41 1934


Uimhir 41 de 1934.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1934.


ACHT CHUN AN ACHTA TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933 , AGUS AN ACHTA TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR) (LEASÚ), 1933 , DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN DÍOL COIRCE AGUS EORNAN DO STIÚRADH AGUS DO RIALÁIL, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN MEILT MHINE COIRCE DO STIÚRADH AGUS DO RIALÁIL, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN PLUIR AS CRUITHNEACHTAIN AGUS COIRCE DO DHÉANAMH AGUS CHUN DÍOL AGUS ÚSÁID PHLUIR CHRUITHNEACHTAN DO SHRIANADH, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AN STÁIT DO STORAIL AGUS DO THIORMU GRAIN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [13adh Meán Fhómhair, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal gus luadh.

1. —Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1934 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 agus 1934, do ghairm den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) , den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1933 (Uimh. 49 de 1933) , agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) ;

tá leis na habairtí “sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta” “iomportálaí cláruithe plúir” agus “muilneoir cláruithe cruithneachtan Indiathaighe” na bríonna ceaptar dóibh fé seach leis an bPríomh-Acht;

cialluíonn an abairt “cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire Tionnscail agus Tráchtála chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “cigire don Aire Talmhaíochta” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire Talmhaíochta chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire don Aire Talmhaíochta leis an Acht so.

Costaisí.

3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur a bhfeidhm.

CUID II.

An Priomh-Acht agus an tAcht Tora Talmhaiochta (Arbhar) (Leasu), 1933 , do Leasu agus do Leathnu.

Léiriú Coda II.

4. —Gach focal agus abairt a húsáidtear sa Chuid seo den Acht so agus go gcuireann an Príomh-Acht brí áirithe leo chun crícheanna an Achta san tá leo san Acht so na bríonna cuirtear leo amhlaidh.

An míniú ar “plúr” sa Phríomh-Acht do leasú.

5. —Deintear leis seo an míniú ar an bhfocal “plúr” atá in alt 3 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “an mhioniarmairt a gheibhtear tré ghealachán meilte na heithne cruithneachtan do chriathairt tré éadach chriathrach nách gairbhe ná éadach criathrach caigdheánach Uimh. 9 ar bhran agus pollard na cruithneachtan do dhealú leis tré oibrithe oiriúnacha muilneoireachta” do chur in ionad na bhfocal “plúr ar bith a gheibhtear as cruithneachtain ach ní fholuíonn sé min a gheibhtear as cruithneachtain ná turscar cruithneachtan” atá anois ann, agus léireofar an Príomh-Acht agus an Chuid seo den Acht so agus beidh éifeacht acu ag féachaint go cuibhe don atharú dheineann an leasú san ar an abairt sin.

An quota in aghaidh na roimh-thréimhse quota d'atharú.

6. —I gcás ordú do bheith déanta fé alt 27 den Príomh-Acht ag ceapadh an quota do mhuileann in aghaidh na roimh-thréimhse quota don mhuileann san féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, roimh an 1adh lá d'Iúl sa roimh-thréimhse quota san, an quota san do mhéadú no do laigheadú agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san maidir le muileann isé is quota don mhuileann san in aghaidh na roimh-thréimhse, d'ainneoin éinní atá in alt 27 den Príomh-Acht agus chun crícheanna an Phríomh-Achta, ná an quota do ceapadh leis an ordú san a céadluaidhtear agus é méaduithe no laigheaduithe leis an ordú san is déanaí luaidhtear.

Alt 28 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —(1) Deintear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “iomlán an quota no” do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san roimh na focail “cion áirithe luadhfar den quota” atá anois sa bhfo-alt san; agus

(b) tré sna focail “nách mó ná an méid a luadhfar sa cheadúnas san” do chur isteach sa bhfo-alt san (2) in ionad na bhfocal “nách mó ná an cion san” atá anois sa bhfo-alt san.

(2) Beidh agus tuigfar go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Coda II den Phríomh-Acht.

An iomarca mine cruithneachtan do dhéanamh.

8. —(1) Má dheineann éinne is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta alos muilinn áirithe agus dar deonadh ceadúnas fé fho-alt (2) d'alt 28 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san leis an Acht so, á údarú dho cion áirithe luaidhte den quota don mhuileann san in aghaidh na roimh-thréimhse quota no in aghaidh bliana quota áirithe do mheilt ina mhin chruithneachtan, níos mó cruithneachtan ná mar do luadhadh sa cheadúnas san is déanaí luadhadh do mheilt ina mhin chruithneachtan i rith na roimhthréimhse no na bliana san sa mhuileann san beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(2) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Alt 30 den Phríomh-Acht do leasú.

9. —(1) Leasuítear leis seo alt 30 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1), mar a leasuítear san le halt 7 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1933 ( Uimh. 49 de 1933 ), atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(1) Más rud é, in aon roimh-thréimhse quota no in aon bhliain quota do mhuileann go mbeidh ceadúnas muilneoir eachta i bhfeidhm maidir leis i rith na tréimhse no na bliana san, go meilfear sa mhuileann san níos mó cruithneachtan ná an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) maran mó ná míle cruithneachtan an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san agus gur mó ná míle barraille cruithneachtan an méid cruithneachtan a meilfear sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san déanfaidh sealbhóir an cheadúnais sin, fé réir forálacha míre (c) den fho-alt so, i gceann na tréimhse no na bliana san, suim d'íoc leis an Aire a háirmheofar do réir trí scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan de bhreis ar mhíle barraille, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san;

(b) más mó ná míle barraille cruithneachtan an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san íocfaidh sealbhóir an cheadúnais mhuilneoireachta san leis an Aire, fé réir forálacha míre (c) den fho-alt so, i gceann na tréimhse no na bliana san—

(i) maran mó ná trí mhíle barraille an deifríocht (dá ngairmtear an deifríocht san sa bhfo-alt so) idir an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san agus an méid cruithneachtan a meilfear ina phlúr sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san, suim a háirmheofar do réir trí scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan, de bhreis ar an quota, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san, agus

(ii) más mó an deifríocht san ná trí mhíle barraile ach nách mó í ná ceithre mhíle barraille, suim is có-ionann le hiomlán na suimeanna so leanas, eadhon, trí chéad agus cúig púint déag agus suim a háirmheofar do réir cúig scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan, de bhreis ar trí mhíle barraille, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san,

(iii) más mó an deifríocht san ná ceithre mhíle barraille ach nách mó í ná cúig mhíle bar raille, suim is có-ionann le hiomlán na suimeanna so leanas, eadhon, ceithre chéad agus nócha púnt agus suim a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan, de bhreis ar cheithre mhíle barraille, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san,

(iv) más mó an deifríocht san ná cúig mhíle barraille ach nách mó í ná sé mhíle barraille, suim is có-ionann le hiomlán na suimeanna so leanas, eadhon, ocht gcéad agus dachad púnt agus suim a háirmheofar do réir fiche scilling in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan, de bhreis ar chúig mhíle barraille, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san,

(v) más mó an deifríocht san ná sé mhíle barraille, suim is có-ionann le hiomlán na suimeanna so leanas, eadhon, míle cúig céad agus dachad púnt agus suim a háirmheofar do réir triocha scilling in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan, de bhreis ar shé mhíle barraille, do meileadh sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san;

(c) má chuireann sealbhóir an cheadúnais sin ina luighe ar an Aire gur easportáil sé, i rith na tréimhse no na bliana san, plúr do meileadh as cruithneachtain sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a mheas gurb é is quota don mhuileann san chun crícheanna an fho-ailt seo, ach ní chun aon chríche eile, ná an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san maraon le hoiread cruithneachtan agus is có-ionann, dar leis an Aire, leis an gcruithneachtain as a bhfuarthas an plúr do heasportáladh amhlaidh.”

(2) Beidh agus tuigfear go raibh éifeacht ag an mír seo ón 1adh lá de Lúnasa, 1934.

Alt 31 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —Leasuítear leis seo alt 31 den Phríomh-Acht tré sna focail “no chuirfidh síos in aon chuntas den tsórt san éinní bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach,” do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san i ndiaidh na bhfocal “ar gach slí” atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 32 den Phríomh-Acht do leasú.

11. —Nuair a bheidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála ag déanamh rialachán i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar i bhfo-alt 1 d'alt 32 den Phríomh-Acht mar ní no mar rud atá orduithe féadfa sé rialacháin deifriúla do dhéanamh i dtaobh muilte nách mó ná míle barraille cruithneachtan is quota dhóibh agus i dtaobh muilte eile.

Breacacháin bhreise choimeádfaidh sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta.

12. —(1) I dteanta aon bhreacachán is gá dho, do réir an Phríomh-Achta no aon fhorála eile den Acht so, do choimeád beidh sé de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta breacachán do choimeád, i pé áit a cheapfaidh agus i pé fuirm ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, i dtaobh na cruithneachtan go léir a cheannóidh sé agus, laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis aon cheannach den tsórt san do dhéanamh, pé mion-innste i dtaobh an cheannaigh sin ordóidh an tAire d'iontráil sa bhreacachán san.

(2) Fé réir na n-atharuithe seo leanas beidh feidhm ag fo-ailt (2) (3) agus (4) d'alt 32 den Phríomh-Acht maidir le breacacháin is gá do réir an ailt seo do choimeád fé mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le breacacháin is gá do réir fo-ailt (1) den alt san 32 do choimeád, sé sin le rá:—

(a) déanfar na tagairtí atá i míreanna (b), (c), agus (e) den fho-alt san (4) don áit cheaptha do léiriú mar thagairt don áit a cheapfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála fé fho-alt (1) den alt so, agus

(b) ní bheidh feidhm ag mír (d) den fho-alt san (4).

Alt 34 den Phríomh-Acht do leasú.

13. —(1) Léireofar alt 34 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “laistigh de sheacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil” do chur i mír (b) d'fho-alt (3) den alt san in ionad na bhfocal “sara dtéighidh an fógra san in éag” sa dá áit ina bhfuil na focail sin anois inti.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán a déanfar fé fho-mhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (3) d'alt 34 den Phríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála duine ceart oiriúnach do cheapadh chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh agus beidh de chomhacht ag an té ceapfar amhlaidh fianaise do ghlacadh fé mhionn agus údaruítear do leis seo daoine do chur fé mhionn;

(b) déanfaidh an tAire sin fógra i dtaobh an ama agus na háite ina ndéanfar an fiosrúchán san do thabhairt don té gur mar gheall air a bheidh an fiosrúchán san le déanamh agus beidh an duine sin i dteideal teacht i láthair le linn an fhiosrúcháin sin tré abhcóide no tré atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird.

Ceadúnaisí muilneoireachta do cheiliúradh.

14. —Má ciontuítear sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta i gcionta fé alt ar bith den Acht so tuigfear, chun crícheanna ailt 34 den Phríomh-Acht, gur ciontuíodh an sealbhóir sin i gcionta fén bPríomh-Acht agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 34 mar a leasuítear leis an Acht so é.

Nithe bhaineas le muilneoireacht phlúir d'fhoillsiú.

15. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála na nithe seo leanas d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis:—

(a) mion-innste i dtaobh gach ceadúnais no aon cheadúnais mhuilneoireachta agus gach ceada no aon cheada mhuilneoireachta (cruithneacht dúthchais) a bheidh tugtha amach aige;

(b) fógra i dtaobh é do dhéanamh nea-mbríochainte no atharuithe ar cheadúnas mhuilneoireachta no ar chead mhuilneoireachta (cruithneacht dúthchais).

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná aon chuid áirithe de chuntas do bhéarfar do réir Choda II den Phríomh-Acht d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun crícheanna cúisimh fén bPríomh-Acht no fén Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis do bhailiú agus d'fhoillsiú (agus staitistíocht as cuntaisí do cuireadh chuige do réir Choda II den Phríomh-Acht d'áireamh) i dtaobh méid na ngnóthaí bheidh ar siúl ag sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta agus ceadanna muilneoireachta (cruithneacht dúthcais).

(4) Chó fada agus is féidir san do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint cé hé an duine áirithe no cadé an gnó no an cúram áirithe le n-a mbaineann na mion-innste sin mara bhfaghtar cead i scríbhinn chuige ón duine sin no o dhílseánach an ghnótha no an chúraim sin.

Alt 36 den Phríomh-Acht do do leasú.

16. —(1) Leasuítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, cead (da ngairm tear cead muilneoireachta (cruithneacht dúthchais) san alt so) do dheonadh d'éinne chun cruithneachtan dúthchais do mheilt in aon mhuileann áirithe seachas i muileann gur sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta an duine sin maidir leis.”

(2) Beidh agus tuigfear go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Coda II den Phríomh-Acht.

Alt 54 den Phríomh-Acht do leasú.

17. —Léireofár fo-alt (2) d'alt 54 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “ainm an duine sin do chur sa chlár san in ionad ainme an duine do bhí cláruithe cheana ann” do chur isteach in ionad na bhfocal “an iontráil a bheidh ar an áitreabh san sa chlár san do scriosadh amach agus an duine sin do chlárú sa chlár san alos an áitreibh sin” atá anois ann.

Ailt 55 agus 57 den Phríomh-Acht do leasú.

18. —(1) Scuirfidh alt 55 den Phríomh-Acht d'fheidhm do bheith aige maidir le déantóirí cláruithe abhar beathadh cumaiscthe.

(2) Leasuítear leis seo alt 55 den Phríomh-Acht tré sna focail “no chuirfidh síos in aon chuntas den tsórt san éinní bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach,” do chur isteach i bhfo-alt (3) den alt san i ndiaidh na bhfocal “ar gach slí” atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Scuirfidh alt 57 den Phríomh-Acht d'fheidhm do bheith aige maidir le daoine bheidh cláruithe i gclár na ndéantóirí abhar beathadh cumaiscthe, le háitreabh a bheidh iontrálta sa chlár san, agus le déantóirí cláruithe abhar beathadh cumaiscthe.

(4) Leasuítear leis seo alt 57 den Phríomh-Acht tré sna focail “i dtaobh na gcaindíocht de mheascán mhine buidhe do tugadh chun an áitreibh sin” do chur isteach i mír (c) d'fho-alt 2 den alt san i ndiaidh na bhfocal “ina meascán mine buidhe san áitreabh san” atá anois sa mhír sin, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 58 den Phríomh-Acht do leasú.

19. —Leasuítear leis seo alt 58 den Phríomh-Acht tré mhír (a) d'fho-alt (4) den alt san do scriosadh amach agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 61 den Phríomh-Acht do leasú.

20. —(1) Léireofar alt 61 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí—

(a) an mhír seo leanas do chur i bhfo-alt (4) den alt san in ionad míre (e) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(e) gur dóich leis an Aire ceart go ndearna an duine atá cláruithe sa chlár san aon tsárú (pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí é) ar an Acht so no ar aon rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so,” agus

(b) na focail “laistigh de sheacht lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil” do chur i mír (b) d'fho-alt (5) den alt san in ionad na bhfocal “sara dtéighidh an fógra san in éag” sa dá áit ina bhfuil na focail sin anois inti.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán a déanfar fé fho-mhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (5) d'alt 61 den Phríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an tAire chuirfidh fé ndeár an fiosrúchán san do dhéanamh duine ceart oiriúnach do cheapadh chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh agus beidh de chomacht ag an té ceapfar amhlaidh fianaise do ghlacadh fé mhionn agus údaruítear do leis seo daoine do chur fé mhionn;

(b) déanfaidh an tAire sin fógra i dtaobh an ama agus na háite ina ndéanfar an fiosrúchán san do thabhairt don té gur mar gheall air a bheidh an fiosrúchán san le déanamh agus beidh an duine sin i dteideal teacht i láthair le linn an fhiosrúcháin sin tré abhcóide no tré atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird.

Alt 68 den Phríomh-Acht do leasú.

21. —(1) Leasuítear leis seo mír (c) de Chuid I den fhuirm atá leagtha amach i bhfo-alt (1) d'alt 68 den Phríomh-Acht tré sna focail “na tréimhse do horduíodh le toiliú an Aire Airgid maidir leis an mbliain” do chur in ionad na bhfocal “na ráithe díreach roimh thosach na bliana” atá anois ann.

(2) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh duine ar bith aon chruithneacht dúthchais inmheilte do dhíol le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, agus

(b) ina mbeidh beartuithe, i dtaobh an phlúir no na mine a gheobhfar as an gcruithneachtain sin tar éis a meilte, an sealbhóir sin dá dhíol leis an duine sin,

ansan, d'ainneoin éinní atá in alt 68 den Phríomh-Acht, ní déanfar aon deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) maidir le díol na cruithneachtan san.

(3) Má deintear deimhniú díola (cruithneacht dúthchais) contrárdha don alt so beidh gach duine de lucht déanta an deimhnithe sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Alt 70 den Phríomh-Acht do leasú.

22. —Nuair a beifear á chinneadh cé méid an barraille do híocadh ar chruithneachtain dúthchais inmheilte do díoladh i rith aon tsaosúir dhíola (cruithneacht) ní bacfar le codán de phingin is lugha ná leath-phingin agus áirmheofar mar phingin gach codán de phingin is có-ionann le leath-phingin no is mó ná leath-phingin.

Alt 71 den Phríomh-Acht do leasú.

23. —(1) Ní bheidh aon deolchaire chruithneachtan iníoctha fé alt 71 den Phríomh-Acht ar aon chodán de bharraille chruithneachtan.

(2) Más rud é—

(a) go ndíolfaidh duine ar bith cruithneacht dúthchais inmheilte le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, agus

(b) go mbeadh an duine sin, mara mbeadh an fo-alt so, i dteideal deolchaire chruithneachtan d'íoc leis alos na cruithneachtan san, agus

(c) go ndíolfaidh an sealbhóir sin leis an duine sin cuid den phlúr no den mhin no an plúr no an mhin go léir a gheobhfar as an gcruthneachtain sin agus as an gcruithneachtain sin amháin,

ansan, d'ainneoin éinní atá in alt 71 den Phríomh-Acht, ní híocfar aon deolchaire chruithneachtan leis an duine sin alos na cruithneachtan san.

(3) Leasuítear leis seo alt 71 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “tréimhse do horduíodh le toiliú an Aire Airgid maidir leis an mbliain” do chur i bhfo-alt (1) den alt san in ionad na bhfocal “ráithe roimh thosach na bliana” atá anois ann; agus

(b) tré sna focail “tréimhse do horduíodh le toiliú an Aire Airgid maidir leis an mbliain” do chur i mír (a) d'fho-alt (2) den alt san in ionad na bhfocal “ráithe díreach roimh thosach na bliana” atá anois inti.

Alt 80 den Phríomh-Acht do leasú.

24. —Leasuítear leis seo alt 80 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach in ionad fo-ailt (2) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“  (2)  Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, seachas iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, aon chruithneacht Indiathach do dhíol ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire.”

Alt 82 den Phríomh-Acht do leasú.

25. —Leasuítear leis seo alt 82 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “eithní coirce” do chur i bhfo-ailt (1) agus (3) den alt san in ionad na bhfocal “na heithní amháin de choirce” in aon áit ina bhfuil na focail deiridh sin ionta; agus

(b) tríd an bhfo-alt nua so leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin, sé sin le rá:—

“(6) San alt so cialluíonn an abairt “eithne choirce” an chuid fhanann de ghráinne choirce tar éis an ghráinne sin do chur fé oibriú tré n-a mbaintear an cáithne den ghráinne choirce sin ar fad no sa mhéid nách mó meáchaint na coda fhanann den cháithne sin ná dó go leith per cent. de mheáchaint na coda san fhanann den ghráinne choirce sin tar éis a churtha fén oibriú san.”

Alt 83 den Phríomh-Acht do leasú.

26. —Leasuítear leis seo alt 83 den Phríomh-Acht tré sna focail “agus ainm agus seoladh an déantóra clóbhuailte ar an bpacáiste sin no ar dhuillín a bheidh ceangailte go daingean de” do chur isteach i mír (a) d'fho-alt (1) den alt san i ndiaidh an fhocail “bpacáiste” atá anois inti agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 85 den Phríomh-Acht do leasú.

27. —Leasuítear leis seo alt 85 den Phríomh-Acht tré mhír (a) d'fho-alt (1) den alt san do scriosadh amach agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 86 den Phríomh-Acht do leasú.

28. —Leasuítear leis seo alt 86 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (1) den alt san atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon earra d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann go n-úsáidtear cruithneacht no toradh cruithneachtan chun a déanta maran rud é—

(a) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais do dheon an tAire Tionnscail agus Tráchtála fén gCuid seo den Acht so a hiomportálfar an earra san, no

(b) gur lugha ná cúig púint meáchaint na hearra san agus gur lugha a luach ná deich scillinge agus gur mar éifeachtaí príobháideacha i mbagáiste paisnéara a hiomportálfar í no gur tré phost na mbeart a hiomportálfar í agus go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur cuireadh í o dhuine nách trádálaí dheighleálann in earraí dá sórt agus go bhfuil sí beartuithe mar bhronntanas chun úsáide pearsanta an té chun a bhfuil sí dírithe.”

Alt 92 den Phríomh-Acht do leasú.

29. —Leasuítear leis seo alt 92 den Phríomh-Acht tríd an mír seo leanas do chur isteach i bhfo-alt (1) den alt san in ionad míreanna (c), (d), (e), agus (f) den fho-alt san atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(c) aon earra go n-úsáidtear cruithneacht no aon toradh cruithneachtan chun í d'ullamhú.”

Forálacha maidir le habhair bheathadh chumaiscthe do dhíol.

30. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon abhar beathadh cumaiscthe do dhíol, do thaisbeáint chun a dhíolta, ná do thairisgint chun a dhíolta maran rud é—

(a) i gcás abhair bheathadh chumaiscthe ná dearnadh i Saorstát Éireann, go mbeidh clóbhuailte ar an bpacáiste ina mbeidh an t-abhar beathadh cumaiscthe sin no ar dhuillín a bheidh ceangailte go daingean den phacáiste sin ainm agus seoladh an déantóra maraon le ráiteas sa bhfuirm orduithe á rá gur hiomportáladh an t-abhar beathadh cumaiscthe sin isteach i Saorstát Éireann fé cheadúnas do thug an tAire Talmhaíochta amach, agus

(b) i gcás abhair bheathadh chumaiscthe do rinneadh i Saorstát Éireann, go mbeidh clóbhuailte ar an bpacáiste ina mbeidh an t-abhar beathadh cumaiscthe sin no ar dhuillín a bheidh ceangailte go daingean den phacáiste sin ráiteas sa bhfuirm orduithe á rá go ndearnadh an t-abhar beathadh cumaiscthe sin i Saorstát Éireann fé cheadúnas do thug an tAire Talmhaíochta amach, maraon le huimhir an cheadúnais sin.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh na fuirme dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt so mar fhuirm orduithe agus cialluíonn an focal “orduithe” sa bhfo-alt san orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén bhfo-alt so.

(4) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Srian le sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta d'ath-dhíol cruithneachtan iomportálta.

31. —(1) Más cheannuíonn sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta aon chruithneacht iomportálta o iomportálaí cláruithe cruithneachtan ní bheidh sé dleathach don tsealbhóir sin an chruithneacht san do dhíol ná an chruithneacht san do chur de láimh ar shlí eile seachas tré mheilt ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais do dheon an tAire Talmhaíochta fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur le haon cheadúnas a deonfar fén alt so agus féadfaidh an ceadúnas san do cheiliúradh aon uair.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Forálacha áirithe den Phríomh-Acht d'athghairm.

32. —Athghairmtear leis seo na forálacha so leanas den Phríomh-Acht, sé sin le rá, fo-alt (4) d'alt 98 agus ailt 102, 103 agus 104.

Forálacha airgeadais maidir le Cuid VIII den Phríomh-Acht.

33. —(1) Íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid an t-airgead go léir (seachas airgead a sholáthróidh an tOireachtas) do gheobhaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála mar gheall ar aon ghnó bheidh ar siúl aige fé Chuid VIII den Phríomh-Acht.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid an t-airgead go léir (seachas airgead a sholáthróidh an tOireachtas) do gheobhaidh an tAire Talmhaíochta mar gheall ar aon ghnó bheidh ar siúl aige fé Chuid VIII den Phríomh-Acht.

Tuarasgabhála fé Chuid VIII den Phríomh-Acht.

34. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais fé leith ina mbeidh Cuid VIII den Phríomh-Acht i bhfeidhm ullamhóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus leagfaidh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas tuarasgabháil ar a imeachta fén gCuid sin VIII i rith na bliana airgeadais sin.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais fé leith ina mbeidh Cuid VIII den Phríomh-Acht i bhfeidhm ullamhóidh an tAire Talmhaíochta agus leagfaidh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas tuarasgabháil ar a imeachta fén gCuid sin VIII i rith na bliana airgeadais sin.

Alt 13 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1933 , do leasú.

35. —Leasuítear leis seo alt 13 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1933 ( Uimh. 49 de 1933 ) ar na slite seo leanas, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “average” do scriosadh amach sa chéad áit ina bhfuil sé sa leagan Bhéarla; agus

(b) tré sna focail “later than one month” do chur in ionad na bhfocal “less than one month” atá anois sa leagan Bhéarla.

CUID III.

Cuid IV den Acht so d'Fheidhmiu.

Ordú ag cur Coda IV den Acht so i bhfeidhm.

36. —(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis an Aire Talmhaíochta é do bheith oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht Cuid IV den Acht so do chur i ngníomh féadfaidh le hordú a dhearbhú go dtiocfaidh Cuid IV den Acht so i ngníomh.

(2) Pé uair agus chó minic agus a déanfar ordú fén alt so tiocfaidh Cuid IV den Acht so i bhfeidhm láithreach agus, fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, leanfa sé i bhfeidhm.

(3) Pé uair agus chó minic agus a dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta ordú fén alt so déanfaidh an tAire sin leis an ordú san lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna Coda IV den Acht so agus, maidir leis an tréimhse bheidh an Chuid sin IV i bhfeidhm de bhuadh an orduithe sin, déanfar tagairtí don lá cheaptha sa Chuid sin IV do léiriú mar thagairtí don lá ceapfar amhlaidh leis an ordú san.

Cuid IV den Acht so do scur de bheith i bhfeidhm.

37. —(1) Pé uair a bheidh Cuid IV den Acht so i bhfeidhm féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú go scuirfidh an Chuid sin IV de bheith i bhfeidhm.

(2) Pé uair agus chó minic agus a déanfar ordú fén alt so scuirfidh Cuid IV den Acht so de bheith i bhfeidhm ón 1adh lá den chéad Lúnasa tar éis an orduithe sin do dhéanamh.

(3) Pé uair agus chó minic agus a scuirfidh Cuid IV den Acht so de bheith i bhfeidhm de bhuadh orduithe fén alt so ní dhéanfaidh an scur san, maidir leis an tréimhse do bhí an Chuid sin i bhfeidhm de thurus na huaire agus do chríochnuigh díreach roimh an scur san, deifir ar bith—

(a) d'oibriú na Coda san roimh an scur san nó d'éinní do rinneadh, no do leigeadh do dhéanamh, go cuibhe fén gCuid sin; ná

(b) d'aon cheart, príbhléid, oblagáid no freagarthacht do fuarthas, do tháinig chun bheith dlite no fé n-a ndeachthas fén gCuid sin; ná

(c) d'aon phionós no geallbhruideadh fé n-a ndeachthas mar gheall ar aon chionta fé aon alt atá sa Chuid sin; ná

(d) d'aon fhiosrúchán, imeacht dlí, no leigheas maidir le haon cheart, príbhléid, oblagáid, pionós no geallbhruideadh den tsórt san roimhráite; agus

féadfar aon fhiosrúchán, imeacht dlí, no leigheas den tsórt san do bhunú, do choimeád ar siúl no d'fhoirfheidhmiú, agus féadfar aon phionós no geallbhruideadh den tsórt san d'fhorchur, amhail is ná scuirfeadh an Chuid sin IV de bheith i bhfeidhm.

CUID IV.

Foralacha i dTaobh Coirce agus Eorna do Dhiol agus do Cheannach agus i dTaobh Min Choirce do Mheilt.

Mínithe maidir le Cuid IV.

38. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so.

Rialacháin fé Chuid IV.

39. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

Ciontaí fé Chuid IV do chúiseamh.

40. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

Cláir a choimeádfaidh an tAire Talmhaíochta.

41. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcoimeádfar—

(a) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de dheighleálaithe coirce agus eornan, agus

(b) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de mhuilneoirí mine coirce.

(2) Cuirfear i ngach clár acu san na nithe is gá do réir na Coda so den Acht so do chur ann.

(3) Déanfar tagairtí do chlár sa Chuid seo den Acht so do léiriú mar thagairtí do chlár a bheidh á choimeád fén alt so.

Iarrataisí ar chlárú.

42. —(1) Einne go mbíonn ceannach coirce dhúthchais no eornan dúthchais no ceannach coirce dhúthchais agus eornan dúthchais ar siúl aige chun an chéanna d'ath-dhíol le sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta, le muilneóirí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe, no le muilneoirí cláruithe mine coirce no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire é do chlárú sa chlár de dheighleálaithe coirce agus eornan maidir le haon áitreabh go mbíonn an gnó san ar siúl aige ann no go mbeidh sé ar aigne aige é do bheith ar siúl aige ann.

(2) Einne go mbíonn meilt choirce ina mhin choirce ar siúl aige mar ghnó no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige féadfaidh, do réir an ailt seo, a iarraidh ar an Aire é do chlárú sa chlár de mhuilneoirí mine coirce maidir le haon áitreabh go mbíonn an gnó san ar siúl aige ann no go mbeidh sé ar aigne aige é do bheith ar siúl aige ann.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí déanfar fén alt so, sé sin le rá:—

(a) más mian le duine go gclárófaí é i gceachtar clár maidir le dhá áitreabh no níos mó déanfaidh iarratas ar leithligh ar chlárú do chur isteach maidir le gach áitreabh fé leith acu;

(b) más mian le duine go gclárófaí é sa dá chlár déanfaidh iarratas ar leithligh ar chlárú do chur isteach maidir le gach clár fé leith acu;

(c) is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas ar chlárú in aon chlár agus beidh ann na mion-innste orduithe agus luadhfar ann an t-áitreabh gur maidir leis a bheidh an t-iarratasóir á iarraidh go gclárófaí é sa chlár san;

(4) Nuair a bheidh rialacháin á ndéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san alt so mar ní no mar rud atá orduithe féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh maidir le clárú i gcláir dheifriúla.

(5) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so do bhun-iarratas ar chlárú do léiriú mar thagairtí d'iarratas a déanfar fén alt so ar chlárú.

Daoine do chlárú.

43. —(1) Ar an Aire d'fháil iarratais ar chlarú i gclár áirithe fén alt deiridh sin roimhe seo agus dá réir cuirfidh sa chlár san, fé réir forálacha an ailt seo, ainm agus seoladh an iarratasóra agus mion-innste ar an áitreabh a luadhfar san iarratas san agus gur maidir leis a bheidh clárú á iarraidh.

(2) Féadfaidh an tAire diúltú do dhuine do chlárú bheidh á iarraidh go gclárófaí é sa chlár de dheighleálaithe coirce agus eornan más dóich leis, ag féachaint don méid daoine bheidh cláruithe sa chlár san cheana, ná raghadh sé chun leasa na puiblíochta an duine sin do chlárú.

(3) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so do dheighlealaí chláruithe coirce agus eornan agus do mhuilneoir chláruithe mine coirce do léiriú mar thagairtí do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár de dheighleálaithe coirce agus eornan agus do dhuine bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár de mhuilneoirí mine coirce fé seach.

Clárú maidir le háitreabh breise.

44. —Má dheineann duine ar bith a bheidh cláruithe in aon chlár maidir le haon áitreabh a iarraidh ar an Aire an clárú san do leathnú chun go mbainfe sé le háitreabh breise bheidh i gceangal no in aice leis an áitreabh san déanfaidh an tAire, ar fháil an iarratais sin do, an clárú san do leathnú dá réir sin.

Táillí ar iarrataisí ar chlárú.

45. —(1) Íocfaidh an t-iarratasóir táille phúint leis an Aire ar gach bun-iarratas ar chlárú i gclár ar bith agus ar gach iarratas fén alt deiridh sin roimhe seo.

(2) Is in airgead a baileofar na táillí uile a híocfar fén alt so agus glacfar iad ar pé slí bheidh orduithe ag an Aire Airgid o am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir orduithe an Aire Airgid.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

An clárú d'atharú i gcás éaga no i gcás an ghnótha d'aistriú.

46. —(1) Má éagann duine ar bith a bheidh cláruithe i gclár ar bith déanfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air d'ionadaí phearsanta an duine sin, ainm an ionadaí phearsanta san do chur sa chlár san in ionad ainm an duine sin.

(2) Má haistrítear chun duine eile únaeracht aon ghnótha bheidh ar siúl in áitreabh a bheidh iontrálta in aon chlár déanfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air don duine sin, ainm an duine sin do chur isteach sa chlár san in ionad ainme an duine bhí cláruithe roimhe sin sa chlár san.

Cuntaisí o dhaoine cláruithe.

47. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na cuntaisí bhéarfaidh deighleálaithe cláruithe coirce agus eornan agus muilneoirí cláruithe mine coirce dho;

(b) na hamannta bhéarfar na cuntaisí sin;

(c) na fuirmeacha ina dtabharfar na cuntaisí sin.

(2) Gach éinne gur gá dho do réir rialachán a bheidh déanta fén alt so cuntas ar bith do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh no a dhiúltóidh an cuntas san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí no chuirfidh in aon chuntas den tsórt san éinní bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Breacacháin a coimeádfar in áitreibh chláruithe.

48. —(1) An lá ceaptha agus dá éis beidh sé de dhualgas ar gach duine bheidh cláruithe in aon chlár maidir le háitreabh ar bith na breacacháin seo leanas do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád san áit cheaptha agus sa bhfuirm orduithe, sé sin le rá:—

(a) más sa chlár de dheighleálaithe coirce agus eornan a bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh an choirce agus na heornan go léir do cheannuigh sé agus do tugadh chun an áitreibh sin no le n-ar deighleáladh ann agus i dtaobh na bpraghsanna do tugadh ar an gcoirce agus ar an eornain sin agus i dtaobh gach caindíochta den choirce agus den eornain sin do cuireadh de láimh; no

(b) más sa chlár de mhuilneoirí mine coirce bheidh an t-áitreabh san iontrálta, breacacháin i dtaobh an choirce go léir do cheannuigh sé agus do tugadh chun an áitreibh sin agus i dtaobh gach caindíochta den choirce sin do cuireadh de láimh;

agus laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis na gceannach san no tar éis na gcaindíocht san do chur de láimh, na mion-innste orduithe ina dtaobh d'iontráil no a chur fé ndeár iad d'iontráil sna breacacháin sin.

(2) Gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo féadfaidh cigire don Aire Talmhaíochta é d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige, agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(4) Má thárlann d'éinne dhlighfidh fén alt so breacachán do choimeád maidir le haon áitreabh áirithe—

(a) go dteipfidh air an breacachán san is gá do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár é do choimeád san áit cheaptha, no

(b) go dteipfidh air aon iontráil áirithe do chur no a chur fé ndeár í do chur sa bhreacachán san laistigh den am a socruítear leis an alt so is gur iontráil í is gá do réir an ailt seo do chur sa bhreacachán san, no

(c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn do thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire é, is gá dho do réir an ailt seo a thaisbeáint amhlaidh, no go gcuirfe sé cosc le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san, no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa breacachán san,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(5) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarradh breacachán, is gá do réir an ailt seo do choimeád alos aon áitreabh no aon scríbhinn eile, d'iarr cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint arbh fhíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndéar éinní áirithe d'fhágaint amach as, tuigfear gur hiarradh go cuibhe, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áit cheaptha ar phearsain ar bith do bhí ar fostú ag an duine sin; agus

(c) má thárlann diúltú no teip maidir le breacachán do thaisbeáint, is gá do réir an ailt seo do choimeád alos aon áitreibh, no maidir le haon scríbhinn eile do thaisbeáint, a iarrfaidh cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, agus más san áit cheaptha thárlóidh san agus másé duine dá dtárlóidh san ná pearsa ar fostú ag an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an cuntas san do thaisbeáint, tuigfear gurb é an duine sin do dhiúltuigh no ar ar theip amhlaidh; agus

(d) cialluíonn an abairt “an áit cheaptha” maidir le haon áitreabh a bheidh iontrálta sa chlár de dheighleálaithe coirce agus eornan—

(i) má húsáidtear an t-áitreabh san chun coirce agus eornan do stóráil ann—

I. I gcás an obair oifige bhaineann leis an áitreabh san do bheith ar siúl i bhfoirgint atá in aice an áitreibh sin ach nách cuid den áitreabh san, an fhoirgint sin, agus

II. In aon chás eile, an áit san áitreabh san ina mbíonn an obair oifige sin ar siúl; agus

(ii) mara mbeidh san áitreabh san ach oifigí, an t-áitreabh san; agus

(e) cialluíonn an abairt “an áit cheaptha” maidir le haon áitreabh a bheidh iontrálta sa chlár de mhuilneoirí mine coirce—

(i) i gcás an obair oifige bhaineann leis an áitreabh san do bheith ar siúl i bhfoirgint atá in aice an áitreibh sin ach nách cuid den áitreabh san, an fhoirgint sin, agus

(ii) in aon chás eile, an áit san áitreabh san ina mbíonn an obair oifige sin ar siúl; agus

(f) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige”—

(i) maidir le haon lá (nách Domhnach ná lá saoire bainc ná fós lá saoire ná leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar), aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna bhíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áit cheaptha; agus

(ii) maidir le haon leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar, aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a haon a chlog um thráthnóna bhíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áit cheaptha.

Coimeád na gclár agus fianaise ar a mbeidh ionta.

49. —(1) Maidir leis na cláir—

(a) tuigfear iad do bheith sa choimeád cheart nuair a bheid i gcoimeád ag an Aire ceart no ag aon oifigeach don Aire sin go n-údarás chuige sin ón Aire sin; agus

(b) beid ionghlactha mar fhianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, ar iad do thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie ar aon iontráil i gclár ar bith do thabhairt in aon imeacht dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair agus í deimhnithe mar chóip dhílis fé shéala an Aire.

(3) Beidh deimhniú fé shéala an Aire, á rá go bhfuil duine ar bith a luaidhtear sa deimhniú san gan bheith cláruithe in aon chlár no cláir áirithe, ina fhianaise prima facie in aon imeacht dlí ar na fíora deimhnítear amhlaidh.

(4) Féadfaidh éinne—

(a) cóip, agus í deimhnithe mar chóip dhílis sa tslí luaidhtear anso roimhe seo, d'aon iontráil i gclár ar bith d'fháil ar tháille scillinge d'íoc leis an Aire;

(b) deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, á rá go bhfuil éinne áirithe gan bheith cláruithe i gceann áirithe de sna cláir sin a choimeádann an tAire, d'fháil ar tháille scillinge d'íoc leis an Aire.

(5) Is in airgead a baileofar na táillí uile a híocfar fén alt so agus glacfar iad ar pé slí bheidh orduithe ag an Aire Airgid o am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir orduithe an Aire.

(6) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí a híocfar fén alt so.

A mbeidh sna cláir, etc., d'fhoillsiú.

50. —(1) Féadfaidh an tAire foillsiú do dhéanamh i pé slí is oiriúnach leis—

(a) ar gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta i gclár ar bith a bheidh á choimeád aige; agus

(b) ar fhógra i dtaobh é do dhéanamh nea-mbríochainte no atharuithe ar chlárú éinne áirithe bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád aige.

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná aon chuid áirithe de chuntas do bhéarfar do réir na Coda so den Acht so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis do bhailiú agus d'fhoillsiú (agus staitistíocht as cuntaisí do cuireadh chuige do réir na Coda so den Acht so d'áireamh) i dtaobh méid na ngnóthaí bheidh ar siúl ag daoine bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád aige.

(4) Chó fada agus is féidir san do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint cé hé an duine áirithe no cadé an gnó no an cúram áirithe le n-a mbaineann na mion-innste sin.

Aitreibh chláruithe d'iniúchadh.

51. —(1) Beidh cigire don Aire Talmhaíochta i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh iontrálta i gclár ar bith agus scrúdú do dhéanamh ansan ar aon choirce no corna do gheobhfar san áitreabh san agus somplaí réasúnta do thógaint den choirce agus den eornain sin.

(2) Gach éinne bhacfaidh no choiscfidh aon chigire don Aire Talmhaíochta agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus fíneáil ná raighaidh thar deich bpúint másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é.

Clárú d'atharú no do chur ar nea-mbrí.

52. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair clárú éinne i gclár ar bith d'atharú no do chur ar nea-mbrí ar iarratas an duine sin no, más pearsa an duine sin, ar iarratas a ionadaí phearsanta no, más cólucht ionchorpruithe é, ar iarratas an leachtálaí.

(2) Féadfaidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, aon chlárú i gclár ar bith d'atharú in aon tslí ina bhfeicfear do an clárú san do bheith earráideach no mí-threorach.

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, aon chlárú i gclár ar bith do chur ar nea-mbrí más rud é—

(a) gur deimhin leis gur tré chalaois no tré cham-thuairisc do fuarthas an clárú; no

(b) go mbeidh an té bheidh cláruithe sa chlár san tar éis scur den ghnó gur ina thaobh a cláruíodh é amhlaidh; no

(c) gur éag an té bheidh cláruithe sa chlár san más pearsa é no, más cólucht corpruithe é, sur scuireadh é, agus ná dearnadh, laistigh de ráithe tar éis an éaga no an scuir sin, éinne eile do chlárú in ionad an duine chláruithe d'éag no do scuireadh amhlaidh; no

(d) gur tugadh de breith ar an té bheidh cláruithe sa chlár san gur duine gnó-bhriste é; no

(e) gur dóich leis aon tsárú do bheith déanta (tré ghníomh no tré fhaillí) ag an té bheidh cláruithe sa chlár san ar an Acht so no ar aon rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

(4) Sara ndeinidh an tAire clárú duine ar bith d'atharú no do chur ar nea-mbrí (ar aon tslí seachas do réir iarratais chuige sin fén alt so) bhéarfa sé fógra mí ar a laighead i scríbhinn don duine sin no dá ionadaí pearsanta (más ann do) no dá leachtálaí (pe'ca aca é) á rá go bhfuil sé chun an chláruithe sin d'atharú no do chur ar nea-mbrí amhlaidh agus cadiad na fáthanna atá aige leis sin, agus pé uair do bhéarfar aon fhógra den tsórt san amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an tAire an clárú san d'atharú ná do chur ar nea-mbrí go dtí go raghaidh an fógra san in éag; agus

(b) má dheineann an té dá dtabharfar an fógra san aon chúis do phlé laistigh de sheacht lá tar éis seirbheála an fhógra san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) breithneoidh an tAire an chúis sin, agus

(ii) maran rud é go gcinnfidh an tAire de bharr an bhreithnithe sin gan an clárú san d'atharú ná do chur ar nea-mbrí, déanfaidh, i gcás an duine sin dá iarraidh laistigh de sheacht lá tar éis seirbheála an fhógra san go ndéanfaí fiosrúchán i dtaobh an scéil no féadfaidh, in aon chás eile más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár an fiosrúchán san do dhéanamh, agus

(iii) má chuireann an tAire fé ndeár aon fhiosrúchán den tsórt san do dhéanamh ní dhéanfaidh an clárú san d'atharú ná do chur ar nea-mbrí go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfiosrúchán san; agus

(c) beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán a déanfar fén bhfo-alt so, sé sin le rá:—

(i) déanfaidh an tAire duine ceart oiriúnach do cheapadh chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh agus beidh de chomhacht ag an té ceapfar amhlaidh fianaise do ghlacadh fé mhionn agus údaruítear do leis seo daoine do chur fé mhionn;

(ii) déanfaidh an tAire fógra i dtaobh an ama agus na háite ina ndéanfar an fiosrúchán san do thabhairt don té gur mar gheall air a bheidh an fiosrúchán san le déanamh, agus beidh an duine sin i dteideal teacht i láthair le linn an fhiosrúcháin sin tré abhcóide no tré atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird.

(5) Féadfar fógra i dtaobh an Aire do bheith chun cláruithe do chur ar nea-mbrí no d'atharú do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té dá mbeidh sé dírithe fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

Srian le coirce agus eorna do cheannach.

53. —(1) An lá ceaptha agus dá éis ní bheidh sé dleathach d'aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, d'aon mhuilneoir chláruithe chruithneachtan Indiathaighe, ná d'aon mhuilneoir chláruithe mhine coirce nách deighleálaí cláruithe coirce agus eornan freisin aon choirce ná eorna do cheannach o dhuine ar bith maran deighleálaí cláruithe coirce agus eornan an duine sin.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Toirmeasc ar mheilt mhine coirce do bheith ar siúl ag daoine nea-chláruithe.

54. —(1) An lá ceaptha agus dá éis ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith meilt choirce ina mhin choirce do bheith ar siúl aige mar ghnó maran rud é—

(a) gur muilneoir cláruithe mine coirce an duine sin, agus

(b) gur in áitreabh go mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh sa chlár de mhuilneoirí mine coirce bheidh an gnó san ar siúl.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Praghsanna minimum ar choirce dhúthchais.

55. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) coirce dúthchais do roinnt do réir bhuiséal-mheáchaintí i pé cineálacha agus i pé méid cineálacha is oiriúnach leis, agus

(b) an praghas minimum íocfaidh deighleálaithe cláruithe coirce agus eornan do cheapadh maidir le gach cineál den choirce dhúthchais sin do réir ráta an céad meáchaint agus ar an bhforas go seachadfar an coirce sin, agus an costas iompair íoctha air, ag áitreabh an cheannuitheora,

(c) a ordú gan coirce dúthchais de chineál áirithe do dhíol le deighleálaithe cláruithe coirce agus eornan agus gan iad san do cheannach a leithéide ar phraghas is lugha ná mar ceapfar leis an ordú san maidir le coirce dúthchais den chineál san.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ordú bheidh déanta fé fho-alt (1) den alt so no fén bhfo-alt so do cheiliúradh no do leasú.

(3) Má dheineann duine ar bith aon choirce do dhíol no do cheannach contrárdha d'ordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Praghsanna minimum ar eornain dúthchais.

56. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) eorna dhúthchais do roinnt do réir bhuiséal-mheáchaintí i pé cineálacha agus i pé méid cineálacha is oiriúnach leis, agus

(b) an praghas minimum, íocfaidh deighleálaithe cláruithe coirce agus eornan do cheapadh maidir le gach cineál d'eornain dúthchais do réir ráta an céad meáchaint agus ar an bhforas go seachadfar an eorna san, agus an costas iompair íoctha uirthi, ag áitreabh an cheannuitheora,

(c) a ordú gan eorna dhúthchais de chineál áirithe do dhíol le deighleálaithe cláruithe coirce agus eornan agus gan iad san do cheannach a leithéide ar phraghas is lugha ná mar ceapfar leis an ordú san maidir le heornain dúthchais den chineál san.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ordú bheidh déanta fé fho-alt (1) den alt so no fén bhfo-alt so do cheiliúradh no do leasú.

(3) Má dheineann duine ar bith aon eorna do dhíol no do cheannach contrárdha d'ordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

CUID V.

Srian le Cruithneacht do Mheilt.

Mínithe maidir le Cuid V.

57. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “plúr cruithneachtan” an mhion-iarmairt a gheibhtear tré ghealachán meilte na heithne cruithneachtan do chriathairt tré éadach chriathrach nách gairbhe ná éadach criathrach caighdeánach Uimh. 9, ar bhran agus pollard na cruithneachtan do dhealú leis tré oibrithe oiriúnacha muilneoireachta;

cialluíonn an abairt “eithne choirce” an chuid fhanann de ghráinne choirce tar éis an ghráinne sin do chur fé oibriú tré n-a mbaintear an cáithne den ghráinne choirce sin ar fad no sa mhéid nách mó meáchaint na coda fhanann den cháithne sin ná dó go leith per cent. de mheáchaint na coda san fhanann den ghráinne choirce sin tar éis a churtha fén oibriú san.

Orduithe muilneoireachta (plúr cumaiscthe).

58. —(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis is ceart féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear an t-ordú muilneoireachta (plúr cumaiscthe) san Acht so) a ordú go ndéanfar, i gcás ina mbeidh aon chruithneacht le meilt ina plúr, caindíocht d'eithní coirce is có-ionann leis an gcionúireacht den chruíthneachtain sin a ceapfar de thuras na huaire leis an ordú san do mheascadh tríd an gcruithneachtain sin sara meiltear í.

(2) Luadhfar i ngach ordú muilneoireachta (plúr cumaiscthe) an dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm agus ní bheidh an dáta san níos luaithe ná an ceathrú lá déag tar éis lá déanta an orduithe sin.

(3) Foillseofar gach ordú muilneoireachta (plúr cumaiscthe) san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é go caothúil tar éis a dhéanta.

(4) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so ag leasú orduithe do rinneadh roimhe sin.

(5) Sara ndeinidh an tAire ordú ar bith fén alt so ragha sé i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta.

(6) Ní bheidh aon toradh gheobhfar as meascán d'eithní cruithneachtan agus d'eithní coirce do mheilt do réir orduithe mhuilneoireachta (plúr cumaiscthe) ina abhar bheathadh chumaiscthe do réir brí ailt 8 den Phríomh-Acht.

Srian le cruithneacht do mheilt.

59. —(1) Pé uair agus faid a bheidh ordú muilneoireachta (plúr cumaiscthe) i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach do shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta cruithneacht ar bith do mheilt ina plúr maran rud é—

(a) gur do réir an orduithe sin a meilfear an chruithneacht san amhlaidh, no

(b) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais do thug an tAire amach don tsealbhóir sin fén gCuid seo den Acht so a meilfear amhlaidh an chruithneacht san.

(2) Má dheineann aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta éinní contrárdha don alt so beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Ceadúnaisí ócáideacha chun cruithneachtan do mheilt ina plúr chruithneachtan.

60. —(1) Nuair a bheidh ordú muilneoireachta (plúr cumaiscthe) déanta féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is dóich leis is ceart, ar n-a iarraidh sin air do shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta ceadúnas maidir le muileann áirithe (dá ngairmtear ceadúnas ócáideach san alt so) do thabhairt amach don tsealbhóir sin á rá go n-údaruítear don tsealbhóir sin méid áirithe cruithneachtan do mheilt ina phlúr chruithneachtan sa mhuileann san lá áirithe.

(2) Oibreoidh gach ceadúnas ócáideach chun a údarú don té is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta maidir le muileann áirithe luadhfar sa cheadúnas ócáideach san caindíocht chruithneachtan nách mó ná an chaindíocht a luadhfar sa cheadúnas ócáideach san do mheilt ina plúr chruithneachtan sa mhuileann san an lá luadhfar sa cheadúnas san.

E bheith le tuisgint, chun crícheanna quota, gur cruithneacht eithní coirce meilfear i dteanta cruithneachtan.

61. —Pé uair, le linn orduithe mhuilneoireachta (plúr cumaiscthe) do bheith i bhfeidhm, a déanfar aon chruithneacht a meilfear ina plúr i muileann áirithe do mheilt amhlaidh do réir an orduithe sin tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 28 den Phríomh-Acht, go ndearna an té is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta maidir leis an muileann san caindíocht chruithneachtan is có-ionann le caindíocht iomlán na cruithneachtan do meileadh agus na n-eithní coirce do meascadh tríthi do mheilt ina plúr chruithneachtan sa mhuileann san.

Breacacháin a choimeádfaidh sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta le linn bheith i bhfeidhm d'ordú mhuilneoireachta (plúr cumaiscthe).

62. —(1) I dteanta aon bhreacachán is gá dho, do réir an Phríomh-Achta no aon fhorála eile den Acht so, do choimeád beidh sé de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta maidir le muileann na breacacháin seo leanas agus iad sa bhfuirm orduithe do choimeád san áit cheaptha pé uair a bheidh ordú muilneoireachta (plúr cumaiscthe) i bhfeidhm, sé sin le rá:—

(a) breacachán i dtaobh gach caindíochta coirce agus eithní coirce do ceannuíodh agus do cuireadh de láimh, agus

(b) breacachán i dtaobh gach caindíochta coirce (más ann di) do scilligeadh sa mhuileann san, agus

(c) breacachán i dtaobh na gcaindíocht d'eithní coirce agus de chruithneachtain do meileadh ina bplúr sa mhuileann san do réir an orduithe sin agus i dtaobh gach caindíochta den phlúr san do cuireadh de láimh,

agus laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis aon cheannach, scilligeadh, meilt, no cur-de-láimh den tsórt san do chríochnú na mion-innste orduithe ina thaobh d'iontráil sna breacacháin sin.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 32 den Phríomh-Acht maidir le breacacháin is gá do réir an ailt seo do choimeád fé mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le breacacháin is gá do réir fo-ailt 1 d'alt 32 den Phríomh-Acht do choimeád.

(3) An bhrí chuireann mír (d) d'fho-alt (4) d'alt 32 den Phríomh-Acht leis an a bairt “an áit cheaptha” tá an bhrí sin léi san alt so.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt so mar ní no mar rud atá orduithe agus cialluíonn an focal “orduithe” sa bhfo-alt san (1) orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén bhfo-alt so.

(5) I gcás ceadúnas do dheonadh fé fho-alt (2) d'alt 28 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san leis an Acht so, á údarú don té is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta maidir le muileann áirithe an quota iomlán don mhuileann san in aghaidh na roimhthréimhse quota (más ann di) no in aghaidh bliana áirithe quota do mheilt ina phlúr chruithneachtan ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an sealbhóir sin i dtaobh an mhuilinn sin i rith na roimh-thréimhse quota no na bliana quota san.

Srian le plúr cruithneachtan iomportálta do dhíol.

63. —(1) Pé uair a bheidh ordú muilneoireachta (plúr cumaiscthe) i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach d'aon iomportálaí cláruithe plúir aon phlúr cruithneachtan iomportálta do dhíol maran le hiomportálaí cláruithe plúir eile no le sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta no leis an Aire díolfar an plúr cruithneachtan san, no maran fé cheadúnas agus do réir cheadúnais a bheidh tugtha amach ag an Aire fén alt so díolfar an plúr cruithneachtan san.

(2) Má dheineann iomportálaí cláruithe plúir éinní contrárdha don alt so beidh an t-iomportálaí cláruithe plúir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(3) Má dheineann iomportálaí cláruithe plúir éinní contrárdha don alt so tuigfear, chun crícheanna ailt 61 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san leis an Acht so, go ndearna an t-iomportálaí cláruithe plúir sin gníomh contrárdha don Phríomh-Acht agus déanfar an t-alt san 61, mar a leasuítear amhlaidh é, do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

(5) Féadfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin d'iomportálaí cláruithe plúir, ceadúnas do dheonadh don iomportálaí sin á rá go n-údaruítear don iomportálaí sin, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, plúr cruithneachtan iomportálta do dhíol le duine áirithe gan teora maidir le ham no le méid no le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid.

(6) Gach ceadúnas a deonfar fén alt so d'iomportálaí cláruithe plúir oibreoidh sé chun a údarú don iomportálaí sin, fé réir cólíonadh pé coinníollacha (más ann dóibh) a luadhfar sa cheadúnas san, plúr cruithneachtan iomportálta do dhíol leis an té luadhfar sa cheadúnas san gan teora maidir le ham no le méid no le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid (fé mar a luadhfar sa cheadúnas san).

CUID VI.

Srian le Sealbhoiri Ceadunaisi Muilneoireachta do Dhiol Pluir Chruithneachtan agus Pluir ina bhfuil Plur Cruithneachtan mar Chompairt de.

Mínithe maidir le Cuid VI.

64. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “plúr cruithneachtan” an mhion-iarmairt a gheibhtear tré ghealachán meilte na heithne cruithneachtan do chriathairt tré éadach chriathrach nách gairbhe ná éadach criathrach caighdeánach Uimh. 9, ar bhran agus pollard na cruithneachtan do dhealú leis tré oibrithe oiriúnacha muilneoireachta;

cialluíonn an abairt “eithne choirce” an chuid fhanann de ghráinne choirce tar éis an ghráinne sin do chur fé oibriú tré n-a mbaintear an cáithne den ghráinne choirce sin ar fad no sa mhéid nách mó meáchaint na coda fhanann den cháithne sin ná dó go leith per cent. de mheáchaint na coda san fhanann den ghráinne choirce sin tar éis a churtha fén oibriú san;

cialluíonn an abairt “plúr coirce” plúr a gheibhtear as eithní coirce do mheilt.

Púdar bainne caighdeánach.

65. —Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, rialacháin do dhéanamh ag ordú na gcaighdeán nách foláir púdar bainne do bheith dá réir chun é d'áireamh mar phúdar bainne chaighdeánach chun crícheanna na Coda so den Acht so agus léireofar tagairtí sa Chuid seo den Acht so do phúdar bainne chaighdeánach mar thagairtí do phúdar bhainne bheidh do réir na gcaighdeán a bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

Ordú díola (plúr cumaiscthe).

66. —(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis is ceart féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú díola (plúr cumaiscthe) san Acht so), na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a ordú gan aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do dhíol plúir chruithneachtan ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais a bheidh tugtha amach ag an Aire fén gCuid seo den Acht so; agus

(b) éinní áirithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(i) a ordú gan aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoir eachta do dhíol aon phlúir ina mbeidh plúr cruithneachtan mar chompáirt de mara mbeidh an plúr san códhéanta de phlúr chruithneachtan agus de phercentáiste de phlúr choirce nách lugha ná an percentáiste bheidh ceaptha de thurus na huaire leis an ordú san, no

(ii) a ordú gan aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do dhíol aon phlúir ina mbeidh plúr cruithneachtan mar chompáirt de mara mbeidh sa phlúr san percentáiste de phúdar bainne chaighdeánach nách lugha ná an percentáiste bheidh ceaptha de thurus na huaire leis an ordú san, no

(iii) a ordú gan aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do dhíol aon phlúir ina mbeidh plúr cruithneachtan mar chompáirt de mara mbeidh an plúr san códhéanta de phlúr chruithneachtan agus de phercentáiste de phlúr choirce nách lugha ná an percentáiste bheidh ceaptha de thurus na huaire leis an ordú san agus percentáiste de phúdar bainne chaighdeánach ann nách lugha ná an percentáiste bheidh ceaptha de thurus na huaire leis an ordú san.

(2) Plúr ina mbeidh púdar bainne caighdeánach do réir orduithe dhíola (plúr cumaiscthe) ní bheidh sé ina abhar beathadh cumaiscthe do réir bhrí ailt 8 den Phríomh-Acht.

(3) Luadhfar i ngach ordú díola (plúr cumaiscthe) an dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm agus ní bheidh an dáta san níos luaithe ná an ceathrú lá déag tar éis lá déanta an orduithe sin.

(4) Foillseofar gach ordú díola (plúr cumaiscthe) san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é go caothúil tar éis a dhéanta.

(5) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so ag leasú orduithe do rinneadh roimhe sin.

Pionós mar gheall ar ordú díola (plúr cumaiscthe) do shárú.

67. —(1) Más rud é, pé uair agus faid a bheidh ordú díola (plúr cumaiscthe) i bhfeidhm, go ndéanfaidh aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta éinní contrárdha don ordú san beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a gabhann leis an Acht so do chur air.

(2) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Ceadúnas díola (plúr cruithneachtan).

68. —(1) Nuair a bheidh ordú díola (plúr cumaiscthe) déanta féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is dóich leis is ceart, ar n-a iarraidh sin air do shealbhóir aon cheadúnais mhuilneoireachta, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas díola (plúr cruithneachtan) san Acht so) do thabhairt amach don tsealbhóir sin á rá go n-údaruítear don tsealbhóir sin plúr cruithneachtan do dhíol fén gceadúnas díola (plúr cruithneachtan) san agus do réir a théarmaí.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is oiriúnach leis do chur ag gabháil le haon cheadúnas díola (plúr cruithneachtan) i dtaobh an mhéide plúir chruithneachtan a féadfar do dhíol fén gceadúnas san agus na haimsire gur laistigh di agus na ndaoine no na n-aicmí daoine gur leo a féadfar an plúr cruithneachtan san do dhíol.

(3) Oibreoidh gach ceadúnas díola (plúr cruithneachtan) chun a údarú don té a hainmneofar ann caindíocht de phlúr chruithneachtan nách mó ná an chaindíocht a luadhfar sa cheadúnas san do dhíol ach san fé réir choinníollacha an cheadúnais sin.

Breacacháin a choimeádfaidh sealbhóirí ceadúnaisí muilneoireachta le linn bheith i bhfeidhm d'ordú dhíola (plúr cumaiscthe).

69. —(1) I dteanta aon bhreacachán is gá dho, do réir an Phríomh-Achta no aon fhorála eile den Acht so, do choimeád beidh sé de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta maidir le muileann na breacacháin seo leanas agus iad sa bhfuirm orduithe do choimeád san áit cheaptha pé uair a bheidh ordú díola (plúr cumaiscthe) i bhfeidhm, sé sin le rá:—

(a) má orduíonn an t-ordú san gan aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do dhíol aon phlúir ina mbeidh plúr cruithneachtan mar chompáirt de mara mbeidh plúr coirce sa phlúr san—

(i) breacachán i dtaobh gach caindíochta coirce agus eithní coirce agus plúir choirce do ceannuíodh agus do cuireadh de láimh,

(ii) breacachán i dtaobh na caindíochta eithní coirce do meileadh ina plúr coirce,

(iii) breacachán i dtaobh na gcaindíocht de phlúr choirce agus de phlúr chruithneachtan do meascadh sa mhuileann san agus i dtaobh na gcaindíocht uile den mheascán san do cuireadh de láimh;

(b) má orduíonn an t-ordú san gan aon tsealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta do dhíol aon phlúir mara mbeidh púdar bainne caighdéanach sa phlúr san—

(i) breacachán i dtaobh na gcaindíocht uile de phúdar bainne chaighdeánach do ceannuíodh agus do cuireadh de láimh,

(ii) breacachán i dtaobh na gcaindíocht de phúdar bainne chaighdeánach do meascadh sa mhuileann san tré phlúr chruithneachtan no tré phlúr ina raibh plúr cruithneachtan agus plúr coirce agus i dtaobh na gcaindíocht uile den mheascán san do cuireadh de láimh;

agus laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis aon cheannach, meilt, meascadh no cur-de-láimh den tsórt san do chríochnú, na mion-innste orduithe ina dtaobh d'iontráil sna breacacháin sin.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 32 den Phríomh-Acht maidir le breacacháin is gá do réir an ailt seo do choimeád fé mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le breacacháin is gá do réir fo-ailt (1) den alt san 32 do choimeád.

(3) An bhrí chuireann mír (d) d'fho-alt (4) d'alt 32 den Phríomh-Acht leis an abairt “an áit cheaptha” tá an bhrí sin léi san alt so.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt so mar ní no mar rud atá orduithe agus cialluíonn an focal “orduithe” sa bhfo-alt san (1) orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén bhfo-alt so.

(5) I gcás ceadúnas do dheonadh fé fho-alt (2) d'alt 28 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san leis an Acht so, á údarú don té is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta maidir le muileann áirithe an quota iomlán don mhuileann san in aghaidh na roimhthréimhse quota (más ann di) no in aghaidh bliana áirithe quota do mheilt ina mhin chruithneachtan ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an sealbhóir sin i dtaobh an mhuilinn sin i rith na roimh-thréimhse quota no na bliana quota san.

CUID VII.

Srian le hAran, etc., do Dheanamh de Phlur Chruithneachtan.

Mínithe maidir le Cuid VII.

70. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “plúr cruithneachtan” an mhion-iarmairt a gheibhtear tré ghealachán meilte na heithne cruithneachtan do chriathairt tré éadach chriathrach nách gairbhe ná éadach criathrach caighdeánach Uimh. 9, ar bhran agus pollard na cruithneachtan do dhealú leis tré oibrithe oiriúnacha muilneoireachta.

Ciontaí fé Chuid VII do chúiseamh.

71. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fé alt ar bith sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

Ordú srianta déantóireachta (arán).

72. —(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis is ceart féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú srianta déantóireachta (arán) san Acht so), a ordú gan aon arán, builíní, ná cístí do dhéanamh chun a ndíolta de phlúr chruithneachtan ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais a bheidh tugtha amach fén gCuid seo den Acht so.

(2) Luadhfar i ngach ordú srianta déantóireachta (arán) an dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm agus ní bheidh an dáta san níos luaithe ná an ceathrú lá déag tar éis lá déanta an orduithe sin.

(3) Foillseofar gach ordú srianta déantóireachta (arán) san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é go caothúil tar éis a dhéanta.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú srianta déantóireachta (arán) do cheiliúradh.

Pionós mar gheall ar ordú srianta déantóireachta (arán) do shárú.

73. —(1) Pé uair a bheidh ordú srianta déantóireachta (arán) i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon arán, builíní ná cístí do dhéanamh, chun a ndíolta, de phlúr chruithneachtan ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais a bheidh tugtha amach fén gCuid seo den Acht so.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Ceadúnas déantóireachta (arán cruithneachtan).

74. —(1) Pé uair a bheidh ordú srianta déantóireachta (arán) i bhfeidhm féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san, ar dhuine ar bith dá iarraidh sin air, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas déantóireachta (arán cruithneachtan) san Acht so) do thabhairt amach á rá go n-údaruítear don duine sin arán, builíní no cístí no aon cheann acu do dhéanamh, chun a ndíolta, de phlúr chruithneachtan fén gceadúnas san agus do réir a théarmaí.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha do chur ag gabháil le ceadúnas déantóireachta (plúr cruithneachtan) is oiriúnach leis maidir leis an méid aráin, builíní no cístí no leis an méid d'aon cheann acu féadfar do dhéanamh de phlúr cruithneachtan fén gceadúnas san agus maidir leis an aimsir gur laistigh di féadfar iad do dhéanamh.

(3) Oibreoidh gach ceadúnas déantóireachta (arán cruithneachtan) chun a údarú don té a hainmneofar ann caindíocht d'arán, de bhuilíní agus de chístí no d'aon cheann acu nách mó ná an chaindíocht a luadhfar sa cheadúnas san do dhéanamh de phlúr chruithneachtan chun a díolta ach san fé réir choinníollacha an cheadúnais sin.

Aitreibh déantóirí aráin, etc., d'iniúchadh.

75. —(1) Pé uair a bheidh ordú srianta déantóireachta (arán) i bhfeidhm féadfaidh aon chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála dul isteach aon tráth réasúnta in aon áitreabh ina mbíonn déanamh aráin, builíní no cístí, chun a ndíolta, ar siúl mar ghnó agus aon phlúr, arán, builíní no cístí bheidh san áitreabh san d'iniúchadh agus somplaí dhíobh do thógaint.

(2) Gach éinne bhacfaidh no choiscfidh cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála agus é ag feidhmiú aon chomhachta da mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus fíneáil ná raighaidh thar deich bpúint másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é.

CUID VIII.

Plur Cruithneachtan i Seilbh Dhaoine seachas Iomportalaithe Claruithe Pluir agus Sealbhoiri Ceadunaisi Muilneoireachta.

Mínithe maidir le Cuid VIII.

76. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “plúr cruithneachtan” an mhion-iarmairt a gheibhtear tré ghealachán meilte na heithne cruithneachtan do chriathairt tré éadach chriathrach nách gairbhe ná éadach criathrach caighdeánach Uimh 9, ar bhran agus pollard na cruithneachtan do dhealú leis tré oibrithe oiriúnacha muilneoireachta.

Ciontaí fé Chuid VIII do chúiseamh.

77. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fé alt ar bith atá sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

Cuntaisí ar phlúr chruithneachtan i seilbh dhaoine áirithe.

78. —(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis is ceart féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú cuntaisí (plúr cruithneachtan) sa Chuid seo den Acht so), a cheangal ar gach duine (nách duine is iomportálaí cláruithe no is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta) go mbeidh aon chaindíocht de phlúr chruithneachtan de bhreis ar ocht míle fichead púnt ar seilbh no ar a chur aige lá déanta an orduithe sin cuntas i dtaobh na caindíochta de phlúr chruithneachtan ar seilbh no ar a chur aige an lá san agus i dtaobh áite no áiteanna stórála an phlúir sin do chur chun an Aire lá nách déanaí ná cúig lá tar éis an orduithe sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

(2) Gach cuntas do bhéarfar do réir orduithe chuntaisí (plúr cruithneachtan) fíorófar é tre dhearbhú reachtúil ón té go mbeidh de cheangal air an cuntas san do thabhairt uaidh no, más cólucht corpruithe an duine sin, o stiúrthóir no o phríomhoifigeach don chólucht chorpruithe sin.

(3) Foillseofar gach ordú cuntaisí (plúr cruithneachtan) san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é go caothúil tar éis a dhéanta.

(4) Más rud é, pé uair a déanfar ordú cuntaisí (plúr cruithneachtan), go dteipfidh ar éinne, gur gá dho do réir an orduithe sin cuntas do thabhairt don Aire, no go bhfailleoidh no go ndiúltóidh an cuntas san do thabhairt don Aire do réir an ailt seo laistigh de chúig lá tar éis an orduithe sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil no go gcuirfidh in aon chuntas den tsórt san éinní atá bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Stuic de phlúr chruithneachtan d'iniúchadh.

79. —(1) Pé uair a déanfar ordú cuntaisí (plúr cruithneachtan) féadfaidh cigire ar bith don Aire Tionnscail agus Tráchtála no aon bhall den Ghárda Síochána dul isteach aon tráth réasúnta in aon áitreabh go mbeidh cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil aon phlúr cruithneachtan stórálta ann agus aon phlúr a bheidh san áitreabh san d'iniúchadh agus somplaí dhe do thógaint.

(2) Gach éinne bhacfaidh no choiscfidh aon chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála no aon bhall den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint másé an dara cionta no aon chionta ina dhiadh sin fén alt so aige é.

Orduithe díola éigeanta.

80. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfar ordú cuntaisí (plúr cruithneachtan), agus

(b) gur deimhin leis an Aire go raibh aon chaindíocht de phlúr chruithneachtan de bhreis ar ocht míle fichead púnt ar seilbh no ar a chur ag duine ar bith (seachas iomportálaí cláruithe plúir no sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta) lá déanta an orduithe sin,

féadfaidh an tAire, lá nách déanaí ná fiche lá tar éis an orduithe cuntaisí (plúr cruithneachtan) san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, ordú (dá ngairmtear ordú díola éigeanta sa Chuid seo den Acht so) do sheirbheáil ar an duine sin agus ar pé duine eile, is sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta, a thoghfaidh an tAire á cheangal ar an duine sin a céad-luaidhtear caindíocht áirithe de phlúr chruithneachtan nách mó ná an bhreis sin do dhíol leis an duine eile sin, agus á cheangal ar an duine eile sin an chaindíocht san do cheannach ón duine sin a céad-luaidhtear, laistigh d'aimsir áirithe, ar pé praghas agus fé réir pé coinníollacha maidir le hiompar agus seachadadh cheapfaidh agus a luadhfaidh an tAire san ordú díola éigeanta san.

(2) San Chuid seo den Acht so cialluíonn na habairtí “an díoltóir” agus “an ceannuitheoir” fé seach, maidir le hordú díola éigeanta, an té go gceanglóidh an t-ordú san air an plúr cruithneachtan le n-a mbainfidh an t-ordú san do dhíol agus an té go gceanglóidh an t-ordú san air an plúr san do cheannach.

Orduithe díola éigeanta do sheirbheáil.

81. —(1) I gcás ina gceaduítear leis an Acht so ordú díola éigeanta do sheirbheáil ar dhuine ar bith, is i slí éigin acu so leanas a seirbheálfar an t-ordú san ar an duine sin, sé sin le rá:—

(a) tré chóip den ordú san agus í deimhnithe mar chóip dhílis fé Shéala Oifigiúil an Aire do sheachadadh don duine sin;

(b) tré chóip den ordú san agus í deimhnithe mar chóip dhílis fé Shéala Oifigiúil an Aire do chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha chun an duine sin fé sheoladh na háite ina mbíonn gnó ar siúl aige.

(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gnó do bheith ar siúl ina n-oifig chláruithe ag cuideachtain atá cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus tuigfear gnó do bheith ar siúl ina bpríomh-oifig no ina bpríomháit ghnótha ag gach cólucht corpruithe eile agus ag gach cólucht neamh-ionchorpruithe.

Eifeacht seirbheála orduithe díola éigeanta.

82. —(1) I gcás ordú díola éigeanta do sheirbheáil go cuibhe ar an díoltóir agus ar an gceannuitheoir fén ordú san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear connradh do bheith déanta ag an díoltóir agus ag an gceannuitheoir do réir théarmaí a gceangailtear leis an ordú san;

(b) mara gcólíontar a gceangailtear leis an ordú san

(i) beidh an díoltóir ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighidh chun sástachta na Cúirte gurbh iad gníomhartha no gurbh é teip an cheannuitheora san fé ndéar an nea-chólíonadh san, agus

(ii) beidh an ceannuitheoir ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighidh chun sástachta na Cúirte gurbh iad gníomhartha no gurbh é teip an díoltóra fé ndeár an nea-chólíonadh san.

(2) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Fógra i dtaobh cólíonadh no nea-chólíonadh orduithe díola éigeanta.

83. —(1) I gcás ordú díola éigeanta do sheirbheáil go cuibhe ar an díoltóir agus ar an gceannuitheoir fén ordú san cuirfidh an díoltóir agus an ceannuitheoir chun an Aire, gach duine ar leith acu, lá nách déanaí ná trí lá tar éis na haimsire ceapfar leis an ordú san chun é chólíonadh—

(a) má cólíonadh an t-ordú san, ráiteas á chur san in úil;

(b) marar cólíonadh an t-ordú san, ráiteas ina luadhfar cúiseanna an nea-chólíonta san.

(2) Gach ráiteas a cuirfear chun an Aire fén alt so fíorófar é tré dhearbhú reachtúil ón té go mbeidh de cheangal air an ráiteas san do chur chun an Aire no, más cólucht corpruithe an duine sin, o stiúrthóir no o phríomh-oifigeach don chólucht chorpruithe sin.

(3) Má theipeann ar éinne no ma fhaillíonn no má dhiúltann an ráiteas do chur chun an Aire do réir an ailt seo is gá dho do réir an ailt seo do chur chuige beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhetar i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

CUID IX.

An Stat do Storail Ghrain agus do Thiormu Ghrain.

Tosach feidhme Coda IX.

84. —Tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh pé lá ceapfar le hordú ón Aire Talmhaíochta.

Míniú maidir le Cuid IX.

85. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Ciontaí fé Chuid IX do chúiseamh.

86. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

Eolas d'fháil o únaerí stórtha gráin agus áitheanna gráin.

87. —(1) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar únaer aon stóir ghráin no áithe gráin á cheangal ar an únaer sin na mion-innste i dtaobh an stóir ghráin no na háithe gráin sin (pe'ca aca é) a luadhfar sa bhfógra san do chur chuige laistigh d'ocht lá fichead tar éis seirbheála an fhógra san.

(2) Má dhiúltann no má fhaillíonn duine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so na mion-innste do thabhairt uaidh a ceangailtear air leis an bhfógra san do thabhairt uaidh no má bheireann uaidh aon mhion-innste den tsórt san a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(3) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té chun a mbeidh sé dírithe san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

Stórtha gráin agus áitheanna gráin d'iniúchadh.

88. —(1) Ar fhógra mí ar a laighead i scríbhinn do thabhairt d'únaer stóir ghráin no áithe gráin tré litir chláruithe do dhíriú chuige san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige féadfaidh cigire don Aire Talmhaíochta dul isteach ar an talamh ina bhfuil an stór no an áithe sin agus an stór no an áithe sin d'iniúchadh.

(2) Má chuireann éinne bac no cosc ar chigire ar bith agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Stórtha gráin agus áitheanna gráin do thógaint go héigeanta.

89. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith agus gach ceart slí, ceart uisce no éasáid eile a húsáidtear agus a sealbhuítear maidir leis do thógaint chuige go héigeanta chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Chun na críche bhaineann le talamh do thógaint fén alt so beidh Achtanna na gClásanna Talmhan ionchorpruithe leis an Acht so fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na forálacha bhaineann le talamh ná teastuíonn do dhíol agus le fáil do bheith ar an Acht speisialta agus alt 133 (a bhaineann le cáin talmhan agus ráta dealbhais) den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, ní bheid ionchorpruithe leis an Acht so, agus

(b) nuair a bheidh an tAcht so agus na hAchtanna ionchorpruithe á léiriú tuigfear gurb é an tAcht so an tAcht speisialta agus gurb é an tAire Talmhaíochta bunuitheoir an ghnótha, agus

(c) an banna is gá do réir ailt 85 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, is fé shéala an Aire bheidh sé agus is leor é gan na hurraí luaidhtear san alt san do chur leis.

(3) Talamh a bheidh fé bhlianacht thalamh-cheannaigh no is abhar do chó-aontú talamh-cheannaigh no bheidh dílsithe no á dhílsiú i gCoimisiún Talmhan na hÉireann ní tógfar é fén alt so gan toiliú Choimisiúin Talmhan na hÉireann.

(4) Ní thógfaidh an tAire chuige fén alt so aon talamh a bheidh ar seilbh ag údarás áitiúil no ag aon chólucht corpruithe chun crícheanna aon ghnótha bhóthair iarainn, thram-bhealaigh, dhuga, chanála, uisce, gheas no leictreachais no gnótha phuiblí eile.

Talamh do thógaint tré chó-aontú.

90. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, aon talamh do thógaint chuige no do thógaint ar léas tré chó-aontú chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Stórtha gráin agus áitheanna gráin do thógáil.

91. —Féadfaidh an tAire stór gráin no áith ghráin do thógáil ar aon talamh a thógfa sé chuige fén gCuid seo den Acht so.

An tAire do stóráil agus do thiormú arbhair.

92. —Féadfaidh an tAire stóráil arbhair no tiormú arbhair do bheith ar siúl aige mar ghnó ar thalamh ar bith a thógfaidh chuige fén gCuid seo den Acht so agus chuige sin féadfaidh gach gníomh agus ní do dhéanamh is dóich leis is gá chun an ghnótha san do bheith ar siúl mar ghnó tráchtála.

Talamh do dhíol agus do chur ar léas.

93. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith a thógfaidh chuige fén gCuid seo den Acht so, agus fós dea-thoil agus stoc trádála agus sócmhainní eile gnótha ar bith a bheidh ar siúl aige ar an talamh san do réir na Coda so den Acht so, do dhíol ar pé praghas is dóich leis is ceart.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith a thógfaidh chuige fén gCuid seo den Acht so do chur ar léas ar pé cíos is dóich leis is ceart.

(3) Aon airgead do gheobhfar de bharr díola no fé léas a déanfar fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Forálacha breise airgeadais maidir le Cuid IX.

94. —An t-airgead go léir (seachas airgead a sholáthróidh an tOireachtas) a gheobhaidh an tAire mar gheall ar ghnó ar bith a bheidh ar siúl aige fén gCuid seo den Acht so íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Tuarasgabhála ón Aire fé Chuid IX.

95. —Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais ina mbeidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm ullamhóidh an tAire agus leagfaidh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas tuarasgabháil ar a imeachta fén gCuid seo den Acht so i rith na bliana airgeadais sin.

SCEIDEAL.

Pionoisi mar Gheall ar Chiontai Airithe.

Cuid I.

Fíneáil ná raghaidh thar céad púnt másé an chéad chionta ag duine é fén alt a bhaineann leis an gcás no, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad go leith púnt no, más rogha leis an gCuirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Cuid II.

Fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt másé an chéad cionta ag duine é fén alt a bhaineann leis an gcás no, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Cuid III.

Fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead másé an chéad chionta ag duine é fén alt a bhaineann leis an gcás no, másé ar dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt.