40 1934


Uimhir 40 de 1934.


ACHT ALCÓIL CHEARDAIS, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AN STÁIT DO THÁIRGEADH AGUS DO DHÍOL ALCÓIL CHEARDAIS AGUS CHUN SRIANADH AGUS STIÚRADH DO DHÉANAMH MAIDIR LE DAOINE SEACHAS AN STÁT DO DHÉANAMH ALCÓIL CHEARDAIS, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE, AGUS AR A nÁIRMHÍTEAR TALAMH DO THÓGAINT GO hÉIGEANTA AGUS OIBREACHA IOMPAIR DO DHÉANAMH AGUS DO CHOTHABHÁIL AGUS D'OIBRIÚ. [13adh Meán Fhómhair, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Alcóil Cheárdais, 1934 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “alcól ceárdais” alcól de neart nách lugha ná cúig ghrád chaogad thar fromhadh, pe'ca dío-nádúrtha dho no nách eadh.

CUID II.

An Stat do Dheanamh Alcoil Cheardais.

An tAire do tháirgeadh alcóil cheárdais.

3. —(1) Féadfaidh an tAire déanamh agus driogadh agus díol alcóil cheárdais do ghabháil de láimh agus isé gairmtear den ghabháil de láimh sin san Acht so ná an gnó.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Acht chun Deantúisí do Rialú, 1932 (Uimh. 21 de 1932) , mar a leasuítear no mar a leathnuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, maidir le ní ar bith a dhéanfaidh an tAire fén Acht so chun crícheanna an ghnótha.

Comhachta generálta an Aire.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, chun crícheanna an ghnótha, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) aon talamh, éasáid, profit á prendre, no ceart eile d'fháil tré chó-aontú;

(b) drioglanna, gléasraí ceartuithe agus oibreacha riachtanacha eile do dhéanamh agus do chothabháil i pé áiteanna agus i pé méid áiteanna is oiriúnach leis;

(c) meaisínteacht agus gléasra agus feisteas, do sna drioglanna agus do sna gléasraí ceartuithe agus do sna hoibreacha eile sin, do cheannach no do thógaint ar cíos no do chur ar fáil ar shlí eile, agus do chothabháil;

(d) gach bun-abhar riachtanach do cheannach;

(e) connartha do dhéanamh;

(f) pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis d'fhostú;

(g) fo-thorthaí gheobhfar i ndéanamh alcóil cheárdais do chur de láimh;

(h) gach ní eile is dóich leis is gá chun an ghnótha do bhunú agus do choimeád ar siúl mar ghnó thráchtála.

(2) Gan dochar do gheneráltacht an fho-ailt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an tAire, chun crícheanna an ghnótha, co-aontú do dhéanamh le duine ar bith (dá ngairmtear an connrathóir san alt so) maidir le gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an connrathóir d'ullamhú pleananna agus áireamhachtaí i gcóir an líon san drioglann agus gléasra ceartuithe do thógáil a cheapfaidh an tAire agus i gcóir an ghléasra agus an fhearais agus an fheistis riachtanaigh do chur sa chéanna, ar na láithreáin sin a thoghfaidh an tAire agus ar costas nách mó ná an costas san ar a gcinnfidh an tAire;

(b) an connrathóir d'fháil tairiscintí thar ceann an Aire, i gcóir tógála agus feistithe gach ceann de sna drioglanna san agus an ghléasra cheartuithe sin, o sna daoine sin ordóidh an tAire agus o pé daoine eile is dóich leis an gconnrathóir is ceart;

(c) an tairiscint no na tairiscintí sin do ghlacadh is oiriúnach leis an Aire, fé réir an Aire do dhul i gcomhairle roimh ré leis an gconnrathóir;

(d) an tAire do thógáil gach ceann de sna drioglanna agus de sna gléasraí ceartuithe sin agus do chur an ghléasra agus an fhearais agus an fheistis riachtanaigh sa chéanna do réir na bpleananna agus na n-áireamhachtaí bheidh ullamhuithe ag an gconnrathóir, go pé atharuithe ortha san ar a gcó-aontóidh an tAire agus an connrathóir o am go ham;

(e) an connrathóir d'ullamhú gach connartha i gcóir gach ceann de sna drioglanna agus de sna gléasraí ceartuithe sin do thógáil agus d'fheistiú;

(f) an connrathóir do dhéanamh maoirseachta ar chólíonadh gach connartha den tsórt san;

(g) an tAire do cheapadh an duine sin anmneoidh an connrathóir chun bheith mar bhainisteoir ar na drioglanna agus na gléasraí ceartuithe sin ar feadh na tréimhse sin agus ar an luach saothair sin is dóich leis an Aire is ceart;

(h) an tAire do cheapadh an duine no na ndaoine sin ainmneoidh an connrathóir chun bheith mar innealltóir no innealltóirí bitheolaíochta do sna drioglanna san ar feadh na tréimhse sin agus ar an luach saothair sin is dóich leis an Aire is ceart;

(i) an connrathóir do dhéanamh stiúrtha tríd an mbainisteóir sin ar na drioglanna san agus ar an ngléasra ceartuithe sin ar feadh na tréimhse sin is dóich leis an Aire is ceart, fé réir na n-eisceacht san is dóich leis an Aire is ceart do luadh sa chó-aontú san;

(j) an connrathóir do thabhairt comhairle no congnaimh, ar feadh na tréimhse sín is dóich leis an Aire is ceart do luadh sa chó-aontú san, don Aire maidir le haon deacracht teicniúil eireoidh i gcoimeád an ghnótha ar siúl;

(k) an connrathóir do thabhairt gheallúna uaidh go mbeidh na drioglanna agus an gléasra ceartuithe sin le chéile in ann alcól ceárdais do tháirgeadh ar costas, maidir le bun-abhar agus le habhar teine agus le saothar, nách mó ná an costas san a luadhfaidh an tAire sa chó-aontú san;

(l) an connrathóir d'íoc airgid damáiste shocruithe leis an Aire alos an ghnótha san, méid an airgid damáiste sin, agus íoc an airgid damáiste sin d'urrú;

(m) an tAire do chur deire leis an gcó-aontú;

(n) an connrathóir do dhéanamh na ndaoine sin a thoghfaidh an tAire do thréineáil lasmuich d'Éirinn i gcóir postanna mar bhainisteoirí conganta ar na drioglanna san má iarrann an tAire air san do dhéanamh, agus an luach saothair íocfaidh an tAire as an tréincáil sin;

(o) an chomaoine íocfaidh an tAire leis an gconnrathóir as seirbhísí an chonnrathóra fén gcó-aontú san (ach amháin alos na nithe luaidhtear i mír (n), agus tráthanna agus modhanna an íoca;

(p) an tAire do dhéanamh íoca leis an gconnrathóir i ngach costas réasúnta taistil agus óstaíochta fé n-a rachaidh gníomhairí agus oifigigh agus seirbhísigh an chonnrathóra ag teacht go Saorstát Éireann agus ag imeacht as agus ag cur fútha ann, idir na dátaí sin a luadhfar sa chó-aontú san, chun oblagáidí an chonnrathóra fé mhír (j) den fho-alt so do chólíonadh;

(q) aon aighneas no deifríocht eireoidh maidir leis an gcó-aontú san do shocrú tré eadrascán;

(r) pé nithe eile ghabhas no bhaineas leis na nithe luaidhtear sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so agus is dóich leis an Aire is ceart.

(3) Ní bhainfidh Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le duine ar bith a bheidh ar fostú no ceaptha ag an Aire fén alt so.

CUID III.

Comhachta Speisialta don Aire maidir le Talamh, etc., do Thogaint go hEigeanta agus le hOibreacha Iompair do Dheanamh agus do Chothabhail agus d'Oibriu.

Oibreacha iompair.

5. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so is oibreacha iompair gach ceann de sna hoibreacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) bóthar iarainn;

(b) tram-bhealach;

(c) cábla-bhealach san aer;

(d) aon oibreacha eile chun earraí d'iompar.

Ceart chun dul isteach ar thalamh.

6. —Féadfaidh an tAire dul isteach ar aon talamh chun fiosrú no taighde no scrúdú ar bith do dhéanamh ann is gá roimh éinní do dhéanamh, no bhaineas le héinní do dhéanamh, a húdaruítear don Aire leis an gCuid seo den Acht so do dhéanamh.

Comhacht don Aire chun oibreacha iompair do dhéanamh agus do chothabháil agus d'oibriú.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, chun críche an ghnótha, na hoibreacha iompair sin is oiriúnach leis do dhéanamh agus do chothabháil agus d'oibriú.

(2) Féadfaidh an tAire oibreacha iompair do dhéanamh agus do chothabháil agus d'oibriú ar aon bhóthar no bealach puiblí no os cionn an chéanna.

(3) Más rud é go bhféadfadh agus pe uair fhéadfadh, de dheascaibh aon oibreacha iompair ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so do dhéanamh no do chothabháil no d'oibriú, díobháil ar bith do theacht don phuiblíocht, déanfaidh an tAire gach ní maidir leis na hoibreacha san is dóich leis is gá chun cosanta na puiblíochta.

An tAire do thógaint tailte, etc., go héigeanta.

8. —(1) Féadfaidh an tAire, chun crícheanna an ghnótha, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) talamh ar bith do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach);

(b) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile ar thalamh no uisce ar bith no maidir leis an gcéanna do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach).

(2) Féadfaidh an tAire chun aon oibreacha iompair do dhéanamh, do chothabháil agus d'oibriú ceachtar ní acu so leanas no iad araon do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) talamh ar bith do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach);

(b) aon cheart ar thalamh ar bith no maidir leis an gcéanna do thógaint do héigeanta (agus san go buan no go sealadach).

(3) Aon uair tar éis an Achta so do rith agus roimh leithliú do dhéanamh no cúiteamh do dhéanamh amach féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, dul isteach ar thalamh ar bith agus seilbh do thógaint air, no ceart ar bith d'fheidhmiú a húdaruítear don Aire leis an alt so do thógaint go héigeanta.

(4) Sara bhfeidhmeoidh aon chomhacht dá mbronntar air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfaidh an tAire—

(a) i gcás aon éasáide do thógaint go sealadach, fógra coicíse ar a laighead do thabhairt roimh ré i scríbhinn d'únaer na héasáide no na maoine eile le n-a mbaineann;

(b) i gcás tailimh ar bith do thógaint, fógra míosa ar a laighead no, más tigh comhnaithe ina ndeintear comhnaí an talamh san, fógra ráithe ar a laighead do thabhairt roimh ré i scríbhinn do shealbhaire na dtailte;

(c) i gcás ar bith eile, fógra míosa ar a laighead do thabhairt i scríbhinn d'únaer an chirt no na maoine eile le n-a mbaineann.

(5) Beidh i dteanta gach fógra fén alt so plean ar a dtaisbeánfar go hiomlán agus go soiléir an talamh no an ceart le n-a mbaineann an fógra.

(6) Chun aon fhógra ceangaltar, leis an alt so, do thabhairt do dhuine ar bith is leor é do chur tríd an bpost cláruithe i gclúdach fé ainm an duine sin agus fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige agus tuigfear an fógra san do thabhairt amhlaidh an uair a seachadfaí an clúdach san i ngnáthchúrsa an phuist san áit gurb é a seoladh bheidh air.

Cúiteamh d'íoc agus do dhéanamh amach.

9. —(1) Déanfaidh an tAire cúiteamh, alos tailimh a thógfaidh an tAire go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt deiridh sin roimhe seo, d'íoc leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chuige no go mbeidh estáit no leasanna acu ann, agus cúiteamh, alos no i dtaobh éasáidí, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, agus ceart eile tógfar go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fé fho-alt (1) den alt san, d'íoc le n-a n-únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an tailimh no go mbeidh estáit no leasanna acu sa talamh gur air no maidir leis a tógfar na cirt sin amhlaidh, agus cúiteamh, alos no i dtaobh ceart ar thalamh ar bith no maidir le talamh ar bith a tógfar go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fé fho-alt (2) den alt san, d'íoc le n-a únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an tailimh sin no go mbeidh estáit no leasanna acu ann, agus is eadrascánaí oifigiúil a shocróidh agus is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir a socrófar an cúiteamh san cheal có-aontuithe.

(2) Gach éileamh ar chúiteamh alos tailimh no cirt ar bith a tógfar go héigeanta fén gCuid seo den Acht so is laistigh de bhliain tar éis don Aire dul isteach den chéad uair ar an talamh san no tar éis do an ceart san d'fheidhmiú den chéad uair a déanfar é.

(3) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le cúiteamh ar bith is iníoctha ag an Aire fén alt so agus le maoin, corpordha no nea-chorpordha, thógfaidh an tAire go héigeanta fén gCuid seo den Acht so do leithliú chuige, agus chun críche na bainte sin tuigfear gurb é an tAire bunuitheoir an ghnótha.

CUID IV.

E Bheith Eigeanta ar Iomportalaithe agus ar Cheartuitheoiri Alcol Ceardais do Cheannach.

Cuid IV do léiriú.

10. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so cialluíonn an abairt “íleacha éadtroma hídrocarbóin” íleacha hídrocarbóin go ndriogann caoga per cent. ar a laighead, do réir toirte, dhíobh ar teodhacht nách mó ná 185 grád centigrád no go ndriogann cúig nóchad per cent. ar a laighead, do réir toirte, dhíobh ar teodhacht nách mó ná 240 grád centigrád no bheireann gal so-lasta uatha ar teodhacht is lugha ná 22.8 grád centigrád ar n-a dtástáil sa tslí atá orduithe leis na hAchtanna bhaineann le petroleum.

Isé modh ar a dtástálfar íleacha chun a fháil amach an bhfuilid do réir na bhforálacha den fho-alt so bhaineann le toirt áirithe dhíobh do dhriogadh ar teodhacht áirithe ná ar an modh san ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim.

(2) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “iomportálaí” duine ag á mbíonn íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil á n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann;

cialluíonn an focal “ceartuitheoir” duine ag á mbíonn íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil á dtáirgeadh i Saorstát Éireann;

cialluíonn an focal “iomportáil” iomportáil isteach i Saorstát Éireann;

cialluíonn an focal “táirgeadh” táirgeadh i Saorstát Éireann.

(3) Chun crícheanna na Coda so den Acht so tuigfear gurb é an ghlan-chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil d'iomportáil iomportálaí i rith aon tréimhse ná an chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do rinne sé d'iomportáil i rith na tréimhse sin lughaide na méideanna so leanas, sé sin le rá, pé méid (más aon mhéid é) de sna híleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil ar n-a n-iomportáil aige i rith na tréimhse sin do rinneadh, do réir dlí, d'iomportáil amhlaidh saor ón diúité custum dob iníoctha de thurus na huaire ar íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil, agus pé méid (más aon mhéid é) d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil le n-ar dheighleáil sé i rith na tréimhse sin in aon tslí no slite acu so leanas, sé sin le rá, é d'easportáil amach as Saorstát Éireann, é do chur ar bord luinge no do thaisceadh i mbanna-stóras chun é d'úsáid mar stóranna luinge, no é do ládáil isteach in aon acr-árthach chun é d'úsáid ar turus go dtí áit lasmuich de Shaorstát Éireann.

(4) Chun críche na Coda so den Acht so tuigfear gurb é an ghlan-chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do tháirg ceartuitheoir i rith aon tréimhse ná an chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do rinne sé a tháirgeadh i rith na tréimhse sin lughaide pé méid (más aon mhéid é) d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil, ar n-a dtáirgeadh aige, le n-ar dheighleáil sé i rith na tréimhse sin in aon tslí no slite acu so leanas, sé sin le rá, é d'easportáil amach as Saorstát Éireann, é do chur ar bord luinge no do thaisceadh i mbanna-stóras chun é d'úsáid mar stóranna luinge no é do ládáil isteach in aon acrárthach chun é d'úsáid ar turus go dtí áit lasmuich de Shaorstát Éireann.

Tréimhsí ceaptha.

11. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, a dhearbhú gach tréimhse luadhfar san ordú san do bheith ina tréimhse ceaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so agus, pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, beidh gach tréimhse luadhfar san ordú san ina tréimhse ceaptha chun na gcrícheanna san faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.

(2) Féadfaidh an tAire o ham go ham aon ordú bheidh déanta aige fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúradh.

Cuntaisí o iomportálaithe agus o cheartuitheoirí.

12. —(1) Déanfaidh gach iomportálaí, lá nách déanaí ná seacht lá tar éis gach tréimhse ceaptha, cuntas sa bhfuirm orduithe do chur chun an Aire ina dtaisbeánfar cadé an ghlan-chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil d'iomportáil sé i rith na tréimhse ceaptha san.

(2) Déanfaidh gach ceartuitheoir, lá nách déanaí ná seacht lá tar éis gach tréimhse ceaptha, cuntas sa bhfuirm orduithe do chur chun an Aire ina dtaisbeánfar cadé an ghlan-chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do tháirg sé i rith na tréimhse ceaptha san.

(3) Má thárlann do dhuine ar bith, gur gá dho do réir an ailt seo cuntas do thabhairt don Aire, go dteipfidh air no go dtabharfaidh faillí no go ndéanfaidh diúltadh maidir leis an gcuntas san do thabhairt uaidh do réir an ailt seo no go gcuirfidh in aon chuntas den tsórt san aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

(5) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh aon fhuirme dá dtagartar san alt so mar fhuirm orduithe agus cialluíonn an focal “orduithe” san alt so orduithe leis na rialacháin sin.

(6) Tiocfaidh an t-alt so i bhfeidhm pé lá ceapfar le hordú ón Aire.

Iomportálaithe agus ceartuitheoirí do cheannach alcóil cheárdais.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis aon tréimhse ceaptha do bheith caithte, féadfaidh le hordú (dá ngairmtear ordú díola san alt so) na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) leith-roinnt do dhéanamh, ar gach iomportálaí d'iomportáil aon íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil i rith na tréimhse sin, ar chaindíocht d'alcól cheárdais, nách mó ná caindíocht go mbeidh idir í agus an chaindíocht iomlán d'alcól cheárdais do rinne an tAire i rith na tréimhse sin an coibhneas céanna bheidh idir an ghlan-chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil d'iomportáil an t-iomportálaí sin i rith na tréimhse sin agus an t-iomlán a gheobhfar as na glan-chaindíochtaí d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil d'iomportáil na hiomportálaithe uile i rith na tréimhse sin do chur leis na glanchaindíochtaí d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do tháirg na ceartuitheoirí uile i rith na tréimhse sin;

(b) leith-roinnt do dhéanamh, ar gach ceartuitheoir do tháirg aon íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil i rith na tréimhse sin, ar chaindíocht d'alcól cheárdais, nách mó ná an chaindíocht go mbeidh idir í agus an chaindíocht iomlán d'alcól cheárdais a rinne an tAire i rith na tréimhse sin an coibhneas céanna bheidh idir an chaindíocht d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do tháirg an ceartuitheoir sin i rith na tréimhse sin agus an t-iomlán a gheobhfar as na glanchaindíochtaí d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil d'iomportáil na hiomportálaithe uile i rith na tréimhse sin do chur leis na glan-chaindíochtaí d'íleacha éadtroma hídrocarbóin minearáil do tháirg na ceartuitheoirí uile i rith na tréimhse sin;

(c) an praghas a híocfar ar an alcól ceárdais sin do cheapadh do réir ráta an galún agus ar an bhforas go ndéanfar an t-alcól ceárdais sin do sheachadadh ag áitreabh an Aire;

(d) a chur mar cheangal ar gach duine fé leith ar ar leithroinneadh aon alcól ceárdais leis an ordú san na nithe seo leanas do dhéanamh—

(i) an t-alcól ceárdais sin do cheannach ón Aire ar phraghas a háirmheofar do réir an ráta an galún a ceapfar leis an ordú san;

(ii) an praghas san d'íoc leis an Aire pé tráth no tráthanna luadhfar san ordú san maidir leis an duine sin;

(iii) fé réir na céad fo-mhíre ina dhiaidh seo, seachadadh an alcóil cheárdais sin do ghlacadh ag an áitreabh leis an Aire luadhfar san ordú san, agus san pé tráth no tráthanna luadhfar san ordú san maidir leis an duine sin;

(iv) i gcás an duine sin d'iarraidh roimhe sin ar an Aire an t-alcól ceárdais sin do sheachadadh agus an costas iompair íoctha air ag áit eile seachas ag áitreabh leis an Aire agus gur oiriúnach leis an Aire déanamh do réir an iarratais sin, seachadadh an alcóil sin do ghlacadh san áit sin pé tráth no tráthanna luadhfar san ordú san maidir leis an duine sin agus íoc do dhéanamh leis an Aire pé tráth a luadhfar san ordú san maidir leis an duine sin i pé suim alos an tseachadtha san (ar a n-áirmhítear costas iompair, árachas agus gnáthéilithe eile) luadhfar san ordú san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú díola seirbheálfaidh an t-ordú san láithreach ar gach duine ar a gcuirfear mar cheangal leis an ordú san aon alcól ceárdais do cheannach.

(3) Pé uair a sheirbheálfaidh an tAire ordú díola ar dhuine ar bith, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear connradh do bheith déanta ag an Aire leis an duine sin an t-alcól ceárdais a bheidh leith-roinnte leis an ordú san ar an duine sin do dhíol leis an duine sin ar an bpraghas a bheidh luaidhte san ordú san maidir leis an duine sin agus an t-alcól ceárdais sin do sheachadadh don duine sin san áit agus an tráth no na tráthanna go mbeidh ceangailte leis an ordú san ar an duine sin seachadadh an alcóil cheárdais sin do ghlacadh, agus

(b) tuigfear connradh do bheith déanta ag an duine sin leis an Aire an t-alcól ceárdais sin do cheannach do réir a mbeidh ceangailte leis an ordú san sa mhéid go mbainfidh an céanna leis an duine sin.

(4) Déanfar ordú díola do sheirbheáil ar dhuine ar bith i slí den dá shlí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) tré chóip den ordú san agus í deimhnithe bheith ina cóip dhílis fé Shéala Oifigiúil an Aire do sheachadadh don duine sin;

(b) tré chóip den ordú san agus í deimhnithe bheith ina cóip dhílis fé Shéala Oifigiúil an Aire do chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha a bheidh dírithe chun an duine sin fé sheoladh na háite ina mbíonn gnó ar siúl aige.

Chun crícheanna an fho-ailt seo tuigfear gnó do bheith ar siúl ina n-oifig chláruithe ag cuideachtain atá cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus tuigfear gnó do bheith ar siúl ina bpríomh-oifig no ina bpríomháit ghnótha i Saorstát Éireann ag gach cólucht corpruithe eile agus ag gach cólucht neamh-ionchorpruithe.

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Srian le halcól ceárdais do dhéanamh.

14. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith seachas an tAire alcól ceárdais do dhéanamh maran fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire a déanfar an t-alcól ceárdais sin.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do dheonadh do dhuine ar bith chun gach saghas alcóil cheárdais do dhéanamh no chun alcóil cheárdais de chineál no de cháilíocht no de neart áirithe do dhéanamh agus féadfaidh pé coinníollacha (ar a n-áirmhítear coinníollacha maidir le ceiliúradh) is oiriúnach leis do chur ag gabháil leis an gceadúnas san.

(3) Má dheineann duine ar bith alcól ceárdais contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

(5) Ní déanfar éinní san alt so ná in aon cheadúnas a deonfar fén alt so do léiriú mar ní údaruíonn do dhuine ar bith is sealbhóir ar an gceadúnas san alcól ceárdais le n-a mbaineann an ceadúnas san do dhéanamh tráth ar bith maran sealbhóir an duine sin freisin ar cheadúnas Máil á údarú dho biotáille do dhéanamh.

(6) Ní bheidh feidhm ag an Acht chun Déantúisí do Rialú, 1932 (Uimh. 21 de 1932) , fé mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin, ní bheidh feidhm aige maidir le halcól ceárdais do dhéanamh, fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén alt so, is alcól ceárdais den chineál le n-a mbaineann an ceadúnas san, ná maidir le sealbhóir an cheadúnais sin do dhéanamh oiriúnithe chun a dhíolta ar an alcól ceárdais sin no ar aon fho-thoradh gheobhfar le linn déanta an alcóil cheárdais sin.

Bord Comhairlitheach Alcóil Cheárdais.

15. —(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith, déanfaidh an tAire le hordú cólucht comhairlitheach (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Bord Comhairlitheach Alcóil Cheárdais agus dá ngairmtear an Bord san alt so) do bhunú chun comhairle do thabhairt don Aire i dtaobh pé nithe (is nithe bhaineas leis an ngnó) luadhfaidh an tAire san ordú san, agus déanfaidh socrú leis an ordú san i dtaobh có-dhéanamh an Bhúird agus i dtaobh ceapadh agus sealbhaíocht oifige ball den Bhord agus i dtaobh éinní eile maidir leis an mBord gur mhaith an rud é dar leis an Aire socrú do dhéanamh ina thaobh leis an ordú san.

(2) An t-ordú is gá do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo do dhéanamh féadfaidh an tAire é do leasú le hordú o am go ham.

(3) Féadfaidh an tAire pé luach saothair a cheapfa sé le ceadú an Aire Airgid d'íoc le ball ar bith den Bhord amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(4) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é déanfaidh an tAire íocaíochtaí alos costaisí taistil agus liúntais chothuithe d'íoc le gach ball den Bhord amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Talamh agus an gnó do dhíol.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, talamh ar bith a thógfaidh fén Acht so agus fós dea-thoil, stoc trádála, agus sócmhainní eile an ghnótha do dhíol ar pé praghas is dóich leis is ceart.

(2) Déanfar aon airgead do gheobhfar as díol fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Tuarasgabhála ón Aire.

17. —Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis deireadh na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1935, agus tar éis deireadh gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin, tuarasgabháil i dtaobh a imeachta fén Acht so i rith na bliana airgeadais sin d'ullamhú agus do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Cuntaisí i dtaobh an ghnótha bheidh ar siúl ag an Aire.

18. —Déanfaidh an tAire a chur fé ndeár go gcoimeádfar maidir leis an ngnó, i pé fuirm le n-a n-aontóidh an tAire Airgid, gach cuntas is ceart agus is gnáth ar an airgead uile a gheobhaidh no a chaithfidh.

Forálacha airgeadais.

19. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

(2) An t-airgead uile do gheobhaidh an tAire fén Acht so as díol alcóil cheárdais agus as díol aon fho-thorthaí do gheobhfar le linn alcóil cheárdais do dhéanamh déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.