27 1935


Uimhir 27 de 1935.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDUITHE DO DHAINGNIÚ), 1935.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDUITHE ÁIRITHE DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 . [29adh Iúl, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Orduithe do dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe uile agus fé seach a hainmnítear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Na mion-innste luaidhtear sa tríú colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so cuirtear sa Sceideal san iad chun gurbh usa-de abhar na nOrduithe uile agus fé seach a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san d'aithint agus chuige sin amháin, agus dá réir sin ní dhéanfaidh éinní atá sa tríú colún san deifir do léiriú an ailt seo no an Sceidil sin ná ní dhéanfaidh teorannú ná rialú ar oibriú an ailt seo ná ar oibriú an dara colúin den Sceideal san.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Orduithe do Dhaingniú). 1935, do ghairm den Acht so,

SCEIDEAL.

Uimh. Thag.

Teideal an Orduithe

Abhar Generalta an Orduithe

1

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 58), 1934.

Ráta an diúité mháil ar chonablaigh mhuice do mhéadú.

2

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 60), 1935.

Diúité custum do ghearradh ar dhubhach.

3

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 64), 1935.

Diúité custum do ghearradh ar earraí scianadóireachta.

4

An tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 66), 1935.

Diúitéthe máil do ghearradh maidir le roth - bhuinn áirithe.