7 1934


Uimhir 7 de 1934.


ACHT CHUN TALAMH DO THÓGAINT (PLASAIN) (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN AN ACHTA CHUN TALAMH DO THÓGAINT (PLASAIN), 1926 , DO LEASÚ D'FHONN A CHUR IN USACHT PLASAIN DO CHUR AR FÁIL DO DHAOINE DÍOMHAOINE, CHUN A ÚDARÚ DEONTAISÍ DO DHEONADH AMACH AS AIRGEAD PUIBLÍ CHUN NA CRÍCHE CÉANNA, CHUN AN ACHTA SAN DO LEASÚ I SLITE EILE, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [12adh Márta, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht chun Talamh do Thógaint (Plásáin), 1926 (Uimh. 8 de 1926) .

(2) Gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar do amhlaidh.

“Duine díomhaoin.”

2. —(1) Is duine díomhaoin chun crícheanna an Achta so gach duine acu so leanas—

(a) duine go mbeidh sochar díomhaointis á fháil aige de thurus na huaire fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1933;

(b) duine go mbeidh congnamh díomhaointis á fháil aige de thurus na huaire fén Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) ;

(c) duine ar bith eile bheidh de thurus na huaire do réir na gcoinníollacha orduithe.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo mar ní orduithe.

Alt 2 den Phríomh-Acht d'athghairm go leathrannach.

3. —(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail seo leanas atá anois ann d'athghairm, sé sin le rá:—

“agus nuair is dó leo fós, na costaisí agus na caithteachaisí fé n-a raghdís ag soláthar an tailimh agus á choinneáil i dtreo i gcóir na bplásán san agus ar shlite eile a bhaineann leis sin, nách miste dhóibh do réir réasúin súil do bheith acu go ndéanfí suas dóibh iad leis na cíosanna agus leis an airgead eile a gheobhaidís ar na plásáin”,

agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht.

Cíosanna is inéilithe ar phlásáin ar n-a gcur chun daoine díomhaoine no chun comhlachaisí áirithe.

4. —(1) Má deintear plásán ar thalamh ar n-a chur ar fáil ag údarás áitiúil (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fén bPríomh-Acht no fén Acht san mar a leasuítear san leis an Acht so do chur ar cíos chun beirt daoine ar a mhéid is daoine díomhaoine le linn an churtha ar cíos san no chun roinnt daoine bheidh ag obair i gcomhar le chéile agus gur daoine díomhaoine iad uile le linn an churtha ar cíos san, féadfar, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in alt 3 no in alt 6 den Phríomh-Acht, an plásán san do chur chun na ndaoine sin ar pé cíos a mheasfaidh an t-údarás áitiúil sin a fhéadfaí do réir réasúin a iarraidh ar na daoine sin a íoc no, i gcás san do bheith ceart dar leis an údarás san, ar chíos ná beidh ann ach ainm-chíos.

(2) Is ar feadh tréimhse nách sia ná aon mhí dhéag a cuirfear plásáin chun daoine ar chíosanna ar n-a gceapadh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

(3) Má deintear plásáin ar thalamh ar n-a gcur ar fáil ag údarás áitiúil (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fén bPríomh-Acht no fén Acht san mar a leasuítear san leis an Acht so do chur ar cíos chun comhlachais daoine fé mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 13 den Phríomh-Acht agus más deimhin leis an údarás san go ndéanfaidh an comhlachas san cuid de sna plásáin sin no iad go léir do chur ar cíos chun daoine díomhaoine no do chur ar fáil ar shlí eile do dhaoine díomhaoine, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in alt 3 no in alt 6 den Phríomh-Acht, na plásáin sin do chur chun an chomhlachais sin ar pé cíos (le n-a n-áirmhítear cíos ná beidh ann ach ainm-chíos) is dóich leis an údarás san, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, do bheith ceart agus le n-a n-aontóidh an tAire.

(4) Pé uair a dhéanfaidh údarás áitiúil plásáin do chur, fé sna comhachta bronntar leis an alt so, ar chíosanna is lugha ná na cíosanna is gá do réir ailt 3 no ailt 6 den Phríomh-Acht d'éileamh, féadfaidh an tAire, fé mar agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, íoc do dhéanamh leis an údarás áitiúil sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i pé suim is dóich leis is ceart chun no mar chabhair chun cúitimh do dhéanamh leis an údarás áitiúil sin sa chaillteanas do thárla don údarás áitiúil sin de dheascaibh na bplásán san do chur amhlaidh ar na cíosanna san.

Seana-chíosanna áirithe do laigheadú.

5. —Más rud é go ndearna údarás áitiúil, roimh an Acht so do rith, plásáin do chur ar cíos chun comhlachais daoine fé mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 13 den Phríomh-Acht agus go ndearna an comhlachas san (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) cuid de sna plásáin sin no iad go léir do chur ar cíos chun daoine díomhaoine no do chur ar fáil ar shlí eile do dhaoine díomhaoine, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin suim do ghlacadh, in ionad méid aon ghála chíosa thiocfaidh chun bheith dlite an 1adh lá d'Fheabhra, 1934, no dá éis sin alos an churtha-ar-cíos san a céad-luaidhtear, pé suim níos lugha ná an méid sin is dóich leis an údarás áitiúil sin, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, do bheith ceart agus le n-a n-aontóidh an tAire, agus sa chás san féadfaidh an tAire, fé mar agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, íoc do dhéanamh leis an údarás áitiúil sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i pé suim is dóich leis is ceart chun no mar chabhair chun cúitimh do dhéanamh leis an údarás áitiúil sin sa chaillteanas do thárla don údarás áitiúil sin de dheascaibh an ghlactha san.

Comhachta chun iniúchta do dhéanamh.

6. —(1) Pé uair—

(a) a bheidh údarás áitiúil tar éis na gcomhacht a bronntar ortha le ceachtar den dá alt deiridh sin roimhe seo d'fheidhmiú maidir le plásáin, no

(b) a bheidh an tAire Talmhaíochta tar éis deontais do dheonadh fén gcéad alt ina dhiaidh seo alos plásán chun go bhféadfaí síolta, abhair leasuithe, abhair spréadhála prátaí no úirlisí talmhaíochta do chur ar fáil in aisce i gcóir na bplásán san,

féadfaidh cigire ar bith (ach a údarás i scríbhinn mar chigire do thaisbeáint má hiarrtar san air) dul isteach ar aon phlásán acu san agus é d'iniúchadh agus féadfaidh fós, maidir le haon phlásán go mbeifear tar éis síolta, abhar leasuithe, abhar spréadhála prátaí no úirlisí talmhaíochta do chur ar fáil ina chóir mar adubhradh, aon tsíolta, abhair leasuithe, abhair spréadhála prátaí no úirlisí talmhaíochta den tsórt san d'iniúchadh.

(2) Má dheineann duine ar bith cosc no bac do chur le haon chigire agus eisean ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine ar bith go n-údarás i scríbhinn ón Aire no ón Aire Talmhaíochta chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an alt so d'fheidhmiú.

Deontaisí chun síolta, abhar leasuithe, abhar spréadhála prátaí agus úirlisí do chur ar fáil in aisce.

7. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le ceadú an Aire Airgid, fé mar agus nuair is dóich leis san do bheith ceart, deontas de pé méid is dóich leis is ceart do dheonadh as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

(a) d'aon údarás áitiúil, chun a chur ar chumas an údaráis áitiúla san síolta, abhair leasuithe agus abhair spréadhála prátaí i gcóir plásán a bheidh an t-údarás san tar éis a chur ar cíos chun daoine díomhaoine fén bPríomh-Acht mar a leasuítear san leis an Acht so, do sholáthar in aisce do sna daoine sin, agus úirlisí talmhaíochta do chur ar fáil in aisce chun na ndaoine díomhaoine sin dá n-úsáid chun na bplásán san do shaothrú, agus

(b) d'aon chomhlachas daoine chun a mbeidh údarás áitiúil tar éis plásán do chur ar cíos fé mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 13 den Phríomh-Acht, chun a chur ar chumas an chomhlachais sin síolta, abhair leasuithe agus abhair spréadhála prátaí, i gcóir aon phlásán acu san a bheidh an comhlachas san tar éis a chur ar cíos chun daoine díomhaoine no a chur ar fáil do dhaoine díomhaoine, do sholáthar in aisce do sna daoine sin agus úirlisí talmhaíochta do chur ar fáil in aisce chun na ndaoine díomhaoine sin dá n-úsáid chun na bplásán san do shaothrú, agus

(c) d'aon chólucht chorpruithe no comhlachas neamh-ionchorpruithe ar n-a cheadú ag an Aire Talmhaíochta agus a dheineann, ar shlí seachas fén bPríomh-Acht, plásáin do chur ar fáil do dhaoine díomhaoine, chun a chur ar chumas an chóluchta no an chomhlachais sin síolta, abhair leasuithe agus abhair spréadhála prátaí, i gcóir na bplásán san, do sholáthar in aisce do sna daoine díomhaoine sin agus úirlisí talmhaíochta do chur ar fáil in aisce chun na ndaoine díomhaoine sin dá n-úsáid chun na bplásán san do shaothrú.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun éifeachta do thabhairt don alt so agus, go sonn rách, chun a chur in áirithe go ndéanfaidh deonaithe na ndeontas a deonfar fén alt so iad do chur chun na gcrícheanna chun ar deonadh iad agus go mbeidh na síolta, na habhair leasuithe agus na habhair spréadhála prátaí a soláthrófar, agus na húirlisí talmhaiochta a cuirfear ar fáil, fén alt so de cháilíocht oiriúnach.

Alt 4 den Phríomh-Acht do leasú.

8. —(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 4 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail uile o sna focail “dá mba chrícheanna” go dtí deireadh an fho-ailt do scriosadh amach agus tré sna focail seo leanas do chur isteach ina n-ionad: “dá mb'iad crícheanna Coda III den Housing of the Working Classes Act, 1890, mar atá san leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin na crícheanna san, agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 37 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 ( Uimh. 50 de 1931 ), agus ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, mar atá san leasuithe le h Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) , fé is dá mb'iad crícheanna an Achta so ba chrícheanna don Chuid sin III, ach san go pé atharuithe is gá ag féachaint d'fhorálacha soiléire an Achta so (le n-a n-áirmhítear an t-alt so).”

(2) Deintear leis seo fo-alt (4) d'alt 4 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail uile o sna focail “gach achuinge” go dtí sna focail “no beidh ag gabháil léi” do scriosadh amach agus tré sna focail seo leanas do chur isteach ina n-ionad: “gach ordú ceannaigh éigeanta dhéanfaidh údarás áitiúil chun tailimh do thógaint go héigeanta chun crícheanna an Achta so agus a cuirfear fé bhráid an Aire beidh ag gabháil leis”.

Talamh is le húdarás áitiúil do leithreasú.

9. —(1) I gcás údaráis áitiúla do bheartú le rún, fé alt 2 den Phríomh-Acht, talamh do chur ar fáil i gcóir plásán, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, d'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile agus le toiliú an Aire, an talamh san do chur ar fáil tré aon talamh is leo, agus ná beidh ag teastáil no ná beidh ag teastáil láithreach chun na críche chun ar thóg an t-údarás áitiúil sin é no chun a mbeidh sé dílsithe ionta, do leithreasú i gcóir na bplásán san.

(2) Má chuireann údarás áitiúil talamh ar fáil tré leithreasú fén alt so, ansan, sa mhéid gur infheidhmithe don Phríomh-Acht maidir leis an talamh san, is fé is dá mba thalamh a tógfaí fén Acht san é a bheidh an tAcht san infheidhmithe ina thaobh.

Alt 9 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —(1) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 9 den Phríomh-Acht maidir le haon talamh ar n-a thógaint (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) ar aon tslí seachas ar shlí éigeanta.

(2) Pé uair a dhéanfaidh údarás áitiúil cúiteamh i ndul chun deiridh do bhain do thalamh d'íoc fé alt 9 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an alt so, agus a bheidh an tAire tar éis deontaisí do dheonadh don údarás áitiúil sin, fé sna forálacha den Acht so bhaineann le cíosanna is inéilithe ar phlásáin ar n-a gcur ar cíos chun daoine díomhaoine no chun comhlachaisí áirithe no bhaineann le seana-chíosanna áirithe do laigheadú, féadfaidh an tAire íoc do dhéanamh amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an údarás áitiúil sin i pé cion den chúiteamh san is dóich leis an Aire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid, do bheith ceart ag féachaint do chúrsaí uile an cháis.

Alt 10 den Phríomh-Acht do leasú.

11. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 den Phríomh-Acht do leasú tríd an bhfocal “ráithe” atá anois sa bhfo-alt san do scriosadh amach agus tré sna focail “sé mhí” do chur isteach ann in ionad an fhocail a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

12. —Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Costaisí an Aire Talmhaíochta.

13. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Talmhaíochta chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.

14. —(1) Féadfar an tAcht chun Talamh do Thógaint (Plásáin) (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus dá réir sin déanfar an abairt “an tAcht so” do léiriú, i ngach áit ina bhfuil sí sa Phríomh-Acht, mar abairt fholuíonn an Príomh-Acht mar a leasuítear san leis an Acht so.

(3) Féadfar na hAchtanna chun Talamh do Thógaint (Plásáin), 1926 agus 1934, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.