23 1934


Uimhir 23 de 1934.


ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ (TALAMH DO THÓGAINT), 1934.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS CÓLUCHTAÍ AR A bhFUIL RIARADH FOIRTHINE NA mBOCHT TALAMH (LE N-A nÁIRMHÍTEAR UISCE AGUS CEARTA BHAINEAS LE TALAMH NO LE hUISCE) DO THÓGAINT CHUN CRÍCHEANNA A gCOMHACHT AGUS A nDUALGAS MAIDIR LEIS AN RIARADH SAN AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHAS LEIS AN TÓGAINT SIN AGUS I dTAOBH NITHE BHAINEAS AR SHLÍ EILE LEIS NA CÓLUCHTAÍ SIN. [6adh Meitheamh, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “údarás conganta phuiblí” cólucht corpruithe ar a gcuirtear mar chúram, le haon Acht no fé no le haon scéim chontae no fúithi, fóirithin na mbocht do riaradh;

tá leis an abairt “scéim chontae” an bhrí chéanna atá léi san Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) ;

foluíonn an focal “talamh” uisce agus aon estát no leas i dtalamh no in uisce agus aon éasáid no ceart i dtalamh no in uisce no chun tailimh no chun uisce no ar thalamh no ar uisce;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

déanfar tagairtí do chomhachta agus do dhualgaisí údaráis chonganta phuiblí do léiriú mar thagairtí ná baincann ach le comhachta agus dualgaisí an údaráis sin maidir le fóirithin na mbocht do riaradh.

Údaráis chonganta phuiblí d'ionchorprú.

2. —Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear agus achtuítear leis seo, maidir le gach foráil atá i scéim chontae, pe'ca bhí an fhoráil sin sa scéim sin o thosach no cuireadh isteach inti í tré leasú fé alt 5 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 9 de 1923 ), agus le n-ar dearbhuíodh an cólucht ar ar cuireadh mar chúram leis an scéim sin fóirithin na mbocht do riaradh do bheith ina chólucht chorpruithe go gcomhacht chun tailimh do thógaint agus do shealbhú, go mbeidh san agus go dtuigfear san do bheith riamh dleathach agus éifeachtúil, ach san fé réir forálacha agus gan dochar d'fhorálacha alt 10 agus 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , i gcásanna le n-a mbaineann na forálacha san.

Comhacht údaráis chonganta phuiblí chun tailimh do thógaint.

3. —Féadfaidh údarás conganta phuiblí, chun críche a gcomhacht agus a ndualgas, talamh do thógaint, tré chó-aontú le toiliú an Aire no go héigeanta, fén Acht so agus fé sna hAchtanna atá ionchorpruithe leis sin.

Achtanna na gClásanna Talmhan d'ionchorprú.

4. —Déanfar agus deintear leis seo, maidir le húdarás conganta phuiblí do thógaint tailimh fén Acht so, Achtanna na gClásanna Talmhan, fé mar atáid san leasuithe leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, d'ionchorprú leis an Acht so, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar na forálacha bhaineann le díel tailimh ná beidh ag teastáil agus le fáil do bheith ar an Acht speisialta, ná alt 133 (a bhaineann le cáin talmhan agus ráta dealbhais) den Land Clauses Consolidation Act, 1845, d'ionchorprú amhlaidh;

(b) nuair a bheidh Achtanna na gClásanna Talmhan agus iad ionchorpruithe amhlaidh á léiriú, tuigfear gurb é an tAcht so agus an t-ordú um thógaint éigeanta is ionbhainte (más ann do) an tAcht speisialta agus tuigfear gurb iad an t-údarás conganta phuiblí bunuitheoirí an ghnótha;

(c) nuair a bheidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, agus é ionchorpruithe amhlaidh á léiriú—

ciallóidh an abairt “local authority” údarás conganta phuiblí do réir bhrí an Achta so,

ciallóidh an abairt “confirming Acht” an tAcht so agus an t-ordú um thógaint éigeanta mar a bheidh san déanta agus daingnithe fén Acht so,

ciallóidh an abairt “confirming authority” an tAire, agus déanfar tagairtí don Housing of the Working Classes Act, 1890, no do Chuid I den Acht san do léiriú mar thagairtí don Acht so;

(d) nuair a bheidh cúiteamh á mheas ag an eadrascánaí ní chuirfidh san áireamh aon fhoirgint a tógfar ná aon fheabhsú ná atharú déanfar ná aon leas a bunófar i dtalamh tar éis an dáta ar ar foillsíodh fógra do réir an Achta so á rá go ndearnadh an t-ordú um thógaint éigeanta más dóich leis an cadrascánaí ná raibh gá do réir réasúin leis an bhfoirgint sin do thógáil no leis an bhfeabhsú no leis an atharú san do dhéanamh no leis an leas san do bhunú agus gur chun an chúitimh sin d'fháil no do mhéadú do rinneadh an ní sin.

Ordú um thógaint éigeanta do dhéanamh.

5. —(1) Nuair is mian le húdarás conganta phuiblí aon talamh áirithe do thógaint go héigeanta fén Acht so, féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin ordú (dá ngairmtear ordú um thógaint éigeanta san Acht so) do dhéanamh á ordú an talamh san do thógaint go héigeanta fén Acht so.

(2) Beidh gach ordú um thógaint éigeanta sa bhfuirm orduithe agus déanfar na tailte le n-a mbaineann an t-ordú san do thuairisciú ann tré thagairt do mhapa bheidh do réir na gcoinníollacha orduithe.

Fógraí, etc., i dtaobh orduithe um thógaint éigeanta do dhéanamh.

6. —(1) Ar ordú um thógaint éigeanta do bheith déanta ag údarás conganta phuiblí déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin—

(a) fógrán sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i bpáipéar nuachta léightear i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis chonganta phuiblí sin, fógrán á rá go bhfuil an t-údarás san tar éis orduithe um thógaint éigeanta do dhéanamh maidir le talamh áirithe agus gur féidir an t-ordú san agus an mapa dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit áirithe, agus

(b) fógra do thabhairt do gach duine is únaer no atá in ainm bheith ina únaer, do gach duine is léasaí no atá in ainm bheith ina léasaí, agus do gach duine is sealbhaire ar an talamh le n-a mbaineann an t-ordú san, fógra i scríbhinn, sa bhfuirm orduithe, ina mbeidh na ráitisí céanna ceangailtear anso roimhe seo a chur sa bhfógrán san agus ina ndéarfar, freisin, go bhféadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh an t-ordú san agóid i gcoinnibh an orduithe sin do chur chun an Aire sa tslí luadhfar agus laistigh d'am a luadhfar.

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí bheidh tar éis orduithe um thógaint éigeanta do dhéanamh agus a bheidh, maidir leis an ordú san, tar éis déanamh do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, féadfaid ordú ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta d'iarraidh ar an Aire.

Ordú um thógaint éigeanta do dhaingniú.

7. —Nuair a bheidh údarás conganta phuiblí tar éis ordú, ag daingniú orduithe um thógaint éigeanta, d'iarraidh ar an Aire fén Acht so agus nuair is deimhin leis an Aire go bhfuiltear, maidir leis an ordú san um thógaint éigeanta, tar éis déanamh do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cúrsaí ba thúisce ná an t-iarratas san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) mara mbeifear tar éis aon agóide (seachas agóid gur dóich leis an Aire gur le cúiteamh amháin a bhaineann sí) i gcoinnibh an orduithe sin um thógaint éigeanta do chur chun an Aire go cuibhe no má bítear tar éis gach agóide den tsórt san do cuireadh chuige amhlaidh do tharrac siar, féadfaidh an tAire, fé mar is dóich leis is ceart, diúltú don ordú san um thógaint éigeanta do dhaingniú, no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gan atharú, no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta go pé atharuithe is dóich leis an Aire is ceart;

(b) i gcás ar bith le n-a mbainfidh an mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus sara ndeighleálfaidh leis an iarratas san, a chur fé ndeár fiosrúchán áitiúil puiblí do dhéanamh maidir leis an ordú san um thógaint éigeanta;

(c) má bítear tar éis agóide (seachas agóid gur dóich leis an Aire gur le cúiteamh amháin a bhaineann sí) i gcoinnibh an orduithe sin um thógaint éigeanta do chur chun an Aire go cuibhe agus mara mbeifear tar éis í do tharrac siar, cuirfidh an tAire fé ndeár fiosrúchán áitiúil puiblí do dhéanamh maidir leis an ordú san um thógaint éigeanta;

(d) nuair a beifear tar éis fiosrúcháin áitiúla phuiblí do dhéanamh do réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so, féadfaidh an tAire, tar éis do tuarasgabháil an duine do rinne an fiosrúchán san do bhreithniú maraon leis an agóid no leis na hagóidí uile ba chúis leis an bhfiosrúchán san do dhéanamh, féadfaidh, fé mar is dóich leis is ceart, diúltú don ordú san um thógaint éigeanta do dhaingniú, no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gan atharú, no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta go pé atharuithe is dóich leis an Aire is ceart.

Fógraí, etc., i dtaobh orduithe um thógaint éigeanta do dhaingniú.

8. —Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire ordú do dhéanamh ag daingniú orduithe um thógaint éigeanta (go n-atharú no gan atharú) déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí do rinne an t-ordú san um thógaint éigeanta—

(a) fógrán sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta léightear i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sin, fógrán á rá go bhfuil an tAire tar éis an orduithe sin um thógaint éigeanta do dhaingniú agus gur féidir cóip den ordú san mar a daingníodh é amhlaidh agus an mapa dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit áirithe, agus

(b) fógra do thabhairt do gach duine do tháinig i láthair ag an bhfiosrúchán áitiúil puiblí (má b'ann do), do rinneadh maidir leis an ordú san, chun neartuithe le hagóid do rinne sé i gcoinnibh an orduithe sin, fógra i scríbhinn sa bhfuirm orduithe ina mbeidh na ráitisí céanna a ceangailtear anso roimhe seo a chur sa bhfógrán san.

An Ard-Chúirt do chur orduithe um thógaint éigeanta ar nea-mbrí.

9. —(1) Duine ar bith go ndéanfaidh ordú um thógaint éigeanta deifir do féin no dá mhaoin, féadfaidh, laistigh de thrí seachtaine tar éis fógra i dtaobh an Aire do dhaingniú an orduithe sin d'fhoillsiú den chéad uair tré fhógrán, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-ordú san ar fad no aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí, agus féadfaidh an Ard-Chúirt, más deimhin léi gur tré dhul thar na comhachta bronntar leis an Acht so do rinneadh an t-ordú san um thógaint éigeanta no aon chuid áirithe dhe no go raibh an céanna ar shlí eile gan údarás na gcomhacht san do bheith leis no gur thárla dochar mór do neach déanta an iarratais sin no do dhuine ar bith eile tré aon teip i ndéanamh do réir forálacha an Achta so maidir leis an ordú san, féadfaidh, do réir mar is dóich leis an Ard-Chúirt is ceart, an t-ordú san ar fad do chur ar nea-mbrí no cuid áirithe den ordú san do chur ar neambrí.

(2) I gcás iarratais chun na hArd-Chúirte fén alt so do bheith ar feitheamh, féadfaidh an Ard-Chúirt, más dóich léi san do bheith ceart, oibriú an orduithe um thógaint éigeanta le n-a mbaineann an t-iarratas san do chur ar fiunraoi go mbeidh an bhreith dheiridh tugtha ar an iarratas san.

(3) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an alt so ní bheidh ar chumas Cúirte ar bith ordú um thógaint éigeanta do chur ar nea-mbrí ná ar ceal ná í do lochtú ar shlí eile (roimh an Aire dá dhaingniú no dá éis sin).

Tosach feidhme orduithe um thógaint éigeanta.

10. —(1) Gach ordú um thógaint éigeanta ná déanfaidh an Ard-Chúirt é ar fad do chur ar nea-mbrí fén Acht so tiocfaidh (fé réir aon choda áirithe dhe agus gan dochar d'aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí amhlaidh) i bhfeidhm pé tráth acu so leanas is déanaí, sé sin le rá:—

(a) i gcionn trí seachtaine tar éis fógra i dtaobh an Aire do dhaingniú an orduithe sin d'fhoillsiú den chéad uair tré fhógrán, no

(b) ar an mbreith dheiridh, ar iarratas fén Acht so chun na hArd-Chúirte chun an orduithe sin ar fad no coda áirithe dhe do chur ar nea-mbrí, do bheith tugtha.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis orduithe um thógaint éigeanta do theacht i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí do rinne an t-ordú san cóip den ordú san do thabhairt do gach duine dá ndearnadh fógra i dtaobh déanamh an orduithe sin do thabhairt do réir an Achta so.

Talamh ná beidh ag teastáil do leithreasú chun crícheanna eile.

11. —Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le toiliú an Aire agus fé réir cólíonadh pé coinníollacha is dóich leis sin is ceart d'fhorchur, aon talamh a bheidh dílsithe chun críche ar bith san údarás san agus ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é do leithreasú agus d'úsáid chun críche aon choda dá gcomhachta agus dá ndualgaisí.

Talamh ná beidh ag teastáil do dhíol.

12. —(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le toiliú an Aire, talamh ar bith do dhíol a bheidh tógtha fén Acht so agus go bhfeictear don údarás conganta phuiblí sin gan é bheith ag teastáil a thuilleadh chun na críche chun ar tógadh é.

(2) An sochar do gheobhfar as údarás conganta phuiblí do dhíol tailimh ar bith fén alt so déanfar, sa mhéid gur airgead caipitail an sochar san, é do chur, le toiliú an Aire, chun aon chríche (le n-a n-áirmhítear airgead do fuarthas ar iasacht d'aisíoc) chun a bhféadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin, le ceart, airgead caipitail do chur.

Fógraí do sheirbheáil.

13. —(1) Féadfar aon fhógra i scríbhinn no aon scríbhinn eile is gá do réir an Achta so do thabhairt do dhuine ar bith do thabhairt don duine sin ar shlí ar bith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré é do shíneadh chun an duine sin, no

(b) tré é d'fhágaint i ngnáth-áit chomhnaithe an duine sin no san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige, no

(c) tré é do chur tríd an bpost i gclúdach cláruithe roimhíoctha a bheidh dírithe chun an duine sin agus a bheidh fé sheoladh a ghnáth-áite comhnaithe no na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige más duine aonair é no, más cuideachta bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, é, fé sheoladh oifige cláruithe na cuideachtan san no, más aon chólucht corpruithe eile no aon chomhlachas neamh-ionchorpruithe é, fé sheoladh príomh-oifige no príomh-áite gnótha an chóluchta no an chomhlachais sin.

(2) Más rud é gur gá, do réir an Achta so, fógra i scríbhinn no scríbhinn eile do thabhairt don duine is únaer no is sealbhaire ar thalamh agus nách eol cad is ainm don únaer no don tsealbhaire sin féadfar an scríbhinn sin do dhíriú chun “an t-únaer” no “an sealbhaire” (do réir mar bheidh) ar an talamh san agus féadfar í do thabhairt don únaer no don tsealbhaire sin tré í d'fhágaint, no do ghreamú, in ionad so-fheicse ar an talamh san.

Fiosrúcháin phuiblí.

14. —Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán áitiúil puiblí déanfar fén Acht so fé mar a bhíonn feidhm aige maidir leis na fiosrúcháin áitiúla luaidhtear san Airtiogal san.

Rialacháin.

15. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Gearr-theideal.

16. —Féadfar an tAcht um Chongnamh Phuiblí (Talamh do Thógaint), 1934 , do ghairm den Acht so.