12 1931


Uimhir 12 de 1931.


ACHT CAPITAIL THELEFÓIN, 1931.


ACHT CHUN TUILLE AIRGID DO DHEONA CHUN SCÉIM THELEFÓNACH SHAORSTÁIT ÉIREANN DO CHUR I bhFEABHAS AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS SIN. [12adh Bealtaine, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Deontas eile chun an scéim thelefónach do chur i bhfeabhas.

1. —I dteanta an airgid a húdaruítear leis na hAchtanna Capitail Thelefóin, 1924 agus 1927, féadfaidh an tAire Airgid suimeanna nách mó san iomlán ná suim dhá chéad go leith míle púnt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, pé suimeanna theastuigh no a theastóidh ón Aire Puist agus Telegrafa chun scéim thelefónach Shaorstáit Éireann do chur i bhfeabhas do réir mheastachán le n-ar aontuigh an tAire Airgid.

Féadfaidh an tAire Airgid iasachtaí fháil chun crícheanna an Achta so.

2. —(1) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna a húdaruítear leis an Acht so a thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no chun airgead do sholáthar chun aisíoc do dhéanamh leis an bPrímh-Chiste i ngach suim no in aon tsuim a tugadh amach as an gCiste sin fé údarás an Achta so, féadfaidh an tAire Airgid iasachtaí fháil tré bhlianachtaí inchríochnuithe rithfidh ar feadh tréimhse nách sia ná fiche bliain.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach airgead a gheobhfar ar iasacht fén alt so.

(3) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach blianacht inchríochnuithe a cruthnófar fén alt so agus, maran leor an t-airgead san, is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh a muirear agus a híoc.

Ailt 3 agus 4 den Acht Capitail Thelefóin, 1927 , d'ionchorparú.

3. —Ionchorparuítear leis an Acht so ailt 3 agus 4 den Acht Capitail Thelefóin, 1927 (Uimh. 8 de 1927) .

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Capitail Thelefóin, 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Capitail Thelefóin, 1924 go 1931, do ghairm de sna hAchtanna Capitail Thelefóin, 1924 agus 1927, agus den Acht so le chéile.