33 1929


Uimhir 33 de 1929.


ACHT NA nGIÚIRITHE (COSAINT), 1929.


ACHT CHUN SOCRÚ EILE AGUS SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN COISTEOIRÍ AGUS FINNITHE I dTRIAIL CHEISTEANNA COIRIÚLA DO CHOSAINT AGUS CHUIGE SIN ACHT NA nGIÚIRITHE, 1927 , AGUS AN DLÍ A BHAINEAS LE RIARA CEARTAIS CHOIRIÚLA DO LEASÚ AGUS BREITH-FHOCAIL MHÓRÁIRIMH I gCÁSANNA COIRIÚLA D'ÚDARÚ.

[1adh Lúnasa, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú agus léiriú.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na nGiúirithe, 1927 (Uimh. 23 de 1927) .

(2) Léighfar agus léireofar an tAcht so mar éinní amháin le Cuid V den Phríomh-Acht agus, dá réir sin, gach focal agus abairt atá san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe no ar a dtugtar míniú áirithe sa Phríomh-Acht, go generálta no chun crícheanna Chuid V den Acht san, beidh leo no ortha fé seach san Acht so an brí sin a tugtar dóibh no an míniú san a tugtar ortha sa Phríomh-Acht.

Comhacht chun feidhmeanna áirithe foshirriam d'aistriú.

2. —(1) I ngach contae agus contae-bhuirg le n-a gcuirfar an t-alt so i mbaint tré ordú do dhéanamh fén alt so, na comhachta agus na dualgaisí a bronntar no a forchuirtar ar fho-shirriam na contae no na contae-bhuirge sin le Cuid V den Phríomh-Acht, pe'ca mar oifigeach phaineultachta no mar oifigeach ghairmtheachta no eile é, tiocfid chun bheith agus beid aistrithe agus bronnta no forchurtha, o dháta an orduithe sin, chun na n-oifigeach agus ar na hoifigigh uile agus fé seach ar a mbronnfí no ar a bhforchuirfí fé seach na comhachta agus na dualgaisí sin leis an gCuid sin V den Phríomh-Acht dá mbeadh oifig an fhoshirriaim sin folamh, agus dá réir sin, ar dháta agus o dháta aon ordú den tsórt san, déanfar an Chuid sin V den Phríomh-Acht agus go sonnrách na habairtí “an t-oifigeach paineultachta” agus “an t-oifigeach gairmtheachta” sna háiteanna ina bhfuilid fé seach inti do léiriú agus beidh éifeacht acu, maidir leis an gcontae no leis an gcontae-bhuirg le n-a mbaineann an t-ordú san, fé is dá dtagadh oifig an fho-shirriaim sa chontae no sa chontae-bhuirg sin chun bheith folamh mar an gcéad uair do réir bhrí na Coda san V den Phríomh-Acht ar dháta an orduithe sin.

(2) Tré ordú do dhéanamh fén alt so féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, pé uair is oiriúnach leis é, an t-alt so do chur i mbaint le haon chontae no contae-bhuirg ina mbeidh oifig fho-shirriaim agus ná beidh sí folamh ar dháta an orduithe sin.

Sicréideacht phaineul an ghiúiré i gcásanna coiriúla.

3. —(1) Ní bhainfidh alt 50 den Phríomh-Acht le paineul de choisteoirí a hullamhófar i gcóir suidhe a bheidh ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil ná le paineul de choisteoirí a hullamhófar i gcóir suidhe a bheidh ag Breitheamh den Chúirt Chuarda chun ceisteanna coiriúla do thriail, agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndeighleálfidh an t-oifigeach paineultachta agus an t-oifigeach gairmtheachta le gach paineul den tsórt san mar scríbhinn oifigiúil rúnda.

(2) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon achtachán eile, ní bheidh teideal ag aon duine cúisithe, de cheart, chun cóipe den phaineul de choisteoirí gur as a bheidh sé ceaptha an giúiré chun a thrialta d'fháil.

An phuiblíocht do choinneáil amach agus an paineul á ghlaoch.

4. —D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá sa Phríomh-Acht, bainfidh na forálacha so leanas le gach suidhe a bheidh ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil agus le gach suidhe a bheidh ag Breitheamh den Chúirt Chuarda chun ceisteanna coiriúla do thriail agus beidh éifeacht acu ag na suidheanna san, sé sin le rá:—

(a) Gach lá de gach suidhe den tsórt san gur gá do chlárathóir na Cúirte do réir an Phríomh-Achta paineul de choisteoirí (pe'ca bun-phaineul é no paineul fóirlíontach) do ghlaoch fé alt 46 no fé alt 47 den Phríomh-Acht, beidh an clárathóir sin i láthair sa Chúirt ar feadh leathuair a' chluig, díreach roimh an uair a bheidh ceaptha do thosnú suidhe na Cúirte an lá san, agus gach éinne gur gá dho do réir dlí bheith i láthair sa Chúirt an lá san mar choisteoir beidh sé dleathach do teacht i láthair an chlárathóra san i rith na leathuaire sin agus a iarraidh ar an gclárathóir sin a chur ar breaca go bhfuil sé i láthair agus ar a iarraidh sin amhlaidh air cuirfidh an clárathóir sin ar breaca ar pé slí is oiriúnach leis an duine sin do bheith i láthair amhlaidh;

(b) Nuair a bheidh an clárathóir, do réir alt 46 no fo-altanna (2) agus (3) d'alt 47 den Phríomh-Acht, ag glaoch ainmneacha na gcoisteoirí a bheidh iontrálta ar phaineul de choisteoirí (pe'ca bun-phaineul é no paineul fóirlíontach) ní ghlaodhfidh an clárathóir ainm aon choisteora den tsórt san 'nar chuir sé ar breaca roimhe sin fén mír sin roimhe seo den alt so an lá san é bheith i láthair mara mbeidh cúis aige chun a chreidiúint gur dhin an coisteoir sin, o cuireadh ar breaca amhlaidh é bheith i láthair, an Chúirt d'fhágaint agus nár fhill sé chúichi agus pé uair a staonfidh an clárathóir, fén mír seo, o ainm choisteora do ghlaoch déanfa sé pé nithe i dtaobh an choisteora san ba ghá dho, do reir an Phríomh-Achta, do dhéanamh dá nglaoidhtí ainm an choisteora san agus go bhfreagródh an coisteoir sin í;

(c) Ní leigfar isteach éinne ná ní bheidh éinne i láthair sa Chúirt le linn na n-imeachta a horduítear le halt 46 den Phríomh-Acht ná na n-imeachta a horduítear le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 47 den Acht san ná na n-imeachta a horduítear le mír (a) den alt so do bheith ar siúl (pe'ca i dtaobh bun-phainéil é no i dtaobh painéil fhóirlíontaigh) ach amháin an Breitheamh a bheidh i gceannas ag an suidhe, oifigigh na Cúirte, baill den Ghárda Síochána ar diúite sa Chúirt, agus daoine do gairmeadh chun bheith i láthair sa Chúirt mar choisteoirí ag an suidhe sin, ach ní léireofar éinní sa mhír seo mar ní a cheanglann ar an mBreitheamh bheith i láthair le linn na n-imeachta a horduítear le mír (a) den alt so do bheith ar siúl;

(d) Ach amháin le linn na n-imeachta a horduítear le halt 46 den Phríomh-Acht no na n-imeachta a horduítear le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 47 den Acht san no na n-imeachta a horduítear le mír (a) den alt so do bheith ar siúl déanfar gach éinne a bheidh i láthair sa Chúirt mar choisteoir (pe'ca cuireadh fé mhionn é mar choisteoir no nár cuireadh) do ghlaoch, agus labharfar leis agus tagrófar do, chun gach críche sa Chúirt tríd an uimhir fé leith a bheidh aige ar an bpaineul de choisteoirí as a bhfuarthas é agus tríthi sin amháin agus ní glaodhfar ar éinne den tsórt san ná ní labharfar leis ná ní tagrófar do sa Chúirt tré n-a ainm ná ní déanfar seola ná tuairisc éinne den tsórt san do ghlaoch ná do luadh sa Chúirt.

Breith-fhocail o naonúr ball de ghiúiré.

5. —(1) I ngach triail a déanfar i láthair Breithimh agus giúiré ar dhuine a eúiseofar in aon choir no cionta is leor vóta móráirimh de naonúr ball den ghiúiré chun an breith-fhocal do shocrú agus cuirfidh an Breitheamh an méid sin in úil don ghiúiré agus déanfar breith-fhocal an naonúir bhall san no níos mó d'áireamh agus do chur ar breaca mar bhreith-fhocal an ghiúiré gan líon na mball nár aontuigh leis, más ann dóibh, do nochta (ach amháin mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) ná a innsint cé hiad.

(2) Pé uair a gheobhaidh giúiré duine do bheith ciontach i gcoir gurb é pionós an bháis a ghabhann leis do réir dlí fiafróidh an Breitheamh d'fhear cheannais an ghiúiré agus cuirfidh fear ceannais an ghiúiré in úil don Bhreitheamh go príobháideach i scríbhinn ce'ca d'aon aonta a tugadh an breith-fhocal no nárbh ca agus líon na mball nár aontuigh leis (má b'ann dóibh) agus tuairisceoidh an breitheamh chun an Aire Dlí agus Cirt an t-eolas a gheobhfar amhlaidh.

Duine d'fhanúint ina thost no do dhiúltú don Chúirt d'admháil.

6. —(1) Pé uair a fhanfidh duine a cúiseofar sa Phríomh-Chúirt Choiriúil no sa Chúirt Chuarda in aon choir no cionta ina thost nuair a glaodhfar air an cúiseamh san d'fhreagairt, ní cuirfar aon ghiúiré fé mhionn chun a fháil amach ce'ca tré n-a mhailís féin no le leamhnú Dé atá an duine sin ina thost amhlaidh ach ina ionad san éistfidh an Breitheamh féin pé fianaise (más ann di) a tairgfar do láithreach baill i dtaobh na ceiste sin agus, más deimhin leis an mBreitheamh ón bhfianaise sin gur le leamhnú Dé atá an duine sin ina thost, leanfidh gach aon rud do leanfadh dá bhfaghadh giúiré do cuirfí fé mhionn chuige sin gur le leamhnú Dé a bhí an duine sin ina thost amhlaidh ach maran deimhin leis an mBreitheamh mar adubhradh no mara dtairgtar aon fhianaise den tsórt san do amhlaidh ordóidh an Breitheamh an plé “nea-chiontach” d'iontráil don duine sin.

(2) Pé uair a theipfidh ar dhuine a cúiseofar sa Phríomh-Chúirt Choiriúil no sa Chúirt Chuarda in aon choir no cionta freagra do thabhairt no a dhiúltóidh sé do fhreagra do thabhairt ar an gcúiseamh san, in aon tslí seachas tré fhanúint ina thost, nuair a glaodhfar air chun a dhéanta, ordóidh an Breitheamh (gan dochar do sna comhachta bheidh aige fén gcéad fho-alt eile den alt so) an plé “nea-chiontach” d'iontráil don duine sin.

(3) Pé uair a dhéanfidh duine, a cúiseofar sa Phríomh-Chúirt Choiriúil no sa Chúirt Chuarda in aon choir no cionta, le linn aon chéime dá thriail sa Chúirt sin sa chúis sin, tré aon ghníomh no faillí, easurraim mhór do thaisbeáint don Chúirt no diúltú don Chúirt d'admháil no diúltú d'údarás no do dhlighinse na Cúirte d'admháil, no aon ghníomh (seachas fanúint ina thost no cur go dleathach i bhfuirm chuibhe na dlí i gcoinnibh dlighinse do bheith ag an gCúirt chun é thriail sa chúis sin) is dó leis an mBreitheamh is ionann agus diúltú don Chúirt no dá húdarás no dá dlighinse d'admháil, no gníomhú go heasurramach no go heasumhal in aghaidh na Cúirte in aon tslí eile, beidh an duine sin ciontach i gcionta i gcoinnibh na Cúirte agus féadfidh an Breitheamh é dhaora láithreach chun téarma phríosúntachta nách sia ná sé mhí.

(4) Nuair a déanfar fen bhfo-alt san roimhe seo den alt so duine do dhaora chun téarma phríosúntachta, déanfidh an Breitheamh pé ní acu so is rogha leis—

(a) a ordú go bhfuilingeoidh an duine sin an phríosúntacht san láithreach agus sa chás san déanfar láithreach an duine sin do bhreith chun siúil i gcimeád agus do chur i bpríosún do réir an daortha san agus beidh triail an duine sin sa chúis ina raibh sé á thriail nuair a daoradh amhlaidh é ar athló go dtí an chéad shuidhe eile, tar éis a scaoilte ón bpríosúntacht san, a bheidh ag an gCúirt sin no, i gcás na Cúirte Cuarda, a bheidh ag an gCúirt sin chun ceisteanna coiriúla sa chontae no sa chontae-bhuirg sin do thriail, agus ar a scaoile amhlaidh coinneofar i gcimeád é fé is dá gcuirtí ar aghaidh é chun a thrialta ag an suidhe chun a mbeidh a thriail curtha ar athló amhlaidh, no

(b) dul ar aghaidh le triail an duine sin, agus sa chás san fuilingeoidh an duine sin príosúntacht do réir an daortha san o dheire agus i dteanta pé pionós eile (más ann do) chun ar daoradh é ag an triail sin no, más rud é, ar aon réasún, nár daoradh é chun aon phionóis eile den tsórt san ag an triail sin, o dheire na trialach san, ach mara dtánathas ar aon bhreith-fhocal ag an triail sin ní chuirfidh an daora san cosc leis an duine sin do thriail arís, tar éis na príosúntachta san, sa chúis inar thárla an teip sin ar theacht ar bhreithfhocal ina taobh.

An Chúirt do ghlana ar feadh trialacha coiriúla áirithe.

7. —(1) Pé uair a dhéanfidh oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort ag triail duine chúisithe sa Phríomh-Chúirt Choiriúil no sa Chúirt Chuarda agus tar éis don duine chúisithe sin “nea-chiontach” do phléideáil no tar éis an plé “nea-chiontach” do bheith iontrálta dho, a rá fé mhionn leis an mBreitheamh a bheidh i gceannas na trialach san gurb é tuairim an oifigigh sin gur gá, chun cosanta na bhfínnithe agus na gcoisteoirí a bhaineann leis an triail sin, an phuiblíocht do choinneáil amach as an gCúirt ar feadh na trialach san, féadfidh an Breitheamh a ordú an Chúirt do ghlana agus sa chás san ní ragha sé ar aghaidh leis an triail sin go dtí go nglanfar an Chúirt do réir an ailt seo.

(2) Nuair a glanfar Cúirt fén alt so ag triail duine chúisithe cimeádfar an Chúirt glan amhlaidh ar feadh na trialach san go dtí go mbeidh breith-fhocal an ghiúiré curtha ar breaca no go dtí go mbeidh teipthe ar an ngiúiré teacht ar có-aontú agus go scurfar iad.

(3) Chun crícheanna an ailt seo léireofar tagairtí do ghlana na Cúirte mar thagairtí a chialluíonn gach éinne riamh do choinneáil amach as an gCúirt ach an Breitheamh a bheidh i gceannas na trialach a bheidh ar siúl an uair sin, oifigigh na Cúirte, na coisteoirí do cuireadh fé mhionn i gcóir na trialach san, an duine cúisithe agus aon bhall den Ghárda Síochána no cimeádaí príosúin a bheidh ina fheighil, na habhcóidí agus na hatúrnaethe ar fostú sa triail sin, baill den Ghárda Síochána ar diúité sa Chúirt, oifigigh eile den Stát i láthair ina bhfeadhmannas oifigiúil, an fínné (más ann do) a bheidh ag tabhairt fianaise uaidh de thurus na huaire, abhcóidí ag cleachta bona fide mar abhcóidí i Saorstát Éireann agus, fé réir forálacha na dtrí bhfo-alt díreach ina dhiaidh seo den alt so, ionadaithe páipéirí nuachta.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “ionadaí páipéir nuachta” duine a bhíonn do ghnáth ag gabháil do nuachtóireacht no ar fostú inti agus 'na bhfuil údarás cuibhe aige o eagarthóir pháipéir nuachta bona fide a foillsítear uair sa tseachtain ar a laighead no o bhainisteoir oifige nuachta no comhlachais nuachta bona fide mar ionadaí don pháipeur nuachta san no mar thuairisceoir imeacht dlí don pháipeur nuachta, don oifig nuachta, no don chomhlachas nuachta san.

(5) Pé uair, díreach tar éis glana Cúirte fén alt so, a thaisbeánfidh oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort don Bhreitheamh i gceannas na Cúirte sin uimhir no uimhreacha de pháipeur nuachta áirithe do cuireadh amach le déanaí roimhe sin no scríbhinn no scríbhinní a dheabhróidh agus a thabharfidh le tuisgint a bheith ina huimhir no ina n-uimhreacha den tsórt san agus is dó leis an mBreitheamh go raghadh aon aistí no abhar eile san uimhir no sa scríbhinn sin no in aon cheann de sna huimhreacha no de sna scríbhinní sin chun eagla do chur ar choisteoirí no ar fhínnithe i gcoitinne no sa triail áirithe a bheidh ar siúl an uair sin no chun a chosc no chun mí-mhisneach do chur ar na coisteoirí sin a ndualgas do chólíona do réir a mionna gan fabhar gan faitcheas no chun a chosc no chun mí-mhisneach do chur ar na fínnithe sin a bhfianaise do thabhairt uatha gan chosc, go hiomlán agus go fírinneach, órdóidh an Breitheamh láithreach gach éinne adeir gurb ionadaí no gur tuairisceoir don pháipeur nuachta san é do choinneáil amach as an gCúirt ar feadh pé aimsir a bheidh an Chúirt sin glan fén alt so agus, leis sin, faid a bheidh an Chúirt sin glan amhlaidh, ní leigfar isteach éinne ná ní bheidh éinne i láthair sa Chúirt sin ar an scór gurb ionadaí no gur tuairisceoir don pháipeur nuachta san é.

(6) Pé uair a dhéanfidh oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort, aon tráth faid a bheidh Cúirt glan fén alt so, a rá fé mhionn leis an mBreitheamh i gceannas na Cúirte sin, i dtaobh duine áirithe a bheidh an uair sin á éileamh mar cheart do féin go leigfí isteach é no go bhfanfadh sé sa Chúirt sin mar ionadaí páipéir nuachta, gurb eol no go bhfuil amhrus ann baint no páirt do bheith ag an duine sin le gníomhartha chun eagla do chur ar choisteoirí no ar fhínnithe no le gníomhartha tréasúnta no ceannairceacha no gurb eol i gcoitinne go mbíonn sé i gcomhluadar daoine 'na bhfuil baint acu no 'na bhfuil amhrus ann baint do bheith acu le haon ghníomhartha den tsórt san, ordóidh an Breitheamh láithreach an duine sin do choinneáil amach as an gCúirt sin faid a bheidh sí glan amhlaidh agus leis sin coinneofar an duine sin amach as an gCúirt sin dá réir sin.

(7) Ní léireofar éinní san alt so mar ní a bhaineann de Bhreitheamh no a laigheaduíonn aon chomhacht no dualgas a dílsítear ann no a forchuirtar air le reacht no eile chun a Chúirt do ghlana no aon daoine no duine do choinneáil amach aisti, agus na comhachta agus na dualgaisí a bronntar no a forchuirtar leis an alt so beid i dteanta agus ní hin ionad na gcomhacht agus na ndualgas san a céad-luaidhtear.

Trialacha do chur ar athló mar gheall ar eagla do bheith á cur ar choisteoirí no fínnithe.

8. —(1) Pé uair agus gach uair (ach ní níos mó ná dhá uair maidir le haon triail áirithe) is deimhin le Breitheamh i gceannas na Príomh-Chúirte Coiriúla no le Breitheamh den Chúirt Chuarda ina shuidhe chun ceisteanna coiriúla do thriail nár mhaith an rud, mar gheall ar eagla do bheith á cur no iarracht do bheith á tabhairt ar eagla do chur ar choisteoirí no ar fhínnithe maidir le triail cheisteanna coiriúla i gcoitinne no le triail aon tsaghas áirithe ceisteanna coiriúla no maidir le triail duine áirithe no mar gheall ar eagla do bheith á cur no iarracht do bheith á tabhairt ar eagla do chur ar choisteoirí no ar fhínnithe áirithe, nár mhaith an rud triail no trialacha duine no daoine cúisithe a bheidh ag feitheamh le n-a dtriail ina láthair do bheith ann ag an suidhe a bheidh ar siúl an uair sin ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil no ag an gCúirt Chuarda (pe'ca aca é) féadfidh an Breitheamh san triail no trialacha an duine no na ndaoine cúisithe sin do chur ar athló go dtí an chéad shuidhe eile a bheidh ag an gCúirt sin no, i gcás na Cúirte Cuarda, go dtí an chéad shuidhe eile a bheidh ag an gCúirt sin chun ceisteanna coiriúla sa chontae no sa chontae-bhuirg sin do thriail.

(2) Pé uair a cuirfar triail duine chúisithe ar athló fén alt so tuigfar chun gach críche gur cuireadh an duine cúisithe sin ar aghaidh chun a thrialta ag an suidhe chun ar cuireadh a thriail ar athló amhlaidh agus féadfar dá réir sin, d'ainneoin éinní ina choinnibh sin in aon reacht a bheidh i bhfeidhm i Saorstát Éireann, é do choinneáil i gcimeád fé is dá gcuirtí é ar aghaidh chun a thrialta ag an suidhe sin.

(3) An chomhacht a bronntar leis an alt so chun triail do chur ar athló beidh sí i dteanta agus ní hin ionad aon chomhachta eile a bheidh ann do réir dlí de thurus na huaire chun triail do chur ar athló, agus ní dhéanfidh triail do chur ar athló uair no dhó fén alt so cosc do chur leis an triail sin do chur ar athló ina dhiaidh sin fé aon chomhacht eile den tsórt san chun triail do chur ar athló, ná ní dhéanfidh triail do chur ar athló uair no dhó fé aon cheann de sna comhachta deiridh sin a luaidhtear cosc do chur leis an triail sin do chur ar athló ina dhiaidh sin fén alt so.

Toirmeasc ar ainmneacha coisteoirí d'fhoillsiú.

9. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne ráiteas i scríbhinn i dtaobh aon duine eile do chlóbhuala, d'fhoillsiú, do scaipe, do dhíol ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a dhíolta, ná do phostáil suas ná do nochta ar aon tslí eile in aon áit phuiblí ná ráiteas de bhréithre béil do dhéanamh ina thaobh (pe'ca fíor bréag an ráiteas san) mar seo, eadhon, gur glaodhadh, gur cuireadh fé mhionn, no gur fhónaigh an duine eile sin mar choisteoir i dtriail aon cheiste coiriúla áirithe no aon tsaghas áirithe ceisteanna coiriúla no gur paineuladh no gur gairmeadh é no go raibh sé i láthair mar choisteoir i gcóir aon tsuidhe do bhí ag aon Chúirt chun ceisteanna coiriúla do thriail.

(2) Má dhineann éinne aon ráiteas i dtaobh aon duine eile do chlóbhuala, d'fhoillsiú, do scaipe, do dhíol, no do thairisgint no do thaisbeáint chun a dhíolta, no do phostáil suas no do nochta ar aon tslí eile in aon áit phuiblí, no má dhineann sé aon ráiteas de bhréithre béil ina thaobh, contrárdha don alt so, beidh an chéad duine sin a luaidhtear ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) Ní bhainfidh éinní san alt so le héinne do chlóbhuala, d'fhoillsiú, do scaipe, no do dhéanamh aon ráitis ná ní dhéanfa sé nea-dhleathach san do dhéanamh sa tslí agus sa mhéid go n-orduítear é leis an bPríomh-Acht, mar a leasuítear leis an Acht so é, no le dlí ar aon tslí eile, sé sin, aon ráiteas 'na mbeidh sé de dhualgas air fén bPríomh-Acht mar a leasuítear amhlaidh é, no ar aon tslí eile do réir dlí, é do chlóbhuala, d'fhoillsiú, do scaipe, no do dhéanamh amhlaidh.

Gairmeacha coisteoirí do sheirbheáil tríd an bpost.

10. —(1) Léireofar alt 44 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá leigtí an focal “cláruithe” ar lár i ngach áit ina bhfuil an abairt “post cláruithe” san alt san.

(2) Gach ordú, chun gairmeacha chun coisteoirí do bheith i láthair do sheirbheáil tríd an bpost cláruithe, do thug an tAire Dlí agus Cirt uaidh fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) d'alt 44 den Phríomh-Acht roimh rith an Achta so agus nár ceiliúradh, beidh éifeacht aige o am rithte an Achta so mar ordú fén alt san 44, mar a leasuítear leis an Acht so é, chun na gairmeacha san do sheirbheáil tríd an bpost.

Pionóisí mar gheall ar eagla do chur ar choisteoirí.

11. —Einne—

(a) a chlóbhuailfidh, a fhoillseoidh, a scaipfidh, a dhíolfidh, no a thairgfidh no a thaisbeánfidh chun a dhíolta, no a phostálfidh suas no a nochtfidh ar aon tslí eile in aon áit phuiblí, no a iomportálfidh isteach i Saorstát Éireann aon ráiteas, fógra, aiste no abhar eile i scríbhinn no aon leabhar, páipeur nuachta, meaigisín, irisleabhar no scríbhinn eile ina mbeidh aon ráiteas, fógra, aiste no abhar eile a spriocann, a mhisníonn, no a ghríosuíonn no is dócha do mheallfadh no do tharraiceodh daoine do gairmeadh no a bheidh ag fónamh mar choisteoirí i gcóir trialach no i dtriail cheisteanna coiriúla no aon tsaghas áirithe ceisteanna coiriúla no aon cheiste coiriúla airithe chun staona o ghníomhú mar choisteoirí den tsórt san no chun gníomhú mar choisteoirí den tsort san ar aon tslí seachas do réir a mionna agus a ndualgas mar choisteoirí den tsort san, no

(b) a chlóbhuailfidh, a fhoillseoidh, a scaipfidh, a dhíolfidh, no a thairgfidh no a thaisbeánfidh chun a dhíolta, no a phostálfidh suas no a nochtfidh ar aon tslí eile in aon áit phuiblí, no a iomportálfidh isteach i Saorstát Éireann aon ráiteas, fógra, aiste no abhar eile i scríbhinn no aon leabhar, páipeur nuachta, meaigisín, irisleabhar no scríbhinn eile ina mbeidh aon ráiteas, fógra, aiste no abhar eile ina bhfuil no a chialluíonn no is féidir a léiriú go réasúnta mar ní ina bhfuil no a chialluíonn bagartha fóiréigin ar dhaoine do gairmeadh no a bheidh ag fónamh mar choisteoirí i dtriail cheisteanna coiriúla no aon tsaghas áirithe ceisteanna coiriúla no aon cheiste coiriúla áirithe agus a ghníomhóidh mar choisteoirí den tsort san no a ghníomhóidh do réir a mionna agus a ndualgais mar choisteoirí den tsort san agus iad ag cólíona a ndualgais mar choisteoirí den tsort san, no

(c) a dhíreoidh no a thabharfidh d'éinne no adéarfidh le héinne, a bheidh no is dócha a bheidh no is féidir a bheith ag fónamh mar choisteoir i dtriail cheisteanna coiriúla no aon tsaghas áirithe ceisteanna coiriúla no aon cheiste coiriúla áirithe, aon fhógra, foláramh, no ráiteas eile, de bhréithre béil no i scríbhinn, a spriocann, a mhisníonn, no a ghríosuíonn no is dócha do mheallfadh no do tharraiceodh an duine deiridh sin a luaidhtear chun staona o ghníomhú mar choisteoir den tsort san no chun gníomhú mar choisteoir den tsort san ar aon tslí seachas do réir a mhionna agus a dhualgais mar choisteoir den tsort san, no ina nochtar no ina bhfuil no a chialluíonn no is féidir a léiriú go réasúnta mar ní ina nochtar no ina bhfuil no a chialluíonn bagartha fóiréigin ar an duine deiridh sin a luaidhtear má ghníomhuíonn sé mar choisteoir den tsort san no má ghníomhuíonn sé do réir a mhionna agus a dhualgais mar choisteoir den tsort san agus é ag cólíona a dhualgais mar choisteoir den tsort san,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus fós, in aon chás, geallbhruide gach cóipe bheidh ar seilbh aige den scríbhinn (más ann di) 'na gciontófar é amhlaidh mar gheall uirthi agus fós, i gcás duine a gheobhfar ciontach sa chionta san aon scríbhinn den tsort san do chlóbhuala, geallbhruide gach gléis cló a bheidh ar seilbh aige.

Pionóisí mar gheall ar leadránacht i gcomhursanacht chúirteanna coiriúla.

12. —Gach éinne a bheidh, aon lá a bheidh an Phríomh-Chúirt Choiriúil no Breitheamh den Chúirt Chuarda ina suidhe chun ceisteanna coiriúla do thriail, ag leadránacht gan cúis dleathach chuige in aon cheann de sna sráideanna no de sna bóithre go dtí an foirgneamh ina mbeidh an Chúirt no an Breitheamh san ina suidhe no ar aon cheann eile de sna bealaigh go dtí an foirgneamh san no in aon áit phuiblí eile i gcomhursanacht an fhoirgnimh sin no sa cheanntar ina mbeidh an foirgneamh san suidhte, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.

Gearr-theideal, luadh agus faid feidhme.

13. —(1) Féadfar Acht na nGiúirithe (Cosaint), 1929 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na nGiúirithe, 1927 agus 1929, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

(3) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1931, agus ragha sé in éag ansan.