20 1928


Uimhir 20 de 1928.


ACHT GHAILERÍ NÁISIÚNTA NA ÉIREANN, 1928.


ACHT CHUN A ÚDARÚ DO RIALUITHEOIRÍ AGUS DO CHAOMHNÓIRÍ GHAILERÍ NÁISIÚNTA NA hÉIREANN TAISBEÁNTAISÍ PUIBLÍ DO CHUR AR SIÚL DE PHICTIÚIRÍ A THOGHFID AMACH AS NA PICTIÚIRÍ IS LEIS NA RIALUITHEOIRÍ AGUS LEIS NA CAOMHNÓIRÍ SIN I nGAILERÍ NÁISIÚNTA NA hÉIREANN AGUS PICTIÚIRÍ IS LEIS NA RIALUITHEOIRÍ AGUS LEIS NA CAOMHNÓIRÍ SIN DO THABHAIRT AR IASACHT AS AN nGAILERÍ NÁISIÚNTA SAN CHUN IAD DO CHUR I dTAISBEÁNTAISÍ DE PHICTIÚIRÍ NO D'OIBREACHA EALADHAN A CUIRFAR AR SIÚL I SAORSTÁT ÉIREANN NO LASMUICH DE. [30adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Gailerí Náisiúnta” Gailerí Náisiúnta na hÉireann agus cialluíonn an focal “na Rialuitheoirí agus na Caomhnóirí” Rialuitheoirí agus Caomhnóirí Ghailerí Náisiúnta na hÉireann.

Taisbeántaisí de phictiúirí as an nGailerí Náisiúnta.

2. —(1) Chun stuideur ealadhan do chur ar aghaidh féadfidh na Rialuitheoirí agus na Caomhnóirí, más rogha leo é, taisbeántaisí do chur ar siúl, i pé áiteanna i Saorstát Éireann is oiriúnach leo, de phictiúirí a thoghfid amach as na pictiúirí is leo sa Ghailerí Náisiúnta agus chun críche aon taisbeántais den tsórt san féadfid na pictiúirí a toghfar amach amhlaidh d'iompar chun na foirginte ina mbeidh an taisbeántas san ar siúl agus uaithi agus féadfid na pictiúirí sin do choinneáil sa bhfoirgint sin faid a mhairfidh an taisbeántas san agus ar feadh aimsire réasúnta roimhe agus dá éis.

(2) Pé uair a chuirfidh na Rialuitheoirí agus na Caomhnóirí taisbeántas pictiúirí ar siúl fén alt so déanfid gach ní (agus árachas d'áireamh) is dó leo do bheith riachtanach no ceart do réir réasúin chun a chur in áirithe go mbeidh na pictiúirí sin slán sábhálta faid a bheid as an nGailerí Náisiúnta.

Pictiúirí as an nGailerí Náisiúnta do thabhairt ar iasacht i Saorstát Éireann.

3. —I gcás ina mbeifear chun taisbeántas puiblí de phictiúirí no d'oibreacha ealadhan do chur ar siúl i Saorstát Éireann fé bhainistí agus fe stiúra údaráis phuiblí no áitiúla no chóluchta rialúcháin phríomh-scoile, choláiste, no fhundúireachta oideachais eile no fhundúireachta no chomhlachais do bunuíodh agus a coinnítear suas chun ealadha, eolaíocht, no litríocht do chur ar aghaidh, féadfidh na Rialuitheoirí agus na Caomhnóirí, más rogha leo é, pictiúirí is leo sa Ghailerí Náisiúnta do thabhairt ar iasacht don údarás, don chólucht, don fhundúireacht, no don chomhlachas san chun iad do chur sa taisbeántas san, pé cinn agus pé méid acu is oiriúnach leo do thabhairt ar iasacht amhlaidh.

Pictiúirí as an nGailerí Náisiúnta do thabhairt ar iasacht i gcéin.

4. —(1) I gcás ina mbeifear chun taisbeántas puiblí de phictiúirí no d'oibreacha ealadhan do chur ar siúl lasmuich de Shaorstát Éireann fé bhainistí agus fé stiúra Rialtais na tíre ina mbeidh an taisbeántas san ar siúl no fé bhainistí agus fé stiúra údaráis phuiblí no áitiúla sa tír sin no chóluchta rialúcháin phríomh-scoile, choláiste, no fhundúireachta oideachais eile sa tír sin no fhundúireachta no chomhlachais do bunuíodh agus a coinnítear suas chun ealadha, eolaíocht, no litríocht do chur ar aghaidh sa tír sin, féadfidh na Rialuitheoirí agus na Caomhnóirí, más rogha leo é, pictiúirí is leo sa Ghailerí Náisiúnta do thabhairt ar iasacht don Rialtas, don údarás, don chólucht, don fhundúireacht no don chomhlachas san chun iad do chur sa taisbeántas san, pé einn agus pé méid acu is oiriúnach leo do thabhairt ar iasacht amhlaidh.

(2) Ní thabharfidh na Rialuitheoirí agus na Caomhnóirí aon phictiúirí ar iasacht fén alt so chun iad do chur i dtaisbeántas maran deimhin leo gur féidir, fé dhlí na tíre ina mbeidh an taisbeántas san ar siúl, iasachtaí de phictiúirí a toghfar amach as na cnuasachtaí náisiúnta no as na cnuasachtaí puiblí eile de phictiúirí sa tír sin do thabhairt do Rialtas Shaorstáit Éireann agus d'údaráis agus d'fhundúireachtaí puiblí i Saorstát Éireann.

Fo-dhlithe

5. —(1) Féadfidh na Rialuitheoirí agus na Caomhnóirí fo-dhlithe do dhéanamh i dtaobh iad do chur taisheántaisí puiblí de phictiúirí ar siúl fén Acht so agus go sonnrách féadfid leis na fodhlithe sin pé socrú is dó leo is ceart do dhéanamh chun na pictiúirí a cuirfar in aon taisbeántas den tsórt san do chimeád slán sábhálta agus fé árachas faid a bheid as an nGailerí Náisiúnta agus chun taisbeántaisí den tsórt san do bhainistí agus do stiúra agus i dtaobh an phuiblíocht do leigint isteach ionta.

(2) Féadfidh na Rialuitheoirí agus na Caomhnóirí fo-dhlithe do dhéanamh, leis, i dtaobh iad do thabhairt pictiúirí ar iasacht fén Acht so agus go sonnrách féadfid, leis na fo-dhlithe sin, pé coiníollacha is dó leo is ceart d'ordú i dtaobh iompar, árachas, cúram, agus cimeád pictiúirí a tabharfar ar iasacht amhlaidh agus go generálta chun na pictiúirí sin do chimeád slán sábhálta faid a bheid as an nGailerí Náisiúnta.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

6. —(1) Féadfar Acht Ghailerí Náisiúnta na hÉireann, 1928, do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na National Gallery of Ireland Acts, 1854 to 1865, agus féadfar Achtanna Ghailerí Náisiúnta na hÉireann, 1854 go 1928, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.