14 1934


Uimhir 14 de 1934.


ACHT UM CHLÁRÚ TITHE MAITHREACHAIS, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN TITHE MAITHREACHAIS DO CHLÁRÚ AGUS D'INIÚCHADH AGUS I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA TITHE SIN. [5adh Bealtaine, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “an t-údarás áitiúil” an cólucht gurb é atá, in aon líomatáiste gur ina thaobh a húsáidtear an abairt, mar údarás áitiúil maoirseachta chun crícheanna an Midwives (Ireland) Act, 1918, sa líomatáiste sin;

cialluíonn an abairt “tigh máithreachais” áitreabh ar bith a húsáidtear no atáthar ar intinn d'úsáid, i bpáirt no go hiomlán, chun ban atá ag iompar cloinne no atá díreach tar éis cloinne do chur díobh do thógaint isteach ann;

cialluíonn an abairt “oifigeach údaruithe” oifigeach don údarás áitiúil is oifigeach gur ina thaobh a húsáidtear an abairt sin agus é údaruithe ag an údarás áitiúil sin le haontú an Aire chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar leis an Acht so ar oifigeach údaruithe;

cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás ón Aire chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar leis an Acht so ar chigire;

cialluíonn an abairt “banaltra cháilithe” banaltra ar n-a clárú sa chuid ghenerálta den chlár a coimeádtar fén Nurses Registration (Ireland) Act, 1919;

cialluíonn an abairt “príomh-bhanaltra” an duine is maoirseoir ar na hothair sa tigh máithreachais gur ina thaobh a húsáidtear an abairt;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

An lá ceaptha.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Cláir tithe máithreachais.

3. —Cuirfidh gach údarás áitiúil fé ndeár go ndéanfar clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal clár na dtithe máithreachais agus dá ngairmtear an clár san Acht so) do choimeád sa bhfuirm orduithe agus iontrálfar sa chlár san na nithe is gá do réir an Achta so d'iontráil ann agus fós pé nithe eile bheidh orduithe.

Iarrataisí ar chlárú agus clárú.

4. —(1) Duine ar bith bheidh ar aigne gnó tighe mháithreachais do bheith ar siúl aige, an lá ceaptha no dá éis sin, i líomatáiste feidhmiúcháin údaráis áitiúla féadfaidh, tráth ar bith tar éis an Achta so do rith, a iarraidh sa tslí orduithe ar an údarás san é do chlárú sa chlár a bheidh á choimeád ag an údarás san.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar dhaoine do chlárú sa chlár a bheidh á choimeád ag údarás áitiúil, sé sin le rá:—

(a) más mian leis an iarratasóir go gclárófaí é alos dhá thigh mháithreachais no níos mó déanfaidh an t-iarratasóir iarratas ar leithligh alos gach tighe mháithreachais fé leith acu san,

(b) beidh gach iarratas sa bhfuirm orduithe agus cuírfear síos ann seoladh an iarratasóra agus mion-innste i dtaobh an áitreibh i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san ina bhfuil an t-iarratasóir ar aigne an gnó tighe mháithreachais do bheith ar siúl aige gur ina thaobh a bheidh an t-iarratasóir á iarraidh go gclárófaí é sa chlár san agus cuirfear síos ann fós pé mioninnste eile bheidh orduithe.

(3) Ar an údarás áitiúil d'fháil iarratais fén alt so agus dá réir, cuirfid fé ndeár, fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo—

(a) ainm agus seoladh an iarratasóra, agus

(b) mion-innste i dtaobh an tighe mháithreachais a bheidh luaidhte san iarratas san agus gur ina thaobh a bheidh an t-iarratasóir á iarraidh go gclárófaí é sa chlár san,

d'iontráil sa chlár a bheidh á choimeád acu.

Diúltadh do chlárú do dhéanamh.

5. —(1) Má hiarrtar ar údarás áitiúil clárú do dhéanamh sa chlár a bheidh á choimeád acu, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, más deimhin leo—

(a) nách duine ceart oiriúnach chun gnótha tighe mháithreachais do bheith ar siúl aige an t-iarratasóir, no

(b) go bhfuil an t-áitreabh ina bhfuil an t-iarratasóir ar aigne an gnó tighe mháithreachais do bheith ar siúl aige gur ina thaobh atá an clárú á iarraidh, go bhfuil san neamhoiriúnach chun é d'úsáid i gcóir gnótha tighe mháithreachais, no

(c) i gcás tighe mháithreachais ná raibh ar bun le linn an Achta so do rith, nách banaltra cháilithe ná bean chabhartha dheimhnithe príomh-bhanaltra an tighe,

féadfaid, le hordú (dá ngairmtear ordú diúlta san alt so) diúltadh do ghéilleadh don iarratas san.

(2) Luadhfar i ngach ordú diúlta na fáthanna atá leis an ordú san do dhéanamh.

(3) Má dheineann údarás áitiúil ordú diúlta maidir le hiarratas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) seirbheálfaidh an t-údarás áitiúil cóip den ordú san ar an iarratasóir;

(b) féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de lá is fiche tar éis na cóipe sin do sheirbheáil air, athchomharc do dhéanamh sa tslí orduithe chun an Aire i gcoinnibh an orduithe dhiúlta san;

(c) i gcás an athchomhairc sin do dhéanamh go cuibhe, déanfaidh an tAire, tar éis an chúrsa do bhreithniú, déanfaidh, fé mar is dóich leis is ceart, ordú ag daingniú an orduithe dhiúlta san no ordú á ordú don údarás áitiúil an t-iarratasóir do chlárú do réir an iarratais.

Toirmeasc ar ghnó tighe mháithreachais do bheith ar siúl ag duine nea-chláruithe no in áitreabh neachláruithe.

6. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, an lá ceaptha ná dá éis sin, gnó tighe mháithreachais do bheith ar siúl aige i líomatáiste feidhmiúcháin údaráis áitiúla maran rud é—

(a) go mbeidh an duine sin cláruithe alos an tighe mháithreachais sin sa chlár a bheidh á choimeád ag an údarás áitiúil sin, no

(b) gur tigh máithreachais saortha do réir bhrí an chéad ailt ina dhiaidh seo an tigh máithreachais sin de thurus na huaire.

(2) Má dheineann duine ar bith aon ghníomh is sárú ar an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh fén alt so, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) I gcás duine bheidh cláruithe alos tighe mháithreachais d'fháil bháis, beidh sé dleathach d'ionadaí phearsanta an duine sin no do bhall de líntighe an duine sin gnó an tighe mháithreachais sin do choimeád ar siúl go ceann tréimhse nách sia ná sé mhí o dháta an duine sin d'fháil bháis d'ainneoin gan an t-ionadaí pearsanta san no an ball san do bheith cláruithe sa chlár san alos an tighe mháithreachais sin.

Comhacht chun fundúireachtaí áirithe do shaoradh.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, saoirse o fhorálacha an ailt deiridh sin roimhe seo do dheonadh d'aon óspidéal no fundúireacht is tigh máithreachais ach nách chun sochair phríobháidigh a bhíonn gnó tighe mháithreachais ar siúl ann.

(2) Féadfaidh an tAire saoirse deonfar fén alt so do tharrac siar tráth ar bith.

(3) An tagairt atá san alt deiridh sin roimhe seo do thigh mháithreachais shaortha léireofar í mar thagairt do thigh mháithreachais go mbeidh saoirse fén alt so deonta ina thaobh agus ná beidh san tarraicthe siar.

Deimhnithe clárathachta.

8. —(1) Nuair a chláróidh údarás áitiúil duine alos tighe mháithreachais sa chlár a bheidh á choimeád acu, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin deimhniú (dá ngairmtear deimhniú clárathachta san alt so) sa bhfuirm orduithe, ar an gclárú san, do thabhairt amach don duine sin.

(2) Má thárlann do dhuine ar bith a bheidh cláruithe alos tighe mháithreachais sa chlár a bheidh á choimeád ag údarás áitiúil go dteipfidh air no go dtabharfaidh faillí, an lá ceaptha no dá éis sin, maidir leis an deimhniú clárathachta bheidh tugtha amach alos an tighe mháithreachais sin do choimeád ar taisbeáint in áit so-fheicse sa tigh máithreachais sin, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Clárú do chur ar nea-mbrí.

9. —(1) Más deimhin le húdarás áitiúil—

(a) maidir le duine ar bith bheidh cláruithe sa chlár a bheidh á choimeád acu, nách duine ceart oiriúnach an duine sin a thuilleadh chun gnótha tighe mháithreachais do bheith ar siúl aige, no

(b) maidir le duine bheidh cláruithe sa chlár san, go bhfuiltear tar éis an duine sin do chiontú i gcionta fé aon alt den Acht so,

féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, le hordú (dá ngairmtear ordú nea-mbríochainte san alt so), clárú no cláruithe uile agus fé seach an duine sin sa chlár san do chur ar nea-mbrí.

(2) Más deimhin le húdarás áitiúil—

(a) maidir leis an áitreabh ina bhfuil gnó tighe mháithreachais ar siúl go mbeidh duine cláruithe ina thaobh sa chlár a bheidh á choimeád ag an údarás áitiúil sin, ná fuil an t-áitreabh san oiriúnach a thuilleadh chun é d'úsáid i gcóir gnótha tighe mháithreachais, no

(b) go ndearnadh, tar éis dáta an Achta so do rith, duine nách banaltra cháilithe ná bean chabhartha dheimhnithe do cheapadh mar phríomh-bhanaltrain do thigh máithreachais go bhfuil duine cláruithe sa chlár san ina thaobh,

féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, le hordú (dá ngairmtear freisin ordú nea-mbríochainte san alt so), clárú an duine sin alos an tighe mháithreachais sin do chur ar nea-mbrí.

(3) Luadhfar i ngach ordú nea-mbríochainte na fáthanna atá leis an ordú san do dhéanamh.

(4) Má dheineann údarás áitiúil ordú nea-mbríochainte maidir le duine ar bith a bheidh cláruithe sa chlár a bheidh á choimeád acu beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) seirbheálfaidh an t-údarás áitiúil cóip den ordú san ar an duine sin, agus, mara ndeintear aon athchomharc i gcoinnibh an orduithe sin fén gcéad mhír ina dhiaidh seo, tiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm ar an aonú lá fichead, tar éis dáta seirbheála na cóipe sin, do bheith caithte;

(b) féadfaidh an duine sin, sara mbeidh an t-aonú lá fichead san caithte, athchomharc do dhéanamh sa tslí orduithe chun an Aire i gcoinnibh an orduithe nea-mbríochainte sin;

(c) i gcás an athchomhairc sin do dhéanamh go cuibhe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) déanfaidh an tAire, tar éis an chúrsa do bhreithniú, déanfaidh, fé mar is dóich leis is ceart, ordú (dá ngairmtear ordú daingniúcháin san alt so) ag daingniú an orduithe nea-mbríochainte sin no ordú ag ceiliúradh an orduithe nea-mbríochainte sin;

(ii) ní thiocfaidh an t-ordú nea-mbríochainte sin i bhfeidhm mara ndeinidh an tAire ordú daingniúcháin, agus sa chás san tiocfaidh an t-ordú neambríochainte sin i bhfeidhm an seachtú lá tar éis dáta an orduithe dhaingniúcháin.

Breacacháin a bheidh le coimeád i dtithe máithreachais.

10. —(1) An lá ceaptha agus dá éis sin beidh sé de dhualgas ar gach duine bheidh cláruithe alos tighe mháithreachais fén Acht so breacacháin sa bhfuirm orduithe do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád, sa tigh máithreachais sin, i dtaobh—

(a) gach duine glacfar isteach sa tigh sin;

(b) gach duine scaoilfear amach as an tigh sin;

(c) gach luighe seola thárlóidh ann;

(d) gach mí-bhreithe thárlóidh ann;

(e) gach breithe thárlóidh ann;

(f) gach báis a thárlóidh ann;

(g) gach leinbh a haistreofar as an tigh sin agus i dtaobh ainme an duine aistreoidh agus an tseolta chun a n-aistreofar an leanbh san;

agus, laistigh de dhá uair déag a' chluig tar éis gach glactha isteach, scaoilte amach, luighe seola, mí-bhreithe, breithe, báis no aistrithe den tsórt san, na mion-innste orduithe i dtaobh an chéanna d'iontráil sna breacacháin sin.

(2) Gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo féadfaidh aon oifigeach údaruithe don údarás áitiúil, gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin a bheidh an tigh máithreachais in ar gá an breacachán san do choimeád, féadfaidh seisean an breacachán san d'iniúchadh gach tráth réasúnta, agus an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air, ar san d'éileamh, an breacachán san do thabhairt i láthair chun go n-iniúchfadh an t-oifigeach san é.

(3) Gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo féadfaidh aon chigire é d'iniúchadh gach tráth réasúnta, agus an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air, ar san d'éileamh, an breacachán san do thabhairt i láthair chun go n-iniúchfadh cigire é.

(4) Má thárlann d'éinne—

(a) maidir leis an mbreacachán san go gceangailtear air leis an alt so é do choimeád no a chur fé ndeár é do choimeád, go dteipfidh air san do choimeád no a chur fé ndeár é do choimeád; no

(b) maidir le haon iontráil go gceangailtear air leis an alt so í do dhéanamh sa bhreacachán san, go dteipfidh air san do dhéanamh no a chur fé ndeár san do dhéanamh ann laistigh den am a ceaptar leis an alt so; no

(c) maidir le haon bhreacachán go gceangailtear air leis an alt so é do thabhairt i láthair chun go n-iniúchfadh oifigeach údaruithe d'údarás áitiúil é, go dteipfidh air san do thabhairt i láthair no a chur fé ndeár san do thabhairt i láthair chun go n-iniúchfadh an t-oifigeach san é no go gcuirfidh cosc le haon oifigeach den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(d) maidir le haon bhreacachán go gceangailtear air leis an alt so é do thabhairt i láthair chun go n-iniúchfadh cigire é, go dteipfidh air san do thabhairt i láthair no a chur fé ndeár san do thabhairt i láthair chun go n-iniúchfadh an cigire sin é no go gcuirfidh cosc leis an gcigire sin agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(e) go ndéanfaidh no go gcuirfidh fé ndeár go ndéanfar aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach do chur sa bhreacachán san;

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh fén alt so, fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Básanna i dtithe máithreachais do chur in úil.

11. —(1) Pé uair, an lá ceaptha no dá éis sin, a thárlóidh bás i dtigh máithreachais go mbeidh duine cláruithe ina thaobh sa chlár a bheidh á choimeád ag údarás áitiúil, bhéarfaidh an duine sin fógra i scríbhinn do phríomh-oifigeach fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla san i dtaobh an bháis sin agus i dtaobh cad ba thrúig leis tríd an bhfógra san do sheachadadh don phríomhoifigeach fheidhmiúcháin sin, no tré n-a chur chuige tríd an bpost cláruithe, laistigh de dhá uair déag a' chluig tar éis an bháis sin.

(2) Má thárlann do dhuine ar bith go dteipfidh air no go dtabharfaidh faillí maidir le déanamh do réir forálacha an ailt seo, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Tithe máithreachais d'iniúchadh.

12. —(1) Beidh duine is oifigeach údaruithe d'údarás áitiúil i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon tigh máithreachais a bheidh laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san agus an tigh máithreachais sin d'iniúchadh.

(2) Beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon tigh máithreachais agus an tigh máithreachais sin d'iniúchadh.

(3) Má chuireann duine ar bith cosc no bac le haon oifigeach údaruithe no le haon chigire agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fen alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Scríbhinní do sheirbheáil.

13. —Aon scríbhinn is gá do réir an Achta seo do sheirbheáil ar dhuine féadfar í do sheirbheáil tré n-a seachadadh don duine sin no tré n-a cur tríd an bpost cláruithe chun an duine sin fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith ag an duine sin.

Rialacháin.

14. —Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

Costaisí údarásanna áitiúla.

15. —Déanfar na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén Acht so do chruinniú agus d'íoc fé mar a deintear costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás áitiúil sin fén Midwives (Ireland) Act, 1918, do chruinniú agus d'íoc.

Gearr-theideal.

16. —Féadfar an tAcht um Chlárú Tithe Máithreachais, 1934 , do ghairm den Acht so.