18 1928


Uimhir 18 de 1928.


ACHT UM GHEALL-CHUR, 1928.


ACHT CHUN SÍNE DO DHÉANAMH AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AR AN AM A LEANFIDH AN tACHT UM GHEALL-CHUR, 1926 , I bhFEIDHM.

[27adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Buanú an Achta um Gheall-chur, 1926 .

1. —Leanfidh an tAcht um Gheall-chur, 1926 (Uimh. 38 de 1926) i bhfeidhm go dtí an 30adh lá de Mheitheamh, 1929, agus ragha sé in éag ansan.

Gearr-theideal agus léiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Gheall-chur, 1928 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Acht um Gheall-chur, 1926 (Uimh. 38 de 1926) , agus féadfar na hAchtanna um Gheall-chur, 1926 agus 1928, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.