25 1935


Uimhir 25 de 1935.


ACHT LEITHREASA, 1935.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A SÉ TRIOCHAD AGUS CHUN NA SOLÁTHAR A DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS.

[26adh Iúl, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

DEONTAISI AS AN bPRIMH-CHISTE.

£17,240,796 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim seacht milleon déag, dhá chéad agus dachad míle, seacht gcéad agus sé púint nóchad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a sé triochad.

Comhacht don Aire Airgid chun airgid d'fháil ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar seacht milleon déag, dhá chéad agus dachad míle, seacht gcéad agus sé púint nóchad d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimhíoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urrús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas.

3. —(1) Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an tsoláthair a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim naoi milleon fichead, cúig chéad agus dhá mhíle ochtód, ocht gcéad agus trí púint cheathrachad, cuirtear iad i leithreas agus tuigfear iad do bheith curtha i leithreas o dháta rithte na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis sin. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfear gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so.

(2) I dteanta na suimeanna deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim dhá mhilleon, dhá chéad agus trí mhíle, ceithre chéad agus seacht bpúint fhichead do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Dearbhú is gá dhéanamh i gcásanna áirithe sara bhfuigfear suimeanna cuireadh i leithreas.

4. —(1) Ní bhfuighidh duine aon chuid de dheontas a deonfar do réir an Achta so, i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla, go dtí go ndéanfaidh pé dearbhú a hordófar o am go ham le barántas ón Aire Airgid do shighniú i bhfianaise duine de sna daoine a hordófar sa bharántas san:

Ach má deintear aon íocaíocht den tsórt san níos minicí ná uair sa ráithe féadfaidh an tAire Airgid cead do thabhairt gan ach aon dearbhú amháin do thabhairt i láthair in aghaidh gach ráithe.

(2) Einne dhéanfaidh dearbhú chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phone táchtach de, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar triocha púnt do chur air.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1935 , do ghairm den Acht so.

AN ACHMAIREACHT AR SCEIDIL (A) AGUS (B) DA dTAGARTAR SAN ACHT SO.

Sceideal (A).

DEONTAISI.

Deontaisí as an bPrímh-Chiste

......

...

...

...

...

£29,582,843

Sceideal (B).

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Suimeanna ná raghaidh thar

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí-igCabhair

£

s.

d.

£

s.

d.

1934-35 (Breis)

...

...

...

...

2,170,047

0

0

193,760

0

0

1935-36

...

...

...

...

...

27,412,796

0

0

2,009,667

0

0

An tIomlán

...

...

...

29,582,843

0

0

2,203,427

0

0

Sceideal (A).

DEONTAISI AS AN bPRÍMH-CHISTE.

£

s.

d.

Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1935:

Fé Acht Uimh. 8 de 1935

...

...

...

...

2,170,047

0

0

Chun Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31adh Márta, 1936:

Fé Acht Uimh. 8 de 1935

...

...

...

...

10,172,000

0

0

Fén Acht so

...

...

...

...

...

...

17,240,796

0

0

An tIomlán

...

...

...

...

...

£29,582,843

0

0

Sceideal (B).

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Cuid I.

Sceideal de shuimeanna Breise deonadh agus de shuimeanna féadar a chur mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteanta san chun íoctha muireacha na Seirbhísí Puiblí uile agus fé seach a luaidhtear anso go sonnrách i gcóir na bliana dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1935.

 

Vóta Uimh.

Teideal

Suimeanna ná raghaidh thar

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

2

Chun Tuarastail agus Costaisí an Oireachhtais, maraon le Deontais-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...     ...

10

--

10

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nOibreacha Puiblí (1 & 2 Will: 4, c. 33, a. 5 agus 6; 5 & 6 Vict., c. 89, a. I agus 2; 9 & 10 Vict., c. 86, a. 2, 7 agus 9; etc.)     ...     ...     ...     ...     ...

10

--

11

Chun Caiteachais i dtaobh Foirgintí Puiblí; chun Coinneáil-suas Páirceanna agus Oibreacha Puiblí áirithe; chun Déanamh agus Coinneáil-suas Oibreacha Dréineála agus chun loingseoireacht Abha na Sionainne d'fheabhsú     ...

68,000

--

12

Chun Tuarastail agus Costaisí na Saotharlainne Stáit     ...     ...     ...

300

--

13

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na Stát-Sheirbhíse ( Uimh. 5 de 1924 , agus Uimh. 41 de 1926 ), agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla ( Uimh. 39 de 1926 )     ...     ...     ...

3,821

--

21

Chun Costaisí Ilghnéitheacha áirithe, maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair

950

--

22

Chun Páipéarachais, Clódóireachta, Páipéir, Greamuíochta, agus Leabhra Clóbhuailte i gcóir na Seirbhíse Puiblí; chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an tSoláthair; agus chun Ilsheirbhísí Ilghnéitheacha, maraon le Tuairiscí Díospóireachtaí an Oireachtais agus Deontas-i-gCabhair     ...     ...     ...

6,003

175

25

Chun an Deontais Talmhaíochta do mhéadú ( Uimh. 35 de 1925 ; Uimh. 28 de 1931 agus Uimh. 1 de 1935 )     ...

470,000

--

26

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Phríomh-Atúrnae, etc., agus chun Costaisí Coir-Phróiseacht agus Dlí-Mhuirearacha eile, maraon le Deontas i gcabhair do Chostaisí áirithe is iníoctha amach as Rátaí Áitiúla do réir Reachta

7,438

100

27

Chun Costaisí i dtaobh Longlainne Inis Sionnach     ...     ...     ...     ...     ...

10

--

28

Chun Deontaisí do Phríomh-Scoileanna agus do Choláistí (8 Edw. 7, c. 38; Uimh. 42 de 1923 ; Uimh. 32 de 1926 ; Uimh. 35 de 1929 ; agus Uimh. 27 de 1934 )     ...     ...     ...     ...     ...

150

--

33

Chun Tuarastail agus Costaisí an Ghárda Síochána ( Uimh. 7 de 1925 )     ...     ...

35,985

--

38

Chun Tuarastail agus Liúntaisí agus Costaisí Oifigeacha Cúirte Cuarda, Leas-Bhreithiún gCuarda agus Udarásanna Clárathachta áitiúla áirithe; agus chun Costaisí Ath-fhéachainte Liostaí Vótálaithe agus Coisteoirí ( Uimh. 27 de 1926 , etc.)     ...     ...     ...     ...

10

4,270

41

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, maraon le Deontaisí agus Costaisí eile bhaineann le Tógáil Tithe, Deontaisí d'Údaráis Áitiúla, Ildeontaisí Ilghnéitheacha agus Ildeontaisí-igCabhair, agus muirearacha áirithe mar gheall ar Ospidéil     ...     ...     ...

10

--

44

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí i dtaobh Riaracháin na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, agus chun Ilsíntiúisí agus Ildeontaisí, ar a n-áirmhítear Deontaisí áirithe i gCabhair mar gheall ar Chostas Sochar agus Costaisí Riaracháin fé sna hAchtanna san     ...     ...     ...     ...

3,589

20

47

Chun Meadhon-Oideachais, maraon le Deontas Thuarastal na Múinteoirí, Deontas Ceann-tsraithe agus Breis-Thuarastal do Mhúinteoirí Meadhon-Scoileanna     ...     ...     ...     ...

5,175

--

49

Chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireachtaí Eolaíochta agus Ealadhan agus Ildeontaisí-i-gCabhair, etc.     ...

1,210

--

52

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Talmhaíochta agus Seirbhísí áirithe atá fé riaradh na hOifige sin, maraon le hIldeontaisí-i-gCabhair     ...     ...     ...

182,440

71,000

53

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Iascach Mara agus Intíre, maraon le hIldeontaisí-i-gCabhair     ...     ...     ...

10

3,706

56

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Choimisiún Talmhan na hÉireann (44 & 45 Vict., c. 49, a. 46, agus c. 71, a. 4; 48 & 49 Vict., c. 73, a. 17, 18 agus 20; 53 & 54 Vict., c. 49, a. 2; 54 & 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; Uimh. 27 agus Uimh. 42 de 1923 ; Uimh. 25 de 1925 ; Uimh. 11 de 1926 ; Uimh. 19 de 1927 ; Uimh. 31 de 1929 ; Uimh. 11 de 1931 ; Uimh. 33 agus Uimh. 38 de 1933 agus Uimh. 11 de 1934 )     ...

38,150

7,800

57

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tionnscail agus Tráchtála, maraon le Coiste Comhairlitheach na Rátaí agus Deontas-i-gCabhair     ...     ...     ...

34,000

--

58

Chun Iocaíochtanna fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , agus chun crícheanna eile bhaineann le hIompar in Éirinn     ...

2,356

106,689

61

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Arachais Díomhaointis agus Malartán Fostuíochta (maraon le Síntiúisí do Chiste an Díomhaointis) agus i dtaobh Conganta Díomhaointis (9 Edw. 7, c. 7; 10 & 11 Geo. 5, c. 30; 11 Geo. 5, c. 1; 11 & 12 Geo. 5, c. 15; 12 Geo. 5, c. 7; Uimh. 17 de 1923 ; Uimh. 26 agus Uimh. 59 de 1924 ; Uimh. 21 de 1926 ; Uimh. 33 de 1930 ; agus Uimh. 44 agus Uimh. 46 de 1933 ), agus seirbhísí áirithe fén Acht um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934 (Uimh. 42 de 1934)      ...

10

--

66

Chun Pinsean Créachta agus Mi-ábaltachta, Pinsean Breise agus Pinsean Fear Pósta, Liúntaisí agus Aiscí ( Uimh. 26 de 1923 ; Uimh. 12 de 1927 agus Uimh. 24 de 1932 ) agus chun Pinsean Seirbhíse Míleata ( Uimh. 48 de 1924 agus Uimh. 43 de 1934 ) agus chun Síntiúisí agus Costaisí iolardha ina dtaobh san, etc.     ...     ...     ...     ...

11,200

--

67

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Gnóthaí Coigríche agus seirbhísí áirithe atá fé riaradh na hOifige sin ( Uimh. 16 de 1924 ), maraon le Deontaisí-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...     ...

349

--

69

Chun Síntiúisí i gcóir Fóirithinte ar Dhíomhaointeas agus ar Ghátar     ...

150,000

--

70

Chun Deolchairí, Conganta Airgid, etc., alos Easportála     ...     ...     ...     ...

893,000

--

72

Chun Roimh-íoc do dhéanamh leis an gCiste Urraíochta     ...     ...     ...

250,000

--

73

Chun Deolchairí ar shiúicre do rinneadh as biatas dúthchais, ar thobac do rinneadh as duille dúthchais, agus ar íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do rinneadh sa bhaile, agus ar a n-íoctar ais-tarrac     ...     ...     ...     ...     ...

5,020

--

74

Chun Roimh-íocanna Ilghnéitheacha áirithe d'aisíoc leis an gCiste Teagmhais     ...     ...     ...     ...

841

--

Iomlán Coda I     ...     ...     ...

£2,170,047

193,760

Sceideal (B).

Cuid II.

Sceideal de shuimeanna deonadh agus de shuimeanna féadfar a chur mar Leithreasaí-i-gCabhair ina dteanta san chun íochta muirearacha na Seirbhísí Puiblí uile agus fé seach a luaidhtear anso go sonnrách agus a thiocfaidh chun bheith iníochta i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1936.

 

Vóta Uimh.

Teideal

Suimeanna ná raghaidh thar

Deontaisí Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

1

Chun Tuarastail agus Costaisí Teaghlachas an tSeanascail ( Uimh. 14 de 1923 )     ...     ...     ...     ...     ...

2,000

--

2

Chun Tuarastail agus Costaisí an Oireachtais, maraon le Deontas-i-gCabhair     ...     ...     ...     ...     ...

113,631

--

3

Chun Tuarastail agus Costaisí Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle ( Uimh. 16 de 1924 )     ...     ...     ...

11,431

--

4

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Ard-Scrúdóra ( Uimh. 1 de 1923 ), maraon le hOifig Iniúchóireachta an Arachais Náisiúnta     ...     ...     ...

16,105

--

5

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Airgid, maraon le hOifig an Phághmháistir Ghenerálta     ...     ...

63,019

--

6

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na gCoimisinéirí Ioncuim, le n-a n-áirmhítear Seirbhísí áirithe eile atá fé riaradh na hOifige sin     ...     ...     ...     ...

725,703

19,080

7

Chun Pinsean Sean-aoise (8 Edw. 7, c. 40; 1 agus 2 Geo. 5, c. 16; 9 agus 10 Geo. 5, c. 102; Uimh. 19 de 1924 ; Uimh. 1 de 1928 , agus Uimh. 18 de 1932 ); chun Pinsean do Dhaill ( Uimh. 18 de 1932 ); agus chun Costaisí Riaracháin áirithe bhaineann leo san     ...     ...     ...

3,456,700

600

9

Chun Tuarastail agus Costaisí eile Coimisiún, Coistí, agus Fiosrúchán Speisialta     ...     ...     ...     ...     ...

11,471

--

10

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nOibreacha Puiblí (1 & 2 Will. 4, c. 33, a, 5 agus 6; 5 & 6 Vict., c. 89, a. 1 agus 2; 9 & 10 Vict., c. 86, a. 2, 7 agus 9, &c.)     ...     ...     ...     ...     ...

99,553

13,820

11

Chun Caiteachais i dtaobh Foirgintí Puiblí; chun Coinneáil-suas Páirceanna agus Oibreacha Puiblí áirithe; agus chun Déanamh agus Coinneáil-suas Oibreacha Dréineála     ...     ...     ...

889,216

65,260

12

Chun Tuarastail agus Costaisí na Saotharlainne Stáit     ...     ...     ...

7,379

--

13

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na Stát-Sheirbhíse ( Uimh. 5 de 1924 , agus Uimh. 41 de 1926 ), agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla ( Uimh. 39 de 1926 )     ...     ...     ...

19,040

--

14

Chun íocaíochtanna i dtaobh mille no díobháil do Mhaoin fé sna hAchtanna um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 go 1933, agus ar shlite eile     ...

109,750

--

15

Chun íocaíochtanna áirithe Cúitimh i dtaobh Leonta Pearsanta no Báis     ...

1,607

--

16

Chun Pinsean, Aois-Liúntais, Cúitimh, agus Liúntaisí agus Aiscí, Breise agus eile, fé reachtanna iolardha (4 & 5 Will. 4, c. 24; 22 Vict., c. 26; 50 & 51 Vict., c., 67; 55 & 56 Vict., c. 40; 6 Edw. 7, c. 58; 9 Edw. 7, c. 10; 4 & 5 Geo. 5, c. 86; 9 & 10 Geo. 5, c. 67; 9 & 10 Geo. 5, c. 68; 10 & 11 Geo. 5, c. 36; Uimh. 1 de 1922 ; Uimh. 34 de 1923 ; Uimh. 7 de 1925 ; Uimh. 27 de 1926 ; Uimh. 11 de 1929 ; Uimh. 36 de 1929 ; Uimh. 9 de 1934 ; etc.); Pinsean, Liúntaisí agus Aiscí nách cinn Reachtúla agus a dheon an tAire Airgid; Tuarastail an Dochtúra Réitigh agus corr-tháillí do Dhochtúirí; etc.     ...     ...     ...     ...     ...

451,090

955

17

Chun Rátaí agus Síntiúisí in ionad Rátaí etc., i dtaobh Maoine Rialtais     ...

89,600

2,870

18

Chun Seirbhíse Seicréidighe     ...     ...

20,000

--

19

Chun Tuarastail agus Costaisí Coimisiún na nDleacht ( Uimh. 40 de 1926 agus Uimh. 31 de 1930 ), agus Coimisiún na Marcanna Earraí Ceannaíochta ( Uimh. 48 de 1931 )     ...     ...     ...     ...

5,324

--

20

Chun Costaisí fén Acht Timpeal Toghachán, 1923 , agus fé Acht na nGiúirithe, 1927      ...     ...     ...     ...     ...

17,500

--

21

Chun Costaisí Ilghnéitheacha áirithe, maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair.

9,255

--

22

Chun Páipéarachais, Clódóireachta, Páipéir, Greamuíochta, agus Leabhra Clóbhuailte i gcóir na Seirbhíse Puiblí; chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an tSoláthair; agus chun Ilsheirbhísí Ilghnéitheacha, maraon le Tuairiscí Díospóireachtaí an Oireachtais     ...

131,642

29,210

23

Chun Tuarastail agus Costaisí na Luachála Generálta agus na Suirbhéireachta Teorann (15 & 16 Vic., c. 63; 17 Vict., c. 8; 17 Vict., c. 17; 20 & 21 Vict., c. 45; 22 & 23 Vict., c. 8; 23 Vict., c. 4; 27 & 28 Vict., c. 52; 37 & 38 Vict., c. 70; 61 & 62 Vict., c. 37; Uimh. 19 de 1923 ; Uimh. 3 de 1927 ; Uimh. 27 de 1930 ; Uimh. 27, Uimh. 47, agus Uimh. 55 de 1931 ; agus Uimh. 19 de 1932 ; Ordú Rialtais Áitiúla (Achtacháin d'Oiriúnú agus do chur i mBaint), 1925); maraon le Luacháil Diúité Estáit (10 Edw. 7, c. 8), etc.     ...     ...     ...     ...     ...

29,714

6,970

24

Chun Tuarastail agus Costaisí na Suirbhéireachta Ordonáis agus MiontSeirbhísí ar a n-áirmhítear Macsamhla de Láimhscríbhinní Seanda do dhéanamh

34,599

4,180

25

Chun an Deontais Talmhaíochta do mhéadú ( Uimh. 35 de 1925 agus Uimh. 28 de 1931 )     ...     ...     ...     ...

900,989

--

26

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Phríomh-Atúrnae, etc., agus chun Costaisí Coir-Phróiseacht agus Dlí-Mhuirearacha eile, maraon le Deontas i gCabhair do Chostaisí áirithe is iníoctha amach as Rátaí Áitiúla do réir Reachta

63,239

1,200

27

Chun Costaisí i dtaobh Longlainne Inis Sionnach     ...     ...     ...     ...     ...

7,585

--

28

Chun Deontaisí do Phríomh-Scoileanna agus do Choláistí (8 Edw. 7, c. 38; Uimh. 42 de 1923 ; Uimh. 32 de 1926 ; Uimh. 35 de 1929 ; agus Uimh. 27 de 1934 )     ...     ...     ...     ...     ...

158,800

--

29

Chun Deontais-i-gCabhair do Thaighde agus d'Fhorbairt maidir le Baiterí Leictreachais     ...     ...     ...     ...

16,000

--

30

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an tSaor-Chíosa     ...     ...     ...     ...

3,451

--

31

Chun Luach Saothair alos Costais Bhainistí Stoc Rialtais is le Saorstát Éireann

15,445

--

32

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Dlí agus Cirt     ...     ...     ...

34,157

--

33

Chun Tuarastail agus Costaisí an Ghárda Síochána ( Uimh. 7 de 1925 )     ...     ...

1,879,478

9,070

34

Chun Costaisí Príosún, na Fundúireachta Borstal, agus Coinneáil-suas na nGealt gCuirpthe a coinnítear in Oispidéil Mheabhar-Ghalar Cheanntair (17 & 18 Vict., c. 76; 34 & 35 Vict., c. 112, a. 6; 40 & 41 Vict., c. 49; 47 & 48 Vict., c. 36; 61 & 62 Vict., c. 60; 1 Edw. 7, c. 17, a. 3; 8 Edw. 7, c. 59; agus 4 & 5 Geo. 5, c. 58)     ...     ...     ...     ...     ...

72,251

7,742

35

Chun pé cuid de Thuarastal agus de Chostaisí na Cúirte Dúithche nách muirear ar an bPrímh-Chiste ( Uimh. 10 de 1924 , ailt 70 agus 76; Uimh. 27 de 1926 , ailt 49 agus 50; agus Uimh. 15 de 1928 , alt 13)     ...     ...     ...

38,653

--

36

Chun pé cuid de Thuarastal agus de Chostaisí Chúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt an Bhreithiúnais nách muirear ar an bPrímh-Chiste ( Uimh. 27 de 1926 )

49,511

2,010

37

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Chlárathachta na Talmhan agus Oifig Chlárathachta na nDintiúirí     ...     ...

47,102

--

38

Chun Tuarastail agus Liúntaisí agus Costaisí Oifigeacha Cúirte Cuarda, Leas-Bhreithiún gCuarda agus Udarásanna Clárathachta Áitiúla áirithe; Costaisí Taistil Breithiún gCuarda; agus Costaisí Ath-fhéachainte Liostaí Vótálaithe agus Coisteoirí ( Uimh. 27 de 1926 , etc.)     ...     ...     ...     ...

55,305

26,100

39

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na nAnnálacha Puiblí agus Coimeádaí na Stát-Pháipéar, Baile Atha Cliath (30 & 31 Vict., c. 70; 38 & 39 Vict., c. 59; agus 39 & 40 Vict., c. 58)     ...     ...

4,754

--

40

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig na dTabhartas agus na dTiomanta Déirciúla (7 & 8 Vict., c. 97, a. 7 agus 8; 30 & 31 Vict., c. 54, a. 24; agus 34 & 35 Vict., c. 102)     ...     ...     ...     ...

2,955

48

41

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, maraon le Deontaisí agus Costaisí eile bhaineann le Tógáil Tithe, Deontaisí d'Údaráis Áitiúla, Ildeontaisí Ilghnéitheacha agus Ildeontaisí-igCabhair, agus muirearacha áirithe mar gheall ar Ospidéil     ...     ...     ...

1,099,658

13,795

42

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig Ard-Chlárathóra na mBeireataisí, etc. (7 & 8 Vict., c. 81, a. 54; 26 Vict., c. 11, a. 9 agus c. 27; 26 & 27 Vict., c. 52, a. 11, agus c. 90, a. 20; 42 & 43 Vict., c. 70; agus 43 & 44 Vict., c. 13)     ...     ...

12,225

3,600

43

Chun Costaisí Coinneáil-suas Gealt Cuirpthe i nGealtlainn Dúndroma (8 & 9 Vict., c. 107)     ...     ...     ...

13,301

700

44

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí i dtaobh Riaracháin na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, agus chun Ilsíntiúisí agus Ildeontaisí, ar a n-áirmhítear Deontaisí áirithe i gCabhair mar gheall ar Chostas Sochar agus Costaisí Riaracháin fé sna hAchtanna san     ...     ...     ...     ...

316,841

3,810

45

Chun Costaisí Oifig an Aire Oideachais, maraon le costas Riaracháin, Cigireachta, etc.     ...     ...     ...     ...

162,219

75

46

Chun Costaisí Bun-Oideachais, maraon le hAois-liúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta agus Deontas-i-gCabhair, etc.     ...

3,616,609

85,586

47

Chun Meadhon-Oideachais, maraon le Deontas Thuarastal na Múinteoirí, Deontas Ceann-tsraithe agus Breis-Thuarastal do Mhúinteoirí Meadhon-Scoileanna     ...     ...     ...     ...

392,295

37,100

48

Chun Iocaiochtanna fén Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , agus chun crícheanna eile bhaineann le Ceárd-Oideachas agus le hOideachas Leanúnach     ...     ...     ...

231,622

32,202

49

Chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireachtaí Eolaíochta agus Ealadhan agus Ildeontaisí-i-gCabhair, etc.     ...

44,798

500

50

Chun Costaisí mar gheall ar Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair ar a n-áirmhítear Aiteanna Coinneála (8 Edw. 7, c. 67; Uimh. 17 de 1926 ; agus Uimh. 24 de 1929 )     ...     ...     ...

118,163

2,030

51

Chun Tuarastail agus Costaisí an Ghailerí Náisiúnta, maraon le Deontas-i-gCabhair

3,762

--

52

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Talmhaíochta agus Seirbhísí áirithe atá fé riaradh na hOifige sin, maraon le hIldeontaisí-i-gCabhair     ...     ...     ...

998,995

716,621

53

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Iascach Mara agus Intíre, maraon le hIldeontaisí-i-gCabhair     ...     ...     ...

49,367

16,425

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talmhan na hÉireann (44 & 45 Vict., c. 49, a. 46, agus c. 71, a. 4; 48 & 49 Vict., c. 73, a. 17, 18 agus 20; 53 & 54 Vict., c. 49, a. 2; 54 & 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; Uimh. 27 agus Uimh. 42 de 1923 ; Uimh. 25 de 1925 ; Uimh. 11 de 1926 ; Uimh. 19 de 1927 ; Uimh. 31 de 1929 ; Uimh. 11 de 1931 agus Uimh. 33 agus Uimh. 38 de 1933 ; agus Uimh. 11 de 1934 )     ...     ...

1,369,474

129,300

Chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Foraoiseachta, maraon le Deontas-i-gCabhair chun Tailimh do Thógaint (9 agus 10 Geo. 5, c. 58, agus Uimh. 34 de 1928 )     ...     ...     ...     ...     ...

230,510

8,200

56

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tailte i dtaobh Seirbhísí na Gaeltachta, maraon le Deontaisí um Thógáil Tithe     ...     ...     ...     ...     ...

82,881

29,395

57

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tionnscail agus Tráchtála, maraon le Coiste Comhairlitheach na Rátaí agus Ildeontaisí-i-gCabhair     ...     ...     ...

315,549

5,650

58

Chun Iocaíochtanna bhaineann le Seirbhísí Iompair in Éirinn     ...     ...

1,798

2

59

Chun Tuarastail agus Costaisí eile an Bhínse Bhóthair Iarainn ( Uimh. 29 de 1924 agus Uimh. 9 de 1933 )     ...     ...

2,759

--

60

Chun Tuarastail agus Costaisí na Muir-Sheirbhíse (Achtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933, agus an tAcht Imeall Trágha, 1933 (Uimh. 12 de 1933) )

9,156

1,750

61

Chun na dTuarastal agus na gCostaisí i dtaobh Arachais Díomhaointis agus Malartán Fostuíochta (maraon le síntiúisí do Chiste an Díomhaointis) agus i dtaobh Conganta Díomhaointis (9 Edw. 7, c. 7; 10 & 11 Geo. 5, c. 30; 11 Geo. 5, c. 1; 11 & 12 Geo. 5, c. 15; 12 Geo. 5, c. 7; Uimh. 17 de 1923 ; Uimh. 26 agus Uimh. 59 de 1924 ; Uimh. 21 de 1926 ; Uimh. 33 de 1930 ; agus Uimh. 44 agus Uimh. 46 de 1933 ) agus i dtaobh seirbhísí áirithe fén Acht um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934 (Uimh. 42 de 1934)      ...     ...     ...

1,508,987

613,820

62

Chun Tuarastail agus Costaisí na hOifige Clárathachta Mhaoine Tionnscail agus Tráchtála ( Uimh. 16 de 1927 agus Uimh. 13 de 1929 )     ...     ...     ...

14,624

--

63

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Puist agus Telegrafa (45 & 46 Vict., c. 74; 8 Edw. 7, c. 48; 1 & 2 Geo. 5, c. 26; na hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928, etc.) agus Seirbhísí áirithe eile atá fé riaradh na hOifige sin     ...     ...     ...     ...     ...     ...

2,000,514

75,803

64

Chun an Tuarastail agus na gCostaisí eile bhaineann le Fóirleatha Neashrangach ( Uimh. 45 de 1926 )     ...

40,838

--

65

Chun Costais an Airm agus Chúltaca an Airm (maraon le Deontaisí áirithe i gCabhair) fé sna hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha); chun Costaisí áirithe riaracháin ina thaobh san; agus chun Costaisí fén Acht Bunreachta (Leasú Uimh. 17), 1931      ...

1,503,368

35,188

66

Chun Pinsean Créachta agus Mí-ábaltachta, Pinsean Breise agus Pinsean Fear Pósta, Liúntaisí agus Aiscí ( Uimh. 26 de 1923 ; Uimh. 12 de 1927 , agus Uimh. 24 de 1932 ), agus chun Pinsean Seirbhíse Míleata ( Uimh. 48 de 1924 agus Uimh. 43 de 1934 ), agus chun Síntiúisí agus Costaisí iolardha ina dtaobh san     ...     ...     ...     ...

390,002

--

67

Chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Gnóthaí Coigríche agus Seirbhísí áirithe atá fé riaradh na hOifige sin ( Uimh. 16 de 1924 )     ...     ...     ...

85,277

--

68

Chun Deontas-i-gCabhair do Chostaisí Chumann na Náisiún agus chun Costaisí eile mar gheall air sin     ...     ...     ...

17,500

--

69

Chun Síntiúisí i gcóir Fóirithinte ar Dhíomhaointeas agus ar Ghátar     ...

350,000

--

70

Chun Deolchairí agus Conganta Airgid alos Easportála     ...     ...     ...     ...

2,705,000

--

71

Chun Caiteachais i dtaobh Iasachtaí Coigríche Dháil Éireann d'Aisíoc (Achtanna Iasachtaí agus Cistí Dháil Éireann, 1924 agus 1933)     ...     ...

7,500

--

72

Chun Deolchairí ar shiúicre do rinneadh as biatas dúthchais, ar thobac do rinneadh as duille dúthchais, agus ar íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do rinneadh sa bhaile, agus ar a n-íoctar ais-tarrac     ...     ...     ...

52,200

--

Iomlán Coda II      ...     ...£

27,412,796

2,009,667

Iomlán Sceidil (B)         ...£

29,582,843

2,203,427