45 1935


Uimhir 45 de 1935.


ACHT UM AINMHITHE DO MHARBHADH, 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN A CHUR IN ÁIRITHE GO mBEIFEAR NÍOS DAONNACHTÚLA LE hAINMHITHE I SEAMLAISÍ AGUS CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH GO GENERÁLTA MAIDIR LE hAINMHITHE DO MHARBHADH. [12adh Mí na Nodlag, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Ainmhithe do Mharbhadh, 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú, agus féadfaidh an tAire laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh chun an Achta so do theacht i bhfeidhm i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus i mbuirg Dhún Laoghaíre agus sa chuid eile de Shaorstát Éireann fé seach.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “údarás sláintíochta” an t-údarás sláint íochta fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, don líomatáiste gur ina thaobh a húsáidtear an abairt;

foluíonn an abairt “bord sláinte” bord sláinte puiblí agus bord sláinte agus conganta phuiblí; ní fholuíonn an focal “ainmhí” ach beithígh, caoire, gabhair, muca, capaill, asail agus miúileacha.

(2) Gach foirgint agus áit eile a húsáidtear chun ainmhithe do mharbhadh chun a ndíolta no chun táirgthe do dhéanamh díobh chun a ndíolta (ar a n-áirmhítear foirgintí agus áiteanna eile dá ngairmtear de ghnáth “seamlaisí” no “clóis fhear marbhtha capall”) is iad san agus ní háiteanna ar bith eile is seamlaisí chun crícheanna agus do réir bhrí an Achta so agus, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, léireofar an focal “seamlas” dá réir sin san Acht so.

(3) Ní bheidh foirgint ná áit eile ar fheirm ina seamlas chun crícheanna ná do réir bhrí an Achta so de dhruim na háite sin d'úsáid anois agus arís chun ainmhithe coimeádtar ar an bhfeirm sin do mharbhadh agus dá dhruim sin amháin más rud é go ngabhann an marbhadh san le bainistí agus oibriú ceart na feirme sin agus nách é prímh-shlí ná aon-tslí bheatha shealbhaire na feirme sin ainmhithe do mharbhadh.

Líomatáiste feidhme.

3. —Bainfidh an tAcht so le gach contae-bhuirg, buirg, agus bailecheanntar agus beidh éifeacht aige ionta agus fós bainfidh lé gach ceanntar sláinte contae, más aon cheann é, no gach cuid áirithe, más aon cheann é, de cheanntar sláinte contae le n-a mbaineann de thurus na huaire ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so ag bronnadh comhachta ar bhord sláinte chun marbhadh ainmhithe do rialáil agus beidh éifeacht aige ionta san.

Feidhm maidir le ceanntair shláinte chontae.

4. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, comhacht do bhronnadh ar an mbord sláinte do cheanntar sláinte contae áirithe chun marbhadh ainmhithe sa cheanntar sláinte contae sin no i gcuid áirithe dhe do rialáil.

(2) Pé uair a bheidh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 125 go 131 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, maidir leis an gceanntar sláinte contae no an chuid áirithe de cheanntar sláinte contae (pe'ca aca é) le n-a mbaineann an t-ordú san fén alt so, ach san gus na hatharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(i) déanfar tagairtí sna hailt sin do choimisinéirí do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do bhord sláinte an cheanntair shláinte chontae sin, agus

(ii) déanfar tagairtí sna hailt sin do theoranta an Achta speisialta do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don cheanntar sláinte contae sin no don chuid áirithe sin de cheanntar sláinte contae (pe'ca aca é), agus

(iii) nuair a bheidh na hailt sin a gcur i mbaint le baile mór ag á bhfuil baile-choimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, déanfar tagairtí sna hailt sin d'am an Achta speisialta do rith do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don dáta ar ar glacadh leis an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, adubhradh, sa bhaile mhór san, agus, nuair a bheidh na hailt sin á gcur i mbaint le líomatáiste go mbeidh ordú fé alt 1 den Public Health (Ireland) Act, 1896, i bhfeidhm ann ag dílsiú, san údarás sláintíochta tuatha sa líomatáiste sin, na gcomhacht do bheirtear d'údarás sláintíochta baile le halt 105 den Public Health (Ireland) Act, 1878, chun seamlaisí laistigh dá gceanntar do rialáil, léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don dáta ar ar tháinig an t-ordú san fén alt san 1 i bhfeidhm sa líomatáiste sin, agus, i ngach cás eile, léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do dháta an orduithe sin fén alt so;

(b) o dháta an orduithe sin fén alt so beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 29, 30 agus 31 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, maidir leis an gceanntar sláinte contae no an chuid áirithe de cheanntar sláinte contae (pe'ca aca é) le n-a mbaineann an t-ordú san fé is dá mba cheanntar sláintíochta baile an ceanntar sláinte contae sin no an chuid áirithe sin de cheanntar sláinte contae agus gurbh é bord sláinte an cheanntair shláinte chontae sin dob údarás baile don cheanntar sláintíochta baile sin;

(c) i dteanta na comhachta chun fo-dhlithe do dhéanamh a bronntar leis na hailt sin 125 go 131 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, agus gan dochar don chomhacht san, beidh ag bord sláinte an cheanntair shláinte chontae, go mbaineann an t-ordú san fén alt so leis no le cuid de, comhacht chun fo-dhlithe do dhéanamh, i dtaobh iomláine an líomatáiste no aon choda den líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san fén alt so, chun a chur in áirithe go ndéanfar feoil d'iompar or shlí chóir iomchuibhe tré bhealaighe puiblí, chun scrúduithe do dhéanamh ar fheoil a bheidh le díol mar bhia do dhaoine agus chun a thoirmeasc feoil nár scrúduíodh do réir na bhfo-dhlithe sin do dhíol mar bhia do dhaoine;

(d) bainfidh ailt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le gach fo-dhlí dhéanfaidh bord sláinte fén bhfo-alt so fé mar a bhainid le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén Acht san;

(e) díreach ar an ordú san fén alt so do theacht i bhfeidhm beidh deireadh leis na comhachta fé sna hailt sin 125 go 131 den Towns Improvement Clauses Act, 1847 (mar atá san ionchorpruithe no mar atá feidhm tugtha dho leis an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854) a bheidh dílsithe an uair sin sna coimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, d'aon bhaile mór (go gcoimisinéirí den tsórt san) sa cheanntar sláinte contae no sa chuid áirithe de cheanntar sláinte contae (pe'ca aca é) le n-a mbaineann an t-ordú san fén alt so agus scuirfidh na comhachta san de bheith infheidhmithe ag na coimisinéirí sin;

(f) díreach ar an ordú san fén alt so do theacht i bhfeidhm beidh deireadh le haon chomhachta maidir le seamlaisí bheidh dílsithe an uair sin, de bhuadh orduithe fé alt 1 den Public Health (Ireland) Act, 1896, i mbord sláinte an cheanntair shláinte chontae go mbaineann an t-ordú san fén alt so leis no le cuid de agus scuirfidh na comhachta san de bheith infheidhmithe maidir le seamlaisí laistigh den líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san fén alt so.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith le hordú leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.

Údaráis sláintíochta d'fhoirfheidhmiú an Achta.

5. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach údarás sláintíochta do líomatáiste ina mbeidh éifeacht ag an Acht so na comhachta dílsítear ionta leis an Acht so d'fheidhmiú agus forálacha an Achta so do chur in éifeacht agus d'fhoirfheidhmiú sa líomatáiste sin.

(2) Pé uair a theipfidh ar údarás sláintíochta no fhailleoid an dualgas no aon chuid den dualgas do chólíonadh a forchuirtear ar an údarás san leis an alt so féadfaidh an tAire pé ordú do dhéanamh maidir leis an údarás sláintíochta san is dóich leis is gá no is ceart chun a chur fhiachaint ar an údarás sláintíochta san an dualgas san do chólíonadh.

(3) Ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so féadfar, gan dochar do sna comhachta bronntar ar an Aire le halt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), d'fheidhmiú maidir leis an údarás sláintíochta le n-a mbaineann an t-ordú san, é d'fhoirfheidhmiú tré imeachta de chineál mandamus ar agra an Aire.

Dualgaisí oifigeach tréidliaghachta.

6. —Gach oifigeach tréidliaghachta bheidh ceaptha fé alt 11 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear san le hAlt 22 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), ag údarás sláintíochta ar a mbeidh sé de dhualgas forálacha an Achta so do chur in éifeacht agus d'fhorfheidhmiú cólíonfaidh, i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sláintíochta san no sa chuid den líomatáiste sin ina mbeidh éifeacht ag an Acht so, na dualgaisí sin, maidir le forálacha an Achta so do chur in éifeacht agus d'fhoirfheidhmiú, dhéanfaidh an tAire no an t-údarás sláintíochta san, le toiliú an Aire, a cheapadh dho o am go ham.

Ciontaí do chúiseamh.

7. —Féadfar gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh ag an údarás sláintíochta no ar agra an údaráis sláintíochta gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin do rinneadh an cionta san.

Costaisí.

8. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire no an tAire Talmhaíochta chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

(2) Na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás sláintíochta chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht agus d'fhoirfheidhmiú, déanfar iad do chruinniú agus d'íoc sa tslí ina ndeintear costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás sláintíochta san fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do chruinniú agus d'íoc.

(3) Aon chostaisí fé n-a raghaidh bord sláinte chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht agus d'fhoirfheidhmiú déanfar, má bhíonn éifeacht ag an Acht so in iomlán ceanntair shláinte chontae an bhúird shláinte sin, iad do mhuirearú go cothrom ar iomlán an cheanntair sin agus, mara mbeidh éifeacht ag an Acht so ach i gcuid den cheanntar sláinte contae sin, iad do mhuirearú go cothrom ar iomlán na coda san den cheanntar san.

Comhachta an Ghárda Síochána agus oifigeach sláintíochta.

9. —(1) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána dul isteach in aon tseamlas, i líomatáiste ina mbeidh éifeacht ag an Acht so, pé uair a bheidh aon ainmhí á mharbhadh no aon chonablach á chóiriú ann no aon tráth réasúnta eile, agus féadfaidh aon oifigeach (go n-údarás cuibhe chuige sin) d'údarás sláintíochta go mbeidh éifeacht ag an Acht so ina líomatáiste feidhmiúcháin no in aon chuid dá líomatáiste feidhmiúcháin dul isteach aon ráth den tsórt san adubhradh in aon tseamlas sa líomatáiste sin no sa chuid sin den líomatáiste sin (pe'ca aca é) agus féadfaidh an ball no an t-oifigeach san gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh sa tseamlas san, sé sin le rá:—

(a) an seamlas san agus an ghléasra agus na fearaistí agus an chóir oibre ann agus fós gach ainmhí agus conablach ainmhí sa tseamlas san d'iniúchadh;

(b) breithniú ar gach próiseas no ar aon phróiseas a bheidh in úsáid sa ghnó bheidh ar siúl sa tseamlas san;

(c) a éileamh ar shealbhaire an tseamlais sin no ar an duine bheidh ina bhun de thurus na huaire ainm agus seoladh an duine bheidh ar tí aon ainmhí do mharbhadh no bheidh ag marbhadh aon ainmhí no do mhairbh aon ainmhí sa tseamlas san do thabhairt do;

(d) a éileamh ar dhuine ar bith sa tseamlas san a rá ce'ca tá ceadúnas um marbhadh aige no ná fuil agus, má abrann an duine sin go bhfuil ceadúnas um marbhadh aige, a éileamh air an ceadúnas san do thaisbeáint no, má abrann an duine sin ná fuil ceadúnas um marbhadh aige, a ainm agus a sheoladh d'éileamh air.

(2) Pé uair a bheidh aon oifigeach (go n-údarás cuibhe chuige sin) d'údarás sláintíochta, go mbeidh éifeacht ag an Acht so ina líomatáiste feidhmiúcháin no in aon chuid dá líomatáiste feidhmiúcháin, no aon bhall den Ghárda Síochána in amhras no chreidfe sé go ndearna duine áirithe, tráth ar bith tar éis tosach feidhme an Achta so sa líomatáiste sin no sa chuid sin den líomatáiste sin (pe'ca aca é), ainmhí do mharbhadh sa líomatáiste sin no sa chuid sin den líomatáiste sin, féadfaidh an t-oifigeach no an ball san, tráth ar bith agus in áit ar bith, a éileamh ar an duine sin a rá ce'ca bhí ceadúnas um marbhadh aige no ná raibh an tráth do marbhadh an t-ainmhí sin amhlaidh agus, má abrann an duine sin go raibh ceadúnas um marbhadh aige an tráth san, a éileamh air an ceadúnas san do thaisbeáint no, má abrann an duine sin ná raibh ceadúnas um marbhadh aige an tráth san, a ainm agus a sheoladh d'éileamh air.

(3) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh ball den Ghárda Síochána no oifigeach d'údarás sláintíochta agus é ag feidhmiú comhachta bronntar air leis an alt so no fhailleoidh no dhíultóidh déanamh do réir éilimh a dhéanfaidh aon bhall no oifigeach den tsórt san air fén alt so, no dhéanfaidh, ag dúmas bheith ag déanamh do réir aon éilimh den tsórt san, ráiteas is eol dó bheith bréagach no míthreorach i bponc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Pé uair, ar bhall den Ghárda Síochána no oifigeach d'údarás sláintíochta do dhéanamh éilimh air fén alt so, a dhiúltóidh duine ar bith no theipfidh air a rá ce'ca tá ceadúnas um marbhadh aige no ná fuil tráth an éilimh sin do dhéanamh no dhiúltóidh no theipfidh air ceadúnas um marbhadh do thaisbeáint adeir sé atá aige an tráth san, beidh an diúltú no an teip sin (pe'ca aca é) ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ná raibh ceadúnas um marbhadh ag an duine sin an tráth do rinneadh an t-éileamh san air amhlaidh.

(5) Pé uair, ar bhall den Ghárda Síochána no oifigeach d'údarás sláintíochta do dhéanamh éilimh air fén alt so, a dhiúltóidh duine ar bith no theipfidh air a rá ce'ca bhí ceadúnas um marbhadh aige no ná raibh tráth a luadhfaidh an ball no an t-oifigeach san san éileamh san no dhiúltóidh no theipfidh air ceadúnas um marbhadh do thaisbeáint adeir an duine sin do bhí aige an tráth san a luadhfar amhlaidh, beidh an diúltú no an teip sin (pe'ca aca é) ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt, ná raibh ceadúnas um marbhadh ag an duine sin an tráth san a luadhfar amhlaidh.

(6) Chun crícheanna an ailt seo ní tuigfear duine do dhéanamh do réir éilimh do rinneadh fén alt so chun ceadúnas um marbhadh do thaisbeáint mara leigidh don bhall den Ghárda Síochána no don oifigeach d'údarás sláintíochta dhéanfaidh an t-éileamh san an ceadúnas san do léigheamh, d'iniúchadh, agus do scrúdú ar feadh tréimhse réasúnta.

Alt 128 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, do leasú.

10. —Déanfar agus deintear leis seo alt 128 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, do leasú tré sna focail “the sum of ten shillings” do scriosadh amach as agus tré sna focail “the sum of two pounds” do chur isteach ann in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin chun gach críche, le n-a n-áirmhítear crícheanna aon Achta no orduithe go ndearnadh no go ndéanfar an t-alt san d'ionchorprú leis no feidhm do thabhairt don alt san tríd.

Fiosrúcháin phuiblí.

11. —(1) I gcás ina mbronntar aon chomhacht ar an Aire leis an Acht so féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, sara bhfeidhmighidh an chomhacht san ar aon ócáid áirithe fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh na nithe bheadh ina n-abhar d'fheidhmiú san na comhachta san.

(2) Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán puiblí déanfar fén alt so fé mar a bhíonn feidhm ag an Airtiogal san maidir leis na fiosrúcháin áitiúla luaidhtear ann.

CUID II.

An Choir a Cuirfear ar Ainmhithe i Seamlaisi

Uisce agus bia do thabhairt d'ainmhithe i seamlaisí.

12. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach sealbhaire seamlais—

(a) a ndóthain d'uisce folláin le n'ól do chur ar fáil chun úsáide na n-ainmhithe sa tseamlas san, agus

(b) a dhóthain d'uisce folláin le n'ól do thabhairt do gach ainmhí coimeádfar sa tseamlas san ar feadh aon tréimhse is sia ná uair a chluig, agus

(c) caindíocht de bhia fholláin oiriúnach do thabhairt do gach ainmhí coimeádfar sa tseamlas san ar feadh aon tréimhse is sia ná ceithre huaire fichead a chluig is leor chun riachtanaisí réasúnta an ainmhí sin do shásamh.

(2) Gach duine go dteipfidh air no fhailleoidh éinní do dhéanamh go mbeidh sé de dhualgas air fén alt so a dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Toirmeasc ar ainmhí do mharbhadh i radharc ainmhí eile.

13. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon ainmhí i seamlas do mharbhadh in áit no in ionad no i slí go bhféadfadh aon ainmhí eile an marbhadh san d'fheiscint.

(2) Gach duine mharbhóidh ainmhí contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Toirmeasc ar mharbhadh do bhéarfadh fulang ró-mhór.

14. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith ainmhí do mharbhadh i seamlas in aon tslí ná le haon mheán do chuirfeadh aon phian no fulang nea-riachtanach, so-sheachanta, no ró-mhór ar an ainmhí sin.

(2) Gach duine mharbhóidh ainmhí contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíncáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

E bheith éigeanta ionstruim cheaduithe d'úsáid chun ainmhithe do mharbhadh.

15. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní dhéanfaidh duine ar bith i seamlas ainmhí d'aon tsórt áirithe do mharbhadh ná an mothú do bhaint as le haghaidh a mharbhtha le haon mheán ná ar aon tslí seachas le hionstruim is ionstruim cheaduithe maidir le hainmhithe den tsórt áirithe sin agus a bheidh i dtreo mhaith chun oibre agus a húsáidfear sa tslí cheaduithe.

(2) Ní bhainfidh éinní san alt so leis na gníomhartha so leanas ná ní dhéanfaidh nea-dhleathach iad—

(a) ainmhí ar bith do mharbhadh chun a chaithte mar bhia ag Giúdaigh i gcás an mharbhtha san do dhéanamh do réir an mhodha Ghiúdaigh ag Giúdach a bheidh ceaduithe de thurus na huaire chuige sin ag an té is Príomh-Rabbí de thurus na huaire do Shaorstát Éireann no, má bhíonn seisean as láthair, ag Bord Shechita Chóthionól Ghiúdach Bhaile Atha Cliath, no

(b) ainmhí ar bith do mharbhadh chun a chaithte mar bhia ag Mahomadaigh i gcás an mharbhtha san do dhéanamh do réir an mhodha Mhahomadaigh ag Mahomadach, no

(c) ainmhí ar bith do mharbhadh le haon mheán i gcúrsa fiosrúcháin, taighdthe no trialach a déanfar ar ordú an Aire Talmhaíochta fén gCuid seo den Acht so.

(3) Gach duine dhéanfaidh ainmhí ar bith do mharbhadh no an mothú do bhaint as contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

(4) Má cúisítear duine i gcionta fén alt so do dhéanamh agus gurb é bhí sa ghníomh go ndeirtear gurb é an cionta san é ná ainmhí do mharbhú, no an mothú do bhaint as d'fhonn a mharbhtha, ar shlí seachas le hionstruim cheaduithe, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san don duine sin a thaisbeáint—

(a) go raibh ionstruim cheaduithe do bheadh ar fáil de ghnáth chun an mharbhtha san do dhéanamh no chun an mhothuithe do bhaint as an ainmhí sin tar éis scur (gan aon teip ná faillí i bpáirt an duine sin no marab é an duine sin únaer na hionstruime sin, i bpáirt an únaera san no aon tseirbhísigh no gníomhaire don duine sin no don únaer sin) de bheith in ordú agus i dtreo mhaith, agus

(b) go ndearna an duine sin no an t-únaer sin (pe'ca aca é), díreach nuair a thug sé fé ndeara no nuair a cuireadh in úil do an ionstruim sin do bheith lochtach, gach ní ba chuibhe chun na hionstruime sin do chur i dtreo mhaith chun oibre no chun ionstruim cheaduithe nua d'fháil ina hionad, agus

(c) ná raibh aon ionstruim cheaduithe eile ar fáil go réasúnta chun an mharbhtha san do dhéanamh no chun an mhothuithe do bhaint as an ainmhí sin, agus

(d) go ndearnadh, le linn an mharbhtha san no le linn an mhothuithe do bhaint as an ainmhí sin, gach ní réasúnta d'fhonn ná cuirfí pian ná fulang nea-riachtanach ar an ainmhí sin.

(5) Pé uair a dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta ordú fén gCuid seo den Acht so á dhearbhú saghas áirithe ionstruime do bheith ina hionstruim cheaduithe chun crícheanna na Coda so den Acht so maidir le muca, féadfaidh an tAire sin, leis an ordú céanna no le hordú eile, a dhearbhú go mbainfidh an t-alt so le muca agus féadfaidh, le haon ordú ina dhiaidh sin, an t-ordú le n-a ndearnadh an dearbhú san do leasú no do cheiliúradh.

(6) Ní bhainfidh an t-alt so le muca ach amháin nuair a bheidh agus faid a bheidh ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire Talmhaíochta, á dhearbhú go mbainfidh an t-alt so le muca, i bhfeidhm.

Ionstruimí ceaduithe chun ainmhithe do mharbhadh.

16. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta le hordú, pé uair is oiriúnach leis é, a dhearbhú aon tsaghas áirithe ionstruime, chun ainmhithe do mharbhadh no chun an mhothuithe do bhaint as ainmhithe, do bheith ina hionstruim cheaduithe, chun crícheanna na Coda so den Acht so, maidir le gach cineál ainmhithe no maidir le cineálacha áirithe ainmhithe agus leo san amháin.

(2) Chun a chinneadh ce'ca tá aon tsaghas áirithe ionstruime oiriúnach no ná fuil chun a dhearbhú fén alt so í bheith ina hionstruim cheaduithe féadfaidh an tAire Talmhaíochta a chur fé ndeár go ndéanfar pé fiosrúcháin, taighdthe agus trialacha is dóich leis is ceart maidir leis an saghas san ionstruime.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta ordú fén alt so á dhearbhú saghas áirithe ionstruime do bheith ina hionstruim cheaduithe chun crícheanna na Coda so den Acht so ordóidh leis an ordú céanna an tslí chun ionstruimí den tsaghas san d'úsáid agus isí an tslí sin a bheidh mar shlí cheaduithe, chun crícheanna na Coda so den Acht so, chun na n-ionstruimí sin d'úsáid.

(4) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta tráth ar bith le hordú leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so,

(5) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “ionstruim cheaduithe' ionstruim a dearbhuítear, le hordú bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do bheith ina hionstruim cheaduithe, chun crícheanna na Coda so den Acht so, maidir le gach ainmhí no maidir leis an gcineál áirithe ainmhí gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.

(6) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “slí cheaduithe” an tslí chun úsáide do dhéanamh den ionstruim cheaduithe áirithe gur ina taobh a húsáidtear an abairt sin agus a dearbhuítear le hordú bheidh déanta fén alt so do bheith mar shlí cheaduithe, chun crícheanna na Coda so den Acht so, chun na hionstruime sin d'úsáid.

Cúrsaí speisialta mar chosaint ghenerálta.

17. —Má cúisítear duine i gcionta fé aon alt sa Chuid seo den Acht so maidir le hainmhí ar bith do mharbhadh no an mothú do bhaint as, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san a thaisbeáint gurb é cúis go ndearnadh an gníomh go ndeirtear gurb é an cionta san é ná chun ná cuirfí pian ná fulang nea-riachtanach ar an ainmhí sin no chun ná déanfaí díobháil d'aon duine no d'aon ainmhí no do mhaoin agus gur ní réasúnta le déanamh sa chás, chun críche no crícheanna acu san adubhradh, an gníomh san.

Na daoine bheidh freagarthach alos ciontaí.

18. —(1) Pé uair a beifear tar éis cionta do dhéanamh fé aon alt eile sa Chuid seo den Acht so beidh únaer no dílseánach an tseamlais ina ndearnadh an ní, pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí é, gurb é an cionta san é, beidh an t-únaer no an dílseánach san, marab é féin do rinne an ní sin, ciontach sa chionta san chó maith leis an duine do rinne an ní sin.

(2) Gach duine bheidh ciontach, de bhuadh an ailt seo, i gcionta fé aon alt eile sa Chuid seo den Acht so dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair an pionós do chur air a luaidhtear san alt eile sin alos an chionta san, ach beidh sé i dteideal sochair gach forála (más ann di) atá san alt san no in aon alt eile den Acht so á dhearbhú einní áirithe do bheith ina chosaint mhaith.

CUID III.

Ceadunaisi um Marbhadh.

Toirmeasc ar mharbhadh gan ceadúnas.

19. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith, maran máinliaigh beithíoch cláruithe é no sealbhóir ar cheadúnas um marbhadh a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, aon ainmhí do mharbhadh i seamlas.

(2) Gach duine mharbhóidh aon ainmhí contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí.

Iarrataisí ar cheadúnaisí um marbhadh.

20. —(1) Féadfaidh duine ar bith go mbeidh ocht mbliana déag slánuithe aige ceadúnas um marbhadh d'iarraidh, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, ar an údarás sláintíochta do líomatáiste ina mbeidh éifeacht ag an Acht so (pe'ca bheidh an líomatáiste sin có-theoranta le líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sláintíochta san no ná beidh ann ach cuid den líomatáiste feidhmiúcháin sin) agus ina mbeidh an duine sin ina chomhnaí no ina mbeidh gnó ar siúl aige no ina mbeidh sé ar fostú.

(2) Beidh i dteanta gach iarratais fén alt so an fhianaise orduithe ar aois an iarratasóra agus an táille orduithe.

(3) Gach duine dhéanfaidh, in iarratas no maidir le hiarratas, ar cheadúnas um marbhadh, uaidh féin no o dhuine ar bith eile, aon ráiteas is eol dó do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Ceadúnaisí um marbhadh do thabhairt amach.

21. —(1) Pé uair a déanfar ceadúnas um marbhadh d'iarraidh go cuibhe fén Acht so agus dá réir ar an údarás sláintíochta do líomatáiste go mbeidh éifeacht ag an Acht so ann no in aon chuid de, bhéarfaidh an t-údarás sláintíochta san ceadúnas um marbhadh amach don iarratasóir mara bhfeictear don údarás sláintíochta san maidir leis an iarratasóir—

(a) ná fuil ocht mbliana déag slánuithe aige, no

(b) ná fuil sé ina chomhnaí, ná ná fuil gnó ar siúl aige, ná ná fuil sé ar fostú i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sláintíochta san no sa chuid sin den líomatáiste feidhmiúcháin sin ina bhfuil éifeacht ag an Acht so (do réir mar is gá sa chás), no

(c) nách duine ceart oiriúnach é chun ceadúnas um marbhadh do bheith aige.

(2) Ní tabharfar aon cheadúnas um marbhadh amach do dhuine ná beidh ocht mbliana déag slánuithe aige, agus gach ceadúnas um marbhadh do bhéarfar amach contrárdha don fho-alt so beidh sé gan brí gan éifeacht.

(3) Ní shealbhóidh duine ar bith aon tráth áirithe níos mó ná aon cheadúnas amháin um marbhadh a bheidh i bhfeidhm agus, dá réir sin, ní déanfar ceadúnas um marbhadh do thabhairt amach (ach amháin i bhfuirm athnuachainte fén bhforáil chuige sin atá san Acht so) do dhuine bheidh i seilbh cheadúnais um marbhadh a bheidh i bhfeidhm, agus gach ceadúnas um marbhadh do bhéarfar amach contrárdha don fho-alt so beidh sé gan brí gan éifeacht.

Tosach feidhme agus ré ceadúnaisí um marbhadh.

22. —(1) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach ceadúnas um marbhadh agus, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, tosnóidh sé ar bheith i bhfeidhm an lá do bhéarfar amach é.

(2) Fé réir na bhforálacha den Acht so maidir le ceadúnaisí um marbhadh do cheiliúradh agus do chur ar fiunraoi agus gan dochar do sna forálacha san, beidh gach ceadúnas um marbhadh i bhfeidhm agus leanfaidh i bhfeidhm ar feadh bliana ag tosnú an lá thosnóidh an ceadúnas san um marbhadh ar bheith i bhfeidhm fén Acht so agus raghaidh in éag i ndeireadh na bliana san.

Ceadúnaisí um marbhadh d'athnuachaint.

23. —(1) Má bhíonn an duine iarrfaidh ceadúnas um marbhadh ar údarás sláintíochta no má bhí sé i seilbh cheadúnais um marbhadh do thug an t-údarás sláintíochta san amach do roimhe sin agus má bhíonn an ceadúnas san um marbhadh i bhfeidhm ar dháta an iarratais sin no tar éis dul in éag laistigh de mhí roimh an dáta san, déanfar an ceadúnas um marbhadh do bhéarfar amach don duine sin do réir an iarratais sin do thabhairt amach i bhfuirm athnuachainte ar an gceadúnas san um marbhadh do tugadh amach roimhe sin.

(2) Ceadúnas um marbhadh do bhéarfar amach i bhfuirm athnuachainte ar cheadúnas um marbhadh do tugadh amach roimhe sin agus a bheidh i bhfeidhm ar dháta an cheadúnais sin um marbhadh a céad-luaidhtear d'iarraidh tosnóidh sé ar bheith i bhfeidhm ar an gceadúnas san um marbhadh do tugadh amach roimhe sin do dhul in éag.

Táillí ar cheadúnaisí um marbhadh do thabhairt amach.

24. —(1) Beidh an táille orduithe i dteanta gach iarratais chun údaráis sláintíochta ar cheadúnas um marbhadh agus beidh íoc na táille sin leis an údarás sláintíochta san ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san.

(2) Má bheireann údarás sláintíochta ceadúnas um marbhadh amach coinneoidh an t-údarás sláintíochta san an táille a híocadh leis an údarás sláintíochta san do réir an ailt seo ar an iarratas san.

(3) Má diúltuítear do ghéilleadh d'iarratas chun údaráis sláintíochta ar cheadúnas um marbhadh déanfaidh an t-údarás sláintíochta san an táille a híocadh leis an údarás sláintíochta san do réir an ailt seo ar an iarratas san d'aisíoc leis an iarratasóir díreach ar an diúltú san do thabhairt.

Dúbláidí do cheadúnaisí um marbhadh do thabhairt amach.

25. —Pé uair a chuirfidh sealbhóir ceadúnais um marbhadh ina luighe ar an údarás sláintíochta do thug amach an ceadúnas san go bhfuil an ceadúnas san caillte no díthithe no millte féadfaidh an t-údarás sláintíochta san dúbláid den cheadúnas san do thabhairt amach don tsealbhóir sin agus féadfaid táille ná raghaidh thar sé pingne d'éileamh uirthi.

Údarás sláintíochta do cheiliúradh ceadúnaisí um marbhadh.

26. —Pé uair is deimhin le húdarás sláintíochta go bhfuil sealbhóir ceadúnais um marbhadh do thug an t-údarás sláintíochta san amach tar éis scur de bheith ina dhuine cheart oiriúnach chun marbhadh ainmhithe do bheith ar siúl aige féadfaidh an t-údarás sláintíochta san, fé réir forálacha an ailt seo, an ceadúnas san um marbhadh do chur ar fiunraoi ar feadh pé tréimhse is oiriúnach leo no é do cheiliúradh.

(2) Ní dhéanfaidh údarás sláintíochta ceadúnas um marbhadh do chur ar fiunraoi ná do cheiliúradh fén alt so mara dtugaid no go dtí go dtabharfaid do shealbhóir an cheadúnais sin fógra míosa i scríbhinn á rá go bhfuil ar intinn acu an ceadúnas san do chur ar fiunraoi no do cheiliúradh (pe'ca aca é) agus mara mbreithnighid ná go dtí go mbreithneoid aon chúis a phléidhfidh an sealbhóir sin leo roimh dhul in éag don fhógra san.

(3) Má bhíonn údarás sláintíochta tar éis fógra do thabhairt, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, á rá go bhfuil ar intinn acu ceadúnas um marbhadh do cheiliúradh féadfaid, tar éis dul in éag don fhógra san, an ceadúnas san do chur ar fiunraoi (in ionad é cheiliúradh) gan fógra do thabhairt i dtaobh na fiunraíochta san.

Athchomharc i gcoinnibh ceadúnais um marbhadh do dhiúltú no do cheiliúradh.

27. —(1) Pé uair a dhiúltóidh údarás sláintíochta d'iarratas ar cheadúnas um marbhadh no chuirfid ar fiunraoi no cheiliúrfaid ceadúnas um marbhadh féadfaidh iarratasóir no sealbhóir an cheadúnais sin athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an diúltuithe, na fiunraíochta no an cheiliúrtha san (do réir mar bheidh) chun Breithimh den Chúirt Dúithche fheidhmíonn dlighinse i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sláintíochta san.

(2) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche bheidh ag éisteacht athchomhaire fén alt so pé ní no nithe acu so leanas do dhéanamh a bhaineann leis an scéal agus a chífear dó bheith cóir agus cothrom ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, sé sin le rá:—

(a) an t-athchomharc san do chaitheamh amach agus costaisí do lomháil, a bheidh le n'íoc ag an athchomharcach leis an údarás sláintíochta bheidh i gceist, no gan costaisí do lomháil;

(b) i gcás athchomhaire i gcoinnibh diúltuithe d'iarratas ar cheadúnas um marbhadh, géilleadh don athchomharc san agus a ordú don údarás sláintíochta ceadúnas um marbhadh do thabhairt amach don athchomharcach do réir an iarratais sin;

(c) i gcás athchomhaire i gcoinnibh ceadúnas um marbhadh do chur ar fiunraoi, géilleadh don athchomharc san agus an fhiunraíocht san do chur ar nea-mbrí no tréimhse na fiunraíochta san do ghiorrú;

(d) i gcás athchomhairc i gcoinnibh ceiliúrtha cheadúnais um marbhadh, géilleadh don athchomharc san agus an ceiliúradh san do chur ar nea-mbrí;

(e) má ghéillean an Breitheamh san don athchomharc san, a ordú don údarás sláintíochta bheidh i gceist costaisí an athchomharcaigh maidir leis an athchomharc san d'íoc leis;

(f) má ghéilleann an Breitheamh san don athchomharc san, a ordú don údarás sláintíochta bheidh i gceist pé suim airgid a luadhfaidh an Breitheamh san d'íoc leis an athchomharcach mar chúiteamh don athchomharcach sa chaillteanas agus sa damáiste do bhain do de dheascaibh an diúltuithe, na fiunraíochta no an cheiliúrtha is abhar don athchomharc san.

(3) Pé uair ordóidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, fén alt so, d'údarás sláintíochta ceadúnas um marbhadh do thabhairt amach d'athchomharcach, beidh sé de dhualgas ar an údarás sláintíochta san an ceadúnas san um marbhadh do thabhairt amach láithreach don athchomharcach san do réir an orduithe sin, ach (i gcás nár íoc an t-athchomharcach aon táille ar a iarratas bunaidh ar an gceadúnas san no gur haisíocadh leis an táille d'íoc sé ar an iarratas san) an t-athchomharcach d'íoc na táille orduithe leis an údarás sláintíochta san.

(4) Ní luighfidh aon athchomharc chun na Cúirte Cuarda i gcoinnibh ordú dhéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche fén alt so.

An Chúirt do cheiliúradh ceadúnaisí um marbhadh.

28. —(1) Pé uair a ciontófar sealbhóir ceadúnais um marbhadh i gcionta fé aon alt den Acht so féadfaidh an Chúirt a chiontóidh an sealbhóir sin amhlaidh i dteanta aon pheannaide no pionóis a húdaruítear leis na forálacha oiriúnacha den Acht so, an ceadúnas san um marbhadh do cheiliúradh agus fós, más dóich leis an gCúirt sin san do bheith ceart, a dhearbhú an sealbhóir sin do bheith dícháilithe chun ceadúnas um marbhadh do shealbhú ar feadh pé tréimhse luadhfaidh an Chúirt sin.

(2) Pé uair a dhéanfaidh Cúirt ceadúnas um marbhadh do cheiliúradh fén alt so déanfaidh an clárathóir, an cléireach, no an príomh-oifigeach eile don Chúirt sin an ceiliúradh san agus na mion-innste ar aon dí-cháiliú d'fhorchuir an Chúirt fén alt so ar shealbhóir an cheadúnais sin um marbhadh do chur in úil láithreach don údarás sláintíochta do thug an ceadúnas san amach agus don Aire.

(3) Pé uair a dhearbhóidh Cúirt fén alt so duine do bheith dícháilithe chun ceadúnas um marbhadh do shealbhú beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá—:

(a) d'ainneoin éinní atá san Acht so ní bheidh sé dleathach d'aon údarás sláintíochta ceadúnas um marbhadh do thabhairt amach don duine sin i rith tréimhse na dícháilíochta san;

(b) ní bheidh sé dleathach don duine sin ceadúnas um marbhadh d'iarraidh, d'fháil, ná do shealbhú i rith tréimhse na dí-cháilíochta san;

(c) beidh gach ceadúnas um marbhadh do bhéarfar amach contrárdha don fho-alt so gan brí gan éifeacht;

(d) gach duine iarrfaidh no gheobhaidh no shealbhóidh ceadúnas um marbhadh contrárdha don fho-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén fho-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí.

Ceadúnas um marbhadh do thabhairt suas ar é cheiliúradh.

29. —(1) Pé uair a ceiliúrfar ceadúnas um marbhadh fén Acht so déanfaidh sealbhóir an cheadúnais sin, laistigh de sheacht lá tar éis a chur in úil do go ndearnadh an ceiliúradh san no tar éis do fios air sin d'fháil, an ceadúnas san um marbhadh do sheachadadh don údarás sláintíochta do thug amach é.

(2) Má thárlann do dhuine ar bith ar a gceangailtear leis an alt so ceadúnas um marbhadh do sheachadadh d'údarás sláintíochta go dteipfidh air no go bhfailleoidh an ceadúnas san do sheachadadh amhlaidh laistigh den am a ceaptar chuige sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an teip no an fhaillí sin

Ciontaí maidir le ceadúnaisí um marbhadh.

30. —Gach duine dhéanfaidh samhail bhréagach de cheadúnas um marbhadh, no atharóidh no úsáidfidh go calaoiseach no bhéarfaidh ar iasacht go calaoiseach do dhuine eile ceadúnas um marbhadh no leigfidh go calaoiseach do dhuine eile ceadúnas um marbhadh d'úsáid, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.

Rialacháin.

31. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a ordú cadé an nós imeachta leanfaidh údaráis sláintíochta maidir le ceadúnaisí um marbhadh do thabhairt amach;

(b) chun a ordú cadiad na cláir agus na breacacháin a choimeádfaidh údaráis sláintíochta maidir le ceadúnaisí um marbhadh;

(c) chun údaráis sláintíochta do thabhairt eolais d'údaráis sláintíochta eile i dtaobh na gceadúnaisí um marbhadh do thug na húdaráis sláintíochta san a céad-luaidhtear amach agus i dtaobh na gceiliúradh agus na gcur ar fiunraoi do rinneadh ar na ceadúnaisí sin;

(d) chun eolas atá ag údaráis sláintíochta, maidir le ceadúnaisí um marbhadh do thabhairt amach agus do cheiliúradh, do chur ar fáil chun úsáide ball den Ghárda Síochána agus pé daoine eile is ceart dar leis an Aire;

(e) chun a thoirmeasc ceadúnas um marbhadh do thabhairt amach (ach amháin i bhfuirm athnuachainte) do dhuine ag á bhfuil ceadúnas um marbhadh cheana féin;

(f) chun éinní no aon ruda d'ordú dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach údarás sláintíochta le n-a mbainfidh rialacháin a déanfar fén alt so déanamh do réir na rialachán san ar gach slí agus na dualgaisí cuirfear ortha leis na rialacháin sin do chólíonadh.