39 1931


Uimhir 39 de 1931.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM) (UIMH. 2), 1931.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH.

[10adh Mí na Samhna, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Diúite ar leathar ughma agus ar ughaim.

1. —(1) Déanfar diúité custum chó mór le fiche per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar an leathar ughma uile, leasuithe no nea-leasuithe, d'aon tsaghas acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 17adh lá d'Iúl, 1931, no dá éis sin, agus roimh an 17adh lá d'Iúl, 1936, sé sin le rá, ughaim-sheitheacha no coda dhíobh, ughaim-chliatháin no coda dhíobh, ughaim-dhromanna no coda dhíobh, ughaim-bhuilg no coda dhíobh, ughaim-ghuailne no coda dhíobh.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo ní déanfar an diúité forchuirtear leis an bhfo-alt san d'éileamh ná do ghearradh ar shnas-leathar, ar leathar dhath-leasuithe, ar choiléirsheitheacha leasuithe ná ar choda dhíobh, ná ar phíosaí leathair adhastair leasuithe ná ar choda dhíobh.

(3) Déanfar diúité custum chó mór le fiche per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc ar na hearraí seo leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 17adh lá d'Iúl, 1931, no dá éis sin, agus roimh an 17adh lá d'Iúl, 1936, sé sin le rá, gach ughaim, pe'ca déanta ar fad di no nách eadh, agus gach cuid den ughaim sin seachas cuid nách leathar no ná beidh leathar inti agus ná beidh, le linn na hiomportála, ceangailte d'aon ughaim, pe'ca déanta ar fad di no nách eadh, ná d'aon chuid den ughaim sin is leathar no ina mbeidh leathar.

(4) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe forchuirtear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí earraí is ionchurtha fé cheachtar de sna diúitéthe sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus gurbh amhlaidh do luadhfaí amhlaidh iad ná mar earraí go mbeadh trí cheathrú den ráta iomlán ag baint leo tríd sin mar ráta lascaineach.

(5) Tuigfear gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna an ailt seo ná an praghas do bhéarfadh iomportálaí ar an earra dá ndeintí an earra do sheachadadh fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus is ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, a híocfar diúité.

Cúram agus bainistí na ndiúitéthe.

2. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na diúitéthe forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.