15 1931


Uimhir 15 de 1931.


ACHT TRÁCHT NA gCUAIRTEOIRÍ (FEABHSÚ), 1931.


ACHT CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN TRÁCHT NA gCUAIRTEOIRÍ I SAORSTÁT ÉIREANN DO CHUR AR AGHAIDH AGUS D'FHEABHSÚ AGUS CHUN A CHUR AR CHUMAS ÚDARÁSANNA ÁITIÚLA AIRGEAD DO CHAITHEAMH CHUN NA CRÍCHE SIN.

[27adh Bealtaine, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “contae” contae riaracháin, ach ní fholuíonn sé contae-bhuirg;

cialluíonn an abairt “bliain airgeadais áitiuil” tréimhse bhliana dar críoch aon 31adh lá de Mhárta;

cialluíonn an abairt “luach ionrátuithe” an luach ionrátuithe bliantúil fé sna hAchtanna Luachála.

(2) Chun crícheanna an Achta so is údarás áitiuil gach cólucht acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae;

(b) comhairle chontae-bhuirge;

(c) comhairle bhuirge nách contae-bhuirg;

(d) comhairle bhailecheanntair;

(e) coimisinéirí baile.

Cuideachtana ceaduithe.

2. —(1) Féadfaidh an tAire deimhniú (dá ngairmtear deimhniú ceadúcháin san alt so) do dheona i dtaobh aon chuideachtan—

(a) a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann fén Companies (Consolidation) Act, 1908; agus

(b) gurb é is aon-chuspóir no is príomh-chuspóir dóibh trácht na gcuairteoirí i Saorstát Éireann do chur ar aghaidh agus d'fheabhsú, ar a n-áirítear a thairbhighe agus a thaithneamhaighe atá áiteanna i Saorstát Éireann no in aon chuid de mar áiteanna sláinte no aoibhnis d'fhógairt; agus

(c) a gheobhaidh re n-a n-ais a gcuntaisí do chur á n-iniúcha uair sa bhliain ag iniúchóir a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí; agus

(d) a gheobhaidh re n-a n-ais pé cuntaisí do chimeád a cheanglóidh an tAire ortha do chimeád agus na cuntaisí sin do thabhairt don Aire;

á rá gur cuideachta cheaduithe chun crícheanna an Achta so an chuideachta san.

(2) Gach cuideachta go ndeonfar deimhniú ceadúcháin ina dtaobh beid ina gcuideachtain cheaduithe chun crícheanna an Achta so faid a bheidh an deimhniú san i bhfeidhm, agus ar scur de bheith i bhfeidhm don deimhniú san scuirfid de bheith ina gcuideachtain cheaduithe chun crícheanna an Achta so.

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, tré fhógra i scríbhinn do sheirbheail ar chuideachtain gur deonadh deimhniú ceadúcháin ina dtaobh an deimhniú san do cheiliúra gan aon réasún do luadh agus ar dháta agus o dháta seirbheála an fhógra san scuirfidh an deimhniú san de bheith i bhfeidhm.

(4) Má rithtear rún á údarú go gcríochnófaí gnó cuideachtan gur deonadh deimhniú ceadúcháin ina dtaobh no má dheineann cúirt dlighinse inniúla ordú chun gnó cuideachtan den tsórt san do chríochnú, ansan, an deimhniú ceadúcháin do deonadh i dtaobh na cuideachtan san scuirfe sé ar dháta agus o dháta an rúin no an orduithe sin de bheith i bhfeidhm.

Údaráis áitiúla d'íoc rann-íoc le cuideachtana ceaduithe.

3. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh údarás áitiuil, aon bhliain airgeadais áitiuil, có-aontú (dá ngairmtear có-aontú um rann-íoc áitiuil san Acht so) do dhéanamh le cuideachtain cheaduithe chun suime áirithe (dá ngairmtear rann-íoc áitiuil san Acht so) d'íoc leis an gcuideachtain sin in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla san no in aghaidh na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin no in aghaidh gach bliana de líon áirithe (nách mó ná cúig) de bhlianta airgeadais áitiúla as a chéile, ag tosnú leis an gcéad bhliain airgeadais áitiuil sin a luaidhtear no leis an gcéad bhliain airgeadais áitiuil ina dhiaidh sin.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh údarás áitiuil, aon bhliain airgeadais áitiuil, aon mhéid có-aontuithe um rann-íoc áitiuil do dhéanamh leis an aon chuideachtain cheaduithe amháin no le roinnt cuideachtana ceaduithe.

(3) Ní dhéanfaidh údarás áitiuil có-aontú um rann-íoc áitiuil chun rann-íoca áitiúla d'íoc in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe má sé thiocfadh as an gcó-aontú san do dhéanamh go mbeadh an tsuim iomlán go gcó-aontófaí go n-íocfadh an t-údarás áitiuil sin í mar rann-íoc áitiuil in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla san níos mó—

(a) más comhairle chontae no chontae-bhuirge an t-údarás áituil sin, ná suim is có-ionann le méid ráta do réir phingne fén bpúnt ar an luach ionrátuithe bheidh ar an gcontae no ar an gcontae-bhuirg sin le linn an chó-aontuithe sin do dhéanamh; no

(b) más comhairle bhuirge nách contae-bhuirg no más comhairle bhailcheanntair no coimisinéirí baile an t-údarás áitiuil sin, ná suim is có-ionann le méid ráta do réir thrí pingne fén bpúnt ar an luach ionrátuithe bheidh ar an mbuirg, ar an mbailecheanntar no ar an mbaile sin le linn an chó-aontuithe sin do dhéanamh;

agus aon chó-aontú um rann-íoc áitiuil a déanfar contrárdha do sna forálacha san roimhe seo den fho-alt so beidh sé gan brí gan éifeacht.

(4) Maidir le gach rann-íoc áitiuil a bheidh iníoctha in aghaidh bliana airgeadais áitiúla déarfar sa chó-aontú um rann-íoc áitiuil fé n-a mbeidh sé iníoctha go bhfuil sé iníoctha agus beidh sé iníoctha, ina cheithre tráthchoda ráithiúla có-ionanna, an 30adh lá de Mheitheamh, an 30adh lá de Mheán Fhomhair, an 31adh lá de Mhí na Nodlag agus an 31adh lá de Mhárta an bhliain airgeadais áitiuil sin.

(5) Má scuireann cuideachta cheaduithe de bheith ina gcuideachtain cheaduithe, ansan, gach rann-íoc áitiuil is iníoctha leis an gcuideachtain sin in aghaidh tréimhse ar bith a thosnóidh ar an dáta no tar éis an dáta ar a scuirfidh an chuideachta san de bheith ina gcuideachtain cheaduithe scuirfe sé de bheith iníoctha agus, chun crícheanna an fho-ailt seo, tuigfear gach ranníoc áitiuil do bheith ag fás o ló go ló agus beidh sé ionroinnte ar an aimsir dá réir sin.

(6) An admháil do bhéarfaidh cuideachta cheaduithe uatha ar airgead ar bith íocfaidh údarás áitiuil leo fé chó-aontú um rann-íoc áitiuil is leor í mar shaora don údarás áitiuil sin.

(7) Ní déanfar sochar có-aontuithe um rann-íoc áitiuil do shanna mara gcólíontar na coiníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gur do chuideachtain cheaduithe sannfar é;

(b) go dtoileoidh an tAire leis an sanna san;

(c) go scríobhfar an toiliú san ar chúl na scríbhinne le n-a ndéanfar an sanna san.

(8) Gach airgead do gheobhaidh cuideachta cheaduithe fé chó-aontú um rann-íoc áitiuil caithfidh an chuideachta san é ar pé nithe agus ar pé slí cheadóidh an tAire agus ní har ní ná ar shlí eile.

Údaráis áitiúla d'fhógairt áiteanna sláinte agus aoibhnis.

4. —(1) Má cheaduíonn an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí é féadfaidh comhairle aon chontae, contae-bhuirge no buirge eile no bailecheanntair, no coimisinéirí aon bhaile, ina n-aonar no i gcomhar no i gcó-cheangal le haon chomhairle no comhairlí eile no le coimisinéirí aon bhaile no bailte eile den tsórt san, fógairt do dhéanamh agus féadfaid, fé réir na sriantacht a forchuirtear leis an alt so, airgead do chaitheamh ar fhógairt do dhéanamh, tré fhógráin do chur isteach i bpáipéirí nuachta no le póstaerí, le placárdaí no le n-a leithéidí sin eile de mheáin fhógraíochta, i dtaobh a thairbhighe agus a thaithneamhaighe, mar áit sláinte no aoibhnis, atá an chontae sin no aon chuid di no an bhuirg, an ceanntar, no an baile sin no, más fógráin iad o roinnt údarás áitiuil i gcomhar no i gcó-cheangal le n-a chéile, líomatáiste ina bhfuil an t-iomlán no aon choda de chontaethe, de bhuirgí, de cheanntracha, agus de bhailte na gcomhairlí no na gcoimisinéirí uile agus fé seach a bheidh i gcomhar no i gcócheangal le n-a chéile amhlaidh.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí éinní do cheadú fén bhfo-alt san roimhe seo ach tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(3) Ní raghaidh an tsuim a féadfar a chaitheamh chun crícheanna an ailt seo aon bhliain airgeadais áitiuil—

(a) i gcás comhairle contae no contae-bhuirge, ní ragha sí féin agus suim na rann-íoc n-áitiuil (más ann dóibh) is iníoctha ag an gcomhairle sin in aghaidh na bliana san thar suim is có-ionann le ráta do réir phingne fén bpúnt ar an luach ionrátuithe bheidh ar an gcontae no ar an gcontae-bhuirg sin i dtosach na bliana san; agus

(b) i gcás comhairle buirge nách contae-bhuirg, no comhairle bailecheanntair, no coimisinéirí baile, ní ragha sí féin agus suim na rann-íoc n-áitiuil (más ann dóibh) is iníoctha fé chó-aontú no fé chó-aontuithe um rann-íoc áitiuil do rinne an chomhairle no na coimisinéirí sin in aghaidh na bliana san thar suim is có-ionann le ráta do réir thrí pingne fén bpúnt ar an luach ionrátuithe bheidh ar an mbuirg, ar an mbailecheanntar, no ar an mbaile sin i dtosach na bliana san.

Costaisí údarásanna áitiúla.

5. —Maidir leis na costaisí fe n-a raghfar fén Acht so—

(a) i gcás comhairle contae, is amach as an gciste contae a híocfar iad agus is tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae go hiomlán a cruinneofar iad; agus

(b) i gcás comhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, is amach as an gciste cathardha a híocfar iad; agus

(c) i gcás comhairle bhuirge Dhún Laoghaire, is amach as an gciste cathardha a híocfar iad; agus

(d) i gcás comhairle contae-bhuirge seachas contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, i gcás comhairle buirge seachas contae-bhuirg agus seachas buirg Dhun Laoghaire no i gcás comhairle bailecheanntair, is amach as aon ráta no ciste is ionchurtha chun crícheanna na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, díreach fé is dá mbeifí tar éis dul fútha chun crícheanna na nAcht san, a híocfar iad; agus

(e) i gcás coimisinéirí baile, is tríd an ráta ghearraid fé alt 60 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, a cruinneofar iad, ach cimeádfar as an áireamh iad nuair a beifear ag fáil amach aon teorann a chuireann an dlí leis an ráta san.

Athghairm.

6. —Athghairmtear leis seo alt 67 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ).

Conus a cuirfear airgead áirithe.

7. —(1) Aon airgead do chruinnigh údarás áitiuil chun crícheanna ailt 67 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , agus nár chuir an t-údarás áitiuil sin chun na gcrícheanna san roimh an Acht so do rith, féadfaidh an t-údarás áitiuil sin é do chur chun aon chostaisí fé n-a raghaid fén Acht so d'íoc.

(2) Aon rann-íoca do híocadh, roimh an Acht so do rith, fé fho-alt (2) d'alt 67 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , le cistí aon chomhlachais den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san, caithfidh an comhlachas san iad do réir an fho-ailt sin fé is ná déanfaí an t-alt san 67 d'athghairm leis an Acht so.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 , do ghairm den Acht so.