44 1935


Uimhir 44 de 1935.


ACHT OSPIDÉIL FHIABHRAIS CHORCAIGHE, 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN OSPIDÉIL FHIABHRAIS NUA DO BHUNÚ I gCATHAIR CHORCAIGHE NO IN AICE LÉI AGUS CHUN OSPIDÉAL FIABHRAIS AGUS TEACH EADARSHLÁINTE CHORCAIGHE DO DHÚNADH, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [12adh Mí na Nodlag, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, 1935 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Tiarna Méara, Seanóirí, agus Buirgéisigh Chorcaighe;

cialluíonn an abairt “comhairle na cathrach” comhairle chontacbhuirge Chorcaighe;

cialluíonn an abairt “an ceanntar sláinte contae” ceanntar sláinte contae Chorcaighe Theas;

cialluíonn an abairt “an bord sláinte” bord sláinte puiblí Chorcaighe Theas;

cialluíonn an abairt “an có-cheanntar” an líomatáiste atá códhéanta den cheanntar shláinte chontae agus de sna bailecheanntair atá, i dteanta an cheanntair shláinte chontae, ina gcó-cheanntar do réir bhrí Achta 1927;

cialluíonn an abairt “an sean-óspidéal fiabhrais” Ospidéal Fiabhrais agus Teach Eadarshláinte Chorcaighe;

cialluíonn an abairt “an seana-choiste” có-choiste an tsean-óspidéil fhiabhrais;

cialluíonn an abairt “an cólucht corpruithe” an cólucht corpruithe do bunuíodh fén Hospitals (Ireland) Act, 1818, agus ar a dtugtar Uachtarán agus Congantóirí an Ospidéil Fhiabhrais do Chorcaigh;

cialluíonn an abairt “bliain airgeadais áitiúil” tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lá de Mhárta.

Fiosrúcháin áitiúla.

3. —(1) Sara ndeinidh an tAire aon chomhacht no dualgas a bronntar no cuirtear air leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíonadh féadfaidh a chur fé ndeár fiosrúchán áitiúil do dhéanamh i dtaobh an ní is abhar don chomhacht san d'fheidhmiú no don dualgas san do chólíonadh.

(2) Beidh feidhm ag fo-airtiogail (1) agus (3) d'Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán áitiúil a déanfar fén alt so.

Costaisí an Aire.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

CUID II.

Tosach Feidhme Coda III den Acht so.

An Bárdas do chur scéime fé bhráid an Aire chun Ospidéil fhiabhrais nua do bhunú i gcathair Chorcaighe no in aice léi.

5. —(1) Féadfaidh an Bárdas, más oiriúnach leo é, scéim (dá ngairmtear an scéim san Acht so) d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire chun óspidéil fhiabhrais nua (le n-a n-áirmhítear cóiríocht dá fhuirinn) do thógáil agus do bhunú i gcathair Chorcaighe no in aice léi.

(2) Beidh sa scéim—

(a) tuairisc ar ionad bheartuithe an óspidéil,

(b) pleananna agus áireamhachtaí an óspidéil bheartuithe (le n-a n-áirmhítear cóiríocht dá fhuirinn), agus

(c) meastachán ar an méid a chosnóidh sé an scéim do thabhairt chun críche.

(3) Féadfaidh an tAire, ar an scéim d'fháil, an scéim do cheadú gan atharú no an scéim do cheadú go pé atharuithe is oiriúnach leis, no diúltú don scéim do cheadú.

(4) Chun crícheanna Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ), beidh ullamhú na scéime fén alt so ina fheidhm fhorcoimeádtha.

(5) Aon chostaisí fé n-a raghaidh an Bárdas fén alt so déanfaidh an Bárdas, i gcás gan Cuid III den Acht so do theacht i bhfeidhm, iad do chruinniú agus d'íoc sa tslí chéanna ina ndeintear costaisí fé n-a dtéigheann an Bárdas i bhfeidhmiú na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do chruinniú agus d'íoc.

Tosach feidme Coda III den Acht so.

6. —(1) Más rud é, fé cheann dhá bhlian tar éis an Achta so do rith—

(a) go gceadóidh an tAire an scéim fén alt deiridh sin roimhe seo, agus

(b) go dtabharfar, fé alt 25 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ), don Bhárdas, chun sochair don óspidéal le n-a mbaineann an scéim, deontas as Ciste Iontaobhais na nOispidéal de mhéid nách lugha ná leath costais mheasta na scéime do thabhairt chun críche, mar a luaidhtear san sa scéim agus í ceaduithe amhlaidh, agus chun gach críche no aon chríche dá luaidhtear i míreanna (a) (b) (c) agus (d) d'fho-alt (7) den alt san 25,

dearbhóidh an tAire le hordú go dtiocfaidh Cuid III den Acht so i ngníomh o dháta luadhfar san ordú san, agus ar bheith déanta don ordú san tiocfaidh an Chuid sin III i ngníomh ar an dáta luadhfar amhlaidh.

(2) Ní thiocfaidh Cuid III den Acht so i ngníomh ach amháin de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

CUID III.

Ospideal Fiabhrais Chorcaighe.

Rann-íoc an tseana-choiste.

7. —(1) Díreach i dtosach feidhme na Coda so den Acht so íocfaidh an seana-choiste leis an mBárdas aon airgead do híocadh leo fé sna hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 go 1932, agus aon mhéaduithe ar an airgead san, lugha-de aon chuid den chéanna do caitheadh roimh dháta an Achta so do rith agus lugha-de aon chuid den chéanna do caitheadh le ceadú an Aire tar éis dáta an Achta so do rith agus roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, agus an t-airgead is gá don tseana-choiste do réir an fho-ailt seo d'íoc leis an mBárdas gairmtear “rann-íoc an tseana-choiste” dhe sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht so.

(2) Beidh rann-íoc an tseana-choiste ina fhiacha bheidh dlite ar an seana-choiste ag an mBárdas agus féadfaidh an Bárdas é do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(3) Cuirfidh an Bárdas rann-íoc an tseana-choiste chun íocaíochtaí d'íoc a húdaruítear leis an Acht so d'íoc amach as agus ní chun aon chrícheanna eile.

(4) An méid de rann-íoc an tseana-choiste ná beidh ag teastáil de thurus na huaire chun íocaíochtaí d'íoc a húdaruítear leis an Acht so d'íoc amach as súncálfaidh an Bárdas é in urrúis a bheidh ceaduithe ag an Aire agus déanfar aon ioncum a thiocfaidh as aon tsúncála den tsórt san do chur le rann-íoc an tseana-choiste agus tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so gur cuid den rann-íoc san é.

E d'oblagáid ar an mBárdas óspidéal fiabhrais nua do bhunú.

8. —(1) Laistigh de pé tréimhse cheapfaidh an tAire déanfaidh an Bárdas óspidéal, chun cóir leighis do chur ar othair ar a mbeidh galair thógálacha, ar a dtabharfar Ospidéal Fiabhrais Chorcaighe (dá ngairmtear an t-óspidéal fiabhrais nua san Acht so) do thógáil agus do bhunú do réir na scéime, mar a cheadóidh an tAire í go pé atharuithe uirthi, más aon cheann é, le n-a n-aontóidh an tAire o am go ham ar iarratas an Bhárdais, agus cuirfid ar fáil don óspidéal san an gléasra uile is gá.

(2) Chun an óspidéil fhiabhrais nua do bhunú beidh ag an mBárdas na comhachta céanna chun talamh do thógaint chúcha atá acu chun crícheanna na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na hAchtanna san, mar a leasuítear iad le halt 68 d'Acht 1925, ach amháin go bhféadfar na fógráin a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'fhoillsiú mí ar bith agus go ndéanfar na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil an mí ina dhiaidh sin.

(3) Chun crícheanna Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ), beidh sé ina fheidhm fhorcoimeádtha atharú ar an scéim d'iarraidh fén alt so.

(4) San alt so foluíonn an focal “talamh” aon éasáid no ceart i dtalamh no in uisce no air no chuige.

Costaisí an tseana-choiste.

9. —Na costaisí fé n-a ndeachaidh no fé n-a raghaidh an seanachoiste chun an tsean-óspidéil fhiabhrais do chothabháil agus do bhainistí ní raghaid, in aon bhliain airgeadais áitiúil no cuid de bhliain sa tréimhse idir tosach feidhme na Coda so den Acht so agus an lá ceaptha, thar pé méid ar a gcó-aontóidh an seana-choiste agus an Bárdas no, cheal có-aontuithe, a shocróidh an tAire, agus íocfaidh an Bárdas na costaisí sin sa mhéid nách leor cistí an tseanachoiste chun iad d'íoc.

Costaisí an Bhárdais maidir leis an scéim.

10. —Na costaisí uile fé n-a raghaidh an Bárdas chun na scéime d'ullamhú agus fén dá alt deiridh sin roimhe seo íocfar iad, sa chéad dul síos, as rann-íoc an tseana-choiste agus, sa mhéid nách leor rann-íoc an tseana-choiste chun na gcostas san d'íoc, íocfar iad as an deontas do bhéarfar don Bhárdas as Ciste Iontaobhais na nOispidéal chun sochair an óspidéil fhiabhrais nua, agus maran leor an rann-íoc agus an deontas san chun na gcostas san d'íoc beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Bárdas an méid sin a bheidh in easnamh do chruinniú agus d'íoc sa tslí chéanna ina ndeintear costaisí fé n-a dtéigheann an Bárdas i bhfeidhmiú na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do chruinniú agus d'íoc, agus chuige seo féadfaidh an Bárdas airgead d'fháil ar iasacht sa tslí chéanna ina bhféadfaid agus fé réir na bhforálacha céanna gur fé n-a réir fhéadfaid airgead d'fháil ar iasacht chun crícheanna na nAcht san, agus

(b) déanfaidh Bord Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, a bunófar fén gCuid seo den Acht so, suim is có-ionann leis an méid sin a bheidh in easnamh d'íoc leis an mBárdas an tráth no na tráthanna san, agus sa tslí sin, agus maraon leis an ús san uirthi, ordóidh an tAire o am go ham.

An lá ceaptha.

11. —(1) Sé mhí ar a laighead roimh an dáta 'na mbeidh súil ag an mBárdas an t-óspidéal fiabhrais nua do bheith críochnuithe agus ullamh chun othair do ghlacadh isteach ann, cuirfidh an Bárdas an dáta san in úil don Aire agus leis sin ceapfaidh an tAire an dáta (ná beidh níos túisce ná an dáta cuirfear in úil do amhlaidh) a bheidh an t-óspidéal le bunú.

(2) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so don lá cheaptha do léiriú mar thagairtí don lá ceapfar le hordú ón Aire fén alt so.

(3) Chun crícheanna Achta Bhainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ), beidh an dualgas a cuirtear leis an alt so ar an mBárdas ina fheidhm fhorcoimeádtha.

“Bliain toghacháin.”

12. —Gach bliain a dearbhófar le hordú ón Aire do bheith ina bliain toghacháin chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh sí ina bliain toghacháin chun na gcrícheanna san.

Có-dhéanamh Búird Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe.

13. —(1) Déanfar ar an lá ceaptha bord (dá ngairmtear an Bord san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Bord Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe do bhunú chun na bhfeidhmeanna ceaptar do leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.

(2) Beidh an Bord ina gcólucht corpruithe agus síor-chomharbas acu agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) agus féadfaid dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo fé n-a n-ainm chorpruithe agus féadfaid talamh do bheith ar seilbh acu.

(3) Beidh an Bord có-dhéanta—

(a) de bhaill (dá ngairmtear baill chathrach san Acht so) a thoghfaidh comhairle na cathrach do réir an Achta so,

(b) de bhaill (dá ngairmtear baill bhúird shláinte san Acht so) a thoghfaidh an bord sláinte do réir an Achta so, agus

(c) fé réir forálacha an ailt seo, de bhaill (dá ngairmtear baill nea-ghnáthacha san Acht so) a thoghfaidh an seanachoiste do réir an Achta so.

(4) Go dtí éag, eirghe as no dí-cháiliú an chéad bhaill neaghnáthaigh éagfaidh, eireoidh as no thiocfaidh chun bheith dícháilithe tar éis an lae cheaptha beidh an Bord có-dhéanta—

(a) de chúig baill chathrach;

(b) de chúig baill bhúird shláinte, agus

(c) de chúig baill nea-ghnáthacha.

(5) Ar éag, ar eirghe as no ar dhí-cháiliú gach baill neaghnáthaigh fé leith tar éis an lae cheaptha beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—

(a) másé an ball san an chéad bhall nea-ghnáthach éagfaidh, eireoidh as no thiocfaidh chun bheith dí-cháilithe, beidh an Bord có-dhéanta—

(i) de shé baill chathrach,

(ii) de chúig baill bhúird shláinte, agus

(iii) de cheithre baill nea-ghnáthacha:

(b) másé an ball san an dara ball nea-ghnáthach éagfaidh, eireoidh as no thiocfaidh chun bheith dí-cháilithe, beidh an bord có-dhéanta—

(i) de shé baill chathrach,

(ii) de shé baill bhúird shláinte, agus

(iii) de thrí baill nea-ghnáthacha;

(c) másé an ball san an tríú ball nea-ghnáthach éagfaidh, eireoidh as no thiocfaidh chun bheith dí-cháilithe, beidh an Bord có-dhéanta—

(i) de sheacht mbaill chathrach,

(ii) de shé baill bhúird shláinte, agus

(iii) de dhá bhall nea-ghnáthacha;

(d) másé an ball san an ceathrú ball nea-ghnáthach éagfaidh, eireoidh as no thiocfaidh chun bheith dí-cháilithe, beidh an bord có-dhéanta—

(i) de sheacht mbaill chathrach,

(ii) de sheacht mbaill bhúird shláinte, agus

(iii) d'aon bhall nea-ghnáthach amháin;

(e) másé an ball san an cúigiú ball nea-ghnáthach éagfaidh, eireoidh as no thiocfaidh chun bheith dí-cháilithe, beidh an Bord có-dhéanta feasta—

(i) d'ocht mbaill chathrach, agus

(ii) de sheacht mbaill bhúird shláinte.

Cáilíocht do bhaill chathrach agus do bhaill bhúird shláinte.

14. —(1) Ní bheidh duine cáilithe chun é do thogha mar bhall chathrach maran ball de chomhairle na cathrach é ar dháta a thoghtha.

(2) Ní bheidh duine cáilithe chun é do thogha mar bhall búird shláinte maran ball den bhord sláinte é ar dháta a thoghtha.

Togha agus téarma oifige ball cathrach.

15. —(1) Déanfar an chéad toghachán do bhaill chathrach pé lá cheapfaidh an tAire chuige sin agus nách túisce ná trí mhí ná nách déanaí ná mí roimh an lá ceaptha, agus toghfaidh comhairle na cathrach cúig baill chathrach sa toghachán san.

(2) Déanfaidh comhairle na cathrach gach bliain toghacháin oiread ball cathrach agus a bheidh ar an mBord de thurus na huaire do thogha ag an gcéad chruinniú ráithiúil de chomhairle na cathrach a bheidh ann tar éis an 22adh lá de Mheitheamh an bhliain sin, agus beidh an toghachán san ina chuid den ghnó bheidh le déanamh ag gach cruinniú ráithiúil den tsórt san.

(3) Gach ball cathrach a toghfar ag an gcéad toghachán do bhaill chathrach tosnóidh a théarma oifige an lá ceaptha.

(4) Gach ball cathrach (seachas ball cathrach a toghfar sa chéad toghachán do bhaill chathrach no duine toghfar chun fothfholúntais imeasc na mball cathrach) tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh lae an chruinnithe ráithiúla de chomhairle na cathrach ag ar toghadh é.

(5) Gach ball cathrach (seachas duine toghfar chun fothfholúntais imeasc na mball cathrach) beidh sé, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh lae an chéad chruinnithe ráithiúla eile de chomhairle na cathrach ag ar gá do chomhairle na cathrach do réir an ailt seo baill chathrach do thogha.

Togha agus téarma oifige ball búird shláinte.

16. —(1) Déanfar an chéad toghachán do bhaill bhúird shláinte pé lá cheapfaidh an tAire chuige sin agus nách túisce ná trí mhí ná nách déanaí ná mí roimh an lá ceaptha, agus toghfaidh an bord sláinte cúig baill bhúird shláinte sa toghachán san.

(2) Déanfaidh an bord sláinte gach bliain toghacháin oiread ball búird shláinte agus a bheidh ar an mBord de thurus na huaire do thogha ag an gcruinniú bliantúil den bhord shláinte bheidh ann an bhliain sin, agus beidh an toghachán san ina chuid den ghnó bheidh le déanamh ag gach cruinniú bliantúil den tsórt san den bhord shláinte.

(3) Gach ball búird shláinte toghfar ag an gcéad chruinniú de bhaill bhúird shláinte tosnóidh a théarma oifige an lá ceaptha.

(4) Gach ball búird shláinte (seachas ball búird shláinte toghfar sa chéad toghachán do bhaill bhúird shláinte no duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball búird shláinte) tosnóidh a théarma oifige an lá i ndiaidh lae an chruinnithe bhliantúla den bhord shláinte ag ar toghadh é.

(5) Gach ball búird shláinte (seachas duine toghfar chun fothfholúntais imeasc na mball búird shláinte) beidh sé, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh lae an chéad chruinnithe bhliantúla eile den bhord shláinte ag ar gá don bhord shláinte do réir an ailt seo baill bhúird shláinte do thogha.

Togha agus téarma oifige ball neaghnáthach.

17. —(1) Ag cruinniú den tseana-choiste bheidh ann pé lá cheapfaidh an tAire chuige sin agus nách túisce ná trí mhí ná nách déanaí ná mí roimh an lá ceaptha, toghfaidh an seana-choiste cúig baill nea-ghnáthacha as baill an chóluchta chorpruithe.

(2) Tosnóidh téarma oifige gach baill nea-ghnáthaigh an lá ceaptha.

(3) Beidh gach ball nea-ghnáthach i seilbh oifige go héag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do, pé ní acu san is túisce thárlóidh.

(4) I gcás éinne toghfar chun bheith ina bhall nea-ghnáthach d'éag no d'eirghe as roimh an lá ceaptha, déanfaidh an tAire duine is ball den chólucht chorpruithe roimh an lá ceaptha d'ainmniú chun bheith ina bhall nea-ghnáthach, agus beidh an té a hainmneofar amhlaidh i seilbh oifige ón lá ceaptha no o dháta a ainmnithe (pe'ca aca is déanaí) go héag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do, pé ní acu san is túisce thárlóidh.

Baill den Bhord d'eirighe as no do theacht fé dhí-cháilíocht.

18. —(1) Féadfaidh ball den Bhord tráth ar bith eirghe as a oifig tré leitir a cuirfear chun an Bhúird agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a bheidh ann tar éis na leitre sin do chur chun an Bhúird.

(2) Pé uair a scuirfidh ball cathrach de bheith ina bhall de chomhairle na cathrach beidh sé dí-cháilithe chun leanúint de bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina bhall cathrach.

(3) Pé uair a scuirfidh ball búird shláinte de bheith ina bhall den bhord shláinte beidh sé dí-cháilithe chun leanúint de bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina bhall búird shláinte.

(4) Bainfidh Airtiogal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, mar a leasuítear san tré aon achtachán ina dhiaidh sin, leis an mBord agus le baill an bhúird fé mar a bhaineann sé le comhairle chontae agus le baill chomhairle contae.

Foth-fholúna-aisí imeasc ball cathrach agus ball búird shláinte.

19. —(1) Pé uair a thárlóidh foth-fholúntas imeasc na mball cathrach déanfaidh comhairle na cathrach, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, duine bheidh cáilithe chun a thoghtha mar bhall cathrach do thogha chun an fholúntais sin.

(2) Pé uair a tharlóidh foth-fholúntas imeasc na mball búird shláinte déanfaidh an bord sláinte, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, duine bheidh cáilithe chun a thoghtha mar bhall búird shláinte do thogha chun an fholúntais sin.

(3) Duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball cathrach beidh sé, marab éag no eirghe as no teacht fe dhí cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh lae an chéad chruinnithe ráithiúla eile de chomhairle na cathrach ag ar gá do chomhairle na cathrach do réir an Achta so baill chathrach do thogha.

(4) Duine toghfar chun foth-fholúntais imeasc na mball búird shláinte beidh sé, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh lae an chéad chruinnithe bhliantúla eile den bhord shláinte ag ar gá don bhord shláinte do réir an Achta so baill bhúird shláinte do thogha.

(5) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) tuigfear foth-fholúntas do thárlachtaint imeasc na mbail cathrach pé uair éagfaidh ball cathrach no eireoidh sé as no thiocfa sé chun bheith dí-cháilithe no pé uair a déanfar, fé sna forálacha den Acht so bhaineann le có-dhéanamh Búird Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, aon do chur le líon na mball cathrach,

(b) tuigfear foth-fholúntas do thárlachtaint imeasc na mball búird shláinte pé uair éagfaidh ball búird shláinte no eireoidh sé as no thiocfa sé chun bheith dí-cháilithe no pé uair a déanfar, fé sna forálacha den Acht so bhaineann le có-dhéanamh Búird Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, aon do chur le líon na mball búird shláinte.

Cruinnithe an Bhúird.

20. —(1) Beidh a gcéad chruinniú ag an mBord an lá ceaptha pé uair agus i pé áit a cheapfaidh an tAire.

(2) Gach bliain a thosnóidh tar éis an lae cheaptha beidh cruinniú ag an mBord (dá ngairmtear cruinniú bliantúil san Acht so) ar pé dáta cheapfaidh an tAire.

(3) Beidh cruinniú amháin ar a laighead ag an mBord gach mí.

(4) Fé réir forálacha an ailt seo beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe is gá chun a ndualgaisí d'fheidhmiú go cuibhe.

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach.

21. —(1) Déanfaidh an Bord, ag á gcéad chruinniú agus fós ag gach cruinniú bliantúil, duine dá mbaill do thogha chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord agus duine eile dá mbaill do thogha chun bheith ina leas-chathaoirleach ar an mBord.

(2) Gach duine toghfar chun bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach ar an mBord beidh sé, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar chathaoirleach no mar leas-chathaoirleach go dtí go dtoghfar a chomharba.

(3) Pé uair a thiocfaidh oifig an chathaoirligh no an leaschathaoirligh chun bheith folamh tríd an gcathaoirleach no an leaschathaoirleach d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht déanfaidh an Bord, ag an gcéad chruinniú eile tar éis don fholúntas san do thárlachtaint, duine dá mbaill do thogha chun bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach.

(4) Féadfaidh cathaoirleach no leas-chathaoirleach an Bhúird tráth ar bith eirghe as a oifig mar chathaoirleach no mar leaschathaoirleach tré leitir a díreofar chun an Bhúird, agus raghaidh gach eirghe as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a bheidh ann tar éis don Bhord an t-eirgheas san d'fháil.

(5) Pé uair a scuirfidh cathaoirleach no leas-chathaoirleach an Bhúird, i rith a théarma oifige mar chathaoirleach no mar leaschathaoirleach den tsórt san, de bheith ina bhall den Bhord beidh sé dí-cháilithe chun bheith agus scuirfidh láithreach de bheith ina chathaoirleach no ina leas-chathaoirleach ar an mBord.

(6) Pé uair, agus cathaoirleach an Bhúird á thogha, a bheidh có-ionannas vótanna ann do bheirt no níos mó toghfar duine acu so tré chrannchur.

Nós imeachta ag cruinnithe.

22. —(1) Triúr a bheidh mar quorum do chruinniú den Bhord.

(2) Ag cruinniú den Bhord—

(a) má bhíonn cathaoirleach an Bhúird i láthair isé bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(b) mara mbeidh cathaoirleach an Bhúird i láthair no má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh isé leas-chathaoirleach an Bhúird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(c) más rud é ná beidh cathaoirleach an Bhúird i láthair no go mbeidh oifig an chathaoirligh folamh agus ná beidh an leas-chathaoirleach i láthair no go mbeidh oifig an leas-chathaoirligh folamh déanfaidh na baill den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon do cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord do shocrú le móráireamh de vótanna na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus i gcás na vótanna bheith roinnte go có-ionann beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair a bheidh an cathaoirleach á thogha.

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainncoin folúntais no folúntas imeasc a gcuid ball.

(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so, nós imeachta agus gnó an Bhúird do rialáil.

(6) Fé réir forálacha an Achta so agus aon rialachán a déanfar fé, déanfaidh an Bord, le buan-orduithe no ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhúird do rialáil.

Connartha dhéanfaidh an Bord.

23. —(1) Féadfaidh an Bord gach connradh do dhéanamh is gá chun crícheanna a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so.

(2) Beidh feidhm ag alt 201 den Public Health (Ireland) Act, 1878, maidir le connartha dhéanfaidh an Bord fén alt so fé is dá mb' údarás sláintíochta an Bord agus gur chonnartha déanfaí fén gcéad Acht san a luaidhtear na connartha san.

Dochtúir Ceannais Comhnaithe.

24. —(1) Ceapfaidh an Bord oifigeach ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Dochtúir Ceannais Comhnaithe Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe (dá ngairmtear an Dochtúir Ceannais Comhnaithe san Acht so) agus féadfaid, fé réir an Aire dá cheadú, na dualgaisí bheidh le cólíonadh ag an oifigeach san do cheapadh.

(2) Beidh an Dochtúir Ceannais Comhnaithe freagarthach don Bhord i riaradh inmheánach an óspidéil fhiabhrais nua agus, ag cólíonadh a dhualgas do, déanfaidh do réir aon orduithe do bhéarfaidh príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte chontae-bhuirge Chorcaighe uaidh.

(3) Íocfaidh an Bord leis an Dochtúir Ceannais Comhnaithe pé luach saothair agus liúntaisí cheapfaidh an tAire o am go ham.

Oifigigh don Bhord.

25. —(1) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, pé oifigigh agus pé méid oifigeach do cheapadh, is ceart dar leis an mBord o am go ham, chun na ndualgas san do chólíonadh a cheapfaidh an Bord dóibh o am go ham.

(2) Íocfaidh an Bord le gach oifigeach don Bhord agus bhéarfaidh do pé luach saothair agus liúntaisí cheapfaidh an tAire o am go ham no cheapfaidh an Bord o am go ham le ceadú an Aire.

(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an Dochtúir Ceannais Comhnaithe.

Forálacha ilghnéitheacha. maidir le hoifigigh don Bhord.

26. —(1) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, aon oifigeach don Bhord do chur as oifig.

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, aon oifigeach don Bhord do chur as oifig.

(3) Tuigfear an Bord do bheith ina údarás áitiúil do réir bhrí Achta na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 29 de 1926), agus chuige sin ciallóidh an abairt “an tAire” san Acht san, maidir leis an mBord, an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(4) Tuigfear an Bord do bheith ina chólucht áitiúil do réir bhrí Coda IV d'Acht 1925, mar a leasuítear san le hAcht 1927, agus bainfidh Cuid IV d'Acht 1925, agus é leasuithe amhlaidh, leis an mBord agus le hoifigigh an Bhúird dá réir sin.

(5) I gcás aon oifigigh don tseana-choiste a thiocfaidh, de bhuadh an Achta so, chun bheith ina oifigeach don Bhord déanfar, chun crícheanna Coda IV d'Acht 1925, mar a leasuítear í le hAcht 1927, agus mar a bheirtear feidhm di leis an alt so, seirbhís an oifigigh sin fén seana-choiste d'áireamh mar sheirbhís mar oifigeach don Bhord.

(6) Déanfar tagairtí san alt so d'oifigeach don Bhord do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí d'oifigeach don tseana-choiste a haistreofar chun an Bhúird fén Acht so.

(7) San alt so foluíonn an focal “oifigeach” an Dochtúir Ceannais Comhnaithe.

(8) Ma eiríonn aon cheist fén Acht so i dtaobh duine atá no bhí i seirbhís an Bhúird do bheith no gan a bheith ina oifigeach cuirfear an cheist fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean uirthi.

Achtacháin áirithe do bhaint leis an mBord.

27. —(1) Tuigfear, chun crícheanna Achta na nUdarás nAitiúil (Có-Cheannach), 1925 ( Uimh. 20 de 1925 ), agus Achtanna na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 agus 1928, gur údarás áitiúil an Bord.

(2) Tuigfear an Bord do bheith ina údarás áitiúil do réir bhrí ailt 60 d'Acht 1925, mar a leasuítear san le halt 13 d'Acht 1927, agus alt 61, 62 agus 70 d'Acht 1925, agus ailt 72 d'Acht 1925, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin agus bainfidh na hailt sin 60 (agus é leasuithe amhlaidh), 61, 62, 70 agus 72 (agus é leasuithe amhlaidh) leis an mBord agus le n-a mbaill agus le n-a n-oifigigh dá réir sin.

(3) Tuigfear an Bord do bheith ina údarás áitiúil do réir bhrí alt 4 agus 5 den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 (Uimh. 5 de 1933) , agus bainfidh na hailt sin 4 agus 5 leis an mBord agus le n-a n-oifigigh dá réir sin.

An t-óspidéal fiabhrais nua d'aistriú chun an Bhúird.

28. —An lá ceaptha tiocfaidh an t-óspidéal fiabhrais nua agus a ghléasra chun bheith agus beid dílsithe sa Bhord, agus san gan leithliú ná sannadh ar bith, chun an estáit, an téarma no an leasa uile chun a rabhdar, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa Bhárdas.

An t-Ospidéal fiabhrais nua do leathnú, etc.

29. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, an t-óspidéal fiabhrais nua do leathnú, d'atharú, do mhéadú no d'fheabhsú ar shlí eile.

(2) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, aon talamh do cheannach no do thógaint ar léas chun crícheanna an ailt seo.

(3) Chun na gcrícheanna bhaineann leis an mBord do thógaint tailimh chúcha beidh feidhm ag ailt 203, 214 agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear san le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus ag alt 68 d'Acht 1925, fé is dá ndeintí anso iad d'achtú agus do chur i mbaint leis an mBord ach go bhféadfar na fógráin a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'fhoillsiú mí ar bith agus go ndéanfar na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil an mí ina dhiaidh sin.

(4) San alt so foluíonn an focal “talamh” aon éasáid no ceart i dtalamh no in uisce no air no chuige.

Bronntanais do ghlacadh.

30. —Beidh comhacht ag an mBord aon mhaoin, réalta no pearsanta, do ghlacadh mar bhronntanas go generálta no ar iontaobhas chun aon chrícheanna bhainfidh leis an óspidéal fiabhrais nua.

Talamh barrachais do dhíol.

31. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, aon talamh a bheidh dílsithe ionta agus ná beidh ag teastáil chun crícheanna an óspidéil fhiabhrais nua do dhíol no do chur ar cíos.

(2) Aon airgead a gheobhaidh an Bord ar thalamh do dhíol no do chur ar cíos fén alt so cuirfear é i gciste coitiann an Bhúird.

An t-óspidéal fiabhrais nua do bhainistí agus do rialú.

32. —(1) An lá ceaptha agus as san amach déanfaidh an Bord an t-óspidéal fiabhrais nua do bhainistí agus do rialú agus, fé réir forálacha an Achta so (ar a n-áirmhítear rialacha ar n-a ndéanamh fén alt so), déanfaid gach ní is gá chuige sin.

(2) Féadfaidh an Bord o am go ham, le ceadú an Aire, gach riail do dhéanamh is gá chun an óspidéil fhiabhrais nua agus na n-othar ann do stiúradh agus do bhainistí.

Othair do leigint isteach.

33. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an Bord o am go ham, le ceadú an Aire, rialacha do dhéanamh chun othair do leigint isteach, ar a n-áirmhítear othair a leigfear isteach ar théarmaí speisialta maidir le híocaíocht agus cóiríocht.

(2) Glacfaidh an Bord isteach san óspidéal fiabhrais nua, chó fada agus a lomhálfaidh an chóiríocht é—

(a) aon othair (dá ngairmtear othair chathrach san Acht so) ar a mbeidh galair thógálacha agus a cuirfear go dtí an t-óspidéal fiabhrais nua ar ordú—

(i) ón bpríomh-dhochtúir oifigiúil sláinte do chontaebhuirg Chorcaighe, no

(ii) ón dochtúir oifigiúil sláinte conganta do chontaebhuirg Chorcaighe, no

(iii) o aon dochtúir oifigiúil sláinte do cheanntar íclainne i gcontae-bhuirg Chorcaighe;

(b) aon othair (dá ngairmtear othair chó-cheanntair san Acht so) a cuirfear go dtí an t-óspidéal fiabhrais nua ar ordú—

(i) ón dochtúir oifigiúil sláinte contae do chontae Chorcaighe agus é ag gníomhú mar phríomhdhochtúir oifigiúil sláinte don cheanntar sláinte chontae no d'aon bhailecheanntar sa chó-cheanntar,

(ii) ón dochtúir oifigiúil sláinte conganta contae don cheanntar sláinte chontae,

(iii) o aon dochtúir oifigiúil sláinte do cheanntar íclainne sa chó-cheanntar.

(3) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, có-aontú do dhéanamh le haon údarás sláintíochta (seachas an Bárdas, an bord sláinte, no comhairlí na mbailecheanntar sa chó-cheanntar) chun áitreabhaigh o cheanntar shláintíochta an údaráis sin ar a mbeidh galair thógálacha do ghlacadh isteach san óspidéal fiabhrais nua ar na téarmaí sin ar a gcó-aontófar.

Ceart ag dochtúirí oifigiúla sláinte áirithe chun dul isteach san óispidéal fiabhrais nua, etc.

34. —Beidh an príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte do chontae bhuirg Chorcaighe agus an dochtúir oifigiúil sláinte contae do chontae Chorcaighe i dteideal, fé seach, dul isteach san óspidéal fiabhrais nua gach tráth réasúnta agus é d'iniúchadh maraon leis an socrú bheidh déanta chun aire do thabhairt do sna hothair a bheidh ann agus na hothair chathrach agus na hothair chócheanntair a bheidh ann d'iniúchadh agus do scrúdú, fé seach, agus beidh gach duine fé leith de sna hoifigigh sin i dteideal, freisin, bheith ag gabháil d'obair thaighdthe ann, i gcomhairle leis an Dochtúir Ceannais Comhnaithe, maidir le galair thógálacha do chosc agus do chur fé chóir leighis.

Cosaint maidir le hothair do dhí-cháiliú.

35. —Ní bheidh duine dí-cháilithe chun é do thoghadh no chun bheith ina bhall den Bhord no d'aon chólucht puiblí eile de bhíthin é féin no éinne dá líntighe do leigint isteach san óspidéal fiabhrais nua agus do chothabháil ann.

Costaisí an Bhúird.

36. —(1) Na costaisí uile fé n-a raghaidh an Bord fén Acht so déanfaidh an Bord iad d'íoc amach as ciste ar a dtabharfar an ciste coitiann, sa chéad dul síos, agus déanfar gach suim do gheobhaidh an Bord no bhainfid amach fén Acht so d'íoc isteach sa chiste choitiann agus do chur sa chuntas oiriúnach den chiste sin.

(2) Sa chiste choitiann coimeádfar cuntas ar leithligh don Bhárdas alos othar cathrach agus don bhord sláinte alos othar có-cheanntair.

(3) Na costaisí fé n-a raghaidh an Bord fén Acht so i ngach bliain airgeadais áitiúil íocfaidh an Bárdas agus an bord sláinte, fé seach, iad do réir an chothruim a bheidh idir an líon iomlán de laetheanta comhnaithe othar cathrach an bhliain sin agus an líon iomlán de laetheanta comhnaithe othar có-cheanntair an bhliain sin.

(4) An t-airgead is gá chun costaisí an Bhúird fén Acht so in aghaidh bliana airgeadais áitiúla d'íoc cuirfidh an Bárdas agus an bord sláinte é ar fáil ar an mBord do dhéanamh an éilimh orduithe agus beidh an t-airgead a héileofar amhlaidh ina fhiacha bheidh dlite ar an mBárdas no ar an mbord sláinte (pe'ca aca é).

(5) Eileamh a déanfar fén alt so in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla, á iarraidh ar an mBárdas agus ar an mbord sláinte costaisí an Bhúird d'íoc, beidh sé ina éileamh ar an gcion measta, is iníoctha ag an mBárdas agus ag an mbord sláinte fé seach, de chostaisí measta an Bhúird in aghaidh na bliana airgeadais sin.

(6) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais áitiúla bhéarfaidh an Bord don Bhárdas agus don bhord sláinte ráiteas ina dtaisbeánfar na méideanna is inéilithe le ceart ar an mBárdas agus ar an mbord sláinte in aghaidh na bliana san fé fho-alt (3) den alt so.

(7) San alt so cialluíonn an abairt “laetheanta comhnaithe” maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil an méid laetheanta bhí othar ina chomhnaí san óspidéal fiabhrais nua an bhliain sin agus an lá do leigeadh isteach é agus an lá do scaoileadh chun siúil é d'áireamh mar aon lá amháin.

Costaisí an Bhárdais agus an bhúird shláinte do chruinniú.

37. —(1) Na costaisí uile is iníoctha ag an mBárdas fén gCuid seo den Acht so cruinneoidh agus íocfaidh an Bárdas iad sa tslí chéanna ina gcruinnítear agus ina n-íoctar na costaisí fé na dtéigheann comhairle na cathrach chun na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, d'fheidhmiú.

(2) Na costaisí uile is iníoctha ag an mbord sláinte fén gCuid seo den Acht so cruinneofar iad go cothrom ar fuaid iomláin an chó-cheanntair tríd an ráta dealbhais.

An Bord d'fháil iasachtaí.

38. —(1) Féadfaidh an Bord iasachtaí d'fháil chun crícheanna na Coda so den Acht so sa tslí chéanna ina bhféadfaidís agus fé réir na bhforálacha céanna gur fé n-a réir a fhéadfaidís san d'fháil dá mb' údarás sláintíochta iad fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

(2) Beidh na comhachta céanna ag an mBord chun iasachtaí d'fháil a bronntar ar údarás áitiúil le halt 3 den Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, mar a leasuítear san le halt 3 den Acht Rialtais Áitiúla (Forálacha Sealadacha) (Leasú), 1924 ( Uimh. 13 de 1924 ).

Cuntaisí an Bhúird.

39. —(1) Cuirfidh an Bord fé ndeár go ndéanfar na cuntaisí ar fháltaisí agus ar íocaíochtaí an Bhúird do choimeád i pé fuirm ordóidh an tAire.

(2) Déanfar suas cuntaisí an Bhúird go bliantúil go deireadh gach bliana airgeadais áitiúla.

(3) Isé iniúchfaidh cuntaisí an Bhúird ná iniúchóir a cheapfaidh an tAire agus bainfidh na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá ailt 12 go 15 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus ailt 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902, mar a leasuítear no a hoiriúnuítear iad tré aon achtachán ina dhiaidh sin no fé, le hiniúchadh agus le hiniúchóir cuntaisí an Bhúird fé mar a bhaineann na hachtacháin sin, agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, le hiniúchadh agus le hiniúchóir cuntaisí na gcóluchtaí puiblí luaidhtear ionta.

(4) Déanfaidh an tAire, o am go ham fé mar is gá é, a fháil amach agus a chinneadh cadé an cion den tuarastal, a bheidh á íoc leis an iniúchóir a ceapfar chun cuntaisí an Bhúird d'iniúchadh, a héileofar alos an iniúchta san agus íocfaidh an Bord méid an cheana san den tuarastal san leis an Aire.

An cólucht corpruithe do scur.

40. —Ar an lá ceaptha scuirfidh an cólucht corpruithe agus beidh deireadh leis, de bhuadh an ailt seo, agus scuirfidh forálacha an Hospitals (Ireland) Act, 1818, d'fheidhm do bheith acu maidir le contae-bhuirg Chorcaighe.

Maoin an chóluchta chorpruithe agus an t-seanachoiste d'aistriú.

41. —(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh), a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa chólucht chorpruithe no sa tseana-choiste no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaobhas dóibh agus gach ceart, comhacht agus príbhléid a bhaineann no ghabhann le haon mhaoin den tsórt san tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fé réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc corpráide no cuideachtan más gá san, dílsithe sa Bhord no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaobhas dóibh (fé mar is gá sa chás) chun an estáit, an téarma no an leasa go léir chun a rabhdar, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa chólucht chorpruithe no sa tseana-choiste no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaobhas dóibh.

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhainc no cláruithe i leabhair aon bhainc, corpráide no cuideachtan in ainm an chóluchta chorpruithe no an tseana-choiste, déanfaidh an banc, an chorpráid no an chuideachta san, ar n-a iarraidh sin don Bhord an lá ceaptha no aon uair ina dhiaidh sin, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainm an Bhúird.

(3) Gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so ón gcólucht corpruithe no ón seana-choiste chun an Bhúird féadfaidh an Bord, an lá ceaptha agus dá éis, dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina n-ainm féin agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.

(4) An t-airgead uile a haistrítear chun an Bhúird leis an alt so agus an t-airgead uile thiocfaidh as díol aon mhaoine a haistrítear chun an Bhúird leis an alt so agus gach ioncum a thiocfaidh as an maoin sin cuirfear é i gciste coitiann an Bhúird.

Fiachaisí an chóluchta chorpruithe agus an tseana-choiste d'aistriú.

42. —Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirmhítear fiachaisí nea-shocruithe do tháinig as torta no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar an gcólucht corpruithe no ar an seana-choiste agus gan íoc ag an gcéanna no curtha suas agus gan glanadh ag an gcéanna tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachas ar an mBord agus íocfaidh no glanfaidh an Bord iad agus féadfar iad do bhaint den Bhord no iad d'fhoirfheidhmiú ina gcoinnibh dá réir sin.

Oifigigh don tseana-choiste d'aistriú.

43. —(1) Gach duine is oifigeach íoctha don tseana-choiste an lá roimh an lá ceaptha aistreofar chun an Bhúird é, agus beidh sé agus tiocfa sé chun bheith ina oifigeach don Bhord, ar an lá ceaptha agus fé réir forálacha an ailt seo.

(2) Gach duine a haistreofar leis an alt so cólíonfa sé, fé réir forálacha an ailt seo, dualgaisí i bhfostaíocht an Bhúird a bheidh cosúil leo san do bhí á gcólíonadh aige i bhfostaíocht an tseanachoiste roimh é d'aistriú.

(3) Gan é féin do thoiliú chuige, ní bhfuighidh aon duine a haistreofar leis an alt so luach saothair is lugha ná an luach saothair chun a raibh teideal aige, ná ní bheidh sé fé choinníollacha seirbhíse is lugha tairbhe ná na coinníollacha seirbhíse fé n-a raibh sé, i bhfostaíocht an tseana-choiste.

(4) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, na dualgaisí bheidh le cólíonadh ag oifigigh a haistreofar chúcha leis an alt so d'athroinnt no d'athshocrú agus beidh sé de cheangal ar gach oifigeach den tsórt san na dualgaisí do chólíonadh ceapfar do ar aon athroinnt no athshocrú den tsórt san agus ní tuigfear gur cur as oifig no deireadh do chur le hoifig chun crícheanna Coda IV d'Acht 1925, mar a leasuítear san le hAcht 1927, agus mar do bheirtear feidhm do leis an Acht so, aon athroinnt no athshocrú den tsórt san.

(5) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire, agus déanfaid, nuair ordóidh an tAire dhóibh é, deireadh do chur le hoifig aon oifigigh a haistreofar chúcha leis an alt so agus gach oifigeach go gcuirfear deireadh le n-a oifig amhlaidh tuigfear, chun crícheanna Coda IV d'Acht 1925, mar a leasuítear san le hAcht 1927, agus mar do bheirtear feidhm do leis an Acht so, gur ar chúis seachas mí-iompar no mí-chumas do chuir an Bord as oifig é.

(6) Chun crícheanna Coda IV d'Acht 1925, mar a leasuítear san le hAcht 1927, agus mar do bheirtear feidhm do leis an Acht so, tuigfear oifigeach a haistreofar leis an alt so agus go gcuirfear deireadh le n-a oifig fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do bheith ina oifigeach inphinsin don Bhord d'ainneoin gan é do thabhairt a chuid aimsire uile i seirbhís an Bhúird.

(7) Go dtí go ndúnfar an sean-óspidéal fiabhrais fén Acht so fanfaidh éinne a haistreofar leis an alt so sa tsean-óspidéal fhiabhrais má cheanglann an Bord san air agus cólíonfaidh ann pé dualgaisí a cheanglóidh an Bord air a chólíonadh.

(8) Má eiríonn aon cheist fé fho-alt (3) den alt so maidir le haon duine a haistreofar leis an alt so cuirfear an cheist sin fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthe.

Connartha seirbhíse bheidh déanta leis an seanachoiste do bhuanchoimeád.

44. —Gach connradh seirbhíse, ráite no iontuigthe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha idir an seana-choiste agus duine ar bith nách oifigeach don tseana-choiste leanfa sé i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis sin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an Bord ann in ionad an tseana-choiste agus beidh gach connradh den tsórt san ionfhoirfheidhmithe ag an mBord no ina gcoinnibh dá réir sin.

An seanóspidéal fiabhrais do dhúnadh.

45. —(1) An lá ceaptha agus dá éis sin agus go dtí go ndúnfar an sean-óspidéal fiabhrais do réir an ailt seo isé an Bord a bhainisteoidh an seana-óspidéal fiabhrais.

(2) An lá ceaptha agus dá éis sin ní glacfar aon othair isteach sa tsean-óspidéal fiabhrais agus dúnfaidh an Bord an sean-óspidéal fiabhrais chó luath agus is féidir é agus féadfaid, chun na críche sin, othair d'aistriú ón sean-óspidéal fiabhrais go dtí an t-óspidéal fiabhrais nua.

(3) Chun crícheanna na bhforálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le costaisí an Bhúird beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach othar a bheidh ina chomhnaí sa tsean-óspidéal fhiabhrais an lá ceaptha no a haistreofar ón seanóspidéal fiabhrais go dtí an t-óspidéal fiabhrais nua fén alt so tuigfear, má bhí sé ina chomhnaí i gcontae-bhuirg Chorcaighe an dáta leigeadh isteach é sa tsean-óspidéal fhiabhrais, gur othar cathrach é no, má bhí sé ina chomhnaí sa chó-cheanntar an dáta leigeadh isteach é sa tsean-óspidéal fhiabhrais, tuigfear gur othar cócheanntair é;

(b) gach duine tuigfear amhlaidh do bheith ina othar chathrach no ina othar chó-cheanntair tuigfear, an lá ceaptha agus dá éis sin faid a bheidh sé ina chomhnaí sa tsean-óspidéal fhiabhrais, é do bheith ina chomhnaí san óspidéal fiabhrais nua.

An seanachoiste do scur.

46. —Scuirfidh an seana-choiste an lá ceaptha.

Rialacháin.

47. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas—

(a) chun rialáil do dhéanamh maidir leis na scríbhinní ón mBord go dtí an Bárdas agus an bord sláinte i dtaobh na méideanna fé seach a bheidh le n'íoc ag an mBárdas agus ag an mbord sláinte i ngach bliain airgeadais áitiúil no in aon chuid di;

(b) chun na meastachán a dhéanfaidh an Bord ar a bhfáltaisí agus ar a gcaiteachas i ngach bliain airgeadais áitiúil do rialáil;

(c) chun éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe;

(d) go generálta chun na Coda so den Acht so do chur in éifeacht.