21 1934


Uimhir 21 de 1934.


ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1934.


ACHT CHUN AILT 23 DEN ACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1933 , DO LEASÚ. [25adh Bealtaine, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Alt 23 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 , do leasú.

1. —(1) Deintear leis seo mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 23 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 ( Uimh. 13 de 1933 ), do leasú trid an gclás so leanas do chur isteach ann in ionad cláis (i) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(i) duine dob oifigeach páirt-aimsire don chumann san in aon fheadhmannas seachas i bhfeadhmannas mar rúnaí.”

(2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige ón 14adh lá d'Iúl, 1933, amach.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —Féadfar an tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1934 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, do ghairm de sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1933, agus den Acht so le chéile.