21 1927


Uimhir 21 de 1927.


ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN (LEASÚ), 1927.


ACHT CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH AR AN ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923 , FÉ MAR IS GÁ DE BHARR NA nACHT DO RITHEADH LE DÉANAÍ CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ NO FÉ MAR BA MHAITH A DHÉANAMH AR AON tSLÍ EILE AGUS CHUN AN TRÉIMHSE IS SIA DLIGHTEAR AN tOIREACHTAS DO LEANÚINT DO SHOCRÚ. [22adh Bealtaine, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe agus léiriú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) ;

léireofar tagairtí d'Airtiogal 21 den Bhunreacht mar thagairtí don Airtiogal san mar a leasuítear é leis an Acht Bunreachta (Leasú Uimh. 2), 1927 (Uimh. 6 de 1927);

cialluíonn an focal “an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig” an ball de Dháil Éireann is Ceann Comhairle ar Dháil Éireann díreach roimh scur don Oireachtas;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí; agus

gach focal agus abairt eile a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear sa Phríomh-Acht leis cialluíd san Acht so na nithe ceanna a chialluíd fé seach sa Phríomh-Acht.

(2) Bainfidh alt 60 den Phríomh-Acht (alt i dtaobh aimsir d'áireamh) le háireamh tréimhsí aimsire a socruítear no a ceaptar leis an Acht so sa tslí chéanna ina mbaineann sé le háireamh tréimhsí aimsire a socruítear no a ceaptar leis an bPríomh-Acht.

Ath-thogha an Chinn Chomhairle atá ag dul as oifig.

2. —Pé uair a bheidh sé le tuisgint i dtoghachán ghenerálta, de bhua airtiogal 21 den Bhunreacht, an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig do bheith tofa do dháilcheanntar gan aon togha achtúil do dhéanamh, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas. sé sin le rá:—

(a) ní tuigfar an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig do bheith ina iarrthóir so toghachán ghenerálta san do réir bhrí an Phríomh-Achta ná an Achta chun Drochbhearta Toghacháin do Chosc, 1923 ( Uimh. 38 de 1923 ),

(b) an rit a bheidh le tabhairt amach fé fho-alt (1) d'alt 54 den Phríomh-Acht don cheann chomhrimh sa dáilcheanntar go mbeidh sé le tuisgint amhlaidh an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig do bheith tofa dho beidh sí focluithe sa tslí sin go n-ordóidh sí don cheann chomhrimh sin a chur fé ndeár toghachán do chur ar siúl chun ball níos lú ná an lán-líon de bhaill den Dáil don dáilcheanntar san do thogha,

(c) le linn an rit sin do bheith á tabhairt amach don cheann chomhrimh sin no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin cuirfidh Cléireach na Dála chun an chinn chomhrimh sin agus foillseoidh sé san Iris Oifigiúil deimhniú sa bhfuirm orduithe á dheimhniú nár chraol an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig do Dháil Éireann roimh an scur san nár mhian leis leanúint de bheith ina bhall de Dháil Éireann,

(d) sa bhfógra puiblí a thabharfidh an ceann comhrimh sin uaidh fé Riail 43 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht beidh ainm an Chinn Chomhairle atá ag dul as oifig in áireamh ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh,

(e) má gheibheann an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig bás sara dtugtar an rit sin amach don cheann chomhrimh sin scuirfidh an t-alt so láithreach de bhaint do bheith aige leis an gcás,

(f) má gheibheann an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig bás tar éis an rit sin do bheith tabhartha amach don cheann chomrimh sin agus roimh thosach na vótaíochta sa dáilcheanntar san déanfidh Cléireach na Dála, ar bheith sásta dho gur thárla an bás san, an rit sin d'athghlaoch agus rit nua do thabhairt amach ina hionad chun an lán-líon de bhaill den Dáil don dáilcheanntar san do thogha agus ar fháil na riteach nua san do no ar bheith sásta dho gur thárla an bás san (pe'ca aca san is túisce) cuirfidh an ceann comhrimh sin fógra na vótaíochta ar ceal, agus leis sin tosnófar as an nua ar na himeachta uile bhaineann leis an toghachán, agus sa toghachán nua san is sa tslí a foráltar leis an bPríomh-Acht i gcóir toghacháin chorra a ceapfar na laetheanta deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca agus lá na vótaíochta, agus chun na críche sin tuigfar gurb í an rit nua san an rit i gcóir an toghacháin nua san, ach sa toghachán nua san ní bheidh gá le haon ainmniúchán nua ar aon iarrthóir do bhí ainmnithe le linn an vótaíocht do bheith á cur ar ceal amhlaidh.

Lá agus am na vótaíochta.

3. —(1) Athghairmtear leis seo an méid d'fho-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht le n-a n-achtuítear go ndéanfar an vótaíocht i ngach cás i dtoghachán ghenerálta an chéad Luan nách luatha ná an seachtú lá tar éis an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlaca, agus achtuítear leis seo ina ionad san gurb é lá a déanfar an vótaíocht i dtoghachán ghenerálta ná pé lá a cheapfidh an tAire agus nách luatha ná an séú lá ná nách déanaí ná an ceathrú lá déag tar éis an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlaca, agus féadfidh an tAire lá eile do cheapa amhlaidh chun an vótaíocht do dhéanamh i ndáilcheanntair Phríomh-scoile seachas an lá a ceapfar amhlaidh chun an vótaíocht do dhéanamh i ngach dáilcheanntar eile.

(2) Athghairmtear leis seo na focail “agus fógrófar ina shaoire phuiblí é” atá i bhfo-alt (1) d'alt 41 den Phríomh-Acht.

(3) Athghairmtear leis seo fo-ailt (3) agus (4) d'alt 41 den Phríomh-Acht, agus achtuítear leis seo ina n-ionad san má bhíonn aon vótaíocht i dtoghachán Dála go dtósnóidh sí ar a naoi a chlog ar maidin agus go gcimeádfar í ar oscailt go dtí a naoi a chlog um thráthnóna agus ní thairis sin.

Tosach feidhme an Chláir de thoghthóirí i ndáilcheanntair Phríomh-scoile.

4. —D'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá in alt 15 den Phríomh-Acht, i ngach dáilcheanntar príomh-scoile tiocfidh an clár de thoghthóirí do bhí cáilithe ar an 15adh lá de Mhí na Samhna. 1926, i bhfeidhm ar an 1adh lá de Mheitheamh, 1927, agus tiocfidh an clár de thoghthóirí a bheidh cáilithe ar an 15adh lá d'aon Mhí na Samhna ina dhiaidh sin i bhfeidhm ar an 1adh lá den chéad Mheitheamh ina dhiaidh sin.

Teideal ag toghthóirí cláruithe chun páipéiri ainmniúcháin do shighniú.

5. —Pé uair a thárlóidh don dáta a ceaptar leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so chun clár nua de thoghthóirí do theacht i bhfeidhm teacht tar éis na riteacha do thoghachán ghenerálta no an rit do thoghachán chorra do bheith tabhartha amach agus ar no roimh an lá deiridh chun ainmniúcháin don toghachán ghenerálta no don toghachán chorra san (pe'ca aca é) do ghlaca, léireofar an focal “toghthóir cláruithe” atá i bhfo-alt (1) d'alt 19 den Phríomh-Acht mar fhocal a chialluíonn duine atá cláruithe mar thoghthóir sa chlár nua san de thoghthóirí no sa chlár de thoghthóirí do bhí i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don chlár nua san, agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san dá réir sin.

Mion-innste breise do chur isteach sa pháipeur bhallóide.

6. —Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí an Fhuirm Pháipéir Bhallóide atá curtha síos i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur isteach i gCuid III. den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht in ionad Fuirm Uimh. 6 atá anois sa Chuid sin III. den Chúigiú Sceideal san agus na Treoracha i dtaobh Clóbhuala an Pháipéir Bhallóide atá curtha síos i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur isteach i ndeire Fuirm Uimh. 7 sa Chuid sin III. den Chúigiú Sceideal san a ghabhann leis an bPríomh-Acht in ionad na dTreoracha i dtaobh Clóbhuala an Pháipéir Bhallóide atá curtha síos anois i ndeire na Fuirme sin Uimh. 7 sa Chuid sin III. den Chúigiú Sceideal san.

An tréimhse is sia dlightear an tOireachtas do leanúint.

7. —Isí tréimhse is sia dlightear an tOireachtas do leanúint gan scur ná cúig bliana o dháta an chéad thionóil ag Dáil Éireann tar éis an scurtha dheiridh roimhe sin agus mara scuirtar an tOireachtas roimh lá dheiridh aon tréimhse chúig mblian den tsórt san scuirfar an tOireachtas an lá deiridh sin.

Gearr-theideal agus luadh.

8. —(1) Féadfar an tAcht Timpeal Toghachán (Leasú), 1927 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Timpeal Toghachán, 1923 go 1927, do ghairm den Phríomh-Acht, den Acht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924 (Uimh. 7 de 1924) , den Acht Toghacháin (Toghacháin an tSeanaid), 1925 (Uimh. 34 de 1925) , agus den Acht so le chéile.

SCEIDEAL.

FUIRMEACHA.

CUID I.

FUIRM PHAIPEIR BHALLOIDE.

(I gcóir na dtoghachán san amháin ina mbeidh breis agus beirt iarrthóirí.)

Fuirm Aghaidh an Phaipeir Bhalloide.

Uimh. an Cho-Dhuille.

Nóta:

Beidh ar an gCó-Dhuille uimhir a bheidh ar có-réir léi sin ar chúl an Pháipéir Bhallóide.

Marcáil Ordú do roghna sna spáis seo síos.

Ainmneacha na nIarrthóirí.

O DUBHGHAILL, SEAMUS (FEAR ILE)

(Séamus O Dubhghaill, ó 10 an tSráid Ard, Fear Ile).

O DUBHGHAILL, LIAM (GROSAER)

(Liam O Dubhghaill, ó 12 an tSráid Mhór, Grósaer).

O BRIAIN, MAITIU (CUNTASOIR)

(Maitiú O Briain, ó 22 Plás Chlós an Tobair, Cuntas óir).

O BRIAIN, PADRAIG (DUINE UASAL)

(Pádraig O Briain, ó 7 Sráid na Faiche, Duine Uasal).

O BRIAIN, PADRAIG SEOSAMH (GABHA GEAL)

(Pádraig Seosamh O Briain, ó 14 Sráid na Banríona, Gabha Geal).

MAC LIAM, TOMAS (CEARNOG RAGHNALLACH)

(Tomás Mac Liam, ó 22 Ceárnóg Raghnallach, Drugaire).

MAC LIAM, TOMAS (BOTHAR DARTRAI)

(Tomás Mac Liam, ó 172 Bóthar Dartraí, Fiaclóir).

Fuirm Chul an Phaipeir Bhalloide.

Uimhir     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

Toghachán do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)

Nota.—An uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide beidh sí ar có-réir léi sin ar an gcó-dhuille.

CUID II.

TREORACHA I DTAOBH CLOBHUALA AN PHAIPEIR BHALLOIDE.

Ní clóbhuailfar ar an bpáipeur ballóide ach ní a bheidh do réir an Sceidil seo.

Is i leitreacha móra, mar a chítear ar an bhfuirm, a chóbhuailfar sloinne gach iarrthóra agus is i leitreacha beaga a clóbhuailfar a ainmneacha eile, agus a sheola agus a thuairisc, agus an uimhir ar chúl an pháipéir.

I gcás an t-aon tsloinne amháin do bheith ar bheirt iarrthóirí no níos mó clóbhuailfar i leitreacha móra, leis, ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin agus oiread de thuairisc gach iarrthóra dhíobh, as a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach, pe'ca céim no gairm, gnó no comhnaí é, oiread agus dhéanfidh idirdhealú éifeachtúil catorra dar leis an gCeann Comhrimh.