28 1931


Uimhir 28 de 1931.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA), 1931.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AIRGID A SHOLÁTHRÓIDH AN tOIREACHTAS DO CHUR CHUN FAOISIMH BHREISE DO DHÉANAMH MAIDIR LE RÁTAÍ AR TALAMH THALMHAÍOCHTA.

[29adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1925 (Uimh. 35 de 1925) ; agus

cialluíonn na habairtí “deontas talmhaíochta” agus “deontas breise” na nithe chialluíd fé seach sa Phríomh-Acht.

Méadú nua ar an deontas talmhaíochta.

2. —(1) Sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin deonfaidh an tAire Airgid, mar mhéadú ar an deontas talmhaíochta de bhreis ar an deontas breise fén bPríomh-Acht, deontas (dá ngairmtear an deontas breise nua san Acht so) de £750,000 (seacht gcéad go leith míle punt) a sholáthróidh an tOireachtas chun na críche sin sa bhliain airgeadais sin.

(2) Is le comhairlí na gcontae uile agus fé seach (nách contaebhuirgí) a bheidh an deontas breise nua iníoctha agus is mar leanas a roinnfear ar na comhairlí sin é, sé sin le rá:—

(a) maidir le leath den deontas san, do réir na méideanna daoine fé seach do bhí sna contaethe uile agus fé seach do réir an mhoráirimh do rinneadh sa bhliain 1926, agus

(b) maidir leis an leath eile den deontas san, sna cionúireachtaí céanna ina bhfuil an chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha le comhairlí contaethe (nách contae-bhuirgí) ionroinnte ar na comhairlí sin.

(3) Bainfidh an Príomh-Acht leis an deontas breise nua fé mar a bhaineann leis an deontas breise ach go n-atharófar mar leanas é, sé sin le rá:—

(a) cuirfear an 1adh lá d'Abrán, 1931, in ionad an 1adh lá d'Abrán, 1925, cuirfear an 1adh lá d'Eanar, 1932, in ionad an 1adh lá d'Eanar, 1926, agus cuirfear an 31adh lá de Mhárta, 1932, in ionad an 31adh lá de Mhárta, 1926;

(b) leigfear ar lár tagairtí do chomhairlí contae-bhuirge;

(c) léireofar mar thagairt don Acht so an abairt “an tAcht so” i ngach áit ina bhfuil sí in alt 7 den Phríomh-Acht.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1931 , do ghairm den Acht so.