31 1931


Uimhir 31 de 1931.


ACHT AIRGID, 1931.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE DE CHUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA, CHUN AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [30adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin Ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1931-32.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, éileofar Cáin Ioncuim do réir thrí scillinge fén bpúnt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, éileofar for-cháin do réir na rátaí céanna gur dá réir do héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1930.

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1930, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha Chuid II den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) agus forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931.

Alt 8 den Acht Airgid, 1925 , do leasú.

2. —Déanfar fo-alt (1) d'alt 8 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige fé is dá ndeintí na focail agus na figiúirí “no fé Riail 18 de sna Rialacha Generálta bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Acht san” do chur isteach ann i ndiaidh na bhfigiúirí “1918” atá anois ann

Saoirse d'airgead áirithe is iníoctha le hoispidéil.

3. —(1) Deonfar saoirse o cháin fé Sceideal D den Income Tax Act, 1918, maidir le hairgead ar bith is iníoctha le cólucht rialúcháin óispidéil ar bith fén Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 (Uimh. 12 de 1930) .

(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1930, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.

Imeachta i dtaobh pionóisí áirithe.

4. —D'ainneoin nách féidir a fháil amach go cinnte cé méid é pionós is ionbhainte amach fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim toisc gan an méid cánach gur dá réir a bheidh an pionós san le háireamh do bheith faighte amach ar fad, féadfar imeachta do bhunú chun an phionóis sin do bhaint amach agus más rud é, nuair a bheidh na himeachta san á n-éisteacht, ná beidh méid na cánach san faighte amach ar fad féadfaidh an Chúirt na himeachta san do chur ar athló más dóich léi go bhfuil an pionós san ionbhainte amach agus ní thabharfaidh aon bhreithiúntas ná ní dhéanfaidh aon ordú chun an phionóis sin d'íoc go dtí go mbeidh méid na cánach san faighte amach ar fad.

CUID II.

Custuim agus Mal.

Diúité ar íleacha éadtroma híodrocarbóin mhinearáil.

5. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir tuistiún an galún ar gach íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, no dá éis sin, agus ar gach íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann roimh an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, agus do cuireadh i dtír i Saorstát Éireann ar an dáta san no dá éis.

(2) Má bhíonn na Coimisinéirí Ioncuim sásta go dteastuíonn aon íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil chun iad d'úsáid mar tháthchuid i ndéanamh earraí nách de chineál íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil no nách earraí ná fuil ionta ach meascán no cumasc de sna híleacha san go dtáthchuid éigin ar nós abhair dhaithte no gan a leithéid féadfaid, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leo d'ordú, a cheadú go ndéanfar na híleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil sin d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar aon choinníoll dá n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim fén bhfo-alt san roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ragha sé fé phionós de chaoga púnt in aghaidh gach cionta agus geallbhruidfear aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil gur ina taobh do rinneadh an sárú san.

(4) Má bhíonn aon íle no íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil mar chuid no mar tháthchuid d'aon earraí déanta no ullmhuithe a hiomportálfar, agus gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim nách meascáin ná cumaisc d'íleacha éadtroma híodrocarbóin is mó atá sna hearraí sin agus ná fuilid oiriúnach ná ná teastuíd chun iad d'úsáid in ionad aon íle no íleacha éadtroma híodrocarbóin ná chun iad do bhaint amach ina dhiaidh sin, ní bheidh feidhm ag alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an íle no na híleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil a bheidh sna hearraí sin.

(5) Ar aon íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil d'easportáil o Shaorstát Éireann no iad do chur ar bord luinge no i dtaisce i mbanna-stóras le húsáid mar stóranna luinge agus ar aon íleacha den tsórt san do chur ar bord aon aer-árthaigh le húsáid ar thurus go háit lasmuich de Shaorstát Éireann lomhálfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité taisbeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim do bheith íoctha ar na hearraí.

(6) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an diúité forchuirtear agus leis an ais-tarrac a lomháltar leis an alt so, sé sin le rá:—

(a) na forálacha d'alt 98 den Customs Consolidation Act, 1876, a bhaineann le diúité d'éileamh ar mhéid na n-earraí mar a gheobhfar amach é do réir a meáchainte, a dtomhais no a nirt le linn a seachadtha, bainfid le híleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil nuair a tógfar amach as stóras iad le húsáid sa bhaile fé mar a bhainid leis na hearraí a heiscítear go speisialta agus a luaidhtear san alt san 98;

(b) fé réir pé coinníollacha do chólíonadh fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh urrúis do thabhairt ar na hearraí d'ath-easportáil, ní bheidh an diúité inéil ithe ar íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil a hiomportálfar chun iad d'easportáil tar éis turuis tré Shaorstát Éireann no tré n-a n-aistriú o luing go luing eile;

(c) más rud é, chun aon aisíoca sa diúité d'fháil, go ndéanfaidh éinne no go gcuirfidh fé ndeár go ndéanfar aon ráiteas no aon chúis do phlé bheidh neamh-fhíor in aon phonc táchtach, dlighfear pionós custum is cóionann le trí oiread luach na n-earraí (agus an diúité d'áireamh) no pionós custum de chéad púnt do chur air, pe'ca aca is rogha leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus geallbhruidfear na hearraí gur ina dtaobh do rinneadh an cionta.

(7) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “íleacha éadtroma híodrocarbóin” íleacha híodrocarbóin go stillíonn caoga per cent. ar a laighead de do réir toirte fé theas nách mó ná 185 gráid chentigráid, no go stillíonn cúig nochad per cent. ar a laighead de do réir toirte fé theas nách mó ná 240 grád centigráid, no go n-eiríonn gal so-lasta asta fé theas is lugha ná 22.8 de ghráid chentigráid nuair a tástáltar iad sa tslí foráltar leis na hAchtanna bhaineann le petróleum.

Is do réir mar ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a bheidh an modh chun íleacha do thástáil féachaint a bhfuilid do réir na bhforálacha den fho-alt so bhaineann le toirt áirithe dhíobh do stilleadh fé theas áirithe.

Diúitéthe breise ar shiúicre.

6. —(1) I dteanta na ndiúitéthe agus na n-ais-tarraicí custum agus an liúntais chustum a bhaineann le siúicre, le molás, le glúcós, agus le sacairín fé láthair éileofar, gearrfar, agus íocfar ar an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, agus as san amach, na diúitéthe luaidhtear sa dara colún de Chuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na haistarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II. den Sceideal san.

(2) I dteanta na ndiúitéthe agus na n-ais-tarraicí máil agus an liúntais mháil a bhaineann le siúicre, le molás, le glúcós, agus le sacairín fé láthair, éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, agus as san amach, na diúitéthe luaidhtear sa tríú colún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na hais-tarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san.

(3) I dteanta na ndiúitéthe máil atá ann fé láthair déanfar na diúitéthe luaidhtear sa tríú colún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar a mbeidh de shiúicre, de mholás, de ghlúcós, agus de shacairín ar láimh, ar an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, ag an té do rinne an céanna agus i dteanta na n-ais-tarraicí agus an liúntais atá ann fé láthair íocfar agus lomhálfar maidir leis na hearraí sin na hais-tarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san.

(4) Más rud é, roimh an Acht so do rith, go ndearna duine connradh chun biatais shiúicre do cheannach chun siúicre do dhéanamh as agus go mbeidh an siúicre sin, má deintear amhlaidh é, ionchurtha fé sna diúitéthe máil a forchuirtear leis an alt so, ní bheidh éifeacht, maidir leis na diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so, ag foráil ar bith sa chonnradh san tré n-a mbeadh an praghas is iníoctha fén gconnradh san ar an mbiatas siúicre sin ion-atharuithe dá ndeintí atharú ar na diúitéthe iomportála ar shiúicre.

Atharú ar an diúité ar mhilseoga siúicre.

7. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 15 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), mar a leasuítear é le halt 25 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), le halt 15 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), agus le halt 20 den Acht Air gid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar ar na milseoga siúicre go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, no dá éis sin diúité custum do réir tuistiún agus ceithre chúigiú de phingin an púnt, i dteanta diúité ar bith is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín sna milseoga siúicre sin ach in ionad diúité ar bith do bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táthchuid eile sna milseoga siúicre sin.

(2) I gcás torthaí (nách ionchurtha fé dhiúité mar thorthaí) i sioróip a hiomportálfar i gcannaí stáin séaluithe, is do réir na rátaí laigheaduithe seo leanas, in ionad an ráta iomláin de thuistiún agus ceithre chúigiú de phingin, a héileofar agus a gearrfar an diúité forchuirtear leis an alt so, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh níos mó ná triocha a trí agus trian per cent. d'abhar chun milsithe sna torthaí sin, pingin agus cúigiú de phingin an púnt, agus

(b) má bhíonn níos mó ná triocha a trí agus trian per cent. d'abhar chun milsithe sna torthaí sin, trí pingne agus trí chúigiú de phingin an púnt.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “milseoga siúicre” milseoga do rinneadh de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina bhfuil an céanna agus ná fuil cócó ionta, agus foluíonn sí aráin, brioscaí, cácaí, meascáin cháca, putóga agus púdair (nách púdair leighis) do milsíodh le siúicre no le habhar eile chun milsithe, agus ná fuil cócó ionta, agus fós milseáin, subhanna, marmaláidí, agus geiléthe ná fuil cócó ionta, agus fós croicne agus torthaí atá crústaithe, criostalaithe no leasuithe ar aon tslí eile le siúicre no le haon abhar eile chun milsithe agus ná fuil cócó ionta, ach ní fholuíonn sí sinseur a bheidh leasuithe i sioróip agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann i mbaraillí no i gcaisc adhmaid ina raghaidh céad meáchaint ar a laighead.

(4) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur san alt san in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” fé is dá ndeintí milseoga siúicre, mar a mínítear san alt so iad, do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Atharú ar dhiúitéthe ar earraí bheidh déanta de shiúicre, etc., no ina mbeidh siúicre, etc.

8. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 22 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra (nách milseoga siúicre, meascán cócó, beoir, uiscí buird, luibh-bheoir, lionn ubhall, lionn pioraí, fíon, tobac, biotáille, ná aon earra ar a bhforchuirtear diúité le halt 21 den Acht Airgid, 1928 ) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, no dá éis sin, agus a bheidh déanta de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina mbeidh siúicre no an t-abhar san, na diúitéthe custum so leanas, sé sin le rá:—

(a) más do réir mheáchainte a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta pingin is trí feoirlingí an púnt;

(b) más do réir tomhais a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta scilling agus cuig pingne an galún.

(2) An diúité forchuirtear leis an alt so, beidh sé mar bhreis ar aon diúité is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra ach beidh sé in ionad aon diúité do bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táth chuid eile do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra.

(3) Ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so.

Atharú ar an diúité ar mheascáin chócó.

9. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 16 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach meascán do rinneadh de chócó i bhfuirm ar bith no ina bhfuil a leithéide agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 11adh lá de Mheitheamh, 1931, no dá éis sin, diúité custum do réir ráta reul agus trí chúigiú de phingin an púnt i dteanta aon diúité is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín in aon mheascán den tsórt san ach in ionad aon diúité bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táthchuid eile in aon mheascán den tsórt san.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur san alt san in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” fé is dá ndeintí meascáin do rinneadh de chócó i bhfuirm ar bith no ina bhfuil a leithéide do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) On 11adh lá de Mheitheamh, 1931, amach, nuair a heasportálfar go cuibhe no nuair a cuirfear ar bord luinge go cuibhe le húsáid mar stóranna luinge aon earraí gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon mheascán iomportálta do rinneadh de chócó i bhfuirm ar bith no ina bhfuil a leithéide agus is ionchurtha, mar mheascán den tsórt san, fén diúité forchuirtear leis an alt so, lomhálfar ais-tarrac is có-ionann leis an diúité do híocadh fén alt so ar scór an méid den mheascán san is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ag lomháil ais-tarraic fén alt so dhóibh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le haontú ón Aire Airgid, chun trádáil do chur in usacht, gach ní no éinní dá n-éilítear le hailt 104 agus 106 den Customs Consolidation Act, 1876, maidir le tabhairt urrúis agus le scrúdú earraí, do mhaolú no déanamh dá éamais.

Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.

10. —(1) Na diúitéthe nua iomportála do céad-fhorchuireadh le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh (fé réir an diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile ath-sheinnte ceoil agus an diúité ar scannán fholamh gan pictiúir air agus an diúité ar ghluaisteáin (ar a n-áirítear mótar-rothair agus mótarrothair thréanacha) agus ar chabhartha dhóibh agus ar fhíorchoda dhíobh nách buinn d'eisceacht) go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1931, le halt 7 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1931, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1932, fé réir na n-eisceacht roimhráite agus fós fé réir eisceacht do dhéanamh de scannáin chinematografacha (nách scannáin go dtaisbeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim gur nuacht is mó atá ortha) a hiomportálfar an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, no dá éis sin, agus a bheidh ceaptha no beartuithe chun pictiúirí no éifeachtaí radhairc eile do thaisbeáint le cinematograf no le gléas eile den tsórt san in éineacht le fuaimeanna gutha no eile do thabhairt no d'ath-thabhairt amach go meceaníciúil leis an ngléas céanna no le gléas eile.

(2) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach scannán cinematografach (nách scannán go dtaisbeánfar chun sástacha na gCoimisinéirí Ioncuim gur nuacht is mó atá air) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá de Bhealtaine, 1932, agus a bheidh ceaptha no beartuithe chun pictiúirí no éifeachtaí radhairc eile do thaisbeáint le cinematograf no le gléas eile den tsórt san in éineacht le fuaimeanna gutha no eile do thabhairt no d'ath-thabhairt amach go meceaniciúil leis an ngléas céanna no le gléas eile, diúité custum do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

Ar gach troigh ar faid de atá 1⅜ órlach ar leithead.

£

s.

d.

Scannáin díorchló, sé sin le rá scannáin a bheidh

ullamh le húsáid     ...     ...     ...

--

--

3

Scannáin chlaonchló, sé sin le rá scannáin o n-ar féidir scannáin díorchló do

chlóbhualadh     ...     ...     ...     ...     ...

--

1

3

(3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chabhair chun oideachais aon scannán cinematografach a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diúité ar scannáin chinematografacha a háirmhítear do theacht agus ná heiscítear o theacht fé sna diúitéthe nua iom portála a buanuítear le fo-alt (1) den alt so, no é do leigint saor o íoc an diúité forchuirtear le fo-alt (2) den alt so (pe'ca aca is gá sa chás).

(4) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe buanuítear le fo-alt (1) den alt so agus leis an diúité forchuirtear le fo-alt (2) den alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur san alt san in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

11. —(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, do céadfhorchuireadh le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1931, le halt 8 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1931, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1932.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe buanuítear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur san alt san in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

Ais-tarrac ar fhíor-choda de chreata leapan.

12. —Má taisbeántar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim, maidir le haon fhíor-chuid iomportálta de chreat leapan a bheidh déanta ar fad de mhiotal agus ar ar híocadh go cuibhe an diúité dob inéilithe uirthi fé alt 18 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), gur húsáideadh í mar fhíor-chuid chun aon chreat leapan críochnuithe do dhéanamh no do chur le chéile i Saorstát Éireann agus nár húsáideadh chun aon chríche eile í, lomhálfar ais-tarrac is có-ionann leis an diúité do híocadh amhlaidh ar an gcreat leapan críochnuithe sin do heasportáil go cuibhe mar earra cheannaíochta.

Saoirse o dhiúité ghluaisteáin.

13. —Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), d'éileamh ná do ghearradh ar aon mhiotal teilgthe, stampálta, fáiscthe, no buailte nár cuireadh tré aon tsaghas meaisín agus nách fíor-choda é de ghluaisteán agus iad curtha le chéile (pé cuma ina mbeidís ceangailte dá chéile) agus a hiomportálfar ar leithligh no gan é bheith ach pacálta le hearraí eile do saorfaí ón diúité sin leis an alt so dá ndeintí iad d'iomportáil ar leithligh.

Earraí fighte d'ath-iomportáil.

14. —Pé uair a taisbeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim, maidir le haon earra fhighte do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin agus do bhí ionchurtha fén diúité forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ), go ndearnadh i Saorstát Éireann í agus gur heasportáladh as Saorstát Éireann í agus, o easportáladh amhlaidh í, go ndear nadh í do chódhlúthú no go ndearnadh do-fhlichte í no go ndearnadh an dá ní sin léi agus nár cuireadh fé aon oibriú eile déantóireachta í, bainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, leis an earra fhighte sin d'ainneoin gur códhlúthuíodh no go ndearnadh do-fhlichte amhlaidh í no go ndearnadh an dá ní sin léi lasmuich de Shaorstát Éireann.

Baint ailt 10 den Finance Act, 1901.

15. —(1) Bainfidh alt 10 den Finance Act, 1901, mar a leasuítear é le halt 7 den Finance Act, 1902, le gach connradh tuigfear fé alt 5 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Có-Cheannach), 1925 ( Uimh. 20 de 1925 ), do bheith déanta idir connarthóir oifigiúil agus údarás áitiúil chun earra do sholáthar agus do ghlacadh fé is dá mba é dáta ar a ndéanfaí an connradh san ná an dáta ar ar iarr an connarthóir oifigiúil sin, fé fho-alt (2) d'alt 3 den Acht deiridh sin a luaidhtear, é do cheapadh mar chonnarthóir oifigiúil chun na hearra san do sholáthar.

(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.

Diúité ar cheadúnaisí díolta éisc.

16. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité máil de chúig púint ar gach ceadúnas do bhéarfar amach fé alt 5 den Acht Iascaigh Mhara, 1931 ( Uimh. 4 de 1931 ).

(2) An diúité forchuirtear leis an alt so ar aon cheadúnas den tsórt san roimhráite éileofar, gearrfar, agus íocfar é nuair a tógfar amach an ceadúnas san agus íocfar agus baileofar é tré stampaí thaisbeánfaidh méid an diúité sin do mhúnlú ar na ceadúnaisí sin, agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an diúité agus leis na stampaí sin.

(3) Ní déanfar ceadúnas is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so do thabhairt amach mara mbeidh ná go dtí go mbeidh stampaí an diúité sin curtha go cuibhe ar an gceadúnas san fén alt so.

Diúité ar cheadúnaisí geallghlacadóirí.

17. —Eileofar, gearrfar agus íocfar ar gach ceadúnas chun gníomhú agus gnó do dhéanamh mar gheall-ghlacadóir, do bhéarfar amach fé aon Acht do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, diúité máil do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) má sé an 1adh lá de Mheitheamh, 1931, no dáta dá éis sin agus roimh an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1931. dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, cúig púint;

(b) má sé an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1931, no dáta dá éis sin agus roimh an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1931, dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, dhá phúnt agus deich scillinge;

(c) má sé an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1931, no dáta dá éis sin agus roimh an 1adh lá de Mhárta, 1932, dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, deich bpúint;

(d) má sé an 1adh lá de Mhárta, 1932, no dáta dá éis sin agus roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, seacht bpúint agus deich scillinge;

(e) má sé an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, no dáta dá éis sin agus roimh an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1932, dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, cúig púint;

(f) má sé an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1932, no dáta dá éis sin agus roimh an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1932, dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, dhá phúnt agus deich scillinge;

(g) má sé an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1932, no dáta dá éis sin dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, deich bpúint.

Diúité ar áitreabhacha geallghlacadóireachta cláruithe.

18. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité máil d'fhiche púnt ar chlárú agus fós ar gach athnuachaint ar chlárú áitreibh ar bith in aon chlár d'áitreabhacha bheidh á choimeád fé aon Acht do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus le n-a ndeintear socrú chun áitreabhacha ina ndeintear gnó glacadh na ngeall do chlárú.

(2) Isé duine ar a n-éileofar agus ar a ngearrfar agus isé íocfaidh an diúité forchuirtear leis an alt so ná an té bheidh curtha síos sa chlár san mar dhílseánach ar an áitreabh gur ar a chlárú no ar athnuachaint a chláruithe a bheidh an diúité inéilithe.

Diúité ar cheadúnaisí iasachtóirí airgid.

19. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iasachtóra airgid san alt so), chun gníomhú agus gnó do dhéanamh mar iasachtóir airgid, do bhéarfar amach fé aon Acht do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, diúité máil do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ar cheadúnas iasachtóra airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl, 1932, deich bpúint;

(b) ar cheadúnas iasachtóra airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl bliain ar bith, ach an bhliain 1932, agus a tógfar amach laistigh de shé mhí roimh an dul in éag san, deich bpúint;

(c) ar aon cheadúnas iasachtóra airgid eile, cúig púint déag.

(2) Má cruthuítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim go bhfuil ceadúnas máil i bhfeidhm chun gnó geall-bhrócaera do dhéanamh in áitreabh ar bith dá bhfuil ceadúnas no ceadúnaisí iasachtóra airgid tógtha amach ag an duine no ag na daoine atá i mbún an ghnótha san, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) i gcás gan ach aon cheadúnas iasachtóra airgid amháin den tsórt san do bheith tógtha amach amhlaidh, leath an diúité ar an gceadúnas san do mhaitheamh no, i gcás an diúité bheith íoctha, leath an diúité d'aisíoc, agus

(b) i gcás dhá cheadúnas iasachtóra airgid den tsórt san no níos mó do bheith tógtha amach amhlaidh, leath an diúité ar pé ceann de sna ceadúnaisí sin is túisce do tógadh amach do mhaitheamh no, i gcás an diúité bheith íoctha, leath an diúité d'aisíoc.

Saoirse o dhiúité ar gheallta.

20. —Ní héileofar ná ní gearrfar, ar gheallta déanfar an 1adh lá de Lúnasa, 1931, no dá éis sin, an diúité ar gheallta do réir bhrí ailt 24 den Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , más rás capall an ní is abhar don gheall agus gur le linn na rásanna gur ceann acu an rás san agus san áit ina bhfuil na rásanna san ar siúl a deintear an geall no más coimhlint chon (maraon le rásanna) no rás no rásanna sa choimhlint sin an ní is abhar don gheall agus gur le linn na coimhlinte sin no le linn na rásanna gur rás acu an choimhlint sin agus san áit ina bhfuil an choimhlint sin ar siúl a deintear an geall.

Atharú ar rátaí an diúité ar shiamsaí.

21. —In ionad é d'éileamh do réir na rátaí atá i bhfeidhm fé láthair is do réir na rátaí seo leanas a déanfar diúité siamsa, do réir bhrí ailt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc an 1adh lá de Dheireadh Fomhair, 1931, agus dá éis sin, sé sin le rá:—

Má bhíonn an íocaíocht as dul isteach, gan méid an diúité d'áireamh—

os cionn

4d.

gan bheith os cionn

5½d.

—trí leath-phingin

 ,,     ,,

5½d.

,,         ,,         ,,

8d.

—dhá phingin

 ,,     ,,

8d.

,,         ,,         ,,

1s.

1d.

—leath-reul

 ,,     ,,

1s.

1d.

,,         ,,         ,,

2s.

2d.

—tuistiún

 ,,     ,,

2s.

2d.

,,         ,,         ,,

3s.

0d.

—reul

 ,,     ,,

3s.

0d.

,,         ,,         ,,

5s.

0d.

—naoi bpingne

 ,,     ,,

5s.

0d.

,,         ,,         ,,

7s.

6d.

—scilling

 ,,     ,,

7s.

6d.

,,         ,,         ,,

10s.

6d.

—trí reulacha

 ,,     ,,

10s.

6d.

,,         ,,         ,,

15s.

0d.

—dhá scilling

 ,,     ,,

15s.

0d.

dhá scilling in aghaidh an chéad 15s., agus reul

in aghaidh gach 5s. no cuid de 5s. os cionn 15s.

Saoirse do chluichí stáitse, etc., o dhiúité siamsa.

22. —Ar an 1adh lá de Dheireadh Fomhair, 1931, agus dá éis sin ní déanfar diúité siamsa do réir bhrí ailt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, d'éileamh ná do ghearradh ar íocaíocht as dul isteach chun aon tsiamsa go mbeidh lucht an léirithe féin i láthair agus ag léiriú ann agus gur ní no nithe acu so leanas is mó bheidh ann, sé sin le rá:—

(a) léiriú drámúil;

(b) cuirm cheoil, pe'ca ceol gotha no ceol ionstruime é no an dá shaghas;

(c) roinnt ítimí no greasa ilghnéitheacha den tsórt is gnáth do thabhairt i halla ceoil.

Saoirse o dhiúité siamsa do shiamsaí áirithe ina seinnfear ceol.

23. —I gcás íocaíochta chun dul isteach chun siamsa do bheith i dteideal do réir dlí chun bheith saor o dhiúité siamsa, do réir bhrí ailt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, mara mbeadh gurbh ítim sa tsiamsa san banna ceoil do sheinm cheoil no léiriú ceolmhar eile, ní bheidh na híocaíochta san eiscithe ón saoirse sin toisc an ítim sin do bheith sa tsiamsa san má taisbeántar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ná fuil san ítim sin ach fo-chuid den tsiamsa san.

Saoirse do dhaoine eile maidir le ceadúnaisí hácaera.

24. —Ní gá do dhuine ar bith acu so leanas ceadúnas do thógaint amach fén Hawkers Act, 1888, ach chó beag leis na daoine luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 12 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), sé sin le rá:—

(a) duine ar bith a dhíolann deocha meisciúla no tobac fé cheadúnas ócáideach;

(b) duine ar bith a dhíolann milseáin no úrúcháin le caitheamh láithreach agus ná díolann aon earraí eile;

(c) duine ar bith a dhíolann earraí bhaineann le cráibhtheacht agus ná díolann aon earraí eile;

(d) duine ar bith a dhíolann eallach stuic agus ná díolann aon earraí eile.

Forálacha i dtaobh diúitéthe máil ar shiúicre.

25. —D'fhonn na ndiúitéthe máil ar shiúicre d'fháil agus do bhailiú agus d'fhonn éilithe ar ais-tarrac d'fhíorú féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh i dtaobh siúicre do dhéanamh agus i dtaobh siúicre do stóráil agus do thógaint as an monarchain agus féadfaid, leis na rialacháin sin, achtacháin ar bith a bhaineann le haon diúité no ais-tarrac máil no custum agus le daoine go mbíonn aon trádáil ar siúl acu fé sna dlithe máil do chur i mbaint leis na diúitéthe agus na hais-tarraicí máil ar shiúicre agus leis na déantóirí siúicre, agus má sháruíonn éinne aon rialachán acu san no má theipeann air é do chólío nadh, geallbhruidfear an earra gur ina taobh a déanfar an cionta agus an té dhéanfaidh an cionta dlighfear pionós máil de chaoga púnt do chur air in aghaidh gach cionta fé leith.

CUID III.

Diuitethe Bais.

Diúité estáit ar mhaoin, go raibh leas le n-a shaol inti ag duine ná maireann, má haistrítear chun cuideachtan í.

26. —(1) Más rud é, aon uair roimh bhás duine do fuair bás ar dháta an Achta so do rith, no dá éis sin, go ndearnadh aon mhaoin, ina raibh ag an duine sin estát no leas do bhí le dul in éag ar fháil bháis don duine sin, d'aistriú chun cuideachtan le n-a mbaineann an t-alt so no chun tairbhe don chuideachtain sin agus fós gurb iad an duine sin agus an té go raibh leas aige sa bhfuigheall-dhílse no sa bhfrith-dhílse do rinne an t-aistriú san, ansan, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin agus pe'ca go díreach no go nea-dhíreach agus pe'ca le haon deighleáil amháin no níos mó do rinneadh an t-aistriú san, maran rud é—

(a) gur roimh an 1adh lá de Lúnasa, 1918, do rinneadh an t-aistriú; no

(b) gur mhaoin shocruithe an mhaoin sin agus, pé scéal é, go raghadh leas an duine ná maireann in éag de dheascaibh a bháis sara ndéanfadh leas ar seilbh den leas san; no

(c) go ndearnadh an chomaoine dob iníoctha ar scór an aistrithe leis an duine ná maireann d'íoc go hiomlán ar shlí seachas tré scaireanna sa chuideachtain sin do thabhairt do no tríd an gcuideachtain sin do dheonadh don duine ná maireann blianacht dob inchríochnuithe ar fháil bháis don duine sin no de dhruim a bháis no tré iad do dheonadh aon tsreatha eile d'íocaíochta tréimhsiúla dho dob inchríochnuithe sa tslí chéanna; no

(d) maidir leis an duine ná maireann—

(i) gur leig sé uaidh, trí bliana ar a laighead roimh a bhás, gach leas do bhí aige sa mhaoin sin, agus

(ii) ná raibh aige, aon uair laistigh de sna trí bliana san (ar shlí seachas fé léas no fé chó-aontú ar léas ar dhaorchíos), seilbh ná tairbhe aon choda den mhaoin sin ná aon tsochair do cuireadh in áirithe dho, le connradh no eile, maidir leis an leigint uaidh sin, agus

(iii) ná raibh sé, aon uair laistigh de sna trí bliana san, ag fáil ná i dteideal aon íocaíochta ón gcuideachtain nárbh íocaíocht alos no ar scór debentiúirí no iasachtaí no íocaíocht suime caipitiúla d'airgead ceannaigh de mhéid áirithe (agus airgead ceannaigh dob iníoctha ina thráthchoda tréimhsiúla ar feadh tréimhse áirithe d'áireamh, ach gan airgead ceannaigh d'áireamh dob iníoctha ina bhlianachtaí no ina íocaíochta tréimhsiúla eile dob inchríochnuithe ar fháil bháis don duine ná maireann no de dhruim a bháis);

tuigfear fé réir forálacha an ailt seo, chun crícheanna diúité estáit, an mhaoin sin do dhul chun duine eile, ar an mbás do thárlachtaint, díreach fé is dá leanadh estát no leas an duine ná maireann inti go dtí an bás.

(2) I gcás maoine go dtuigfí de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo, mara mbeadh an fo-alt so, í do dhul chun duine eile ar an mbás do thárlachtaint, má rinne an chuideachta chun ar haistríodh an mhaoin sin do réir bhrí an fho-ailt sin roimhe seo an mhaoin sin no aon chuid den mhaoin sin do dhíol no do mhalartú bona fide ar lán-chomaoine in airgead no i luach airgid le linn saol an duine ná maireann, ní tuigfear an mhaoin sin, ná pé méid di do díoladh no do malartuíodh amhlaidh, do dhul chun duine eile ar fháil bháis don duine ná maireann, ach ina ionad san an mhaoin dob ionann i lámhaibh na cuideachtan agus sochar an díola no an mhalartuithe sin no do bhí ag seasamh, i lámhaibh na cuideachtan, in ionad an tsochair sin ar dháta bháis an duine ná maireann tuigfear, chun críche diúité estáit, í do dhul chun duine eile ar an mbás do thárlachtaint fé is dá mbeadh inti, ag an duine ná maireann, estát no leas do bhí le dul in éag ar fháil bháis don duine sin agus fé is dá leanadh an t-estát no an leas san go dtí n-a bhás.

(3) Nuair a beifear ag déanamh amach luach aon mhaoine tuigfear do dhul chun duine eile fén alt so ar an mbás do thárlachtaint, bainfear as luach colna na maoine sin—

(a) oiread de pé suim (más aon tsuim é) do fuair an chuideachta ar iasacht agus do chuir an chuideachta chun na maoine d'fheabhsú agus ná raibh aisíoctha ag an gcuideachtain ar an mbás do thárlachtaint;

(b) suim is có-ionann leis an suim chaipitiúil d'airgead (más aon tsuim é) d'íoc an chuideachta leis an duine ná maireann mar chuid den chomaoine ar scór a leasa sa mhaoin d'aistriú;

(c) i gcás diúité estáit do bheith iníoctha, mar gheall ar an mbás, ar aon scaireanna de chuid na cuideachtan no ar aon debentiúirí sa chuideachtain, suim is cóionann le luach colna, ar dháta an bháis, na scaireanna no na ndebentiúirí sin do tugadh don duine ná maireann no do haistríodh chuige i gcomaoine na maoine d'aistriú.

(4) Beidh an chuideachta bheidh i gceist freagarthach in aon diúité forchuirtear leis an alt so agus, chun an diúité sin do chruinniú agus d'íoc, beidh aici na comhachta uile bronntar ar dhaoine freagarthacha leis an Finance Act, 1894, agus má dheineann an té is seiceadúir (do réir bhrí an Achta san) don duine ná maireann an diúité no aon chuid de d'íoc aisíocfaidh an chuideachta leis é.

(5) Más rud é, ar fháil bháis do dhuine ar bith, go mbeidh éileamh ar dhiúité i gceist de bhuadh an ailt seo, déanfaidh an chuideachta bheidh freagarthach sa diúité sin bás an duine sin do chur in úil do sna Coimisinéirí Ioncuim laistigh de ráithe tar éis don chuideachtain sin eolas d'fháil ar an mbás san, agus dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig céad púnt do chur ar aon chuideachtain den tsórt san a bhéarfaidh faillí go toiliúil sa méid sin do chur in úil amhlaidh.

(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, chun na gcrícheanna bhaineann leis an alt so do chur in éifeacht, a éileamh ar chuideachtain ar bith le n-a mbaineann an t-alt so cóipeanna de pé cinn de sna cuntaisí cothromaíochta agus de sna cuntaisí sochair agus dochair no ioncuim agus caithteachais, maraon le pé eolas eile, is gá dhóibh go réasúnta do thabhairt dóibh laistigh de dhá mhí tar éis a éileamh uirthi amhlaidh san do dhéanamh, agus má theipeann ar aon chuideachtain den tsórt san déanamh do réir an éilimh sin—

(a) dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig céad púnt do chur ar an gcuideachtain sin agus dlighfear pionós den tsórt chéanna do chur ar gach stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí no oifigeach eile don chuideachtain sin údaróidh no cheadóidh an teip go feasach no go toiliúil; agus

(b) féadfar ordú dhéanamh i gcoinnibh stiúrthóirí uile na cuideachtan san no i gcoinnibh éinne acu á éileamh ortha déanamh do réir an éilimh sin sa tslí chéanna in ar féidir ordú do dhéanamh i gcoinnibh éinne atá freagarthach i ndiúité comharbais cuntas do thabhairt uaidh agus beidh feidhm ag forálacha ailt 47 den Succession Duty Act, 1853, dá réir sin ach iad d'atharú mar is gá.

(7) San alt so—

cialluíonn an abairt “cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so” aon chólucht corparáideach, pé áit in ar hionchorparuíodh é—

(a) atá có-dhéanta i slí nách iad a chuid scaireánach ná aon aicme dhíobh a rialann é, no

(b) ná fuil tugtha amach aige don phobal, no, i gcás cuideachtan atá ar tí scaireanna do thabhairt amach don phobal, ná beidh tugtha amach aige don phobal nuair a bheidh an tabhairt amach san déanta aige, níos mó ná leath na scaireanna gurb iad a sealbhóirí rialann an cólucht san;

foluíonn an focal “scair” aon leas in aon chor i gcuideachtain, pé ainm atá air, atá cosúil le scair, agus léireofar an focal “scaireánaigh” dá réir sin.

Rátaí diúité estáit do mhéadú.

27. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfar an scála atá curtha síos sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur in ionad an scála atá curtha síos sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , mar scála de rátaí diúité estáit i gcás daoine d'fháil bháis ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin.

(2) Má rinneadh bona fide roimh an 6adh lá de Bhealtaine, 1931, leas feitheamhach do réir bhrí Chuid I den Finance Act, 1894, in aon mhaoin (nách maoin a tuigfear, de bhuadh an ailt deiridh sin roimhe seo, do dhul chun duine eile ar an mbás do thárlachtaint) do dhíol no do chur fé mhorgáiste ar lán-chomaoine in airgead no i luach airgid, ansan ní bheidh iníoctha ar an maoin sin ag an gceannathóir no ag an morgáistí ar theacht i seilbh an leasa dho aon diúité eile ach an diúité do bheadh iníoctha dá mba ná rithfí an tAcht so, agus i gcás morgáiste áireofar mar mhuirear is déanaí ná muirear an mhorgáistí aon diúité is aoirde ná san agus is iníoctha ag an morgáisteoir.

Saoirse o dhiúitéthe báis do rudaí ina gcuirtear suim i gcúrsaí náisiúntachta, etc.

28. —(1) Más rud é, ar fháil bháis do dhuine do fuair bás ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, go ndeaghaidh rudaí ar bith le n-a mbaineann an t-alt so chun duine eile, ní cuirfear luach na rudaí sin san áireamh chun luach colna an estáit do chuaidh chun an duine eile sin ar an mbás do thárlachtaint no an ráta gur dá réir a bheidh diúité estáit inéilithe air do mheas, agus beidh na rudaí sin saor o dhiúitéthe báis an fhaid ná beifear ag déanamh airgid asta.

(2) Má díoltar rudaí ar bith le n-a mbaineann an t-alt so, tiocfaidh diúitéthe báis chun bheith inéilithe, fé réir forálacha an ailt seo, ar shochar a ndíola maidir leis an mbás deiridh gur mar gheall air do chuaidh na rudaí sin chun duine eile agus, maidir le diúité estáit, do réir an ráta is oiriúnach do luach colna an estáit do chuaidh chun duine eile ar an mbás san do thárlachtaint agus ar a mbeidh diúité estáit inghearrtha agus le n-a gcuirfí na rudaí dá mba nár rudaí iad le n-a mbaineann an t-alt so agus an té do dhíol no gur chun tairbhe dho do díoladh na rudaí beidh sé freagarthach sna diúitéthe agus bhéarfaidh cuntas uaidh chun crícheanna na ndiúitéthe laistigh de mhí tar éis an díola, agus beidh ús ar na diúitéthe sin iníoctha o dháta an díola.

(3) Má díoltar rudaí ar bith le n-a mbaineann an t-alt so, ní thiocfaidh diúitéthe báis chun bheith inéilithe más le Gailerí Náisiúnta na hÉireann a díolfar iad no le Músaeum Náisiúnta na hEolaíochta agus na hEaladhantachta no le haon fhundúireacht náisiúnta eile den tsórt san, no le haon phríomhscoil, comhairle chontae no bárdas cathrach i Saorstát Éireann, no leis na Friends of the National Collections of Ireland.

(4) Baineann an t-alt so leis na rudaí seo leanas, sé sin le rá, pé pictiúirí, priondaí, leabhair, láimhscríbhinní, oibreacha ealadhan, cnuasacha de rudaí bhaineann le heolaíocht no rudaí eile ná tagann ioncum asta agus go bhfeicfear don Aire Airgid, ar éileamh do dhéanamh air fén alt so, suim do bheith á gcur ionta i gcúrsaí náisiúntachta, eolaíochta, staire no ealadhantachta.

(5) Ní dhéanfaídh éinní san alt so deifir ar bith do sna comhachta bronntar ar an Aire Airgid le fo-alt (2) d'alt 15 den Finance Act, 1894.

Saoirse o dhiúité chomharbais.

29. —Maran mó ná míle púnt luach glan na maoine uile, réalta agus pearsanta, do chuaidh no a tuigfear do chuaidh chun duine eile, ar fháil bháis d'éinne do fuair bás ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, fé aistriú no fé aistrithe inter vivos do rinne an duine ná maireann agus fé n-a uacht no in éamais uachta, maoin go raibh diúité estáit iníoctha uirthi ar fháil bháis do, ní bheidh diúité comharbais iníoctha fén aistriú no fé sna haistrithe inter vivos san.

CUID IV.

Cain Phroifit Chorparaide.

Alt 33 den Acht Airgid, 1929 , do leasú.

30. —Leasuítear fo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna figiúirí “1934” do chur in ionad na bhfigiúirí “1931” atá sa bhfo-alt san anois, agus

(b) tríd an bhfocal agus an mír seo leanas do chur i ndeireadh an fho-ailt sin, sé sin le rá:—

“ná

(e) i gcás Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, le haon chuid de phroifití na corporáide sin.”

agus dearbhuítear leis seo go léireofar an fo-alt san agus go mbeidh éifeacht aige agus go dtuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

Saoirse o dhiúité stampa ar admhála.

31. —Léireofar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an tsaoirse seo leanas isteach ann fén mírcheann “Receipts given for, or upon the payment of, money amounting to £2 or upwards” i dteanta na saoirsí atá ann no do cuireadh leis go dtí so fén mírcheann san, sé sin le rá:—

“(19) Admháil do bhéarfaidh Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, ar airgead a híocfar alos iasachtaí do dheon an Chorparáid sin no alos úis ar na hiasachtaí sin.”

Diúité stampa ar chuntaisí ar chaipital chuideachtana, etc.

32. —Ar dháta an Achta so do rith agus dá éis sin, isé méid na ndiúitéthe stampa ad valorem a luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 39 den Finance Act, 1920, ná cúig scillinge in ionad púint.

Ciste na nIasachtaí Áitiúla.

33. —(1) Ar gach roimh-íoc do bhéarfar amach (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) fé údarás reachtúil chun caipitail do sholáthar do Chiste na nIasachtaí Áitiúla agus a bheidh de thurus na huaire gan íoc, beidh ús, ar n-a áireamh go sosa leathbhliana, iníoctha amach as Ciste na nIasachtaí Áitiúla leis an Stát-Chiste, o am an roimh-íoc san do thabhairt amach, do réir pé ráta agus pé tráthanna ordóidh an tAire Airgid o am go ham.

(2) Ar gach airgead a bhí no a bheidh de thurus na huaire (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis sin) i gcreidiúint do Chiste na nIasachtaí Áitiúla agus ag oibriú chun tairbhe don Stát-Chiste, beidh ús, ar n-a áireamh go sosa leath-bhliana, iníoctha amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis le Ciste na nIasachtaí Áitiúla, in aghaidh gach tréimhse go raibh an t-airgead san ag oibriú amhlaidh, do réir pé ráta agus pé tráthanna ordóidh an tAire Airgid o am go ham.

(3) I gcás ina mbeidh comhacht ag an Aire Airgid fén alt so an ráta d'ordú gur dá réir a bheidh ús ar bith iníoctha, féadfaidh a ordú go n-íocfar an t-ús san do réir malairt rátaí in aghaidh malairt codacha den tréimhse gur ina haghaidh a bheidh an t-ús san iníoctha amhlaidh.

(4) I gcás ina n-ordóidh an tAire Airgid ús d'íoc fén alt so amach as Ciste na nIasachtaí Áitiúla agus ina n-ordóidh sé fós ús d'íoc fén alt so le Ciste na nIasachtaí Áitiúla, isé slí ina n-íocfar an tsuim is lugha den ús san ná tré n-a cur (chó fada is ragha sí) i gcoinnibh na suime is mó den ús san.

Conus a cuirfear cuid den ioncum bhliantúil as barrachas Ciste Temporáltachtaí na hEaglaise Eireannaighe.

34. —(1) As an ioncum bliantúil a thiocfaidh as barrachas Ciste Temporáltachtaí na hEaglaise Eireannaighe déanfar na suimeanna bliantúla so leanas d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid, sé sin le rá:—

(a) in aghaidh na tréimhse de chúig bliana déag dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, suim bhliantúil de dhachad míle púnt, agus

(b) in aghaidh gach tréimhse de chúig bliana déag ina dhiaidh sin, pé suim bhliantúil (nách mó ná sé mhíle caogad púnt) is dóich leis an Aire Airgid is féidir d'íoc gan dochar don urrús ar aon fhiachaisí do bhí ar an gCiste sin an 1adh lá d'Abrán, 1900.

(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1930, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.

Ciste Iostán na Sclábhaithe.

35. —Deintear na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá, mír (c) d'fho-alt (1) agus fo-ailt (3) agus (4) d'alt 13 den Labourers (Ireland) Act, 1906, agus alt 3 den Supreme Court of Judicature (Ireland) Act, 1907, d'athghairm leis seo i slí go mbeid mar a bheidís athghairmthe an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ón lá san amach, agus achtuítear leis seo ina n-ionad san, i gcás nách leor, in aon bhliain airgeadais (agus an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, d'áireamh), Ciste Iostán na Sclábhaithe (eadhon, an Ciste dá dtagartar in alt 13 den Labourers (Ireland) Act, 1906,) chun na gcrícheanna dá bhfuil sé ceaptha do réir an Labourers (Ireland) Act, 1906, go n-íocfar isteach sa Chiste sin, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé suim bhreise is gá chun an easnaimh sin do shlánú:

Cúram agus bainistí cánacha.

36. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité forchuirtear no buanuítear leis an Acht so.

Athghairm.

37. —Deintear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

38. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II. den Acht so, sa mhéid go mbaincann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum, agus sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineannn leis na diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Ach amháin mar a foráltar go soiléir a mhalairt, tuigfear Cuid I. den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1931, agus beidh éifeacht aige an lá san agus as san amach.

CEAD SCEIDEAL.

SIUICRE, MOLAS, GLUCOS, SACAIRIN.—RATAI DIUITETHE, AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.

CUID I.—DIUITETHE.

Earrai.

Diúité Custum.

Diúité Máil.

Siúicre thaisbeánann pólarú is mó ná ocht ngráid nochad nuair a tástáltar leis an bpólariscóip é,

s.

d.

s.

d.

an céad

4

8

4

8

Siúicre de phólarú nách mó ná sé gráid sheachtód,

an céad

2

3

2

3

Siúicre de phólarú—

Is mó ná

76

agus nách mó ná

77

an céad

..

..

2

3.8

2

3.8

,,

77

,,

78

,,

,,

..

..

2

4.7

2

4.7

,,

78

,,

79

,,

,,

..

..

2

5.6

2

5.6

,,

79

,,

80

,,

,,

..

..

2

6.5

2

6.5

,,

80

,,

81

,,

,,

..

..

2

7.4

2

7.4

,,

81

,,

82

,,

,,

..

..

2

8.3

2

8.3

,,

82

,,

83

,,

,,

..

..

2

9.2

2

9.2

,,

83

,,

84

,,

,,

..

..

2

10.2

2

10.2

,,

84

,,

85

,,

,,

..

..

2

11.2

2

11.2

,,

85

,,

86

,,

,,

..

..

3

0.2

3

0.2

,,

86

,,

87

,,

,,

..

..

3

1.2

3

1.2

,,

87

,,

88

,,

,,

..

..

3

2.3

3

2.3

,,

88

,,

89

,,

,,

..

..

3

3.4

3

3.4

,,

89

,,

90

,,

,,

..

..

3

4.8

3

4.8

,,

90

,,

91

,,

,,

..

..

3

6.1

3

6.1

,,

91

,,

92

,,

,,

..

..

3

7.5

3

7.5

,,

92

,,

93

,,

,,

..

..

3

8.8

3

8.8

,,

93

,,

94

,,

,,

..

..

3

10.1

3

10.1

,,

94

,,

95

,,

,,

..

..

3

11.5

3

11.5

,,

95

,,

96

,,

,,

..

..

4

0.8

4

0.8

,,

96

,,

97

,,

,,

..

..

4

2.2

4

2.2

,,

97

,,

98

,,

,,

..

..

4

3.5

4

3.5

Molás (ach amháin nuair a tógtar amach é chun a úsáidthe ag stilleuraí ceadúnaithe i ndéanamh biotáille) agus siúicre iompála agus gach siúicre agus súghsiúicre eile nách féidir a thástáil go hiomlán leis an bpólariscóip agus ná héilítear diúité air go speisialta tré fheidhm forálacha eile na Coda so den Sceideal so:—

Má bhíonn 70 per cent. no níos mó d'abhar chun milsithe ionta,

an céad

2

11½

2

11½

Má bhíonn níos lugha ná 70 per cent. agus níos mó ná 50 per cent. d'abhar chun milsithe ionta,

an céad

2

2

Mara mbeidh thar 50 per cent. d'abhar chun milsithe ionta,

an céad

1

1

Tuigfear go bhfuil an t-abhar chun milsithe chó mór le méid iomlán an tsiúicre chána agus iompála agus an tsiúicre eile atá san earra mar a déanfar san amach tré dheighlteánacht a déanfar fé mar ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim:—

Glúcós:

Soladach     ..     ..     ..     ..

an céad

2

11½

2

11½

Fliuch     ..     ..     ..     ..

an céad

2

2

Sacairín (le n-a n-áirítear substaintí den chineál chéanna no chun na húsáide céanna)

an únsa

1

6

1

6

CUID II.—AIS-TARRAICI AGUS LIUNTAISI.

A.—AIS-TARRAICI CUSTUM.

Cineál an Ais-Tarraic.

Méid no Ráta an Ais-Tarraic.

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre no molás ar ar híocadh diúité (le n-a n-áirítear siúicre no molas do rinneadh o shiúicre no o mholás ar ar híocadh diúité) agus do ghaibh tré mhonarcha shiúicre i Saorstát Éireann d'easportáil no do chur ar bord luinge no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é úsáid mar stóranna luinge.

I gcás moláis do rinneadh fé bhanna, suim is có-mhéid leis an diúité breise do híocadh fén Acht so agus in aon chás eile suim is có-mhéid leis an diúité breise do bheadh inéilithe fén Acht so nuair do hiomportálfaí earra den tsórt chéanna.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité breise do híocadh fén Acht so ar scór an tsiúicre no an ghlúcóis.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfear ar bord luinge, no a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (nách beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre, molás glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité breise is inéilithe fén Acht so ar scór an méid sin den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is léir do sna Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí, no, i gcás déantúisí fuighligh, a bheith sna hearraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh i Saorstát Éireann, o shiúicre ar ar híocadh an diúité iomportála do réir an ráta reatha, agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é úsáid i ndéanamh biotáille    an céad

1s. 0½d.

B.—AIS-TARRAICI MAIL.

Cineál an Ais-Tarraic.

Méid no Ráta an Ais-Tarraic.

(1) Ais-tarrac nuair a déanfar siúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité d'easportáil, no do chur ar bord luinge, no do lóisteáil i mbanna-stóras chun é úsáid mar stóranna luinge.

Suim is có-mhéid leis an diúité breise do híocadh fén Acht so.

(2) Ais-tarrac nuair a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a heasportála, beoir gur húsáideadh ina grúdú siúicre no glúcós ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité breise do híocadh fén Acht so ar scór an tsiúicre no an ghlúcóis.

(3) Ais-tarrac nuair a heasportálfar, no a cuirfear ar bord luinge, no a lóisteálfar i mbanna-stóras, chun a n-úsáidthe mar stóranna luinge, earraí (nách beoir) gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon tsiúicre, molás, glúcós no sacairín ar ar híocadh diúité.

Suim is có-mhéid leis an diúité breise do híocadh fén Acht so ar scór an méid sin den tsiúicre, den mholás, den ghlúcós no den tsacairín is léir do sna Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ais-tarrac a lomhálfar do ghlantóir ar mholás do rinneadh i Saorstát Éireann, o shiúicre ar ar híocadh diúité, agus a seachadadh do stilleuraí cheadúnaithe chun é úsáid i ndéanamh biotáille    an céad

1s. 0½d.

(5) Ais-tarrac nuair a déanfar glúcós ar ar híocadh diúité do lóisteáil i stóras do mhol na Coimisinéirí Ioncuim fé alt a dó den Manufactured Tobacco Act, 1863, chun tobac caven-dish agus tobac negrohead do dhéanamh.

Suim is có-mhéid leis an ais-tarrac do bheadh iníoctha ar easportáil an ghlúcóis.

C.—LIUNTAISI DO GHLANTOIRI AR MHOLAS DO RINNEADH I SAORSTAT ÉIREANN AGUS NA hUSAIDTEAR ACH MAR BHIA D'EALLACH STUIC.

Cineál an Liúntais.

Ráta an Liúntais.

Liúntas ar mholás do rinneadh o shiúicre ar ar híocadh diúité nuair do hiomportáladh é no ar ar híocadh an diúité máil                an céad

1s. 0½d.

DARA SCEIDEAL.

Scala de Ratai Diuite Estait.

Luach Colna an Estáit.

An Ráta per cent. de Dhiúité.

£

£

Os cionn

100

gan dul thar

500

..

..

..

1

        ,,

500

        ,,

1,000

..

..

..

2

        ,,

1,000

        ,,

5,000

..

..

..

3

        ,,

5,000

        ,,

10,000

..

..

..

4

        ,,

10,000

        ,,

12,500

..

..

..

5

        ,,

12,500

        ,,

15,000

..

..

..

6

        ,,

15,000

        ,,

18,000

..

..

..

7

        ,,

18,000

        ,,

21,000

..

..

..

8

        ,,

21,000

        ,,

25,000

..

..

..

9

        ,,

25,000

        ,,

30,000

..

..

..

10

        ,,

30,000

        ,,

35,000

..

..

..

11

        ,,

35,000

        ,,

40,000

..

..

..

12

        ,,

40,000

        ,,

45,000

..

..

..

13

        ,,

45,000

        ,,

50,000

..

..

..

14

        ,,

50,000

        ,,

55,000

..

..

..

15

        ,,

55,000

        ,,

65,000

..

..

..

16

        ,,

65,000

        ,,

75,000

..

..

..

17

        ,,

75,000

        ,,

85,000

..

..

..

18

        ,,

85,000

        ,,

100,000

..

..

..

19

        ,,

100,000

        ,,

120,000

..

..

..

20

        ,,

120,000

        ,,

150,000

..

..

..

22

        ,,

150,000

        ,,

200,000

..

..

..

24

        ,,

200,000

        ,,

250,000

..

..

..

26

        ,,

250,000

        ,,

300,000

..

..

..

28

        ,,

300,000

        ,,

400,000

..

..

..

30

        ,,

400,000

32

TRIU SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A HATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus Caibideal

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

59 & 60 Vic., c. 28.

Finance Act, 1896.

Alt 20, ach amháin maidir le daoine do fuair bás roimh dháta an Achta so do rith.

10 Edw. VII. agus 1 Geo. V., c. 8.

Finance (1909-10) Act, 1910.

Alt 63, ach amháin maidir le daoine do fuair bás roimh dháta an Achta so do rith.

11 & 12 Geo. V., c. 32.

Finance Act, 1921.

Alt 44, ach amháin maidir le daoine do fuair bás roimh dháta an Achta so do rith.