8 1933


Uimhir 8 de 1933.


ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN IOMPAIR PHAISNÉIRÍ, EARRAÍ CEANNAÍOCHTA AGUS POSTANNA DE BHÓTHAR DO RIALÁIL AGUS DO STIÚRADH. [12adh Meitheamh, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála ;

cialluíonn an abairt “Acht 1932” an t Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) ;

foluíonn an focal “postanna” málaí puist agus pacáidí puist (seachas telegrama) mar a mínítear iad san sa Post Office Act, 1908 ;

foluíonn an abairt “earraí ceannaíochta” earraí, áirnéis, mineráil agus ainmhithe, ach ní fholuíonn sí bagáiste paisnéirí ná postanna ;

ní fholuíonn an abairt “feithicil inneall-ghluaiste” inneall bóthair iarainn, ná tram ná aon fheithicil eile ghluaiseann ar bhuan-ráileacha ;

ní fholuíonn an abairt “iompar ar luach saothair” earraí ceannaíochta d'iompar a bhíonn á gcur ar fáil do chuistiméir ag únaer na feithicle inneall-ghluaiste ar a mbíonn na hearraí ceannaíochta san á n-iompar, más i gcúrsa a seachadtha don chustuiméir sin a bhíonn na hearraí ceannaíochta san á n-iompar amhlaidh ;

cialluíonn an abairt “iompar earraí ceannaíochta de bhóthar” earraí ceannaíochta d'iompar de bhóthar ar luach saothair i bhfeithiclí inneall-ghluaiste no i bhfeithiclí bhíonn á dtarrac ag feithiclí inneall-ghluaiste, agus foluíonn sí, sa mhéid gur leis na feithiclí sin a deintear san, bailiú agus seachadadh earraí ceannaíochta a bhíodh ar siúl go dtí so ag cuideachtana bóthair iarainn, canáile, agus loingseoireachta, mar ghnó chabhartha no mar fho-ghnó dá bpríomh-ghnóthaí, no ag gníomhairí thar ceann na gcuideachtan san, ach ní fholuíonn sí—

(a) earraí ceannaíochta d'iompar de bhóthar-sheirbhísí do phaisnéirí ar n-a gceadúnú fé Acht 1932, ná

(b) postanna d'iompar de dhruim chonnartha no fé chonnradh leis an Aire Puist agus Telegrafa, ná

(c) earraí ceannaíochta d'iompar ar aon fheithicil gur postanna d'iompar is príomh-ghnó dhi i gcás ina gceaduítear agus sa mhéid go gceaduítear fén gconnradh leis an Aire Puist agus Telegrafa earraí ceannaíochta d'iompar ar an bhfeithicil sin ;

cialluíonn an abairt “cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar” cuideachta le n-a mbaineann Cuid III d'Acht 1932 agus atá i dteideal, de bhuadh ailt 28 d'Acht 1932, iompar earraí ceannaíochta de bhóthar do dhéanamh no do bheith ar siúl acu ;

cialluíonn an abairt “cuideachta údaruithe chun paisnéirí d'iompar” cuideachta le n-a mbaineann Cuid III d'Acht 1932, agus atá i dteideal, de bhuadh ailt 28 d'Acht 1932, iompar paisnéirí de bhóthar do dhéanamh no do bheith ar siúl acu ;

cialluíonn an abairt “cuideachta loingseoireachta” duine ag á mbíonn seirbhís rialta ghaltáin ar siúl go port no o phort i Saorstát Éireann ;

cialluíonn an abairt “pláta feithicle” pláta fén ainm sin ar n-a thabhairt amach fé Chuid II den Acht so ;

cialluíonn an focal “laraí” feithicil inneall-ghluaiste go gcabhail ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh chun earraí ceannaíochta d'iompar ;

cialluíonn an focal “tarraicire” feithicil inneall-ghluaiste—

(a) nách laraí, agus

(b) atá déanta agus ceaptha chun feithicle eile do tharrac :

cialluíonn an abairt “an leabhar clárathachta” maidir le feithicil inneall-ghluaiste an leabhar clárathachta do tugadh amach i gcóir na feithicle sin fén Roads Act, 1920 ;

tá leis an abairt “bóthar-sheirbhís do phaisnéirí” an brí céanna atá léi in Acht 1932, mar a leasuítear san leis an Acht so ;

tá leis na habairtí “ceadúnas paisneura” agus “ceadúnas paisneura bliantúil” na bríonna céanna fé seach atá leo in Acht 1932 ;

cialluíonn an abairt “meáchaint gan ualach” maidir le feithicil inneall-ghluaiste an mheáchaint gan ualach a luaidhtear sa leabhar clárathachta bhaineann leis an bhfeithicil sin ;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Iomparthóirí atá ann cheana.

3. —(1) Einne adeir gur duine é ag á raibh gnó ar siúl is gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana do réir bhrí an ailt seo, no gur comharba i dteideal é do dhuine ag á raibh gnó ar siúl is gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana, féadfaidh, ar dháta nách déanaí ná mí tár éis dáta an Achta so do rith, a iarraidh ar an Aire deimhniú do dheonadh dho fén alt so.

(2) Is i scríbhinn a bheidh gach iarratas fén alt so agus luadhfar ann go hiomlán na fíora atá ag an iarratasóir le n-a rá gur duine é féin, no a roimh-shealbhadóir teidil, ag á raibh gnó ar siúl is gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana.

(3) Má deintear aon iarratas chun an Aire fén alt so agus dá réir, déanfaidh an tAire, i gcás gur deimhin leis, agus sa chás san amháin, gur duine é an t-iarratasóir, no a roimh-shealbhadóir teidil, ag á raibh gnó ar siúl is gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana, déanfaidh deimhniú do thabhairt amach don iarratasóir dá réir sin, agus aon duine dá dtabharfar amach deimhniú fén alt so beidh sé agus ní bheidh duine ar bith eile ina iomparthóir atá ann cheana chun crícheanna an Achta so.

(4) Beidh duine, chun crícheanna an ailt seo, ina dhuine ag á raibh gnó ar siúl is gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana, má bhí an gnó san iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana ar siúl aige ar dháta an Achta so do rith agus má bhí an gnó san, ar feadh iomláine na tréimhse is gá chun gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana do dhéanamh de, ar siúl ag an duine sin no i ndiaidh a chéile ag daoine gur uatha no tríotha adeir an duine sin atá sé i dteideal an ghnótha san agus ag an duine sin.

(5) Chun crícheanna an ailt seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) beidh gach gnó acu so leanas ina ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana, sé sin le rá :—

(i) aon ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar ar tosnuíodh tar éis an 1adh lá d'Iúl, 1932, agus roimh an 8adh lá d'Fheabhra, 1933, agus do bhí ar siúl sa tslí is gá do réir an fho-ailt seo ar feadh iomláine na tréimhse dar tosach dáta an tosnuithe sin agus dar críoch dáta an Achta so do rith,

(ii) gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bhí ar siúl sa tslí is gá do réir an fho-ailt seo ar feadh iomláine na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Iúl, 1932, agus dar críoch dáta an Achta so do rith,

(b) ní tuigfear gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl sa tslí is gá do réir an fho-ailt seo ar feadh aon tréimhse maran rud é, i rith na tréimhse sin, go raibh an gnó san—

(i) ag féachaint do chineál an ghnótha san, ar siúl go réasúnta leanúnach, agus

(ii) ar siúl le feithicli inneall-ghluaiste do bhí ceadúnaithe go cuibhe i Saorstát Éireann fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin.

A thuiscint earraí ceannaíochta do bheith á n-iompar ar luach saothair.

4. —I gcás feithicle inneall-ghluaiste no feithicle bheidh á tarrac ag feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun earraí ceannaíochta nách le húnaer na feithicle sin d'iompar, tuigfear chun crícheanna an Achta so, go dtí go gcruthófar a mhalairt, na hearraí ceannaíochta san do bheith á n-iompar ar luach saothair.

An lá ceaptha.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, lá nách luaithe ná ráithe tar éis an Achta so do rith do cheapadh le hordú chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire le hordú fén alt so.

Rialacháin.

6. —Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no chun aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) ag ordú éinní dá dtagartar san Acht so mar ní orduithe no mar ní bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire ;

(b) ag ordú éinní go n-údaruítear don Aire leis an Acht so é d'ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

Airgead.

7. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire no an Gárda Síochána chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

(2) Déanfar gach táille gheobhaidh an tAire no Ard-Cheannphort den Ghárda Síochána fén Acht so do bhailiú agus cuntas do thabhairt ina taobh i pé slí ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

CUID II.

Gnothai Iompair Earrai Ceannaiochta de Bhothar do Rialail.

Líomatáistí eiscithe.

8. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so is líomatáiste eiscithe gach líomatáiste fé leith acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de chúig mhíle dhéag agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i gcathair Bhaile Atha Cliath ;

(b) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de chúig mhíle dhéag agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i gcathair Chorcaighe ;

(c) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i gcathair Luimnigh ;

(d) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i gcathair Phortláirge ;

(e) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist mbaile Bhéal Atha an Fheadha ;

(f) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Dhroichead Atha ;

(g) an líomatáiste (ach amháin an méid de atá i dTuaisceart Éireann) laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Dhún Dealgan ;

(h) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile na Gaillimhe ;

(i) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Shligigh ;

(j) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Thráighlí ;

(k) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Chathair na Mart ;

(l) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga de dheich míle agus go n-a cheart-lár ag an bpríomh-oifig phuist i mbaile Loch Garman.

(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh deimhniú thabharfaidh le tuiscint é bheith sighnithe agus curtha amach ag oifigeach den tSuirbhéireacht Ordonáis agus é bheith ag deimhniú an fhaid, ar n-a thomhas i líne dhírigh ar chlár chothrománach, idir an phríomh-oifig phuist in aon chathair no baile áirithe agus aon áit áirithe, beidh san ina fhianaise dho-chlaoidhte (gan cruthúnas ar shighniú an oifigigh sin ná gurbh é an t-oifigeach san é) ar an bhfad san.

(3) Chun crícheanna an ailt seo sí is príomh-oifig phuist in aon chathair no baile ná an oifig phuist gurb í is príomh-oifig no aonoifig phuist sa chathair no sa bhaile sin an lá ceaptha.

Cosc ar ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl ag daoine neacheadúnuithe.

9. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis ní bheidh sé dleathach d'éinne, i gcúrsa gnótha iompair earraí ceannaíochta de bhóthar a bheidh ar siúl aige, earraí ceannaíochta d'iompar in aon líomatáiste i Saorstát Éireann—

(a) maran sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas earraí ceannaíochta san Acht so) ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so á údarú dho gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige sa líomatáiste sin agus maran fén gceadúnas san agus dá réir a bheidh an gnó san ar siúl, no

(b) maran líomatáiste eiscithe an líomatáiste sin agus mara ndeinidh an duine sin gan earraí ceannaíochta d'iompar i gcúrsa an ghnótha san iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ach sa líomatáiste sin no sa líomatáiste sin agus i líomatáistí eiscithe eile.

(2) Gach duine go mbeidh gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar siúl aige contrárdha don alt so béidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

(3) Beidh deimhniú thabharfaidh le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh don Aire agus é bheith á dheimhniú ná raibh duine áirithe, lá no laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe, ina shealbhóir ar cheadúnas earraí ceannaíochta á údarú dho gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige alos saghais áirithe earraí ceannaíochta laistigh de líomatáiste áirithe, beidh san, gan cruthúnas ar shighniú an duine thugann le tuiscint a lámh do bheith leis an deimhniú san no gurbh oifigeach don Aire é, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt ar pé nithe acu san adubhradh a tugtar le tuiscint do bheith deimhnithe sa deimhniú san agus leis.

Stáisiúin chun plátaí feithicle do thabhairt amach.

10. —Tar éis don Aire dul i gcomhairle le Coimisinéir an Ghárda Síochána féadfaidh o am go ham, le hordú, pé stáisiúin Ghárda Síochána agus pé méid acu is dóich leis is ceart do cheapadh chun bheith ina stáisiúin chun plátaí feithicle do thabhairt amach chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus beidh gach stáisiún Gárda Síochána ceapfar amhlaidh ina stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Iarrataisí ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta.

11. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta, sé sin le rá :—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas agus cuirfear chun an Aire é sa tslí orduithe;

(b) luadhfar i ngach iarratas—

(i) an líomatáiste no na líomatáistí ina mbeidh an t-iarratasóir ar aigne gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige ;

(ii) an saghas no na saghsanna earraí ceannaíochta a bheidh an t-iarratasóir ar aigne d'iompar ;

(iii) an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach inar mian leis an iarratasóir, má géilltear dá iarratas, plátaí feithicle do bheith ar fáil le tabhairt amach do ;

(iv) pé mion-innste eile bheidh orduithe.

(2) Más iomparthóir atá ann cheana an t-iarratasóir ar cheadúnas earraí ceannaíochta, luadhfar ina iarratas má deintear é roimh an lá cheaptha, i dteanta na nithe ceangaltar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do luadh ann—

(a) an gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar gur mar gheall air adeir an t-iarratasóir gur iomparthóir atá ann cheana é ;

(b) an méid feithiclí inneall-ghluaiste is laraithe no tarraicirí, agus iad aicmithe amhlaidh san iarratas san, a bhí ar aon dáta áirithe (dá ngairmtear an dáta cinnteach san Acht so) idir an ladh lá d'Iúl, 1932, agus an 8adh lá d'Fheabhra, 1933, ar n-a roghadh ag an iarratasóir, do réir na gcoinníollacha so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha i gcóir cáilíochta san Acht so), sé sin le rá—

(i) a bhí ceadúnuithe go cuibhe i Saorstát Éireann fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin ;

(ii) a bhí in úsáid no ar fáil chun críche an ghnótha iompair earraí ceannaíochta de bhóthar san; agus

(c) mion-innste (ar a n-áirmhítear an mheáchaint gan ualach) i dtaobh gach feithicle inneall-ghluaiste acu san.

(3) Cuirfear chun an Aire i dteanta gach iarratais a déanfar de réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo na leabhair chlárathachta bhaineann leis na feithiclí inneall-ghluaiste go ndeintear mioninnste ina dtaobh do luadh san iarratas san.

(4) Gach éinne iarrfaidh ceadúnas earraí ceannaíochta déanfaidh, ar an Aire do cheangal san air, gach eolas do thabhairt don Aire theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(5) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas fíre cuirfear in iarratas ar cheadúnas earraí ceannaíochta no cuirfear mar fhreagra chun an Aire ar eisean d'iarraidh eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófar an ráiteas san le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an bhfíor a bheidh ann.

(6) Má theipeann ar éinne aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire air fén alt so do thabhairt uaidh, féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin, diúltadh do ghéilleadh don iarratas gur ina thaobh do ceangladh amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt.

Ceadúnaisí earraí ceannaíochta do dheonadh.

12. —(1) Fé réir forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo deonfaidh an tAire ceadúnas earraí ceannaíochta do gach cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar a iarrfaidh an ceadúnas san air am ar bith do réir an ailt sin.

(2) Fé réir forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo deonfaidh an tAire ceadúnas earraí ceannaíochta do gach iomparthóir atá ann cheana a iarrfaidh an ceadúnas san air roimh an lá cheaptha do réir an ailt sin.

(3) Fé réir forálacha an ailt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas earraí ceannaíochta do dheonadh d'aon chuideachtain loingseoireachta iarrfaidh an ceadúnas san air tar éis an lae cheaptha do réir an ailt sin.

(4) Má dheineann duine seachas cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar a iarraidh do réir an ailt deiridh sin roimhe seo tar éis an lae cheaptha go ndeonfaí ceadúnas earraí ceannaíochta dho chun gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige maidir le saghas áirithe no le saghsanna áirithe earraí ceannaíochta i líomatáiste áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) má bhíonn an tAire sásta nách leor na saoráidí iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá sa líomatáiste sin cheana iarrfaidh ar pé cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar a roghfa sé leorshaoráidí iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do chur ar fáil sa líomatáiste sin laistigh de pé am a shocróidh sé ;

(b) mara ndeinidh an chuideachta údaruithe sin chun earraí ceannaíochta d'iompar, laistigh den am san, saoráidí iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do chur ar fáil is leor, dar leis an Aire, don líomatáiste sin, féadfaidh an tAire, más dóich leis go raghadh sé chun leasa na puiblíochta san do dhéanamh, an ceadúnas san do dheonadh don duine sin.

(5) Ní dhéanfaidh an tAire am ar bith ceadúnas earraí ceannaíochta do dheonadh d'éinne nách duine go gceangaltar ar an Aire no go n-údaruítear do leis an alt so ceadúnas earraí ceannaíochta do dheonadh dho.

(6) San Acht so cialluíonn an abairt “ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana” ceadúnas earraí ceannaíochta ar n-a dheonadh d'iomparthóir atá ann cheana do réir fo-ailt (2) den alt so.

Riailmheáchaintí laraí agus riailmheáchaintí tarraicire d'iomparthóir atá ann cheana.

13. —Sara ndeonaidh an tAire ceadúnas earraí ceannaíochta d'iomparthóir atá ann cheana do réir iarratais a déanfar roimh an lá cheaptha, déanfaidh—

(a) i gcás aon choda de sna feithiclí inneall-ghluaiste bheidh luaidhte san iarratas san do bheith ina laraithe bhí, dar leis an Aire, do réir na gcoinníollacha i gcóir cáilíochta ar an dáta cinnteach, déanfaidh meáchaint iomlán gan ualach na laraithe sin d'fháil amach agus an mheáchaint iomlán gan ualach a gheobhfar amach amhlaidh isí bheidh, chun crícheanna an Achta so, mar riail-mheáchaint laraí don cheadúnaí fén gceadúnas san ;

(b) i gcás aon choda de sna feithiclí inneall-ghluaiste bheidh luaidhte san iarratas san do bheith ina dtarraicirí bhí, dar leis an Aire, do réir na gcoinníollacha i gcóir cáilíochta ar an dáta cinnteach, déanfaidh meáchaint iomlán gan ualach na dtarraicirí sin d'fháil amach agus an mheáchaint iomlán gan ualach a gheobhfar amach amhlaidh isí bheidh, chun crícheanna an Achta so, mar riail-mheáchaint tarraicire don cheadúnaí fén gceadúnas san.

Oibriú ceadúnaisí earraí ceannaíochta.

14. —(1) Gach ceadúnas earraí ceannaíochta deonfar do réir iarratais—

(a) déanfaidh agus déarfaidh a údarú don cheadúnaí fén gceadúnas san gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige alos na n-earraí ceannaíochta bheidh luaidhte san iarratas san laistigh den líomatáiste no de sna líomatáistí bheidh luaidhte san iarratas san, ach san fé réir forálacha an Achta so agus rialachán ar n-a ndéanamh fé agus fós fé réir na gcoinníollacha luadhfar sa cheadúnas san ;

(b) luadhfaidh an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag á mbeidh plátaí feithicle ar fáil le tabhairt amach don cheadúnaí sin, agus sé stáisiún a luadhfar amhlaidh ná an stáisiún a bheidh luaidhte san iarratas san mar stáisiún gurb ann ba mhian leis an gceadúnaí sin plátaí feithicle do bheith ar fáil le tabhairt amach do ;

(c) luadhfaidh an iomparthóir atá ann cheana an ceadúnaí sin no nách eadh.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfaidh agus déarfaidh gach ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana a údarú don cheadúnaí fén gceadúnas san—

(a) i gcás riail-mheáchaint laraí do bheith ann don cheadúnaí sin ach gan aon riail-mheáchaint tarraicire do bheith ann don cheadúnaí sin, an gnó a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl aige ach san le laraí no le laraithe nách mó a mheáchaint gan ualach no a meáchaint iomlán gan ualach ná an riail-mheáchaint laraí sin ;

(b) i gcás riail-mheáchaint tarraicire do bheith ann don cheadúnaí sin ach gan aon riail-mheáchaint laraí do bheith ann don cheadúnaí sin, an gnó a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl aige ach san le tarraicire no le tarraicirí nách mó a mheáchaint gan ualach no a meáchaint iomlán gan ualach ná an riailmheáchaint tarraicire sin ;

(c) i gcás riail-mheáchaint laraí do bheith ann don cheadúnaí sin agus fós riail-mheáchaint tarraicire do bheith ann don cheadúnaí sin, an gnó a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl aige ach san le laraí no le laraithe nách mó a mheáchaint gan ualach no a meáchaint iomlán gan ualach ná an riail-mheáchaint laraí sin agus le tarraicire no le tarraicirí nách mó a mheáchaint gan ualach no a meáchaint iomlán gan ualach ná an riailmheáchaint tarraicire sin no le laraí no laraithe den tsórt san no le tarraicire no tarraicirí den tsórt san.

(3) Má deintear ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana d'aistriú fén Acht so go dtí cuideachta údaruithe chun carraí ceannaíochta d'iompar, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) scuirfidh fo-alt (2) den alt so d'éifeacht do bheith aige maidir leis an gceadúnas san, agus

(b) déanfaidh an tAire, ar iarratas na cuideachtan san, an ceadúnas san do leasú dá réir sin.

Oblagáid ar cheadúnaithe earraí ceannaiochta do ghlacadh chun iad d'iompar.

15. —(1) Gach ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta dá dtairgfear earraí ceannaíochta de shaghas a luaidhtear sa cheadúnas san chun iad d'iompar idir aon dá áit laistigh den líomatáiste luaidhtear sa cheadúnas san beidh sé d'oblagáid air na hearraí ceannaíochta san do ghlacadh chun iad d'iompar ar luach saothair réasúnta idir an dá áit sin.

(2) Má dheineann aon cheadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta diúltú don oblagáid a forchuirtear air leis an alt so do chólíonadh, beidh an ceadúnaí sin, mara gcuiridh ina luighe ar an gcúirt go raibh an diúltú san réasúnta sa chás áirithe sin, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Toirmeasc ar cheadúnaithe do thabhairt tosaíochta nea-chuibhe.

16. —(1) Ní dhéanfaidh aon cheadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta, agus an gnó a húdaruítear leis an gceadúnas san ar siúl aige, aon tosaíocht ná aon bhuntáiste, nea-chuibhe no nea-réasúnta, do thabhairt d'aon duine, céird, tionnscal, ceanntar ná port áirithe ná i bhfabhar an chéanna, ná ní dhéanfaidh aon leathtrom ná ceataí, nea-chuibhe no nea-réasúnta, ar aon duine, céird, tionnscal, ceanntar ná port áirithe.

(2) Féadfaidh aon duine, aon chólucht ionadathach trádálaithe, no aon chólucht daoine ionaduíonn ceárd no áit, féadfaidh, ar an scór go ndearna ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta sárú ar fhorálacha an ailt seo, ordú d'iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn á cheangal ar an gceadúnaí sin eirghe as an sárú san, agus air sin d'iarraidh féadfaidh an bínse bóthair iarainn, más deimhin leis gur thárla an sárú san, an t-ordú san do dhéanamh.

Coinníollacha ceadúnaisí earraí ceannaíochta.

17. —Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas earraí ceannaíochta féadfaidh coinníollacha do chur leis fé mar is dóich leis is ceart agus a luadhfa sé sa cheadúnas san agus go sonnrách, agus gan dochar do gheneráltacht na comhachta san roimhe seo, coinníollacha maidir le gach ní no le héinní acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) págh agus coinníollacha fostaíochta na bhfostaithe bheidh ag oibriú na bhfeithiclí a húsáidfear chun crícheanna an ghnótha iompair earraí ceannaíochta de bhóthar a bheidh ar siúl ag an gceadúnaí ;

(b) có-aontuithe no socruithe dhéanfaidh an ceadúnaí i dtaobh an ghnótha san le daoine eile iompruíonn earraí ceannaíochta de bhóthar iarainn, de bhóthar, d'aer, no d'uisce do chur in úil don Aire agus an tAire dá gceadú ;

(c) gan ach feithiclí rinneadh i bpáirt no go hiomlán i Saorstát Éireann d'úsáid no méid áirithe acu san d'úsáid agus coinneáil-i-dtreo na bhfeithiclí sin.

Coinníollacha ceadúnais earraí ceannaíochta do leasú i rith a ré.

18. —(1) Féadfaidh an tAire uaidh féin i rith ré ceadúnais earraí ceannaíochta na coinníollacha ghabhann leis an gceadúnas san do leasú (pe'ca tré chur-leis, tré fhágaint ar lár no tré atharú é) ar pé slí is oiriúnach leis.

(2) Pé uair a bheidh an tAire chun leasú do dhéanamh, i bhfeidhmiú na comhachta bronntar air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ar na coinníollacha ghabhann le ceadúnas earraí ceannaíochta cuirfidh fé ndeár fógra do sheirbheáil ar an gceadúnaí ag luadh na gcoinníollacha leasuithe bheidh le gabháil leis an gceadúnas san, agus ar an bhfógra san do sheirbheáil geobhaidh na coinníollacha leasuithe sin leis an gceadúnas san.

Tosach feidhme agus ré ceadúnaisí earraí ceannaíochta.

19. —(1) Luadhfar dáta a thosnuithe i ngach ceadúnas earraí ceannaíochta agus tosnóidh gach ceadúnas den tsórt san an dáta bheidh luaidhte amhlaidh.

(2) Leanfaidh gach ceadúnas earraí ceannaíochta i bhfeidhm (mara dtuitidh ar lár no mara gceiliúrtar é roimhe sin fén Acht so agus fé réir aon chur-ar-fiunraoi fén Acht so) go ceann bliana o dháta a thosnuithe agus ragha sé in éag ansan mara ndeintear é d'athnuachaint fén Acht so.

Iarratas ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta d'athnuachaint.

20. —(1) Féadfaidh gach duine is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta bheidh i bhfeidhm (pe'ca de bhuadh an cheadúnais sin do dheonadh ar dtúis é no de bhuadh athnuachainte air) féadfaidh, laistigh den aimsir orduithe agus le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm amhlaidh, a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'athnuachaint.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh agus is sa tslí orduithe déanfar gach iarratas ar cheadúnas earraí ceannaíochta d'athnuachaint agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(3) Gach éinne iarrfaidh fén alt so go ndéanfaí ceadúnas earraí ceannaíochta d'athnuachaint déanfaidh, ar n-a cheangal san air don Aire, gach eolas do thabhairt don Aire theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(4) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas fíre cuirfear in iarratas ar cheadúnas earraí ceannaíochta d'athnuachaint no cuirfear mar fhreagra chun an Aire ar eisean d'iarraidh eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófar an ráiteas san le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an bhfíor a bheidh ann.

(5) Má theipeann ar éinne aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire air fén alt so do thabhairt uaidh, féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so, diúltú do ghéilleadh don iarratas gur ina thaobh do ceangladh amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt.

Athnuachaintí ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta do dheonadh.

21. —(1) Féadfaidh an tAire diúltú do ghéilleadh d'iarratas, ar cheadúnas earraí ceannaíochta d'athnuachaint, ar scór no ar scóranna acu so leanas ach ní har aon scór eile, sé sin le rá :—

(a) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh, le linn ré an cheadúnais no na hathnuachainte deiridh air, coinníoll no coinníollacha dá raibh ag gabháil leis an gceadúnas san do bhriseadh no faillí do thabhairt i gcoinníoll no i gcoinníollacha acu san d'fhorchoimeád no do chólíonadh ;

(b) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh, le linn na ré sin, forálacha an Achta so no na rialachán do rinneadh fé do bhriseadh no faillí do thabhairt in iad do chólíonadh ;

(c) ar an scór go ndearnadh, le linn na ré sin, an ceadúnaí fén gceadúnas san do chiontú i gcionta (pe'ca fén Acht so é no fé aon Acht eile) maidir leis an ngnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar le n-a mbaineann an ceadúnas san no maidir leis na feithiclí a húsáidtear ann.

(2) Pé uair a dheonfaidh an tAire athnuachaint ar cheadúnas earraí ceannaíochta féadfaidh an tAire na coinníollacha ghabhann leis an gceadúnas san do leasú (pe'ca tré chur-leis, tré fhágaint ar lár no tré atharú é) ar pé slí is dóich leis is ceart.

Ré athnuachaintí ceadúnaisí earraí ceannaíochta.

22. —Tosnóidh gach athnuachaint ar cheadúnas earraí ceannaíochta díreach ar dhul in éag don cheadúnas no don athnuachaint ar an gceadúnas (pe'ca aca é) gur athnuachaint air í agus leanfaidh i bhfeidhm (mara dtuitidh ar lár no mara gceiliúrtar roimhe sin í fén Acht so agus fé réir aon chur-ar-fiunraoi fén Acht so) go ceann bliana o dháta a tosnuithe.

Ceadúnas a bheidh ag cuideachtain loingseoireachta do dhul in éag.

23. —Scuirfidh ceadúnas earraí ceannaíochta bheidh ag cuideachtain a bhí, ar dháta an deonta don chuideachtain sin no an aistrithe chúiche, ina cuideachtain loingseoireachta, scuirfidh de bheith i bhfeidhm ar an gcuideachtain sin do scur de bheith ina cuideachtain loingseoireachta.

Ceadúnaisí earraí ceannaíochta do cheiliúradh.

24. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas earraí ceannaíochta do cheiliúradh ar iarratas an té is ceadúnaí fé.

(2) Féadfaidh an tAire aon uair, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas earraí ceannaíochta do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi ar feadh pé tréimhse is dóich leis is ceart ar aon scór ar a n-údaruítear do leis an Acht so diúltadh do ghéilleadh d'iarratas ar an gceadúnas san d'athnuachaint.

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas earraí ceannaíochta do cheiliúradh más deimhin leis gur tré chalaois no tré cham-thuairisc do fuarthas an ceadúnas san.

Ceadúnaisí earraí ceannaíochta d'aistriú.

25. —(1) Ní bheidh ceadúnas earraí ceannaíochta ionaistrithe, ag an gceadúnaí ná tré oibriú dlí, chun éinne eile.

(2) I gcás únaeracht ghnótha iompair earraí ceannaíochta de bhóthar d'aistriú, pe'ca tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí é, ón té is ceadúnaí fén gceadúnas earraí ceannaíochta bhaineann leis an ngnó san chun duine eile beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) maran cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar an ceadúnaí sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(i) i gcás an duine sin do bheith ina chuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar, no ina ghaol don cheadúnaí sin, no i gcás an duine sin do theacht i dteideal an ghnótha san fé uachta no d'éamais uachta, déanfaidh an tAire, ar iarratas an duine sin, an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin,

(ii) in aon chás eile féadfaidh an tAire, ar iarratas an duine sin, an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin más dóich leis gur ceart san do dhéanamh ;

(b) más cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar an ceadúnaí sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(i) i gcás an duine sin do bheith ina chuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar déanfaidh an tAire, ar iarratas an duine sin, an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin,

(ii) in aon chás eile scuirfidh an ceadúnas san de bheith i bhfeidhm.

(3) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas ar cheadúnas earraí ceannaíochta d'aistriú fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(4) I gcás ceadúnas earraí ceannaíochta d'aistriú fén alt so tuigfear an ceadúnas san d'aistriú ar dháta aistrithe an ghnótha le n-a mbaineann an ceadúnas san.

(5) Chun crícheanna an ailt seo beidh gach duine acu so leanas agus ní bheidh duine ar bith eile ina ghaol do cheadúnaí, sé sin le rá, fear céile an cheadúnaí sin, bean chéile an cheadúnaí sin, éinne is gaol fola, den chéad ghlúin no den dara glúin no den tríú glúin, don cheadúnaí sin, fear céile aon duine is gaol den tsórt san, agus bean chéile aon duine is gaol den tsórt san.

Ceadúnaí fe cheadúnas earraí ceannaíochta d'fháil bháis.

26. —(1) Pé uair a gheobhaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta bás beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) féadfar an gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar le n-a mbaineann an ceadúnas san do choimeád ar siúl fén gceadúnas san go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá—promháid uachta no leitreacha riaracháin estáit phearsanta an cheadúnaí sin do dheonadh, no an ceadúnas san do dhul in éag, no trí mhí do bheith caithte ón am do fuair an ceadúnaí sin bás ;

(b) féadfaidh ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, an gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar san do choimeád ar siúl go ceann sé mhí ón am do fuair an ceadúnaí sin bás no go dtí go raghaidh an ceadúnas san in éag, pé ní acu san is túisce thárlóidh ;

(c) féadfaidh ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin athnuachaint no aistriú (pe'ca aca is gá sa chás) ar an gceadúnas san chuige féin d'iarraidh ar an Aire, agus ar an iarratas san do dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(i) más iarratas ar athnuachaint an t-iarratas san, féadfaidh an tAire diúltú do ghéilleadh don iarratas san ach ní fhéadfaidh déanamh amhlaidh ach ar scór no ar scóranna ar a n-údaródh an tAcht so dho diúltú do ghéilleadh don iarratas dá maireadh an ceadúnaí sin agus dá mb'é féin a dhéanfadh an t-iarratas,

(ii) más iarratas ar aistriú an t-iarratas san, géillfidh an tAire don iarratas san.

Táillí ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta do dheonadh, etc.

27. —(1) Íocfar leis an Aire alos gach iarratais a déanfar fén gCuid seo den Acht so ar cheadúnas earraí ceannaíochta do dheonadh, d'athnuachaint, no d'aistriú táille de pé méid a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, agus beidh íoc na táille sin (a coinneofar pe'ca géillfear don iarratas no ná géillfear) ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san.

(2) Féadfar táillí deifriúla d'ordú maidir le deonta, le hathnuachaintí agus le haistrithe, fé seach, a dhéanamh ar cheadúnaisí earraí ceannaíochta, agus féadfaidh na táillí sin bheith de mhéid sheasmhach no de mhéid ar n-a dhéanamh amach do réir scála bheidh gráduithe do réir an líon feithiclí inneall-ghluaiste bheidh á úsáid ag an gceadúnaí, no do réir meáchainte iomláine gan ualach na bhfeithiclí sin, no ar shlí eile.

Cuntaisí agus tuairiscí o cheadúnaithe fé cheadúnaisí earraí ceannaíochta.

28. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfa sé fén Acht so, a ordú cadiad na cuntaisí choimeádfaidh gach duine go mbeidh gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar siúl aige fé cheadúnas earraí ceannaíochta agus fós cadiad na ráitisí cuntas, na tuairiscí i dtaobh tráchta agus na tuairiscí eile do bhéarfaidh gach duine den tsórt san don Aire go tréimhsiúil agus cadiad na tráthanna agus na hócáidí ar a dtabharfar na tuairiscí sin do amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, leis na coinníollacha cuirfear le ceadúnas earraí ceannaíochta, a cheangal ar an gceadúnaí fén gceadúnas san cuntaisí do choimeád no tuairiscí do thabhairt uaidh a bheidh deifriúil (pe'ca tré chur-leis, tré fhágaint ar lár no tré atharú é) leis na cuntaisí no leis na tuairiscí bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén Acht so agus má cuirtear aon choinníoll den tsórt san le ceadúnas earraí ceannaíochta is fé réir an choinníll sin a bheidh éifeacht ag na rialacháin sin maidir leis an gceadúnaí fén gceadúnas san.

(3) Féadfaidh an tAire gach tuairisc no aon tuairisc do bhéarfar do fén alt so, agus fós staitistíocht a chuirfe sé le chéile o sna tuairiscí sin, d'fhoillsiú fé mar agus nuair is oiriúnach leis é.

(4) Gach duine go dteipfidh air na cuntaisí do choimeád no na tuairiscí do thabhairt uaidh a ceanglófar air, le rialacháin a déanfar fén Acht so no le coinníoll a cuirfear le ceadúnas earraí ceannaíochta, a choimeád no a thabhairt uaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

Cláir a choimeádfaidh an tAire.

29. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go ndéanfar clár de sna ceadúnaisí uile earraí ceannaíochta deonfar fén gCuid seo den Acht so do bhunú agus do choimeád, agus beidh an clár san i pé fuirm agus beidh ann pé mion-innste ordóidh an tAire.

(2) Beidh an clár san le feiscint gach tráth réasúnta chun a iniúchta ag éinne ar íoc pé táille, nách mó ná scilling, a shocróidh an tAire o am go ham le ceadú an Aire Airgid.

(3) Beidh duine ar bith i dteideal cóip d'aon iontráil sa chlár san d'fháil ón Aire ar íoc pé táille aiste, nách mo ná reul ar gach folio no cuid d'fholio de dhá fhocal sheachtód sa chóip sin, a shocróidh an tAire o am go ham le ceadú an Aire Airgid.

(4) Déanfar gach táille is iníoctha fén alt so do bhailiú agus cuntas do thabhairt ina taobh i pé slí ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Plátaí feithicle do thabhairt amach.

30. —(1) An té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta féadfaidh, ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach a luaidhtear ina cheadúnas, a iarraidh ar Ard-Cheannphort an Ghárda Síochána gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin atá an stáisiún san pláta feithicle do thabhairt amach alos aon fheithicle inneall-ghluaiste atá sé ar aigne d'úsáid chun críche an ghnótha a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar súil.

(2) Ar Ard-Cheannphort den Ghárda Síochána d'fháil iarratais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfaidh an tArd-Cheannphort san, fé réir forálacha an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo, pláta feithicle do thabhairt amach don iarratasóir alos na feithicle sin.

(3) I gcás pláta feithicle, bhéarfar amach don té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta alos feithicle inneall-ghluaiste áirithe, i gcás san do chailliúint, do dhíthiú, no do bhriseadh no agha-lot chó mór san do dhul air de dhruim caithimh no díobhála go mbeidh gach ceann no aon cheann de sna marcanna ceangaltar, leis an alt so, do bheith air scriosta dhe no do-léighte, ansan, an té is ceadúnaí fén gceadúnas san féadfaidh, ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag ar tugadh amach an pláta feithicle sin, a iarraidh ar Ard-Cheannphort an Ghárda Síochána gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin atá an stáisiún san pláta nua feithicle do thabhairt amach alos na feithicle sin, agus leis sin déanfaidh an tArd-Cheannphort san, más deimhin leis an pláta feithicle sin a céad-luaidhtear do bheith caillte, díthithe no briste no agha-lot do bheith imithe air amhlaidh, agus ar an bpláta feithicle sin (maran caillte no díthithe dho) do sheachadadh dho, déanfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, pláta nua feithicle agus marcanna air den tsaghas chéanna bhí ar an bpláta feithicle sin a céad-luaidhtear do thabhairt amach don iarratasóir.

(4) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas fén alt so ar phláta feithicle alos feithicle inneall-ghluaiste áirithe agus beidh ina theanta an leabhar clárathachta bhaineann leis an bhfeithicil sin.

(5) Ní thabharfaidh Ard-Cheannphort pláta feithicle amach alos aon fheithicle inneall-ghluaiste maran deimhin leis an fheithicil sin do bheith ceadúnaithe go cuibhe fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(6) Íocfar , alos gach iarratais a déanfar ar phláta feithicle fén alt so, leis an Ard-Cheannphort den Ghárda Síochána chun a ndéanfar an t-iarratas san táille de pé méid a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid agus tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, agus beidh íoc na táille sin (a coinneofar pe'ca géillfear don iarratas no ná géillfear) ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san.

(7) Gach pláta feithicle do bhéarfar amach fén alt so is de mhiotal a bheidh sé déanta agus beidh sé do réir an phátrúin orduithe agus beidh na marcanna orduithe air.

Srian le plátaí feithicle do thabhairt amach.

31. —(1) I gcás an té (seachas cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar) is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana d'iarraidh pláta feithicle do thabhairt amach alos laraí, ní tabharfar amach an pláta san—

(a) más rud é ná fuil aon riail-mheáchaint laraí ann don cheadúnaí sin, ná

(b) más rud é go bhfuil riail-mheáchaint laraí ann don cheadunaí sin, agus—

(i) gur mó meáchaint gan ualach an tarraicire sin ná an riail-mheáchaint tarraicire sin, no

(ii) gurb é thiocfadh as an tabhairt-amach san, dá ndeintí é, ná gur mhó le chéile meáchaintí gan ualach na laraithe gur ina dtaobh a bheadh plátaí feithicle tugtha amach don cheadúnaí sin ná an riail-mheáchaint laraí sin.

(2) I gcás an té (seachas cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar) is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana d'iarraidh pláta feithicle do thabhairt amach alos tarraicire, ní tabharfar amach an pláta san—

(a) más rud é ná fuil aon riail-mheáchaint tarraicire ann don cheadúnaí sin, no

(b) más rud é go bhfuil riail-mheáchaint tarraicire ann don cheadúnaí sin, agus—

(i) gur mó meáchaint gan ualach an tarraicire sin ná an riail-mheáchaint tarraicire sin, no

(ii) gurb é thiocfadh as an tabhairt-amach san, dá ndeintí é, ná gur mhó le chéile meáchaintí gan ualach na dtarraicirí gur ina dtaobh a bheadh plátaí feithicle tugtha amach don cheadúnaí sin ná an riail-mheáchaint tarraicire sin.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana pláta feithicle do tugadh amach don cheadúnaí sin do thabhairt suas ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag ar tugadh amach é tuigfear chun crícheanna an ailt seo gan an pláta feithicle sin do bheith tugtha amach a thuilleadh don cheadúnaí sin.

Plátaí feithicle do sheachadadh don Ghárda Síochána i gcásanna áirithe.

32. —(1) I gcás—

(a) feithicle gur tugadh amach pláta feithicle ina taobh do dhíol no í do scur de bheith ceadúnaithe go cuibhe fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, no

(b) únaera feithicle gur tugadh amach pláta feithicle ina taobh do scur de bheith i dteideal do réir dlí gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige,

déanfaidh únaer na feithicle sin laistigh de thrí lá tar éis an díola no an scurtha san an pláta feithicle sin do sheachadadh do bhall den Ghárda Síochána ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag ar tugadh amach an pláta feithicle sin.

(2) Má dheineann duine ar bith teip no má thugann sé faillí maidir le déanamh do réir an ailt seo beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

Plátaí feithicle d'úsáid go calaoiseach.

33. —Má deintear aon phláta feithicle bhéarfar amach alos feithicle inneall-ghluaiste áirithe do ghreamú d'aon fheithicil inneall-ghluaiste eile, beidh únaer na feithicle inneall-ghluaiste sin a céad-luaidhtear agus fós únaer na feithicle inneall-ghluaiste eile sin (marab eisean únaer na feithicle inneall-ghluaiste sin a céadluaidhtear) beidh gach duine fé leith acu ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

E do bheith mar oblagáid pláta feithicle do bheith ar fheithiclí bheidh ag iompar earraí ceannaíochta.

34. —(1) An pláta feithicle bhéarfar amach fén gCuid seo den Acht so alos feithicle inneall-ghluaiste déanfar é do ghreamú den fheithicil sin san áit agus sa tslí orduithe agus beidh sé greamuithe mar sin i gcomhnaí nuair a bheidh an fheithicil sin á húsáid i gcóir iompair earraí ceannaíochta de bhóthar.

(2) Má húsáidtear aon fheithicil inneall-ghluaiste i gcóir iompair earraí ceannaíochta de bhóthar gan pláta feithicle tugadh amach fén gCuid seo den Acht so alos na feithicle sin do bheith greamuithe dhi san áit agus sa tslí orduithe, no go bpláta feithicle den tsórt san ach agha-lot chó mór san imithe air de dhruim caithimh no díobhála go mbeidh na marcanna ceangaltar, leis an Acht so, do bheith air scriosta dhe no do-léighte, beidh únaer na feithicle sin agus fós tiománaí na feithicle sin, beidh gach duine fé leith acu ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Feithiclí bheidh ag iompar earraí ceannaíochta d'iniúchadh.

35. —(1) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána, aon uair agus in aon áit, laraí no tarraicire ar bith d'iniúchadh agus do scrúdú agus chuige sin féadfaidh gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—

(a) dul isteach in aon áit ina mbeidh an laraí no an tarraicire sin ;

(b) i gcás an laraí no an tarraicire sin do bheith ag gluaiseacht, a cheangal air stad ;

(c) a cheangal ar thiománaí an laraí no an tarraicire sin é thiomáint láithreach go dtí áit chaothúil a thaisbeánfaidh an ball san chun é d'iniúchadh agus do scrúdú amhlaidh.

(2) Gach duine—

(a) a choiscfidh ball den Ghárda Síochána no a cuirfidh isteach air agus é ag feidhmiú aon chomhachta bronntar leis an alt so, no

(b) is tiománaí laraí no tarraicire bheidh ag gluaiseacht, agus go dteipfidh air é stop nuair a cheanglóidh ball den Ghárda Síochána air fén alt so san do dhéanamh, no

(c) is tiománaí laraí no tarraicire agus go dteipfidh air déanamh do réir mar a cheanglóidh ball den Ghárda Síochána air fén alt so maidir leis an laraí no leis an tarraicire sin,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Toirmeasc ar chonnartha chun earraí ceannaíochta d'iompar do dhéanamh le duine neacheadúnaithe.

36. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis ní bheidh sé dleathach d'éinne có-aontú do dhéanamh chun duine ar bith eile d'iompar earraí ceannaíochta ar luach saothair maran ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta an duine eile sin no maran laistigh de líomatáiste eiscithe agus sa líomatáiste sin amháin a bheidh na hearraí ceannaíochta san le hiompar.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

An Public Roads (Ireland) Act, 1911, do leasú.

37. —Ní luighfidh aon aicsean fé fho-alt (1) d'alt 1 den Public Roads (Ireland) Act, 1911, i gcoinnibh an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta alos damáiste ar bith a déanfar do bhóthar phuiblí de dhruim an ghnótha a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl ag an gceadúnaí sin.

CUID III.

Iocaiochtai as Earrai Ceannaiochta D'Iompar.

Earraí ceannaíochta d'aicmiú.

38. —(1) Pé uair—

(a) a deonfar ceadúnas earraí ceannaíochta do chuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no do chuideachtain loingseoireachta no d'iomparthóir atá ann cheana go bhfuil a ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta, no

(b) a haistreofar ceadúnas earraí ceannaíochta chun cuideachtan údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no chun cuideachtan loingseoireachta o dhuine ar bith seachas cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar, cuideachta loingseoireachta, no iomparthóir atá ann cheana go bhfuil a ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta, no

(c) a thiocfaidh gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar a bheidh ar siúl fé cheadúnas earraí ceannaíochta chun bheith ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta,

déanfaidh an té is ceadúnaí fén gceadúnas san, laistigh de thrí mhí no de pé tréimhse níos sia ná san a cheadóidh an tAire tar éis an deonta no an aistrithe sin no tar éis an ghnótha san do theacht chun bheith ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta (do réir mar bheidh), déanfaidh tairiscint, maidir le haicmiú na n-earraí ceannaíochta luaidhtear sa cheadúnas san chun rátaí íocaíocht fén gCuid seo den Acht so do chur i mbaint leis na hearraí ceannaíochta san, do chur fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta tairiscint, maidir le hearraí ceannaíochta d'aicmiú, do chur fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn do réir an ailt seo breithneoidh an bínse bóthair iarainn agus, tar éis dóibh na páirtithe uile ag á mbeidh leas sa scéal agus gur mian leo éisteacht fháil d'éisteacht, cinnfid cadé an t-aicmiú earraí ceannaíochta bhainfidh leis an gceadúnaí sin.

(3) Le linn dóibh na gcomhacht a bronntar ortha leis an alt so d'fheidhmiú beidh sé de chomhacht ag an mbínse bóthair iarainn aon aicmiú ar a gcinnfid do roinnt i pé méid cineál agus pé saghsanna earraí ceannaíochta ionta is oiriúnach leo, agus le linn dóibh bheith ag cinneadh cadé an aicme ina gcuirfear aon earraí ceannaíochta áirithe déanfaid, i dteanta féachaint chun gach ní eile bhaineann leis an scéal, féachaint do luach na n-earraí ceannaíochta san, dá dtoirt i gcomórtas le n-a meáchaint, don bhaol maidir le díobháil do dhéanamh dóibh agus do chostas a láimhseála, agus fós don tsábháil i gcostas láimhseála na n-earraí ceannaíochta san d'fhéadfadh a theacht nuair a cuirtear na hearraí ceannaíochta san ar aghaidh ina mór-choda, ach mar sin féin déanfaid san i slí go mbeidh gach aicmiú tríd is tríd gan cumhangas ach é simplí agus oiriúnach don chás agus é de shaghas is deallrathach a raghaidh go mór chun leasa an tionnscail iompair earraí ceannaíochta de bhóthar.

Sceidil na n-íocaíocht.

39. —(1) Nuair a chinnfidh an bínse bóthair iarainn ar aicmiú earraí ceannaíochta bhainfidh leis an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta, déanfaidh an ceadúnaí sin, laistigh de thrí mhí no de pé tréimhse níos sia ná san a cheadóidh an tAire tar éis an chinnte sin, sceideal íocaíocht a bheidh beartuithe ag an gceadúnaí sin d'éileamh do réir an aicmithe earraí ceannaíochta ar ar cinneadh amhlaidh do chur fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn.

(2) Breithneoidh an bínse bóthair iarainn gach sceideal d'íocaíochtaí beartuithe chuirfidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta fé n-a mbráid fén alt so agus fós aon agoídí ina choinnibh sin a lóisteálfar laistigh den am cheaptha agus sa tslí cheaptha, agus tar éis dóibh no páirtithe uile ag á mbeidh leas sa scéal agus gur mian leo éisteacht fháil d'éisteacht socróid an sceideal san agus ceapfaid an dáta ar a dtiocfaidh an céanna i bhfeidhm, agus ón dáta san amach sé an sceideal íocaíocht san agus é socair amhlaidh a bheidh, fé féir a leasuithe ag an mbínse bóthair iarainn fén gCuid seo den Acht so, már sceideal íocaíocht a bheidh i bhfeidhm don lé is ceadúnaí fén gceadúnas san.

Aicmiú earraí ceannaíochta d'atharú.

40. —(1) Ar iarratas an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta agus le n-a mbaineann an scéal no ar iarratas aon chóluchta ionadathaigh thrádálaithe no aon chóluchta dhaoine ionaduíonn ceárd no áit, beidh sé de chomhacht ag an mbínse bóthair iarainn, tar éis dóibh na páirtithe uile ag á mbeidh leas sa scéal agus gur mian leo éisteacht fháil d'éisteacht, leasú do dhéanamh (pe'ca tré atharú, tré chur-leis no tré fhágaint ar lár é) ar aon aicmiú earraí ceannaíochta ar a mbeidh cinnte acu fén gCuid seo den Acht so.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an bínse bóthair iarainn aon aicmiú earraí ceannaíochta bhaineann leis an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta do leasú déanfaid freisin (más gá san) an sceideal íocaíocht don cheadúnaí sin do leasú agus an dáta do shocrú ar a dtiocfaidh an sceideal san agus é leasuithe amhlaidh i bhfeidhm, agus ón dáta san amach sé an sceideal íocaíocht san agus é leasuithe amhlaidh a bheidh, fé réir a leasuithe ag an mbínse bóthair iarainn fén gCuid seo den Acht so, mar sceideal íocaíocht a bheidh i bhfeidhm don té is ceadúnaí fén gceadúnas san.

Sceideal na n-íocaíocht d'atharú.

41. —An té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta agus gur ina thaobh a bheidh sceideal íocaíocht i bhfeidhm no aon chólucht ionadathach trádálaithe no éinne gheobhaidh deimhniú (agus údaruítear leis seo don Aire san do dheonadh) ón Aire gur duine ceart é chun na críche sin, beidh sé i dteideal aon tráth a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn leasú do dhéanamh ar na híocaíochtaí sin no ar aon cheann acu no ar aon choinníollacha bhaineann leo, agus má chuireann an ceadúnaí no an cólucht trádálaithe no an duine sin, do réir mar bheidh, ina luighe ar an mbínse bóthair iarainn gur chóir leasú do dhéanamh ar na híocaíochtaí sin no ar aon cheann acu no ar aon choinníollacha bhaineann leo, déanfaidh an bínse bóthair iarainn pé leasuithe is oiriúnach leo, agus déanfaid an dáta do shocrú ar a dtiocfaidh na híocaíochtaí no na coinníollacha leasuithe i bhfeidhm, agus ón dáta san amach sé an sceideal san agus é leasuithe amhlaidh a bheidh, fé réir a leasuithe tuilleadh ag an mbínse bóthair iarainn, mar sceideal íocaíocht a bheidh i bhfeidhm don té is ceadúnaí fén gceadúnas san.

Forálacha maidir le sceidil íocaíocht do shocrú agus do leasú.

42. —Le linn don bhínse bhóthair iarainn sceideal íocaíocht alos duine is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta do shocrú no do leasú fén gCuid seo den Acht so déanfaid, sa mhéid gur féidir é, an sceideal san do shocrú no do leasú i slí gurb iad íocaíochtaí luadhfar ann no socrófar leis ná íocaíochtaí thabharfaidh, ag féachaint do mhéid mheasta an tráchta, leor-ioncum chun íoctha an chostais a bhainfidh leis an ngnó a húdaruítear leis an gceadúnas san do choinneáil ar siúl go héifeachtúil agus go heconomiciúil agus chun brabúis réasúnta do thabhairt ar an gcaiteachas caipitail is ionchurtha i leith an ghnótha san.

E de dhualgas ar cheadúnaithe eolas do thabhairt don Bhínse Bhóthair Iarainn.

43. —(1) Bhéarfaidh gach ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta don bhínse bhóthair iarainn, laistigh d'ocht lá fichead tar éis don bhínse bhóthair iarainn san d'éileamh air, pé eolas a theastóidh ón mbínse bóthair iarainn agus a luadhfaid san éileamh san chun aicmithe earraí ceannaíochta bhaineann leis an gceadúnaí sin fé cheadúnas earraí ceannaíochta do shocrú no do leasú no chun sceidil íocaíocht don cheadúnaí sin do shocrú no do leasú.

(2) Má theipeann ar aon cheadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta déanamh do réir an ailt seo, beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fen alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmhair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich pbúint do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae déanfar an cionta.

Aicmiú earraí ceannaíochta agus sceideal íocaíocht d'fhoillsiú.

44. —Pé uair a dhéanfaidh an bínse bóthair iarainn aicmiú earraí ceannaíochta bhaineann leis an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta do chinneadh no do leasú no sceideal íocaíocht don té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta do shocrú no do leasú beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) cuirfidh an ceadúnaí sin fé ndeár laistigh den am cheaptha an t-aicmiú agus an sceideal san d'fhoillsiú sa tslí cheaptha, agus

(b) déanfaidh an ceadúnaí sin, ar an táille cheaptha d'íoc, cóip den aicmiú no den sceideal san do thabhairt d'éinne iarrfaidh í san áit cheaptha.

Iocaíochtaí maximum.

45. —(1) Pé uair a bheidh sceideal íocaíocht i bhfeidhm don té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta, isiad na híocaíochtaí bheidh luaidhte sa sceideal san no bheidh socair leis na híocaíochtaí maximum a bheidh an ceadúnaí sin i dteideal d'éileamh as ucht na seirbhísí uile bhéarfar agus 'na mbeidh íocaíochtaí socair ina dtaobh.

(2) I gcás an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta agus dá mbeidh sceideal íocaíocht i bhfeidhm do dhéanamh éilimh, as ucht aon tseirbhíse bhéarfar agus 'na mbeidh íocaíochtaí ina taobh luaidhte sa sceideal san no socair leis, ar íocaíocht is mó ná na híocaíochtaí bheidh luaidhte sa sceideal san no socair leis, beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

CUID IV.

Foralacha Maidir Leis an mBinse Bothair Iarainn agus le hIarrataisi Chun an Bhinse Bhothair Iarainn o Choluchtai Puibli Airithe.

Ailt áirithe d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , do chur i mbaint.

46. —(1) Déanfar na tagairtí atá in alt 17 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), mar atá san leasuithe le hAcht na mBóthar Iarainn (Leasú), 1929 (Uimh. 23 de 1929) , agus le hAcht na mBóthar Iarainn (Ilghnéitheach), 1932 (Uimh. 3 de 1932) , do Chuid III d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , adubhradh do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí do Chuid III den Acht so agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.

(2) Déanfar an abairt “an tAcht so” i ngach áit ina bhfuil sí i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 18 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924, adubhradh do léiriú mar abairt a chialluíonn an tAcht san no an tAcht so agus beidh éifeacht ag na fo-ailt sin dá réir sin.

Nós-imeachta agus táillí.

47. —(1) Féadfaidh an bínse bóthair iarainn, le haontú an Aire agus an Phrímh-Bhreithimh, rialacha generálta do dhéanamh chun a nós-imeachta agus a gcleachtadh do rialú agus go generalta chun a gcomhacht agus a ndualgas fén Acht so do chur in éifeacht, agus féadfar leis na rialacha san, imeasc nithe eile, socrú do dhéanamh i dtaobh—

(a) an bínse do mholadh costaisí ;

(b) aon cheist do chur fé bhráid bhaill no oifigigh den bhínse, no fé bhráid éinne eile cheapfaid, chun tuarasgabhála do thabhairt uirthe tar éis fiosrúcháin do dhéanamh go háitiúil ;

(c) a chur ar chumas an bhínse aon imeachta bheidh os a gcóir do chríochnú, bíodh gur thárla i gcúrsa na n-imeacht atharú maidir leis na daoine ina suidhe mar bhaill den bhínse ;

(d) ceart chun éisteachta i láthair an bhínse, ach teideal a bheith ag páirtí ar bith chun éisteachta d'fháil i bpearsain, no tré ionadaí ar gnáth-fhostú ag an bpáirtí agus go n-údarás cuibhe i scríbhinn, no tré abhcóide no tré atúrnae ;

(e) an méid ball den bhínse is quorum ann chun cásanna de shaghsanna deifriúla d'éisteacht ;

(f) ní no rud ar bith dá dtagartar i gCuid III den Acht so mar ní no rud ceaptha.

(2) Eileoidh an bínse bóthair iarainn agus íocfar, i dtaobh imeachta bheidh os a gcóir fén Acht so agus i dtaobh gníomhartha dhéanfaid féin no éinne dá n-oifigigh i bhfeidhmiú a gcomhacht agus a ndualgas fé seach fén Acht so, pé táillí socrófar le horduithe dhéanfaidh an tAire ar mholadh an bhínse bhóthair iarainn agus le ceadú an Aire Airgid.

(3) Bhéarfaidh an tAire don bhínse bhóthair iarainn pé congnamh a theastóidh ón mbínse, agus cuirfidh ar fáil don bhínse aon eolas a bheidh ar seilbh aige agus is dóich leis a bhaineann leis an ní bheidh os cóir an bhínse, agus beidh teideal ag an Aire no ag aon oifigeach don Aire go n-údarás uaidh teacht i láthair agus éisteacht d'fháil in aon imeachta os cóir an bhínse.

(4) Bhéarfaidh an bínse bóthair iarainn don Aire gach bliain tuarasgabháil ar a n-imeachta fén Acht so, agus leagfaidh an tAire an tuarasgabháil sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Athchomhairc.

48. —(1) Ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon bhreithe bhéarfaidh an bínse bóthair iarainn fén Acht so ar cheist fírinne ná ar aon cheist i dtaobh locus standi éinne thiocfaidh no éileoidh éisteacht d'fháil ina láthair.

(2) Fé réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh gach breithe bhéarfaidh an bínse bóthair iarainn fén Acht so, ach ní cuirfear aon athchomharc den tsaghas san ar siúl ach do réir rialacha cúirte de chuid na Cúirte Uachtaraighe.

(3) Ar éisteacht athchomhairc fén alt so i gcoinnibh breithe ón mbínse bhóthair iarainn, féadfaidh an Chúirt Uachtarach gach brí do bhaint as an scéal ná beidh bunoscionn leis na fíora a chinn an bínse bóthair iarainn go soiléir, agus is gá chun breithe do thabhairt ar na ceisteanna tarraiceofar anuas san athchomharc, agus beidh gach comhacht aice chuige sin do bheadh aice dá mb'athchomharc i gcoinnibh breithe ón Ard-Chúirt an t-athchomharc, agus féadfaidh aon ordú do dhéanamh a fhéadfadh an bínse bóthair iarainn a dhéanamh, agus fós aon ordú eile bheidh ceart, agus fé mar is toil leis an gCúirt Uachtarach iseadh bheidh costaisí athchomhairc agus na costaisí de dhruim athchomhairc, ach ní bheidh an bínse bóthair iarainn ná aon bhall de ná aon oifigeach do ionchurtha fé aon chostaisí de chionn ná alos athchomhairc ar bith.

Socrú i dtaobh údarás puiblí, etc., do dhéanamh iarratas i gcásanna áirithe.

49. —(1) I gcás ina bhféadfaidh cólucht ionadathach trádálaithe no cólucht daoine ionaduíonn ceárd no áit iarratas do dhéanamh fén Acht so chun an bhínse bhóthair iarainn, féadfaidh aon údarás no cólucht acu so leanas an t-iarratas do dhéanamh :—

(a) aon bhord cuain, no comhairle aon chontae no buirge no ceanntair ; no

(b) aon chomhlachas tráchtála no aon chomhlachas ionaduíonn loingseoireacht, talmhaíocht, trádálaithe, lastairí no gnóthairí iompair agus a gheobhaidh deimhniú ón Aire gur cólucht ceart é chun iarratais den tsaghas san do dhéanamh.

(2) Fé réir mar a socruítear san alt so ní bheidh aon chuideachta, cólucht, ná duine ná bainfidh abhar aon iarratais áirithe leo go díreach i dteideal an iarratais sin do dhéanamh.

(3) Féadfaidh údarás no cólucht ar bith den tsaghas san roimhráite teacht i láthair i gcoinnibh aon iarratais no éinní cuirfear fé bhráid an bhínse i gcás ar bith ina bhfeictear don Aire gur cosúil go ndéanfadh an bhreith ar aon iarratas no ní den tsaghas san deifir don údarás san no do sna daoine ionaduíd.

(4) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a chur mar choinníoll ar a dtabharfar deimhniú fén alt so urrús, i pé slí agus i pé méid is dóich leis is gá, do thabhairt in aghaidh costas fé n-a raghfar.

(5) Aon deimhniú deonfar fén alt so, agus ná tarraiceofar siar. beidh sé i bhfeidhm go ceann bliana o dháta a dheonta.

(6) Aon chostaisí fé n-a raghaidh aon údarás den tsaghas san i ndéanamh aon iarratais no cur-i-gcoinnibh den tsórt san no de dhruim an chéanna íocfar iad amach as an ráta no as an gciste as a n-íoctar na costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás chun a ngnáth-dhualgaisí d'fheidhmiú.

CUID V.

Ceadunaisi Airithe Earrai Ceannaiochta agus Ceadunaisi Airithe Paisneura D'Aistriu go hEigeanta, agus Srianta le hOibriu Ceadunaisi Airithe Earrai Ceannaiochta.

Ceadúnaisí earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana agus ceadúnaisí paisneura bliantúla le n-a mbaineann Cuid V.

50. —(1) Baineann an Chuid seo den Acht so le gach ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, nách ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana atá ar seilbh ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta no ag duine go bhfuil a ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta.

(2) Baineann an Chuid seo den Acht so le gach ceadúnas paisneura, nách ceadúnas paisneura atá ar seilbh ag cuideachtain údaruithe chun paisnéirí d'iompar no ag duine go bhfuil a bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun paisnéirí d'iompar.

Iarratas ar orduithe chun ceadúnaisí áirithe earraí ceannaíochta agus ceadúnaisí áirithe paisneura d'aistriú, etc.

51. —(1) Féadfaidh aon chuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar iarratas do chur chun an Aire á iarraidh air—

(a) ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so chun ceadúnais áirithe earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'aistriú chun na cuideachtan san, no

(b) ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so chun na saghas earraí ceannaíochta luaidhtear i gceadúnas áirithe earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do laigheadú, no

(c) ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so chun an líomatáiste oibriúcháin a luaidhtear i gceadúnas áirithe earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do laigheadú.

(2) Féadfaidh aon chuideachta údaruithe chun paisnéirí d'iompar, am ar bith (ach amháin i rith na tréimhse thosnóidh i gcionn bliana o dháta an Achta so do rith agus a chríochnóidh i gcionn trí mblian ón dáta san), iarratas do chur chun an Aire á iarraidh air ordú do dhéanamh chun ceadúnais áirithe phaisneura le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'aistriú chun na cuideachtan san.

(3) Féadfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so iarratas do chur chun an Aire á iarraidh air ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so chun an cheadúnais sin d'aistriú chun cuideachtan áirithe údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar.

(4) Féadfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas phaisneura le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so iarratas do chur chun an Aire á iarraidh air ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so chun an cheadúnais sin d'aistriú chun cuideachtan áirithe údaruithe chun paisnéirí d'iompar.

(5) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(6) Pé uair a cuirfear iarratas chun an Aire fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) foillseoidh an tAire fógra i dtaobh an iarratais sin san Iris Oifigiúil ;

(b) féadfaidh éinne, laistigh de cheithre lá déag tar éis an fhoillsithe sin, cúis do phlé leis an Aire maidir leis an iarratas san.

(7) Íocfar leis an Aire alos gach iarratais a déanfar fén alt so táille de pé méid a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, agus beidh íoc na táille sin (a coinneofar pe'ca géillfear don iarratas no ná géillfear) ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san.

Orduithe do dhéanamh fé Chuid V.

52. —(1) Pé uair a cuirfear iarratas chun an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo—

(a) más iarratas ar ordú chun an cheadúnais sin d'aistriú chun cuideachtan áirithe údaruithe chun earraí céannaíochta d'iompar an t-iarratas san, féadfaidh ordú (dá ngairmtear ordú aistriúcháin san Acht so) do dhéanamh chun an cheadúnais sin d'aistriú chun na cuideachtan san ; no

(b) más iarratas ar ordú chun na saghas earraí ceannaíochta luaidhtear sa cheadúnas san do laigheadú an t-iarratas san, féadfaidh ordú (dá ngairmtear ordú laigheadúcháin san Acht so) do dhéanamh chun na saghas san do laigheadú go dtí na saghsanna earraí ceannaíochta luadhfar san ordú san ; no

(c) más iarratas ar ordú chun an líomatáiste oibriúcháin a luaidhtear sa cheadúnas san do laigheadú an t-iarratas san, féadfaidh ordú (dá ngairmtear freisin ordú laigheadúcháin san Acht so) do dhéanamh chun an líomatáiste sin do laigheadú go dtí an líomatáiste luadhfar san ordú san.

(2) Pé uair a cuirfear iarratas chun an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo ag lorg orduithe chun ceadúnais phaisneura le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'aistriú chun cuideachtan áirithe údaruithe chun paisnéirí d'iompar féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, ordú (dá ngairmtear freisin ordú aistriúcháin san Acht so) do dhéanamh chun an cheadúnais sin d'aistriú chun na cuideachtan san.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so go ceann ceithre lá déag tar éis an dáta ar a bhfoillseofar san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh an iarratais gur dá réir a bheidh an t-ordú san á dhéanamh, ná go dtí go mbreithneoidh aon chúiseanna pléidhfear maidir leis an iarratas.

(4) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so maran dóich leis é do bheith oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht an t-ordú san do dhéanamh.

Oibriú ordú aistriúcháin agus ordú laigheadúcháin.

53. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú aistriúcháin, chun ceadúnais earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana d'aistriú chun cuideachtan údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar, no ordú aistriúcháin, chun ceadúnais phaisneura d'aistriú chun cuideachtan údaruithe chun paisnéirí d'iompar, beidh an ceadúnas a bheidh á aistriú leis an ordú san beidh sé, ar an dáta luadhfar san ordú san, aistrithe chun na cuideachtan údaruithe sin chun earraí ceannaíochta d'iompar no chun na cuideachtan údaruithe sin chun paisnéirí d'iompar (pe'ca aca é).

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú laigheadúcháin chun na saghas earraí ceannaíochta luaidhtear i gceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana do laigheadú, déanfaidh an ceadúnas san, ón dáta luadhfar san ordú san, a údarú don cheadúnaí gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige alos na saghas earraí ceannaíochta luadhfar san ordú san agus also na saghas san amháin.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú laigheadúcháin chun an líomatáiste oibriúcháin a luaidhtear i gceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana do laigheadú, déanfaidh an ceadúnas san, ón dáta luadhfar san ordú san, a údarú don cheadúnaí gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl aige sa líomatáiste luadhfar san ordú san agus sa líomatáiste sin amháin.

Cúiteamh ar cheadúnaisí d'aistriú, etc.

54. —Pé uair a déanfar ordú aistriúcháin maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana no maidir le ceadúnas paisneura no a déanfar ordú laigheadúcháin maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, beidh cúiteamh iníoctha leis an duine ba cheadúnaí fén gceadúnas san díreach roimh an ordú san do dhéanamh agus isé duine ag á mbeidh san iníoctha ná, i gcás orduithe aistriúcháin, an duine chun a n-aistrítear an ceadúnas san de bhuadh an orduithe aistriúcháin sin no, i gcás orduithe laigheadúcháin, an duine gur ar a iarratas a rinneadh an t-ordú laigheadúcháin sin, agus isé cuma ina measfar an cúiteamh san ná do réir na cailliúna airgid agus an chostais (más ann dóibh) a thárlann no thárlóidh don duine sin a céad-luaidhtear no fé n-a dtéigheann sé no fé n-a ragha sé mar gheall ar an ordú san agus go díreach de dhruim an orduithe sin.

An cúiteamh do chinneadh.

55. —I gcás gan có-aontú do dhéanamh, maidir le méid an chúitimh is iníoctha le ceadúnaí fén alt deiridh sin roimhe seo, idir an ceadúnaí sin agus an duine dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so an cúiteamh san d'íoc, cinnfidh agus socróidh cadrascánaí ceapfar fén gCuid seo den Acht so méid an chúitimh sin agus beidh breith an eadrascánaí sin ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.

Eadrascánaí do cheapadh.

56. —Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén gCuid seo den Acht so maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana no maidir le ceadúnas paisneura, déanfaidh an tAire, i gcás gan an té is ceadúnaí fén gceadúnas san agus an duine dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so cúiteamh d'íoc leis an gceadúnaí sin alos an orduithe sin do chó-aontú maidir le méid an chúitimh sin, a iarraidh ar an gCoiste Réitigh duine ceart oiriúnach (dá ngairmtear eadrascánaí sa Chuid seo den Acht so) do cheapadh chun méid an chúitimh sin do shocrú agus déanfaidh an Coiste Réitigh do réir an iarratais sin.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “an Coiste Réitigh” coiste ar a mbeidh an Prímh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte agus oifigeach don Aire a cheapfaidh an tAire.

Costaisí ceadúnaithe maidir le headrascáin.

57. —(1) I gcás eadrascánaí do mholadh cúitimh in aon eadrascán a bheidh os a chóir chun cúitimh do shocrú fén gCuid seo den Acht so, féadfaidh an t-eadrascánaí sin, más oiriúnach leis é, pé suim a bheidh réasúnta dar leis do mholadh don duine bheidh i dteideal an chúitimh sin, i dteanta an chúitimh sin, chun glanta costaisí an duine sin maidir leis an eadrascán san, agus beidh aon tsuim a molfar amhlaidh iníoctha ag an duine dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so an cúiteamh san d'íoc.

(2) I gcás—

(a) ordú aistriúcháin no ordú laigheadúcháin do dhéanamh maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana ar iarratas cuideachtan údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar, no ordú aistriúcháin do dhéanamh maidir le ceadúnas paisneura ar iarratas cuideachtan údaruithe chun paisnéirí d'iompar, agus

(b) gan eadrascánaí, in eadrascán a bheidh os a chóir chun an chúitimh do shocrú is iníoctha fén gCuid seo den Acht so alos an orduithe sin leis an té is ceadúnaí fén gceadúnas san, do mholadh cúitimh,

féadfaidh an t-eadrascánaí sin, más oiriúnach leis é, pé suim a bheidh réasúnta dar leis do mholadh don cheadúnaí sin chun glanta costaisí an cheadúnaí sin maidir leis an eadrascán san, agus beidh aon tsuim a molfar amhlaidh iníoctha ag an gcuideachtain gur ar a n-iarratas do rinneadh an t-ordú san.

Méid an mholta do bhaint amach.

58. —Má dheineann eadrascánaí moladh fén gCuid seo den Acht so, ansan, an duine bheidh i dteideal fén gCuid seo den Acht so méid an mholta san d'fháil féadfaidh méid an mholta san do bhaint, mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla, den duine dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so an méid sin d'íoc.

Luach saothair eadrascánaí.

59. —Íocfar le headrascánaí, alos gach eadrascáin a bheidh os a chóir chun cúitimh do shocrú fén gCuid seo den Acht so, pé luach saothair a cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgid, agus isé duine íocfaidh an luach saothair sin ná, i gcás an eadrascánaí sin do mholadh cúitimh, an duine dhlighfidh fén gCuid seo den Acht so an cúiteamh san d'íoc no, i gcás gan an t-eadrascánaí sin do mholadh cúitimh, an duine dhlighfeadh fén gCuid seo den Acht so, dá moltaí cúiteamh san eadrascán san, an cúiteamh san d'íoc, agus féadfaidh an t-eadrascánaí sin méid an luach saothair sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

Comhachta eadrascánaí.

60. —(1) Beidh ag gach eadrascánaí ceapfar fén gCuid seo den Acht so comhacht, tré fhógra i scríbhinn fé n-a láimh, chun fínnithe do ghairm agus chun a cheangal ar dhaoine leabhair agus scríbhinní eile do thabhairt i láthair, agus éinne gairmfear amhlaidh agus go dteipfidh air teacht i láthair no a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt i láthair an eadrascánaí sin agus éinne go dteipfidh air aon leabhar no scríbhinn eile no a dhiúltóidh d'aon leabhar no scríbhinn eile do thabhairt i láthair a bheidh ceangailte air amhlaidh do thabhairt i láthair beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(2) Fianaise bhéarfar i láthair eadrascánaí ceapfar fén gCuid seo den Acht so déanfar, má dheineann an t-eadrascánaí sin a cheangal amhlaidh í do thabhairt fé mhionn (agus tugtar comhacht leis seo don eadrascánaí sin daoine do chur fén mionn san) agus éinne bhéarfaidh fianaise bhréagach i láthair aon eadrascánaí den tsórt san beidh sé ciontach i mionn éithigh agus beidh sé ionphionósuithe dá réir sin.

CUID VI.

Cuiteamh do Dhaoine Airithe Bhi ar Fostu ag Daoine Ba Cheadunaithe fe Cheadunaisi Earrai Ceannaiochta Iomparthora Ata ann Cheana agus fe Cheadunaisi Paisneura Bliantula.

Ceadúnaisí earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana agus ceadúnaisí paisneura bliant úla le n-a mbaineann Cuid VI.

61. —(1) Baineann an Chuid seo den Acht so le gach ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana nách ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana atá ar seilbh ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta no ag duine go bhfuil a ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar no ag cuideachtain loingseoireachta.

(2) Baineann an Chuid seo den Acht so le gach ceadúnas paisneura, nách ceadúnas paisneura atá ar seilbh ag cuideachtain údaruithe chun paisnéirí d'iompar no ag duine go bhfuil a bhóthar-sheirbhís do phaisnéirí ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag cuideachtain údaruithe chun paisnéirí d'iompar.

Mínithe maidir le Cuid VI.

62. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “aistriú”—

(a) maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, é d'aistriú fé Chuid II den Acht so no fé Chuid V den Acht so, agus

(b) maidir le ceadúnas paisneura le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, é d'aistriú fé alt 18 d'Acht 1932 no fé Chuid V den Acht so ;

cialluíonn an abairt “an dáta cinnteach”—

(a) maidir le ceadúnas ar n-a aistriú fé alt 18 d'Acht 1932 no fé Chuid II den Acht so, an dáta o n-a dtuigtear an t-aistriú san do dhéanamh ;

(b) maidir le ceadúnas is abhar d'ordú aistriúcháin no d'ordú laigheadúcháin, dáta iarrtha an orduithe sin.

Cúiteamh do dhaoine bhí ar fostú ag ceadúnaithe áirithe.

63. —I gcás—

(1) ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'aistriú chun cuideachtan údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar, no

(2) ceadúnas paisneura le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so d'aistriú chun cuideachtan údaruithe chun paisnéirí d'iompar, no

(3) ordú laigheadúcháin do dhéanamh maidir le ceadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) an chuideachta gur chúcha a haistreofar an ceadúnas san no gur ar a n-iarratas a déanfar an t-ordú laigheadúcháin sin (do réir mar bheidh) beidh cúiteamh iníoctha acu le gach duine dá dtárlóidh mar leanas sé sin le rá :—

(i) é bheith ar an dáta cinnteach ar fostú lán-aimsire ag an duine ba cheadúnaí fén gceadúnas san in oibriúchán na bhfeithiclí do bhí á n-úsáid chun crícheanna an ghnótha a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl agus é bheith ar fostú amhlaidh go leanúnach ar feadh tréimhse cúig mblian dar chríoch an lá roimh an dáta cinnteach agus é bheith ar feadh na tréimhse sin ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann, agus

(ii) é dá bhriseadh (ar chúis seachas mí-inniúlacht no mí-iompar) ag an gceadúnaí sin laistigh de shé mhí tar éis an dáta chinntigh, agus

(iii) gan fostaíocht do thairiscint do fén gcuideachtain sin no, ar an bhfostaíocht san do thairiscint do, é do dhiúltú ar chúis réasúnta don fhostaíocht san do ghlacadh no, i gcás é do ghlacadh na fostaíochta san, é dá bhriseadh (ar chúis seachas mí-inniúlacht no mí-iompar) ag an gcuideachtain sin laistigh de dhá bhliain o dháta thosnuithe na fostaíochta san ;

(b) isé cúiteamh a bheidh iníoctha leis an duine sin ná aisce déanfar amach do réir an dóú chuid déag de mhéid a luach saothair bhliantúla in aghaidh gach bliana iomláine roimh an dáta cinnteach go raibh sé ar a feadh ar fostú lán-aimsire go leanúnach ag an gceadúnaí sin in oibriúchán na bhfeithiclí do bhí á n-úsáid chun crícheanna an ghnótha a húdaruítear leis an gceadúnas san do bheith ar siúl ;

(c) tuigfear gurb é ba luach saothair bliantúil an duine sin ná an luach saothair agus an sochar oifige iomlán d'íoc an ceadúnaí sin leis an duine sin ar feadh na bliana caileandair díreach roimh an dáta cinnteach ;

(d) chun críche an ailt seo tuigfear fostaíocht do bheith leanúnach in ainneoin aon bhearna do thárlachtaint sa bhfostaíocht san de dheascaibh breoiteachta no imreasáin oibreachais agus dá dheascaibh sin amháin.

Cúiteamh fé Chuid VI. do bhaint amach.

64. —I gcás duine do bheith i dteideal cúitimh fén gCuid seo den Acht so beidh an cúiteamh san ina fhiacha bheidh dlite don duine sin ón duine dhlighfidh fén gCuid sin an cúiteamh san d'íoc agus féadfar é do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

CUID VII.

Achtachain Airithe do Leasu.

Mínithe maidir le Cuid VII.

65. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “ceadúnas paisneura saosúrach” ceadúnas paisneura bliantúil ná baineann ach le cuid áirithe de bhliain ; cialluíonn an focal “saosúr” maidir le ceadúnas paisneura saosúrach an chuid áirithe de bhliain le n-a mbaineann an ceadúnas san.

Brí na habairte “bótharsheirbhís do phaisnéirí.” in Acht 1932 do leasú.

66. —(1) Deintear leis seo míniú na habairte “bóthar-sheirbhís do phaisnéirí” atá in alt 2 d'Acht 1932 do leasú tré sna focail “no ar shlí eile” do chur isteach ann i ndiaidh na bhfocal “fan chúrsa áirithe,” agus léireofar an tAcht san agus beidh éifeacht aige ag féachaint go cuibhe don atharú dheineann an leasú san i mbrí na habairte sin.

(2) Ní bheidh seirbhís is seirbhís fheithicle no fheithiclí inneall-ghluaiste agus a bheadh, mara mbeadh an fo-alt so, ina bóthar-sheirbhís do phaisnéirí do réir bhrí Achta 1932, ní bheidh san ina bóthar-sheirbhís do phaisnéirí chun crícheanna an Achta san i gcás an dá choinníoll so leanas do chólíonadh, sé sin le rá :—

(a) gach feithicil acu san do bheith ag iompar postanna, do réir bhrí Achta 1932, fé chonnradh leis an Aire Puist agus Telegrafa, agus

(b) ionad suidhte do bheith i ngach feithicil acu san do chúigear ar a mhéid (gan an tiománaí d'áireamh).

Ré cheadúnaisí paisneura bheidh i bhfeidhm an 31adh Deireadh Fómhair, 1933, d'fhaidiú.

67. —D'ainneoin éinní atá in alt 13 no in alt 16 d'Acht 1932 gach ceadúnas paisneura saosúrach atá i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith agus a bheidh i bhfeidhm ar an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1933 (pe'ca de bhuadh an cheadúnais sin do dheonadh ar dtúis é no de bhuadh é d'athnuachaint) leanfaidh, mara gceiliúrtar roimhe sin é fé Acht 1932 agus fé réir aon chur-ar-fiunraoi fén Acht san, de bheith i bhfeidhm go dtí an chéad lá den tsaosúr, le n-a mbaineann an ceadúnas san, díreach tar éis an 31adh lá san de Dheireadh Fómhair, 1933, agus raghaidh in éag ansan mara ndeinidh an tAire é d'athnuachaint fé Acht 1932.

Tosach feidhme agus ré cheadúnaisí paisneura saosúracha bheidh ann feasta.

68. —(1) Gach ceadúnas paisneura saosúrach a deonfar tar éis an Achta so do rith tosnóidh sé ar an gcéad lá den tsaosúr le n-a mbaineann díreach tar éis a dheonta.

(2) Gach ceadúnas paisneura saosúrach a deonfar tar éis an Achta so do rith leanfaidh (mara gceiliúrtar roimhe sin é fé Acht 1932 agus fé réir aon chur-ar-fiunraoi fén Acht san) de bheith i bhfeidhm go ceann bliana o dháta a thosnuithe agus raghaidh in éag ansan mara ndeintear é d'athnuachaint fé Acht 1932.

(3) Scuirfidh alt 13 d'Acht 1932 d'fheidhm do bheith aige maidir le ceadúnaisí paisneura saosúracha deonfar tar éis an Achta so do rith.

Ré na n-athnuachaintí déanfar ar cheadúnaisí paisneura saosúracha bheidh ann feasta.

69. —(1) Gach athnuachaint a deonfar ar cheadúnas phaisneura shaosúrach tar éis an Achta so do rith tosnóidh sí díreach ar dhul in éag don cheadúnas no don athnuachaint deiridh ar an gceadúnas (pe'ca aca é) gur athnuachaint air í agus leanfaidh, mara gceiliúrtar roimhe sin í fé Acht 1932 agus fé réir aon chur-ar-fiunraoi fén Acht san, de bheith i bhfeidhm go ceann bliana o dháta an tosnuithe sin.

(2) Scuirfidh alt 16 d'Acht 1932 d'fheidhm do bheith aige maidir le hathnuachaintí ar cheadúnaisí paisneura saosúracha i gcás na hathnuachainte do dhéanamh tar éis dáta an Achta so do rith.

Coinníollacha ceadúnais phaisneura bhliantúla do leasú i rith a ré.

70. —(1) Féadfaidh an tAire uaidh féin i rith ré ceadúnais phaisneura na coinniollacha ghabhann leis an gceadúnas san do leasú (pe'ca tré chur-leis, tré fhágaint ar lár no tré atharú é) ar pé slí is oiriúnach leis.

(2) Pé uair a bheidh an tAire chun leasú do dhéanamh, i bhfeidhmiú na comhachta bronntar air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ar na coinníollacha ghabhann le ceadúnas paisneura cuirfidh fé ndeár fógra do sheirbheáil ar an gceadúnaí ag luadh na gcoinníollacha leasuithe bheidh le gabháil leis an gceadúnas san, agus ar an bhfógra san do sheirbheáil geobhaidh na coinníollacha leasuithe sin leis an gceadúnas san.

Ceadúnaisí paisneura do cheiliúradh.

71. —Féadfaidh an tAire aon uair, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas paisneura do cheiliúradh más deimhin leis gur tré chalaois no tré cham-thuairisc do fuarthas an ceadúnas san.

Dáta aistrithe ceadúnaisí paisneura.

72. —I gcás únaerachta bóthar-sheirbhíse do phaisnéirí d'aistriú ón té is ceadúnaí fén gceadúnas paisneura bhaineann leis an seirbhís sin chun duine eile agus i gcás an Aire d'aistriú an cheadúnais sin chun an duine sin fé alt 18 d'Acht 1932, tuigfear an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin ar dháta aistrithe na húnaerachta san.

Fianaise.

73. —Beidh deimhniú thabharfaidh le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh don Aire agus é bheith á dheimhniú ná raibh duine áirithe, lá no laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe, ina shealbhóir ar cheadúnas phaisneura á údarú dho bóthar-sheirbhís áirithe do phaisnéirí do bheith ar siúl aige, beidh san, gan cruthúnas ar shighniú an duine thugann le tuiscint a lámh do bheith leis an deimhniú san no gurbh oifigeach don Aire é, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt ar pé nithe acu san adubhradh a tugtar le tuiscint do bheith deimhnithe sa deimhniú san agus leis.

Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , agus Acht na mBóthar Iarainn (Ilghnéitheach), 1932 , do leasú.

74. —(1) Scuirfidh fo-alt (4) d'alt 53 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 ( Uimh. 29 de 1924 ), agus fo-alt (2) d'alt 18 d'Acht na mBóthar Iarainn (Ilghnéitheach), 1932 ( Uimh. 3 de 1932 ), d'éifeacht do bheith acu maidir le gach gnó le n-a mbaineann an t-alt so ach dá ainneoin sin leanfaidh an gnó san de bheith ina mheán eile ioncuim do réir bhrí fo-ailt (1) den alt san 53.

(2) Nuair a bheidh aon ath-scrúdú á dhéanamh fé alt 54 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , ag an mbínse bóthair iarainn féachfaid don tslí ina mbíonn gach gnó ar siúl le n-a mbaineann an t-alt so agus féadfaid an t-ioncum ba cheart, dar leis an mbínse, do theacht as an ngnó san do bhainistí go héifeachtúil agus go heconomiciúil do chur san áireamh.

(3) Baineann an t-alt so le gach gnó a húdaruítear, le ceadúnas earraí ceannaíochta, do bheith ar siúl i gcás gurb é is sealbhóir an cheadúnais sin ná Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt no duine go bhfuil a ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar únaeracht no fé stiúradh, go díreach no go nea-dhíreach, ag Cuideachtain Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt.