|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 29 de 1932. | ||
[EN] |
ACHT TOGHACHÁIN (ATHCHOMHAIRC CHLÁRATHACHTA), 1932. | |
ACHT CHUN ATHCHOMHARC CLÁRATHACHTA I gCATHAIR AGUS I gCONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS I nDÁILCHEANNTAIR PHRÍOMH-SCOILE D'AISTRIÚ Ó SNA hABHCÓIDÍ ATH-FHÉACHANA GO dTÍ AN CHÚIRT CHUARDA. [16adh Mí na Nodlag, 1932.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||||||||||||||||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “Príomh-Acht” an t Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) . | ||||||||||||||||||
[EN] | (2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear freisin sa Phríomh-Acht beidh, mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt, an bhrí chéanna leo san Acht so atá leo fé seach sa Phríomh-Acht. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Athchomhairc chlárathachta i mBaile Atha Cliath agus i ndáilcheanntair phríomh-scoile. |
2. —(1) I gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, agus i ndáilcheanntar phríomh-scoile, agus i gcontae Bhaile Atha Cliath is chun an Bhreithiún Cúirte Cuarda a fheidhmíonn dlighinse na Cúirte sin i líomatáiste clárathachta an oifigigh chlárathachta a déanfar an t-athchomharc fé alt 16 den Phríomh-Acht ón oifigeach clárathachta san, agus bainfidh an t-alt san (sa mhéid ná hathghairmtear é leis an Acht so no le haon Acht roimhe seo) le hathchomhairc den tsórt san fé réir na n-athruithe go ndéanfar tagairtí don Chúirt Chontae, do Phrímh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraighc, agus don Chúirt Athchomhairc fé seach do léiriú agus go mbeidh éifeacht acu mar thagairtí don Chúirt Chuarda. do Phrímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann agus don Chúirt Uachtaraigh fé seach. | ||||||||||||||||||
[EN] | (2) Is fé réir forálacha an Achta so a bheidh éifeacht ag an alt san 16 maidir le toghthóirí rialtais áitiúla do chlárú do réir an Achta chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924 (Uimh. 7 de 1924) . | |||||||||||||||||||
[EN] | (3) Chun crícheanna an ailt sin 16, fé mar atá sé curtha i mbaint leis an alt so, tuigfear líomatáiste clárathachta dháilcheanntair phríomh-scoilc do bheith suidhtc i gCathair Bhaile Atha Cliath. | |||||||||||||||||||
[EN] |
Athghairm. |
3. —Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san. | ||||||||||||||||||
[EN] |
Gearr-theideal. |
4. —Féadfar an tAcht Toghacháin (Athchomhaire Chlárathachta), 1932, do ghairm den Acht so. | ||||||||||||||||||
SCEIDEAL. Achtachain a Hathghairmtear. | ||||||||||||||||||||
|