16 1933


Uimhir 16 de 1933.


ACHT NA bhFRANNCACH MUISC, 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN IOMPORTÁIL AGUS COIMEÁD FRANNCACH MUISC AGUS AINMHITHE NEA-DHÚTHCHASACHA LOITBHEARTACHA ÁIRITHE EILE DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH, CHUN AON FHRANNCACH MUISC AGUS AON AINMHITHE EILE DEN tSÓRT SAN ROIMHRÁITE DO GHEOBHFAR AGUS IAD SAOR GAN COSC DO DHÍSCIÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[24adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht na bhFranncach Muisc, 1933 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an abairt “franncach muisc” aon ainmhí den chineál dá ngairmtear Fiber zibethicus no Ondatra zibethica, agus ar a dtugtar an franncach muisc no an musquash de ghnáth;

foluíonn an focal “talamh” talamh fé uisce agus aon fhoirgintí agus aon tógáil eile ar talamh agus aon tseiléar, camra, dréin, no líntéir i dtalamh no fé thalamh;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

(2) Chun crícheanna an Achta so tuigfear gach franncach muisc, nách franncach muisc a bheidh á choimeád fé cheadúnas agus do réir cheadúnais fhranncaigh mhuisc, do bheith saor gan cosc.

Oifigigh údaruithe.

3. —Féadfaidh an tAire a údarú i scríbhinn do dhuine ar bith (agus oifigeach do choiste talmhaíochta d'áireamh ach cead an choiste sin d'fháil chuige sin) na comhachta d'fheidhmiú a bronntar ar oifigeach údaruithe leis an Acht so, agus gach duine a húdarófar amhlaidh beidh sé ina oifigeach údaruithe chun crícheanna an Achta so.

Ceadúnaisí do bheith neamh ionaistrithe.

4. —Ní féadfar aistriú do dhéanamh ar cheadúnas ar bith a dheonfaidh an tAire fén Acht so.

Ciontaí do chúiseamh.

5. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fé alt ar bith den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin.

6. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

Táillí do chur de láimh.

7. —Na táillí uile do gheobhaidh an tAire fén Acht so déanfar iad do bhailiú agus cuntas do thabhairt ina dtaobh i pé slí ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Costaisí.

8. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

CUID II.

Srian le Coimead Franncach Muisc.

Srian le coimeád franncach muisc.

9. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon fhranncach muisc do choimeád i Saorstát Éireann maran rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas franncaigh mhuisc sa Chuid seo den Acht so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so á údarú don duine sin franncaigh mhuisc do choimeád, agus

(b) gur san áitreabh a bheidh luaidhte sa cheadúnas san a bheidh an franncach muisc sin á choimeád, agus

(c) go ndéanfaidh an duine sin na coinníollacha bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san do chólíonadh.

(2) Má dheineann duine ar bith aon fhranncach muisc do choimeád i Saorstát Éireann contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Iarrataisí ar cheadúnaisí franncaigh mhuisc.

10. —(1) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas franncaigh mhuise d'iarraidh ar an Aire.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas ar cheadúnas franncaigh mhuisc agus beidh na mion-innste orduithe ann.

Ceadúnaisí franncaigh mhuisc do dheonadh.

11. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, mar is rogha leis féin, géilleadh no diúltadh do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas franncaigh mhuisc.

(2) Ní ghéillfidh an tAire d'iarratas ar cheadúnas franncaigh mhuisc maran deimhin leis gur chun go bhféadfaí franncaigh mhuisc do choimeád i gcóir taighde bitheolaíochta no i gcóir taighde eolaíochta theastuíonn an ceadúnas san.

Oibriú ceadúnaisí franncaigh mhuisc.

12. —Déanfaidh agus déarfaidh gach ceadúnas franncaigh mhuisc a údarú do shealbhóir an cheadúnais sin franncaigh mhuisc do choimeád san áitreabh a bheidh luaidhte sa cheadúnas san, ach san fé réir na gcoinníollacha bheidh luaidhte sa cheadúnas san.

Táillí ar cheadúnaisí franncaigh mhuisc.

13. —Íocfar leis an Aire ar gach iarratas ar cheadúnas franncaigh mhuisc táille de pé méid a cheapfaidh an tAire o am go ham le toiliú an Aire Airgid.

Coinníollacha do chur le ceadúnaisí franncaigh mhuisc.

14. —(1) Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas franncaigh mhuisc cuirfidh mar choinníoll leis an gceadúnas san gur i gcóir taighde bitheolaíochta no i gcóir taighde eolaíochta agus ina chóir sin amháin a choimeádfaidh sealbhóir an cheadúnais sin franncaigh mhuisc.

(2) Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas franncaigh mhuisc féadfaidh pé coinníollacha is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san do chur leis an gceadúnas san agus, go sonnrách agus gan dochar do gheneráltacht na comhachta san roimhe seo, coinníollacha i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an saghas áitreibh ina bhféadfar na franncaigh mhuisc do choimeád,

(b) an tslí ina gcoimeádfar na franncaigh mhuisc,

(c) an aire tabharfar chun na bhfranncach muisc do chosc ar éalódh,

(d) ré an cheadúnais sin,

(e) na cuntaisí do bhéarfaidh sealbhóir an cheadúnais sin uaidh.

Ceadúnaisí franncaigh mhuisc do cheiliúradh.

15. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas franncaigh mhuisc do cheiliúradh ar cheachtar scór acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh coinníoll no coinníollacha dá ngabhann leis an gceadúnas san do bhriseadh no faillí do thabhairt i gcoinníoll no i gcoinníollacha acu san d'fhorchoimeád no do chólíonadh,

(b) ar an scór go ndearnadh sealbhóir an cheadúnais sin do chiontú i gcionta fé alt ar bith den Acht so.

(2) Más dóich leis an Aire aon uair gur cheart, chun leasa na puiblíochta, coimeád franncach muisc i Saorstát Éireann do thoirmeasc ar fad, féadfaidh gach ceadúnas franncaigh mhuisc a bheidh i bhfeidhm an uair sin do cheiliúradh.

Forálacha ar fháil bháis do shealbhóir cheadúnais fhranncaigh mhuisc.

16. —Má gheibheann sealbhóir ceadúnais fhranncaigh mhuisc bás agus má bhí, díreach roimh bhás an tsealbhóra san, franncaigh mhuisc á gcoimeád aige san áitreabh a bheidh luaidhte sa cheadúnas san agus má deintear na franncaigh mhuisc sin do choimeád san áitreabh san fé choinníollacha agus do réir choinníollacha an cheadúnais sin go dtí go mbeidh tréimhse mí caithte o dháta bháis an duine sin no go dtí go gceiliúrfar an ceadúnas san, pe'ca acu san is túisce thárlóidh, ní cionta, fé sna forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le srian le coimeád franncach muisc, an coimeád san agus go dtí go mbeidh an tréimhse sin caithte no go dtí go gceiliúrfar an ceadúnas san, pe'ca acu san is túisce thárlóidh, tuigfear chun crícheanna an Achta so gurb é an té bheidh ag coimeád na bhfranncach muisc sin amhlaidh is sealbhóir ar an gceadúnas san.

CUID III.

Srian le hIomportail Fhranncach Muisc.

Srian le hiomportáil fhranncach muisc.

17. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon fhranncaigh mhuisc d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iomportála san Acht so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so á údarú don duine sin na franncaigh mhuisc sin d'iomportáil, agus

(b) nách mó líon na bhfranncach muisc sin ná an líon a bheidh luaidhte sa cheadúnas san, agus

(c) gur laistigh den am a bheidh luaidhte sa cheadúnas san a hiomportálfar na franncaigh mhuisc sin, agus

(d) gur tríd an bport i Saorstát Éireann a bheidh luaidhte sa cheadúnas san a hiomportálfar na franncaigh mhuisc sin, agus

(e) go ndéanfaidh an duine sin na coinníollacha (más aon cheann é) bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san do chólíonadh.

(2) Má dheineann duine ar bith aon fhranncach muisc d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Iarrataisí ar cheadúnaisí iomportála.

18. —(1) Féadfaidh duine ar bith is sealbhóir ceadúnais fhranncaigh mhuisc ceadúnas iomportála d'iarraidh ar an Aire.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas ar cheadúnas iomportála agus beidh na mion-innste orduithe ann.

Ceadúnaisí iomportála do dheonadh.

19. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, mar is rogha leis féin, géilleadh no diúltadh do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas iomportála.

(2) Ní dheonfaidh an tAire ceadúnas iomportála do dhuine ar bith nách sealbhóir ceadúnais fhranncaigh mhuisc.

Oibriú ceadúnaisí iomportála.

20. —Déanfaidh agus déarfaidh gach ceadúnas iomportála a údarú do shealbhóir an cheadúnais sin an líon franncach muisc a bheidh luaidhte sa cheadúnas san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann tríd an bport i Saorstát Éireann agus laistigh den am a bheidh luaidhte sa cheadúnas san, ach san fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) is dóich leis an Aire is ceart do chur leis an gceadúnas san agus a luadhfaidh ann.

Táillí ar cheadúnaisí iomportála.

21. —Íocfar leis an Aire ar gach iarratas ar cheadúnas iomportála táille de pé méid a cheapfaidh an tAire o am go ham le toiliú an Aire Airgid.

Baint na nAchtanna Custum.

22. —Tuigfear franncaigh mhuisc go dtoirmeasctar de bhuadh na Coda so den Acht so iad d'iomportáil do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí toirmeasctar no sriantar d'iomportáil beidh baint acu dá réir sin.

CUID IV.

Srian le Ceannach Seithi Franncach Muisc.

Toirmeasc ar dhaoine neacheadúnaithe do cheannach seithí franncach muisc.

23. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith seachas an tAire seithe aon fhranncaigh mhuisc do cheannach maran sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas ceannuitheora san Acht so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so á údarú don duine sin seithí franncach muisc do cheannach.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Ceadúnas ceannuitheora do dheonadh.

24. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo déanfaidh an tAire ceadúnas ceannuitheora do dheonadh do gach duine iarrfaidh san air.

(2) Féadfaidh an tAire diúltadh do cheadúnas cheannuitheora do dheonadh do dhuine ar bith má bhí an duine sin roimhe sin ina shealbhóir ar cheadúnas cheannuitheora do ceiliúradh fén gCuid seo den Acht so no má rinneadh an duine sin do chiontú i gcionta fé aon alt den Acht so.

Oibriú ceadúnais cheannuitheora.

25. —Déanfaidh agus déarfaidh gach ceadúnas ceannuitheora a údarú do shealbhóir an cheadúnais sin seithí franncach muisc do cheannach.

Táillí ar cheadúnaisí cheannuitheoirí.

26. —Íocfar leis an Aire ar gach ceadúnas ceannuitheora táille de pé méid a cheapfaidh an tAire o am go ham le toiliú an Aire Airgid.

Cuntaisí o shealbhóirí ceadúnaisí ceannuitheoirí.

27. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na cuntaisí do bhéarfaidh sealbhóirí ceadúnaisí ceannuitheoirí uatha;

(b) na hamannta do bhéarfar na cuntaisí sin;

(c) na fuirmeacha ina dtabharfar na cuntaisí sin.

(2) Gach duine ar a mbeidh ceangailte le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so cuntas ar bith do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh no a dhiúltóidh an cuntas san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Sealbhóirí ceadúnaisí ceannuitheoirí do choimeád breacachán.

28. —(1) Cuirfidh gach sealbhóir ceadúnais cheannuitheora fé ndeár go ndéanfar breacachán ar na seithí franncaigh mhuisc uile cheannóidh sé do choimeád i pé áit a cheapfaidh an tAire maidir leis an sealbhóir sin agus, laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis aon tseithí den tsórt san do cheannach, mion-innste i dtaobh an cheannaigh sin do chur sa bhreacachán san.

(2) Gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo féadfaidh oifigeach údaruithe é d'iniúchadh gach tráth réasúnta, agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air, ar n-a éileamh san air, an breacachán san do thaisbeáint don oifigeach údaruithe sin chun é d'iniúchadh.

(3) Má thárlann d'aon tsealbhóir ceadúnais cheannuitheora—

(a) go dteipfidh air an breacachán san is gá do réir an ailt seo do choimeád san áit a cheapfaidh an tAire maidir leis an sealbhóir sin, no

(b) go dteipfidh air aon iontráil do dhéanamh, laistigh den am a socruítear leis an alt so, sa bhreacachán san is gá do réir an ailt seo do dhéanamh ann, no

(c) go dteipfidh air, ar n-a éileamh san air, aon bhreacachán do thaisbeáint d'oifigeach údaruithe chun é d'iniúchadh is gá dho do réir an ailt seo do thaisbeáint amhlaidh, no go gcuirfidh cosc le haon oifigeach údaruithe den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san, no

(d) go ndéanfaidh no go gcuirfidh fé ndeár go ndéanfar, go toiliúil, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Ceadúnaisí ceannuitheoirí do cheiliúradh.

29. —Féadfaidh an tAire ceadúnas ceannuitheora do cheiliúradh má rinneadh sealbhóir an cheadúnais sin do chiontú i gcionta fé aon alt den Acht so.

An tAire do cheannach seithí.

30. —(1) Féadfaidh an tAire seithí aon fhranncach muisc do gheobhfar agus iad saor gan cosc do cheannach.

(2) Íocfaidh an tAire ar gach seithe cheannóidh sé pé suim ar a gcinnfidh o am go ham le toiliú an Aire Airgid.

(3) Féadfaidh an tAire aon tseithí cheannóidh sé fén alt so do dhíol ar pé praghas is dóich leis, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid, do bheith ceart.

(4) Déanfar gach airgead do gheobhaidh an tAire ar aon tseithe do dhíol fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

CUID V.

Franncaigh Mhuisc do Gheobhfar agus iad Saor gan Cosc do Dhithiu agus Foralacha Eile.

An tAire do dhíthiú franncach muisc.

31. —Féadfaidh an tAire pé nithe do dhéanamh is dóich leis is gá chun aon fhranncach muisc do gheobhfar agus iad saor gan cosc do dhíthiú.

Oifigigh údaruithe do dhíthiú franncach muisc.

32. —(1) Gan dochar d'fhorálacha an ailt deiridh sin roimhe seo, má gheibhtear ar aon talamh aon fhranncaigh mhuisc seachas franncaigh mhuisc a bheidh á gcoimeád fé cheadúnas franncaigh mhuisc, féadfaidh aon oifigeach údaruithe dul isteach ar an talamh san agus pé nithe do dhéanamh is dóich leis is gá chun na bhfranncach muisc sin do dhíthiú agus chun go bhféadfar na nithe sin do dhéanamh beidh sé de dhualgas ar shealbhaire na talmhan san pé saoráidí do thabhairt don oifigeach san a theastóidh uaidh go réasúnta.

(2) Más rud é—

(a) go gcuirfidh duine ar bith cosc le haon oifigeach údaruithe agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, no

(b) go dteipfidh ar aon tsealbhaire talmhan no go dtabharfaidh faillí maidir le déanamh do réir na hoblagáide forchuirtear air leis an alt so,

beidh an duine no an sealbhaire sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Comhachta chun iniúchta do dhéanamh.

33. —(1) Beidh oifigeach údaruithe i dteideal dul isteach agus iniúchadh do dhéanamh, gach tráth réasúnta, ar aon talamh ar seilbh dhuine is sealbhóir ceadúnais fhranncaigh mhuisc agus ar aon talamh eile go mbeidh réasún aige chun a chreidiúint aon fhranncaigh mhuisc do bheith á gcoimeád no le fáil air.

(2) Má chuireann duine ar bith cosc le haon oifigeach údaruithe agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Dualgas sealbhaire talmhan.

34. —(1) Beidh sé de dhualgas ar shealbhaire aon talmhan darb eol aon fhranncaigh mhuisc, nách franncaigh mhuisc a bheidh á gcoimeád aige fé cheadúnas fhranncaigh mhuisc, do bheith le fáil ar an talamh san fógra i dtaobh an eolais sin agus é sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann do thabhairt don Aire láithreach.

(2) Má theipeann ar aon tsealbhaire talmhan no má thugann faillí maidir le déanamh do réir na hoblagáide forchuirtear air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo beidh an sealbhaire sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar-an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Franncaigh mhuisc do scaoileadh saor.

35. —Gach duine scaoilfidh saor aon fhranncach muisc no leigfidh go toiliúil d'aon fhranncach muisc éalódh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Cúiteamh i ndíthiú franncach muisc áirithe.

36. —Más deimhin leis an Aire go ndearnadh aon fhranncaigh mhuisc do bhí fé choinneáil an 21adh lá d'Fheabhra, 1933, do dhíthiú, do réir iarratais ón Aire, le linn iad do bheith fé choinneáil agus roimh an Acht so do rith, íocfaidh an tAire, alos gach franncaigh mhuisc fé leith den tsórt san, le n-a únaer pé suim a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgid.

Ní luighfidh aicsean i dtaobh franncach muisc do gheobhfar agus iad saor gan cosc do mharbhadh, etc.

37. —Ní luighfidh aon aicsean, ag lorg damáiste, alos aon fhranncaigh mhuisc do gheobhfar agus é saor gan cosc do mharbhadh no do ghonadh.

CUID VI.

An tAcht do Chur i mBaint le hAinmhithe Nea-Dhuthchasacha Loitbheartacha Airithe Eile.

An tAcht do chur i mbaint le hainmhithe neadhúthchasacha loitbheartacha áirithe eile.

38. —(1) Más dóich leis an Aire aon uair gur mhaith an rud é, mar gheall ar loitbheartacht aon ainmhithe de chineál le n-a mbaineann an t-alt so, forálacha an Achta so do chur i mbaint leis na hainmhithe sin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, tré ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so forálacha an Achta so, go pé eisceachtaí agus atharuithe is oiriúnach leis agus a luadhfaidh san ordú san, do chur i mbaint leis na hainmhithe sin, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san agus a bheidh sé i bhfeidhm bainfidh forálacha an Achta so, ach amháin na forálacha i dtaobh eúitimh i ndíthiú franncach muisc áirithe, leis na hainmhithe le n-a mbaineann an t-ordú san fé mar a bhainid le franncaigh mhuisc, ach san fé réir pé eisceachtaí agus atharuithe (más aon cheann é) luadhfar san ordú san.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

(3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

(4) Baineann an t-alt so le gach cineál sineach (seachas cineál do bhí ar dháta an Achta so do rith á choimeád go coitiann i Saorstát Éireann ar staid cheannsuithe) ná raibh bunuithe, ar staid fhiadhain, i Saorstát Éireann ar an dáta san no nár tháinig chun bheith bunuithe amhlaidh ach i rith an chaoga bliain díreach roimh an dáta san.