3 1935


Uimhir 3 de 1935.


ACHT UM BIADH AGUS DRUGANNA DO DHÍOL (BAINNE), 1935.


ACHT CHUN NA SALE OF FOOD AND DRUGS ACTS, 1875 TO 1907, DO LEASÚ MAIDIR LE BAINNE AGUS LE TORTHA ÁIRITHE BAINNE. [19adh Feabhra, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Sale of Food and Drugs Act, 1875;

cialluíonn an abairt “Acht 1879” an Sale of Food and Drugs Act Amendment Act, 1879;

cialluíonn an abairt “Acht 1899” an Sale of Food and Drugs Act, 1899;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907;

cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil ar bith go n-údarás chun mionscrúdóra do cheapadh chun crícheanna na nAchtanna;

foluíonn an focal “soláthróir” díoltóir a dhíolann i mór-choda no i mion-choda;

cialluíonn an focal “fíor-bhainne” bainne nár baineadh aon cheann dá tháthchoda as ach amháin de thoradh aon phróisis ghlantóireachta (agus pasteuráil agus seascadh d'áireamh) fé n-ar cuireadh an bainne sin.

Bainne, etc., nách den tsaghas, den tsubstaint agus den cháilíocht cheart, do dhíol.

2. —(1) Má dheineann duine ar bith, an lá ceaptha no dá éis—

(a) aon earra bhídh do dhíol mar fhíor-bhainne agus—

(i) níos lugha ná an percentáiste orduithe (más aon cheann é) de gheir bhainne inti; agus

(ii) níos lugha ná an percentáiste orduithe (más aon cheann é) de sholaid bhainne, seachas geir bhainne, inti; no

(b) aon earra bhídh ina mbeidh níos lugha ná an percentáiste orduithe (más aon cheann é) de sholaid bhainne, seachas geir bhainne, do dhíol mar bhainne bhearrtha no mar bhainne dheighilte; no

(c) aon earra bhídh ina mbeidh níos lugha ná an percentáiste orduithe (más aon cheann é) de gheir bhainne do dhíol mar uachtar; no

(d) aon earra bhídh ina mbeidh níos lugha ná an percentáiste orduithe (más aon cheann é) de sholaid bhainne, seachas geir bhainne, do dhíol mar bhláthaigh;

tuigfear, chun crícheanna ailt 6 den Phríomh-Acht, gur dhíol an duine sin, chun dochair don cheannuitheoir, earra bhídh nách de shaghas, de shubstaint agus de cháilíocht na hearra d'iarr an ceannuitheoir sin.

(2) Tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ceapadh percentáiste ar bith dá dtagartar sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo mar phercentáiste orduithe agus féadfar percentáistí deifriúla de gheir bhainne do cheapadh maidir le fíor-bhainne agus le huachtar agus percentáistí deifriúla de sholaid bhainne, seachas geir bhainne, do cheapadh maidir le fíor-bhainne, le bainne bearrtha no bainne deighilte, agus le bláthaigh agus cialluíonn an focal “orduithe” sa bhfo-alt san orduithe leis na rialacháin sin.

(3) Tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo agus an lá ceapfar amhlaidh beidh sé ina lá cheaptha chun na gcrícheanna san.

(4) An lá ceaptha agus dá éis beidh alt 4 d'Acht 1899, leasuithe tré sna focail “genuine milk, cream” agus na focail “milk (including condensed milk) cream” agus na focail “milk, cream” atá anois ann do scriosadh amach agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(5) Pé uair a díolfar aon earra bhídh mar bhainne gan í thuairisciú ná í cháiliú ar aon tslí eile tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gur mar fhíor-bhainne do díoladh an earra bhídh sin.

(6) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis an rialacháin sin do dhéanamh agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Míniú ar bhainne.

3. —Chun crícheanna ailt 3 agus 4 d'Acht 1879, agus ailt 10 d'Acht 1899 agus na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht so ciallóidh an focal “bainne” aon earra bhídh is fíor-bhainne, bainne bearrtha no deighilte, uachtar no bláthach.

Comhacht a ghabhann le somplaí do thógaint.

4. —Duine ar bith a bheidh údaruithe leis na hAchtanna no fútha chun sompla de bhainne do thógaint féadfaidh, chun an tsompla san do thógaint, aon ghabhadán ina mbeidh bainne d'oscailt agus aon ghníomh eile do dhéanamh is dóich leis is gá do dhéanamh chuige sin.

Alt 3 d'Acht 1879 do leasú agus alt 14 d'Acht 1899 do leasú dá dheascaibh sin.

5. —(1) Sa mhéid gur le bainne amháin a bhaineann sé déanfar alt 3 d'Acht 1879, mar a leasuítear san leis an Acht so, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí—

(a) na focail “take without payment” do chur in ionad an fhocail “procure” atá anois ann;

(b) na focail “at the place of delivery” atá anois ann do scriosadh amach as, agus

(c) na focail “in course of transit or delivery” do chur in ionad na bhfocal “in course of delivery” atá anois ann.

(2) Scuirfidh alt 14 d'Acht 1899 d'éifeacht do bheith aige sa mhéid go mbaineann sé le bainne.

Alt 10 d'Acht 1899 do leasú.

6. —Sa mhéid gur le bainne amháin a bhaineann sé déanfar alt 10 d'Acht 1899, mar a leasuítear san leis an Acht so, do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “transit or” isteach ann roimh an bhfocal “delivery” atá anois ann.

Soláthróir bainne do nochtadh ainm an díoltóra, etc.

7. —(1) Má gheibhtear sompla de bhainne fé Alt 13 den Phríomh-Acht ó sholáthróir bhainne féadfaidh an té gheobhaidh no gur thar a cheann a gheobhfar an sompla san, marab é an soláthróir sin táirgtheoir an bhainne sin, fógra do sheirbheáil ar an soláthróir sin á cheangal air eolas do chur chun an duine sin, laistigh de cheithre huaire fichead tar éis an fhógra san do sheirbheáil, i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá, ainm agus seoladh an díoltóra no an chonsighneora óna bhfuair an soláthróir sin an bainne sin agus an t-am a seachadfar agus an áit ina seachadfar consighneachtaí bainne feasta don tsoláthróir sin ón díoltóir no ón gconsighneoir sin agus modh iompartha na gconsighneacht san ón díoltóir no ón gconsighneoir sin chun an tsoláthróra san.

(2) Má theipeann ar aon tsoláthróir bainne, ar a seirbheálfar fógra fén alt so, no má fhaillíonn no má dhiúltann an t-eolas a luadhfar sa bhfógra san do thabhairt uaidh laistigh de cheithre huaire fichead tar éis na seirbheála san beidh an soláthróir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áit chomhraithe is déanaí is eol do bheith aige no ag an seoladh a bheidh cláruithe mar sheoladh dho in aon chlár de sholáthróirí bainne bheidh á choimeád do réir aon achtacháin ag údarás sláintíochta do réir bhrí na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

Imeachta fé sna hAchtanna i gcoinnibh soláthróirí bainne.

8. —Má gheibhtear sompla de bhainne (dá ngairmtear sompla an tsoláthróra san alt so) ó sholáthróir bhainne fé alt 13 den Phríomh-Acht beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás nár mheascán bainne do cheannuigh an soláthróir sin o níos mó ná duine amháin an bainne as ar tógadh sompla an tsoláthróra féadfaidh an soláthróir sin, laistigh de sheasca uair a' chluig tar éis sompla an tsoláthróra do thógaint, fógra (dá ngairmtear fógra an tsoláthróra san alt so) do sheirbheáil ar an údarás áitiúil gur ina gceanntar do tógadh sompla an tsoláthróra agus eolas i dtaobh na nithe seo leanas ann, sé sin le rá:—

(i) i gcás gur sompla d'fhíor-bhainne sompla an tsoláthróra, ainm agus seoladh an díoltóra óna bhfuair an soláthróir sin an fíor-bhainne sin, an t-am a seachadfar agus an áit ina seachadfar consighneachtaí don tsoláthróir sin ón díoltóir sin feasta d'fhíor-bhainne de chrúdh (maidne no tráthnóna) a bheidh ar có-réir leis an gcrúdh ag á bhfuarthas an fíor-bhainne as ar tógadh sompla an tsoláthróra, agus modh iompartha na gconsighneacht san ón díoltóir sin chun an tsoláthróra san;

(ii) i gcás ar bith eile, ainm agus seoladh an díoltóra óna bhfuair an soláthróir sin an bainne as a bhfuarthas sompla an tsoláthróra, an t-am a seachadfar agus an áit ina seachadfar consigh neachtaí feasta don tsoláthróir sin ón díoltóir sin de bhainne den tsaghas chéanna agus modh iompartha na consighneachta san ón díoltóir sin chun an tsoláthróra san;

agus á iarraidh ar an údarás áitiúil sin slí do ghlacadh láithreach chun sompla de bhainne, de shaghas an bhainne as a bhfuarthas sompla an tsoláthróra, d'fháil chó luath agus is féidir é le linn an bhainne do bheith á iompar ón díoltóir sin go dtí an soláthróir sin mara mbeifear tar éis sompla do thógaint ón uair a tógadh sompla an tsoláthróra no laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig roimh shompla an tsoláthróra do thógaint;

(b) má bunuítear imeachta i gcoinnibh an tsoláthróra san fé sna hAchtanna i dtaobh sompla an tsoláthróra agus gur theip ar an soláthróir sin fógra soláthróra do sheirbheáil ní bheidh an soláthróir sin i dteideal urraíocht do phléideáil mar chosaint sna himeachta san;

(c) i gcás an soláthróir sin do sheirbheáil fógra soláthróra ar an údarás áitiúil sin ach gan an t-údarás áitiúil sin do dhéanamh do réir an iarratais do bhí sa bhfógra san ní bunófar aon imeachta fé sna hAchtanna i gcoinnibh an tsoláthróra san i dtaobh sompla an tsoláthróra;

(d) i gcás an t-údarás áitiúil sin d'fháil sompla de bhainne (dá ngairmtear sompla an díoltóra san alt so) ón díoltóir sin, le linn an bhainne do bheith á iompar go dtí an soláthróir sin, de shaghas an bhainne as a bhfuarthas sompla an tsoláthróra, cuirfear sompla an díoltóra, chun a mhionscrúduithe, go dtí an mionscrúdóir chun a gcuirfear no chun ar cuireadh sompla an tsoláthróra;

(e) má bunuítear imeachta fé sna hAchtanna i gcoinnibh an tsoláthróra san i dtaobh sompla an tsoláthróra bhéarfar don tsoláthróir sin cóip den deimhniú ar thoradh an mhionscrúduithe do rinneadh ar shompla an díoltóra agus, fé réir forálacha ailt 21 den Phríomh-Acht, beidh gach deimhniú den tsórt sin ina leor-fhianaise ar na nithe adeirtear ann agus beidh sé ionghlactha mar fhianaise maidir le haon cheist i dtaobh ce'ca sa riocht chéanna inar cheannuigh sé é do díoladh an bainne do dhíol an soláthróir sin no nách eadh.

Fógra do dhíoltóir bhainne i dtaobh sompla do thógaint.

9. —An méid sin de chonnradh ar bith a chuirfidh de cheangal ar sholáthróir bhainne, ar shompla bainne do bheith tógtha fé sna hAchtanna no fén Acht so, aon chuid den tsompla san do chur chun an té óna bhfuair sé an bainne no fógra do thabhairt don duine sin á rá gur tógadh sompla amhlaidh beidh sé gan bhrí.

Costaisí an Aire Talmhaíochta.

10. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Talmhaíochta fén Acht so.

Gearr-theideal agus luadh.

11. —Féadfar an tAcht um Biadh agus Druganna do Dhíol (Bainne), 1935 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna um Biadh agus Druganna do Dhíol, 1875 go 1935, do ghairm de sna Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907, agus den Acht so le chéile.