|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 18 de 1931. | ||
[EN] |
ACHT NA nGIÚIRITHE (COSAINT), 1931. | |
ACHT CHUN NA hAIMSIRE LEANFAIDH ACHT NA nGIÚIRITHE (COSAINT), 1929 , I bhFEIDHM DO CHUR I bhFAID GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA. | ||
[8adh Iúl, 1931.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Acht na nGiúirithe (Cosaint), 1929 , do bhuanú. |
1. —Leanfaidh Acht na nGiúirithe (Cosaint), 1929 (Uimh. 33 de 1929) , i bhfeidhm go dtí an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1933, agus ragha sé in éag ansan. |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
2. —(1) Féadfar Acht na nGiúirithe (Cosaint), 1931 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na nGiúirithe, 1927 go 1931, do ghairm d'Achtanna na nGiúirithe, 1927 agus 1929, agus den Acht so le chéile. |