|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 33 de 1935. | ||
[EN] |
ACHT IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE) (LEASÚ), 1935. | |
ACHT CHUN AILT 14 DEN ACHT IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE), 1934 , DO LEASÚ AGUS CHUN NA RÉ LEANFAIDH AN tACHT SAN I bhFEIDHM, AGUS É LEASUITHE AMHLAIDH, D'FHAIDIÚ GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA. [2adh Lúnasa, 1935.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934) . |
[EN] |
Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú. |
2. —Chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) d'alt 14 den Phríomh-Acht is bliain iascaigh gach tréimhse acu so leanas, i dteanta na dtréimhsí luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt san, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1936, agus | |
[EN] | (b) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1937. | |
[EN] |
Buanú an Phríomh-Achta. |
3. —Leanfaidh an Príomh-Acht, mar a leasuítear é leis an alt deiridh sin roimhe seo, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, agus raghaidh in éag ansan. |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
4. —Féadfar an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1935 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 agus 1935, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. |