|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 13 de 1930. | ||
[EN] |
ACHT UM SCRÚDÓIREACHT SCANNÁN (LEASÚ), 1930. | |
ACHT CHUN NA hACHTANNA UM SCRÚDÓIREACHT SCANNÁN, 1923 AGUS 1925, DO LEATHNÚ I dTREO GO mBAINFID LE FUAIMEANNA GUTHA NO EILE TUGTAR AMACH LE MEÁIN MHECEANICIÚLA I dTACA AGUS I gCÓ-AIMSIR LE PICTIÚIRÍ CINEMATOGRAFACHA. | ||
[4adh Meitheamh, 1930.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht agus an tAcht Leasúcháin. |
1. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 (Uimh. 23 de 1923) ; agus | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAcht Leasúcháin” an tAcht um Scrúdóire acht Scannán (Leasú), 1925 (Uimh. 21 de 1925) . | |
[EN] |
Reachtúchán atá ann cheana do leathnú i dtreo go mbainfe sé le fuaimeanna i dtaca le pictiúirí. |
2. —(1) Má bhíonn i dtaca le ní is pictiuir do réir bhrí an Phríomh-Achta fuaimeanna gutha no eile tugtar amach le meain mheceaniciúla i gcó-aimsir leis an éifeacht radhairc gurb í an pictiuir sin í, ansan, chun an Príomh-Acht agus an tAcht Leasúcháin fé seach do chur i mbaint leis an bpictiuir sin agus do léiriú maidir leis an bpictiuir sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) tuigfear na fuaimeanna gutha no eile sin do bheith sa phictiuir sin agus do bheith ina gcuid den phictiuir sin; | |
[EN] | (b) tuigfear na meain mheceaniciúla le n-a dtugtar amach na fuaimeanna san do bheith in a gcuid den chinematograf no den fhearas den tsórt san le n-a dtaisbeántar an pictiuir sin; | |
[EN] | (c) folóidh an pictiuir sin do thaisbeáint na fuaimeanna san do thabhairt amach; agus | |
[EN] | (d) léireofar tagairtí do scannán agus do chlaonchló mar nithe fholuíonn fé seach tagairtí do recórd a bheireann amach na fuaimeanna san agus tagairtí do mhatrix o n-a ndearnadh an recórd san. | |
[EN] |
Cuid de phictiuir do ghearra amach. |
3. —Féadfar le rialacháin a déanfar fé alt 12 den Phríomh-Acht pé socrú is ceart dar leis an Aire Dlí agus Cirt do dhéanamh maidir le coda de phictiuirí, ina mbeidh fuaimeanna a tugtar amach le meain mheceaniciúla, do dheighilt o sna pictiuirí sin, do thabhairt suas agus do choinneail fé mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 7 den Phríomh-Acht agus, in ionad na gcoda san do dheighilt, do thabhairt suas agus do choinneail, féadfar leis na rialacháin sin aon nós-imeachta áirithe d'údarú is dó leis an Aire Dlí agus Cirt do bheith chó maith agus chó héifeachtúil leis na coda san do dheighilt, do thabhairt suas agus do choinneail. |
[EN] |
Gearr-theideal, léiriú agus luadh. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1930 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus leis an Acht Leasúcháin, agus féadfar na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1930, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile. |