34 1928


Uimhir 34 de 1928.


ACHT FORAOISEACHTA, 1928.


ACHT CHUN SOCRÚ BREISE AGUS SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN CUR COILLTE DO CHUR AR AGHAIDH AGUS CHUN AN FORESTRY ACT, 1919, DO LEASÚ CHUN NA CRÍCHE SIN, CHUN SRIAN DO CHUR LE LEAGA CRANN, AGUS CHUN SOCRUITHE EILE DO DHÉANAMH A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN.

[10adh Mí na Nodlag, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an Forestry Act, 1919; nuair a húsáidtear an focal “oiriúnuithe” i dtaobh an Phríomh-Achta cialluíonn sé oiriúnuithe leis an Ordú um Choimisinéirí Foraoiseachta Shaorstáit Éireann, 1927, do dhin an Ard-Chomhairle ar an 11adh lá de Lúnasa, 1927, fé alt 7 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ), agus leis an Ordú um Choimisinéirí Foraoiseachta Shaorstáit Éireann (Aistriú Feidhmeanna), 1927, do dhin an Ard-Chomhairle ar an 12adh lá de Lúnasa, 1927, fé alt 9 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 ( Uimh. 16 de 1924 );

foluíonn an focal “crann” crann d'aon aos no ar aon staid fáis ach ní fholuíonn sé aon chrann toraidh ná aon tsaileach;

cialluíonn an focal “adhmad” adhmad aon chrainn; foluíonn an focal “coill” fáschoill;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so.

Cineáil áirithe crann d'eisceacht.

2. —(1) Féadfidh an tAire o am go ham, tré ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so, a fhaisnéis go mbeidh an tAcht so no pé cuid de a luadhfar san ordú san gan baint le haon chrann den chineál a bheidh ainmnithe san ordú san, agus pé uair a déanfar a leithéid sin d'ordú beidh an tAcht so no pé cuid de a luadhfar amhlaidh gan baint le haon chrann den chineál san faid a bheidh an t-ordú san gan ceiliúra.

(2) Féadfidh an tAire ordú a bheidh déanta fén bhfo-alt san roimhe seo do cheiliúra aon uair tré ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so.

Iarrataisí chun Choimisiún Talmhan na hÉireann.

3. —Bainfidh na forálacha so a leanas le cás gach iarratais a déanfar chun Choimisiún Talmhan na hÉireann fé alt 7 den Phríomh-Acht agus fén sceideal a ghabhann leis, mar a hoiriúnuítear an tAcht san agus mar a leasuítear leis an Acht so é, sé sin le rá:—

(1) is chun Choimisiún Talmhan na hÉireann lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais a déanfar gach iarratas den tsórt san agus isiad a éistfidh é agus a thabharfidh breith air;

(2) luighfidh athchomharc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh gach ordú a dhéanfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais ar aon iarratas den tsórt san;

(3) ní bheidh dul thar breith an Choimisineura Bhreithiúntais ar athchomharc fén alt so;

(4) ní diúltófar d'aon iarratas den tsórt san maran dó le Coimisiún Talmhan na hÉireann lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais no, ar athchomharc, maran dó leis an gCoimisinéir Breithiúntais go dtagann an talamh le n-a mbaineann an t-iarratas fé fhorálacha fo-alt (2) d'alt 7 den Phríomh-Acht no go bhfuil sé ag teastáil chun cumhangracht do laigheadú fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh;

(5) más deimhin le Coimisiún Talmhan na hÉireann (lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais) no leis an gCoimisinéir Breithiúntais, pe'ca aca é, nách féidir, tar éis fiosruithe dhícheallaigh, únaer na talmhan le n-a mbaineann iarratas no athchomharc d'fháil ná a fháil amach cé hé, féadfar, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san alt san 7, an t-iarratas no an t-athchomharc san d'éisteacht agus breith do thabhairt air gan an t-únaer sin do bheith i láthair;

(6) aon ordú a déanfar, ar aon iarratas den tsórt san, ag Coimisiún Talmhan na hÉireann lasmuich den Choimisinéir Breithiúntais no, ar athchomharc, ag an gCoimisinéir Breithiúntais, oibreoidh sé chun gach ceart féaraigh, ceart portaigh agus ceart eile sa talamh le n-a mbaineann an t-ordú san do mhúcha o dháta an orduithe sin fé réir an tAire d'íoc cúitimh le húnaerí na gceart san agus mara gcó-aontuítear ar an gcúiteamh san socrófar é fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir;

(7) is do réir rialacha a dhéanfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann a déanfar agus a stiúrófar gach iarratas den tsórt san agus gach athchomharc den tsórt san.

Blianachtaí talamhcheannaigh do roinnt.

4. —Pé uair a thárlóidh talamh is abhar d'ordú fé alt 7 den Phríomh-Acht mar a hoiriúnuítear agus a leasuítear leis an Acht so é do bheith, maraon le talamh eile, fé bhlianacht is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, féadfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann an bhlianacht san do roinnt, ar pé slí is dó leo is oiriúnach, idir an talamh is abhar don ordú san agus an talamh eile sin no féadfid iomlán na blianachta san do chur mar mhuirear ar aon chuid den talamh a bheidh fúithí mar shaora don chuid eile dhe.

Fógra go bhfuiltar chun crainn do ghearra.

5. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon chrann do ghearra anuas ná aon chrann os cionn deich mblian d'aois do réaba as a phréamhacha, mara mbeidh an té gur leis é no an té do bhí i dteideal roimhe, no duine éigin thar ceann éinne acu, tar éis fógra i scríbhinn (dá ngairmtear fógra leagtha crainn san Acht so) do thabhairt, lá is fiche ar a laighead roimh thosnú ar an ngearra no ar an réaba san, don tsáirsint i gceannas an stáisiúin Ghárda Síochána is goire don chrann san á rá go bhfuiltar chun an crann san do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha.

(2) Beidh gach fógra leagtha crainn sa bhfuirm orduithe agus luadhfar ann ainm agus seola an únaera go mbeidh an fógra san á thabhairt aige no thar a cheann agus áit i Saorstát Éireann ina bhféadfar scríbhinní do sheirbheáil fén Acht so agus pé mioninnste eile a hordófar.

(3) Má dhineann éinne no má chuireann sé fé ndeár no má cheaduíonn sé aon chrann do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach crainn go ndéanfar no go gcuirfar fé ndeár no go gceadófar a ghearra anuas no a réaba as a phréamhacha amhlaidh, ach má taisbeántar gur tré dhearmhad bona fide i dtaobh conus mar do bhí do dineadh an cionta ní raghaidh an fhíneáil iomlán thar £100 in aon chás.

(4) Má abrann éinne i bhfógra leagtha crainn éinní a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.

(5) Aon chrann gur dheon an tAire cead ina thaobh fén Acht so ní bhainfidh an t-alt so leis faid a bheidh an cead san i bhfeidhm, ná le haon chrann gur dheon an tAire ceadúnas ina thaobh fén Acht so, ná le haon chrann 'na ndéanfar a ghearra anuas d'údarú fé alt 34 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), no fé alt 98 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 ( Uimh. 27 de 1927 ), ná le haon chrann gur dineadh connra roimh an 1adh lá d'Abrán, 1928, chun a dhíolta, má tugadh don Aire laistigh de mhí o thosach feidhme an Achta so mion-innste ar an gconnra san agus íad deimhnithe sa tslí orduithe agus má dintar an crann san do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha laistigh de shé mhí o thosach feidhme an Achta so.

Beart do réir ráitisí i bhfógra leagtha crainn.

6. —(1) Má abartar i bhfógra leagtha crainn go bhfuil crann á ghearra anuas no á réaba as a phréamhacha chun críche áirithe, ní bheidh sé dleathach d'éinne, nuair a bheidh sé gearrtha anuas no réabtha as a phréamhacha do réir an fhógra san, an crann san ná aon chuid mhór de d'úsáid ná deighleáil leis ná a chur fé ndeár ná a cheadú go n-úsáidfar é ná go ndeighleálfar leis chun aon chríche ach an chríoch adubhradh amhlaidh sa bhfógra san.

(2) Gach éinne a dhéanfidh no a chuirfidh fé ndeár no a cheadóidh crann no aon chuid de d'úsáid no deighleáil leis contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach crainn den tsórt san, ach má taisbeántar gur tré dhearmhad bona fide i dtaobh conus mar do bhí do dineadh an cionta ní raghaidh an fhíneáil iomlán thar £100 in aon chás.

Orduithe toirmisc.

7. —(1) Pé uair a beifear tar éis fógra leagtha crainn do thabhairt i dtaobh aon chrainn féadfidh an tAire, maran crann eiscithe do réir bhrí an ailt seo an crann san, laistigh de lá is fiche ón dáta ar ar tugadh an fógra san amhlaidh ach ní ina dhiaidh sin, ordú (dá ngairmtear ordú toirmisc san Acht so) sa bhfuirm orduithe do dhéanamh agus do sheirbheáil ar an únaer a thug an fógra san no 'nar tugadh thar a cheann é no ar a chomharba i dteideal á thoirmeasc an crann san do ghearra anuas ná do réaba as a phréamhacha.

(2) Seirbheálfar gach ordú toirmisc tré n-a sheachada don té ar a mbeidh sé le seirbheáil no tré n-a fhágaint do le duine de shé bliana déag no níos mó d'aois san áit a bheidh ainmnithe sa bhfógra leagtha crainn sin chun scríbhinní do sheirbheáil fén Acht so.

(3) I gcás ina ndéanfar ordú toirmisc i dtaobh aon chrainn agus ina seirbheálfar é go cuibhe do réir an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'éinne an crann san do ghearra anuas ná do réaba as a phréamhacha ná a chur fé ndeár ná a cheadú go ndéanfar amhlaidh mara mbeidh ceadúnas deonta ag an Aire fén Acht so i dtaobh an chrainn sin nuair a déanfar no nuair a cuirfar fé ndeár no a ceadófar an crann san do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha.

(4) Má dhineann éinne no má chuireann sé fé ndeár no má cheaduíonn sé aon chrann do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach crainn go ndéanfar no go gcuirfar fé ndeár no go gceadófar a ghearra anuas no a réaba as a phréamhacha amhlaidh.

(5) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar gur crainn eiscithe na crainn seo a leanas, eadhon—

(a) crann adéarfar sa bhfógra leagtha crainn do bheith ceaptha le réaba as a phréamhacha chun é d'athchur,

(b) crann atá ag fás no ina sheasamh i gcontae-bhuirg no i mbailecheanntar contae,

(c) crann atá ag fás no ina sheasamh laistigh de chéad troigh o aon fhoirgint,

(d) crann nách gá chun órnáidithe ná chun dídine an ghabháltais ar a bhfuil sé ina sheasamh agus adéarfar sa bhfógra leagtha crainn do bheith le gearra anuas chun a adhmad d'úsáid chun foirgintí, cladhthacha, no déanmhachtaí eile do dhéanamh no do dheisiú ar an ngabháltas san no ar ghabháltas eile le húnaer an chéad ghabháltais sin a luaidhtear no ar ghabháltas le duine eile i ngar-chomhursanacht an chéad ghabháltais sin a luaidhtear, no chun úirlisí feirmeoireachta a bheidh le húsáid ar aon cheann de sna gabháltaisí sin do dhéanamh no do dheisiú,

(e) crann nách gá chun órnáidithe ná chun dídine an ghabh áltais ar a bhfuil sé ina sheasamh agus a déarfar sa bhfógra leagtha crainn do bheith le gearra anuas chun é d'úsáid mar abhar teine tighis ar an ngabháltas ar a bhfuil sé ina sheasamh,

(f) crann atá marbh no lobhtha no damáistithe thar fóir agus gan aon mhaith ann chun crícheanna tráchtála,

(g) crann go ndéarfar ina thaobh sa bhfógra leagtha crainn go bhfuil sé ina sheasamh ar thalamh do ceannuíodh roimh an 1adh lá d'Abrán, 1928, agus gur tugadh iomlán airgid cheannaigh an tailimh sin no cuid éigin de ar iasacht do cheannuitheoir an tailimh sin ar na téarmaí go ndéanfí an crann san do ghearra anuas agus do dhíol agus sochar a dhíola do chur chun no mar chabhair chun aisíoctha na hiasachta san, agus go bhfuil an iasacht san no cuid éigin di dlite fós ar dháta an fhógra leagtha crainn sin agus go bhfuil an crann san á ghearra anuas chun na téarmaí sin na hiasachta san do chólíona,

(h) crann go ndéarfar ina thaobh sa bhfógra leagtha crainn an talamh ar a bhfuil sé ina sheasamh do bheith fé mhorgáiste no fé mhuirear do bhí ann le linn rithte an Achta so agus an crann san maraon le crainn eile (pe'ca bheid áirmhithe sa bhfógra leagtha crainn sin no ná beid) atá ina seasamh ar an talamh san do bheith ina gcuid shubstainteach den urrús ar íoc an airgid a hurruítear leis an morgáiste no leis an muirear san agus an crann san do bheith á ghearra anuas chun é dhíol le hintinn sochar an díola san do chur chun no mar chabhair chun an t-airgead san d'íoc.

Ceadúnaisí chun crainn do leaga.

8. —(1) Pé uair a déanfar agus a seirbheálfar ordú toirmisc fén Acht so i dtaobh crainn, ansan, ar a iarraidh sin air d'únaer an chrainn sin sa bhfuirm orduithe agus sa tslí orduithe, féadfidh an tAire, aon uair tar éis déanamh an orduithe sin, ceadúnas sa bhfuirm orduithe do dheona d'únaer an chrainn sin chun an crann san do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha agus oibreoidh an ceadúnas san chun an ceadúnaí agus éinne dá mbeidh údarás tugtha aige do shaora, maidir leis an gcrann san, ón toirmeasc a déanfar leis an ordú toirmisc sin.

(2) Más oiriúnach leis an Aire é féadfidh coiníoll bheith i gceadúnas a deonfar fén alt so go ndéanfidh an ceadúnaí, laistigh d'aimsir áirithe (nách giorra ná dhá mhí dhéag chaileandair) tar éis crann do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha fén gceadúnas, crann no crainn de shaghas áirithe do phlandú ar an ngabháltas ar ar gearradh anuas an crann san no ar ar réabadh as a phréamhacha é agus má theipeann ar an gceadúnaí in aon chás den tsórt san an coiníoll san do chólíona laistigh den aimsir a bheidh luaidhte chuige sin sa cheadúnas beidh sé ciontach i gcionta fén alt so in aghaidh gach mí a leanfidh an teip sin agus ar a chiontú ar an slí achmair in aon chionta den tsórt san dlighfar fíneáil do chur air ná raghaidh thar cúig púint má sé an chéad chionta aige é maidir le haon cheadúnas áirithe agus ná raghaidh thar deich bpúint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin maidir leis an gceadúnas céanna.

(3) Sara ndeonfa sé ceadúnas fén alt so chun crann do ghearra anuas no do réaba as a phréamhacha ar ghabháltas a bheidh de thurus na huaire fé bhlianacht is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann tabharfidh an tAire áird ar an urrús ar íoc na blianachta san

(4) Má dhiúltuíonn an tAire do ghéille d'iarratas ar cheadúnas fén alt so cuirfe sé síos i scríbhinn an fáth ar ar dhiúltuigh sé do ghéille don iarratas san.

Paineul de réiteoirí.

9. —(1) Bunófar agus cimeádfar ar siúl chun crícheanna an Achta so paincul de réiteoirí ar a mbeidh pé méid daoine cearta oiriúnacha a gheobhfar o am go ham a bheith riachtanach chun na gcrícheanna roimhráite.

(2) Isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh baill an phainéil de réiteoirí agus beidh gach ball acu i seilbh oifige go ceann cúig mblian o dháta a cheaptha ach beidh sé ion-athcheaptha i ndeire aon téarma oifige den tsórt san.

(3) Íocfar le gach ball den phaineul de réiteoirí, ar son gach scrúduithe agus tuarasgabhála a dhéanfa sé do réir an Achta so, pé táillí agus costaisí a ordóidh an tAire le haontú an Aire Airgid.

Iarratas do chur fé bhráid réiteora.

10. —(1) Má dhiúltuíonn an tAire do ghéille d'iarratas ar cheadúnas fé alt 8 (alt a bhaineann le ceadúnaisí chun crainn do leaga) den Acht so, ansan, ar chur éilimh chun an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus laistigh den aimsir orduithe agus ar íoc na táille orduithe, beidh teideal ag únaer an chrainn le n-a mbaineann an t-iarratas san go ndéanfí dho an t-iarratas san do chur fé bhráid réiteora.

(2) Ar fháil éilimh fén bhfo-alt san roimhe seo dho, maraon leis an táille orduithe air, cuirfidh an tAire fé ndeár an t-iarratas san do chur fé bhráid réiteora, a ainmneoidh an tAire as an bpaineul de réiteoirí chun a scrúduithe agus tabharfidh an réiteoir sin tuarasgabháil i scríbhinn don Aire ar thora an scrúduithe a dhéanfa sé.

(3) Leis sin breithneoidh an tAire an tuarasgabháil sin agus cuirfe sé cóip di chun an té d'iarr an ceadúnas san agus daingneoidh sé an diúltú roimhráite no neachtar acu deonfa sé an ceadúnas san don té d'iarr é.

(4) Má dheonann an tAire ceadúnas do réir an ailt seo déanfar an táille do híocadh ar an éileamh ar scrúdú réiteora do thabhairt thar n-ais don té d'íoc í.

Cúiteamh mar gheall ar dhiúltú do cheadúnas do dheona.

11. —Má tugtar fógra leagtha crainn i dtaobh aon chrainn agus, d'fhonn áilneacht áite do chimeád mar atá, go ndéanfidh an tAire ordú toirmisc no go ndiúltóidh sé do cheadúnas do dheona fé alt 8 (alt a bhaineann le ceadúnaisí chun crainn do leaga) den Acht so i dtaobh an chrainn sin, féadfidh an tAire, más deimhin leis go bhfuiltear ar aigne bona fide an crann san do leaga, cúiteamh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do mhola d'únaer an chrainn sin mar gheall ar an ordú no ar an diúltú san agus mara gcó-aontuítear ar mhéid an chúitimh sin socrófar é ag eadarascánaí oifigiúil a ceapfar fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

Ceadanna chun coill do thanú no do ghlana.

12. —(1) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead generálta sa bhfuirm orduithe do dheona d'éinne chun aon chrainn de ghearra anuas no do réaba as a bpréamhacha in aon choill áirithe no ar aon talamh áirithe i ngnáth-chúrsa tanuithe no glanta na coille sin chun ath-phlanduithe no do réir chleachta ghenerálta na dea-fhoraoiscachta.

(2) Beidh gach iarratas ar chead fén alt so sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(3) Féadfidh an tAire cead a deonfar fén alt so do ghairm thar n-ais aon uair.

Tuir do dhógha.

13. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon tuir do dhógha a bheidh ag fás laistigh de mhíle o choill nách leis an duine sin mara ndinidh an duine sin, seacht lá ar a laighead roimh thosnú dho ar na tuir sin do dhógha, fógra i scríbhinn do thabhairt d'únaer na coille sin agus don tsáirsint i gceannas an stáisiúin Ghárda Síochána is goire don choill sin go bhfuil sé chun na tuir sin do dhógha.

(2) Má dhóghann éinne aon tuir contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(3) Pé uair a seirbheálfar fógra ar únaer choille fé fho-alt (1) den alt so féadfidh an t-únaer sin, laistigh de thrí lá tar éis an fógra san d'fháil do, frith-fhógra do sheirbheáil ar an té do thug an fógra san, ag cur i gcoinnibh an dóighte bheartuithe ar an scór gur baolach go ndéanfa sé damáiste don choill sin.

(4) Má dhóghann éinne aon tor contrárdha don alt so no tar éis an fógra is gá do réir an ailt seo do sheirbheáil agus frithfhógra fén alt so d'fháil, tuigfar gur tré ghníomh fhaillitheach an duine sin do dineadh gach díobháil do dhin an dógha san d'aon choill gur cheart, no gur dineadh, fógra do sheirbheáil ina taobh fén alt so, agus féadfidh únaer na coille sin dá réir sin cothrom na díobhála san de dhamáistí do bhaint den duine sin.

(5) San alt so cialluíonn an focal “tor” coll, aiteann, fraoch, raithneach, agus plandaí eile den tsórt san.

Eolas o lucht muileann sábhadóireachta.

14. —(1) Gach éinne is dílseánach d'aon mhuileann sábhadóireachta no monarcha ina ndintar adhmad do shábha no d'atharú o n-a staid chó-chruinn no gharbh, tabharfa sé don Aire sa bhfuirm orduithe, laistigh d'ocht lá fichead tar éis don Aire a cheangal air san a dhéanamh, pé eolas a éileoidh an tAire ar cad as don adhmad san a dintar a shábha no a atharú amhlaidh sa mhuileann shábhadóireachta no sa mhonarchain sin agus ar cé méid agus cadé an saghas é.

(2) Gach éinne a easportálann adhmad ar staid chó-chruinn no gharbh tabharfa sé don Aire sa bhfuirm orduithe, laistigh d'ocht lá fichead tar éis don Aire a cheangal air san a dhéanamh, pé eolas a éileoidh an tAire ar cad as don adhmad san d'easportáil sé o Shaorstát Éireann i rith na tréimhse a bheidh luaidhte chuige sin san éileamh agus ar cé méid agus cadé an saghas é.

(3) Nuair a cheanglóidh an tAire ar éinne fén alt so aon eolas do thabhairt uaidh, má theipeann ar an duine sin an t-eolas san do thabhairt uaidh no má dhiúltuíonn sé d'é thabhairt uaidh no má thugann sé uaidh eolas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach no má thugann sé faillí ar aon tslí eile san alt so do chólíona beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná ragaidh thar deich bpúint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lá a leanfar den chionta do dhéanamh.

Cúiseamh mar gheall ar chiontaí.

15. —(1) Ní bunófar imeachta mar gheall ar chionta fén Acht so ach ag an Aire no le haontú an Aire.

(2) Féadfidh an tAire mar chúisitheoir, no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir, cúiseamh do dhéanamh mar gheall ar gach cionta fé aon fhoráil den Acht so.

Rialacháin.

16. —(1) Féadfidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud orduithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin i nea-mbrí beidh an rialachán san curtha i neambrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh roimhe sin fén rialachán san.

Costaisí.

17. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar ag cur an Achta so i bhfeidhm.

Leasú ar Mhír (7) den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

18. —Léireofar Mír (7) den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus beidh éifeacht aici fé is dá gcuirtí na focail “and profits à prendre” isteach inti díreach tar éis an fhocail “easements” atá sa mhír sin anois.

Athghairmeanna.

19. —Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis seo d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal agus luadh.

20. —(1) Féadfar an tAcht Foraoiseachta, 1928 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Foraoiseachta, 1919 agus 1928, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

(2) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá a socrófar chuige sin le hordú ón Aire.

SCEIDEAL.


ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus caibideal no bliain agus uimhir.

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

9 Edw. VII. ch. 42.

The Irish Land Act, 1909.

Alt 32, mír (b) d'fho-alt (1) agus fo-alt (2).

9 & 10 Geo. V. ch. 58.

The Forestry Act, 1919.

Alt 3, fo-alt (3) o sna focail “any advance by way of grant” go dtí na focail “Provided also that.”

Alt 7, fo-alt (3).