1 1928


Uimhir 1 de 1928.


ACHT NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1928.


ACHT CHUN ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1924, AGUS ACHT NA nDALL, 1920, DO LEASÚ TRÉ MHÉADÚ DO DHÉANAMH AR AN RÁTA AR A bhFUIL PINSIN ÁIRITHE INÍOCTHA FÚTHA AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LEIS AN MÉADÚ SAN. [30adh Márta, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Achtanna na bPinsean Sean-Aoise” Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1924, agus

cialluíonn an focal “pinsean sean-aoise” pinsean sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise agus foluíonn sé pinsean fé alt 1 d'Acht na nDall, 1920.

Ráta pinsean sean-aoise i gcásanna áirithe.

2. —I gcás acfuinn bhliantúil aon duine atá ag fáil no i dteideal pinsin tsean-aoise, mar a háirítear an acfuinn sin fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, do bheith gan dul thar cúig púint déag dhá scilling déag agus sé pingne is do réir ráta deich scillinge sa tseachtain a bheidh pinsean sean-aoise an duine sin ar dháta thosach feidhme an Achta so agus dá éis sin agus leasófar agus leasuítear leis seo dá réir sin an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (Uimh. 19 de 1924) .

Éilithe agus ceisteanna do shocrú.

3. —(1) Einne atá ar dháta thosach féidhme an Achta so ag fáil pinsin tsean-aoise no gur dineadh roimh an dáta san a éileamh ar phinsean sean-aoise do lomháil go sealadach, má éilíonn sé gur cheart ráta an phinsin sin do mhéadú i dtreo go mbeadh sé do réir an ráta a luaidhtear san alt san roimhe seo, déanfar, in ionad an t-éileamh san do bhreithniú agus do shocrú sa tslí a foráltar le halt 7 (alt a bhaineann le héilithe agus le ceisteanna do shocrú) d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1908, é do bhreithniú agus do shocrú ag an oifigeach pinsean.

(2) Féadfidh éinne ar a ngoillfidh breith ón oifigeach pinsean fén alt so athchomharc i gcoinnibh na breithe sin do dhéanamh chun an phinsean-choiste áitiúla agus breithneoidh siad san an cás agus tabharfid a mbreith air sa tslí chéanna agus fé réir an athchomhairc chéanna agus dá mb'é rud a bheadh i mbreith sin an oifigigh phinsin ná tuarasgabháil an oifigigh sin ar éileamh a cuirfí fé n-a bhráid chun tuairisciú agus fiosrú ina thaobh do dhéanamh fé alt 7 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1908.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

4. —(1) Féadfar Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1928 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna na bPinsean Sean-Aoise, agus féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1928, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

(3) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh ar an 6adh lá d'Abrán, 1928.