37 1934


Uimhir 37 de 1934.


ACHT TOBAC, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN FÁS TOBAC I SAORSTÁT ÉIREANN AGUS DÉANTÓIREACHT AGUS DÍOL TOBAC DEN tSÓRT SAN DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH, AGUS I gCÓIR NITHE IOMDHA BHAINEAS NO GHABHAS LE TOBAC, PÉ'CA TOBAC DÚTHCHAIS NO TOBAC IOMPORTALTA É.

[13adh Meán Fhómhair, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Tobac, 1934 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ní fholuíonn an focal “tobac” Nicotiana affinis ná gnéithe garnóireachta dhe nuair is mar órnáid a fástar iad;

cialluíonn an focal “bliain” bliain chaileandair;

cialluíonn an focal “leasú” gach oibriú no aon oibriú do dhéanamh is gá chun tobac úr d'oiriúnú chun a ghráduithe agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar leis;

cialluíonn an focal “ath-láimhsiú” gach oibriú no aon oibriú do dhéanamh is gá chun tobac leasuithe d'oiriúnú chun déantóireachta agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar leis;

cialluíonn an abairt “ceadúnas déantóra thrialaigh” ceadúnas a deonfar fé Chuid IV den Acht so chun tobac d'fhás, do leasú, agus d'ath-láimhsiú;

cialluíonn an abairt “stáisiún ath-láimhsithe” áitreabh ar bith ina mbíonn gnó ath-láimhsithe tobac ar siúl ach ní fholuíonn áitreabh ina ndeineann sealbhóir ceadúnais déantóra thrialaigh tobac d'ath-láimhsiú do réir an cheadúnais sin;

cialluíonn an focal “ath-láimhseoir,” nuair a húsáidtear é maidir le stáisiún ath-láimhsithe, an té agá mbíonn gnó ath-láimhsithe tobac ar siúl sa stáisiún ath-láimhsithe sin;

cialluíonn an abairt “cigire don Aire” duine cheapfaidh an tAire i scríbhinn chun na gcomhacht a bronntar ar chigire don Aire leis an Acht so d'fheidhmiú;

cialluíonn an abairt “cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála” duine cheapfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála i scríbhinn chun na gcomhacht a bronntar ar chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht so d'fheidhmiú;

cialluíonn an abairt “déantóir” déantóir ceadúnaithe tobac ach ní fholuíonn déantóir ceadúnaithe tobac is sealbhóir ceadúnais déantóra thrialaigh;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a déanfar fén Acht so.

Coiste Comhairlitheach Tobac.

3. —(1) Déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála coiste comhairlitheach (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Coiste Comhairlitheach Tobac) do bhunú chun comhairle agus conganta do thabhairt don Aire sin i dtaobh éinní thiocfaidh anuas ar an Aire d'fheidhmiú an Achta so no bhainfidh leis an bhfeidhmiú san.

(2) Beidh ar an gCoiste Comhairlitheach Tobac pé méid ball, is ionadaithe do dhéantóirí, is oiriúnach leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála;

(3) Isé an tAire Tionnscail agus Tráchtála ainmneoidh gach ball den Choiste Chomhairlitheach Tobac agus fanfaidh gach ball den tsórt san ina bhall amhlaidh faid is toil leis an Aire sin é.

(4) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála íocaíochtaí do dhéanamh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill den Choiste Chomhairlitheach Tobac in aisíoc costaisí taistil agus in íoc liúntais chothuithe.

Aitreibh, etc., d'iniúchadh.

4. —(1) Beidh teideal ag cigire don Aire dul isteach gach tráth réasúnta ar aon talamh no in aon áitreabh mar a mbeidh aon tsíolta no plandaí tobac á gcoimeád no mar a ndeintear aon tobac d'fhás, do leasú, no d'ath-láimhsiú agus féadfaidh aon tsíolta, plandaí no tobac do gheobhfar ar an talamh no san áitreabh san d'iniúchadh.

(2) Beidh teideal ag cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála dul isteach gach tráth réasúnta ar aon talamh no in aon áitreabh mar a n-ath-láimhsítear no mar a ndeintear tobac agus aon tobac do gheobhfar ar an talamh no san áitreabh san d'iniúchadh.

(3) Má bhacann no má choisceann duine ar bith aon chigire don Aire no aon chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála agus é ag feidhmiú aon chomhacht dá mbronntar ar an gcigire sin leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh más maidir le chigire don Aire do rinneadh é.

(5) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh más maidir le cigire don Aire sin do rinneadh é.

Breacacháin d'iniúchadh.

5. —(1) Féadfaidh cigire don Aire no cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an Achta so no do réir rialachán a bheidh déanta fé, no do réir rialachán a bheidh déanta fé alt 3 den Finance Act, 1908, d'iniúchadh gach tráth réasúnta agus an té ar a mbeidh sé de cheangal an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air é do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é.

(2) Má theipeann ar dhuine ar bith aon bhreacachán do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire don Aire no cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála é, agus gur breacachán é is gá dho do réir an ailt seo do thaisbeáint no má chuireann sé cosc le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh más maidir le cigire don Aire do rinneadh é.

(4) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh más maidir le cigire don Aire sin do rinneadh é.

Tuairisceáin bhréagacha, etc.

6. —(1) Má dheineann duine ar bith (is fásóir, leasuitheoir, athláimhseoir no déantóir) aon ráiteas no iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur isteach in aon tuairisceán no scríbhinn eile chuirfidh no do bhéarfaidh uaidh do réir an Achta so no in aon bhreacachán is gá dho do réir an Achta so no fé do choimeád beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(2) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh más fásóir, leasuitheoir no ath-láimhseoir do rinne é.

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh más déantóir do rinne é.

Diúltadh do cheadúnas déantóra tobac do dheonadh.

7. —Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála féadfaidh na Coimisnéirí Ioncuim diúltadh do cheadúnas déanta tobac do dheonadh do dhuine ar bith do ciontuíodh i gcionta fé aon alt den Acht so.

Na Coimisinéirí Ioncuim do dhéanamh rialachán chun diúitéthe máil ar thobac d'áirithiú.

8. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin ghenerálta do rinne na Coimisnéirí Ioncuim) do dhéanamh go generálta chun na ndiúitéthe máil is iníoctha de thuras na huaire ar thobac do fásadh i Saorstát Éireann d'áirithiú agus do bhailiú agus, gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin roimhe seo, chun daoine, bheidh ceadúnaithe fén Acht so chun tobac d'fhás, do leasú, no d'athláimhsiú ar aon talamh no in aon áitreabh, d'iontráil an tailimh no an áitreibh sin chun na críche sin, agus chun rialála do dhéanamh maidir le tobac do fásadh amhlaidh d'aistriú agus chun a chur ar chumas déantóra tobac aon tobac den tsórt san do ghlacadh agus féadfaidh le haon rialacháin den tsórt san éifeacht do thabhairt d'aon fhoráil den dlí mháil, pe'ca le diúitéthe máil i gcoitinne bhaineann sí no le haon earra áirithe ar a mbeidh diúité máil iníoctha, agus aon fhoráil den Manufactured Tobacco Act, 1863, no d'aon Acht eile le n-a leasuítear an céanna, do chur i mbaint.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'aon rialachán den tsórt san no má theipeann air déanamh dá réir beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chaoga púnt do chur air agus geallbhruidfear an earra gur maidir léi do rinneadh an cionta.

(3) Ar an Acht so do rith agus dá éis sin agus go teacht i bhfeidhm do rialacháin a déanfar fén alt so leanfaidh rialacháin do rinneadh fe fho-alt 2 d'alt 3 den Finance Act, 1908, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, leanfaid i bhfeidhm ach amháin sa mhéid go mbainid le toirmeasc ar fhás no ar shaothrú tobac i Saorstát Éireann agus ar leasú tobac do fásadh amhlaidh agus tuigfear gur fén alt so do rinneadh iad gus na hatharuithe is gá ortha.

(4) Ar an dáta ar a ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin fén alt so agus ón dáta san amach scuirfidh fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 3 den Finance Act, 1908, d'éifeacht do bheith acu.

Rialacháin ghenerálta.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe ag an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe ag an Aire sin.

Costaisí.

10. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

CUID II.

Rialu Maidir le Tairgeadh Tobac i Saorstát Éireann i gCoir Deantoireachta.

Orduithe achair.

11. —(1) Tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid déanfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú achair san Acht so), a shocrú alos gach bliana thosnóidh tar éis an Achta so do rith—

(a) cadé an méid iomlán maximum acraí féadfar do chur fé thobac an bhliain sin;

(b) cadé an méid maximum acraí fhéadfaidh éinne ar leith do chur fé thobac an bhliain sin; agus

(c) cadé an t-achar minimum fhéadfaidh éinne ar leith do chur fé thobac an bhliain sin, seachas duine chuirfidh ina luighe ar an Aire go bhfuil beartuithe aige tobac d'fhás an bhliain sin chun trialacha do dhéanamh.

(2) Foillseofar gach ordú achair san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Rialacháin o sna Coimisinéirí Ioncuim fé Chuid II.

12. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh ina luadhfar na forais ar a bhféadfaid diúltadh d'iarrataisí ar cheadúnaisí fásóirí, ar cheadúnaisí leasuitheoirí agus ar cheadúnaisí ath-láimhseoirí agus féadfar rialacháin deifriúla do dhéanamh maidir le ceadúnaisí fásóirí, ceadúnaisí leasuitheoirí agus ceadúnaisí ath-láimhseoirí.

Srian le tobac d'fhás.

13. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith tobac d'fhás i Saorstát Éireann maran sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas fásóra san Acht so) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus do thug na Coimisinéirí Ioncuim amach fén gCuid seo den Acht so agus gur fén gceadúnas san agus dá réir fhásfa sé an tobac san, no gur sealbhóir ar cheadúnas déantóra thrialaigh an duine sin agus gur fén gceadúnas san agus dá réir fhásfa sé an tobac san, no gur fé chead agus do réir cheada do deonadh roimh an Acht so do rith fé fho-alt (3) d'alt 3 den Finance Act, 1908, fhásfaidh an duine sin an tobac san.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chaoga púnt do chur air agus geallbhruidfear an earra gur maidir léi do rinneadh an cionta.

Iarratas ar cheadúnas fásóra.

14. —(1) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas fásóra in aghaidh bliana ar bith d'iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim fén Acht so agus dá réir.

(2) Isé am a déanfar gach iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncuim ar cheadúnas fásóra maidir le tobac d'fhás bliain ar bith ná laistigh den sé mhí dheiridh roimh thosach na bliana san agus is i pé fuirm agus slí ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a déanfar an t-iarratas san agus beidh mion-innste ann i dtaobh na talmhan ar a mbeidh beartuithe ag an iarratasóir tobac d'fhás fén gceadúnas san agus luadhfar ann an t-achar a bheidh beartuithe aige do chur fé thobac agus pé mion-innste eile éileoidh na Coimisinéirí Ioncuim.

Géilleadh agus diúltadh d'iarratas ar cheadúnas fásóra.

15. —(1) Breithneoidh na Coimisinéirí Ioncuim gach iarratas a déanfar chúcha ar cheadúnas fásóra agus féadfaid diúltadh d'aon iarratas den tsórt san ar aon fhoras dá mbaineann leis an iarratas san agus a luadhfar i rialacháin a dhéanfaid fén gCuid seo den Acht so.

(2) Gach iarratas a déanfar chun na gCoimisinéirí Ioncuim ar cheadúnas fásóra agus ná diúltóid do fén bhfo-alt san roimhe seo cuirfid chun an Aire é maraon le gach eolas is gá.

(3) Breithneoidh an tAire gach iarratas a cuirfear chuige fén bhfo-alt san roimhe seo agus, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, féadfaidh, fé mar is rogha leis féin, a mholadh do sna Coimisinéirí Ioncuim géilleadh no diúltadh d'aon iarratas den tsórt san no gan géilleadh don iarratas san ach amháin maidir le cuid den achar a bheidh luaidhte san iarratas san.

(4) Le linn don Aire rogha do dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo maidir le hiarrataisí ar cheadúnaisí fásóirí in aghaidh bliana ar bith féachfa sé d'fhorálacha orduithe achair na bliana san.

(5) Gach iarratas ar cheadúnas fásóra chuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim chun an Aire deighleálfaid leis mar a mholfaidh an tAire agus bhéarfaid fógra do gach iarratasóir.

(6) Pé uair a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim fógra do chur, fén bhfo-alt san roimhe seo, go dtí iarratasóir ceadúnais fásóra, á rá go ndeonfar do an ceadúnas san no ceadúnas maidir le cuid den achar le n-a mbaineann a iarratas beidh an t-iarratasóir i dteideal an ceadúnas le n-a mbaineann an fógra san d'fháil ar íoc an diúité mháil leis na Coimisinéirí Ioncuim is iníoctha do réir dlí de thurus na huaire ag duine thógann amach ceadúnas fásóra.

Ceadúnas fásóra.

16. —Is i pé fuirm ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a bheidh gach ceadúnas fásóra agus déarfaidh agus déanfaidh a údarú don té (dá ngairmtear sealbhóir an cheadúnais sin san Acht so) dá dtabharfar amach an ceadúnas san no chun a n-aistreofar an ceadúnas san fén Acht so na nithe seo leanas do dhéanamh fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a bheidh déanta fé, sé sin le rá, tobac d'fhás bliain áirithe ar thailte áirithe in achar nách mó ná an t-achar a bheidh luaidhte sa cheadúnas san agus an tobac san do leasú.

Ceadúnas fásóra d'aistriú.

17. —Pé uair a déanfar, roimh an dáta ar a dtabharfar d'athláimhseoir tobac do fásadh fé cheadúnas fásóra, únaeracht an tobac san d'aistriú, pé'ca tré ghníomh na bpáirtithe é no tré oibriú dlí, o shealbhóir an cheadúnais fhásóra san chun duine eile féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ar iarratas an duine sin, más dóich leo gur ceart é do dhéanamh, an ceadúnas fásóra san d'aistriú chun an duine sin.

Srian le tobac do leasú.

18. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith tobac do leasú maran sealbhóir ceadúnais fhásóra an duine sin agus gur fén gceadúnas san agus dá réir a fásfar agus a leasófar an tobac san no gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas leasuitheora san Acht so) do thug na Coimisinéirí Ioncuim amach fén gCuid seo den Acht so agus gur fén gceadúnas san agus dá réir a leasófar an tobac san no gur sealbhóir ceadúnais déantóra thrialaigh an duine sin agus gur fén gceadúnas san agus dá réir a leasófar an tobac san.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chaoga púnt do chur air.

Iarratas ar cheadúnas leasuitheora.

19. —(1) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas leasuitheora d'iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim fén Acht so agus dá réir maidir, le tobac d'fhás aon bhliana áirithe do leasú in áitreabh áirithe.

(2) Isé am a déanfar gach iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncuim ar cheadúnas leasuitheora maidir le tobac d'fhás aon bhliana áirithe ná, másí an bhliain 1934 an bliain sin, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1934, no, más bliain ar bith eile í, roimh an 31adh lá de Mhárta na bliana san agus is i pé fuirm agus slí ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a déanfar an t-iarratas san agus beidh mion-innste ann i dtaobh an áitreibh ina mbeidh beartuithe ag an iarratasóir tobac do leasú agus pé mion-innste eile éileoidh na Coimisinéirí Ioncuim.

Srian le tobac d'ath-láimhsiú.

20. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith tobac d'athláimhsiú maran sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas ath-láimhseora san Acht so) do thug na Coimisinéirí Ioncuim amach fén gCuid seo den Acht so agus gur fén gceadúnas san agus dá réir a hath-láimhseofar an tobac san no gur sealbhóir ceadúnais déantóra thrialaigh an duine sin agus gur fén gceadúnas san agus dá réir a hath-láimhseofar an tobac san.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chaoga púnt do chur air.

Iarratas ar cheadúnas ath-láimhseora.

21. —(1) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas ath-láimhseora d'iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim fén Acht so agus dá réir maidir le tobac d'fhás aon bhliana áirithe d'ath-láimhsiú in áitreabh áirithe.

(2) Isé am a déanfar gach iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncuim ar cheadúnas ath-láimhseora maidir le tobac d'fhás aon bhliana áirithe ná, másí an bhliain 1934 an bhliain sin, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1934, no, más bliain ar bith eile í, roimh an 31adh lá de Mhárta na bliana san agus is i pé fuirm agus slí ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a déanfar an t-iarratas san agus beidh mion-innste ann i dtaobh an áitreibh ina mbeidh beartuithe ag an iarratasóir tobac d'ath-láimhsiú agus pé mioninnste eile éileoidh na Coimisinéirí Ioncuim.

Géilleadh agus diúltadh d'iarratas ar cheadúnas leasuitheora agus ar cheadúnas ath-láimhseora.

22. —(1) Breithneoidh na Coimisinéirí Ioncuim gach iarratas a déanfar chúcha ar cheadúnas leasuitheora no ar cheadúnas athláimhseora agus féadfaid diúltadh d'aon iarratas den tsórt san ar aon fhoras dá mbaineann leis an iarratas san agus a luadhfar i rialacháin a dhéanfaid fén gCuid seo den Acht so.

(2) Gach iarratas a déanfar chun na gCoimisinéirí Ioncuim ar cheadúnas leasuitheora no ar cheadúnas ath-láimhseora agus ná diúltóid do fén bhfo-alt san roimhe seo cuirfid chun an Aire é maraon le gach eolas is gá.

(3) Breithneoidh an tAire gach iarratas a cuirfear chuige fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo agus féadfaidh, fé mar is rogha leis féin, a mholadh do sna Coimisinéirí Ioncuim géilleadh no diúltadh d'aon iarratas den tsórt san.

(4) Gach iarratas ar cheadúnas leasuitheora no ar cheadúnas ath-láimhseora chuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim chun an Aire deighleálfaid leis mar a mholfaidh an Aire agus bhéarfaid fógra do gach iarratasóir.

(5) Pé uair a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim fógra do chur, fén bhfo-alt san roimhe seo, go dtí iarratasóir ceadúnais leasuitheora no ceadúnais ath-láimhseora, á rá go ndeonfar an ceadúnas d'iarr sé, beidh an t-iarratasóir sin i dteideal an ceadúnas le n-a mbaineann an fógra san d'fháil ar íoc an diúité mháil (más ann do) leis na Coimisinéirí Ioncuim is iníoctha do réir dlí de thurus na huaire ag duine thógann amach ceadúnas leasuitheora no ceadúnas ath-láimhseora (pe'ca aca é).

Ceadúnas leasuitheora.

23. —Is i pé fuirm ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a bheidh gach ceadúnas leasuitheora agus déarfaidh agus déanfaidh a údarú don té (dá ngairmtear sealbhóir an cheadúnais sin san Acht so) dá dtabharfar amach an ceadúnas san no chun a n-aistreofar an ceadúnas san fén Acht so tobac d'fhás bliana áirithe do leasú, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a bheidh déanta fé, san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san.

Ceadúnas ath-láimhseora.

24. —Is i pé fuirm ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a bheidh gach ceadúnas ath-láimhseora agus déarfaidh agus déanfaidh a údarú don té (dá ngairmtear sealbhóir an cheadúnais sin san Acht so) dá dtabharfar amach an ceadúnas san no chun a n-aistreofar an ceadúnas san fén Acht so tobac d'fhás bliana áirithe d'athláimhsiú, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a bheidh déanta fé, san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san.

Ceadúnas leasuitheora d'aistriú.

25. —Pé uair a déanfar, roimh an dáta ar a dtabharfar d'athláimhseoir an tobac d'fhás bhliana le n-a mbaineann ceadúnas leasuitheora, únaeracht an áitreibh gur maidir leis do deonadh an ceadúnas leasuitheora san d'aistriú o shealbhóir an cheadúnais leasuitheora san chun duine eile féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ar iarratas an duine sin, más dóich leo gur ceart é do dhéanamh, an ceadúnas leasuitheora san d'aistriú chun an duine sin.

Ceadúnas ath-láimhseora d'aistriú.

26. —Pé uair a déanfar, roimh an dáta ar a gcuirfear i mbannastóras tobac d'fhás na bliana le n-a mbaineann ceadúnas athláimhseora, únaeracht an áitreibh gur maidir leis do deonadh an ceadúnas ath-láimhseora san d'aistriú o shealbhóir an cheadúnais ath-láimhseora san chun duine eile féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ar iarratas an duine sin, más dóich leo gur ceart é do dhéanamh, an ceadúnas ath-láimhseora san d'aistriú chun an duine sin.

Forálacha i dtaobh ceadúnaisí fé alt 3 den Finance Act, 1908.

27. —(1) Má tá duine ina shealbhóir ar cheadúnas fásta tobac (dá ngairmtear seana-cheadúnas sa bhfo-alt so) do deonadh fé alt 3 den Finance Act, 1908, agus go bhfuil an ceadúnas san i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith tuigfear, chun crícheanna an Achta so, an duine sin do bheith ina shealbhóir ar cheadúnas fásóra údaruíonn do na nithe seo leanas do dhéanamh fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a déanfar fé, sé sin le rá, tobac d'fhás sa bliain 1934 ar an talamh a luaidhtear sa tseanacheadúnas san agus atá iontrálta aige agus an tobac san do leasú.

(2) Má tá duine ina shealbhóir ar cheadúnas leasuithe tobac (dá ngairmtear seana-cheadúnas sa bhfo-alt so) do deonadh fé alt 3 den Finance Act, 1908, agus go bhfuil an ceadúnas san i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—

(a) i gcás gnó leasuithe tobac do bheith ar siúl ag an duine sin ach gan gnó ath-láimhsithe tobac do bheith ar siúl aige tuigfear an duine sin do bheith ina shealbhóir ar cheadúnas leasuitheora údaruíonn do tobac d'fhás na bliana 1934 do leasú, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a déanfar fé, san áitreabh a luaidhtear sa tseana-cheadúnas san agus atá iontrálta ag an duine sin; agus

(b) i gcás gnó ath-láimhsithe tobac do bheith ar siúl ag an duine sin ach gan gnó leasuithe tobac do bheith ar siúl aige tuigfear an duine sin do bheith ina shealbhóir ar cheadúnas ath-láimhseora údaruíonn do tobac d'fhás na bliana 1934 d'ath-láimhsiú, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a déanfar fé, san áitreabh a luaidhtear sa tseana-cheadúnas san agus atá iontrálta ag an duine sin; agus

(c) i gcás gnó leasuithe tobac agus fós gnó ath-láimhsithe tobac do bheith ar siúl ag an duine sin tuigfear an duine sin do bheith—

(i) ina shealbhóir ar cheadúnas leasuitheora údaruíonn do tobac d'fhás na bliana 1934 do leasú, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a déanfar fé, san áitreabh a luaidhtear sa tseanacheadúnas agus atá iontrálta ag an duine sin.

(ii) ina shealbhóir ar cheadúnas ath-láimhseora údaruíonn do tobac d'fhás na bliana 1934 d'athláimhsiú, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir rialachán a déanfar fé, san áitreabh a luaidhtear sa tseana-cheadúnas san agus atá iontrálta ag an duine sin.

(3) Ní deonfar aon cheadúnaisí fé alt 3 den Finance Act, 1908, tar éis an Achta so do rith.

Rialacháin ón Aire i dtaobh fásóirí, leasuitheoirí agus ath-láimhseoirí.

28. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an méid maximum agus an méid minimum plandaí tobac an t-acra fhéadfaidh sealbhóirí ceadúnaisí fásóirí do chur;

(b) na gnéithe tobac fhéadfaidh sealbhóirí ceadúnaisí fásóirí do chur aon bhliain no blianta áirithe;

(c) an feisteas úsáidfidh sealbhóirí ceadúnaisí fasóirí chun crícheanna a ngnótha;

(d) modh agus próiseasaí fásta tobac;

(e) sealbhóirí ceadúnaisí fásóirí do thabhairt tuairisceán uatha agus fuirm na dtuairisceán san;

(f) na breacacháin a choimeádfaidh sealbhóirí ceadúnaisí fásóirí;

(g) na dátaí ar a gcríochnófar oibrithe bhaineann le tobac d'fhás;

(h) an feisteas úsáidfidh sealbhóirí ceadúnaisí leasuitheoirí chun crícheanna a ngnótha;

(i) modhanna agus próiseasaí leasuithe tobac;

(j) sealbhóirí ceadúnaisí leasuitheoirí do thabhairt tuairisceán uatha;

(k) na breacacháin a choimeádfaidh sealbhóirí ceadúnaisí leasuitheoirí;

(l) na dátaí ar a gcríochnófar oibrithe bhaineann le tobac do leasú;

(m) an feisteas úsáidfidh sealbhóirí ceadúnaisí ath-láimhseoirí chun crícheanna a ngnótha;

(n) sealbhóirí ceadúnaisí ath-láimhseoirí do dhéanamh íocaíocht ar cuntas as tobac a cheannóid o fhásóirí no leasuitheoirí;

(o) modhanna agus próiseasaí ath-láimhsithe tobac;

(p) sealbhóirí ceadúnaisí ath-láimhseoirí do thabhairt tuairisceán uatha;

(q) na breacacháin a choimeádfaidh sealbhóirí ceadúnaisí ath-láimhseoirí;

(r) na cuntaisí choimeádfaidh sealbhóirí ceadúnaisí athláimhseoirí agus na cuntaisí sin d'iniúchadh;

(s) na dátaí ar a gcríochnófar oibrithe bhaineann le tobac d'ath-láimhsiú.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní (pé'ca tré ghníomh no tré fhaillí é) contrárdha d'aon rialachán a déanfar fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Gan na Trade Boards Acts, 1909 and 1918, do bhaint le tobac d'fhás, do leasú agus d'ath-láimhsiú.

29. —D'ainneoin éinní in ordú speisialta ar bith do rinneadh fé fho-alt (2) d'alt 1 den Trade Boards Act, 1918, ní bheidh feidhm ag na Trade Boards Acts, 1909 and 1918, maidir le haon phróiseas acu so leanas, sé sin le rá, tobac d'fhás, do leasú, no d'ath-láimhsiú.

Rátaí minimum páigh i staisiúin ath-láimhsithe.

30. —(1) Tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála más oiriúnach leis é, le hordú fén bhfo-alt so, a shocrú cadiad na rátaí páigh minimum teasca no ama a híocfar le daoine ar fostú i stáisiúin ath-láimhsithe agus féadfar rátaí deifriúla do shocrú maidir le saghsanna deifriúla fostaíochta.

(2) Tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú fén bhfo-alt so, ordú do rinne sé fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh no do leasú.

(3) Má bhíonn ordú fé fho-alt (1) den alt so i bhfeidhm íocfaidh ath-láimhseoir le gach duine ar fostú i stáisiún athláimhsithe págh do réir ráta nách lugha ná an ráta bhaineann leis an duine sin fén ordú san agus san saor o asbaintí ar bith agus má theipeann ar an ath-láimhseoir sin san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(4) Sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo foluíonn an abairt “asbaintí” asbaintí in aghaidh no alos éinní ar bith (seachas asbaintí fén National Insurance Act, 1911, mar a leasuítear é le haon achtacháin ina dhiaidh sin, no asbaintí a húdaruítear le haon Acht do bhaint as págh alos síntiúisí d'aon chiste aois-liúntais no ciste soláthair eile) agus d'ainneoin gur asbaintí iad is féidir do bhaint go dleathach as págh fé fhorálacha na Truck Acts, 1831 to 1896, agus má dheineann aon duine fostuithe le n-a fhostóir aon íocaíocht is íocaíocht a húdaruítear d'fhostóir d'fháil fé alt 1, alt 2, no alt 3 den Truck Act, 1896, tuigfear chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo gur bhain an fostóir an méid sin as págh.

(5) Tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, más oiriúnach leis é, coiste comhairlitheach do bhunú chun comhairle do thabhairt do i dtaobh orduithe do dhéanamh fé fho-alt (1) den alt so agus i dtaobh orduithe den tsórt san do cheiliúradh agus do leasú.

(6) Isiad a bheith ar choiste chomhairlitheach a bunófar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ná cathaoirleach a cheapfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus pé baill eile agus pé méid díobh is dóich leis an Aire sin is ceart do cheapadh, ach na baill eile sin do bheith leath má leath ina ndaoine is ionadaithe do lucht oibre i stáisiúin ath-láimhsithe agus ina ndaoine is ionadaithe d'fhostóirí lucht oibre den tsórt san.

(7) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála íocaíochtaí do dhéanamh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill den choiste chomhairlitheach a bunófar fén alt so in aisíoc costaisí taistil agus in íoc liúntais chothuithe.

(8) In aon chúiseamh in aghaidh ath-láimhseora i gcionta fén alt so is ar an ath-láimhseoir a bheidh a chruthú nár íoc sé págh do réir ráta is lugha ná an ráta minimum dob iníoctha fén ordú do bhí i bhfeidhm de thurus na huaire agus do rinneadh fé fho-alt (1) den alt so.

(9) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Breacacháin i dtaobh páigh le coimeád i stáisiúin ath-láimhsithe.

31. —(1) Pé uair a bheidh ordú fé fho-alt (1) den alt deiridh sin roimhe seo i bhfeidhm beidh sé de dhualgas ar gach athláimhseoir pé breacacháin do choimeád ina stáisiún ath-láimhsithe is gá chun a thaisbeáint go bhfuil sé ag déanamh do réir forálacha an orduithe sin.

(2) Má theipeann ar aon ath-láimhseoir no má fáillíonn no má dhiultann déanamh do réir forálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

CUID III.

Barr Tobac Gach Saosuir fe leith do Chur de Laimh.

Fásóirí do thabhairt fógra uatha i dtaobh socruithe i gcóir leasuithe agus ath-láimhsithe, etc.

32. —(1) Gach sealbhóir ceadúnais fásóra á údarú tobac d'fhás sa bhliain 1934 no in aon bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh chun an Aire, i gcás an ceadúnas san do bhaint leis an mbliain 1934, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1934, no, i gcás an ceadúnas san do bhaint le haon bhliain ina dhiaidh sin, roimh an 30adh lá de Mheitheamh na bliana san, cuntas, sa bhfuirm a bheidh orduithe ag an Aire, ina luadhfar—

(a) mion-innste ar an achar do chuir sé fé thobac an bhliain le n-a mbaineann an ceadúnas san;

(b) má bhíonn sé ar aigne an tobac san do leasú, mioninnste ar an bhfeisteas atá aige chun tobac do leasú;

(c) má bhíonn sé ar aigne duine eile do leasú an tobac san, ainm agus seoladh an duine eile sin;

(d) an stáisiún ath-láimhsithe go bhfuil sé ar aigne an tobac san do sheachadadh ann d'fhás sé an bhliain le n-a mbaineann an ceadúnas san.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'aon tsealbhóir ceadúnais fásóra tobac d'fhás sé bliain ar bith do sheachadadh i stáisiún athláimhsithe ar bith seachas an stáisiún ath-láimhsithe bheidh luaidhte sa tuairisceán do thug sé uaidh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo maidir leis an tobac san mara mbeidh toiliú an Aire faighte aige roimh ré chun é do sheachadadh an tobac san i stáisiún ath-láimhsithe éigin eile.

(3) Más rud é—

(a) go dteipfidh ar aon tsealbhóir ceadúnais fásóra déanamh do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so, no

(b) go ndéanfaidh aon tsealbhóir ceadúnais fásóra éinní contrárdha d'fhorálacha fo-ailt (2) den alt so

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Ath-láimhseoirí do cheannach tobac o fhásóirí.

33. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ceannóidh gach duine is sealbhóir ceadúnais ath-láimhseora, ar an bpraghas agus ar na téarmaí agus na cionníollacha bhaineann leis an gceannach san fén gCuid seo den Acht so, san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san an tobac uile bheidh ar staid oiriúnach chun a ath-láimhsithe agus d'fhás sealbhóir ceadúnais fásóra an bhliain le n-a mbaineann an ceadúnas ath-láimhseora san agus a tairgfear chun a dhíolta do réir forálacha an Achta so san áitreabh san roimh an 31adh lá de Mhí Nodlag na bliana do fásadh an tobac san no pé dáta is déanaí ná san a cheapfaidh an tAire maidir le tobac d'fhás na bliana san.

(2) Aon tsealbhóir ceadúnais ath-láimhseora gur mian leis diúltadh don tobac no aon chuid den tobac do cheannach a tairgfear chun a dhíolta leis fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfaidh láithreach a chur in úil don díoltóir go bhfuil sé ar aigne diúltadh amhlaidh agus a iarraidh ar an Aire é do shaoradh ón oblagáid an tobac san do cheannach.

(3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ar aon tsealbhóir ceadúnais ath-láimhseora dá iarraidh sin fén alt so, an sealbhóir sin do shaoradh ón oblagáid a cuirtear ar an sealbhóir sin leis an alt so an tobac le n-a mbaineann an t-iarratas san do cheannach.

(4) Má theipeann ar aon tsealbhóir ceadúnais ath-láimhseora déanamh do réir na hoblagáide cuirtear air leis an alt so beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus fíneáil ná raghaidh thar céad púnt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é.

(5) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Srian le tobac nea-dhéanta do dhíol no do chur de láimh.

34. —(1) Duine ar bith is sealbhóir ceadúnais fásóra údaruíonn do tobac d'fhás bliain áirithe ní bheidh sé dleathach do tobac nea-dhéanta d'fhás na bliana san do chur de láimh, ar aon tslí seachas fé údarás o sna Coimisinéirí Ioncuim ar n-a dheonadh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, chun duine ar bith seachas duine is sealbhóir ceadúnais fásóra údaruíonn do tobac d'fhás an bhliain sin no duine is sealbhóir ceadúnais leasuitheora údaruíonn do tobac d'fhás na bliana san do leasú no duine is sealbhóir ceadúnais ath-láimhseora údaruíonn do tobac d'fhás na bliana san d'ath-láimhsiú.

(2) Duine ar bith is sealbhóir ceadúnais leasuitheora údaruíonn do tobac d'fhás bliana áirithe do leasú ní bheidh sé dleathach do tobac nea-dhéanta d'fhás na bliana san do dhíol le duine ar bith seachas duine is sealbhóir ceadúnais ath-láimhseora údaruíonn do tobac d'fhás na bliana san d'ath-láimhsiú.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Luach comparáideach tobac gach soláthróra.

35. —(1) Chun a shocrú cadé an cion a bheidh le fáil ag gach duine fé leith de sholáthróirí tobac d'fhás bliana áirithe do seachadadh i stáisiún ath-láimhsithe ar bith d'iomlán bunphraghsanna na bpacáistí uile de thobac, d'fhás na bliana san, do hath-láimhsíodh sa stáisiún ath-láimhsithe sin déanfaidh an t-ath-láimhseoir, le linn pé céim den phróiseas ath-láimhsithe ordóidh an tAire agus faid a bheidh tobac gach soláthróra ar deighilt o chuid na soláthróirí eile, luach tobac uile an tsoláthróra san (eadhon, tobac is oiriúnach chun déantóireachta) d'áireamh do réir rialachán a déanfar fén alt so agus déanfar tagairtí san Acht so do luach chomparáideach tobac, d'fhás bliana áirithe, do sheachaid duine ar bith i stáisiún ath-láimhsithe do léiriú mar thagairtí don méid, do réir áirimh fén bhfo-alt so, dob fhiú tobac d'fhás na bliana san do sheachaid an duine sin sa stáisiún ath-láimhsithe sin.

(2) Déanfaidh an tAire, le hordú, rialacháin á ordú cadiad na próiseasaí fé n-a gcuirfear tobac, go bhfuil a luach le háireamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, sara ndéanfar an t-áireamh san agus cadé an modh ina ndéanfar an t-áireamh san agus féadfaidh a shocrú leis na rialacháin sin go dtabharfar áird ar gach ní no éinní acu so leanas le linn an áirimh sin do dhéanamh, sé sin le rá, grádanna, cineálacha no saghsanna an tobac san, an fliuchra bheidh sa tobac san, staid an tobac san le linn céimeanna deifriúla sa phróiseas ath-láimhsithe agus éinní eile is oiriúnach leis an Aire.

(3) Má theipeann ar ath-láimhseoir ar bith déanamh do réir forálacha an ailt seo beidh an t-ath-láimhseoir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Tobac do phacáil i stáisiún ath-láimhsithe agus mion-innste do thabhairt don Aire.

36. —(1) An tobac go léir a fásfar bliain ar bith agus a seachadfar i stáisiún ath-láimhsithe agus a bheidh oiriúnach chun déantóireachta pacálfaidh an t-ath-láimhseoir é do réir orduithe an Aire agus marcálfar gach pacáiste le pé comharthaí aitheantais ordóidh an tAire.

(2) Chó luath agus bheidh deighleálta do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo leis an tobac go léir, d'fhás aon bhliana áirithe, a seachadfar i stáisiún ath-láimhsithe déanfaidh an t-athláimhseoir liost iomlán de sna pacáistí d'ullamhú agus do chur chun an Aire agus cuirfidh síos sa liost san maidir le gach pacáiste pé mion-innste ordóidh an tAire.

(3) Duine ar bith go dteipfidh air déanamh do réir na n-oblagáidí cuirtear air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad go leith púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Pacáistí tobac do phraghsáil.

37. —(1) Nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras tobac d'fhás bliana ar bith do pacáladh i stáisiún ath-láimhsithe cuirfidh an tAire fé ndeár an tobac i ngach pacáiste do phraghsáil do réir an praghais a bhéarfadh iomportálaí ar an tobac sa phacáiste sin dá ndeintí é d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus é do sheacadadh fé bhanna ag ionad na hiomportála i Saorstát Éireann, agus an praghas a socrófar amhlaidh maidir leis an tobac sa phacáiste sin lughaide aon mhéid ordóidh an tAire do lomháil ag féachaint do ghnás na trádála isé is bun-phraghas don phacáiste sin chun crícheanna an Achta so.

(2) Éilithe ar bith is iníoctha le dílseánach banna-stórais as éinní do rinneadh chun praghsála do dhéanamh ar thobac do lóisteáladh sa bhanna-stóras san isé an té gur leis an tobac san íocfaidh iad.

Clár-liost de phacáistí.

38. —(1) Chó luath agus bheidh praghsáil déanta ar na pacáistí uile ina mbeidh an tobac, d'fhás bliana ar bith, do hathláimhsíodh i stáisiún ath-láimhseála ullamhóidh an tAire láithreach clár-liost de sna pacáistí sin go léir ina luadhfar i dtaobh gach pacáiste na comharthaí aitheantais a bheidh air agus a phraghas (dá ngairmtear an praghas sa chlár-liost san Acht so) agus isé bheidh sa phraghas san ná—

(a) bun-phragas an phacáiste sin, agus

(b) maidir le gach púnt tobac sa phacáiste sin, suim bhreise is có-ionann leis an deifríocht sa phúnt idir an diúité máil agus an diúité custum ar thobac den chineál a bheidh sa phacáiste sin.

(2) Cuirfidh an tAire cóip de gach clár-liost ullamhóidh sé fén alt so chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus chun an ath-láimhseora le n-a mbainfidh chó luath agus bheidh ullamhú an chlár-liosta san críochnuithe.

Tuairisceáin o dhéantóir.

39. —(1) Ar dháta nách déanaí ná pé dáta ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála maidir leis an mbliain 1934 agus ar dháta nách déanaí ná an 1adh lá de Mheán Fhómhair sa bhliain 1935 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin cuirfidh gach déantóir chun an Aire sin, sa bhfuirm ordóidh an tAire sin, tuairisceán ina luadhfar na caindíochtaí, na cineálacha agus na saghsanna tobac d'úsáid sé chun crícheanna déantóireachta i rith na tréimhse de dhá mhí dhéag dár chríoch an 5adh lá d'Iúl na bliana san agus na caindíochtaí agus na saghsanna tobac déanta do táirgeadh as an gcéanna.

(2) Gach déantóir go dteipfidh air no fhailleoidh no dhiúltóidh déanamh do réir na n-oblagáidí cuirtear air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Orduithe díola.

40. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis na gclár-liost uile de phacáistí tobac do fásadh bliain ar bith do bheith seachadtha don Aire Tionnscail agus Tráchtála dáileoidh an tAire sin na pacáistí uile tobac a bheidh luaidhte sa chlár-liost san ar na déantóirí uile i pé slí is dóich leis an Aire sin is ceart ag féachaint don chaindíocht, do sna saghsanna agus do sna cineálacha tobac do rinne gach déantóir acu i rith na tréimhse de dhá mhí dhéag dar chríoch an 5adh lá d'Iúl na bliana roimhe sin agus, le linn an Aire sin do dhéanamh an dáilithe sin, déanfaidh pacáistí áirithe tobac do phacáil ath-láimhseoirí áirithe do dháiliú ar dhéantóirí áirithe.

(2) Chó luath agus bheidh aon dáiliú déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo seirbheálfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, ar gach déantóir ar ar dáilíodh aon phacáistí áirithe tobac do phacáil ath-láimhseoir áirithe agus ar an ath-láimhseoir sin, ordú (dá ngairmtear ordú díola san Acht so) á cheangal ar an ath-láimhseoir sin na pacáistí áirithe tobac san do dhíol leis an déantóir sin, agus, laistigh d'aimsir áirithe, iad do sheachadadh don déantóir sin, agus á cheangal ar an déantóir sin iad do cheannach ón ath-láimhseoir sin, ar shuim is có-ionann le hiomlán clár-phraghais gach pacáiste fé leith acu san agus luadhfar i ngach ordú den tsórt san an aimsir gur laistigh di a híocfar an tsuim sin, an t-am a seachadfar agus an áit ina seachadfar an tobac don déantóir sin, agus pé téarmaí eile díola is dóich leis an Aire is gá.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “an díoltóir” agus “an ceannuitheoir” fé seach, maidir le hordú díola, an té ar a gceangailtear leis an ordú san an tobac le n-a mbaineann an t-ordú san do dhíol agus an té ar a gceangailtear leis an ordú san an tobac san do cheannach.

Eifeacht seirbheála orduithe dhíola.

41. —(1) Má seirbheáltar ordú díola go cuibhe ar an díoltóir agus ar an gceannuitheoir beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear connradh do bheith déanta ag an díoltóir agus ag an gceannuitheoir i dtéarmaí a n-éilíonn an t-ordú san,

(b) mara gcólíontar a n-éilíonn an t-ordú san—

(i) beidh an díoltóir ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé chun sástachta na Cúirte gurb iad gníomhartha no gurb é teip an cheannuitheora ba chúis leis an nea-chólíonadh san, agus

(ii) beidh an ceannuitheoir ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé chun sástachta na Cúirte gurb iad gníomhartha no gurb é teip an díoltóra ba chúis leis an nea-chólíonadh san.

(2) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so, ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Eilithe ath-láimhseora.

42. —Chó luath agus is féidir é gach bliain déanfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear na rialacháin ath-láimhseoirí (éilithe) san Acht so) ag ceapadh na n-éilithe éileoidh athláimhseoirí as iad d'ath-láimhsiú tobac d'fhás na bliana san.

Praghsanna íocfaidh ath-láimhseoirí le soláthróirí tobac.

43. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis clár-liosta d'ullamhú de sna pacáistí de thobac do fásadh bliain ar bith agus do hathláimhsíodh i stáisiún ath-láimhsithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) dáileoidh an tAire, le hordú, an bonus ar na daoine do sholáthruigh an tobac san don stáisiún ath-láimhsithe sin i pé cionúireachtaí is dóich leis an Aire is ceart ag féachaint do chaindíocht agus do cháilíocht an tobac do sholáthruigh gach duine fé leith den tsórt san agus a oiriúnaí bheidh sé daoine do ghríosadh chun tobac árd-cháilíochta d'fhás agus cuirfidh cóip den ordú san chun an ath-láimhseora;

(b) laistigh de thriocha lá tar éis do ordú den tsórt san d'fháil íocfaidh an t-ath-láimhseoir le gach duine do sholáthruigh aon chuid den tobac san suim go mbeidh idir í agus iomlán bun-phraghasanna na bpacáistí sin an coibhneas céanna bheidh idir luach comparáideach an tobac go léir d'fhás na bliana san a sholáthruigh an soláthróir sin don stáisiún ath-láimhsithe sin agus suim luachanna comparáideacha uile agus fé seach an tobac uile d'fhás na bliana san do soláthruíodh don stáisiún ath-láimhsithe sin agus fós an tsuim do dáilíodh air fén ordú san agus bhéarfaidh do gach soláthróir den tsórt san ráiteas sa bhfuirm ordóidh an tAire á thaisbeáint conus do háirmhíodh an méid is iníoctha leis fén mír seo.

(2) I gcás—

(a) clár-liost d'ullamhú de sna pacáistí de thobac do fásadh bliain ar bith agus do hath-láimhsíodh i stáisiún athláimhsithe, agus

(b) inar deimhin leis an Aire gur díthíodh no gur milleadh caindíocht mhaith mhór den tobac (eadhon, tobac do bhí oiriúnach chun déantóireachta) do fásadh an bhliain sin agus do seachadadh sa stáisiún athláimhsithe sin, i slí ná fuil sé oiriúnach chun é úsáid,

féadfaidh an tAire, le hordú—

(i) i gcás gur duine amháin do sholáthruigh an tobac go léir do díthíodh no do milleadh amhlaidh, a ordú don ath-láimhseoir méid is có-ionann leis an suim is dóich leis an Aire dob fhiú an tobac do díthíodh no do milleadh amhlaidh d'íoc leis an duine sin;

(ii) i gcás ar bith eile, suim is dóich leis dob fhiú an tobac do díthíodh no do milleadh amhlaidh do dháiliú, i pé cionúireachtaí is dóich leis is ceart, ar chuid de sna daoine no ar na daoine uile do sholáthruigh an tobac san don stáisiún ath-lámhsithe sin agus a ordú don ath-láimhseoir sin íoc do dhéanamh, le gach duine ar ar dáilíodh aon chuid den tsuim sin, i méid is có-ionann leis an gcuid sin i dteanta méide ar bith is iníoctha leis an duine sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

(3) I gcás—

(a) tobac do fásadh bliain ar bith do sheachadadh i stáisiún ath-láimhsithe, agus

(b) sara mbeidh an tobac san curtha isteach i bpacáistí agus praghas gach pacáiste ceaptha fén Acht so, an tobac san go léir do dhíthiú no do mhilleadh i slí ná beidh sé oiriúnach chun é úsáid,

déanfaidh an tAire, maidir le gach duine do sholáthruigh tobac d'fhás na bliana san do stáisiún ath-láimhsithe, luach an tobac do sholáthruigh an duine sin do mheas agus ordóidh, le hordú, don ath-láimhseoir an luach san d'íoc leis an duine sin.

(4) Suim ar bith is iníoctha fé fho-alt (1) den alt so ag athláimhseoir le soláthróir no a hordófar, le hordú fé fho-alt (2) no (3) den alt so, d'ath-láimhseoir d'íoc le soláthróir beidh sí ina fiacha ag an soláthróir sin ar an ath-láimhseoir sin agus féadfar í do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “an bonus,” nuair a húsáidtear í maidir leis na pacáistí tobac a bheidh luaidhte i gclár-liost, an méid a gheobhfar amach tré shuim is có-ionann le hiomlán na nithe seo leanas do bhaint as iomlán bun-phraghsanna na bpacáistí sin, sé sin le rá:—

(a) iomlán bun-phraghsanna na bpacáistí sin, agus

(b) na héilithe as an tobac a bheidh sna pacáistí sin d'athláimhsiú a bheidh an t-ath-láimhseoir i dteideal a éileamh fé sna rialacháin ath-láimhseoirí (éilithe).

(6) Má theipeann ar aon ath-láimhseóir no má fhaillíonn no má dhiúltann ráiteas ar bith do thabhairt do sholáthróir a ceangailtear air le fo-alt (1) den alt so do thabhairt don tsoláthróir sin beidh an t-ath-láimhseoir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(7) Féadfaidh an tAire so féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Déantóirí d'úsáid tobac dhúthchais.

44. —(1) Má bhíonn an tobac go léir d'fhás bliana ar bith dáilithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála ar dhéantóirí tré orduithe díola seirbheálfa sé, ar gach déantóir ar ar dháiligh sé, tré ordú no orduithe díola, aon chuid den tobac san, ordú á cheangal ar an déantóir sin an tobac uile do dáilíodh air d'úsáid chun crícheanna déantóireachta laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag, no de pé tréimhse is sia ná san a cheapfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, o dháta seirbhéala an orduithe dheiridh sin a luaidhtear agus féadfaidh leis an ordú san a ordú go n-úsáidfear an tobac san go léir no coda áirithe dhe chun crícheanna áirithe luadhfar.

(2) Má theipeann ar dhéantóir ar bith ar a seirbheálfar ordú fén alt so no má fhaillíonn no má dhiúltann déanamh do réir éilithe an orduithe sin beidh an déantóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin, mar chúisitheoir, cionta fén alt so do chúiseamh.

Orduithe do sheirbheáil.

45. —(1) Más gá do réir na Coda so den Acht so ordú do sheirbheáil ar dhuine ar bith seirbheálfar an t-ordú san ar an duine sin ar shlí acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré chóip den ordú san do sheachadadh don duine sin agus í deimhnithe mar chóip dhílis fé Shéala Oifigiúil an Aire Tionnscail agus Tráchtála;

(b) tré cóip den ordú san agus í deimhnithe mar chóip dhílis fé Shéala Oifigiúil an Aire sin do chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha agus í dírithe chun an duine sin go dtí an seoladh ag á mbíonn gnó ar siúl aige.

(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur ina n-oifig chláruithe bhíonn gnó ar siúl ag cuideachtain a bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan 1908 go 1924 agus tuigfear gur ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha bhíonn gnó ar siúl ag gach cólucht corpruithe eile agus ag gach cólucht neamh-ion chorpruithe.

CUID IV.

Ceadunaisi Deantoiri Trialacha.

Ceadúnas déantóra thrialaigh do dheonadh.

46. —(1) Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas déantóra thrialaigh san Acht so) do dheonadh do dhuine ar bith a chuirfidh ina luighe ortha gur duine cáilithe é maidir le haon bhliain áirithe agus iarrfaidh san ortha i pé fuirm agus slí ordóid agus a bhéarfaidh pé eolas dóibh a theastóidh uatha agus ar é d'íoc an diúité mháil (más ann do) is iníoctha do réir dlí de thurus na huaire ag duine thógann amach ceadúnas déantóra thrialaigh, á údarú don duine sin na nithe seo leanas do dhéanamh fén gceadúnas san agus dá réir, sé sin le rá, tobac d'fhás an bhliain sin agus an tobac san do leasú agus d'ath-láimhsiú.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “duine cáilithe”—

(a) maidir leis an mbliain 1934, duine d'fhás agus do leasuigh tobac go dleathach i Saorstát Éireann sa bliain 1933 agus d'oibrigh ina thobac dhéanta tobac d'fhás sé;

(b) maidir leis an mbliain 1935 agus gach bliain ina dhiaidh sin, duine do chólíon na coinníollacha so leanas an bhliain díreach roimhe sin, sé sin le rá:—

(i) bheith ina shealbhóir cheadúnais déantóra thrialaigh á údarú dho tobac d'fhás an bhliain deiridh sin a luaidhtear,

(ii) tobac d'fhás agus do leasú fé cheadúnas déantóra thrialaigh,

(iii) tobac d'fhás sé d'oibriú go dleathach ina thobac dhéanta,

(iv) gan tobac d'fhás duine ar bith eile d'oibriú ina thobac dhéanta.

Fuirm agus éifeacht cheadúnaisí déantóirí trialacha.

47. —(1) Is i pé fuirm ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a bheidh gach ceadúnas déantóra thrialaigh agus déarfaidh agus déanfaidh a údarú don duine dá ndeonfar an ceadúnas san na nithe seo leanas do dhéanamh fé réir na rialachán generálta bheidh déanta ag na Coimisinéirí Ioncuim, sé sin le rá, tobac d'fhás bliain áirithe ar thalamh áirithe in achar nách mó ná an t-achar is achar ceaptha don duine sin agus an tobac san do leasú agus d'ath-láimhsiú.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “an t-achar ceaptha,” maidir le duine ar bith an t-achar tobac d'fhás an duine sin go dleathach sa bliain 1933 no ceithre acra, pe'ca aca is mó.

(3) Ní tuigfear go n-údaruíonn an tAcht so do dhuine ar bith dá ndeonfar ceadúnas déantóra thrialaigh aon tobac do dhéanamh tráth ar bith maran sealbhóir an duine sin ar cheadúnas déanta tobac a bheidh i bhfeidhm an tráth san.

Srian le sealbhóirí ceadúnaisí déantóirí trialacha.

48. —(1) An té is sealbhóir ar cheadúnas déantóra thrialaigh údaruíonn don tsealbhóir sin tobac d'fhás aon bhliain áirithe ní bheidh sé dleathach do—

(a) aon tobac d'fhás na bliana san a bheidh ar staid neadhéanta do cheannach o dhuine ar bith;

(b) aon tobac d'fhás na bliana san, seachas tobac d'fhás sé féin, do leasú, d'ath-láimhsiú ná do dhéanamh;

(c) aon tobac nea-dhéanta d'fhás sé an bhliain sin do chur de láimh seachas fé údarás na gCoimisinéirí Ioncuim do deonadh tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire.

(2) Má dheineann aon tsealbhóir ceadúnais déantóra thrialaigh éinní contrárdha don alt so beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

CUID V.

Foralacha Maidir le Siol Tobac agus Plandai Tobac.

Ciontaí fé Chuid V do chúiseamh.

49. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, cionta fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

Srian le síol tobac do tháirgeadh.

50. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne síol tobac do tháirgeadh i Saorstát Éireann maran fé chead agus do réir cheada (dá ngairmtear cead síl (táirgeadh) san Acht so) do dheon an tAire fén gCuid seo den Acht so déanfar an táirgeadh sin.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad go leith púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Cead síl (táirgeadh).

51. —Féadfaidh an tAire, más rogha leis é, cead síl (táirgeadh) do dheonadh, d'éinne is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas fásóra no ar cheadúnas déantóra thrialaigh, á údarú don duine sin síol tobac d'fhás, fé réir pé cionníollacha is oiriúnach leis an Aire d'fhorchur, o thobac do fásadh fén gceadúnas fásóra san no fén gceadúnas déantóra thrialaigh sin (pe'ca aca é).

Srian le síol tobac do dhíol no do bheith ar seilbh.

52. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne (dá ngairmtear an díoltóir sa bhfo-alt so) aon tsíol tobac do dhíol ná do thairisgint chun a dhíolta le héinne eile ná do thabhairt d'éinne eile (dá ngairmtear an ceannuitheoir sa bhfo-alt so) bliain ar bith maran rud é—

(a) gur sealbhóir an díoltóir ar chead (dá ngairmtear cead síl (díol) sa Chuid seo den Acht so) do dheon an tAire fén gCuid seo den Acht so agus gur do réir an cheada san a díolfar an tobac san no tairgfear é chun a dhíolta no bhéarfar é, agus

(b) gur sealbhóir an ceannuitheoir ar cheadúnas fásóra no ar cheadúnas déantóra thrialaigh údaruíonn do tobac d'fhás an bhliain sin no gur sealbhóir ceada síl (díol) é.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'éinne síol tobac do bheith ar seilbh aige maran sealbhóir an duine sin ar chead síl (táirgeadh), ar chead síl (díol), ar cheadúnas fásóra no ar cheadúnas déantóra thrialaigh.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Cead síl (díol).

53. —Féadfaidh an tAire, más rogha leis é, cead síl (díol) do dheonadh do dhuine ar bith á údarú don duine sin, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire d'fhorchur, síol tobac do dhíol, gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire is ceart.

Srian le plandaí tobac do dhíol no do bheith ar seilbh.

54. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne plandaí tobac do dhíol ná do thairisgint chun a ndíolta le héinne eile ná iad do thabhairt d'éinne eile bliain ar bith maran rud é—

(a) gur sealbhóir ceadúnais fásóra no ceadúnais déantóra thrialaigh an duine sin a céad-luaidhtear, agus

(b) gur sealbhóir an duine eile sin ar cheadúnas fásóra no ar cheadúnas déantóra thrialaigh údaruíonn do tobac d'fhás an bhliain sin.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon phlandaí tobac do bheith ar seilbh aige bliain ar bith maran sealbhóir an duine sin ar cheadúnas fásóra no ar cheadúnas déantóra thrialaigh údaruíonn do tobac d'fhás an bhliain sin.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrardha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

CUID VI.

Srian Le Tobac agus Siol Tobac agus Plandai Tobac d'Iomportail agus d'Easportail agus Le Tobac do Thogaint Amach as Banna-Storas.

Srian le tobac d'iomportáil.

55. —Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith tobac d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, pe'ca nea-dhéanta no déanta dho, maran fé cheadúnas agus do réir cheadúnais do dheon na Coimisinéirí Ioncuim fén gCuid seo den Acht so a hiomportálfar é.

Ceadúnaisí iomportála tobac.

56. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas ar n-a dheonadh tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, a údarú do dhuine ar bith, fé réir chólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, tobac nea-dhéanta no tobac déanta (fé mar a luadhfar sa cheadúnas san) d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le ham, le saghas no le méid no maidir le haon cheann acu, no go dteora áirithe maidir le ham, le saghas no le méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim aon cheadúnas a deonfar fén alt so do cheiliúradh uair ar bith.

Srian le tobac d'easportáil.

57. —Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith tobac d'easportáil amach as Saorstát Éireann, pe'ca nea-dhéanta no déanta dho, maran fé cheadúnas agus do réir cheadúnais do dheon an tAire Tionnscail agus Tráchtála fén gCuid seo den Acht so a heasportálfar é.

Ceadúnaisí easportála tobac.

58. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le ceadúnas ar n-a dheonadh tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire, a údarú do dhuine ar bith, fé réir chólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, tobac nea-dhéanta no tobac déanta (fé mar a luadhfar sa cheadúnas san) d'easportáil amach as Saorstát Éireann agus an easportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le ham, le saghas no le méid no maidir le haon cheann acu, no go dteora áirithe maidir le ham, le saghas no le méid, fé mar is dóich leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála is ceart.

(2) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála aon cheadúnas a deonfar fén alt so do cheiliúradh uair ar bith.

Srian le síol tobac agus plandaí tobac d'iomportáil.

59. —Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith síol tobac ná plandaí tobac d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran fé cheadúnas agus do réir cheadúnais do dheon an tAire fén gCuid seo den Acht so a hiomportálfar an síol tobac no na plandaí tobac san.

Ceadúnaisí iomportála síl agus plandaí.

60. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, le ceadúnas, a údarú do dhuine ar bith, fé réir chólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, síol tobac no plandaí tobac d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le ham, le saghas no le méid, no maidir le haon cheann acu, no go dteora áirithe maidir le ham, le saghas no le méid, fé mar is dóich leis an Aire is ceart.

(2) Ní dheonfaidh an tAire ceadúnas do dhuine ar bith chun aon phlandaí tobac d'iomportáil maran deimhin leis gur chun crícheanna eolaíochta amháin atáthar chun na bplandaí tobac san d'úsáid.

(3) Féadfaidh an tAire aon cheadúnaisí deonfar fén alt so do cheiliúradh uair ar bith.

Feidhm na nAchtanna Custum.

61. —(1) Tuigfear earraí go dtoirmisctear de bhuadh na Coda so den Acht so iad d'iomportáil do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí toirmisctear no sriantar d'iomportáil beidh feidhm acu dá réir sin.

(2) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earra ar bith, a bheidh á heasportáil no go mbeifear a d'iarraidh í d'easportáil contrárdha don Chuid seo den Acht so, do choinneáil agus do thógaint agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earra ar bith den tsórt san no 'na mbeidh amhras aige a leithéid do bheith inti, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí tógtar fén Acht san do dhaoradh chun a ngeallbhruidthe agus i dtaobh iad do chur de láimh, bainfid le gach earra tógfar fén Acht so fé is dá mba fén Acht san do tógfaí iad.

(3) Na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le heasportáil earraí do thoirmeasc beidh éifeacht acu fé is dá mba chuid iad den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san agus má deintear earraí ar bith, go dtoirmisctear a n-easportáil leis an gCuid seo den Acht so, d'easportáil contrárdha don Chuid seo den Acht so no iad do thabhairt go dtí aon chéibh no áit eile chun iad d'easportáil amhlaidh no iad d'iompar ar uisce chun iad d'easportáil amhlaidh dlighfear an pionós céanna do chur ar an easportálaí no ar a ghníomhaire a dlightear do chur ar dhuine, fé alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, mar gheall ar earraí toirmiscthe d'iomportáil go nea-dhleathach.

Srian le tobac do thógaint amach as banna-stóras.

62. —D'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile ní bheidh éinne i dteideal tobac ar bith do thógaint amach as banna-stóras, pe'ca nea-dhéanta no déanta dho, mara ndeinidh na Coimisinéirí Ioncuim. tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, an tógaint amach san d'údarú.