|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 30 de 1934. | ||
[EN] |
ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1934. | |
ACHT CHUN LEASUITHE AGUS LEATHNUITHE DO DHÉANAMH AR ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 . [26adh Iúl, 1934.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) . |
[EN] |
Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú. |
2. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i bhfo-mhír (iii) de mhír (b) léireofar í mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1936; | |
[EN] | (b) cuirfear isteach, i ndiaidh na fo-mhíre sin (iii) de mhír (b), fo-mhír nua mar leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | “(iv) cúig púint is dachad, más rud é gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe sin agus go mbeidh sí críochnuithe an 1adh lá d'Abrán, 1936, no dá éis, ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1937”; | |
[EN] | (c) an tagairt atá i ngach ceann de sna míreanna (c), (d), (e), (f), (g), (h) agus (i) don 1adh lá d'Abrán, 1935, léireofar í mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1937, | |
[EN] | agus déanfar an fo-alt san do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin. | |
[EN] |
Méid iomlán na ndeontas do mhéadú. |
3. —Athghairmtear leis seo fo-alt (5) d'alt 5 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méideanna iomlána na ndeontas a dheonfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí fén alt san 5 fé mar a leasuítear é leis an Acht so, ná raghaidh san thar suim milleoin agus ceithre chéad míle púnt. |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
4. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 agus 1934, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile. |