28 1935


Uimhir 28 de 1935.


ACHT AIRGID, 1935.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE DE CHUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL) D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH, CHUN AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL) DO LEASÚ, AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [30adh Iúl, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1935-36.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1935, éileofar cáin ioncuim do réir ceithre scillinge agus reul fén bpúnt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1935, éileofar for-cháin ar ioncum aon phearsan gur mó ná míle agus cúig céad púnt iomláine a ioncuim o gach taobh, agus is do réir na rátaí céanna gur dá réir a héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1934, a héileofar amhlaidh í.

(3) Na forálacha reachtúla agus eile bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1934, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1935.

Cáin ioncuim ar thithe nuathógtha.

2. —Chun a dhéanamh amach, i gcás tighe no foirginte bheidh á rátú den chéad uair, cadé an luach bliantúil gur ina thaobh a bheidh cáin inéilithe, do réir ailt 187 den Income Tax Act, 1918, fé Sceideal A den Acht san, tuigfear na suirbhéireachtaí agus na luachála uile agus fé seach gur ina dtaobh a déanfar an tigh no an fhoirgint sin do rátú amhlaidh do bheith i bhfeidhm i gcóir na bliana cáinmheasa gur ar a feadh a raghfar i seilbh an tighe no na foirginte sin den chéad uair, ach beidh san fé réir aon fhaoisimh is gá in aghaidh na coda san (más ann di) den bhliain sin ná rabhthas i seilbh an tighe no na foirginte sin.

Méadú ar luachála chun crícheanna Sceidil A.

3. —(1) Isé luach bliantúil gur ina thaobh a bheidh cáin fé Sceideal A den Income Tax Act, 1918, le héileamh ar gach tionóntachán agus ar gach ionoighreacht ionrátuithe (seachas tailte agus seachas tithe feirme agus foirgintí feirme bheidh ar seilbh i dteanta tailte chun feirmeoireachta do dhéanamh ar na tailte sin) ná cúig cheathrú dá luach bliantúil mar a déanfar san amach sa tslí ceangaltar le fo-alt (1) d'alt 187 den Acht san in ionad fíormhéide an luacha bhliantúla san, agus beidh éifeacht ag an alt san 187 maidir le cáin d'éileamh fén Sceideal san A ar gach tionóntachán agus gach ionoighreacht ionrátuithe den tsórt san roimhráite fé is dá leasuítí fo-alt (1) den alt san dá réir sin.

(2) Más rud é, nuair a bheidh méid na mbrabús no na sochar á dhéanamh amach chun críche cáinmheasa in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1935, no na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1936, go lomhálfar lascaine alos luacha bhliantúla aon áitreibh i gcóir tréimhse ar bith, déanfar an lascaine sin amach fé is dá mbeadh an leasú ar fho-alt (1) d'alt 187 den Income Tax Act, 1918, a luaidhtear sa bhfo-alt dheiridh sin roimhe seo den alt so, i bhfeidhm ar feadh na tréimhse sin.

(3) Leasófar alt 2 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), tré sna focail “sé púint agus cúig scillinge” do chur in ionad na bhfocal “cúig púint” i bhfo-alt (2) den alt san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(4) Beidh éifeacht ag alt 15 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), agus ag an leathnú deintear air sin le fo-alt (8) d'alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), gus an leasú agus fé réir an leasuithe ar alt 187 den Income Tax Act, 1918, a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so, agus dá réir sin déanfar an tagairt atá san alt san 15 do lán-mhéid na luachála bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire fé sna hAchtanna Luachála do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt do chúig cheathrú den luacháil sin.

(5) Más dóich le cigire cánach no le pé oifigeach eile cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncuim chuige sin an luach bliantúil gur ina thaobh a deintear cáin do cháinmheas ar aon tionóntachán no ionoighreacht ionrátuithe do réir fo-ailt (1) den alt so do bheith níos mó ná an cíos bliantúil is fiú an tionóntachán no an ionoighreacht ionrátuithe sin ar n-a chur chun duine o bhliain go bliain, ansan, in ainneoin gan aon athchomharc do dhéanamh fé alt 5 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), i gcoinnibh an cháinmheasa san agus in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (6) den alt san 5, féadfaidh, aon tráth roimh dheireadh na bliana cáinmheasa, faoiseamh do dheonadh tríd an gcáinmheas san do laigheadú agus an cháin d'éileamh ar an méid ar a n-éileofaí í dar leis dá ndeintí í do cháinmheas i dtaobh an chíosa bhliantúla san in ionad an luacha bhliantúla san, agus an cáinmheas san agus é laigheaduithe amhlaidh beidh sé, chun gach críche, ina cháinmheas dheiridh gan aon dul thairis.

(6) Má bhíonn sa luach bhliantúil gur ina thaobh a bheidh cáin le héileamh ar aon tionóntachán no ionoighreacht ionrátuithe do réir fo-ailt (1) den alt so codán de phúnt nách cúig scillinge no iolrú ar chúig scillinge (nuair a déanfar amach an luach bliantúil sin do réir an fho-ailt sin) féadfar—

(a) más mó ná deich scillinge an codán san de phúnt, é do laigheadú, chun an luacha bhliantúla san do dhéanamh amach amhlaidh, go dtí an chéad iolrú eile is ísle ar chúig scillinge, no

(b) más mó ná cúig scillinge ach gur lugha ná deich scillinge an codán san de phúnt, é do laigheadú, chun na críche roimhráite, go dtí cúig scillinge, no

(c) más lugha ná cúig scillinge an codán san de phúnt, gan áird do thabhairt air chun na críche roimhráite.

(7) I gcás cánach d'éileamh, do réir fo-ailt (1) den alt so, in aghaidh aon bhliana cáinmheasa ar aon tionóntachán no ionoighreacht ionrátuithe i dtaobh luacha bhliantúla ar an tionóntachán no an ionoighreacht san ar n-a dhéanamh amach do réir an fho-ailt sin, agus na luachála ar an tionóntachán no an ionoighreacht san do bhí i bhfeidhm an bhliain cháinmheasa san chun crícheanna an ráta dhealbhais do laigheadú ina dhiaidh sin, agus an laigheaduithe sin do theacht i ngníomh chun crícheanna ráta dhealbhais trí bliana ar a mhéid tar éis deireadh na bliana cáinmheasa san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, más dóich leo gur cheart faoiseamh alos na cánach san do héilíodh amhlaidh in aghaidh na bliana cáinmheasa san do dheonadh i dtaobh luacha bhliantúla ar n-a dhéanamh amach do réir cúig cheathrú den luacháil sin agus í laigheaduithe amhlaidh, an faoiseamh san do dheonadh i bhfuirm aisíoca no ar shlí eile.

(8) Ní bhainfidh an t-alt so le Contae-Bhuirg Phortláirge ná ní bheidh éifeacht aice inti, agus dá réir sin déanfar cáin fé Sceideal A den Income Tax Act, 1918, do cháinmheas agus d'éileamh ar thionóntacháin agus ar ionoighreachtaí ionrátuithe atá i gContae-Bhuirg Phortláirge fé is dá mba ná hachtófaí an t-alt so.

Cáin ioncuim ar choiréil áirithe.

4. —Léireofar alt 8 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), agus Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus beidh éifeacht acu fé is dá mbeadh feidhm le linn an Achta san do rith ag na rialacha d'Uimh. III de Sceideal A den Income Tax Act, 1918, maidir le coiréil no puill ghainimhe, ghairbhéil, no chré, agus dá bhrí sin tuigfear go bhfoluíonn na tailte, na tionóntacháin, na hionoighreachtaí no na hoighreachtaí luaidhtear sa chéad cholún den Chuid sin I den Sceideal san coiréil no puill den tsórt san roimhráite agus beidh cáin ioncuim mar gheall ortha inéilithe dá réir sin.

Leasuithe ar an Income Tax Act, 1918, maidir le saoránaigh de Shaorstát Éireann.

5. —(1) Déanfar mír 1 de Sceideal D den Income Tax Act, 1918 (mar a leasuítear no a hoiriúnuítear san le haon achtachán no fé) do leasú tré sna focail “citizen of Saorstát Éireann” do chur in ionad na bhfocal “British subject” i gclás (iii) d'fho-mhír (a) den mhír sin 1, agus léireofar an mhír sin agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

(2) Déanfar Riail 3 (mar a leasuítear no a hoiriúnuítear san le haon achtachán no fé) de sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Income Tax Act, 1918, do leasú tré sna focail “Every person” do chur in ionad na bhfocal “Every citizen of Saorstát Éireann and every British subject” atá anois sa Riail sin 3 no do cuireadh isteach inti le leasú roimhe seo, agus léireofar an Riail sin agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

(3) Déanfar Riail 5 (mar a leasuítear no a hoiriúnuítear san le haon achtachán no fé) de sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Income Tax Act, 1918, do leasú tré sna focail “citizen of Saorstát Éireann” do chur in ionad na bhfocal “British subject,” agus léireofar an Riail sin agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

Brabús foirginteoirí do cháinmheas.

6. —(1) Na tagairtí atá i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) de Chlás 1 de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do bhrabús no sochar bhliantúil eiríonn no thagann as aon trádáil folóid brabús no sochar eireoidh no thiocfaidh chun duine ar bith as aon obair fhoirgníochta bheidh ar siúl aige no as díol no as aistriú (ar shlí seachas i gcóir téarma nách sia ná deich mbliana gan fíneáil) aon tailte no ionoighreachtaí thógfa sé le hintinn iad do dhíol no iad d'aistriú amhlaidh no d'fhonn iad d'fhorbairt tré fhoirgintí do thógáil no tré fhoirgintí d'ath-thógáil no tré aon obair fhoirgníochta eile.

(2) Cuirfear an Riail seo leanas leis na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, sé sin le rá:—

“18. In the computation of profits assessable under this Schedule and arising from the demise of any lands or hereditaments there shall be included in such profits—

(a) any fine, premium, or other money, by whatever name called, included in the consideration for such demise, and

(b) the capitalised value of the rent reserved on such demise.”

Alt 7 den Acht Airgid, 1932 , do leasú.

7. —(1) Ní bhainfidh alt 7 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), le haon stoc, scair, no urrús do bhéarfar amach tar éis an Achta so do rith, mara ndeimhnighidh an deimhniú ón Aire Airgid fé fho-alt (2) den alt san go bhfuil an stoc, an scair, no an t-urrús san do réir an choinníll seo leanas (i dteanta bheith do réir na gcoinníollacha atá leagtha amach sa bhfo-alt san (2), sé sin le rá:—

(e) gur stoc, scair, no urrús é atá á thabhairt amach no tugtha amach ag cuideachtain—

(i) go bhfuil níos nó ná a leath (in ainm-luach) de sna scaireanna atá tugtha amach aice ar únaeracht chun tairbhe ag duine atá, no ag beirt no níos mó go bhfuil gach duine fé leith acu, ina dhuine cháilithe no ina chuideachtain shealbhaigh cháilithe, agus

(ii) go bhfuil dhá dtrian (in ainm-luach) ar a laighead de gach saghas scaireanna do tugadh amach agus le n-a ngabhann ceartanna vótála (pe'ca láithreach é no le teacht ar chúrsaí áirithe do thárlachtaint amach anso) ar únaeracht chun tairbhe ag duine atá, no ag beirt daoine no níos mó go bhfuil gach duine fé leith acu, ina dhuine cháilithe no ina chuideachtain shealbhaigh cháilithe, agus

(iii) go bhfuil mór-áireamh de sna stiúrthóirí (seachas stiúrthóir bainistíochta chaitheann a chuid aimsire go léir ar a dhualgaisí mar stiúrthóir den tsórt san) ina ndaoine cáilithe.

(2) Gan dochar d'fhorálacha fo-ailt (4) den alt san 7 den Acht Airgid, 1932 , scuirfidh aon stoc, scair, no urrús (do bhéarfar amach tar éis an Achta so do rith) le n-a mbaineann an t-alt san de bheith ina stoc, ina scair no ina urrús (pe'ca aca é) le n-a mbaineann an t-alt san 7 má dheimhníonn agus nuair a dheimhneoidh an tAire Airgid maidir leis an stoc, an scair, no an urrús san gur deimhin leis, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, go bhfuil an chuideachta do thug amach an stoc, an scair, no an t-urrús san tar éis scur de bheith do réir an choinníll atá leagtha amach sa chéad fho-alt san den alt so.

(3) San alt so—

cialluíonn an abairt “duine cáilithe” duine is saoránach de Shaorstát Éireann, agus

cialluíonn an abairt “cuideachta shealbhach cháilithe” cuideachtá—

(i) go bhfuil níos mó ná a leath (in ainm-luach) de sna scaireanna atá tugtha amach aice ar únaeracht chun tairbhe ag duine no daoine cáilithe, agus

(ii) go bhfuil dhá dtrian (in ainm-luach) ar a laighead de gach saghas scaireanna do tugadh amach agus le n-a ngabhann ceartanna vótála (pe'ca láithreach é no le teacht ar chúrsaí áirithe do thárlachtaint amach anso) ar únaeracht chun tairbhe ag duine no daoine cáilithe.

Daoine chomhnuíonn lasmuich de Shaorstát Éireann.

8. —(1) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i gcás pearsan ná comhnuíonn i Saorstát Éireann, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh an phearsa san i dteideal aon liúntais alos ioncuim tuillte fé alt 16 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear san le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 );

(b) ní bheidh an phearsa san i dteideal aon laigheaduithe o ioncuim ioncháinmheasta díobh san go ndeintear socrú ina gcóir le hailt 18 go 22 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear san le fo-ailt (2) agus (3) den alt san 3 den Acht Airgid, 1932 ;

(c) ní bheidh an phearsa san i dteideal tairbhe na forála atá in alt 23 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear san le fo-alt (4) den alt san 3 den Acht Airgid, 1932 , le n-a bhforáltar an chéad chéad púnt d'ioncum ioncháinithe do bheith ionchurtha fé cháin do réir leath an ráta chaighdeánaigh cánach i gcásanna áirithe;

(d) ní bheidh an duine sin i dteideal aon fhaoisimh fé alt 32 den Income Tax Act, 1918.

(2) Má chuireann pearsa ná comhnuíonn i Saorstát Éireann ina luighe ar na Coimisnéirí Ioncuim—

(a) gur saoránach de Shaorstát Éireann é, no

(b) go gcomhnuíonn sé lasmuich de Shaorstát Éireann ar mhaithe le n-a shláinte no mar gheall ar a shláinte no ar mhaithe le sláinte no mar gheall ar shláinte dhuine dá líntighe chomhnuíonn ina theanta no mar gheall ar laige éigin chuirp no galar éigin atá air féin no ar aon duine den tsórt san dá líntighe, agus, roimh é bheith ina chomhnaí amhlaidh lasmuich de Shaorstát Éireann, gur chomhnuigh sé i Saorstát Éireann, no

(c) gur saoránach, géilliúnach, no náisiúnach é de thír go dtugtar de thurus na huaire dá saoránaigh, dá géilliúnaigh, no dá náisiúnaigh, le hOrdú ar n-a dhéanamh fé alt 10 d'Acht na nEachtrannach, 1935 ( Uimh. 14 de 1935 ), saoirse o aon fhoráil no forálacha den Acht san no d'ordú eachtrannach ar n-a dhéanamh fé, no

(d) gur duine é le n-a mbaineann ceann de sna míreanna (a) go (e) den phrovísó ghabhann le halt 24 den Finance Act, 1920, in aghaidh a bliana dar críoch an 5adh lá d'Abrán, 1935, no in aghaidh aon bhliana cáinmheasa roimhe sin,

ní bhainfidh an fo-alt san roimhe sin den alt so leis an bpearsain sin, ach ní déanfar aon liúntas, laigheadú, no sochar eile den tsórt a luaidhtear sa mhír sin do thabhairt, i gcás na pearsan san, i slí go laigheadódh sé méid na cánach ioncuim is iníoctha aige fé bhun na méide go mbeidh an coibhneas céanna idir í agus méid na cánach do bheadh iníoctha aige dá mbeadh an cháin inéilithe ar a ioncum iomlán o gach taobh (agus ioncum nách ionchurtha fé cháin ioncuim Shaorstáit Éireann d'áireamh) atá idir an chuid dá ioncum is ionchurtha fé cháin ioncuim Shaorstáit Éireann agus a ioncum iomlán o gach taobh.

(3) Féadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh breith do bhéarfaidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so athchomharc i gcoinnibh na breithe sin do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(4) Beidh alt 24 den Finance Act, 1920, fé mar bheadh sé athghairmthe ón 5adh lá d'Abrán, 1935, amach.

Oifigigh áirithe do dheonadh liúntaisí, laigheaduithe agus faoiseamh.

9. —Athghairmtear leis seo alt 6 (alt a bhaineann le hoifigigh áirithe do dheonadh liúntaisí, laigheaduithe agus faoiseamh) den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , agus ina ionad san achtuítear leis seo—

(a) d'ainneoin éinní atá in alt 202 den Income Tax Act, 1918, no in aon achtachán eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim, go bhféadfaidh an cigire cánach no pé oifigeach eile cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncuim chuige sin, aon liúntas, laigheadú, no faoiseamh, a húdaruítear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim do dheonadh am ar bith maidir le haon cháinmheas (pe'ca rinneadh roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so é no déanfar dá éis sin é) alos cánach is inéilithe in aghaidh aon bhliana cáinmheasa,

(b) pé uair a dhéanfaidh an cigire sin no an t-oifigeach eile sin aon liúntas, laigheadú no faoiseamh den tsórt san do dheonadh amhlaidh maidir le cáinmheas, go dtuigfear an cáinmheas san do bheith leasuithe dá réir sin.

CUID II.

Custuim agus Mal.

Na diúitéthe sa Chéad Sceideal d'fhorchur.

10. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na n-earraí sa dara colún san.

(2) I gcás ina bhfuil percentáiste curtha síos sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon carra sa dara colún den Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(3) Na forálacha (más ann dóibh) atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ag aon uimhir thagartha sa Sceideal san, beidh éifeacht acu maidir leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san.

Na diúitéthe sa Dara Sceideal d'fhorchur.

11. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra dá luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh na hearra sa dara colún san.

(2) I gcás ina bhfuil percentáiste curtha síos sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne luadh aon earra sa dara colún den Sceideal san, léireofar san mar ní a chialluíonn ráta diúité is có-ionann leis an bpercentáiste sin de luach na hearra san.

(3) Déanfar alt 106 den Customs Consolidation Act, 1876, agus é á chur i mbaint le haon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag uimhir thagartha 15 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “or shall be found to be of less value for home use than the amount of the drawback claimed” atá san alt san do leigint ar lár ann.

Na diúitéthe ar shiúicre d'atharú.

12. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum, na n-ais-tarraicí custum agus an liúntais chustum atá anois ann (seachas diúitéthe forchuirtear le hordú reachtúil (a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire) ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle agus ar n-a dhaingniú le hAcht den Oireachtas) alos siúicre, moláis, glúcóis agus sacairín, déanfar na diúitéthe custum a luaidhtear sa dara colún de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin, agus déanfar na hais-tarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san d'íoc agus do lomháil alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín go léir a hiomportálfar amhlaidh.

(2) In ionad na ndiúitéthe máil, na n-ais-tarraicí máil agus an liúntais mháil atá anois ann alos siúicre, moláis, glúcóis agus sacairín, déanfar, an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, agus dá éis sin, na diúitéthe máil a luaidhtear sa tríú colún agus sa cheathrú colún de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín go léir a déanfar i Saorstát Éireann agus na haistarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san do lomháil agus d'íoc alos an tsiúicre, an mholáis, an ghlúcóis agus an tsacairín go léir a déanfar amhlaidh.

(3) Beidh feidhm ag alt 40 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), maidir leis na diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so fé mar atá feidhm ag an alt san maidir leis na diúitéthe atá luaidhte ann.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha atá i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí forchuirtear no lomháltar leis an alt so fé mar atá feidhm ag na forálacha san maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí luaidhtear sa Chéad Sceideal san, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) i gclás 5, cuirfear an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, in ionad an 6adh lá de Bhealtaine, 1925;

(b) i gclás 7, déanfar an tagairt d'ailt 26 agus 27 den Acht Airgid, 1925 , adubhradh, do léiriú mar thagairt don alt so.

(5) Beidh feidhm ag alt 25 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí forchuirtear no lomháltar leis an alt so fé mar atá feidhm aige maidir leis na diúitéthe, na hais-tarraicí, agus na liúntaisí luaidhtear san alt san.

Na diúitéthe ar earraí do rinneadh as siúicre, etc., no ina mbeidh siúicre, etc., d'atharú.

13. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 8 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), fé mar a leasuítear san no mar a deintear deifir do le hachtacháin ina dhiaidh sin, éileofar, gearrfar, agus íocfar ar na hearraí go léir (ach amháin iad san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin, agus a bheidh déanta de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina mbeidh siúicre no abhar den tsórt san, diúité custum do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) más do réir mheáchainte a horduítear sa liost oifigiúil iomportála an earra d'iontráil ar í d'iomportáil, do réir dhá phingin agus feoirling an púnt, agus

(b) más do réir tomhais a horduítear sa liost oifigiúil iomportála an earra d'iontráil ar í d'iomportáil, do réir scillinge agus aon phingin déag an galún.

(2) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) beoir,

(b) lionn ubhall,

(c) ullmhóidí cócó,

(d) bainne có-dhlúite lán-uachtair,

(e) torthaí i sioróip agus iad i stáin no i gcannaí séaluithe,

(f) glúcós,

(g) luibh-bheoir,

(h) mil, agus mil shaordha d'áireamh,

(i) molás (agus siúicre iompála agus gach siúicre agus súgh siúicre eile nách féidir a thástáil go hiomlán leis an bpólariscóip),

(j) lionn pioraí,

(k) ullmhóidí chun snasuithe,

(l) annlainn no tarsainn ullamhuithe ina bhfliucháin no ina quasi-fhliucháin,

(m) sacairín (le n-a n-áirmhítear substaintí den nádúir chéanna no chun na húsáide céanna),

(n) galúnach agus púdar galúnaighe agus gach saghas abhair a húsáidtear in ionad galúnaighe,

(o) anairthí,

(p) biotáille,

(q) siúicre,

(r) earraí is ionchurtha fé dhiúité mar mhilseoga siúicre,

(s) uiscí búird,

(t) tobac,

(u) fíon.

(3) An diúité forchuirtear leis an alt so is diúité é i dteanta aon diúité is inéilithe de thurus na huaire fé ordú reachtúil ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle agus ar n-a dhaingniú le hAcht den Oireachtas, agus fós is diúité é i dteanta aon diúité is inéilithe alos aon bhiotáille do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra, ach is diúité é in ionad aon diúité do bheadh inéilithe ar shlí eile ar aon táthchuid eile do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra.

(4) Beidh feidhm ag alt 40 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), maidir leis an diúité forchuirtear leis an alt so fé mar atá feidhm ag an alt san maidir leis na diúitéthe atá luaidhte ann.

Diúitéthe ar thorthaí.

14. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach toradh amh d'aon tsaghas de sna saghsanna uile agus fé seach a luaidhtear sa dara colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne luadh an tsaghais sin toraidh sa dara colún den Sceideal san.

(2) Déanfar diúité custum do réir trí pingne an púnt d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar na torthaí uile d'aon tsaghas dá luaidhtear sa dara colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so (ach tagairtí d'am na hiomportála do leigint ar lár) ar n-a leasú in uisce (gan siúicre ná abhar eile chun milsithe ann) agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin.

(3) Is dhá phingin go leith an púnt an ráta tosaíochta chun crícheanna an Achta Diúitéthe Custum (Rátaí Tosaíochta), 1934 ( Uimh. 19 de 1934 ), alos an diúité chustum a forchuirtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(4) Déanfar diúité custum do réir trí pingne an púnt d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar an laoidhean no an súgh go léir a bheidh díorthuithe no ullamhuithe i bpáirt no go hiomlán o thorthaí d'aon tsaghas dá luaidhtear sa dara colún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so (ach tagairtí d'am na hiomportála do leigint ar lár) agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin.

(5) Déanfar diúité custum do réir cheithre pingne an púnt d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar na hubhla go léir ar n-a leasú gan abhar chun milsithe (seachas ubhla ar n-a leasú in uisce gan abhar chun milsithe) agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin.

(6) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fé dhiúité áirithe forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

Diúité ar thorthaí a hiomportálfar i sioróip.

15. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach earra acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin, an diúité custum a luaidhtear anso ina dhiaidh seo alos na n-earraí sin, sé sin le rá:—

(a) ar aon torthaí acu so leanas a hiomportálfar i sioróip i stáin no i gcannaí séaluithe, sé sin le rá, sugha talmhan, spiúnáin, daimsíní, plumaí, sugha craobh, sméara dubha, cuiríní, agus glas-phlumaí—diúité custum do réir cheithre pingne go gceithre chúigiú an púnt;

(b) ar gach toradh eile a hiomportálfar i sioróip i stáin no i gcannaí séaluithe—diúité custum do réir dhá phingin go dhá chúigiú an púnt.

(2) Isiad na rátaí diúité seo leanas a bheidh fé seach mar rátaí tosaíochta chun crícheanna an Achta Diúitéthe Custum (Rátaí Tosaíochta) 1934 ( Uimh. 19 de 1934 ), alos na ndiúitéthe custum uile agus fé seach a forchuirtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) alos an diúité luaidhtear i mír (a) den fho-alt deiridh sin roimhe seo—ráta cheithre pingne an púnt;

(b) alos an diúité luaidhtear i mír (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo—ráta dhá phingin an púnt.

(3) Gach diúité dá bhforchuirtear leis an alt so is diúité é i dteanta aon diúité is inéilithe alos aon bhiotáille no aon tsacairín atá san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú, ach is diúité é in ionad gach diúité eile is inéilithe ar an earra.

Diúité ar earraí sciana dóireachta.

16. —(1) Déanfar diúité custum do réir an ráta luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar gach earra acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) sceana (ar a n-áirmhítear sceana go bhfaobhar eagach) forcanna agus spúnóga bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'iarann, no de chruaidh, no de chóimmiotal ina mbeidh nicil agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid in obair thighis;

(b) beara cruaidhe chun faobhar do chur ar aon sceana den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so;

(c) compáirteanna (seachas cosa), a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'iarann no de chruaidh no de chóimmiotal ina mbeidh nicil, d'aon sceana, forcanna, spúnóga agus beara cruaidhe den tsórt a luaidhtear i gceachtar mír acu san roimhe seo den fho-alt so, pe'ca déanta go hiomlán no i bpáirt do sna compáirteanna san;

(d) sceana eite agus sceana póca fillteacha bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'iarann no de chruaidh agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun daoine dá n-iompar le n-úsáid chun crícheanna generálta;

(e) compáirteanna, a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'iarann no de chruaidh, d'aon sceana eite no sceana póca den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, pe'ca déanta go hiomlán no i bpáirt do sna compáirteanna san;

(f) sceana bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'iarann no de chruaidh agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid chun ainmhithe do mharbhadh no chun conablaigh ainmhithe no na coda no na táirgthe de sna conablaigh sin do ghearradh agus d'ullamhú;

(g) beara cruaidhe chun faobhar do chur ar aon sceana den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so;

(h) compáirteanna (seachas cosa), a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'iarann no de chruaidh, d'aon sceana no beara cruaidhe den tsórt a luaidtear i gceachtar den dá mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, pe'ca déanta go hiomlán no i bpáirt do sna compáirteanna san.

(2) Déanfar an diúité forchuirtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir pé ráta acu leanas gur as do gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, do réir ráta is có-ionann le cúig seachtód per cent. de luach na hearra no do réir sé pingne ar gach earra.

(3) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí carraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(4) Déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh agus do ghearradh i dteanta aon diúité eile is inéilithe.

(5) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon carraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

Diúité ar chluig.

17. —(1) Eileofar, gearrfar agus íocfar ar gach earra acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin, diúité custum do réir an ráta luaidhtear anso ina dhiaidh seo alos na hearra san, sé sin le rá:—

(a) cluig no inneallartha cluig is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith có-ghabhtha go hiomlán no de mhórán —pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá, suim is cóionann le cúig seachtód per cent. de luach na hearra no dhá scilling ar gach earra;

(b) earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is có-ghabhála de choda de chluig (gan earraí luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so d'áireamh, ná fós coda agus iad có-ghabhtha tré bhrughadh ná cásanna do chluig ná coda dhíobh san)—suim is có-ionann le cúig seachtód per cent. de luach na hearra;

(c) cásanna do chluig agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad d'adhmad—pé ráta diúité acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá, suim is có-ionann le cúig seachtód per cent. de luach na hearra no cúig scillinge ar gach cás do chlog;

(d) compáirteanna (agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad d'adhmad) de chásanna do chluig—suim is có-ionann le cúig seachtód per cent. de luach na hearra.

(2) Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

Diúité ar thé.

18. —(1) In ionad an diúité chustum a forchuirtear le halt 14 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), déanfar diúité custum do réir sé pingne an púnt d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar an té go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí té, go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh ná dearnadh aon tsaghas measctha air lasmuich den tír as a dtáinig sé ar dtúis, do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta thosaíochta agus go ndéanfaí té do leigint ar lár sa liost d'earraí, sa Dara Sceideal san, go gcuirtear cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo amhlaidh.

Diúité ar chruithneachtain.

19. —Déanfar diúité custum do réir sé pingne an céad meáchaint d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar an gcruithneachtain go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin.

Diúité ar thobac.

20. —(1) Na diúitéthe custum a forchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), déanfar, maidir le tobac a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin, iad d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí luaidhtear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1932 , adubhradh.

(2) An diúité máil ar thobac a forchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), déanfar, an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, agus ón lá san amach, é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear i gCuid II agus i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí luaidhtear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 , adubhradh.

(3) Beidh feidm ag fo-ailt (2) go (5) den alt san 19 den Acht Airgid, 1934 , maidir le tobac is ionchurtha fén diúité máil a forchuirtear le fo-alt (1) den alt san do réir ráta luaidhtear i gCuid II no i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus chun críche na feidhme sin déanfar tagairtí sna fo-ailt sin (2) go (5) den alt san 19 do Chuid I agus do Chuid II fé seach den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 , adubhradh, do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do Chuid II agus do Chuid III fé seach den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Diúité ar íle híodrocarbóin.

21. —(1) Déanfar diúité custum (dá ngairmtear san alt so an diúité custum san) do réir ocht bpingne an galún d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar an íle híodrocarbóin go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1935, no dá éis sin, agus nách ionchurtha fé dhiúité ar shlí eile.

(2) Déanfar locáiste do réir ocht bpingne an galún do lomháil ar an íle híodrocarbóin go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1935, no dá éis sin, agus ar a n-éileofar an diúité custum san agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh é bheith beartuithe í d'úsáid chun críche seachas chun í dhóghadh in inneall mótar-fheithicle.

(3) Déanfar diúité máil (dá ngairmtear san alt so an diúité máil sin) do réir sé pingne an galún d'éileamh agus do ghearradh ar an íle híodrocarbóin go léir, ar n-a déanamh i Saorstát Éireann agus nách ionchurtha fé dhiúité ar shlí eile, a cuirfear amach an 1adh lá d'Iúl, 1935, no dá éis sin, ar díol no chun a díolta no eile, o áitreabh a déantóra no úsáidfidh an déantóir sin chun aon chríche seachas chun íle híodrocarbóin do dhéanamh no do tháirgeadh agus íocfaidh an déantóir sin an diúité máil sin.

(4) Déanfar locáiste do réir sé pingne an galún do lomháil ar an íle híodrocarbóin go léir (is ionchurtha fén diúité máil sin) ar a mbeidh an diúité máil sin íoctha agus 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh é bheith beartuithe í d'úsáid chun críche seachas chun í dhóghadh in inneall mótar-fheithicle.

(5) Fé réir cólíonadh pé coinníollacha fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim ní déanfar an diúité máil sin d'éileamh ná do ghearradh—

(a) ar aon íle híodrocarbóin go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh—

(i) go ndearnadh an íle sin do chur amach o áitreabh a déantóra an 1adh lá d'Iúl, 1935, no dá éis sin, agus

(ii) go ndearnadh an diúité máil sin d'íoc alos na híle sin nuair do cuireadh amach amhlaidh í, agus

(iii) go ndearnadh an íle sin do thabhairt thar n-ais dá éis sin chun an áitreibh sin o n-ar cuireadh amach amhlaidh í no isteach in áitreabh eile do bhí ar seilbh ag an déantóir sin, ná

(b) ar aon íle híodrocarbóin a dhéanfaidh duine bhíonn ag gabháil do gheas do dhéanamh agus do dhíol leis an bpuiblíocht chun soillsithe, chun téighte no chun comhachta agus gur mar fho-tháirgeadh i ndéantóireacht an gheasa san a déanfar amhlaidh í.

(6) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, an 1adh lá d'Iúl, 1935, agus ón lá san amach, ar cheadúnas a bheidh le tógaint amach in aghaidh na bliana ag gach duine dhíolann no sheachadann in aon áitreabh chun í d'úsáid chun a dóighte in inneall mótar-fheithicle aon íle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin, diúité máil (dá ngairmtear an diúité ceadúnais sin san alt so) de chúig scillinge, agus má dheineann aon duine den tsórt san an íle sin do dhíol no do sheachadadh amhlaidh in níos mó ná áitreabh amháin, beidh an diúité ceadúnais sin iníoctha ag an duine sin, agus déanfaidh an duine sin an ceadúnas san do thógaint amach, in aghaidh na bliana alos gach áitreibh acu san ar leithligh.

(7) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an diúité ceadúnais sin agus leis an gceadúnas ar a mbeidh an diúité sin iníoctha, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh duine ar bith, an 1adh lá d'Iúl, 1935, ná dá éis sin, aon íle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin do dhíol ná do sheachadadh in aon áitreabh chun í d'úsáid chun a dóighte in inneall mótar-fheithicle mara mbeidh ceadúnas den tsórt san roimhráite aige alos an áitreibh sin agus mara mbeidh an diúité ceadúnais sin íoctha aige alos an áitreibh sin;

(b) déanfaidh gach sealbhóir ar cheadúnas den tsórt san roimhráite an ceadúnas san do thaisbeáint san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san;

(c) duine ar bith is sealbhóir ar cheadúnas den tsórt san roimhráite agus ná deineann de ghnáth íle híodrocarbóin do dhíol le daoine no do chur amach chun daoine cheannuíonn an íle sin chun í d'athdhíol le daoine eile ní choimeádfaidh ná ní dhíolfaidh san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san aon íle híodrocarbóin (is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin agus nách íle bhealála) nár híocadh ceachtar diúité acu san uirthi no gur lomháladh locáiste fén alt so uirthi;

(d) déanfaidh gach sealbhóir ar cheadúnas den tsórt san roimhráite, gach uair a dhíolfaidh no a sheachadfaidh íle híodrocarbóin chun í d'úsáid chun a dóighte in inneall mótar-fheithicle, deimhniú i scríbhinn do sheachadadh do cheannuitheoir no do ghlacadóir na híle sin á dheimhniú go dearnadh an diúité custum san no an diúité máil sin d'íoc ar an íle sin agus ná dearnadh aon locáiste fén alt so do lomháil uirthi.

(8) Ní dhéanfaidh duine ar bith, an 1adh lá d'Iúl, 1935, ná dá éis sin—

(a) aon íle híodrocarbóin (is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin) nár híocadh ceachtar diúité acu san uirthi no gur lomháladh locáiste fén alt so uirthi d'úsáid chun a dóighte in inneall mótar-fheithicle, ná

(b) aon íle híodrocarbóin (is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin) do cheannach ná do ghlacadh o dhuine nách sealbhóir ar cheadúnas do tógadh amach fén alt so chun í d'úsáid chun a dóighte in inneall mótar-fheithicle, ná

(c) mótar-fheithicil d'úsáid ar aon bhóthar go mbeidh carbónaire no fearas eile feistithe ar a hinneall atá oiriúnuithe chun aon íle híodrocarbóin seachas íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil do réir bhrí ailt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) , d'úsáid chun a dóighte san inneall san, mara mbeidh an mhótar-fheithicil sin cláruithe leis na Coimisinéirí Ioncuim i pé slí ordóid le rialacháin a dhéanfaid.

(9) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon íle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san do bheith á hiomportáil chun í chur fé oibriú déantóireachta i Saorstát Éireann no chun í d'ionchorparú i Saorstát Éireann le substaintí eile mar tháthchuid de tháirgeadh dhéanta, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an íle híodrocarbóin sin d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi.

(10) Déanfar ais-tarrac, is có-ionann le méid an diúité máil sin a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim a híocadh alos na híle híodrocarbóin a bheidh i gceist, do lomháil ar aon íle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité sin d'easportáil as Saorstát Éireann no do chur ar bord luinge no i dtaisce i mbanna-stóras le húsáid mar stóranna luinge no ar aon íle den tsórt san do chur ar bord aon acr-árthaigh le húsáid ar thurus go háit lasmuich de Shaorstát Éireann.

(11) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun an diúité custum san, an diúité máil sin, agus an diúité ceadúnais sin d'áirithiú agus do bhailiú, agus, go sonnrách, chun tabhairt-amach, ré, agus athnuachaint na gceadúnas ar a mbeidh an diúité ceadúnais sin iníoctha do rialáil agus chun díol agus seachadadh íle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin do rialú agus aon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le haon diúité máil no diúité custum no maidir le daoine bheidh ar gabháil d'aon trádáil a bheidh de thurus na huaire fé réir dhlí an mháil féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, leis na rialacháin sin, é do chur i mbaint le gach diúité no le haon diúité acu san agus le díol agus seachadadh na híle híodrocarbóin sin.

(12) Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar choinníoll fhorchuirfidh no ar rialachán a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dligh fear pionós máil de chúig chéad púnt do chur air agus geallbhruidfear aon earra gur ina taobh do rinneadh an cionta san.

(13) Féadfaidh oifigeach ar bith do sna Coimisinéirí Ioncuim agus ball ar bith den Ghárda Síochána, aon uair an 1adh lá d'Iúl, 1935, no dá éis sin, samplaí do scrúdú agus do thógaint d'aon íle híodrocarbóin a bheidh ar no in aon mhótar-fheithicil chun í d'úsáid chun a dóighte in inneall na feithicle sin, agus féadfaidh an té bheidh i bhfeighil na feithicle sin do cheistiú i dtaobh na híle sin, agus féadfaidh, más íle híodrocarbóin is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin an íle sin, a éileamh ar an duine sin a chruthú gur híocadh an diúité sin ar an íle sin.

(14) In aon imeachta i gcoinnibh duine ar bith mar gheall ar aon íle híodrocarbóin (is ionchurtha fén diúité custum san no fén diúité máil sin), nár híocadh ceachtar diúité acu san uirthi no gur lomháladh locáiste uirthi fén alt so, do dhíol no do sheachadadh no d'úsáid chun a dóighte in inneall mótar-fheithicle is ar an duine sin a bheidh a chruthú gur híocadh an diúité sin agus nár lomháladh an locáiste sin.

(15) San alt so—

cialluíonn an abairt “mótar-fheithicil” feithicil inneall-ghluaiste bheidh ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun í d'úsáid ar bhóithre;

foluíonn an abairt “íle híodrocarbóin” íle phetróleum agus íle ar n-a táirgeadh o ghual, o chloch-ghual, o mhóin, no o aon tsubstaint bhiothamhainigh eile, agus gach híodrocarbón fliuchánach, ach ní fholuíonn sí aon íle is substaint híodrocarbóineach no bhiothamhaineach no aspaltach agus a bhíonn, ar n-a tástáil i slí ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim, soladach no leath-sholadach ar teodhacht de sheasca grád Fahrenheit;

léireofar an abairt “dóghadh in inneall mótar-fheithicle” mar abairt fholuíonn dóghadh inmheánach san inneall san agus dóghadh imeachtrach mar abhar teine don inneall san.

An diúité ar bhróga agus ar bhróga ísle do leasú.

22. —Déanfar agus deintear leis seo an tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar, i bhfo-alt (4) d'alt 9 den Acht san, ná focail agus na figiúirí “roimh an 1adh lá d'Iúl, 1935,” agus na focail agus na figiúirí “roimh an 1adh lá san d'Iúl, 1935,” do scriosadh amach an 1adh lá d'Iúl, 1935, agus ón lá san amach, agus beidh agus tuigfear go raibh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt san an 1adh lá san d'Iúl, 1935, agus ón lá san amach, agus

(b) déanfar, maidir le hearraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin, an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur san Acht Airgid, 1934 , adubhradh, in ionad an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht san, agus déanfar, maidir le hearraí a hiomportálfar amhlaidh, tagairtí in alt 9 den Acht Airgid, 1934 , adubhradh, don Dara Sceideal san a ghabhann leis an Acht san do léiriú mar thagairtí don Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus beidh éifeacht ag an alt san 9 dá réir sin.

Gléas aerthelegrafa do dhaill do shaoradh o dhiúité.

23. —I gcás earra is ionchurtha fén diúité custum a forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin—

(a) d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheitheamh, 1935, no dá éis sin, agus

(b) gur fundúireacht no cumann gurb é a bpríomh-chuspóir, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, cúrsaí saoil daoine dalla d'fheabhsú iomportálfaidh amhlaidh í, agus

(c) go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh go bhfuil sé beartuithe í bheith á húsáid i Saorstát Éireann ag daoine dalla,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha (más ann dóibh) is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil amhlaidh gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi no aon diúité den tsórt san do híocadh uirthi le linn na hiomportála san d'aisíoc.

Diúité siamsa alos taisbeántaisí cinematografacha.

24. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “diúité siamsa” an diúité máil dá ngairmtear “entertainments duty” in alt 1, agus is inéilithe fé alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(2) Ar an 1adh lá de Lúnasa, 1935, agus dá éis sin déanfar diúité siamsa d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí seo leanas in ionad na rátaí luaidhtear i bhfo-alt (5) d'alt 25 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), ar gach íocaíocht a híocfar ar dhul isteach go dtí aon tsiamsa gurb é bheidh ann ar fad no nách mór ar fad ná taisbeántas de pheictiúirí reatha no d'éifeachtaí eile radhairc a tugtar amach le cinematograf no le fearas eile dá shamhail, pe'ca bheidh fuaimeanna gutha no eile tugtar amach le meáin mheicniúla ag gabháil leo no ná beidh, sé sin le rá:—

 

Ráta an Diúité.

Más mó an íocaíocht ar dhul isteach, gan diúité d'áireamh,

s.

d.

0s.

4d.

ach nách

mó í ná

0s.

6d.

...

...

0

,,

0s.

6d.

,,

,,

0s.

7d.

...

...

0

2

,,

0s.

7d.

,,

,,

0s.

8½d.

...

...

0

,,

0s.

8½d.

,,

,,

0s.

11½d.

...

...

0

,,

0s.

11½d.

,,

,,

1s.

6d.

...

...

0

6

,,

1s.

6d.

,,

,,

1s.

10d.

...

...

0

9

,,

1s.

10d.

,,

,,

2s.

11d.

...

...

1

,,

2s.

11d.

,,

,,

4s.

0d.

...

...

1

6

,,

4s.

0d....

...

...

...

...

...

...

1s. 6d. ar an gcéad 4s. agus Is. 6d. ar gach 4s. no cuid de 4s. sa bhreis.

Saoirse o dhiúité siamsa do leasú.

25. —Déanfar agus deintear leis seo fo-alt (3) d'alt 19 (alt a bhaineann le saoirse a dhiúité shiamsa) den Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , do leasú tré sna focail agus na figiúirí “31adh lá de Dheire Fómhair, 1933,” do chur i mír (d) den fho-alt san in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “1adh lá de Mheitheamh, 1933,” atá anois sa mhír sin, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Deireadh do chur le diúitéthe áirithe custum.

26. —(1) Ní déanfar na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, no dá éis sin.

(2) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun a chur in usacht na diúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san d'aithint agus chuige sin amháin a cuirtear isteach sa Sceideal san iad, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an dara colúin ná an tríú colúin den Sceideal san ná teorannú ná rialú ar a n-oibriú.

Achtanna Airgid áirithe do leasú.

27. —(1) Déanfar agus deintear leis seo gach Acht a luaidhtear ag ceann Coda den Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú mar leanas, sé sin le rá, déanfar gach alt, fo-alt, sceideal, no uimhir thagartha den Acht san no atá san Acht san a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin den Ochtú Sceideal san do leasú sa tslí luaidhtear sa tríú colún den Chuid sin den Ochtú Sceideal san os coinne luadh an ailt, an fho-ailt, an sceidil, no na huimhreach tagartha san (pe'ca aca é) sa dara colún san.

(2) Gach leasú deintear leis an alt so in aon Acht tiocfa sé i ngníomh an 16adh lá de Bhealtaine, 1935, agus beidh éifeacht aige maidir leis na hearraí uile a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an lá san no dá éis.

(3) Na mion-innste luaidhtear sa cheathrú colún den Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so is chun a chur in usacht na diúitéthe fé seach d'aithint, dá ndeintear deifir leis na leasuithe uile agus fé seach a deintear leis an alt so, agus chuige sin amháin a cuirtear isteach sa Sceideal san iad, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa cheathrú colún san deifir do léiriú an ailt seo ná an Sceidil sin ná ní oibreoidh chun réime ná éifeachta aon leasuithe deintear in aon Acht leis an alt so do leathnú, do theorannú, no do rialú.

Earra d'athiomportáil tar éis í do dhul fé oibriú i gcoigrích.

28. —(1) Pé uair a heasportálfar amach as Saorstát Éireann earra is ionchurtha ar í d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann fé dhiúité chustum ar n-a áireamh do réir luach na hearra, agus a hath-iomportálfar ina dhiaidh sin í isteach i Saorstát Éireann tar éis í do chur fé aon oibriú (pe'ca oibriú deisithe, oibriú déantóireachta breise, no eile é) lasmuich de Shaorstát Ereann, agus a bheadh sí, dá mba ná cuirfí fén oibriú san í amhlaidh saor ón diúité sin ar an ath-iomportáil sin do dhéanamh, ansan agus i ngach cás den tsórt san—

(a) más dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh fuirm no cáilíocht na hearra san d'atharú de mhórán tríd an oibriú san, éileofar, gearrfar agus íocfar an diúité sin ar an earra san ar an ath-iomportáil sin do dhéanamh, agus is ar luach iomlán na hearra san le linn na hath-iomportála san a héileofar, a gearrfar, agus a híocfar amhlaidh é, agus

(b) más dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim ná dearnadh fuirm ná cáilíocht na hearra san d'atharú de mhórán tríd an oibriú san, éileofar, gearrfar, agus íocfar an diúité sin ar an earra san ar an ath-iomportáil sin do dhéanamh, ach ní déanfar é d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc amhlaidh ach amháin ar an méid is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do chuaidh luach na hearra san le linn a heasportála amach as Saorstát Éireann i méid tré n-a cur fén oibriú san.

(2) Nuair a bheidh na Coimisinéirí Ioncuim á dhéanamh amach, chun crícheanna an ailt seo, cadé an méid do méaduíodh luach earra tré n-a cur fé oibriú, féadfaid, más oiriúnach leo é, an méid sin do chinneadh tré fhéachaint don tsuim a cuirfear ina luighe ortha do híocadh chun an obriú san do dhéanamh ar an earra san no ina taobh.

(3) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun aon tsaoirse, o aon diúité áirithe custum, d'athghairm no do shrianadh no chun deifir do dhéanamh dí a bronntar le haon achtachán ar ath-iomportáil do dhéanamh isteach i Saorstát Éireann ar earrai do cuireadh fé oibriú áirithe lasmuich de Shaorstát Éireann agus do heasportáladh amach as Saorstát Éireann chun iad do chur fén oibriú san.

Pionós mar gheall ar ráiteas bréagach do dhéanamh i dtaobh diúité mháil.

29. —(1) Gach éinne dhéanfaidh, i dtuairisceán do bhéarfa sé uaidh i dtaobh no chun crícheanna aon diúité mháil, aon ráiteas no plé cúise is eol do bheith bréagach no mí-threorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chúig céad púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon tearma nách sia ná sé mhí.

(2) I gcás ina ndéarfar go ndearna duine, i dtuairisceán i dtaobh no chun crícheanna diúité mháil, ráiteas no plé cúise go bhfuil a dhéanamh ina chionta fén alt so agus fós ina chionta fé achtacháin eile bhaineann go sonnrách le tuairisceáin i dtaobh no chun crícheanna an diúité mháil sin, féadfar an duine sin do chúiseamh agus, má ciontuítear é, féadfar é do phionósú fén alt so no fén achtachán eile sin ach ní féadfar é do chúiseamh ná do phionósú fén alt so agus fén achtachán eile sin.

CUID III.

Diuitethe Bais.

Cáinmheas ar ionaduithe pearsanta daoine dhligheann diúité báis d'íoc.

30. —(1) I gcás duine dhlighfidh cuntas maoine do sheachadadh chun críche cáinmheasta diúité estáit, no diúité léagáide, no diúité chomharbais alos na maoine sin d'fháil bháis gan an cuntas san do bheith seachadta aige, beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Ioncuim, agus iad ag gníomhú tré aon Choimisinéir acu san no tré aon oifigeach dóibh, an diúité sin do cháinmheas is iníoctha alos na maoine sin chó fada agus is eol, is tuigthe, agus is léir dóibh san.

(2) Pé uair a déanfar aon cháinmheas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do réir an fho-ailt sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim no cuirfid fé ndeár go ndéanfar dúbláid den cháinmheas san do chur go dtí seiceadúir no riarthóir an duine do dhligh faid a bhí sé beo an cuntas a luaidhtear sa bhfo-alt san do sheachadadh, agus luighfidh an t-athchomharc céanna i gcoinnibh an cháinmheasa san ar agra an tseiceadúra no an riarthóra san no ar agra aon duine ar a ngoillfidh an cáinmheas san do luighfeadh i gcoinnibh an cháinmheasa san dá mba ar chuntas ar n-a sheachadadh ag páirtí do dhlighfeadh cuntas do sheachadadh a déanfaí é.

(3) Féadfar an diúité measfar le cáinmheas ar n-a dhéanamh mar adubhradh do bhaint amach ón seiceadúir no ón riarthóir sin sa tslí chéanna ina bhféadfaí agus tré imeachta den tsórt chéanna tré n-a bhféadfaí an diúité sin do bhaint amach, dá mba ar chuntas ar n-a sheachadadh ag páirtí do dhlighfeadh cuntas do sheachadadh a déanfaí an cáinmheas, ach ní dhlighfidh an seiceadúir no an riarthóir sin an diúité sin d'íoc i méid is mó ná sócmhainní an duine dár seiceadúir no riarthóir é agus do fuair an seiceadúir no an riarthóir sin no do bheadh faighte aige mara mbeadh faillí no teip uaidh féin.

(4) Ní déanfar de bhuadh an ailt seo diúité do ghearradh ná do cháinmheas ar aon tseiceadúir ná riarthóir do rinne, roimh dháta an Achta so do rith, lán-riaradh ar estát an duine dár seiceadúir no riarthóir é agus sóchmhainní an duine sin do roinnt.

Diúité do cháinmheas i gcás gan cuntas do sheachadadh.

31. —(1) Má theipeann ar dhuine, dhligheann cuntas maoine do sheachadadh chun diúité estáit no diúité léagáide no diúité comharbais do cháinmheas, an cuntas san do sheachadadh do sna Coimisinéirí Ioncuim, beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Ioncuim, agus iad ag gníomhú tré aon Choimisinéir acu san no tré aon oifigeach dóibh, an diúité sin do cháinmheas is iníoctha alos na maoine sin chó fada agus is col, is tuigthe, agus is léir dóibh san.

(2) Pé uair a déanfar aon cháinmheas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do réir an fho-ailt sin déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) más eol do sna Coimisinéirí Ioncuim cad is áit chomhnuithe don duine dhligheann an cuntas a luaidhtear sa bhfo-alt san do sheachadadh, dúbláid den cháinmheas san do chur no a chur fé ndeár í do chur tríd an bpost chláruithe chun an duine sin fé sheoladh na háite comhnuithe sin aige, no

(b) marab eol do sna Coimisinéirí Ioncuim cad is áit chomhnuithe don duine sin, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á rá go ndearnadh an cáinmheas san agus pé mion-innste ann i dtaobh an cháinmheasa san is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(3) Pé uair a déanfar aon cháinmheas den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do réir an fho-ailt sin, beidh ag an té dhlighfidh an cuntas a luaidhtear sa bhfo-alt san do sheachadadh no ag éinne ar a ngoillfidh an cáinmheas san an ceart céanna athchomhairc i gcoinnibh an cháinmheasa san do bheadh aige dá mba ar chuntas ar n-a sheachadadh ag páirtí do dhlighfeadh cuntas do sheachadadh a déanfaí an cáinmheas san, ach amháin, i gcás inar gá do réir an ailt seo fógra i dtaobh an cháinmheasa san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, gur o dháta fhoillsithe an fhógra san a comharófar an t-am a ceaptar do réir dlí don athchomharc san.

(4) Féadfar an diúité measfar le cáinmheas fén alt so do bhaint amach sa tslí chéanna ina bhféadfaí agus tré imeachta den tsórt chéanna tré na bhféadfaí an diúité sin do bhaint amach da mba ar chuntas ar n-a sheachadadh ag páirtí do dhlighfeadh cuntas do sheachadadh do cáinmheasfaí é.

Diúité báis i gcás maoine áirithe do bhí fé bhlianacht, etc., roimhe sin.

32. —I gcás duine gheobhaidh bás tar éis an Achta so do rith tuigfear chun crícheanna Coda I den Finance Act, 1894, maoin do bhí roimhe sin fé bhlianacht no íocaíocht tréimhsiúil eile do bhí le scur ar bhás an duine mhairbh sin do dhul chun duine eile, ar bhás an duine mhairbh sin, chó fada le méid an tsochair do thiocfadh as an mblianacht no an íocaíocht tréimhsiúil eile sin do scur, d'ainneoin go ndearnadh an bhlianacht no an íocaíocht tréimhsiúil eile sin do thabhairt suas no d'árachú no scarúint léi no í do chur de láimh ar shlí eile (pe'ca ar luach é no ar shlí eile) faid a bhí an duine marbh san beo chun an duine no chun sochair don duine do bhí i dteideal na maoine sin, maran rud é—

(a) go ndearnadh an tabhairt suas, an t-árachú, an scarúint no an cur de láimh sin bona fide trí bliana ar a laighead roimh bhás an duine mhairbh sin, agus

(b) ná raibh an duine marbh san, tráth ar bith laistigh de thrí bliana roimh a bhás, ag fáil aon mhalairt bhlianachta no íocaíochta tréimhsiúla eile do bhí le scur ar a bhás agus do cuireadh in áirithe dho (pe'ca tré chonnradh no ar shlí eile é) i gcomaoin an tabhartha suas, an árachuithe, na scarúna, no an chur de láimh sin.

Airgead a bheidh in ainmneacha beirt daoine no níos mó d'íoc.

33. —(1) Más rud é go ndéanfar, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, suim airgid is mó ná céad púnt do lóisteáil no do chur i dtaisce (ar shlí seachas ar chuntas reatha) i Saorstát Éireann le bancaer i gcó-ainmneacha beirt daoine no níos mó, agus go bhfuighidh duine acu san (dá ngairmtear an duine marbh san alt so) bás tar éis an Achta so do rith, ní íocfaidh an bancaer sin an t-airgead san ná aon chuid de leis an duine ná leis na daoine uile ná le haon duine de sna daoine mhairfidh i ndiaidh an duine sin ná le duine ar bith eile mara ndeinidh no go dtí go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim (agus iad ag gníomhú tré aon Choimisinéir acu san no tré aon oifigeach dóibh) deimhniú do thabhairt don bhancaer sin á dheimhniú ná fuil aon éileamh ar dhiúité gan íoc maidir le bás an duine mhairbh alos an airgid sin no aon choda dhe.

(2) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (7) d'alt 6 den Finance Act, 1894, tuigfear chun crícheanna an ailt seo diúité is inghearrtha agus is iníoctha ar bhás an duine mhairbh do theacht chun bheith dlite lá an duine mhairbh d'fháil bháis.

(3) Gach bancaer íocfaidh aon airgead contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear píonós máil de chúig céad púnt do chur air.

(4) Má cúisítear bancaer i gcionta fén alt so is ar an mbancaer sin a bheidh a chruthú go ndearnadh deimhniú den tsórt a luaidhtear san alt so do thabhairt don bhancaer sin sara ndearna sé an íocaíocht go ndeirtear gurb é an cionta san é.

(5) Má cúisítear bancaer i gcionta fén alt so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san a chruthú go raibh foras réasúnta ag an mbancaer sin, nuair do rinne sé an íocaíocht airgid go ndeirtear gurb é an cionta san é, chun a chreidiúint ná raibh éinne de sna daoine gur ina gcó-ainmneacha a bhí an t-airgead san lóisteálta no curtha i dtaisce leis tar éis bháis d'fháil.

(6) San alt so—

cialluíonn an focal “bancaer” duine ag á mbíonn gnó bancaerachta ar siúl i Saorstát Éireann;

foluíonn an focal “íoc” aistriú i leabhair bhancaera;

cialluíonn an abairt “cuntas reatha” cuntas go n-oibrítear air de ghnáth tré sheic no tré ordú bhancaera.

CUID IV.

Cain Phroifite Corparaide.

Saoirsí áirithe o cháin phroifite corparáide do bhuanú.

34. —Déanfar agus deintear leis seo na saoirsí o cháin phroifite corparáide do bheirtear le halt 33 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), mar a leasuítear san le halt 30 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), agus le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), do bhuanú ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1934, go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937.

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Alt 42 den Finance Act, 1920, do leasú.

35. —Athghairmtear leis seo an méid sin d'fho-alt (3) d'alt 42 (alt a dheineann socrú chun diúité stampa do laigheadú i gcás aistriú áirithe ar urrúis ionmhargaidh) den Finance Act, 1920, a mhíníonn brí an fhocail “dealer” chun crícheanna an ailt sin, agus ina ionad san achtuítear leis seo go gcialluíonn an focal “dealer,” chun crícheanna an ailt sin, duine is ball de bhúrsa i Saorstát Éireann agus aithníonn Coiste an bhúrsa san mar dhuine ag á mbíonn gnó deighleálaí ar siúl.

An Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, do leasú.

36. —Léireofar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí saoirse (18) fén mírcheann “Receipt given for, or upon the payment of, money amounting to £2 or upwards” (eadhon, an tsaoirse do cuireadh isteach ann de bhuadh fo-ailt (2) d'Alt 38 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ) ), do leasú tríd an bhfocal “four” do chur isteach in ionad an fhocail “three” atá anois sa tsaoirse sin.

Alt 10 den Finance Act, 1901, do chur i mbaint le táillí ceadúnais iomportála.

37. —Pé uair a toirmeasctar le hAcht den Oireachtas no fé (ar n-a rith roimh an Acht so do rith no dá éis sin) aon earraí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus a deintear socrú leis an Acht céanna no le haon Acht eile chun ceadúnaisí do thabhairt amach chun na n-earraí sin d'iomportáil d'ainneoin an toirmisc sin, bainfidh alt 10 den Finance Act, 1901, mar a leasuítear agus a leathanuítear san le halt 7 den Finance Act, 1902, agus le halt 43 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), bainfidh agus, i gcás ceadúnaisí ar n-a dtabhairt amach fé Acht do ritheadh roimh an Acht so, tuigfear é do bhaint riamh le haon táille is inéilithe do réir reachta no fé údarás reachtúil ar na ceadúnaisí sin do thabhairt amach, agus le haon mhéadú no laigheadú i méid aon táille den tsórt san, agus le hathghairm an reachta no an údaráis reachtúla fé n-a bhfuil aon táille den tsórt san inéilithe, ar an gcuma gcéanna i ngach slí agus chó hiomlán agus dá mba dhiúité custum iomportála do réir bhrí an ailt sin 10 an táille sin.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

38. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

39. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Tuigfear Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1935, agus beidh éifeacht aici an lá san agus ón lá san amach.

CEAD SCEIDEAL.

Diuitethe Airithe Custum.

Uimh. Thag.

An Saghas Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

Forálacha Speisialta

I

Cúl-fhriotháin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid ar rothair no ar rothair thrianacha tiomáintear le neart cuirp duine no daoine ina suidhe ortha agus leis sin amháin.

75%

Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí earraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

2

Ullamhóidí chun snasuithe de gach saghas.

331/3%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é mar bhreis ar aon diúité is inéilithe alos aon bhiotáille atá san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú, ach is diúité é in ionad aon diúité is inéilithe alos aon táthchoda eile atá san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

3

Bandáin chadáis agus abhar bandán cadáis a hiomportálfar ina rollaí, gan aon bhandáin ná abhar den tsórt san a hiomportálfar mar chuid d'earra eile d'áireamh, agus fós gan bandáin leaistic ná abhar bandán leaistic ná bandáin ghreamuitheacha ná abhar bandán greamuitheach d'áireamh.

331/3%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

4

Tiacha d'abhar ar bith is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad do bheith á gcaitheamh ag leanbhaí agus do bheith á n-úsáid acu chun crícheanna bhaineann le n-a bhfreastal ar scoil.

20%

--

5

Feilt agus abhair in ionad feilte agus substaintí eile dá samhail sin atá beartuithe chun iad d'úsáid mar abhar dín no mar chosc ar thaiseach.

50%

--

6

(a) Timpealáin, teinteáin agus fóireacha teinteáin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith de shaghas a húsáidtear de gnáth i gcóir teallach agus atá déanta no có-dhéanta i bpáirt de thíleacha, de bhrící, no de leaca do rinneadh i bpáirt no go hiomlán de chré, de chloich (agus cloch athdhéanta d'áireamh) no de stroighin, agus

(b) páirteanna d'aon timpealáin, teinteáin no fóireacha teinteáin den tsaghas a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo.

331/3%

--

7

(a) Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is frámaí miotail no saiseanna miotail atá ceaptha, déanta, agus oiriúnach i gcóir dóirse no i gcóir fuinneoga no i gcóir páirteanna de dhóirse no d'fhuinneoga agus ná fuil feistithe le gloine ná le substaint eile dá samhail;

(b) earraí gurb é atá ionta ná frámaí no saiseanna den tsórt san roimhráite agus iad feistithe le gloine no le substaint eile dá shamhail;

(c) fuinneoga gurb é atá ionta ná píosaí gloine no substainte eile dá shamhail agus iad feistithe i luaidh;

(d) compáirteanna, agus iad feistithe i luaidh, d'fhuinneoga den tsórt a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo.

40%

Foluíonn an focal “fuinneoga” mar a bhfuil sé sa dara colún ag an uimhir thagartha so foirléasanna, stoirm-chomhlaí, fuinneoga pábhála agus fuinneoga de gach saghas eile.

8

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad d'iarann no de chruaidh no d'iarann agus de chruaidh le chéile, sé sin le rá:—

(a) crúcaí, corráin, bandaí agus fearaistí da samhail chun guitéirí, píopaí báistighe, píopaí deataigh, píopaí aeriúcháin, agus píopaí eile dá samhail do choinneáil ina n-áit no do dhaingniú;

(b) greamúcháin agus crúcaí falla nách giorra ná ceithre hórlach;

(c) feistí speile;

(d) tuislí cró-is-crúca, ar n-a n-iomportáil ina n-iomlán, nách giorra ná dhá órlach déag na cró-pháirteanna dhíobh;

(e) cró-pháirteanna de thuislí cró-is-crúca má hiomportáltar na cró-pháirteanna san ar leithligh agus nách giorra ná dhá órlach déag iad;

(f) crúc-pháirteanna de thuislí cró-is-crúca má hiomportáltar na crúc-pháirteanna san ar leithligh agus nách giorra ná órlach iad;

(g) téightheoirí do bhoscaiarainn smúdála;

(h) racaí rainse agus scríobáin rainse.

331/3%

--

9

(a) Téip (seachas téip fhighte) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith beartuithe chun í d'úsáid in ionad sreangáin maidir le beartáin;

(b) earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid mar ghabhadáin do théip den tsaghas san a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo agus í in úsáid, agus fós compáirteanna de sna hearraí sin.

50%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

10

Flaigíní folmhais iniompair chun bídh no dighe do chur ionta, agus compáirteanna de sna flaigíní sin, gan compáirteanna atá déanta ar fad no nách mór ar fad de chorc d'áireamh.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá, 50% no cúig pingne an earra.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

11

Caipíní mullaigh, tíleacha cromáin, agus tíleacha dín eile agus iad déanta i bpáirt no go hiomlán de chré no de stroighin Romhánaigh no de stroighin Phortland no d'aon stroighin hídrálaigh eile.

50%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 6 i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul í gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

12

Roth-bharraí agus trucailí dhá roth a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'iarann no de chruaidh no d'iarann agus de chruaidh le chéile, agus fós compáirteanna (déanta d'iarann no de chruaidh no d'iarann agus de chruaidh le chéile) de sna roth-bharraí no de sna trucailí sin.

25%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

13

Múnlaí no meaisíní chun blocanna, brící, no leacacha concréit do dhéanamh.

25%

--

14

Sreangán ceangaltóra no abhraistí de Mhanilla, de shisal no d'aon ascartach chruaidh den chineál cheánna seachas caighir.

40%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

15

Rolla - dhallóga bheidh déanta nách mór ar fad d'abhar figheadóireachta agus a bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun iad d'úsáid ar an taobh amuich de shiopaí agus d'áitreabhacha dá samhail, agus fós compáirteanna (déanta d'abhar ar bith) de sna rolla-dhallóga san.

40%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

16

Seolta, clúdaigh do sheolta, málaí do sheolta, agus clúdaigh do luaimh no do bháid.

331/3%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

17

Dual-abhraistí de chadás, de líon no de chnáib ar fad.

40%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéiri Ioncuim is ceart.

18

Cásanna de shaghas trúncanna, culaith-chásanna, no cásanna attaché i gcóir úsáide pearsanta (pe'ca déanta i bpáirt no go hiomlán dóibh agus pe'ca bheidh earraí i gcóir úsáide pearsanta feistithe istigh ionta no ná beidh) gurb é atá sa chásáil imeachtraigh díobh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná cart-chlár no paist-chlár no tuighe-chlár no paist-chlár úcta nea-mbolcánuithe, no abhar dá samhail sin, a bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, líomhnuithe no daithte no cumhduithe le páipéar líomhnuithe no daithte ach gan cásanna go bhfuil an chásáil imeachtrach díobh cumhduithe no clúduithe go hiomlán le héadach d'áireamh.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 331/3% no pé ráta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:— Ar chásanna nách giorra ná fiche órlach (ar n-a dtomhas ar an dtaobh amuich)— scilling an cás, no ar chásanna is giorra ná fiche órlach (ar n-a dtomhas ar an taobh amuich)— sé pingne an cás.

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 5 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha I sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so. Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

19

Abhar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is cart-chlár, paist-chlár, tuighe-chlár no paist-chlár úcta nea-mbolcánuithe, no abhar dá samhail sin, agus a hiomportálfar sa phíosa agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do heagadh no do scóradh no do heitreadh no do lúbadh roimh é d'iomportáil agus is dóich leis na coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun é d'úsáid chun earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha dheiridh sin roimhe seo do dhéanamh.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 331/3% no pé ráta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:— naoi bpingne an clár nách giorra ná fiche órlach no ceithre pingne an clár is giorra ná fiche órlach.

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 5 den Acht Airgid, I933 (Uimh I5 de I933), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha I sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

20

Aon earra acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar no de chroiceann no de leathar bréige no de chroiceann bréige no d'aon dá shubstaint no níos mó acu san le chéile, sé sin le rá, strapaí agus creasa (pe'ca bheidh búclaí no ceangaltóirí eile ortha no ná beidh) agus abhar strapaí agus abhar creasa gan creasa ná abhar creasa do mheaisíní d'áireamh, agus fós gan strapaí ná creasa d'áireamh is páirt le linn a n-iomportála d'earra eile no is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is de chineál mháinliaghachta no liaghachta.

40%

--

21

Aon earra acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar no de chroiceann no de leathar bréige no de chroiceann bréige no d'aon dá shubstaint no níos mó acu san le chéile, sé sin le rá, coiléirí, iallacha, agus féasracha is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun iad d'úsáid ar mhadraí no maidir le madraí.

40%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 35 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

22

(a) Cloch (nách slinn ná marmar) i gcóir leacht no ailtireachta no tógála agus a bheidh cóirithe no líomhtha no oibrithe ar aon tslí eile, ach gan cloch d'áireamh ná beidh, le linn a hiomportála, gearrtha le sábh ar níos mó ná dhá éadan di, agus fós gan cloch bhrúighte d'áireamh;

(b) marmar i gcóir leacht no ailtireachta no tógála agus a bheidh cóirithe no líomhtha no oibrithe ar shlí eile;

(c) marmar neamh-oibrithe;

(d) slisneacha de mharmar agus slisneacha measctha de mharmar agus de chloich eile, gan aon tslisneacha den tsórt san a hiomportálfar mar pháirt d'earra eile d'áireamh.

100%

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí earraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Pé uair is dóich leis an Aire Airigd tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

23

Oighear, a hiomportálfar ar leithligh.

Scilling an céad meáchaint.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéiri Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

24

Duillíní d'abhar fhighte agus litreacha no uimhreacha no gréasa cló-bhuailte ortha, gan aon duillín den tsórt san d'áireamh is páirt, le linn a iomportála, d'earra eile.

331/3%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

25

Leabhair úrnuithe, leabhair aifrinn, portúis, leabhair iomann agus leabhair eile a húsáidtear chun Dia d'adhradh, agus fós bíoblaí agus tiomnaí.

30%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag mír (b) d'uimhir thagartha 15 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Ní bhainfidh alt 25 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, agus dá réir sin ní bheidh an t-éileamh minimum a forchuirtear leis an alt san inéilithe alos an diúité sin.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

26

Feadáin, feadracht, píopaí, agus píopracht de chopar go dtiughas falla nách mó ná ochtú órlaigh agus go dtrastomhas inmheánach nách mó ná dhá orlach go gceathrú ach gan aon fheadán, feadracht, píopa ná píopracht den tsórt san d'áireamh do cuireadh, roimh é d'iomportáil, fé aon oibriú déantóireachta seachas é do chumadh no é do lúbadh no is cuid d'earra eile le linn a iomportála.

75%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

27

(a) Ullamhóidí máisiúcháin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith de shaghas a húsáidtear de ghnáth ar chneas, ar ghruaig, ar ingne, ar fhiacla (agus fiacla bréige d'áireamh), no ar bhéal an duine no maidir leis an gceánna ach gan pland-íleacha, cré úcaire, geilé petroleum ná fise gruaige d'áireamh;

(b) cumhruithe gan biotáille cumhruithe ná pland-íleacha cumhruithe d'áireamh.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 50% no pé ráta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—más do réir meáchainte a horduítear sa liost oifigiúil iomportála an earra d'iontráil ar í d'iomportáil, cúig scillinge an púnt, no más do réir tomhais a horduítear sa liost oifigiúil iomportála an earra d'iontráil ar í d'iomportáil, dhá phúnt agus deich scillinge an galún.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear le halt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 13 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san no is ionchurtha fén diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 12 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é i dteanta agus ni diúité é in ionad aon diúité is inéilithe alos aon bhiotáille no aon tsacairín a bheidh san earra no do húsáideadh chun na hearra do dhéanamh no d'ullamhú.

Ach amháin mar adubhradh, ní bheidh aon diúité eile custum do bhí i bhfeidhm an 16adh lá de Bhealtaine, 1935 (seachas an t-éileamh minimum a forchuirtear le halt 25 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), agus an diúité a forchuirtear le halt 22 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 )), inéilithe ná inghearrtha ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Acht no san Ordú le n-a bhforchuirtear an diúité eile sin.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

28

(a) Fearas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is fearas cuisníochta no fearas fuarstórála ar fad no nách mór ar fad no is fearas cuisníochta go leathrannach agus fearas fuar-stórála go leathrannach agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta, ceaptha, agus oiriúnach chun é d'úsáid chun crícheanna tráchtála ach gan aon fhearas den tsórt san d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta, ceaptha, agus oiriúnach go príomhdha chun é d'úsáid chun crícheanna uachtarlainne no déiríochta seachas uachtar oighreata do dhéanamh no do stóráil;

(b) fearas chun teas-rialú no oiriúnú do dhéanamh ar aer a tiomáintear tríd an bhfearas chun foirgintí d'aeriú laistigh;

(c) compáirteanna d'aon fhearas acu san a luaidhtear i gceachtar fo-mhír acu san roimhe seo mar fhearas is ionchurtha fé dhiúité ach gan na compáirteanna so leanas d'áireamh, sé sin le rá: mótair, dlúthairí, castáin, comhlaí, agus gléas measctha uachtair oighreata, agus fós gan crúscaí, plátaí, ná coimeádáin den tsaghas chéanna a bheidh déanta de chré ghloinithe d'áireamh.

25%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

29

(a) Pinn luaidhe, criáin agus cailceanna i gcóir marcála, tarraiceoireachta, no scríbhneoireachta, pe'ca bheid i gcásaí no ná beid, agus pe'ca go bhfeistisí no gabhálaisí ceangailte dhíobh a hiomportálfar iad no dá n-éamuis, ach gan pinn luaidhe go sleamhnán no go luaidhe aistritheach no ion-aistrithe d'áireamh, ná fós gan criáin ná cailceanna d'áireamh a bheidh táirgthe tré oibriú teilgthe ach ná beidh déanta ar bhonn chéireach;

(b) compáirteanna (gan sleamhnáin ná luaidhte d'áireamh) d'aon phinn luaidhe, criáin, no cailceanna den tsórt san a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo mar earraí is ionchurtha fé dhiúité;

(c) cipíní is cosa pinn agus a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'adhmad agus a bheidh curtha fé oibriú mhaithneacháin, laicearuithe, no líomhnuithe.

Pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 331/3% no pé ráta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—i gcás ina mbeidh an earra is ionchurtha fé dhiúité ocht n-órlach no fé bhun ocht n-órlach ar fhaid— ceithre scillinge an grós, no i gcás ina mbeidh an earra is ionchurtha fé dhiúité níos mó ná ocht n-órlach ar fhaid— ocht scillinge an grós.

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag uimhir thagartha 27 sa Sceideal so agus a deintear inéilithe ansan ar ullamhóidí maisiúcháin áirithe agus ar chumhrachtaí áirithe luaidhtear ag an uimhir thagartha san.

Chun crícheanna an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so sa mhéid go bhfuil sé inéilithe ar na compáirteanna luaidhtear i mír (b) sa dara colún tuigfear slata eitrithe agus slata líonta i gcóir úsáide i ndéanamh peann luaidhe, crián, no cailceanna de chineál is ionchurtha fén diúité sin do bheith ina gcó-ghabhála de chompáirteanna de phinn luaidhe, de chriáin, no de chailceanna den tsórt san, agus tuigfear gurb ionann líon na gcompáirteanna san in aon tslait den tsórt san agus líon na n-eitreach no na sleamhnán no na luaidhte sa tslait sin, agus éileofar an diúité sin ortha dá réir sin.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

DARA SCEIDEAL.

TUILLE DIUITETHE CUSTUM.

Cuid I.

Uimh. Thag.

An Saghas Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

1

Aspalt, biothamhain, pic, agus tarra de gach saghas, pe'ca hiomportáltar amh iad no tar éis cóiriú no ullamhú do dhéanamh ortha, agus fós meascáin d'aon dá shubstaint no níos mó acu san.

An cmt. 3d.

2

Aon earra (nách ionchurtha fé dhiúité ar shlí eile) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is linóleum.

An tslat cheárnach 6d.

3

Aon earra (nách ionchurtha fé dhiúité ar shlí eile) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is éadach íle.

An tslat cheárnach 2d.

4

Earraí bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'asbeist.

An cmt. 1/-

5

Stailc agus decstrin.

An cmt. 3/-

6

Rís, plúr ríse, agus min ríse, gan aon ullamhóid d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta as faighneoga ríse.

An cmt. 2/-

7

Tíleacha agus leacacha de gach saghas agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de chré, de chriadh-earra, no de stroighin, agus nách íonchurtha fé dhiúité ar shlí eile.

An cmt. 5/-

8

Slinnte cinn tighe.

An cmt. 5/-

9

(a) Olann;

(b) iarmhar olna, seachas flocas.

An 100 lb. 10/-

10

Píopaí gloinithe agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de chré no de chriadh-earra, agus ceangail ghloinithe (i gcóir píopaí d'aon tsaghas) agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de chré no de chriadh-earra.

An cmt. 9d.

11

Caora fineamhna.

An lb. 1d.

12

Piseáin tiormuithe.

An lb. ½d.

Cuid II.

13

Gloine de gach saghas a hiomportálfar ina leatháin no ina stiallacha, pe'ca cóimhréidh no lúbtha no cuartha no cumtha ar shlí eile dhi.

10%

14

Gréithí gloine (nách ionchurtha fé dhiúité ar shlí eile agus gan aon earraí ionta le linn a n-iomportála) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is oiriúnach chun úsáide no ornáide tighis.

10%

15

Páipéar gan aon abhar ná gréas cló-bhuailte air.

5%

16

Páipéar go mbeidh gréas no patrún cló-bhuailte air agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach go príomhdha chun é d'úsáid mar fhallapháipéar.

5%

17

Buidéil ghloine fholmha agus crúscaí gloine folmha nách ionchurtha fé dhiúité ar shlí eile, gan buidéil ná crúscaí gloine d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach go príomhdha chun iad d'úsáid i saotharlainn.

10%

TRIU SCEIDEAL.

SIUICRE, MOLAS, GLUCOS, SACAIRIN.

RATAI DIUITETHE, AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.

CUID I.—DIUITETHE.

Earraí

Diúitéthe Custum

Diuitethe Mail

Siúicre agus molás a bheidh déanta ar fad as Biatas do fásadh i Saorstát Éireann

Gach Earra Eile

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Siúicre thaisbeánann pólarú is mó ná ocht ngráid nóchad ar n-a thástáil leis an bpólariscóip     ...

an cmt.

21

0

4

8

21

0

Siúicre de phólarú nách mó ná sé gráid sheachtód     ...     ...     ...

,,

10

1

2

3

10

1

Siúicre, de ghrád phólaruithe:—

Is mó ná

76

agus nách

mó ná

77

an cmt.

10

4.9

2

3.7

10

4.9

,,

77

,,

,,

78

,,

10

9.0

2

4.6

10

9.0

,,

78

,,

,,

79

,,

11

1.0

2

5.5

11

1.0

,,

79

,,

,,

80

,,

11

5.0

2

6.4

11

5.0

,,

80

,,

,,

81

,,

11

9.1

2

7.3

11

9.1

,,

81

,,

,,

82

,,

12

1.1

2

8.2

12

1.1

,,

82

,,

,,

83

,,

12

5.1

2

9.1

12

5.1

,,

83

,,

,,

84

,,

12

9.7

2

10.1

12

9.7

,,

84

,,

,,

85

,,

13

2.2

2

11.1

13

2.2

,,

85

,,

,,

86

,,

13

6.7

3

0.1

13

6.7

,,

86

,,

,,

87

,,

13

11.3

3

1.1

13

11.3

,,

87

,,

,,

88

,,

14

4.3

3

2.3

14

4.3

,,

88

,,

,,

89

,,

14

9.4

3

3.4

14

9.4

,,

89

,,

,,

90

,,

15

3.4

3

4.7

15

3.4

,,

90

,,

,,

91

,,

15

9.5

3

6.1

15

9.5

,,

91

,,

,,

92

,,

16

3.5

3

7.4

16

3.5

,,

92

,,

,,

93

,,

16

9.6

3

8.8

16

9.6

,,

93

,,

,,

94

,,

17

3.6

3

10.1

17

3.6

,,

94

,,

,,

95

,,

17

9.6

3

11.4

17

9.6

,,

95

,,

,,

96

,,

18

3.7

4

0.8

18

3.7

,,

96

,,

,,

97

,,

18

9.7

4

2.1

18

9.7

,,

97

,,

,,

98

,,

19

3.8

4

3.5

19

3.8

Molás (ach amháin nuair a tógtar amach é chun a úsáidthe ag stilleuraí ceadúnaithe i ndéanamh biotáille) agus siúicre iompála agus gach siúicre agus súgh siúicre eile nách féidir a thástáil go hiomlán leis an bpólariscóip agus ná héilítear diúité air go speisialta tré fheidhm forálacha eile na Coda so den Sceideal so:—

Má bhíonn 70 per cent. no níos mó d'abhar chun milsithe ionta     ...     ...     ...

an cmt.

13

10

3

1

13

10

Má bhíonn níos lugha ná 70 per cent. agus níos mó ná 50 per cent. d'abhar chun milsithe ionta     ...     ...

,,

10

1

2

3

10

1

Mara mbeidh thar 50 per cent. d'abhar chun milsithe ionta

,,

5

0

1

1

5

0

Tuigfear an t-abhar chun milsithe do bheith chó mór le méid iomlán an tsiúicre atá san earra mar a déanfar san amach tré dheighlteánacht a déanfar fé mar ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim.

Glúcós:—

Soladach

...

...

...

...

an cmt.

13

10

--

13

10

Fliuch

...

...

...

...

,,

10

1

--

10

1

Sacairín (le n-a n-áirmhítear substaintí is den chineál chéanna no a húsáidtear ar an gcuma gcéanna)     ...     ...     ...

an t-únsa

6

4

--

6

4

CUID II.

AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.

A.—CUSTUIM.

Cineál an Ais-Tarraic no an Liúntais

Méid no Ráta an Ais-Tarraic no an Liúntais

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre no molás ar ar híocadh diúité (le n-a n-áirmhítear siúicre no molás do rinneadh as siúicre no as molás ar ar híocadh diúité) agus do ghaibh tré mhonarcha shiúicre i Saorstát Éireann d'easportáil, no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é d'úsáid mar stóranna luinge.

I gcás moláis do rinneadh fé bhanna, suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh agus, in aon chás eile, suim is có-mhéid leis an diúité do bheadh inéilithe nuair do hiomportálfaí earra den tsórt chéanna.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh alos an tsiúicre no an ghlúcóis.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfear ar bord luinge no a lóisteálfar i mbanna-stóras chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (seachas beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité is inéilithe alos an mhéide sin den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is léir do sna Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí, no, i gcás déantúisí fuighligh, a bheith sna hearraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh i Saorstát Éireann, as siúicre ar ar híocadh an diúité iomportála do réir an ráta reatha, agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é d'úsáid i ndéanamh biotáille     ...     ... an cmt.

s.  d.

5  0

(5) Liúntas do ghlantóir ar mholás nár húsáideadh ach amháin mar bhia d'eallach stuic agus do rinneadh i Saorstát Éireann as siúicre ar ar híocadh an diúite iomportála do réir an ráta reatha     ...     ... an cmt.

s.  d.

5  0

B.—MAL.—SIUICRE AGUS MOLAS A BHEIDH DEANTA AR FAD AS BIATAS DO FASADH I SAORSTÁT ÉIREANN.

Cineál an Ais-Tarraic no an Liúntais

Méid no Ráta an Ais-Tarraic no an Liúntais.

(1) Ais-tarrac ar shiúicre no molás ar ar híocadh diúité d'easportáil, no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é d'úsáid mar stóranna luinge.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh alos an tsiúicre.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfear ar bord luinge no a lóisteálfar i mbanna-stóras chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (seachas beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre no molás ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh alos an mhéide sin den tsiúicre no den mholás is léir do sna Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh i Saorstát Éireann as siúicre ar ar híocadh an diúité máil agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é d'úsáid i ndéanamh biotáille     ... an cmt.

s.  d.

1  1

(5) Liúntas do ghlantóir ar mholás nár húsáideadh ach amháin mar bhia d'eallach stuic agus do rinneadh i Saorstát Éireann as siúicre ar ar híocadh an diúité máil     ... an cmt.

s.  d.

1  1

C.—MAL.—GACH EARRA EILE.

Cineál an Ais-Tarraic no an Liúntais

Méid no Ráta an Ais-Tarraic no an Liúntais

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité d'easportáil, no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é d'úsáid mar stóranna luinge.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfear ar bord luinge no a lóisteálfar i mbanna-stóras chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (seachas beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité do híocadh alos an mhéide sin den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is léir do sna Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh i Saorstát Éireann as siúicre ar ar híocadh an diúité máil do réir an ráta reatha agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é d'úsáid i ndéanamh biotáille     ...     ...     ...     an cmt.

s.  d.

5  0

(5) Ais-tarrac ar ghlúcós ar ar híocadh diúité do lóisteáil i stóras ar n-a cheadú ag na Coimisinéirí Ioncuim fé alt 2 den Manufactured Tobacco Act, 1863, chun tobac cavendish agus tobac negrohead do dhéanamh.

Suim is có-mhéid leis an ais-tarrac do bheadh iníoctha ar an nglúcós d'easportáil.

(6) Liúntas do ghlantóir ar mholás nár húsáideadh ach amháin mar bhia d'eallach stuic agus do rinneadh i Saorstát Éireann as siúicre ar ar híocadh an diúité máil do réir an ráta reatha     ...     ...     ...     an cmt.

s.  d.

5  0

CEAHRU SCEIDEAL.

DIUITE AR THORTHAI AMHA.

Uimh. Thag.

An Saghas Torthaí

Ráta an Diúité

1

Ubhla.

1d. an lb.

2

Piorraí.

1d. an lb.

3

Plumaí (ar a n-áirmhítear daimsíní, dulóisí, agus glas-phlumaí):—

(a) a hiomportálfar aon 1adh lá de Lúnasa no dá éis sin agus roimh an 31adh lá de Dheire Fómhair díreach ina dhiadh sin no an lá san.

2d. an lb.

(b) a hiomportálfar aon 1adh lá de Mhí na Samhna no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl díreach ina dhiaidh sin no an lá san.

1d. an 1b.

4

Silíní a hiomportálfar aon 24adh lá de Mheitheamh no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl díreach ina dhiaidh sin no an lá san.

3d. an 1b.

5

Súgha talmhan a hiomportálfar aon 15adh lá de Mheitheamh no dá éis sin agus roimh an 31adh lá d'Iúl díreach ina dhiaidh sin no an lá san.

3d. an 1b.

6

Súgha craobh (ar a n-áirmhítear sméara lógáin) a hiomportálfar aon 1adh lá d'Iúl no dá éis sin agus roimh an 31adh lá de Lúnasa díreach ina dhiaidh sin no an lá san.

3d. an 1b.

7

Cuiríní.

3d. an 1b.

8

Spiúnáin.

3d. an 1b.

CUIGIU SCEIDEAL.

DIUITETHE AR THOBAC.

CUID I.

DIUITE CUSTUM.

An Ráta Iomlán

(an 1b.)

An Ráta Tosaíochta

(an 1b.)

Tobac Nea-Dhéanta:—

s.

d.

s.

d.

Má bhíonn sé scamhaite no na loirgne bainte as:—

Agus 10 1b. no níos mó d'fhliuchra i ngach 100 1b. meáchainte dhe     ...     ...     ...

10

--

Agus níos lugha ná 10 1b. d'fhliuchra i ngach 100 1b. meáchainte dhe     ...     ...     ...

11

--

Má bhíonn sé gan bheith scamhaite no gan na loirgne bheith bainte as:—

Agus 10 1b. no níos mó d'fhliuchra i ngach 100 1b. meáchainte dhe     ...     ...     ...

10

0

--

Agus níos lugha ná 10 1b. d'fhliuchra i ngach 100 1b. meáchainte dhe     ...     ...     ...

11

1

--

Tobac Déanta, eadhon:—

s.

d.

s.

d.

Todóga     ...     ...     ...     ...     ...     ...

19

1

15

10⅚

Toitíní     ...     ...     ...     ...     ...     ...

15

5

12

10⅙

Cavendish no Negrohead     ...     ...     ...     ...

14

7

12

1⅚

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna

12

8

10

6⅔

Tobac Déanta eile     ...     ...     ...     ...

12

8

10

6⅔

Snaois agus níos mó ná 13 1b. d'fhliuchra i ngach 100 1b. meáchainte dhi     ...     ...     ...

12

0

10

0

Snaois agus gan níos mó ná 13 1b. d'fhliuchra i ngach 100 1b. meáchainte dhi     ...     ...

14

7

12

1⅚

Cuid II.

DIUITETHE MAIL.

Tobac Nea-dhéanta, eadhon:—

s.

d.

Go mbeidh 10 1b. no níos mó d'fhliuchra i ngach 100 1b. meáchainte dhe     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an 1b.

9

2

Go mbeidh níos lugha ná 10 1b. d'fhliuchra i ngach 100 1b. meáchainte dhe     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

10

2

Tobac Déanta, eadhon:—

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna     ...     ...

,,

11

11

Cuid III.

Tobac Nea-dhéanta, eadhon:—

s.

d.

Go mbeidh 10 1b. no níos mó d'fhliuchra i ngach 100 1b. meáchainte dhe     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an 1b.

8

0

Go mbeidh níos lugha ná 10 1b. d'fhliuchra i ngach 100 1b. meáchainte dhe     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

8

11

Tobac Déanta, eadhon:—

Cavendish no Negrohead do rinneadh fé Bhanna     ...     ...

,,

10

5

SEU SCEIDEAL.

DIUIT AR BHROGA AGUS AR BHROGA ISLE.

Uimh. Thag.

An Saghas Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

1

Bróga agus bróga ísle go mbeidh a n-uachtair déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus de chroiceann, no de cheachtar acu san, ach gan áireamh do dhéanamh ar bhróga bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de chúitsiúc, d'abhar do rinneadh díonach le cúitsiúc, d'abhar do clúduíodh le cúitsiúc no de dhá abhar no níos mó acu san le chéile.

Méid is có-ionann le triocha per cent. de luach na hearra.

2

Buinn chumtha, sála cumtha, uachtair chumtha, agus páirteanna cumtha de bhuinn, de shála, no d'uachtair agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu san.

Méid is có-ionann le triocha per cent. de luach na hearra.

3

Bróga agus bróga ísle ná beidh a n-uachtair déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus de chroiceann ná de cheachtar acu san, ach gan áireamh do dhéanamh ar bhróga bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de chúitsiúc, d'abhar do rinneadh díonach le cúitsiúc, d'abhar de clúduíodh le cúitsiúc no de dhá abhar no níos mó acu san le chéile ná fós ar bhróga ísle go mbeidh a mbuinn déanta ar fad no go leathrannach de chúitsiúc no d'abhar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is cúitsiúc saordha no bréige no is abhar ina bhfuil cúitsiúc mar tháthchuid.

Méid is có-ionann le fiche per cent. de luach na hearra.

4

Buinn chumtha, sála cumtha, uachtair chumtha, agus páirteanna cumtha de bhuinn, de shála, no d'uachtair, ná beidh déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus de chroiceann ná de cheachtar acu san.

Méid is có-ionann le fiche per cent. de luach na hearra.

5

Bróga bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de chúitsiúc, d'abhar do rinneadh díonach le cúitsiúc, d'abhar do clúduíodh le cúitsiúc no de dhá abhar no níos mó acu san le chéile.

Pé ráta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) más mó ná naoi n-órlach mór-fhaid na bróige o sháil go rinn lasmuich—dhá scilling an bhróg:

(b) maran mó ná naoi n-órlach an mhórfhaid sin—naoi bpingne an bhróg.

6

Bróga ísle go mbeidh a mbuinn déanta ar fad no nách mór ar fad de chúitsiúc no d'abhar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is cúitsiúc saordha no bréige no is abhar ina bhfuil cúitsiúc mar tháthchuid, agus ná beidh a n-uachtair déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu san.

Sé pingne an bhróg íseal.

SEACHTU SCEIDEAL.

DEIREADH DO CHUR LE DIUITETHE AIRITHE CUSTUM.

Cuid I.

DIUITETHE FORCHUIRTEAR LEIS AN ACHT AIRGID. 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ).

Uimh. Thag.

An tAchtachán le n-a bhForchuirtear no le n-a Mínítear an Diúité

Mion-innste ar an Diúité

Tuairisc Ghenerálta an Diúité

1

Alt 16.

An diúité forchuirtear leis an Alt san 16, ach sa mhéid sin amháin go bhfuil sé inéilithe ar chluig agus ar chompáirteanna de chluig.

An diúité ar chluig agus ar pháirteanna de chluig.

2

Céad Sceideal, uimhir thagartha 13.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 13.

An diúité ar shnasáin áirithe.

3

Céad Sceideal, uimhir thagartha 27.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 27, ach sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe ar earraí luaidhtear i mír (a) sa dara colún ag an uimhir thagartha san.

An diúité ar earraí scianadóirehta áirithe de chruaidh no d'iarann.

Cuid II.

DIUITETHE FORCHUIRTEAR LEIS AN ACHT AIRGID (DIUITETHE CUSTUM) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) .

4

Céad Sceideal, uimhir thagartha 6.

An diúite luaidhtear ag an uimhir thagartha san 6.

An diúité ar cheangail chufa, bocóidí, etc. áirithe.

5

Céad Sceideal, uimhir thagartha 19.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 19.

An diúité ar shaghsanna áirithe cloiche.

6

Céad Sceideal, uimhir thagartha 21

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 21, mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 7 sa tSeachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

An diúité ar abhar dín agus ar abhair a húsáidtear in ionad feilte.

Cuid III.

DIUITE FORCHUIRTEAR LEIS AN ACHT AIRGID, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

Uimh. Thag.

An tAchtachán le n-a bhForchuirtear no le n-a Mínítear an Diúité

Mion-innste ar an Diúité

Tuairisc Ghenerálta an Diúité

7

Alt. 6.

An diúité forchuirtear leis an alt san 6 mar a leasuítear san le halt 21 den Acht Airgid, 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ).

An diúité ar thorthaí áirithe.

Cuid IV.

DIUITETHE FORCHUIRTEAR LEIS AN ACHT AIRGID, 1934 (Uimh. 31 de 1934) .

8

Céad Sceideal, uimhir thagartha 17.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 17.

An diúité ar thorthaí áirithe i stáin.

9

Céad Sceideal, uimhir thagartha 19.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 19.

An diúité ar fhrámaí miotail áirithe i gcóir fuinneog.

OCHTU SCEIDEAL.

ACHTANNA AIRGID AIRITHE DO LEASU.

Cuid I.

ACHT AIRGID (DIUITETHE CUSTUM) (Uimh. 2) 1931 ( Uimh. 39 de 1931 ).

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

1

Fo-alt (3) d'alt I, mar a leasuítear san le halt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ).

(a) Déanfar an diúité forchuirtear leis an bhfo-alt san (3) d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le dachad per cent. de luach na hearra in ionad an ráta ceaptar leis an alt san 5; agus

(b) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin.

Atharú ar ráta an diúité ar ughaim.

Cuid II.

ACHT AIRGID, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

2

Alt 22, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin.

Cuirfear na focail agus na míreanna so leanas i ndeireadh fo-ailt (7) den alt san 22, sé sin le rá:—

“agus

(j) ullamhóidí chun snasuithe de gach saghas, agus

(k) cóirithe máinliaghachta d'abhar fhigheadóireachta.”

Cur leis na hearraí is ionchurtha fé dhiúité pacáiste.

3

Alt 24.

(a) Déanfar an diúité forchuirtear leis an alt san 24 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc, alos earraí le n-a mbaineann mír

(b) d'fho-alt (I) den alt san, do réir ráta scillinge an púnt in ionad an ráta luaidhtear san alt san, agus (b) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin nuair is inéilithe dho do réir ráta scillinge an púnt do réir na míre sin roimhe seo.

Atharú ar ráta an diúité ar éanlaithe clóis marbha agus ar éanlaithe fiadhaine marbha.

4

Céad Sceideal, uimhir thagartha 8.

(a) Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 8 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, agus

(b) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin.

Atharú ar an ráta diúité ar thaos gloine, ar phéinteanna agus ar uiscephéinteanna.

5

Céad Sceideal, uimhir thagartha 35.

Cuirfear na focail seo leanas i ndeireadh an dara colúin, sé sin le rá:—

“ná fós teanntáin i gcóir raicéidí a húsáidtear in aon chluiche tennis, tennis faithche, badminton, no raicéad no in aon chluiche dá samhail sin.”

Teann t á i n do raicéidí do dhúnadh amach ón diúité ar riachtanaisí i gcóir spóirt.

Cuid III.

ACHT AIRGID (DIUITETHE CUSTUM) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineál an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

6

Céad Sceideal, uimhir thagartha 9.

Cuirfear an fhoráil seo leanas sa chúigiú colún, sé sin le rá:—

“Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.”

An diúité ar líontóirí agus licíní do bhoscaí i gcóir ubh.

7

Céad Sceideal, uimhir thagartha 14.

(a) Cuirfear an fho-mhír seo leanas i ndeireadh míre (b) sa dara colún, sé sin le rá:—

“(12) plátaí cuimhneacháin agus táibhléid chuimhneacháin.”

agus

(b) i mír (d) sa dara colún (mír do cuireadh isteach tré leasú ag uimhir thagartha 9 sa tSeachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) ) scriosfar amach na focail “órlach go leith” agus cuirfear isteach na focail “dhá órlach go dtrí cheathrú” in ionad na bhfocal san a scriostar amach amhlaidh.

An diúité ar earraí áirithe práis, cré-umha, etc.

8

Céad Sceideal, uimhir thagartha 16.

(a) Cuirfear an fho-mhír seo leanas le mír (d) (mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin) sa dara colún, sé sin le rá:—

“(49) teanntáin i gcóir raicéidí a húsáidtear in aon chluiche tennis, tennis faithche, badminton, no raicéad, no in aon chluiche dá samhail sin,” agus

(b) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 16, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an leasú deintear leis an mír sin roimhe seo.

An diúité ar earraí áirithe adhmaid.

9

Dara Sceideal, uimhir thagartha 5.

(a) Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 5 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta dhá scilling an púnt in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, agus

(b) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin.

Atharú ar ráta an diúité ar fheoil i stáin, etc.

Cuid IV.

ACHT AIRGID, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

10

Céad Sceideal, Cuid I, uimhir thagartha 5.

(a) Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 5 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le dachad per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san, agus

(b) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin.

Atharú ar ráta an diúité ar pheileanna leathair.

11

Céad Sceideal, Cuid I, uimhir thagartha 14.

(a) I mír (e) sa dara colún scriosfar amach na focail “dhá órlach agus trí ochtú” agus cuirfear na focail “trí órlach go leith” in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus

(b) ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 14, pe'ca is do réir an ráta luaidhtear sa triú colún ag an uimhir thagartha san no do réir ráta luaidhtear in alt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 ( Uimh. 52 de 1933 ), is inéilithe don diúité sin.

An diúité ar bhuidéil ghloine fholmha agus ar chrúscaí gloine folmha.

Cuid V.

ACHT AIRGID (DIUITETHE CUSTUM AGUS MAIL), 1933 (Uimh. 52 de 1933) .

12

Céad Sceideal, uimhir thagartha 8.

Sa dara colún, scriosfar amach na focail “no leacacha” agus cuirfear na focail “leacacha, piléir, no postaí” in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Leathnú ar an diúité ar bhrící, ar bhluic, etc., de stroighin.

13

Céad Sceideal, uimhir thagartha 10

Cuirfear na forálacha so leanas isteach sa cheathrú colún, sé sin le rá:—

“Ní bhainfidh alt 25 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, agus, dá réir sin, ní bheidh an t-éileamh minimum a forchuirtear leis an alt san inéilithe alos an diúité sin. Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.”

An diúité ar abhar clóbhuailte áirithe.

Cuid VI.

ACHT AIRGID, 1934 (Uimh. 31 de 1934) .

14

Céad Sceideal, uimhir thagartha 5

Cuirfear na míreanna so leanas i ndeireadh an dara cholúin, sé sin le rá:—

“(h) caibinéidí chun seasctha do dhéanamh ar úirlisí déiríochta no uachtarlainne no ar bhuidéil sheachadtha bainne no ar na húirlisí sin agus ar na buidéil sin le chéile;

(i) iomair nigheacháin.”

Leathnú ar an diúité ar earraí d'iarann no de chruaidh ghalbhánuithe.

15

Céad Sceideal, uimhir thagartha 6.

Cuirfear an mhír seo leanas i ndeireadh an dara cholúin, sé sin le rá:—

“(v) ceangail a bheidh, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, de shaghas is oiriúnach chun iad d'úsáid maidir le píopaí geas, píopaí uisce, no píopaí camraíochta bhíonn fé thalamh agus nách lugha ná trí órlach agus nách mó ná cúig órlach déag trastomhas inmheánach gach oscailte ionta, ach gan aon cheangail den tsórt san d'áireamh a bheidh, ag dhá oscailt no níos mó, déanta chun iad do shiúntáil le boltaí no le stodaí.”

Leathnú ar an diúité ar earraí d'iarann teilgthe.

16

Céad Sceideal, uimhir thagartha 15.

Cuirfear an mhír seo `leanas i ndeireadh an dara cholúin, sé sin le rá:—

“(c) earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is basa no lorga atá oiriúnach chun iad d'úsáid mar chompáirteanna de sna cleatha no de sna bataí luaidhtear sa mhír (b) roimhe seo agus iomlán gach ceann acu no cuid mhaith de déanta dar leis na Coimisinéirí Ioncuim.”

Leathnú ar an diúité ar chleatha golf.

17

Céad Sceideal, uimhir thagartha 16.

Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 16 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le dachad per cent de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

Atharú ar ráta an diúité ar mhálaí áirithe leathair, etc.

18

Céad Sceideal, uimhir thagartha 21

I mír (c) sa dara colún, scriosfar amach an focal “chadás” agus cuirfear isteach na focail “dhéanmhas chadáis fhighte” in ionad an fhocail a scriostar amach amhlaidh.

An diúité ar earraí áirithe d'abhar fhighte

19

Céad Sceideal, uimhir thagartha 23.

Déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha san 23 d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc do réir ráta is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa tríú colún ag an uimhir thagartha san.

Atharú ar an diúité ar fhiar-fháithim.

Cuid VII.

ACHT AIRGID (FORALACHA ILGNEITHEACHA), 1935 (Uimh 7 de 1935) .

Uimh. Thag.

An tAlt no an Sceideal a Leasuítear

Cineá an Leasuithe

Abhar Generálta an Leasuithe

20

Alt 1.

I bhfo-alt (2) den alt san I, scriosfar amach mír (b) agus cuirfear an mhír seo leanas isteach sa bhfo-alt san in ionad na míre scriostar amach amhlaidh, sé sin le rá:—

“(b) ar aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh é bheith beartuithe í d'úsáid i Saorstát Éireann in aon phróiseas dathuithe earraí fighte bheidh ar siúl mar thrádáil no in aon phróiseas glanta earraí d'aon tsaghas a bheidh ar siúl mar thrádáil.”

Leathnú ar an saoirse ón diúité ar íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil.