34 1935


Uimhir 34 de 1935.


ACHT IASCAIGH, 1935.


ACHT CHUN AILT 13 DEN ACHT IASCAIGH, 1925 , DO LEASÚ. [2adh Lúnasa, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 , do leasú.

1. —Deintear leis seo alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ), do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “den aon bhliain déag airgeadais áitiúil” do chur i bhfo-alt (6) den alt san in ionad na bhfocal “de sna naoi mbliana airgeadais áitiúla” atá anois ann, agus

(b) tré sna focail “dhá bhliain déag” do chur i bhfo-alt (7) den alt san in ionad na bhfocal “dheich mbliana” atá anois ann, agus

(c) tré sna focail “den aon bhliain déag” do chur i bhfo-alt (9) den alt san in ionad na bhfocal “de sna naoi mbliana” atá anois ann.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —Féadfar an tAcht Iascaigh, 1935 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1935, do ghairm de sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1933, agus den Acht so le chéile.