20 1929


Uimhir 20 de 1929.


ACHT DEOCHA MEISCIÚLA (LEASÚ) (UIMH. 2), 1929.


ACHT CHUN AN tACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1927 , DO LEASÚ MAIDIR LE DEOCHA MEISCIÚLA DO DHÍOL I gCONTAE-BHUIRG CHORCAIGHE DÉ DOMHNAIGH AN 14adh LÁ D'IÚL, 1929. [12adh Iúl, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Leasú teoranta sealadach ar uaire díola Dé Domhnaigh an 14 adh lá d'Iúl, 1929.

1. —Déanfar, maidir leis an Domhnach an 14adh lá d'Iúl, 1929, agus sa mhéid go mbaineann an scéal le Contae-Bhuirg Chorcaighe amháin, mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Deocha Meisciúla, 1927 ( Uimh. 15 de 1927 ) do léiriú agus beidh éifeacht aici fé is dá gcuirtí an focal “cúig” in ionad an fhocail “dó” atá anois sa mhír sin agus fé is dá gcuirtí an focal “ocht” in ionad an fhocail “cúig” atá anois sa mhír sin.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

2. —Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla (Leasú) (Uimh. 2), 1929 , do ghairm den Acht so, agus léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, agus beidh an tAcht so foluithe 'na dhiaidh seo san abairt na hAchtanna Ceadúcháin (ÉIREANN), 1833 go 1929.