10 1931


Uimhir 10 de 1931.


ACHT TÁSTÁLA PLÁTA (LEASÚ), 1931.


ACHT CHUN AN PLATE ASSAY (IRELAND) ACT, 1807, DO LEASÚ MAIDIR LEIS NA PIONÓISÍ GHABHANN LE CIONTAÍ ÁIRITHE FÉN ACHT SAN. [21adh Abrán, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Plate Assay (Ireland) Act, 1807.

An pionós a ghabhann le ciontaí fé alt 16 den Phríomh-Acht.

2. —D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht no in aon achtachán eile, isé pionós a féadfar do ghearra ar dhuine go dtabharfar de bhreith air go bhfuil sé ciontach i bhfeleontacht fé alt 16 den Phríomh-Acht no in aon chionta (seachas feleontacht) fén alt san ná pian-tseirbhís ar feadh téarma ar bith nách sia ná cúig bliana no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná dhá bhliain.

Dlighinse na Cúirte Dúithche.

3. —(1) Beidh dlighinse ag an gCúirt Dúithche agus féadfaidh dlighinse d'fheidhmiú i gcás feleontachta no aon chionta eile fé alt 16 den Phríomh-Acht fé is dá mbeadh an fheleontacht no an cionta eile sin imeasc na gcás a háirmhítear i bhfo-alt B d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ).

(2) Má dheineann an Chúirt Dúithche, i bhfeidhmiú na dlighinse bronntar leis an alt so, cás do thriail ar an slí achmair, ansan, d'ainneoin éinní atá as bhfo-alt san B den alt san 77, isé picnós a féadfar do ghearra ná príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no, más rogha leis an gCúirt é, fíneáil nách mó ná caoga púnt.

(3) Ní bhainfidh alt 17 den Phríomh-Acht le haon fhíneáil fhorchuirfidh an Chúirt Dúithche i bhfeidhmiú na dlighinse bronntar leis an alt so.

Gearr-theideal.

4. —(1) Féadfar an tAcht Tástála Pláta (Leasú), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Tástála Pláta, 1807 agus 1931, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.