na saoire bliantúla san do lomháil amhlaidh, tréimhse an fhógra is gá chun deireadh do chur leis an bhfostaíocht san do ghiorrú ná an págh ná an sochar eile do laigheadú chun a mbeidh teideal ag an oibrí sin le linn do an fhostaíocht san d'fhágaint.

(4) Má theipeann ar aon fhostóir íoc do dhéanamh le hoibrí ar bith in aon airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an oibrí sin fén alt so féadfaidh an t-oibrí sin an t-airgead san do bhaint den fhostóir sin mar fhiacha gnáth-chonnartha.

Fógra i dtaobh ama na saoire bliantúla.

27. —(1) Déanfaidh gach fostóir, ar a gceangailtear leis an Acht so saoire bhliantúil do lomháil d'oibrí, fógra i scríbhinn i dtaobh an lae thosnóidh an tsaoire bhliantúil sin do thabhairt do gach oibrí go gceangailtear ar an bhfostóir sin amhlaidh an tsaoire bhliantúil sin do lomháil do, agus bhéarfaidh an fógra san amhlaidh dhá sheachtain ar a laighead roimh an lá san.

(2) Féadfar fógra bhéarfar d'oibrí do réir an ailt seo do thabhairt tríd an bhfógra san do shíneadh chun an oibrí sin no tríd an bhfógra san do chur ar taisbeáint in ionad fheiceálach ar a mbeidh teacht ag an oibrí sin san áit ina mbeidh sé ar fostú.

(3) Gach fostóir ar a gceangailtear leis an alt so an fógra san a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so do thabhairt d'oibrí ar bith agus ar a dteipfidh no fhailleoidh an fógra san do thabhairt do réir an ailt seo d'oibrí ar bith ar aon ócáid ar a gceangailtear air amhlaidh san do thabhairt uaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

CUID III.

Coinniollacha Maidir le Trathanna Oibre.

Míniú.

28. —Nuair a húsáidtear an abairt “obair thionnscail” in alt ar bith sa Chuid seo den Acht so cialluíonn sí san alt san obair thionnscail nách obair thionnscail eiscithe chun críche an ailt sin.

Rialacháin um eisceadh.

29. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh (dá ngairmtear rialacháin um eisceadh san Acht so) á dhearbhú aon tsaghas áirithe oibre tionnscail do bheith ina obair thionnscail eiscithe chun críche gach ailt no aon ailt den Chuid seo den Acht so.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialacháin á dhearbhú aon tsaghas oibre tionnscail do bheith ina obair thionnscail eiscithe chun críche aon ailt den Chuid seo den Acht so bhaineann leis na huaireanna, leis na laetheanta den tseachtain, no leis na laetheanta den bhliain gur le n-a linn no ortha fhéadfaidh fostóir leigint d'oibrí an obair thionnscail sin do dhéanamh mara mbeidh sé tar éis dul i gcomhairle ar dtúis le hionadaithe d'fhostóirí ag a mbeidh leas sa tsaghas san oibre tionnscail agus le hionadaithe d'oibrithe ag á mbeidh leas amhlaidh.

(3) Pé uair a bheidh rialacháin a bheidh déanta fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire beidh aon tsaghas oibre tionnscail le n-a mbainfidh na rialacháin sin, beidh san, chun críche na n-alt den Chuid seo den Acht so gur ina dtaobh a dearbhuítear leis na rialacháin sin an saghas san oibre tionnscail do bheith ina obair thionnscail eiscithe, ina obair thionnscail eiscithe do réir téarmaí na rialachán san.

Cead um eisceadh.

30. —Féadfaidh an tAire, más deimhin leis méid aon tsaghais oibre tionnscail is gá do dhéanamh chun gnó tionnscail do choimeád ar siúl do bheith méaduithe thar meon aon tráth, cead do dheonadh don duine, ag á mbeidh an gnó tionnscail sin ar siúl, chun oibrithe d'fhostú chun an tsaghais sin oibre tionnscail do dhéanamh aon tráth i dtréimhse (nách sia ná dhá sheachtain) a luadhfar sa chead san, fé is dá mba ghnó tionnscail eiscithe an saghas san oibre tionnscail chun críche gach ailt no aon ailt den Chuid seo den Acht so a luadhfar sa chead san, agus pé uair a bheidh cead ar n-a dheonadh fén alt so i bhfeidhm beidh an saghas oibre tionnscail le n-a mbainfe sé ina obair thionnscail eiscithe chun críche na n-alt san nuair a déanfar é sa ghnó tionnscail sin sa tréimhse luadhfar sa chead san.

An gearr-lá.

31. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so isé an Satharn a bheidh ina ghearr-lá do gach gnó tionnscail chun críche an Achta so.

(2) Féadfaidh fostóir ar bith a fhostuíonn oibrithe chun aon obair thionnscail do dheánamh i ngnó tionnscail ar bith fógra do chur chun an Aire, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, á rá gur mian leis, maidir leis an ngnó san, lá áirithe eile den tseachtain (seachas an Domhnach) do chur mar ghearr-lá in ionad an tSathairn no in ionad aon lae do cuireadh roimhe sin in ionad an tSathairn fén alt so agus, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, nuair a bheidh seacht lá ón lá ar a gcuirfear an fógra san chun an Aire amhlaidh caithte isé an lá áirithe sin a bheidh, maidir leis an ngnó san, ina ghearr-lá chun críche an Achta so.

(3) Má cuirtear fógra fén alt so chun an Aire maidir le haon ghnó tionnscail ní déanfar, go dtí go mbeidh tréimhse thrí mhí caithte o dháta an fhógra san do chur chun an Aire, aon fhógra eile den tsórt san maidir leis an ngnó tionnscail sin do chur chun an Aire agus aon fhógra eile den tsórt san a cuirfear chuige laistigh den tréimhse sin beidh sé gan brí gan éifeacht.

Uain-obair do bheith neadhleathach marab ar phróiseas leanúnach no fé cheadúnas a déanfar í.

32. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith aon oibrí d'fhostú ar uain-obair chun obair thionnscail do dhéanamh (seachas obair thionnscail a déanfar chun no i dtaobh páipéirí nuachta do chlóbhualadh no d'fhoillsiú) maran rud é—

(a) gur gá de ghnáth an obair thionnscail sin (dá ngairmtear próiseas leanúnach san Acht so) do choimeád ar siúl gan stad no do choimeád ar siúl ar feadh tréimhsí nách giorra ná cúig uaire déag a chluig sa turus gan stad, no

(b) go n-údarófar don fhostóir sin le ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas uain-oibre san Acht so) ar n-a dheonadh ag an Aire oibrithe d'fhostú ar uain-obair (dá ngairmtear uain-obair cheadúnuithe san Acht so) chun na hoibre tionnscail sin do dhéanamh.

(2) Má fhostuíonn fostóir ar bith aon oibrí contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an t-oibrí sin freisin ciontach i gcionta fén alt so.

Coinníollacha uain-oibre ar phróiseas leanúnach.

33. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon fhostóir a leigint d'oibrí ar bith a bheidh ar fostú aige in aon ghnó tionnscail aon phróiseas leanúnach do dhéanamh ar uain-obair (dá ngairmtear uain-obair phróisis leanúnaigh san Acht so) i slí sháródh aon choinníoll acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh ré aon uaine níos sia ná naoi n-uaire a chluig;

(b) ní oibreoidh oibrí ar bith ar dhá uain as a chéile;

(c) ní oibreoidh oibrí ar bith ar aon uain mara mbeidh ocht n-uaire a chluig ar a laighead caithte o oibrigh sé ar uain roimhe sin;

(d) ní oibreoidh oibrí ar bith ar feadh níos mó ná 56 uair a chluig in aon tseachtain;

(e) déanfar sos chúig nóimeat déag ar a laighead do lomháil i ngach uain do gach oibrí i gcionn trí huaire a chluig ar a luatha no ceithre huaire a chluig ar a dhéanaí tar éis tosach na huaine sin ach ní bheidh an t-oibrí i dteideal áitreabh an fhostóra d'fhágaint le linn na tréimhse sosa san gan cead ón bhfostóir.

(2) Má dheineann fostóir ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Coinníollacha uain-oibre ceadúnuithe.

34. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon fhostóir a leigint d'oibrí ar bith a bheidh ar fostú aige in aon ghnó tionnscail aon obair thionnscail do dhéanamh ar uain-obair cheadúnuithe i slí sháródh aon choinníoll a bheidh sa cheadúnas le n-a n-údarófar an uainobair cheadúnuithe sin ná aon choinníoll acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh ré aon uaine níos sia ná naoi n-uaire a chluig;

(b) ní oibreoidh oibrí ar bith ar dhá uain as a chéile;

(c) ní oibreoidh oibrí ar bith ar aon uain mara mbeidh ocht n-uaire a chluig ar a laighead caithte o oibrigh sé ar uain roimhe sin;

(d) ní oibreoidh oibrí ar bith oiread san uair a chluig in aon tseachtain go raghadh meán-mhéid na n-uaire a chluig sa tseachtain d'oibrigh sé in aon trí seachtaine as a cheile thar ocht n-uaire agus dachad a chluig;

(e) déanfar sos chúig nóimeat déag ar a leighead i ngach uain do lomháil do gach oibrí i gcionn trí huaire a chluig ar a luatha no ceithre huaire a chluig ar a dhéanaí tar éis tosach na huaine sin ach ní bheidh an t-oibrí i dteideal áitreabh an fhostóra d'fhágaint le linn na tréimhse sosa san gan cead ón bhfostóir.

(2) Má dheineann fostóir ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Iarratas ar cheadúnas uain-oibre.

35. —Féadfaidh duine ar bith, tré iarratas i scríbhinn ina mbeidh na mion-innste orduithe, ceadúnas uain-oibre d'iarraidh ar an Aire.

Ceadúnas uainoibre do dheonadh.

36. —Ar an Aire d'fháil iarratais ar bith fén Acht so ar cheadúnas uain-oibre féadfaidh, do réir mar is rogha leis féin agus tar éis do dul i gcomhairle le hionadaithe d'fhostóirí ag á mbeidh leas sa tsaghas oibre tionnscail le n-a mbaineann an t-iarratas agus le hionadaithe d'oibrithe ag á mbeidh leas amhlaidh, an ceadúnas san do dheonadh no diúltú d'é do dheonadh.

Fuirm cheadúnais uain-oibre.

37. —Beidh gach ceadúnas uain-oibre deonfar fén Acht so sa bhfuirm orduithe agus údaróidh sé don duine dá ndeonfar é oibrithe d'fhostú ar uain-obair go generálta no fé réir pé coinníollacha is dóich leis an Aire is ceart d'fhorchur agus do chur isteach sa cheadúnas san.

Uaireanna oibre.

38. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith fhostuíonn aon oibrí fásta chun obair thionnscail do dhéanamh i ngnó tionnscail ar obair lae a leigint don oibrí fhásta san—

(a) más bean an t-oibrí fásta san, tosnú ar obair níos luatha ná 8 a chlog a.m. aon lá, no

(b) pe'ca fear no bean an t-oibrí fásta san, leanúint d'obair tar éis aon teorann acu so leanas (dá ngairmtear teoranta ama d'obair lae san Acht so), sé sin le rá:—

(i) 8 a chlog p.m. aon ghnáth-lá oibre,

(ii) 1 a chlog p.m. aon ghearr-lá,

(iii) an tráth aon ghnáth-lá oibre 'na mbeidh obair naoi n-uaire a chluig críochnuithe ag an oibrí fásta san an lá san,

(iv) an tráth aon tseachtain 'na mbeidh obair ocht n-uaire is dachad a chluig críochnuithe ag an oibrí fásta san an tseachtain sin.

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le haon obair thionnscail a deintear chun no i dtaobh—

(a) páipéirí nuachta do chlóbhualadh agus d'fhoillsiú, no

(b) aon ghléis thelegrafaigh no thelefónaigh do chur suas no aon ghléis den tsórt san a bhíonn curtha suas do chothabháil, d'atharú no do dheisiú, no

(c) stáisiúin fhóirleatha bhíonn á chothabháil agus á oibriú fé Chuid II den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 (Uimh. 45 de 1926) , do chothabháil no d'oibriú.

3. Má dheineann fostóir ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(4) San Acht so cialluíonn an abairt “obair lae” obair nách uain-obair phróisis leanúnaigh ná uain-obair cheadúnuithe.

Uaireanna oibre do dhaoine óga.

39. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith fhostuíonn aon duine óg chun obair thionnscail do dhéanamh i ngnó tionnscail ar obair lae a leigint don duine óg san—

(a) tosnú ar obair níos luatha ná 8 a chlog a.m. aon lá, no

(b) leanúint d'obair tar éis aon teorann acu so leanas (dá ngairmtear teoranta ama d'obair lae do dhaoine óga san Acht so), sé sin le rá:—

(i) 8 a chlog p.m. aon lá,

(ii) 1 a chlog p.m. aon ghearr-lá,

(iii) an tráth aon ghnáth-lá oibre 'na mbeidh obair ocht n-uaire a chluig críochnuithe ag an duine óg san an lá san,

(iv) an tráth aon ghearr-lá 'na mbeidh obair cheithre huaire a chluig críochnuithe ag an duine óg san an gearr-lá san,

(v) an tráth aon tseachtain 'na mbeidh obair dhachad uair a chluig críochnuithe ag an duine óg san an tseachtain sin.

(2) Má dheineann fostóir ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Uaireanna oibre daoine óg do shíneadh.

40. —(1) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis daoine óga bheidh ar fostú chun aon tsaghas oibre tionnscail do dhéanamh do bheith ar fostú amhlaidh mar chongantóirí d'oibrithe fásta agus ná féadfadh obair na n-oibrithe fásta san dul ar aghaidh i slí shásúil mara n-oibríodh na daoine óga san ar feadh na n-uaireanna céanna leis na hoibrithe fásta san, féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh do réir an ailt seo á ordú go dtuigfear gur oibrithe fásta, chun crícheanna an Achta so, daoine óga no daoine óga ag á mbeidh aois áirithe slánuithe faid a bheidh an saghas san oibre tionnscail á dhéanamh acu.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin maidir le haon tsaghas oibre tionnscail fén alt so mara mbeidh sé tar éis dul i gcomhairle ar dtúis le hionadaithe d'fhostóirí ag á mbeidh leas sa tsaghas san oibre tionnscail agus le hionadaithe d'oibrithe ag á mbeidh leas amhlaidh.

(3) Pé uair a bheidh rialacháin a bheidh déanta fé réim agus do réir an ailt seo i bhfeidhm de thurus na huaire tuigfear na daoine óga le n-a mbainfidh na rialacháin sin do bheith ina n-oibrithe fásta, chun crícheanna an Achta so, faid a bheidh an saghas oibre tionnscail gur ina thaobh do rinneadh na rialacháin sin á dhéanamh acu.

(4) Má tuigtear fén alt so duine ar bith do bheith ina oibrí fásta chun crícheanna an Achta so ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith a leigint don duine sin aon tsaghas oibre tionnscail do dhéanamh do idir 10 a chlog p.m. aon lá agus 8 a chlog a.m. an lá ina dhiaidh sin, ná a leigint don duine sin tosnú ar aon obair thionnscail do dhéanamh do aon lá go dtí go mbeidh aon uair déag a chluig caithte ón uair do scuir an duine sin d'obair thionnscail do dhéanamh an lá roimhe sin.

(5) Má dheineann fostóir ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Breis-aimsir nea-rialuithe.

41. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo agus fós fé réir na srian a forchuirtear tríd an Acht so le mná agus daoine óga d'fhostú istoíche, ach in ainneoin aon fhorála eile den Acht so, féadfaidh fostóir ar bith oibrí d'fhostú chun obair thionnscail do dhéanamh i ngnó tionnscail ar feadh tréimhse is sia, aon lá áirithe, ná an tréimhse ceaduítear chuige sin leis an Acht so (seachas an t-alt so), ach san fé réir na teorann ná raghaidh an fhaid aimsire gur sia-di an tréimhse sin is sia ná an tréimhse sin a ceaduítear amhlaidh mar adubhradh, ná ragha sí—

(a) maidir le haon oibrí fásta, thar dhá uair a chluig aon lá, ná thar dhá uair déag a chluig aon tseachtain, ná thar dhá chéad agus dachad uair a chluig aon bhliain ná thar sé huaire triochad a chluig in aon tréimhse de cheithre seachtaine as a chéile, no

(b) maidir le haon duine óg, thar dhá uair a chluig aon ghnáthlá ná thar uair a chluig aon ghearr-lá, ná thar deich n-uaire a chluig aon tseachtain, ná thar dhá chéad uair a chluig aon bhliain ná thar triocha uair a chluig in aon tréimhse de cheithre seachtaine as a chéile.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith más oiriúnach leis é, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis do dul i gcomhairle le hionadaithe d'fhostóirí ag á mbeidh leas sa tsaghas oibre tionnscail le n-a mbainfidh an scéal agus le hionadaithe d'oibrithe ag á mbeidh leas amhlaidh, rialacháin do dhéanamh chun ceachtar críoch no chun an dá chrích acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a thoirmeasc oibrithe no aon aicme no aicmí áirithe oibrithe d'fhostú, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, chun aon tsaghas áirithe oibre tionnscail do dhéanamh i ngnó tionnscail ar feadh tréimhse is sia ná an tréimhse ceaduítear leis an Acht so (seachas an t-alt so);

(b) chun laigheadú do dhéanamh ar an fhaid aimsire, de bhreis ar an tréimhse ceaduítear leis an Acht so (seachas an t-alt so), gur ar a feadh a féadfar oibrithe no aon aicme no aicmí áirithe oibrithe d'fhostú, de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, chun aon tsaghas áirithe oibre tionnscail do dhéanamh i ngnó tionnscail.

(3) Pé uair agus faid a bheidh rialacháin a bheidh déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i bhfeidhm beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt so fé réir na rialachán san.

Breis-aimsir cheaduithe.

42. —(1) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air do réir an ailt seo d'fhostóir a fhostuíonn oibrithe chun obair thionnscail do dhéanamh i ngnó tionnscail, cead i scríbhinn do dheonadh don fhostóir sin chun oibrithe no aon aicme no aicmí áirithe oibrithe d'fhostú, ar feadh tréimhse áirithe thosnóidh ar dháta nách luatha ná seacht lá tar éis dáta an iarratais sin, chun obair thionnscail do dhéanamh sa ghnó tionnscail sin ar feadh tréimhse áirithe is sia gach lá ná an tréimhse ceaduítear chuige sin leis an Acht so.

(2) Féadfaidh an tAire coinníollacha do chur ag gabháil leis an gceadú a deonfar le cead fén alt so, pé coinníollacha is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa chead san.

(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, cead a dheoin sé fén alt so do cheiliúradh.

(4) Pé uair a deonfar cead d'fhostóir fén alt so beidh sé dleathach don fhostóir sin, fé réir aon cheiliúrtha déanfar ar an gcead san, oibrithe d'fhostú do réir an cheada san d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Acht so.

Págh breisaimsire.

43. —(1) Má dheineann fostóir ar bith a fhostuíonn aon oibrí chun obair thionnscail do dhéanamh ar tuarastal no ar págh leigint don oibrí sin breis-aimsir (dá ngairmtear breis-aimsir laethiúil san alt so) do chaitheamh ag obair aon lá tuigfear gur aontuigh an fostóir sin an t-oibrí sin d'íoc do réir an ráta bhreis-aimsire as aon bhreis-aimsir a chaithfe sé ag obair amhlaidh an lá san.

(2) Má dheineann fostóir ar bith, fhostuíonn aon oibrí chun obair thionnscail do dhéanamh ar tuarastal no ar págh, leigint d'aon oibrí i seachtain ar bith breis-aimsir sheachtainiúil do chaitheamh ag obair agus más mó an bhreis-aimsir sheachtainiúil a chaithfidh an t-oibrí sin ag obair ná iomlán na breis-aimsire laethiúla chaithfidh an t-oibrí sin ag obair an tseachtain sin, tuigfear gur aontuigh an fostóir sin an t-oibrí sin d'íoc do réir an ráta bhreis-aimsire as an méid aimsire gurb é an deifríocht é idir an t-iomlán san agus an bhreis-aimsir sheachtainiúil sin, i dteanta aon luach saothair eile go mbeidh an t-oibrí sin i dteideal é d'fháil as an mbreis-aimsir laethiúil sin.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “breis-aimsir sheachtainiúil” an méid aimsire in aon tseachtain a leigfidh fostóir ar bith d'aon oibrí oibriú tar éis do ocht n-uaire is dachad a chluig oibre do bheith curtha isteach aige an tseachtain sin más oibrí fásta é, agus tar éis do dachad uair a chluig oibre do bheith curtha isteach aige an tseachtain sin más duine óg é, agus nuair a húsáidtear an abairt “ráta breis-aimsire” maidir le págh aon oibrí as aon obair thionnscail do dhéanamh cialluíonn sí ráta ar n-a dhéanamh amach tré mhéadú de chúig is fiche per cent. ar a laighead do dhéanamh ar an ráta gur dá réir do bheadh an t-oibrí sin i dteideal é d'íoc as an obair thionnscail sin do dhéanamh dá mba nách le linn breisaimsire déanfaí í.

Fostaíocht dúbalta do thoirmeasc.

44. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith oibrí d'fhostú chun aon tsaghas oibre tionnscail do dhéanamh aon lá a bheidh an t-oibrí sin tar éis aon tsaghas oibre tionnscail do dhéanamh d'fhostóir eile, ach amháin i gcás ná raghaidh iomlán na dtréimhsí bheidh obair thionnscail á déanamh ag an oibrí sin do gach fostóir acu san fé seach an lá san thar an tréimhse (gan breis-aimsir d'áireamh) a fheadfadh an t-oibrí sin bheith ar fostú go dleathach chun obair thionnscail do dhéanamh d'aon fhostóir amháin an lá san.

(2) Pé uair a fhostóidh fostóir oibrí contrárdha don alt so beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an t-oibrí sin freisin ciontach i gcionta fén alt so.

Aois mhinimum do dhaoine óga.

45. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ceapadh na haoise minimum ar a mbeidh sé dleathach daoine óga d'fhostú in aon tsaghas oibre tionnscail a luadhfar sna rialacháin sin agus, más oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le haon rialacháin den tsórt san, aois mhinimum dheifriúil de cheapadh maidir le daoine óga fireannacha agus le daoine óga baineannacha.

(2) Má fhostuíonn fostóir ar bith aon duine óg contrárdha d'aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an duine óg san freisin ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le mná d'fhostú istoíche.

46. —(1) D'ainneoin aon fhorála den Acht so seachas an fhoráil a bheireann comhacht don Aire rialacháin um eisceadh do dhéanamh ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith leigint d'aon mhnaoi aon obair thionnscail a dhéanamh do tráth ar bith idir a 10 a chlog p.m. aon lá agus a 8 a chlog a.m. an lá ina dhiaidh sin ná leigint d'aon mhnaoi tosnú ar aon obair thionnscail a dhéanamh do aon lá go dtí go mbeidh aon uair déag a chluig caithte ón tráth do scuir sí d'obair thionnscail a dhéanamh an lá roimhe sin.

(2) Má dheineann fostóir ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le daoine óga d'fhostú istoíche.

47. —(1) D'ainneoin aon fhorála den Acht so seachas an fhoráil a bheireann comhacht don Aire rialacháin um eisceadh do dhéanamh ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith leigint d'aon duine óg, nách duine óg a tuigtear a bheith ina dhuine fásta chun crícheanna an Achta so, aon obair thionnscail a dhéanamh do tráth ar bith sa tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse thoirmiscithe san alt so) idir a 8 a chlog p.m. aon lá agus a 8 a chlog a.m. an lá ina dhiaidh sin maran rud é gur duine óg fireannach an duine óg san agus gur fé réim agus do réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so bheidh sé ar fostú amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á údarú daoine óga fireannacha os cionn sé mblian déag d'aois d'fhostú chun aon tsaghas oibre tionnscail acu so leanas do bheith ar siúl acu tráth ar bith sa tréimhse thoirmiscithe, sé sin le rá:—

(a) próiseasaí ina n-úsáidtear foirnéisí frith-chasacha no aith-gheiniúnacha chun iarann agus cruaidh do dhéanamh agus chun leathán-mhiotal no srang do ghalbhánú (ach amháin próiseas an phiclithe);

(b) gloine do dhéanamh;

(c) páipéar do dhéanamh;

(d) siúicre amh do dhéanamh;

(e) obair dhí-ocsoighniú ór-mhianadóireachta;

agus féadfaidh an tAire, leis na rialacháin sin, pé coinníollacha, teoranta no srianta, is dóich leis is ceart d'fhorchur maidir leis an bhfostaíocht san.

(3) Má fhostuíonn fostóir ar bith aon duine óg contrárdha don alt so no contrárdha d'aon choinníoll, teorainn no srian a bheidh forchurtha le rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so.

Eatraimh in obair.

48. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith leigint d'aon oibrí bheidh ar fostú aige ar obair lae aon obair thionnscail do dhéanamh do ar feadh tréimhse ar bith is sia ná cúig uaire a chluig aon lá maran rud é go scuirfidh an t-oibrí sin d'obair tar éis tréimhse nách sia ná cúig uaire a chluig ón tráth thosnuigh sé ag obair agus ná tosnóidh sé ag obair arís go mbeidh tréimhse (dá ngairmtear an t-eatramh san alt so) de leath-uair a chluig ar a laighead caithte.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith leigint d'aon oibrí, bheidh ar fostú aige chun aon obair thionnscail do dhéanamh ar obair lae, leanúint den obair thionnscail sin do dhéanamh ar breis-aimsir ar feadh tréimhse is sia ná uair go leith a chluig tar éis aon teora aimsire d'obair lae ceaptar leis an Acht so no ceapfar fé alos aon ghnáth-lae oibre maran rud é go mbeidh an t-oibrí sin díreach roimh thosnú dho ar obair do dhéanamh ar breis-aimsir, tar éis scurtha d'obair ar feadh tréimhse (dá ngairmtear an t-eatramh breis-aimsire san alt so) de leath-uair a chluig ar a laighead.

(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, déanfaidh gach fostóir a fhostóidh oibrithe chun obair thionnscail do dhéanamh in aon ghnó tionnscail an t-eatramh do cheapadh an tráth céanna do sna hoibrithe sin, agus ní cheadóidh aon obair thionnscail den tsaghas san do bheith ar siúl le linn an eatraimh sin.

(4) Más deimhin leis an Aire, ar iarratas i scríbhinn d'fháil o fhostóir ar bith, go dtiocfadh, de bhíthin an chinéil oibre tionnscail gur chun é dhéanamh fhostuíonn an fostóir sin oibrithe, cailliúint mhór as an eatramh do cheapadh an tráth céanna do sna hoibrithe sin uile féadfaidh an tAire, le cead a fhéadfaidh an tAire do tharrac siar tráth ar bith, saoirse o fhorálacha an fho-ailt sin roimhe seo do lomháil don fhostóir sin agus pé uair a bheidh aon chead den tsórt san i bhfeidhm de thurus na huaire ní bhainfidh forálacha an fho-ailt sin roimhe seo leis an bhfostóir sin maidir leis an obair thionnscail sin.

(5) Gach oibrí bheidh ar fostú ar obair thionnscail agus a bheidh i láthair in áitreabh a fhostóra faid a bheidh obair thionnscail á déanamh san áitreabh san tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, é do bheith i láthair san áitreabh san chun na hoibre tionnscail do dhéanamh gur uirthi bheidh sé ar fostú amhlaidh, maran contrárdha d'orduithe an fhostóra san a bheidh sé i láthair amhlaidh san áitreabh san.

(6) Má dheineann fostóir ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Laetheanta puiblí agus Domhantaí.

49. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith leigint d'aon oibrí ina fhostaíocht aon obair thionnscail do dhéanamh do, aon lá is Domhnach no lá saoire puiblí, seachas obair thionnscail—

(a) is uain-obair phróisis leanúnaigh,

(b) is uain-obair cheadúnaithe,

(c) a deintear chun no i dtaobh páipéirí nuachta do chlóbhualadh no d'fhoillsiú,

(d) is obair uachtarlainne,

(e) is obair thionnscail a bheidh eiscithe ón bhfo-alt so le rialacháin a dhéanfaidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle le hionadaithe d'fhostóirí ag á mbeidh leas san obair thionnscail sin agus le hionadaithe d'oibrithe ag á mbeidh leas amhlaidh,

(f) a deintear chun no i dtaobh aon ghléis thelegrafaigh no thelefónaigh do chur suas no aon ghléis den tsórt san a bheidh curtha suas do chothabháil, d'atharú no do dheisiú,

(g) a deintear chun no i dtaobh stáisiúin fhoirleatha bhíonn á chothabháil agus á oibriú fé Chuid II den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 (Uimh. 45 de 1926) , do chothabháil agus d'oibriú.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, féadfaidh fostóir oibrí fásta fireannach d'fhostú aon Domhnach, ar feadh tréimhse nách sia ná trí huaire a chluig no ar feadh dhá thréimhse no níos mó nách sia a n-iomlán ná trí huaire a chluig, chun aon obair thionnscail do dhéanamh le n-a mbaineann an toirmeasc a deintear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

(3) Má fhostuíonn fostóir ar bith aon oibrí chun aon obair thionnscail, ná baineann an toirmeasc a deintear le fo-alt (1) den alt so léi, do dhéanamh ar an Domhnach in aon tseachtain, déanfaidh an fostóir sin, má fhanann an t-oibrí sin ina fhostaíocht ar feadh na seachtaine sin, sos cheithre huaire fichead a chluig as a chéile do lomháil do roimh an chéad Domhnach ina dhiaidh sin.

(4) Más dóich leis san do bheith ceart, féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á cheadú, maidir le haon tsaghas áirithe oibre tionnscail, an tréimhse shosa de cheithre huaire fichead a chluig as a chéile a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do thabhairt d'aon oibrí laistigh de sheacht lá tar éis an Domhnaigh a bhí an t-oibrí sin ar fostú i slí do thug teideal do fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo chun na tréimhse sosa san, agus pé uair a déanfar aon rialacháin den tsórt san amhlaidh beidh éifeacht ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo fé réir forálacha na rialachán san.

(5) I gcás ina dtoirmeasctar ar fhostóir leis an alt so leigint d'oibrithe ina fhostaíocht obair thionnscail do dhéanamh do lá saoire puiblí, íocfaidh an fostóir sin, in aghaidh gach lae shaoire phuiblí, págh aon lae amháin (ar n-a dhéanamh amach do réir an ráta do bheadh oiriúnach dá mba lá de shaoire bhliantúil an lá saoire puiblí sin) le gach oibrí—

(a) is oibrí le n-a mbaineann an toirmeasc san, agus

(b) a bheidh i bhfostaíocht an fhostóra san an lá oibre díreach roimh an lá saoire puiblí sin, agus

(c) do bhí sa bhfostaíocht san go leanúnach ar feadh iomlán na tréimhse de cheithre seachtaine dar críoch an lá oibre sin, agus

(d) d'oibrigh sa bhfostaíocht san céad go leith uair a chluig ar a laighead ar feadh na tréimhse sin de cheithre seachtaine, agus

(e) d'oibrigh sa bhfostaíocht san fiche uair a chluig ar a laighead i rith an sé lá oibre díreach roimh an lá saoire puiblí sin.

(6) Féadfaidh an tAire le hordú, pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart, rialacháin do dhéanamh a atharóidh, maidir le gach aicme oibrithe no aon aicmí no aicme áirithe oibrithe, gach ceann no aon cheann de sna tréimhsí de chéad go leith uair a chluig agus d'fhiche uair a chluig a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tré pé tréimhsí no tréimhse eile, is dóich leis an Aire is ceart, do chur in ionad na dtréimhsí no na tréimhse sin, agus pé uair a bheidh aon rialacháin den tsórt san i bhfeidhm beidh éifeacht ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo maidir leis na hoibrithe no na haicmí no an aicme oibrithe le n-a mbainfidh na rialacháin sin fé is dá ndeintí na tréimhsí no an tréimhse sin dá ndéanfaidh na rialacháin sin deifir d'atharú sa tslí luaidhtear sna rialacháin sin.

(7) Déanfar, maidir le baint an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so le hoibrithe is daoine óga, na tréimhsí uile agus fé seach de chéad agus fiche uair a chluig agus de shé uair déag a chluig do chur fé seach in ionad na dtréimhsí uile agus fé seach de chéad go leith uair a chluig agus d'fhiche uair a chluig, agus beidh éifeacht ag an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo dá réir sin maidir leis na hoibrithe sin.

(8) Má theipeann ar aon fhostóir íoc do dhéanamh le hoibrí ar bith in aon airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an oibrí sin fén alt so, féadfaidh an t-oibrí sin an t-airgead san do bhaint den fhostóir sin mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(9) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Clár na gCó-aontuithe Páigh.

50. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme an Achta so bunóidh an tAire agus coimeádfaidh ar bun ina dhiaidh sin clár (dá ngairmtear an clár san alt so) a bheidh i pé fuirm is dóich leis is ceart agus ar a dtabharfar Clár na gCó-aontuithe Páigh.

(2) Gach có-aontú ar n-a shighniú (pe'ca roimh thosach feidhme an Achta so no dá éis sin é no pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) ag cólucht no cóluchtaí no thar ceann cóluchta no cóluchtaí (dá ngairmtear fostóir-shighniúirí san alt so) bheidh sáthach ionadathach do sna fostóirí ag á mbeidh leas in aon tsaghas áirithe oibre tionnscail i Saorstát Éireann uile no in aon chuid áirithe dhe, agus ag cólucht no cóluchtaí (dá ngairmtear oibrí-shighniúirí san alt so) bheidh sáthach ionadathach do sna hoibrithe no d'aon aicme áirithe de sna hoibrithe ag á mbeidh leas sa tsaghas áirithe sin oibre tionnscail i Saorstát Éireann uile no sa chuid áirithe sin de (do réir mar bheidh), có-aontú le n-a ndeintear na rátaí tuarastail, páigh no luach saothair eile, is iníoctha leis na hoibrithe no leis an aicme oibrithe sin, do rialáil no do shrianadh, féadfaidh páirtí amháin no níos mó de pháirtithe an chó-aontuithe sin é do thíolacadh, laistigh den am a ceaptar leis an alt so, don Aire chun é do chlárú sa chlár.

(3) Pé uair a déanfar có-aontú, do rinneadh maidir le haon tsaghas áirithe oibre tionnscail, do thíolacadh fén alt so don Aire chun é do chlárú sa chlár agus is deimhin leis an Aire—

(a) na fostóir-shighniúirí ís páirtithe sa chó-aontú san do bheith sáthach ionadathach do sna fostóirí go mbeidh baint acu leis an saghas san oibre tionnscail sa líomatáiste le n-a mbainfidh an có-aontú san, agus

(b) na hoibrí-shighniúirí is páirtithe sa chó-aontú san do bheith sáthach ionadathach do sna hoibrithe no d'aicme áirithe oibrithe go mbeidh baint acu leis an saghas san oibre tionnscail sa líomatáiste le n-a mbainfidh an có-aontú san, agus

(c) más tar éis tosach feidhme an Achta so déanfar an có-aontú san, forálacha do bheith ann chun ré an chó-aontuithe sin do rialáil no chun socruithe do dhéanamh chun deireadh do chur leis agus na forálacha san do bheith curtha le chéile i slí chuirfidh in áirithe an có-aontú san do bheith i ngníomh ar feadh bliana ar a laighead o dháta an chéanna, agus

(d) an có-aontú san do bheith oiriúnach ar gach slí chun é do chlárú sa chlár,

cláróidh an tAire an có-aontú san sa chlár.

(4) Pé uair a clárófar có-aontú sa chlár beidh éifeacht ag na forálacha so leanas an dáta clárófar an có-aontú san amhlaidh agus dá éis sin agus an fhaid ina dhiaidh sin a leanfa sé de bheith ina cheangal ar pháirtithe an chéanna, beidh éifeacht acu maidir leis an gcó-aontú san, se sin le rá:—

(a) beidh an có-aontú san ina cheangal ar gach fostóir go mbeidh baint aige leis an saghas oibre tionnscail sa líomatáiste le n-a mbainfidh an có-aontú san agus ar gach oibrí no, i gcás gan an có-aontú san do bhaint ach le haicme oibrithe, ar gach oibrí den aicme sin a bheidh ar fostú sa tsaghas san oibre tionnscail sa líomatáiste sin;

(b) ní bheidh sé dleathach d'fhostóir ar bith den tsórt san aon oibrí den tsórt san d'fhostú ná d'íoc ná d'aon oibrí den tsórt san oibriú d'fhostóir ar bith den tsórt san ná íocaíocht do ghlacadh uaidh do réir ráta tuarastail, páigh no luach saothair eile is lugha ná an ráta bheidh socair leis an gcó-aontú san agus a bhainfidh leis an oibrí sin;

(c) má dheineann fostóir ar bith den tsórt san aon oibrí den tsórt san d'fhostú no d'íoc contrárdha don mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus má ghlacann aon oibrí den tsórt san aon fhostaíocht no íocaíocht contrárdha don mhír dheiridh sin roimhe seo, beidh an t-oibrí sin freisin ciontach i gcionta fén alt so;

(d) fé réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo den fho-alt so beidh gach oibrí den tsórt san, d'ainneoin aon chonnartha contrárdha dho san, i dteideal tuarastail, páigh no luach saothair eile, do réir an ráta bheidh socair leis an gcó-aontú san agus a bhainfidh leis an oibrí sin, d'éileamh ar a fhostóir agus d'fháil mar íocaíocht uaidh agus do bhaint de;

(e) ní oibreoidh éinní atá sa bhfo-alt so chun a chosc ar fhostóir ar bith den tsórt san aon oibrí den tsórt san d'fhostú no tuarastal, págh no luach saothair eile d'íoc leis do réir ráta is mó no is tairbhighe don oibrí sin ná an ráta bheidh socair leis an gcó-aontú san agus a bhainfidh leis an oibrí sin, ná ní oibreoidh chun a chosc ar aon oibrí den tsórt san, a bheidh ar fostú amhlaidh do réir an ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile sin is mó no is tairbhighe, tuarastal, págh, no luach saothair eile do réir an ráta san is mó no is tairbhighe do bhaint dá fhostóir.

(5) Pé uair a tíolaicfear có-aontú don Aire chun é chlárú fén alt so, déanfaidh an páirtí no na páirtithe thíolacfaidh an có-aontú san amhlaidh cóip de do thabhairt don Aire chun eisean dá coimeád agus an t-eolas san uile (más aon eolas é) bheidh ag teastáil ón Aire i dtaobh an chó-aontuithe sin do thabhairt do agus má theipeann ar an bpáirtí no na páirtithe sin an chóip agus an t-eolas san do thabhairt do féadfaidh an tAire, ar scór na teipe sin, diúltú don chó-aontú san do chlárú.

(6) Pé uair a clárófar có-aontú sa chlár beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfidh oifigeach don Aire, go n-údarás chuige sin ón Aire, fé ndeár deimhniú á rá go bhfuil an có-aontú san cláruithe amhlaidh agus ag luadh an dáta ar ar cláruíodh é amhlaidh do chúlscríobhadh ar an ionstruim sin agus sighneoidh sé an deimhniú san;

(b) cuirfidh an tAire fé ndeár fógra i dtaobh an chó-aontuithe sin do chlárú sa chlár (i dteanta pé mion-innste i dtaobh an chó-aontuithe sin agus an chláruithe sin is dóich leis an Aire is ceart) d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil;

(c) féadfaidh duine ar bith cóip de chóip an chó-aontuithe sin a choimeádfaidh an tAire fén alt so d'fháil ón Aire ar san d'iarraidh sa tslí orduithe agus ar an táille orduithe d'íoc.

(7) Deimhniú bheidh cúlscríobhtha agus sighnithe ar chó-aontú do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so glacfar é i ngach cúirt mar fhianaise dhochlaoite go bhfuil an có-aontú san cláruithe go cuibhe sa chlár agus gur cláruíodh é amhlaidh an dáta bheidh luaidhte chuige sin sa deimhniú san, agus glacfar an deimhniú san gan cruthú ar shighniú an oifigigh a bheireann le tuisgint gur shighnigh sé an deimhniú san do réir an fho-ailt sin ná gurbh oifigeach don Aire é ná go raibh údarás aige ón Aire an deimhniú san do shighniú.

(8) Pé uair a clárófar có-aontú sa chlár féadfaidh duine ar bith, laistigh de mhí tar éis fógra i dtaobh an chláruithe sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, a iarraidh ar an Ard-Chúirt i slí achmair an clárú san do chur ar neambrí agus, ar an iarratas san d'éisteacht, féadfaidh an Ard-Chúirt, más deimhin léi gur fíor ceachtar de sna nithe seo leanas no iad araon, sé sin le rá:—

(a) ná raibh na fostóir-shighniúirí is páirtithe sa chó-aontú san sáthach ionadathach, ar dháta an chó-aontuithe sin, do sna fostóirí ag á bhfuil leas sa tsaghas oibre tionnscail le n-a mbaineann an có-aontú san i Saorstát Éireann no, i gcás gan an có-aontú san do bhaint ach le cuid de Shaorstát Éireann, sa chuid sin de Shaorstát Éireann, no

(b) ná raibh na hoibrí-shighniúirí is páirtithe sa chó-aontú san sáthach ionadathach, ar dháta an chó-aontuithe sin, do sna hoibrithe no don aicme áirithe oibrithe le n-a mbaineann an có-aontú san agus a bhíonn ar fostú sa tsaghas oibre tionnscail le n-a mbaineann an có-aontú san i Saorstát Éireann no, i gcás gan an có-aontú san do bhaint ach le cuid de Shaorstát Éireann, sa chuid sin de Shaorstát Éireann,

féadfaidh clárú an chó-aontuithe sin sa chlár do chur ar neambrí.

(9) Isé am gur laistigh de féadfar có-aontú do thíolacadh don Aire fén alt so chun é do chlárú sa chlár ná—

(a) i gcás có-aontuithe ar a mbeidh dáta is túisce ná dáta tosach feidhme an Achta so, laistigh de shé mhí tar éis an tosach feidhme sin, no

(b) i gcás có-aontuithe ar a mbeidh mar dháta dáta tosach feidhme an Achta so no dáta dá éis sin, laistigh de shé mhí tar éis dáta an chó-aontuithe sin.

Rátaí páigh atá anois ann do bhuan-choimeád.

51. —Más rud é, chun déanamh do réir an Achta so, go ndéanfar na huaireanna oibre bheidh ann díreach roimh thosach feidhme an Achta so, maidir le gach duine no le daoine no le duine áirithe bheidh ar fostú in aon tsaghas áirithe oibre tionnscail, do laigheadú no d'atharú ar shlí eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar an ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile is iníoctha le haon duine den tsórt san díreach roimh thosach feidhme an Achta so do laigheadú ná d'atharú ar shlí eile chun dochair don duine sin de bhíthin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre an duine sin agus dá bhíthin sin amháin;

(b) ní dhéanfaidh an laigheadú no an t-atharú san ar na huaireanna oibre deireadh do chur leis an gconnradh seirbhíse fé n-a mbeidh aon duine den tsórt san ar fostú amhlaidh díreach roimh thosach feidhme an Achta so ná ní dhéanfaidh dochar don chonnradh san, agus leanfaidh gach connradh den tsórt san i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin gus na hatharuithe sin amháin is gá chun déanamh do réir an Achta so, agus go sonnrách gus an atharú ná déanfar, d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre, an meán-tuilleamh seachtainiúil is iníoctha i ngnáth-sheachtain iomlán oibre leis an duine sin fén gconnradh san do laigheadú;

(c) gach có-aontú, idir fostóirí no cólucht is ionadathach d'fhostóirí ar thaobh agus oibrithe no cólucht is ionadathach d'oibrithe ar an taobh eile, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so agus le n-a rialálfar no le n-a srianfar an ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile is iníoctha le haon duine den tsórt san, leanfa sé i bhfeidhm tar éis tosach feidhme an Achta so d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre ach san gus an atharú go bhfanfaidh gach ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh socair no go mbeidh modh a áirmhithe socair leis an gcó-aontú san, agus gach srian le haon ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh sa chó-aontú san, gan atharú maidir le méid;

(d) gach ráta minimum tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh socair le reacht no fé údarás reachtúil agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so, leanfaidh, má bhaineann agus sa mhéid go mbainfidh le haon duine den tsórt san, leanfaidh, tar éis an tosach feidhme sin, de bheith i bhfeidhm agus gan atharú maidir le méid d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo den alt so maidir le gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so ag ceapadh uaireanna oibre maidir le haon tsaghas oibre tionnscail (pe'ca do gach aicme no d'aon aicmí no aicme áirithe oibrithe bheidh ag gabháil do é) gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe go ndéanfar gach tagairt sa bhfo-alt san do thosach feidhme an Achta so do léiriú agus go mbeidh éifeacht aici mar thagairt do theacht i ngníomh don rialachán san, agus go ndéanfar gach tagairt sa bhfo-alt san i dtaobh déanamh do réir an Achta so do léiriú agus go mbeidh éifeacht aici mar thagairt do chólíonadh na rialachán san.

(3) Bainfidh an t-alt so le págh tasc-oibre agus le págh ar n-a áireamh tré thagairt díreach don méid uair a hoibríodh, ach san gus an atharú go ndéanfar, chun crícheanna an iarratais sin, gach foráil san alt so, gurb é a ciall go bhfanfaidh ráta páigh no ráta minimum páigh no srian le ráta páigh gan atharú, do léiriú agus go mbeidh éifeacht aici mar fhoráil go ndéanfar an ráta páigh thasc-oibre no an ráta páigh in aghaidh na huaire a chluig (pe'ca aca é) do choigeartú no d'atharú i slí go bhfanfaidh an meántuilleamh seachtainiúil gan atharú.

Teora le huaireanna oibre.

52. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire rialacháin á dhearbhú aon tsaghas oibre tionnscail do bheith ina obair thionnscail eiscithe chun críche aon ailt den Chuid seo den Acht so bhaineann leis na huaireanna gur ar a bhfeadh a fhéadfaidh fostóir ar bith leigint d'aon oibrí aon tsaghas oibre tionnscail do dhéanamh do féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh le n-a gceapfar, i pé slí is oiriúnach leis, na huaireanna oibre maidir leis an saghas san oibre tionnscail do sna haicmí oibrithe uile no d'aon aicmí oibrithe bheidh ag gabháil don tsaghas san oibre tionnscail agus, faid a bheidh na rialacháin sin i bhfeidhm, ní bheidh sé dleathach d'fostóir ar bith leigint d'aon oibrí le n-a mbainfidh na rialacháin sin an obair thionnscail sin do dhéanamh do ach amháin ar feadh pé uaireanna ceapfar leis an ordú san.

(2) Pé uair a cheapfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, na huaireanna oibre maidir le haon tsaghas oibre tionnscail (pe'ca do gach aicme no d'aon aicmí no aicme áirithe oibrithe bheidh ag gabháil do é) féadfaidh an tAire, leis na rialacháin chéanna, pé socruithe do dhéanamh is dóich leis is gá no is ceart chun a chur in áirithe ná déanfar an meán-tuilleamh seachtainiúil is iníoctha i ngnáth-sheachtain iomlán oibre le duine ar bith, go laigheadeofar a uaireanna oibre leis na rialcháin sin, do laigheadú de bhíthin an laigheaduithe sin ar a uaireanna oibre agus dá bhíthin sin amháin.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialacháin fén alt so mara mbeidh sé tar éis dul i gcomhairle ar dtúis le hionadaithe d'fhostóirí ag á mbeidh leas sa tsaghas oibre tionnscail le n-a mbainfidh na rialacháin sin agus le hionadaithe d'oibrithe ag á mbeidh leas amhlaidh.

(4) Má leigeann fostóir ar bith d'aon oibrí obair do dhéanamh do, no má fhostuíonn sé aon oibrí chun obair do dhéanamh do, contrárdha d'aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh an fostóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an t-oibrí sin freisin ciontach i gcionta fén alt so.

Achmaireacht agus fógraí do bheith ar taisbeáint.

53. —(1) Gach fostóir fhostóidh aon oibrí chun obair thionnscail do dhéanamh in aon áitreabh ina mbeidh gnó tionnscail ar siúl beidh ar taisbeáint aige, ag an slí isteach chun an áitreibh sin agus i pé áiteanna eile ordóidh cigire é bheith de thurus na huaire, agus é in a leithéid sin d'ionad go bhféadfaidh daoine bheidh ar fostú amhlaidh san áitreabh san é léigheamh go saoráideach—

(a) an achmaireacht orduithe ar an Acht so, agus

(b) fógra sa bhfuirm orduithe i dtaobh na n-uaireanna oibre d'oibrithe bheidh ag déanamh na hoibre tionnscail sin, agus

(c) fógra ag luadh na laetheanta sa bhliain reatha is laetheanta saoire puiblí de thurus na huaire chun crícheanna an Achta so maidir leis an ngnó tionnscail sin, agus

(d) má bhíonn aon obair thionnscail ar siúl tré uain-obair phróisis leanúnaigh no tré uain-obair cheadúnaithe, liost de sna daoine uile go mbíonn an obair thionnscail sin ar siúl acu amhlaidh agus mion-innste i dtaobh na n-uain ar a mbíd ag obair, agus

(e) fógra i dtaobh an chluig gur dá réir a deintear an tréimhse fostaíochta agus na tráthanna i gcóir béilí do rialáil sa ghnó tionnscail sin, agus

(f) fógra i dtaobh gach có-aontuithe bheidh cláruithe i gClár na gCó-aontuithe Páigh agus a dheineann deifir d'aon oibrithe bhíonn ag déanamh oibre tionnscail san áitreabh san.

(2) Gach fostóir ar a gceangailtear leis an alt so aon fhógra, liost no achmaireacht do bheith ar taisbeáint aige beidh an fógra, an liost no an achmaireacht san ar taisbeáint aige i nGaedhilg agus i mBéarla.

(3) Má theipeann ar fhostóir ar bith déanamh do réir a n-éilítear leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Cionntapacht mar chosaint.

54. —(1) Beidh sé ina chosaint mhaith in aon imeachta bunófar i gcoinnibh duine ar bith mar gheall ar aon fhoráil d'fhorálacha na Coda so den Acht so do shárú an duine sin dá chur ina luighe ar an gCúirt gur os a cóir a bunófar na himeachta san gur ghá, no gur cheart do réir réasúin, aon ghníomh gurb é an sárú san é do dhéanamh de bhíthin tóiteán, tuile, stoirm, éigean, loiceadh gléasra no meaisínteachta no aon chionntapacht eile do thárlachtaint no do bheith ag bagairt no coinne réasúnta do bheith leis an gcéanna.

(2) Beidh deimhniú ar n-a shighniú ag Aire ar bith agus á rá, maidir le gníomh do rinne éinne no do rinneadh i dtaobh éinne do bhí ar fostú ag an Aire sin, gur ghá an gníomh san de bhíthin cionntapachta, beidh san ina fhianaise dhochlaoite gur ghá an gníomh san dá bhíthin sin.

Fostaíocht mheasctha.

55. —Má dheineann fostóir ar bith aon oibrí d'fhostú chun aon obair thionnscail do dhéanamh aon chuid d'aon lá agus an t-oibrí sin d'fhostú chun obair eile nách obair thionnscail do dhéanamh aon chuid eile den lá san tuigfear, chun críche na Coda so den Acht so, an t-oibrí sin do bheith ar fostú chun an obair thionnscail sin do dhéanamh faid a bheidh sé ag déanamh na hoibre eile sin.

CUID IV.

Ilghneitheach.

Connartha bheidh ar feitheamh d'atharú.

56. —(1) I gcás connradh do dhéanamh roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, chun aon obair do dhéanamh no chun aon earra no substaint do dhéanamh no do tháirgeadh no chun aon tsaghas eile oibre tionnscail do dhéanamh, agus gan é bheith curtha i ngníomh go hiomlán le linn an tosach feidhme sin, agus an duine dhlighfidh fén gconnradh san an obair sin do dhéanamh no an earra no an tsubstaint sin do dhéanamh no do tháirgeadh no an obair eile thionnscail sin do dhéanamh d'éileamh aon cheann no gach ceann den dá ní seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gur thárla, de bhíthin na n-oblagáidí forchuirtear ar fhostóirí leis an Acht so, go dtáinig teora ama, atá sa chonnradh san chun éinní áirithe do dhéanamh, chun bheith mí-réasúnta agus gur cheart í shíneadh, no

(b) gur thárla, de bhíthin na n-oblagáidí sin, go dtáinig aon phraghas no íocaíocht eile áirithe ceapadh leis an gconnradh san chun bheith mí-réasúnta agus gur cheart é mhéadú,

ansan agus i ngach cás den tsórt san déanfar, mara n-aontuighidh na páirtithe le n-a mbainfidh an scéal, an t-éileamh san do chur fé eadrascán fén alt so ar n-a iarraidh sin d'aon pháirtí den tsórt san.

(2) Má deintear éileamh do chur fé eadrascán fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh eadrascánaí amháin an t-eadrascán san d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus déanfaidh an tAire, mara n-aontuighidh na páirtithe le n-a mbainfidh an scéal, an t-eadrascánaí sin do cheapadh ar iarratas aon pháirtí den tsórt san;

(b) i gcás éilimh á iarraidh teora ama do shíneadh cinnfidh an t-eadrascánaí an ceart an síneadh sin do dhéanamh no nách ceart agus (má chinneann sé gur ceart an síneadh sin do dhéanamh) cadé faid an tsínte sin;

(c) i gcás éilimh á iarraidh praghas no íocaíocht eile do mhéadú cinnfidh an t-eadrascánaí an ceart an méadú san do dhéanamh no nách ceart agus (má chinneann sé gur ceart an méadú san do dhéanamh) cadé méid an mhéaduithe sin;

(d) íocfar leis an eadrascánaí as gníomhú mar eadrascánaí an táille sin a cheapfaidh an tAire cheal có-aontuithe, agus déanfaidh pé páirtí no páirtithe san eadrascán san ordóidh an t-eadrascánaí an táille sin agus na costaisí agus na caiteachaisí generálta eile go léir a bhainfidh leis an eadrascán san d'íoc agus san i pé cionúireachtaí ordóidh an t-eadrascánaí i gcás níos mó ná páirtí amháin acu san á n-íoc;

(e) cinnfidh an t-eadrascánaí conus a híocfar na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a raghaidh gach páirtí san eadrascán i dtaobh no alos bheith i láthair agus éisteacht d'fháil ag an gcéanna;

(f) má chinneann an t-eadrascánaí gur cheart teora ama do shíneadh no praghas do mhéadú, déanfaidh an t-eadrascánaí an connradh is abhar don eadrascán do leasú i pé slí is dóich leis is ceart chun éifeacht do thabhairt don chinneadh sin;

(g) beidh breith an eadrascánaí ina breith dheiridh gan aon dul tháirse agus beidh sí ina ceangal ar na páirtithe uile le n-a mbainfidh.

Saghas oibre tionnscail.

57. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire rialacháin no dheonfa sé ceadúnas no cead fén Acht so maidir le saghas áirithe oibre tionnscail, féadfaidh an tAire, sna rialacháin sin no sa cheadúnas no sa chead san (do réir mar bheidh)—

(a) an obair thionnscail sin do luadh go generálta no i gcás í dhéanamh in aon áit áirithe no saghas áirithe áiteanna no ag aon oibrithe áirithe no aicme áirithe oibrithe;

(b) aon tsaghas oibre tionnscail do luadh tré thagairt do chineál na hoibre tionnscail sin, do sna hoibrithe no don aicme oibrithe dheineann an obair thionnscail sin, no i pe slí eile is oiriúnach leis;

(c) i gcás saghsanna deifriúla oibre tionnscail do bheith á ndéanamh in aon ghnó tionnscail no in aon chineál gnóthaí tionnscail tagairt do dhéanamh tré aon chóthuairisc do sna saghsanna san no d'aon cheann de sna saghsanna san oibre tionnscail a bheidh á ndéanamh sa ghnó tionnscail sin no sa chineál san gnóthaí tionnscail agus an céanna do luadh mar aon tsaghas amháin oibre tionnscail;

(d) pé eiscithe agus dúnta amach is oiriúnach leis do dhéanamh nuair a bheidh aon tsaghas oibre tionnscail á luadh aige.

Coda de ghnóthaí tionnscail do dheighilt.

58. —(1) Más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire le hordú, ar n-a iarraidh sin air d'fhostóir ag á mbeidh gnó tionnscail ar siúl, a dhearbhú go dtuigfear, chun crícheanna uile an Achta so no chun aon chrícheanna áirithe dhe, gur gnóthaí tionnscail ar leithligh aon cheann amháin no níos mó de ranna, de bhrainsí no de choda eile an ghnótha san, agus go mbeidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so dá réir sin maidir leis an ngnó san.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, pé uair is oiriúnach leis é, ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so, ar a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so, do cheiliúradh no do leasú.

(3) Pé uair agus faid a bheidh ordú do rinneadh fén alt so i bhfeidhm maidir le gnó tionnscail, beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so maidir leis an ngnó san fé réir agus do réir an orduithe sin.

Costaisí.

59. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar aon chostaisí fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Comhach chigirí.

60. —Chun an Achta so do chur i bhfeidhm beidh comhacht ag cigire gach ní no éinní do dhéanamh, go bhfuil comhacht ag cigire é dhéanamh chun an Factory and Workshop Act, 1901, do chur i bhfeidhm, fé is dá mba thagairtí don Acht so na tagairtí atá don Acht san in alt 119 de, agus chun na gcomhacht san d'fheidhmiú tuigfear gur monarcha do réir bhrí an Achta san gach áit ina mbíonn aon obair thionnscail ar siúl.

Fostaíocht daoine ná faghann tuarastal ná págh.

61. —I gcás obair thionnscail in aon ghnó tionnscail do bheith á déanamh i bpáirt no go hiomlán ag daoine ná faghann aon tuarastal ná págh as a gcuid oibre tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gurb é an duine ag á mbíonn an gnó tionnscail sin ar siúl fostóir na ndaoine sin a bhíonn ag déanamh na hoibre tionnscail sin agus, chun crícheanna an Achta so, tuigfear gur oibrithe i bhfostaíocht an duine sin na daoine sin.

Obair thionnscail i bhfund uireachtaí.

62. —(1) Ach amháin sa mhéid go mbainid le hoibrithe d'íoc, beidh feidhm ag forálacha an Achta so maidir le hobair thionnscail a deintear in aon fhundúireacht fé is dá mba oibrithe bheadh ar fostú ag na daoine i gceannas na fundúireachta san chun na hoibre tionnscail sin do dhéanamh na daoine dheineann an obair thionnscail sin, maran rud é ná deintear an obair thionnscail sin ach chun freastal ar riachtanaisí na fundúireachta san.

(2) Chun críche an ailt seo cialluíonn an focal “fundúireacht” fundúireacht a bhíonn ar siúl chun crícheanna déirciúla no ceartúcháin, seachas príosún, fundúireacht bhorstail, teaghlach meabhair-ghalar no teaghlach contae.

Tuairisceáin staitistíochta.

63. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a cheangal ar dhaoine ag á mbíonn gnóthaí tionnscail ar siúl tuairisceáin staitistíochta do thabhairt don Aire;

(b) chun a ordú cadé an cineál no cadiad na cinéil gnóthaí tionnscail ar a dtabharfar na tuairisceáin sin;

(c) chun a ordú cadiad na habhair agus na nithe ar a dtabharfar na tuairisceáin sin;

(d) chun a ordú cadiad na fuirmeacha ina dtabharfar agus cadiad na tráthanna do bhéarfar na tuairisceáin sin.

(2) Gach duine ar a gcuirfear mar cheangal, le rialacháin a déanfar fén alt so, tuairisceáin staitistíochta do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh na tuairisceáin sin do thabhairt uaidh do réir na rialachán san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Breacacháin.

64. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú breacachán, a bheidh le coimeád ag fostóirí no ag aon aicme fostóirí, i dtaobh éinní no aon ruda gur gá, dar leis an Aire, breacachán do choimeád ina thaobh chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus féadfaidh, le haon ordú den tsórt san, más oiriúnach leis é, an fhuirm ina mbeidh aon bhreacacháin den tsórt san d'ordú.

(2) Féadfaidh an tAire, fén alt so, rialacháin deifriúla do dhéanamh maidir le haicmí deifriúla fostóirí.

(3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú le haon rialacháin a déanfar fén alt so cadé an áit no cadiad no háiteanna ina gcoimeádfar na breacacháin a hordófar leis na rialacháin sin agus féadfaidh pé rialacháin is oiriúnach leis do dhéanamh i dtaobh na mbreacachán san do thaisbeáint agus d'iniúchadh.

(4) Duine ar bith go dteipfidh air déanamh do réir aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, agus a bhainfidh leis an duine sin, beidh sé ciontach i gcionta fén Acht so.

SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus Caibidil

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

1 Edw. 7, c. 22.

Factory and Workshop Act, 1901.

Ailt 23 go 56, Alt 62, Ailt 68 go 72 agus Ailt 116 agus 117.

3 Edw. 7, c. 45.

Employment of Children Act, 1903.

Fo-alt (3) d'Alt 3.

7 Edw. 7, c. 39.

Factory and Workshop Act, 1907.

Alt 2 agus míreanna (a) agus (c) d'fho-alt (2) d'Alt 5.

10 & 11 Geo. 5, c. 65.

Employment of Women, Young Persons, and Children Act, 1920.

An tAcht iomlán sa mhéid go mbaineann sé le haon tsaghas oibre tionnscail do réir bhrí an Achta so.