17 1933


Uimhir 17 de 1933.


ACHT STROIGHNE, 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN DÉANTÓIREACHT STROIGHNE AGUS IOMPORTÁIL STROIGHNE DO STIÚRADH AGUS DO RIALÁIL AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN TAILIMH DO THÓGAINT GO hÉIGEANTA AGUS CHUN OIBREACHA IOMPAIR DO DHÉANAMH, DO CHOINNEÁIL I dTREO AGUS D'OIBRIÚ CHUN CRÍCHEANNA NA DÉANTÓIREACHTA SAN.

[27adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Stroighne, 1933 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme an Achta.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá socrófar chuige sin le hordú ón Aire.

Mínithe.

3. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “stroighin” stroighin Rómhánach, stroighin Phortland no stroighin ar bith eile chruadhann fé uisce;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

(2) Chun crícheanna an Achta so is náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é;

(b) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bhaineann leis an gcás agus a bheidh tar éis bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an am san.

An tAcht chun Déantúisí do Rialú, 1932 , gan bheith i mbaint.

4. —Ní bhainfidh an tAcht chun Déantúisí do Rialú, 1932 (Uimh. 21 de 1932) , le stroighin do dhéanamh ná le haon stroighin a déanfar i monarchain do chur in oiriúint sa mhonarchain sin chun a díolta.

Ciontaí do chúiseamh.

5. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir aon chionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin.

6. —Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

Costaisí.

7. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

CUID II.

Deantoireacht Stroighne do Stiuradh.

Srian le déantóireacht stroighne.

8. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith stroighin do dhéanamh i Saorstát Éireann, mar thrádáil ná chun sochair d'fháil, maran rud é—

(a) gur sealbhóir ceadúnais (dá ngairmtear ceadúnas déantóireachta stroighne sa Chuid seo den Acht so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so an duine sin agus gur laistigh den líomatáiste bheidh luaidhte sa cheadúnas san a bheidh an déantóireacht san ar siúl ag an duine sin, no

(b) go mbeidh an déantóireacht san ar siúl i gcomharbas dhíreach do dhéantóireacht dhuine mhairbh do bhí ar dháta a bháis ag déanamh stroighne fé cheadúnas déantóireachta stroighne agus go mbeidh an déantóireacht san ar siúl le linn ré an cheadúnais sin laistigh den líomatáiste bheidh luaidhte sa cheadúnas san, idir an lá do fuair an duine sin bás agus lá deonta probháide a uachta no leitreacha riaracháin a estáit phearsanta, no tar éis an deonta san ag á ionadaí pearsanta i gcúrsaí cuibhe riaracháin, no

(c) go mbeidh an déantóireacht san ar siúl ag sannaí i ngnó-bhriseadh, ag iontaobhaí d'fhéicheamh a bheidh ag déanamh socruithe, no ag glacadóir no bainisteoir ar n-a cheapadh ag cúirt, agus é ag leanúint de ghnó duine do bhí, díreach sarar thosnuigh an sannaí, an t-iontaobhaí, an glacadóir no an bainisteoir sin ar an déantóireacht san do bheith ar siúl aige, ina shealbhóir ar cheadúnas déantóireachta stroighne á údarú dho stroighin do dhéanamh laistigh den líomatáiste ina mbeidh an déantóireacht san ar siúl amhlaidh agus gur le linn ré an cheadúnais sin a bheidh an déantóireacht san ar siúl.

(2) Gach duine dhéanfaidh ní ar bith contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) I gcás déantóireachta stroighne do bheith ar siúl ag duine bheidh i dteideal do réir dlí, de bhuadh míre (b) no míre (c) d'fho-alt (1) den alt so, an déantóireacht san do bheith ar siúl aige i gcomharbas do dhuine mharbh no ag leanúint de ghnó dhuine ba shealbhóir ar cheadúnas déantóireachta stroighne, tuigfear, chun crícheanna na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht so, gurb é an duine sin do céad-luadhadh is sealbhóir ar an gceadúnas san.

Caighdeán stroighne Portland.

9. —(1) Déanfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so, chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme an Achta so, a shocrú, tré cháilíocht do luadh, cadé an caighdeán gur dá réir a bheidh stroighin Phortland a dhéanfaidh sealbhóirí ceadúnaisí déantóireachta stroighne.

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú fén bhfo-alt so, an t-ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do leasú.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den deich lá shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

(4) Má dheineann aon tsealbhóir ceadúnais déantóireachta stroighne aon stroighin Phortland ná beidh a cáilíocht do réir an chaighdeáin a bheidh socair de thurus na huaire fén alt so, beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

Iarrataisí ar cheadúnaisí déantóireachta stroighne.

10. —(1) Féadfaidh duine ar bith a bheidh ar aigne stroighin do dhéanamh ceadúnas déantóireachta stroighne d'iarraidh ar an Aire.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar cheadúnaisí déantóireachta stroighne, sé sin le rá:—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas agus is sa tslí orduithe déanfar é;

(b) luadhfar i ngach íarratas—

(i) an líomatáiste gur laistigh de atá an t-iarratasóir ar aigne stroighin do dhéanamh;

(ii) pé mion-innste eile bheidh orduithe.

(3) Gach duine iarrfaidh ceadúnas déantóireachta stroighne déanfa sé, ar an Aire do cheangal san air, an t-eolas go léir do thabhairt don Aire a theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(4) Má dheineann duine ar bith, agus é ag tabhairt aon eolais uaidh do réir iarratais ón Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar céad púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Ceadúnas déantóireachta stroighne do dheonadh.

11. —Pé uair a hiarrfar ar an Aire ceadúnas déantóireachta stroighne do dheonadh, féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis, an ceadúnas san do dheonadh no diúltadh d'é do dheonadh don iarratasóir.

Fuirm agus oibriú ceadúnaisí déantóireachta stroighne.

12. —(1) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach ceadúnas déantóireachta stroighne agus déarfaidh agus déanfaidh a údarú don duine is sealbhóir ar an gceadúnas san de thurus na huaire stroighin do dhéanamh laistigh den líomatáiste bheidh luaidhte sa cheadúnas san ach san fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le caighdeán stroighne Portland agus fé réir na gcoinníoll (más aon cheann é) bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san.

(2) Ar iarratas an té is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta stroighne féadfaidh an tAire, más dóich leis san do bheith ceart, an líomatáiste bheidh luaidhte sa cheadúnas san d'atharú.

Coinníollacha do chur le ceadúnaisí déantóireachta stroighne.

13. —(1) Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas déantóireachta stroighne maidir le líomatáiste áirithe, féadfaidh an tAire coinníollacha do chur leis an gceadúnas san i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) sealbhóir an cheadúnais sin do dhéanamh stroighne laistigh den líomatáiste sin i monarchain áirithe agus sa mhonarchain sin amháin;

(b) a mhéid gur abhair, gléasra, feisteas agus fearas do saothruíodh no do rinneadh i Saorstát Éireann a bheidh sna habhair dá ndéanfaidh an sealbhóir sin aon mhonarcha no tré n-a gcuirfidh aon mhonarcha in oiriúint laistigh den líomatáiste sin agus i ngléasra, i bhfeisteas agus i bhfearas na monarchan san;

(c) an t-am gur laistigh de thosnóidh an sealbhóir sin ar stroighin do dhéanamh laistigh den líomatáiste sin;

(d) an méid maximum stroighne féadfar do dhéanamh bliain ar bith sa mhonarchain sa líomatáiste sin ina mbíonn stroighin á déanamh ag an sealbhóir sin;

(e) an méid maximum den stroighin a déanfar sa mhonarchain sin fhéadfaidh an sealbhóir sin do dhíol bliain ar bith;

(f) an méid minimum stroighne féadfar do dhéanamh bliain ar bith sa mhonarchain sin;

(g) an praghas maximum fhéadfaidh an sealbhóir sin d'éileamh ar aon stroighin a déanfar sa mhonarchain sin;

(h) an módh ina ndéanfar stroighin sa mhonarchain sin;

(i) stroighin a déanfar sa mhonarchain sin do phacáil;

(j) náisiúnaigh de Shaorstát Éireann d'fhostú sa mhonarchain sin;

(k) a mhéid gur abhair agus earraí do saothruíodh no do rinneadh i Saorstát Éireann a bheidh sna bun-abhair agus sna hearraí a húsáidfear chun stroighne do dhéanamh sa mhonarchain sin;

(l) an méid den chaipital a bheidh suncálta sa ghnó bheidh ar siúl fén gceadúnas san is gá o am go ham do bheith ar únaeracht ag náisiúnaigh de Shaorstát Éireann;

(m) a mhéid gur gá o am go ham bainistí an ghnótha san do bheith fé stiúradh ag náisiúnaigh de Shaorstát Éireann;

(n) an ceadúnas san d'aistriú;

(o) na cuntaisí bhéarfaidh an sealbhóir sin don Aire;

(p) na breacacháin a bheidh le coimeád sa mhonarchain sin agus na breacacháin sin do thaisbeáint d'oifigeach don Aire chun iad d'iniúchadh;

(q) na comhachta bheidh ag oifigeach don Aire chun na monarchan san d'iniúchadh;

(r) ceart chun samplaí den stroighin a déanfar sa mhonarchain sin do thógaint.

(2) Pé uair a chuirfidh an tAire aon choinníollacha le ceadúnas déantóireachta stroighne luadhfaidh na coinníollacha san sa cheadúnas san.

(3) Ar iarratas an té is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta stroighne féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, aon choinníollacha bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san d'atharú.

Coinníollacha ceadúnais déantóireachta stroighne do bhriseadh.

14. —Má theipeann ar dhuine ar bith is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta stroighne déanamh do réir aon cheann de sna coinníollacha bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san no é do chólíonadh no má thugann faillí no má dheineann diúltadh maidir le déanamh dá réir sin no é do chólíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Págh cothrom d'íoc.

15. —(1) An págh íocfaidh sealbhóir ceadúnais déantóireachta stroighne le daoine bheidh ar fostú aige chun crícheanna an ghnótha bheidh údaruithe leis an gceadúnas san ní bheidh sé níos lugha ná an págh do bheadh iníoctha dá mba fé chonnradh idir an tAire agus an sealbhóir sin do bheadh an gnó san ar siúl agus clás i dtaobh páigh chothruim sa chonnradh san den tsamhail do bheadh de thurus na huaire i gconnartha ar n-a ndéanamh ag Airí agus Ranna Rialtais.

(2) Má dheineann duine ar bith is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta stroighne ní ar bith contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Ceadúnaisí déantóireachta stroighne do cheiliúradh.

16. —(1) Féadfaidh an tAire uair ar bith ceadúnas déantóireachta stroighne do cheiliúradh ar n-a iarraidh sin do shealbhóir an cheadúnais sin.

(2) Féadfaidh an tAire uaidh féin, uair ar bith, ceadúnas déantóireachta stroighne do cheiliúradh i gcás sealbhóra an cheadúnais sin do chiontú i gcionta fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so.

CUID III.

Talamh do Thogaint go hEigeanta chun Cricheanna Monarcharna Stroighne.

“Talamh.”

17. —Sa Chuid seo den Acht so foluíonn an focal “talamh” éasáidí agus profits á prendre.

Orduithe um thógaint éigeanta.

18. —Más deimhin leis an Aire ná fuil duine is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta stroighne ábalta ar aon talamh d'fháil tré chó-aontú is talamh is gá, dar leis an Aire, chun crícheanna an ghnótha bheidh údaruithe leis an gceadúnas san, féadfaidh an tAire, ar iarratas an duine sin ach fé réir forálacha na Coda so den Acht so, féadfaidh, más oiriúnach leis é, ordú (dá ngairmtear ordú um thógaint éigeanta sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh chun na bhforálacha d'Achtanna na gClásanna Talmhan a bhaineann le tailte do cheannach agus do thógaint ar shlí seachas tré chó-aontú do chur i bhfeidhm maidir leis an talamh san.

Iarrataisí ar orduithe um thógaint éigeanta.

19. —(1) Maidir le gach iarratas ar ordú um thógaint éigeanta—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh;

(b) beidh ann na mion-innste orduithe i dtaobh an tailimh gur mar gheall air a bheidh an t-ordú á iarraidh, agus fós ainmneacha agus seolta sealbhairí, léasaithe agus únaerí an tailimh sin;

(c) beidh ann mion-innste i dtaobh na n-iarrachtaí do rinne an t-iarratasóir chun an tailimh sin d'fháil tré chó-aontú;

(d) beidh ann pé mion-innste eile bheidh orduithe.

(2) Pé uair a cuirfear iarratas ar ordú um thógaint éigeanta chun an Aire déanfaidh an t-iarratasóir, laistigh den am orduithe, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) cóipeanna den iarratas san do sheirbheáil sa tslí orduithe ar pé daoine bheidh orduithe;

(b) fógra i dtaobh déanamh an iarratais sin d'fhoillsiú i pé páipéar no páipéirí nuachta luadhfaidh an tAire.

(3) Féadfaidh duine ar bith adeir go bhfuil leas aige in aon talamh is abhar d'iarratas ar ordú um thógaint éigeanta cúis do phlé leis an Aire i dtaobh an iarratais sin.

Srian le horduithe um thógaint éigeanta do dhéanamh.

20. —(1) Ní dhéanfaidh an tAire ordú um thógaint éigeanta go ceann tréimhse de shé seachtainí o dháta iarrtha an orduithe sin ná go dtí go mbreithneoidh aon chúis a pléidhfear leis roimh dheireadh na tréimhse sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú um thógaint éigeanta maidir le haon talamh a bheidh, ar dháta iarrtha an orduithe sin, ina chuid d'aon pháirc, fearann oighreachta, gáirdín no faithche shúgraidh no ina chuid den fheirm bhaile ghabhann le agus a sealbhuítear maraon le tigh mór, no ag teastáil ar aon tslí eile chun taithneamhachta no chún áisiúlachta aon tighe chomhnaithe, no dá gcuid féin ag aon údarás áitiúil, no tógtha ar seilbh ag aon chorporáid no ag aon chuideachtain chun crícheanna bóthair iarainn, duga, canáile, uisce, no gnótha phuiblí eile, no mar láithreán do shéadchomhartha ársa no mar láithreán d'aon mhonarchain go mbeidh ceadúnas déantóireachta stroighne i bhfeidhm ina taobh.

Forálacha i dtaobh orduithe um thógaint éigeanta.

21. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú um thógaint éigeanta, sé sin le rá:—

(a) déarfaidh agus déanfaidh an t-ordú san na forálacha d'Achtanna na gClásanna Talmhan a bhaineann le tailte do cheannach agus do thógaint ar shlí seachas tré chó-aontú do chur i bhfeidhm maidir leis an talamh a bheidh luaidhte ann;

(b) is sa bhfuirm orduithe bheidh an t-ordú san agus beidh ann pé forálacha is dóich leis an Aire is gá agus is ceart chun an orduithe do chur in éifeacht, agus beidh ionchorpruithe ann, fé réir na n-oiriúnuithe is gá, Achtanna na gClásanna Talmhan (ach amháin na forálacha dhíobh a bhaineann le talamh ná teastuíonn agus le fáil do bheith ar an Acht speisialta), ach san fé réir an atharuithe seo, eadhon, gur eadrascánaí oifigiúil a shocróidh agus gur fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, a socrófar aon cheist i dtaobh cúitimh is abhar aighnis;

(c) nuair a beifear, chun crícheanna an ailt seo no an orduithe sin, ag léiriú aon achtachán a bheidh ionchorpruithe leis an ordú san, tuigfear gurb é an t-alt so maraon leis an ordú san an tAcht speisialta agus gurab é an duine gur ar a iarratas do rinneadh an t-ordú san bunathóirí an ghnótha.

Fiosrúcháin áitiúla.

22. —(1) Chun iarratais ar ordú um thógaint éigeanta do bhreithniú féadfaidh an tAire oifigeach don Aire do cheapadh chun fiosrúcháin phuiblí do dhéanamh i dtaobh an iarratais sin san áit ina bhfuil an talamh is abhar don iarratas san, agus beidh an t-iarratasóir agus gach duine ag á mbeidh leas sna tailte sin i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil ag aon fhiosrúchán den tsórt san.

(2) Fianaise do bhéarfar os cóir oifigigh don Aire a ceapfar chun fiosrúcháin do dhéanamh fén alt so, déanfar, má éilíonn an t-oifigeach san amhlaidh, í do thabhairt fé mhionn (agus bheirtear comhacht leis seo don oifigeach san daoine do chur fén mionn san) agus éinne do bhéarfaidh fianaise bhréagach uaidh os cóir aon oifigigh den tsórt san beidh sé ciontach i mionn éithigh agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

CUID IV.

Oibreacha Iompair do Dheanamh, do Choinneail i dTreo agus d'Oibriu.

Oibreacha iompair

23. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so is oibreacha iompair gach ceann de sna hoibreacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) bóthar iarainn;

(b) trambhealach;

(c) cábla-bhealach san aer;

(d) aon oibreacha eile chun earraí d'iompar.

Iarrataisí ar orduithe ag údarú oibreacha iompair.

24. —(1) Féadfaidh an té is sealbhóir ar cheadúnas déantóireachta stroighne ordú (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ordú oibreacha iompair) fén gCuid seo den Acht so d'iarraidh ar an Aire á údarú dho oibreacha iompair de chineál áirithe do dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú, chun crícheanna an ghnótha bheidh údaruithe leis an gceadúnas san.

(2) Beidh i dteanta gach iarratais ar ordú oibreacha iompair dréacht den ordú bheidh á iarraidh, plean, sa bhfuirm orduithe, de sna hoibreacha iompair a bheidh beartuithe a dhéanamh agus leabhar eolais, sa bhfuirm orduithe, don phlean san.

An dréachtordú do lóisteáil agus fógra d'fhoillsiú i dtaobh an iarratais.

25. —(1) Pé uair a déanfar iarratas ar ordú oibreacha iompair déanfaidh an t-iarratasóir láithreach na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) cóip den dréacht-ordú, den phlean agus den leabhar eolais don phlean san, do bhí i dteanta an iarratais, do lóisteáil agus do choimeád lóisteálta san áit no i ngach ceann de sna háiteanna cheapfaidh an tAire;

(b) fógra d'fhoillsiú, i pé páipéar no páipéirí nuachta ordóidh an tAire, i dtaobh an iarratais sin do dhéanamh agus i dtaobh cóipe den dréacht-ordú, den phlean agus den leabhar eolais sin do lóisteáil, agus ag luadh ionaid na lóisteála san.

(2) Féadfaidh duine ar bith an chóip de dhréacht-ordú, de phlean no de leabhar eolais ar bith a lóisteálfar fén alt so d'iniúchadh gach tráth réasúnta.

Táillí ar iarrataisí.

26. —(1) An té is iarratasóir ar ordú oibreacha iompair íocfaidh leis an Aire pé táille shocróidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

(2) Déanfar gach táille do gheobhaidh an tAire fén alt so do bhailiú agus cuntas do thabhairt ina taobh i pé slí ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Fiosrúcháin áitiúla i dtaobh iarrataisí ar ordú oibreacha iompair.

27. —(1) Pé uair a hiarrfar ordú oibreacha iompair ar an Aire ceapfaidh an tAire oifigeach don Aire chun fiosrúcháin phuiblí do dhéanamh i dtaobh an iarratais sin san áit ina mbeidh sé beartuithe na hoibreacha iompair is abhar don iarratas do dhéanamh, agus beidh an t-iarratasóir, agus gach éinne is únaer, léasaí no sealbhaire ar an talamh go mbeidh sé beartuithe na hoibreacha iompair sin do dhéanamh air no os a chionn, agus gach údarás áitiúil go mbeidh sé beartuithe na hoibreacha san do ghabháil laistigh dá líomatáiste, agus fós gach duine eile gur dóich leis an oifigeach san abhar an fhiosrúcháin sin do bhaint leis go substainteach, beid san uile i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil ag an bhfiosrúchán san.

(2) Fianaise do bhéarfar os cóir oifigigh don Aire a ceapfar chun fiosrúcháin do dhéanamh fén alt so, déanfar má éilíonn an t-oifigeach san amhlaidh í do thabhairt fé mhionn (agus bheirtear comhacht leis seo don oifigeach san daoine do chur fén mionn san) agus éinne do bhéarfaidh fianaise bhréagach uaidh os cóir aon oifigigh den tsórt san beidh sé ciontach i mionn éithigh agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

Ordú oibreacha iompair do dheonadh.

28. —Tar éis fiosrúcháin phuiblí fén alt deiridh sin roimhe seo, i dtaobh iarratais ar ordú oibreacha iompair, do chríochnú, breithneoidh an tAire an t-iarratas san maraon le tuarasgabháil an oifigigh do rinne an fiosrúchán san, agus más dóich leis an Aire, tar éis an bhreithnithe sin, gur ceart géilleadh don iarratas, déanfaidh an tAire ordú á údarú don iarratasóir na hoibreacha iompair a luadhfar san ordú san do dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú, agus beidh éifeacht ag an ordú san dá réir sin.

Forálacha ordú oibreacha iompair.

29. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú oibreacha iompair a deonfar do shealbhóir cheadúnais déantóireachta stroighne, sé sin le rá:—

(a) beidh san ordú san pé forálacha is dóich leis an Aire is gá no is oiriúnach chun an orduithe sin do chur in éifeacht;

(b) gan dochar do gheneráltacht na míre sin roimhe seo, féadfaidh forálacha do bheith san ordú san is forálacha chun tailimh ar bith do thógaint go héigeanta is gá do thógaint chun éifeachta do thabhairt don ordú san, agus beidh forálacha ann chun an Aire do dheonadh ceart ar bith is gá do dheonadh chun éifeachta do thabhairt don ordú san;

(c) beidh san ordú san forálacha i dtaobh cúitimh d'íoc alos tailimh ar bith a tógfar amhlaidh no alos ceart ar bith a deonfar amhlaidh;

(d) forálfar leis an ordú san gur eadrascánaí oifigiúil a shocróidh agus gur fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, a socrófar aon cheist i dtaobh cúitimh is abhar aighnis;

(e) luadhfar san ordú san an tslí ina ndéanfar, ina gcoinneofar i dtreo, agus ina n-oibreofar na hoibreacha iompair le n-a mbaineann an t-ordú san;

(f) beidh san ordú san forálacha á fhoráil gan na hoibreacha iompair sin d'úsáid ach chun crícheanna bhaineann leis an ngnó bheidh údaruithe leis an gceadúnas san agus chun pé crícheanna eile, i dteanta na gcrícheanna roimhráite, a luadhfar san ordú san;

(g) beidh san ordú san na forálacha san uile is dóich leis an Aire is ceart chun na puiblíochta do chosaint;

(h) beidh san ordú san pé forálacha eile, i dteanta na bhforálacha san roimhe seo, is dóich leis an Aire is gá agus is ceart.

Ordú oibreacha iompair do leasú.

30. —Más dóich leis an Aire gur ceart san do dhéanamh féadfaidh, le hordú, ordú oibreacha iompair do leasú.

Orduithe do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

31. —Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den deich lá shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

CUID V.

Stroighin d'Iomportail.

Srian le stroighin d'iomportáil.

32. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon stroighin d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iomportála sa Chuid seo den Acht so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so á údarú don duine sin stroighin d'iomportáil, agus

(b) gur den chineál agus den cháilíocht a bheidh luaidhte sa cheadúnas san an stroighin sin, agus

(c) nách mó caindíocht na stroighne sin ná an chaindíocht a bheidh luaidhte sa cheadúnas san, agus

(d) gur sa tír a bheidh luaidhte chuige sin sa cheadúnas san do rinneadh an stroighin sin, agus

(e) gur díreach ón tír a bheidh luaidhte chuige sin sa cheadúnas san a hiomportálfar an stroighin sin, agus

(f) gur tríd an bport a bheidh luaidhte sa cheadúnas san a hiomportálfar an stroighin sin, agus

(g) gur laistigh den am a bheidh luaidhte sa cheadúnas san a hiomportálfar an stroighin sin.

(2) Má dheineann duine ar bith aon stroighin d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Iarrataisí ar cheadúnaisí iomportála.

33. —(1) Féadfaidh duine ar bith a bheidh ar aigne aon stroighin d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann a iarraidh ar an Aire ceadúnas iomportála do dheonadh dho chun na stroighne sin d'iomportáil.

(2) Maidir le gach iarratas ar cheadúnas iomportála—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh;

(b) luadhfar ann na mionn-innste seo leanas:—

(i) cineál agus cáilíocht na stroighne atáthar ar aigne d'iomportáil fén gceadúnas san;

(ii) caindíocht na stroighne sin;

(iii) an tír ina ndearnadh an stroighin sin;

(iv) an tír gur uaithe atáthar ar aigne an stroighin sin d'iomportáil;

(v) an port i Saorstát Éireann gur tríd atáthar ar aigne an stroighin sin d'iomportáil;

(vi) an t-am gur laistigh de atáthar ar aigne an stroighin sin d'iomportáil;

(vii) pé mion-innste eile bheidh orduithe.

(3) Beidh i dteanta gach iarratais ar cheadúnas iomportála ráiteas sa bhfuirm orduithe fé láimh an iarratasóra ag luadh praghais na stroighne atáthar ar aigne d'iomportáil fén gceadúnas san, agus isé a háirmheofar mar an praghas san ná an praghas a bheidh, tar éis aon lascainí, lascáistí no laigheaduithe eile lomhálfar no có-aontófar do lomháil do bhaint de, ar an stroighin sin ar í do sheachadadh ar thaobh an ché den phort i Saorstát Éireann gur tríd atáthar ar aigne an stroighin sin d'iomportáil.

(4) Má bhíonn aon ráiteas a cuirfear i dteanta iarratais ar cheadúnas iomportála do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine gur fé n-a láimh a bheidh an ráiteas san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Ceadúnaisí iomportála do dheonadh.

34. —(1) Féadfaidh an tAire diúltadh do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas iomportála ar aon scór no scóranna acu so leanas, ach ní har aon scór eile ar bith, sé sin le rá:—

(a) ná dearna an t-iarratasóir do réir forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo, no

(b) gur ciontuíodh an t-iarratasóir i gcionta fén alt deiridh sin roimhe seo, no

(c) ag féachaint do sna stocanna stroighne i Saorstát Éireann i láthair na huaire sin agus don méid stroighne (más aon mhéid é) atáthar ar aigne d'iomportáil fé cheadúnaisí iomportála bheidh tugtha amach cheana, gur dóich leis an Aire ná fuil sé oiriúnach an ceadúnas san do dheonadh.

(2) I gcás ina n-iarrfar ar an Aire ceadúnas iomportála do dheonadh agus ná diúltófar do ghéilleadh don iarratas san, cuirfidh an tAire in úil don iarratasóir cadé méid na táille ceadúnais is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an cheadúnais sin agus ar an iarratasóir d'íoc na táille sin leis deonfaidh an tAire an ceadúnas san.

Oibriú ceadúnaisí iomportála.

35. —Déanfaidh agus déarfaidh gach ceadúnas iomportála a údarú don té is ceadúnaí fén gceadúnas san stroighin do rinneadh sa tír a bheidh luaidhte chuige sin san iarratas ar an gceadúnas san, agus í den chineál, den cháilíocht agus den chaindíocht a bheidh luaidhte san iarratas san, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ón tír, tríd an bport, agus laistigh den am a bheidh luaidhte san iarratas san.

Táillí alos ceadúnaisí iomportála.

36. —(1) Beidh táille iníoctha alos gach ceadúnais iomportála agus is do réir an méid tonnaí stroighne bheidh údaruithe leis an gceadúnas san d'iomportáil, agus do réir pé ráta an tonna dhéanfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, do cheapadh alos an cheadúnais sin a háirmheofar an ráta san.

(2) Má dheonann an tAire i mí chaileandair ar bith ceadúnas iomportála chun stroighne do rinneadh i dtír áirithe agus í de chineál agus de cháilíocht áirithe d'iomportáil tré phort áirithe i Saorstát Éireann, agus má dheonann ina dhiaidh sin sa mhí chaileandair chéanna ceadúnas no ceadúnaisí iomportála ar bith eile chun stroighne do rinneadh sa tír sin agus í den chineál agus den cháilíocht chéanna d'iomportáil tríd an bport san, beidh an ráta an tonna ceapfar alos an cheadúnais no na gceadúnaisí iomportála eile sin có-ionann leis an ráta bheidh ceaptha alos an chéad cheadúnais iomportála san a luaidhtear.

Táillí ar cheadúnaisí iomportála do bhailiú, etc.

37. —Déanfar gach táille do gheobhaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so alos ceadúnaisí iomportála do bhailiú agus cuntas do thabhairt ina taobh i pé slí ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Ceadúnaisí iomportála do cheiliúradh.

38. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas an té is ceadúnaí fé cheadúnas iomportála, an ceadúnas san do cheiliúradh.

(2) I gcás an Aire do cheiliúradh ceadúnais iomportála aisíocfaidh leis an té ba cheadúnaí fén gceadúnas san an táille do híocadh fén gCuid seo den Acht so alos an cheadúnais sin.

Mion-innste i dtaobh ceadúnaisí iomportála d'fhoillsiú go tréimhsiúil.

39. —(1) Foillseoidh an tAire san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach tréimhse ceaptha—

(a) i gcás gan aon cheadúnas iomportála do dheonadh i rith na tréimhse sin, fógra sa chéill sin; agus

(b) i gcás ceadúnais no ceadúnas iomportála ar bith do dheonadh i rith na tréimhse sin, fógra ina luadhfar alos gach ceadúnais acu san na mion-innste seo leanas, eadhon:—

(i) ainm agus seoladh an cheadúnaí,

(ii) an ráta do cheap an tAire chun na táille is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an cheadúnais sin d'áireamh,

(iii) an méid stroighne bheidh údaruithe leis an gceadúnas san d'iomportáil,

(iv) cineál agus cáilíocht na stroighne sin,

(v) an tír ina ndearnadh an stroighin sin,

(vi) an tír gur uaithe bheidh údaruithe leis an gceadúnas san an stroighin sin d'iomportáil,

(vii) an port i Saorstát Éireann gur tríd a bheidh údaruithe leis an gceadúnas san an stroighin sin d'iomportáil.

(2) Is tréimhse cheaptha chun crícheanna an ailt seo gach tréimhse acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse dar tosach an 1adh lá de gach mí caileandair agus dar críoch an 15adh lá den mhí sin;

(b) an tréimhse dar tosach an 16adh lá de gach mí caileandair agus dar críoch an lá deiridh den mhí sin.

Baint na nAchtanna Custum.

40. —Tuigfear stroighin go dtoirmeasctar de bhuadh na Coda so den Acht so í d'iomportáil do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí toirmeasctar no sriantar d'iomportáil beidh baint acu dá réir sin.