36 1933


Uimhir 36 de 1933.


ACHT NA nIASACHTAITHE AIRGID, 1933.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ I dTAOBH DAOINE DHEINEANN GNÓ MAR IASACHTAITHE AIRGID. [2adh Deire Fómhair, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

tá leis an abairt “iasachtaí airgid” an brí ceaptar don fhocal “moneylender” leis an Moneylenders Act, 1900, mar a leasuítear san leis an Acht so ;

cialluíonn na habairtí “ainm údaruithe” agus “seoladh údaruithe” fé seach an ainm fé n-a mbeidh agus an seoladh ag á mbeidh iasachtaí airgid údaruithe le deimhniú, ar n-a dheonadh fén Acht so, gnó mar iasachtaí airgid do dhéanamh ;

cialluíonn an abairt “ainm ghnótha” an ainm no an teideal fé n-a ndeintear aon ghnó, pe'ca i bpáirtnéireacht no eile deintear é ;

cialluíonn an focal “cuideachta” aon chólucht chorpruithe is iasachtaí airgid ;

cialluíonn an abairt “tigh gnótha” cólucht neamh-ionchorpruithe de bheirt daoine no níos mó, no duine amháin no níos mó agus corporáid amháin no níos mó, no dhá chorparáid no níos mó, atá i bpáirtnéireacht le chéile chun gnótha do dhéanamh d'fhonn brabúis d'fháil as ;

ní fholuíonn an focal “ús” aon tsuim ar n-a héileamh go dleathach de réir forálacha an Achta so ag iasachtaí airgid alos no in aghaidh costaisí, ach foluíonn an focal san, ach amháin mar adubhradh, aon mhéid, pé ainm a bheárfar air, de bhreis ar cholainn, a híocfar no bheidh iníoctha le hiasachtaí airgid i gcomaoine iasachta no in aon tslí eile alos iasachta ;

cialluíonn an focal “colann” maidir le hiasacht an méid a tugtar ar iasacht don iarrthach ;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna um Ghnó-bhriseadh” an Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, agus an Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872.

Náisiúnach de Shaorstát Éireann.

2. —Chun crícheanna an Achta so is náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é ;

(b) duine do rugadh lasmuich de Shaorstát Éireann no den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é agus gur i Saorstát Éireann no sa líomatáiste sin a bhí gnáthchomhnaí ar a mháthair nuair a rugadh é ;

(c) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bhaineann leis an gcás agus a bheidh tar éis bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an am san.

Cóluchtaí corpruithe Eireannacha.

3. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “cólucht corpruithe Éireannach” cólucht corpruithe, ar n-a bhunú laistigh de Shaorstát Éireann, go mbeidh, le linn an ama bhaineann leis an gcás, níos mó ná leath (in ainm-luach) de sna scaireanna leis, a bheidh tugtha amach, ar únaeracht chun tairbhe ag duine bheidh, le linn an ama san, no ag beirt daoine no níos mó go mbeidh gach duine fé leith acu, le linn an ama san, ina náisiúnach de Shaorstát Éireann no ina chólucht chorpruithe, ar n-a bhunú laistigh de Shaorstát Éireann, go mbeidh, le linn an ama san, níos mó ná leath (in ainm-luach) de sna scaireanna leis, a bheidh tugtha amach, ar únaeracht chun tairbhe ag daoine is náisiúnaigh de Shaorstát Éireann.

(2) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, ach ní chun críche ar bith eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má gheibheann duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann bás agus má bhíonn sé le linn a bháis ina únaer chun tairbhe ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe tuigfear, go dtí go ndeonfar probháid a uachta no litreacha riaracháin a estáit phearsanta, na scaireanna san do leanúint ar únaeracht chun tairbhe dhuine is náisiúnach de Shaorstát Éireann agus, ar an bprobháid no na litreacha riaracháin sin do dheonadh, an té is ionadaí pearsanta don náisiúnach san de thurus na huaire tuigfear, faid a bheidh sé i dteideal na scaireanna san mar ionadaí, gurb é is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san, agus maran náisiúnach de Shaorstát Éireann é gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é ; agus

(b) má thagann duine is náisiúnach de Shaorstát Éireann chun bheith gnó-bhriste no má dheineann sé socrú le n-a fhiach-éilitheoirí agus má bhí an náisiúnach san, le linn a ghnó-bhriste no a shocruithe, ina únaer chun tairbhe ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe agus má thagann a leas sna scaireanna san chun bheith dílsithe ina shannaí i ngnó-bhriseadh no in iontaobhaí ar estát an náisiúnaigh sin mar fhéicheamh go mbeidh socrú á dhéanamh aige tuigfear, faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh, na scaireanna san do bheith ar únaeracht chun tairbhe an tsannaí no an iontaobhaí sin, agus faid a leanfaidh an leas san dílsithe amhlaidh tuigfear, maran náisiúnach de Shaorstát Éireann an sannaí no an t-iontaobhaí sin, gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é ; agus

(c) má bhíonn duine de thurus na huaire i dteideal an ioncuim a thagann as aon scaireanna bheidh ar seilbh ag iontaobhaí i gcólucht corpruithe tuigfear, faid a leanfaidh an duine sin de bheith i dteideal an ioncuim sin, gurb é is únaer chun tairbhe ar na scaireanna san ; agus

(d) má bhíonn gach duine fé leith de bheirt daoine no níos mó de thurus na huaire i dteideal ceana den ioncum a thagann as scaireanna i gcólucht corpruithe áirithe no as na scaireanna san agus as maoin eile bheidh ar seilbh ag iontaobhaí tuigfear maidir le gach duine fé leith acu san, faid a leanfa sé de bheith i dteideal ceana den ioncum san, gurb é an duine sin is únaer chun tairbhe ar chion có-réire de sna scaireanna san ; agus

(e) má deintear na scaireanna bheidh tugtha amach ag cólucht corpruithe d'aistriú go dtí bane, is cólucht corpruithe, mar urrús ar roimh-íoc agus má deintear an banc san do chlárú mar únaer na scaireanna san i gclár scaireánach an chóluchta chorpruithe sin a céadluaidhtear, tuigfear ná hoibreoidh an t-aistriú agus an clárú san chun únaerachta na scaireanna san d'aistriú go dtí an banc san.

Connartha iasachta airgid nách do réir ráta luaidhtear an t-ús ionta.

4. —I gcás ná déanfar, i gconnradh i gcóir iasachta airgid o iasachtaí airgid, an t-ús a bheidh á éileamh ar an iasacht do luadh do réir ráta déanfar aon mhéid do híocadh no is iníoctha leis an iasachtaí airgid fén gconnradh do chur i leith na colna agus an úis do réir an chothruim a bheidh idir an cholainn agus méid iomlán an úis, agus tuigfear gurb é an ráta úis a bheidh le héileamh ar an iasacht ná an ráta per cent. per annum is có-ionann leis an ús a bheidh á éileamh ar n-a áireamh do réir forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

Iasachtaithe airgid do thógaint ceadúnas amach.

5. —(1) Déanfaidh gach iasachtaí airgid, pe'ca ina aonar no mar pháirtnéir i dtigh ghnótha dheineann sé gnó, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iasachtaí airgid san Acht so), a raghaidh in éag an t-aonú lá triochad d'Iúl gach bliain, do thógaint amach in aghaidh na bliana alos gach seolta ag á ndeineann sé a ghnó mar iasachtaí airgid.

(2) Fé réir forálacha an Achta so, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ar cheadúnas iasachtaí airgid d'iarraidh ar na Coimisinéirí do réir rialachán ar n-a ndéanamh acu agus ar an iarratasóir d'íoc an diúité mháil leo is gá de thurus na huaire do réir dlí do dhaoine d'íoc a bhíonn ag tógaint ceadúnais iasachtaí airgid amach, déanfaid ceadúnas iasachtaí airgid do dheonadh don iarratasóir.

(3) Gach ceadúnas iasachtaí airgid a thógfaidh duine amach is ina ainm dhílis féin a thógfaidh an duine sin amach é agus má dheineann duine ar bith aon cheadúnas iasachtaí airgid do thógaint amach in ainm ar bith seachas a ainm dhílis féin beidh an ceadúnas san gan bhrí.

Chun crícheanna an fho-ailt seo isé is ainm dhílis do chuideachtain go bhfiachas teoranta ná an ainm fé n-a bhfuil an chuideachta san ionchorpruithe.

(4) Is i pé fuirm ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a bheidh gach ceadúnas iasachtaí airgid agus luadhfar ann ainm údaruithe agus seoladh údaruithe an duine bheidh á thógaint amach.

(5) I gcás duine ar bith—

(a) do thógaint cheadúnais iasachtaí airgid amach in ainm ar bith seachas a ainm dhílis féin ; no

(b) do dhéanamh gnótha mar iasachtaí airgid, gan ceadúnas ceart iasachtaí airgid do bheith i bhfeidhm aige á údarú dho san do dhéanamh no, agus é ceadúnaithe mar iasachtaí airgid, do dhéanamh gnótha mar iasachtaí airgid fé ainm ar bith seachas a ainm údaruithe, no in aon áit eile seachas a sheoladh no a sheolta údaruithe ; no

(c) do dhéanamh có-aontuithe ar bith i gcúrsa a ghnótha mar iasachtaí airgid maidir le hairgead do roimh-íoc no d'ais-íoc, no do thógaint aon urrúis ar airgead i gcúrsa a ghnótha mar iasachtaí airgid, i slí eile seachas fé n-a ainm údaruithe ;

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí seo leanas do chur air, sé sin le rá:—

(a) más duine aonair an duine sin—

(i) pionós máil de chéad púnt má sé an chéad chionta aige é, agus

(ii) pionós máil de chéad púnt no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí no an pionós máil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin ;

(b) más cuideachta an duine sin—

(i) pionós máil de chéad púnt má sé an chéad chionta aige é, agus

(ii) pionós máil de chúig céad púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Deimhniú is gá chun ceadúnais iasachtaí airgid do dheonadh.

6. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní déanfar ceadúnas iasachtaí airgid do dheonadh ach amháin do dhuine ag á mbeidh deimhniú ar n-a dheonadh do réir forálacha an ailt seo agus á údarú an ceadúnas do dheonadh don duine sin, agus teastóidh deimhniú fé leith alos gach ceadúnais fé leith. Aon cheadúnas iasachtaí airgid a deonfar contrárdha don alt so beidh sé gan bhrí.

(2) Isé dheonfaidh deimhnithe fén alt so (dá ngairmtear “deimhnithe” san Acht so) ná an Breitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa líomatáiste Cúirte Dúithche ina mbeidh gnó an iasachtaí airgid le déanamh.

(3) Ní deonfar deimhniú fén alt so d'aon iarratasóir mara dtugaidh an t-iarratasóir sin cruthúnas sásúil, más duine aonair é, gur náisiúnach de Shaorstát Éireann ar dháta an iarratais an t-iarratasóir sin no, más cuideachta é, gur cólucht corpruithe Éireannach ar an dáta san an t-iarratasóir sin.

(4) Taisbeánfar i ngach deimhniú deonfar d'iasachtaí airgid ainm dhílis an iasachtaí airgid sin agus an ainm fé n-a mbeidh sé údaruithe agus an seoladh ag á mbeidh sé údaruithe leis an deimhniú gnó do dhéanamh mar iasachtaí airgid, agus ní dhéanfaidh deimhniú a údarú d'iasachtaí airgid gnó do dhéanamh ag níos mó ná aon tscoladh amháin, ná fé níos mó ná aon ainm amháin, ná fé aon ainm ina mbeidh an focal “banc” no thabharfaidh le tuiscint i slí eile gnó bancaerachta do bheith á dhéanamh aige, agus ní dhéanfaidh deimhniú ar bith a údarú d'iasachtaí airgid gnó do dhéanamh fé ainm ar bith ach amháin—

(a) fé n-a ainm dhílis ; no

(b) fé ainm tighe ghnótha ina bhfuil sé ina pháirtnéir, agus nách tigh gnótha is gá do réir an Registration of Business Names Act, 1916, do chlárú ; no

(c) fé ainm ghnótha, pe'ca ainm duine aonair no ainm tighe ghnótha ina bhfuil sé ina pháirtnéir í, fé n-a bhfuil sé no an tigh gnótha, le linn an Achta so do rith, tar éis bheith cláruithe ar feadh trí bliana ar a laighead mar iasachtaí airgid fén Moneylenders Act, 1900, agus fós fén Registration of Business Names Act, 1916.

(5) Tiocfaidh deimhniú i bhfeidhm an dáta bheidh luaidhte ann agus ragha sé in éag an chéad aonú lá triochad d'Iúl ina dhiaidh sin.

(6) Déanfaidh an tAire Dlí agus Cirt rialacha i dtaobh an nósimeachta bhainfidh le hiarrataisí do dhéanamh ag lorg deimhnithe (le n-a n-áirmhítear no fógraí bheidh le tabhairt i dtaobh é bheith ar aigne iarratas den tsórt san do dhéanamh) agus is sa bhfuirm a hordófar leis na rialacha déanfar amhlaidh a bheidh na deimhnithe.

(7) Gach riail a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a déanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis na rialach do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur na rialach san ar nea-mbrí beidh an riail sin curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén riail sin.

(8) Ní diúltófar do dheimhniú do dheonadh ach amháin ar chúis no ar chúiseanna éigin acu so leanas:—

(a) go dtoirmisctear le fo-alt (3) den alt so an deimhniú do dheonadh don iarratasóir ;

(b) nár tugadh cruthúnas sásúil maidir le dea-iompar an iarratasóra, agus, i gcás cuideachtan, maidir le dea-iompar na ndaoine atá freagarthach i mbainistí na cuideachtan san ;

(c) gur tugadh cruthúnas sásúil nách duine é an t-iarratasóir, no éinne atá freagarthach no atá chun bheith freagarthach i mbainistí a ghnótha mar iasachtaí airgid, is duine ceart oiriúnach chun deimhnithe do bheith aige ;

(d) go bhfuil an t-iarratasóir, no éinne atá freagarthach no atá chun bheith freagarthach i mbainistí a ghnótha mar iasachtaí airgid, dí-cháilithe do réir ordú cúirte chun deimhnithe do bheith aige ;

(e) go ndearna an t-iarratasóir forálacha aon rialacha, ar n-a ndéanamh fén alt so i dtaobh iarrataisí ar dheimhnithe, d'fhágaint gan cólíonadh ;

(f) gur theip ar an iarratasóir a chur ina luighe ar an gcúirt gur duine é atá tacúil i gcúrsaí airgid ;

(g) gur sealbhóir ar cheadúnas geall-ghlacadóra an t-iarratasóir ;

(h) gur sealbhóir ar cheadúnas chun deochanna meisciúla do dhíol an t-iarratasóir.

(9) Beidh sé de cheart ag ceannphort de Ghárda Síochána an líomatáiste Chúirte Dúithche, no ag duine ar bith a chomhnuíonn sa líomataiste Cúirte Dúithche, ina mbeidh deimhniú á iarraidh teacht os cóir na cúirte agus cur i gcoinnibh deimhniú do dheonadh ar aon chúis no cúiseanna dhíobh san a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo agus éisteacht d'fháil agus fínnithe do ghlaoch mar thaca le n-a agóid.

(10) Féadfaidh duine ar bith ar a ngoillfe sé Breitheamh den Chúirt Dúithche do dhiúltú do dheimhniú do dheonadh athchomharc do dhéanamh chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda gur laistigh dá Chuaird a bheidh gnó an iasachtaí airgid le déanamh, agus beidh breith an Bhreithimh sin ina breith dheiridh nách féidir athchomharc do dhéanamh ina coinnibh.

(11) Pé uair a diúltófar do ghéilleadh d'iarratas ar dheimhniú agus a lóisteálfar athchomharc i gcoinnibh an diúltuithe sin, ansan, má bhí an t-iarratasóir ina shealbhóir ar cheadúnas iasachtaí airgid le linn an iarratais do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, gan aon diúité do bheith íoctha ach fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, ceadúnas sealadach, go ceann pé tréimhse is oiriúnach leo agus nách sia ná deireadh seacht lá tar éis na breithe do bheith tugtha ar an athchomharc san, do thabhairt amach don iarratasóir sin, agus beidh gach ceadúnas sealadach den tsórt san, faid a bheidh sé i bhfeidhm, ina cheadúnas iasachtaí airgid do réir bhrí an Achta so.

Deimhnithe iasachtaithe airgid do chur ar fiunraoi agus do gheallbhruideadh.

7. —(1) Má deintear duine ar bith is sealbhóir ar dheimhniú do chiontú i gcionta ar bith fén Acht so no fé alt 2 no 4 den Betting and Loans (Infants) Act, 1892, no fé alt 4 den Moneylenders Act, 1900—

(a) féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar deimhniú ar bith a bheidh ag an duine sin agus, i gcás páirtnéara i dtigh gnótha, deimhniú ar bith a bheidh ag aon pháirtnéir eile sa tigh ghnótha do chur ar fiunraoi go ceann pé tréimhse is oiriúnach leis an gcúirt no do gheallbhruideadh, agus féadfaidh freisin, más oiriúnach san leis an gcúirt, a dhearbhú duine ar bith den tsórt san, no duine ar bith a bheidh freagarthach i mbainistí an ghnótha iasachta airgid a bheidh á dhéanamh ag an duine ciontófar, do bheith dí-cháilithe chun deimhnithe do bheith aige go ceann pé tréimhse is oiriúnach leis an gcúirt ; agus

(b) cuirfidh an chúirt fé ndeár go ndéanfar mion-innste i dtaobh an chiontuithe agus i dtaobh aon orduithe dhéanfaidh an chúirt fén bhfo-alt so do chúl-scríobhadh ar gach deimhniú bheidh ar seilbh ag an duine ciontófar no ag duine ar bith eile le n-a mbainfidh an t-ordú, agus cuirfidh fé ndeár go ndéanfar cóipeanna de sna mion-innste sin do chur chun an údaráis do dheon aon deimhniú ar a gcúl-scríobhfar amhlaidh agus chun na gCoimisinéirí Ioncuim.

(2) Má deintear, le hordú cúirte, deimhniú bheidh ag duine ar bith do chur ar fiunraoi no do gheallbhruideadh, no duine ar bith do dhí-cháiliú chun deimhnithe do bheith aige, féadfaidh an duine sin, pe'ca isé an duine ciontuíodh é no nách é, athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe sa tslí chéanna inar féidir le héinne ciontuítear athchomharc do dhéanamh i gconnibh a chiontuithe, agus féadfaidh an chúirt, más oiriúnach léi é, oibriú an orduithe do mhoilliú go dtí go mbeidh deireadh leis an athchomharc.

(3) Aon deimhniú theastóidh o chúirt chun cúl-scríbhne do chur air do réir na bhforálacha san roimhe seo san alt so, déanfaidh an duine ag á mbeidh sé ar seilbh é do thabhairt i láthair, sa tslí agus laistigh den am ordóidh an chúirt, agus duine ar bith ar a dteipfidh, gan chúis réasúnta, aon deimhniú a theastóidh amhlaidh do thabhairt i láthair amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach lae leanfaidh an teip.

(4) Má horduítear deimhniú bheidh ag duine ar bith do chur ar fiunraoi no do gheallbhruideadh fé sna forálacha san roimhe seo den alt so, beidh aon cheadúnaisí iasachtaithe airgid a bheidh deonta don duine sin, de réir an deimhnithe sin no do réir aon deimhnithe eile, ar fiunraoi ar feadh na tréimhse gur le n-a linn a horduítear an deimhniú do chur ar fiunraoi no beid gan bhrí, do réir mar bheidh.

Toirmeasc le scríbhinní do thabhairt amach á thabhairt le tuiscint gur bancaer iasachtaí airgid.

8. —Má dheineann iasachtaí airgid, chun crícheanna a ghnótha mar iasachtaí airgid, aon fhógrán, cearclán no scríbhinn d'aon chineál ar bith, ina mbeidh abairtí go bhféadfaí go réasúnta a rá go dtugaid le tuiscint go mbíonn gnó bancaerachta á dhéanamh aige, do thabhairt amach no d'fhoillsiú, no a chur fé ndeár an céanna do thabhairt amach no d'fhoillsiú, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí seo leanas do chur air, sé sin le rá:—

(a) más duine aonair an duine sin—

(i) fíneáil ná raghaidh thar céad púnt má sé an chéad chionta aige é, agus

(ii) fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin ;

(b) más cuideachta an duine sin—

(i) fíneáil ná raghaidh thar céad púnt má sé an chéad chionta aige é, agus

(ii) fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Ainmneacha do luadh i scríbhinní bhéarfaidh iasachtaithe airgid amach.

9. —(1) Beidh baint ag fo-alt (2) d'alt 2 den Companies (Particulars as to Directors) Act, 1917 (a cheangalann mion-innste áirithe d'fhoillsiú i gclár-liostaí trádála, i gcearcláin trádála, i gcártaí taisbeántais agus i leitreacha gnótha) go sna hatharuithe is gá, le gach cuideachtain a ceadúnófar fén Acht so.

(2) Gan dochar d'fhorálacha an ailt deiridh sin roimhe seo agus ailt 18 den Registration of Business Names Act, 1916, ní dhéanfaidh iasachtaí airgid, chun crícheanna a ghnótha mar iasachtaí airgid, aon fhógrán, cearclán, leitir ghnótha ná scríbhinn eile den tsaghas san do thabhairt amach ná d'fhoillsiú, ná a chur fé ndeár an céanna do thabhairt amach no d'fhoillsiú, ná taisbeánfaidh—

(a) i slí nách lugha so-fheicseanas di ná d'aon ainm eile ainm údaruithe an iasachtaí airgid ; agus

(b) ach amháin i gcás fógráin a foillseofar i bpáipéar nuachta, aon ainm, seachas a ainm údaruithe, fé n-a raibh an t-iasachtaí airgid, agus i gcás tighe ghnótha aon pháirtnéir sa tigh ghnótha san, cláruithe roimh thosach feidhme an Achta so mar iasachtaí airgid fén Moneylenders Act, 1900 ;

agus iasachtaí airgid ar bith a dhéanfaidh aon ghníomh is sárú ar an bhfo-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Srian le fógráin i dtaobh airgid do thabhairt ar iasacht agus toirmeasc le canbhasálaithe d'fhostú.

10. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo ní chuirfidh éinne go dtí duine ar bith ná ní sheachadfaidh do dhuine ar bith i Saorstát Éireann go feasach, ná ní chuirfidh fé ndeár go feasach go gcuirfear go dtí duine ar bith no go seachadfar do dhuine ar bith i Saorstát Éireann, ach amháin ar an duine sin dá iarraidh sin i scríbhinn, aon chearclán ná scríbhinn eile ag fógairt ainme, seolta no uimhir thelefóna iasachtaí airgid, no ina mbeidh cuireadh—

(a) chun airgid d'fháil ar iasacht o iasachtaí airgid ;

(b) chun aon ghnótha do dhéanamh inar ghá airgead d'fháil ar iasacht o iasachtaí airgid ;

(c) chun iarratais do chur go dtí áit ar bith d'fhonn eolais no comhairle d'fháil maidir le haon airgead d'fháil ar iasacht o iasachtaí airgid.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo féadfar cárta gnótha bheidh do réir a n-éilíonn an t-alt deiridh sin roimhe seo do chur tríd an bpost mara mbeidh éinní ann de bhreis ar na mion-innste is gá chun é do bheith do réir a n-éilíonn an t-alt san ach amháin aon cheann de sna mion-innste seo leanas, sé sin le rá, aon tseoladh údaruithe ag á mbíonn gnó mar iasachtaí airgid á dhéanamh aige agus seoladh telegrafa agus uimhir thelefóna an tseolta údaruithe sin, aon tseoladh ag á raibh gnó á dhéanamh aige roimhe sin, ráiteas á chur in úil go dtugann sé airgead ar iasacht fé urrús no dá éamais agus ag luadh na suimeanna is mó agus is lugha atá sé sásta do thabhairt ar iasacht, agus ráiteas i dtaobh an dáta ar ar bunuíodh ar dtúis an gnó atá á dhéanamh aige.

(3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo ní fhoillseoidh duine ar bith ná ní chuirfidh fé ndeár go bhfoillseofar, in aon pháipéar nuachta ná in aon pháipéar clóbhuailte eile a tugtar amach go tréimhsiúil i gcóir a léighte ag an bpobal ná tré aon phóstaer no placárd, fógrán ag fógairt aon mhion-innste den tsórt, no ina mbeidh aon chuireadh den tsórt, a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so.

(4) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh iasachtaí airgid no féadfar thar a cheann fógrán a bheidh do réir a n-éilíonn an t-alt deiridh sin roimhe seo d'fhoillsiú in aon pháipéar nuachta no in aon pháipéar den tsórt adubhradh no tré phóstaer no placárd ar n-a thaisbeáint ag aon tseoladh údaruithe a bheidh ag an iasachtaí airgid, mara mbeidh éinní ann de bhreis ar na mion-innste is gá chun é bheith do réir a n-éilíonn an t-alt san ach amháin aon cheann de sna mion-innste seo leanas, sé sin le rá, aon tseoladh údaruithe ag á mbíonn gnó mar iasachtaí airgid á dhéanamh aige agus seoladh telegrafa agus uimhir thelefóna an tseolta údaruithe sin, aon tseoladh ag á raibh gnó á dhéanamh aige roimhe sin, ráiteas á chur in úil go dtugann sé airgead ar iasacht fé urrús no dá éamais agus ag luadh na suimeanna is mó agus is lugha atá sé sásta do thabhairt ar iasacht, agus ráiteas i dtaobh an dáta ar ar buníodh ar dtúis an gnó atá á dhéanamh aige.

(5) Ní dhéanfaidh aon iasachtaí airgid ná aon duine thar a cheann gníomhaire ná canbhasálaí ar bith d'fhostú chun iarraidh ar éinne airgead d'fháil ar iasacht no aon ghnó do dhéanamh inar ghá airgead d'fháil ar iasacht o iasachtaí airgid, agus ní ghníomhóidh duine ar bith mar ghníomhaire no canbhasálaí den tsórt san, ná ní éileoidh ná ní ghlacfaidh go díreach no go neadhíreach aon tsuim ná comaoine luachmhar eile i bhfuirm coimisiúin no eile as ucht aon duine gur mian leis airgead d'fháil ar iasacht do chur in aithne, ná as ucht a gheallúint é do chur in aithne, d'iasachtaí airgid.

(6) I gcás aon scríbhinne bhéarfaidh iasachtaí airgid amach no fhoillseoidh sé, no bhéarfar amach no foillseofar thar a cheann, do thabhairt le tuiscint cadiad na téarmaí úis ar a mbeidh sé sásta iasachtaí no aon iasacht airithe do thabhairt uaidh, luadhfar sa scríbhinn do réir ráta per cent. per annum an t-ús a beifear ar aigne d'éileamh no taisbeánfar inti an ráta per cent. per annum is có-ionann leis an ús a beifear ar aigne d'éileamh ar n-a áireamh do réir forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

(7) Duine ar bith a dhéanfaidh aon ghníomh is sárú ar aon cheann d'fhorálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná mí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile más duine aonair é, agus fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt más cuideachta é.

(8) Má taisbeántar gur tré aon cheann d'fhorálacha an ailt seo do shárú do tugadh suim airgid ar iasacht, ansan, d'ainneoin an iasachtaí airgid do bheith ceadúnaithe go cuibhe fén Acht so, beidh an tabhairt sin nea-dhleathach mara gcruthuighidh an t-iasachtaí airgid gur gan a chead agus gan congnamh uaidh do thárla an sárú.

Fuirm chonnartha iasachtaithe airgid.

11. —(1) Ní hinfheidhmithe do chonnradh ar bith chun iarrthaigh d'aisíoc airgid a bhéarfaidh iasachtaí airgid ar iasacht do no d'aon ghníomhaire thar a cheann tar éis tosach feidhme an Achta so no chun é d'íoc úis ar airgead a bhéarfar ar iasacht amhlaidh, ná fós d'urrús ar bith a bhéarfaidh iarrthach no aon ghníomhaire den tsórt san roimhráite uaidh alos aon chonnartha den tsórt san, ní hinfheidhmithe do cheachtar acu san mara ndeinidh an t-iarrthach no, más bean phósta an t-iarrthach agus í ina comhnaí i dteanta a fir chéile, mara ndeinidh an t-iarrthach agus a fear céile, roimh an airgead do thabhairt ar iasacht no roimh an urrús do thabhairt, do réir mar bheidh, nóta no memorandum i scríbhinn i dtaobh an chonnartha do chur le chéile agus é do shighniú go pearsanta, agus mara ndeintear cóip den nóta no den mhemorandum san do sheachadadh don iarrthach no do chur chun an iarrthaigh laistigh de sheacht lá tar éis an chonnartha do dhéanamh.

(2) Beidh sa nóta no sa mhemorandum roimhráite téarmaí uile an chonnartha, agus go sonnrách luadhfar ann dáta tabhartha na hiasachta, méid colna na hiasachta, agus fós an t-ús a bheidh á éileamh ar an iasacht agus é curtha síos do réir ráta per cent. per annum no an ráta per cent. per annum is có-ionann leis an ús a bheidh á éileamh ar n-a áireamh do réir forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

Toirmeasc le hús ar ús.

12. —Beidh connradh ar bith a déanfar tar éis tosach feidhme an Achta so chun iasachtaí airgid do thabhairt iasacht airgid uaidh, beidh san nea-dhleathach sa mhéid go socrófar leis, go díreach no go nea-dhíreach, ús ar ús d'íoc no ráta no méid an úis do mhéadú de dheascaibh aon teipe in íoc suimeanna bheidh dlite fén gconnradh.

E do bheith mar oblagáid ar iasachtaí airgid eolas maidir le staid iasachta agus cóipeanna de scríbhinní bhaineann léi do thabhairt uaidh.

13. —(1) Déanfaidh iasachtaí airgid alos gach connartha chun aisíoctha airgid a bhéarfaidh an t-iasachtaí airgid sin ar iasacht, pe'ca roimh thosach feidhme an Achta so no dá éis sin a rinneadh no a déanfar an connradh san, déanfaidh, ar an iarrthach do dhéanamh aon éilimh réasúnta i scríbhinn tráth ar bith faid is ann don chonnradh agus ar an iarrthach do thairiscint scillinge i gcóir costaisí, ráiteas a thabhairt don iarrthach no, má iarrann an t-iarrthach san, do dhuine ar bith a bheidh luaidhte chuige sin san éileamh, ráiteas fé láimh an iasachtaí airgid no a ghníomhaire ina dtaisbeánfar—

(a) dáta tabhartha na hiasachta, méid colna na hiasachta agus ráta per cent. per annum an úis atá á éileamh ; agus

(b) méid aon íocaíochta bheidh faighte cheana féin ag an iasachtaí airgid alos na hiasachta agus an dáta ar ar híocadh í ; agus

(c) méid gach suime bheidh dlite an uair sin don iasachtaí airgid, ach a bheidh gan íoc, agus an dáta ar ar tháinig sí chun bheith dlite, agus an méid úis a bheidh dlite chun a íoctha an uair sin agus a bheidh gan íoc alos gach suime den tsórt san ; agus

(d) méid gach suime bheidh gan bheith dlite fós agus a bheidh gan íoc, agus an dáta ar a dtiocfa sí chun bheith dlite.

(2) Déanfaidh iasachtaí airgid, ar an iarrthach do dhéanamh aon éilimh réasúnta i scríbhinn agus ar é do thairiscint suime réasúnta i gcóir costaisí, cóip d'aon scríbhinn i dtaobh iasachta do thug sé uaidh, no i dtaobh aon urrúis ar an iasacht san, do thabhairt don iarrthach, no, má iarrann an t-iarrthach san, do dhuine ar bith a bheidh luaidhte chuige sin san éileamh.

(3) Má thárlann d'iasachtaí airgid ar a ndéanfar éileamh fén alt so é do theip air, gan leathscéal réasúnta, déanamh do réir an éilimh sin laistigh de mhí tar éis an éilimh do dhéanamh, ní bheidh sé i dteideal, faid a leanfaidh an teip, dul chun dlí mar gheall ar aon tsuim, ná aon tsuim do bhaint amach, a bheidh dlite fén gconnradh alos colna no alos úis, ná ní bheidh ús inéilithe in aghaidh tréimhse na teipe, agus má thárlann an teip sin no má leantar di tar éis an ama chun dul ar aghaidh le himeachta dlí mar gheall ar an iasacht beidh an t-iasachtaí airgid ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach lae leanfaidh an teip.

Conbharsáidí i scríbhinn o iasachtaithe airgid go dtí iarrthaigh.

14. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon iasachtaí airgid ná do ghníomhaire iasachtaí airgid aon chonbharsáid i scríbhinn, i dtaobh iasachta airgid, do chur go dtí an t-iarrthach no go dtí an duine bheidh ar aigne bheith ina iarrthach, mara gcuirtear an chonbharsáid sin chuige i gclúdach séaluithe ar a mbeidh an focal “pearsanta” scríbhte agus gan aon fhocail eile air ach amháin ainm no ainm agus seoladh an iarrthaigh no an duine bheidh ar aigne bheith ina iarrthach.

(2) Má dheineann duine ar bith aon ghníomh is sárú ar an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Cuarda ag iasachtaithe airgid.

15. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon iasachtaí airgid ná do ghníomhaire iasachtaí airgid cuaird do thabhairt, chun crícheanna bhaineann le hiasacht airgid, ar an iarrthach, ná ar an duine bheidh ar aigne bheith ina iarrthach, in aon áit ’na mbíonn an t-iarrthach no an duine bheidh ar aigne bheith ina iarrthach ar fostú no ag déanamh gnótha, maran san áit sin a bhíonn comhnaí ar an iarrthach no ar an duine bheidh ar aigne bheith ina iarrthach.

(2) Má dheineann aon iasachtaí airgid no aon ghníomhaire iasachtaí airgid gníomh ar bith is sárú ar an alt so beidh an t-iasachtaí airgid no an gníomhaire sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Forálacha i dtaobh imeachta um ghnó-bhriseadh maidir le hiasachtaí iasachtaithe airgid.

16. —(1) I gcás úis do bheith ina chuid d'fhiacha bheidh dlite d'iasachtaí airgid alos iasachta a bhéarfaidh sé uaidh tar éis tosach feidhme an Achta so, déanfar, chun crícheanna na bhforálacha de sna hAchtanna um Ghnó-bhriseadh a bhaineann le hachuinge um ghnó-bhriseadh do thíolacadh, le vótáil ag cruinnithe, le có-shocruithe agus scéimeanna socruithe, agus le dividendum, an t-ús san d'áireamh do réir ráta nách mó ná cúig per cent. per annum, ach ní dhéanfaidh éinní atá sa bhforáil sin roimhe seo dochar do cheart an fhiach-éilitheora chun aon ráta úis, is aoirde ná san agus dá mbeidh sé i dteideal, d'fháil amach as an estát tar éis na bhfiacha go léir a cruthófar i gcoinnibh an estáit do bheith íoctha in iomlán.

(2) Ní déanfar aon chruthúnas ná admháil, ar fhiacha do bheith dlite d'iasachtaí airgid alos iasachta do thug sé uaidh, do ghlacadh chun aon chríche de chrícheanna na nAchtanna um Ghnó-bhriseadh mara lóisteálaidh an t-iasachtaí airgid sa Chúirt ráiteas ina dtaisbeánfar go mion beacht—

(a) méid na suimeanna do tugadh ar iasacht don fhéicheamh agus na dátaí ar ar tugadh iad agus méid gach íocaíochta bheidh faighte cheana féin ag an iasachtaí airgid alos na hiasachta agus an dáta ar ar híocadh gach íocaíocht acu san ; agus

(b) méid an iarmhéide bheidh gan íce ag idirdhealú idir méid na colna agus an méid úis a bheidh san iarmhéid sin, agus an cur-i-leith maidir le colainn agus le hús do dhéanamh do réir forálacha an Achta so i gcás gan an t-ús do bheith luaidhte do réir ráta sa chonnradh i gcóir na hiasachta ; agus

(c) i gcás an méid úis a bheidh san iarmhéid a bheidh gan íoc do bheith có-ionann le ráta per cent. per annum is mó ná cúig per cent., an méid úis a bheadh san iarmhéid sin dá mba do réir ráta cúig per cent. per annum do háirmheofaí é.

(3) Féadfar, le rialacha cúirte, socrú do dhéanamh chun cuspóirí an ailt seo do chur in éifeacht.

Leasuithe ar an Moneylenders Act, 1900.

17. —(1) Más rud é, in aon imeachta a héistfear tar éis tosach feidhme an Achta so mar gheall ar aon airgead a bhéarfaidh iasachtaí airgid ar iasacht tar éis dáta an Achta so do rith no mar gheall ar aon chó-aontú déanfar no aon urrús a tógfar tar éis dáta an Achta so do rith alos airgid do tugadh no do bhéarfar ar iasacht roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin, go bhfuighfear gur mó an t-ús do héilíodh ná ráta naoi triochad per cent. per annum no an ráta có-réire in aghaidh tréimhse ar bith eile, measfaidh an chúirt, chun crícheanna ailt 1 den Moneylenders Act, 1900, an t-ús do héilíodh do bheith iomarcach agus an gnó do bheith cruadhálach nea-choinsiasach agus ní bheidh dul thar an meas san, ach beidh an fhoráil seo gan dochar do chomhachta na Cúirte fén alt san i gcás ’nar deimhin leis an gCúirt an t-ús do héilíodh do bheith iomareach cé nách mó é ná naoi triochad per cent. per annum.

(2) Má dheineann Cúirt gnó áirithe do rinne iasachtaí airgid d'ath-oscailt fén alt san 1 den Moneylenders Act, 1900, mar a leasuítear san leis an Acht so, féadfaidh an Chúirt a cheangal ar an iasachtaí airgid aon deimhniú do tugadh do do réir forálacha an Achta so do thabhairt i láthair agus féadfaidh a chur fé ndeár go ndéanfar na mion-innste sin is mian leis an gCúirt do chúl-scríobhadh ar aon deimhniú den tsórt san agus cóip de sna mion-innste do chur chun an údaráis do dheon an deimhniú.

Toirmeasc le hiasachtaithe airgid do dhéanamh éilimh alos costaisí i dtaobh iasacht.

18. —Má deintear aon chó-aontú idir iasachtaí airgid agus iarrthach, no duine bheidh ar aigne bheith ina iarrthach, chun an iarrthaigh no an duine bheidh ar aigne bheith ina iarrthach d'íoc aon tsuime leis an iasachtaí airgid alos costaisí, éilithe no caiteachaisí gheobhaidh no bhainfidh leis an margánaíocht i dtaobh na hiasachta no i dtaobh na hiasachta bheidh beartuithe no le n-a dheonadh san beidh an có-aontú san nea-dhleathach, agus má dheineann iarrthach no duine bheidh ar aigne bheith ina iarrthach aon tsuim d'íoc le hiasachtaí airgid i dtaobh no alos aon chostaisí, éilithe no caiteachaisí den tsórt san, beidh an tsuim sin ionbhainte amach mar fhiacha bheidh dlite don iarrthach no don duine bheidh ar aigne bheith ina iarrthach no, i gcás an iasacht do bheith tugtha, déanfar, mara mbaintear an tsuim sin amach amhlaidh, í do chur i gcoinnibh an mhéide do tugadh ar iasacht agus tuigfear an méid sin do bheith laigheaduithe dá réir sin.

Teora leis an am i gcóir imeachta alos airgid a bheidh tugtha ar iasacht ag iasachtaithe airgid.

19. —(1) Ní luighfidh aon imeachta chun iasachtaí airgid do bhaint aon airgid amach a bhéarfa sé ar iasacht tar éis tosach feidhme an Achta so ná chun é do bhaint aon úis amach alos an airgid sin, ná chun feidhmithe aon chó-aontuithe déanfar ná aon urrúis a tógfar tar éis tosach feidhme an Achta so alos aon iasachta bheidh tugtha uaidh aige, mara dtosnuítear na himeachta roimh dheireadh trí mblian ón dáta ar ar eirigh cúis an aicsin:

Ach—

(a) má dheineann an féicheamh, i rith na tréimhse de thrí bliana roimhráite no aon uair laistigh d'aon tréimhse ina dhiaidh sin go bhféadfar le n-a linn de bhuadh an phroviso so imeachta do bhunú, an méid a bheidh dlite d'admháil i scríbhinn agus geallúint i scríbhinn do thabhairt don iasachtaí airgid go n-íocfaidh an méid sin féadfar imeachta, chun an mhéid a bheidh dlite do bhaint amach, do bhunú aon uair laistigh de thréimhse trí mblian o dháta na hadmhála agus na geallúna ;

(b) an t-am a ceaptar leis na forálacha san roimhe seo den alt so chun tosnuithe ar imeachta ní thosnóidh sé ar bheith á chaitheamh alos aon íocaíochtaí thiocfaidh o am go ham chun bheith dlite d'iasachtaí airgid fé chonnradh i gcóir iasachta airgid go n-eirghe cúis aicsin alos na híocaíochta deiridh a thiocfaidh chun bheith dlite fén gconnradh ;

(c) i gcás an duine bheidh i dteideal na himeachta do bhunú do bheith non compos mentis an dáta ar a n-eireoidh cúis an aicsin no ar a dtabharfaidh an féicheamh aon admháil agus geallúint den tsórt san roimhráite, ansan. an t-am a ceaptar leis na forálacha san roimhe seo den alt so chun tosnuithe ar imeachta ní thosnóidh sé ar bheith á chaitheamh go dtí go scurfidh an duine sin de bheith non compos mentis no go dtí go bhfuighidh bás, pe'ca ní acu san is túisce thárlóidh ; agus

(d) i gcás an fhéichimh do bheith thar lear an dáta ar a n-eireoidh cúis an aicsin no ar a dtabharfaidh an féicheamh aon admháil agus geallúint den tsórt san roimhráite, ansan, an t-am a ceaptar leis na forálacha san roimhe seo den alt so chun tosnuithe ar imeachta ní thosnóidh sé ar bheith á chaitheamh go dtí go bhfillfidh an féicheamh thar lear anall, i slí ámh go mbeidh éifeacht ag alt 11 den Mercantile Law Amendment Act, 1856 (alt a bhaineann le tréimhse do cheapadh i gcóir aicsean i gcoinnibh có-fhéicheamh nuair a bhíonn cuid acu thar lear) amhail agus dá mbeadh an t-alt so ar na hachtacháin dá dtagartar san alt san mar achtacháin le n-a gceaptar tréimhse chun dul ar aghaidh le haicsean.

An Chúirt do chur deireadh le connradh iasachta airgid.

20. —Más rud é, nuair a bhunóidh iasachtaí airgid imeachta alos teipe in íoc aon tsuime bheidh dlite dho fé chonnradh i gcóir iasachta airgid, go mbeidh aon tsuim eile fén gconnradh gan íoc ach ná beidh an tsuim sin dlite fós, féadfaidh an chúirt, gan dochar do chomhachta Cúirte fé alt 1 den Moneylenders Act, 1900, fé mar atá san leasuithe leis an Acht so, deireadh do chur leis an gconnradh agus a ordú go ndéanfar an méid colna bheidh amuich d'íoc leis an iasachtaí airgid maraon le pé ús uirthi sin, más ann do, lomhálfaidh an chúirt go dtí dáta na híocaíochta.

Toírmeasc le gnó iasachta airgid do dhéanamh ar an Domhnach agus ar laetheanta saoire áirithe.

21. —Ní dhéanfaidh duine ar bith gnó mar iasachtaí airgid, go pearsanta ná tré n-a ghníomhaire, ar an Domhnach, Lá Nodlag, Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig, agus aon iasachtaí airgid a dhéanfaidh gníomh ar bith is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Fógra agus eolas do thabhairt ar fhiacha iasachtaithe airgid do shannadh.

22. —Má deintear fiacha ar bith alos airgid do thug iasachtaí airgid ar iasacht roimh thosach feidhme an Achta so no dá éis sin no alos úis ar aon fhiacha den tsórt san, no tairbhe aon chó-aontuithe do rinneadh no urrúis a tógadh alos aon fhiacha no úis den tsórt san, do shannadh do shannaí ar bith déanfaidh an sannóir (pe'ca isé an t-iasachtaí airgid do thug an t-airgead ar iasacht é no aon duine dár sannadh na fiacha roimhe sin) déanfaidh, sara ndeintear an sannadh—

(a) fógra i scríbhinn do thabhairt don tsannaí go ndeineann oibriú an Achta so deifir do sna fiacha, don chó-aontú no don urrús ; agus

(b) gach eolas do thabhairt don tsannaí is gá chun a chur ar a chumas déanamh do réir forálacha an Achta so bhaineann leis an oblagáid sin eolas maidir le staid iasacht agus cóipeanna de scríbhinní bhaineann leo do thabhairt uaidh ;

agus duine ar bith a dhéanfaidh aon ghníomh is sárú ar aon cheann d'fhorálacha an ailt seo dlighfe sé duine ar bith eile do shlánú dá ndéanfaidh an sárú dochar agus fós beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí do chur air más duine aonair é agus fíneáil ná raghaidh thar céad púnt más cuideachta é.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “do shannadh” sannadh do dhéanamh le haon tsannadh inter vivos seachas sannadh tré oibriú dlí, agus is bríonna có-réire atá leis na focail “sannóir” agus “sannaí.”

Feidhm an Achta maidir le sannaithe.

23. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, leanfaidh forálacha an Achta so d'fheidhm do bheith acu maidir le fiacha ar bith bheidh dlite d'iasachtaí airgid alos airgid do bhéarfa sé ar iasacht tar éis tosach feidhme an Achta so no alos úis ar airgead do bhéarfar ar iasacht amhlaidh no maidir le tairbhe aon chó-aontuithe déanfar no urrúis a tógfar alos aon fhiacha no úis den tsórt san d'ainneoin na fiacha no tairbhe an chó-aontuithe no an urrúis do shannadh d'aon tsannaí, agus, ach amháin mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, déanfar dá réir sin tagairtí san Acht so d'iasachtaí airgid do léiriú mar thagairtí fholuíonn aon tsannaí den tsórt san roimhráite.

(2) D'ainneoin éinní atá san Acht so—

(a) beidh có-aontú ar bith a déanfar le hiasachtaí airgid, no urrús ar bith a thógfaidh iasachtaí airgid, alos airgid do bhéarfaidh ar iasacht tar éis tosach feidhme an Achta so, beidh san éifeachtúil i bhfábhar aon tsannaí bona fide no sealbhóra bona fide alos luacha gan fógra do thabhairt i dtaobh aon easnaimh gurb é oibriú an Achta so fé ndeár é agus i bhfábhar aon duine gur fé sin a bheidh teideal aige ; agus

(b) beidh aon íocaíocht no aistriú airgid no maoine dhéanfaidh aon duine bona fide, agus é ag gníomhú mar iontaobhaí no eile, i muinghin éifeachtúlachta có-aontuithe no urrúis ar bith den tsórt san gan fógra do thabhairt i dtaobh aon easnaimh den tsórt san, beidh san chó héifeachtúil, i bhfábhar an duine sin. agus do bheadh sé dá mbeadh an có-aontú no an t-urrús éifeachtúil ; agus

(c) na forálacha den Acht so, bhaineann le teorainn do chur leis an am i gcóir imeachta alos airgid do bhéarfaidh iasachtaithe airgid ar iasacht, ní bheidh feidhm acu maidir le haon imeachta alos aon chó-aontuithe no urrúis den tsórt san a bhunóidh sannaí bona fide no sealbhóir bona fide alos luacha gan fógra go ndearna oibriú an Achta so deifir don chó-aontú no don urrús, no bhunóidh duine ar bith gur fé sin a bheidh teideal aige ;

ach i ngach cás den tsórt san dlighfidh an t-iasachtaí airgid an t-iarrthach, no aon duine eile dá ndéanfar dochar de bhuadh an ailt seo, do shlánú agus ní dhéanfaidh éinní sa phroviso so éifeacht do thabhairt do chó-aontú ná d'urrús i bhfábhar sannaí no sealbhóra alos luacha is iasachtaí airgid ná ní bhainfidh le himeachta bhunóidh sannaí no sealbhóir den tsórt san.

(3) Chun crícheanna an Achta so agus an Moneylenders Act, 1900, beidh feidhm ag forálacha ailt 3 den Conveyancing Act, 1882, fé is dá bhfoluíodh an focal “purchaser” atá san alt san duine a dhéanfaidh aon íocaíocht no aistriú den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

(4) Ní thabharfaidh éinní san alt so éifeacht, chun críche ar bith, d'aon chó-aontú, d'aon urrús ná d'aon ghnó eile a bheadh gan bhrí no neamh-infheidhmithe sa mhéid ná baineann forálacha an Achta so leis.

Athghairm.

24. —(1) Deintear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid atá luaidhte sa tríú colún den Sceideal san.

(2) D'ainneoin na hathghairme deintear leis an alt so ar an Moneylenders Act, 1911, leanfaidh alt 1 den Acht san de bheith i bhfeidhm maidir le haon chó-aontú do rinneadh le hiasachtaí airgid no le haon urrús do thóg iasachtaí airgid roimh thosach feidhme an Achta so no maidir le haon íocaíocht no aistriú airgid no maoine do rinneadh no déanfar, roimh thosach feidhme an Achta so no dá éis sin, i muinghin éifeachtúlachta aon chó-aontuithe no urrúis den tsórt san.

Gearr-theideal, luadh agus tosach feidhme.

25. —(1) Féadfar Acht na nIasachtaithe Airgid, 1933 , do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna na nIasachtaithe Airgid, 1900 agus 1933, do ghairm den Moneylenders Act, 1900, agus den Acht so le chéile.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm an 1adh lá d'Eanar, 1934.

CEAD SCEIDEAL.

Us d'Aireamh i gCas na Deintear an tUs a Bheidh a Eileamh ar Iasacht do Luadh do Reir Rata.

1. Tuigfear gurb é an méid colna bheidh amuich tráth ar bith ná an t-iarmhéid a bheidh fágtha tar éis suim iomlán na gcoda d'aon íocaíochtaí cuirfear i leith na colna de réir forálacha an Achta so do bhaint as an gcolainn.

2. Déanfar na méideanna uile agus fé seach a tuigfear a bheith amuich den cholainn i rith na dtréimhsí uile agus fé seach dar críoch dátaí íoctha na n-íocaíochtaí d'iolrú i ngach cás fé uimhir na míosa caileandair gur le n-a linn a tuigtear na suimeanna san do bheith gan íoc fé seach, agus gheobhfar amach cadé méid iomlán tortha an iolruithe sin.

3. Déanfar méid iomlán an úis do roinnt ar an dóú cuid déag den mhéid iomlán a luaidhtear i mír 2 den Sceideal so, agus tuigfear gurb é an comhrann, ar n-a iolrú fé chéad, an ráta úis per cent. per annum.

4. Más rud é, ag féachaint do sna heatraimh a bheidh idir íocaíochtaí a híoctar i ndiaidh a chéile, gur mian san do dhéanamh, féadfar an t-ús d'áireamh do réir seachtainí in ionad é d'áireamh do réir míosa, agus i gcás den tsórt san beidh feidhm ag na míreanna san roimhe seo fé is dá ndeintí an focal “seachtainí” do chur i mír 2 in ionad na bhfocal “míosa caileandair” agus na focail “an dóú cuid caogad” do chur i mír 3 in ionad na bhfocal “an dóú cuid déag.”

5. I gcás nách uimhir de sheachtainí slána no de mhíosa slána a bheidh in aon eatramh a bheidh idir íocaíochtaí a híoctar i ndiaidh a chéile, beidh feidhm ag na míreanna san roimhe seo fé is dá mbeadh lá ina sheachtú cuid de sheachtain no ina thriochadú cuid de mhí, de réir mar bheidh.

DARA SCEIDEAL.

Achtachain a h Athghairmtear.

Siosón agus Caibideal

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

63 & 64 Vict, c. 51.

An Moneylenders Act, 1900.

Ailt 2 agus 3 ; i mír (e) d'Alt 6 na focail “registration under.”

1 & 2 Geo V., c. 38.

An Moneylenders Act, 1911.

An tAcht iomlán.