12 1927


Uimhir 12 de 1927.


ACHT ARM-PHINSEAN, 1927.


ACHT CHUN SOLÁTHAR DO DHÉANAMH CHUN PINSIN, LIÚNTAISÍ AGUS AISCÍ D'ÍOC I gCÁS ÁIRITHE LE BAILL FÉ DHÍTH D'FHÓRSAI ARMTHA SHAORSTÁIT ÉIREANN AGUS DE CHÓ-GHLÉASANNA MÍLEATA ÁIRITHE EILE AGUS CHUN LIÚNTAISÍ AGUS AISCÍ D'ÍOC I gCÁS ÁIRITHE LE CÚRAM DAOINE ATÁ MARBH AGUS A BHÍ INA mBAILL DE SNA FÓRSAÍ AGUS DE SNA CÓ-GHLÉASANNA SAN AGUS CHUN AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1923 , DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS LEIS NA CÚRSAÍ ROIMHRÁITE SIN UILE AGUS FÉ SEACH. [30adh Abrán, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t-Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) ;

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Cosanta;

nuair a húsáidtear an focal “grád díthe” i dtaobh díthe de dheascaibh galair cialluíonn sé an grád díthe atá measta ag Bord na nArm-Phinsean maidir leis an díth sin;

cialluíonn an focal “grád minimum díthe” grád díthe d'ochtó per cent.;

nuair a húsáidtear an focal “seirbhís mhileata” i dtaobh duine ba bhall d'Oglaigh na hÉireann no d'Arm Chathránach na hÉireann cialluíonn sé pé uair a bhí an ball san ar diúité, no a bhí sé fé ghabháil de thora a ghníomhachtaí mar bhall den tsórt san, no a bhí sé ar a sheachaint sara mbéarfadh fórsaí armtha an Rialtais Bhriotáinigh air no sara raghaidís ar a thóir, no a bhí sé á choinneáil i bpríosún no i gcampa coinneála ag an Rialtas Briotáineach no le hordú an Rialtais sin;

cialluíonn an focal “créacht” brise ar ghnáth-leanúnachas fighteach an chuirp tré fhoiréigin díreach no nea-dhíreach ach ní fholuíonn sé aon díobháil a tháinig de dheascaibh faillí no mí-iompair mhóir an té dar dineadh an díobháil;

cialluíonn an focal “díth” aon díobháil bhuan as ar tháinig lagú feidhme agus gur créacht no galar fé ndeár í agus nách í faillí ná mí-iompar mór an té dar dineadh an díobháil fé ndeár í; agus

maidir le focail eile a húsáidtear, leis, sa Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é, mara mínítear ar a mhalairt de shlí san Acht so iad, ciallóid na nithe céanna fé seach a chialluíonn na habairtí agus na focail sin fé seach sa Phríomh-Acht mar a leasuítear amhlaidh é.

Léiriú focal áirithe.

2. —(1) Nuair a húsáidtear an focal “do scuireadh as na fórsaí” sa Phríomh-Acht no san Acht so i dtaobh oifigigh folóidh sé agus, nuair a húsáidtear amhlaidh sa Phríomh-Acht é, tuigfar gur fholuigh sé riamh dí-shlóga an oifigigh sin agus, i gcás oifigigh i seilbh choimisiúin, a choimisiún do tharrac siar ar aon réasún, agus nuair a húsáidtear an t-ainm-fhocal “scur” mar adubhradh léireofar agus tuigfar gur léiríodh riamh é dá réir sin.

(2) Nuair a húsáidtear an focal “marbhuíodh” sa Phríomh-Acht no san Acht so folóidh sé agus, nuair a húsáidtear sa Phríomh-Acht é, tuigfar gur fholuigh sé riamh bás tré bháth.

Leasuithe ar an bPríomh-Acht.

3. —Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí na hailt agus na fo-ailt de a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú fé seach sa tslí atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne gach ailt agus fo-ailt acu san fé seach.

Atharuithe ar scálaí fén bPríomh-Acht i gcásanna áirithe.

4. —(1) I gcás oifigigh do scuireadh as na fórsaí an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1924, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) agus 'na bhféadfí, ar an scur san, pinsean créachta do dheona dho fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é, bainfidh an tAcht san, agus é leasuithe amhlaidh, leis an oifigeach san fé is dá ndintí na scálaí de phinsin atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur isteach sa Phríomh-Acht in ionad na scálaí de phinsin atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

(2) I gcás na ndaoine sin do shighnigh an Furógra do foillsíodh Luan Cásca sa bhliain 1916 maidir leis an eirghe amach in Abrán agus i mBealtaine na bliana san agus 'na bhféadfidh an tAire no 'na mbeidh sé tar éis deimhnithe do thabhairt ina dtaobh fé alt 8 den Phríomh-Acht, bainfidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht leis an scéal agus beidh éifeacht aige o am rithte an Achta so, fé is dá mbeadh méideanna fé seach na liúntaisí agus na n-aiscí uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal san chó mór fé dhó leis na méideanna a luaidhtear ann go hachtúil.

Bord Arm-Phinsean do bhunú.

5. —(1) Bunófar bord dá ngairmfar Bord na nArm-Phinsean agus a bheidh có-dhéanta de chathaoirleach agus de bheirt ghnáth-bhall.

(2) Ní foláir an bheirt ghnáth-bhall de Bhord na nArm-Phinsean do bheith ina ndochtúirí leighis a bheidh cáilithe go cuibhe agus éinne amháin acu agus gan ach éinne amháin acu do bheith ina oifigeach i Seirbhís Leighis an Airm.

(3) Isé an tAire, le haontú an Aire Airgid, a cheapfidh cathaoirleach Bhord na nArm-Phinsean agus an gnáth-bhall den Bhord san nách oifigeach i Seirbhís Leighis an Airm agus isé an tAire a cheapfidh an gnáth-bhall den Bhord san is oifigeach i Seirbhís Leighis an Airm.

(4) Beidh gach ball de Bhord na nArm-Phinsean i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é, ach ní cuirfar as oifig gan aontú an Aire Airgid aon bhall do ceapadh le haontú an Aire sin.

(5) Féadfar pé táillí no luach saothair a shocróidh an tAire Airgid d'íoc le haon bhall de Bhord na nArm-Phinsean amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(6) Féadfidh an tAire, le toil an Aire Airgid, rialacha do dhéanamh chun feidhmeanna agus nós-imeachta Bhord na nArm-Phinsean do rialáil.

(7) Chun na dualgaisí a cuirtar ortha leis an Acht so do chólíona féadfidh Bord na nArm-Phinsean pé fiosruithe do dhéanamh, pé finnéthe do ghairm agus pé fianaise do ghlaca fé mhionn (agus cuirtar ar a gcumas leis seo daoine do chur fé mhionn) no ar a mhalairt de shlí, is dó leo is gá.

Ball de Bhord na nArm-Phinsean fé mhí-chumas dhiombuan.

6. —(1) Pé uair a bheidh cathaoirleach Bhord na nArm-Phinsean no gnáth-bhall den Bhord san, tré easláinte no ar leor-chúis eile fé mhí-chumas dhiombuan ná leigfidh do a dhualgaisí mar chathaoirleach no mar bhall den tsórt san do chólíona, féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, duine eile do cheapa chun bheith ina chathaoirleach ar Bhord na nArm-Phinsean no ina ghnáthbhall den Bhord san (pe'ca aca é) in áit an chathaoirligh no an ghnáth-bhaill a bheidh fé mhí-chumas amhlaidh agus san an fhaid a leanfidh an mí-chumas san.

(2) Gach éinne a ceapfar fén alt so in áit ghnáth-bhaill de Bhord na nArm-Phinsean ní foláir na cáilíochta céanna do bheith aige is gá, do réir an Achta so, do bheith ag an ngnáth-bhall 'na gceapfar ina áit é amhlaidh.

(3) Ní déanfar gan aontú an Aire Airgid éinne do cheapa fén alt so in áit chathaoirleach Bhord na nArm-Phinsean ná in áit an ghnáth-bhaill den Bhord san nách oifigeach i Seirbhís Leighis an Airm.

Iarrataisí do chur fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean.

7. —(1) Gach iarratas ar phinsean, aisce, no liúntas do dheona fén bPríomh-Acht atá ar feitheamh ar dháta rithte an Achta so agus gach iarratas ar phinsean, aisce, no liúntas do dheona fén bPríomh-Acht, mar a leasuítear leis an Acht so é, no fén Acht so (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) cuirfidh an tAire fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean iad.

(2) Tuairisceoidh Bord na nArm-Phinsean chun an Aire, sa bhfuirm orduithe, i dtaobh gach iarratais a cuirfar fé n-a mbráid fén alt so agus chun críche na tuairisce sin cuirfid fé ndeár gach iarratas den tsórt san do scrúdú i pé slí a hordófar le rialacháin a bheidh déanta fén Acht so le toiliú an Aire Airgid.

(3) Ní cuirfar fé bhráid Bhord na nArm-Phinsean aon iarratas ar phinsean, ar liúntas, no ar aisce fén Acht so atá bunuithe ar chréacht a fuarthas an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin, no ar bhás dhuine do marbhuíodh ar an dáta san no dá éis.

Grád na mí-ábaltachta do mheas.

8. —(1) Pé uair a thuairisceoidh Bord na nArm-Phinsean go bhfuil duine fé dhíth de dheascaibh galair déanfid grád na díthe fé n-a bhfuil an duine sin do mheas agus do chur síos sa tuairisc sin.

(2) Is do réir oiread so fén gcéad a déanfar gach meas fén alt so ar ghrád díthe agus is do réir céad per cent. a measfar díth iomlán, agus is do réir oiread so fén gcéad de dhíth iomlán a measfar gach díth is lú ná díth iomlán.

Pinsin mhí-ábaltachta i gcásanna áirithe.

9. —(1) Gach éinne do scuireadh as na fórsaí roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus do bhí, ar dháta a scurtha, fé dhíth de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1922, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1924, féadfar pinsean mí-ábaltachta do dheona dho, do réir an ráta a luaidhtear sa cholún oiriúnach den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san, más rud é (de dheascaibh éinní nách faillí ná mí-iompar mór i bpáirt an duine sin) go mbeidh grád na díthe sin chó mór ar a laighead leis an ngrád minimum díthe ar dháta scrúduithe an duine sin ag Bord na nArm-Phinsean, no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh tar éis an dáta san agus laistigh de cheithre bliana tar éis scurtha an duine sin.

(2) I gcás duine dá ndeonfar pinsean fén alt so do bheith pósta roimh dháta a scurtha as na fórsaí agus é do bheith ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so ar dháta tosnuithe an phinsin sin, ansan, ar feadh na haimsire leanfa sé de bheith ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so tar éis an tosnuithe sin beidh sé i dteideal pinsean fir phósta d'íoc leis agus d'fháil do réir an ráta a luaidhtear sa cholún oiriúnach den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os eoinne an ghráid oiriúnaigh díthe a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san.

(3) Gach pinsean a deonfar fén alt so tosnóidh sé o pé dáta a shocróidh an tAire ag cuimhneamh do ar gach a mbaineann leis an gcás ach ní bheidh an dáta san níos luatha ná an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1926, ná níos luatha ná an dáta ar a raibh no ar a mbeidh an díth mar an gcéad uair chó mór leis an ngrád minimum díthe.

Pinsin mhí-ábaltachta i gcásanna áirithe eile.

10. —(1) Gach éinne do scuireadh as na fórsaí an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) agus do bhí, ar dháta a scurtha, fé dhíth de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1922, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1924, féadfar pinsean mí-ábaltachta do dheona dho do réir an ráta a luaidhtear chuige sin sna forálacha san den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bhaineann le cás daoine den tsórt san, más rud é (de dheascaibh éinní nách faillí ná mí-iompar mór i bpáirt an duine sin) go mbeidh grád na díthe sin chó mór ar a laighead leis an ngrád minimum díthe ar dháta scrúduithe an duine sin ag Bord na nArm-Phinsean, no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh tar éis an dáta san agus laistigh de cheithre bliana tar éis scurtha an duine sin.

(2) I gcás duine dá ndeonfar pinsean fén alt so do bheith pósta roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus é do bheith ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so le linn tosnuithe an phinsin sin, ansan, ar feadh na haimsire leanfa sé de bheith ina fhear phósta, chun crícheanna an Achta so tar éis an tosnuithe sin beidh sé i dteideal pinsean fir phósta d'íoc leis agus d'fháil do réir an ráta a luaidhtear chuige sin sna forálacha san den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bhaineann le cás an duine sin.

(3) Gach pinsean a deonfar fén alt so tosnóidh sé o pé dáta a shocróidh an tAire ag cuimhneamh do ar gach a mbaineann leis an gcás ach ní bheidh an dáta san níos luatha—

(a) i gcás duine do scuireadh as na fórsaí roimh rith an Achta so, ná an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1926, ná

(b) i gcás duine do scuireadh as na fórsaí lá rithte no tar éis rithte an Achta so, ná an lá tar éis dáta an scurtha san, ná

(c) in aon chás ná an dáta ar a mbeidh an díth mar an gcéad uair chó mór leis an ngrád minimum dithe.

Pinsin chréachta agus aiscí i gcásanna áirithe.

11. —(1) Gach éinne do scuireadh as na fórsaí roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus do bhí, ar dháta an scurtha san, fé dhíth de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí agus a fuair sé an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923, no dá éis sin, le linn é bheith ina bhall de sna fórsaí, féadfar pinsean créachta do dheona dho do réir an ráta a luaidhtear sa cholún oiriúnach den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san, má bhíonn grád na díthe sin chó mór le fiche per cent. ar a laighead ar dháta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean.

(2) I gcás duine dá ndeonfar pinsean fén alt so do bheith pósta roimh dháta a scurtha as na fórsaí agus é do bheith ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so ar dháta tosnuithe an phinsin sin, ansan, ar feadh na haimsire a leanfa sé de bheith ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so tar éis an tosnuithe sin, beidh sé i dteideal pinsean fir phósta d'íoc leis agus d'fháil do réir an ráta a luaidhtear sa cholún oiriúnach den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san.

(3) Gach pinsean a deonfar fén alt so tosnóidh sé o pé dáta a shocróidh an tAire ag cuimhneamh do ar gach a mbaineann leis an gcás ach ní bheidh an dáta san níos luatha in aon chás ná an lá tar éis an dáta ar ar scuireadh as na fórsaí an té dar deonadh an pinsean.

(4) Gach éinne do scuireadh as na fórsaí roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus do bhí, ar dháta an scurtha san, fé dhíth de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí agus a fuair sé an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923, no dá éis sin, le linn é bheith ina bhall de sna fórsaí, féadfar aisce do dheona dho de pé méid a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, ag cuimhneamh do ar gach a mbaineann leis an gcás, más lú ná fiche per cent. grád na díthe sin ar dháta scrúduithe an duine sin ag Bord na nArm-Phinsean, ach ní raghaidh aon aisce den tsórt san thar céad punt i gcás duine do bhí ina oifigeach díreach sarar scuireadh as na fórsaí é ná thar trí fichid punt i gcás duine do bhí ina shaighdiúir díreach sarar scuireadh as na fórsaí é.

(5) I gcás duine do bhí, ar dháta a scurtha as na fórsaí, fé aon díth dá luaidhtear sa chéad cholún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, isé is grád do dhíth an duine sin chun crícheanna an ailt seo ná an grád atá curtha síos sa dara colún den Sceideal san os coinne na díthe fé n-a bhfuil an duine sin.

(6) I gcás duine do bhí, ar dháta a scurtha as na fórsaí, fé dhíth ná luaidhtear sa chéad cholún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, isé is grád do dhíth an duine sin chun crícheanna an ailt seo ná an grád a bheidh measta ag Bord na nArm-Phinsean chuige sin.

Pinsin chréachta agus aiscí i gcásanna áirithe eile.

12. —(1) Gach éinne do scuireadh as na fórsaí an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) agus do bhí, ar dháta an scurtha san, fé dhíth de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí agus a fuair sé an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) le linn é bheith ina bhall de sna fórsaí, féadfar pinsean créachta do dheona dho do réir an ráta a luaidhtear chuige sin sna forálacha san den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bhaineann le cás an duine sin má bhíonn grád na díthe sin chó mór le fiche per cent. ar a laighead ar dháta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean no thar cheann an Aire (pe'ca aca é).

(2) Má bhí duine dá ndeonfar pinsean fén alt so, má bhí sé, ar dháta a chréachtnuithe, ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so i gcás oifigigh no ag fáil liúntais fhir phósta mar shaighdiúir phósta i gcás saighdiúra agus, in aon chás, más fear pósta é chun crícheanna an Achta so le linn tosnuithe an phinsin sin, ansan, ar feadh na haimsire a leanfa sé de bheith ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so tar éis an tosnuithe sin, beidh sé i dteideal pinsean fir phósta d'íoc leis agus d'fháil do réir an ráta a luaidhtear chuige sin sna forálacha san den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bhaineann le n-a chás.

(3) Gach pinsean a deonfar fén alt so tosnóidh sé, i gcás duine do scuireadh as na fórsaí ar dháta rithte no tar éis rithte an Achta so, o dháta an scurtha san no, i gcás duine do scuireadh as na fórsaí roimh dháta rithte an Achta so, o pé dáta a shocróidh an tAire ag cuimhneamh do ar gach a mbaineann leis an gcás agus ná beidh níos luatha ná an lá tar éis dáta an scurtha san ná níos déanaí ná dáta rithte an Achta so.

(4) Gach éinne do scuireadh as na fórsaí an ladh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) agus do bhí, ar dháta a scurtha, fé dhíth de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí agus a fuair sé an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) le linn é bheith ina bhall de sna fórsaí, más lú ná fiche per cent. grád na díthe sin ar dháta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean no thar cheann an Aire (pe'ca aca é), féadfar—

(a) i gcás duine do bhí ina oifigeach díreach sarar scuireadh as na fórsaí é, aisce do dheona dho de pé méid a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, ag cuimhneamh do ar gach a mbaineann leis an gcás, agus nách mó ná ceithre fichid punt, maraon le haisce eile a háireofar do réir ráta cúig bpunt in aghaidh gach bliana iomláine de sheirbhís an duine sin sna fórsaí, no

(b) i gcás duine do bhí ina shaighdiúir díreach sarar scuireadh as na fórsaí é, aisce do dheona dho de pé méid a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, ag cuimhneamh do ar gach a mbaineann leis an gcás, agus nách mó ná dachad punt, maraon le haisce eile a háireofar do réir ráta dhá phunt agus deich scillinge in aghaidh gach bliana iomláine de sheirbhís an duine sin sna fórsaí.

(5) I gcás duine do bhí, ar dháta a scurtha as na fórsaí, fé aon díth dá luaidhtear sa chéad cholún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, isé is grád do dhíth an duine sin chun crícheanna an ailt seo ná an grád atá curtha síos sa dara colún den Sceideal san os coinne na díthe fé n-a bhfuil an duine sin.

(6) I gcás duine do bhí, ar dháta a scurtha as na fórsaí, fé dhíth ná luaidhtear sa chéad cholún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, isé is grád do dhíth an duine sin chun crícheanna an ailt seo ná an grád a bheidh measta ag Bord na nArm-Phinsean chuige sin más roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, a fuarthas an chréacht as a dtáinig an díth, agus an grád a bheidh measta ag an Aire chuige sin más ar an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin, a fuarthas an chréacht san.

Pinsin mhí-ábaltachta i gcásanna speísialta áirithe.

13. —(1) Einne go ndeimhneoidh an tAire gur bhall é d'Oglaigh na hÉireann no d'Arm Chathránach na hÉireann agus a bheidh, ar dháta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean, fé dhíth de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse mileata in Oglaigh na hÉireann no in Arm Cathránach na hÉireann (pe'ca aca é), no i leith seirbhíse mileata den tsórt san agus seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1922, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1924, má bhíonn grád a dhíthe chó mór ar a laighead leis an ngrád minimum díthe ar dháta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean féadfar pinsean mí-ábaltachta do dheona dho do réir an ráta so a leanas, sé sin le rá:—

(a) marar thug sé seirbhís uaidh sna fórsaí no má thug agus gur scuireadh asta é roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, do réir an ráta a luaidhtear sa cholún oiriúnach den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san, no

(b) má thug sé seirbhís uaidh sna fórsaí agus gur scuireadh asta é an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin, do réir an ráta a luaidhtear sna forálacha san den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bhaineann le n-a chás.

(2) I gcás duine dá ndeonfar pinsean fén alt so do bheith pósta roimh an 1adh lá d'Iúl, 1922, agus é do bheith ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so ar dháta tosnuithe an phinsin sin, ansan, ar feadh na haimsire a leanfa sé de bheith ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so tar éis an tosnuithe sin, beidh sé i dteideal pinsean fir phósta d'íoc leis agus d'fháil (fé mar is gá sa chás) do réir an ráta a luaidhtear sa cholún oiriúnach den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an ghráid oiriúnaigh díthe a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san no do réir an ráta a luaidhtear sna forálacha san den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bhaineann le n-a chás.

(3) Gach pinsean a deonfar fén alt so tosnóidh sé o pé dáta a shocróidh an tAire, ag cuimhneamh do ar gach a mbaineann leis an gcás, agus nách luatha ná an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1926.

(4) Chun a dhéanamh amach, i gcás duine nár thug seirbhís uaidh sna fórsaí, ce'ca do réir na rátaí a bhaineann le hoifigeach no do réir na rátaí a bhaineann le saighdiúir a bheidh pinsean mí-ábaltachta a deonadh don duine sin fén alt so agus an pinsean fir phósta (más ann do) is iníoctha leis fén alt so le n'íoc, socróidh an tAire, ag cuimhneamh do ar an inbhe a bhí ag an duine sin go hachtúil in Oglaigh na hÉireann no in Arm Cathránach na hÉireann (pe'ca aca é), ce'ca b'oifigeach no saighdiúir an duine sin agus chun na gcrícheanna roimhráite beidh an socrú san gan aon dul thairis ach é ina shocrú dheiridh.

Liúntaisí agus aiscí do chúram duine i gcásanna áirithe.

14. —(1) Féadfidh an tAire, ar fháil bháis d'éinne le n-a mbaineann an fo-alt so no mar gheall ar é fháil bháis, ceachtar den dá ní seo a leanas, ach ní fhéadfa sé iad araon, do dhéanamh, sé sin le rá:—

(i) aisce de pé méid a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, do dheona do dhuine no do dhaoine den chúram a bhí ar an duine sin agus a luaidhtear sa Chuid oiriúnach den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, pé duine no daoine acu a shocróidh an tAire, no

(ii) na liúntaisí agus na haiscí uile agus fé seach a luaidhtear sa Chuid oiriúnach den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so i gcóir baintreach agus cloinne de dheona do bhaintrigh agus do chloinn an duine sin.

Baineann an fo-alt so—

(a) le gach éinne do fuair bás roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus é ag tabhairt seirbhís uaidh sna fórsaí agus gurbh é an t-éinní amháin fé ndeár a bhás ná galar is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse (dá ngairmtear “an tréimhse sin” sa bhfo-alt so) dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1922, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1924, agus

(b) le gach éinne, tar éis do seirbhís do thabhairt uaidh sna fórsaí i rith na tréimhse sin agus tar éis a scurtha asta roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, a fuair bás (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) laistigh de cheithre bliana tar éis an scurtha san agus gur galar is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse sin an t-éinní amháin fé ndeár é fháil bháis amhlaidh, agus

(c) le gach éinne ná raibh tar éis seirbhís do thabhairt uaidh sna fórsaí agus do fuair bás roimh an 11adh lá d'Iúl, 1925, agus go ndeimhneoidh an tAire gur bhall é d'Oglaigh na hÉireann no d'Arm Chathránach na hÉireann agus gur galar is ionchurtha i leith a sheirbhíse mileata in Oglaigh na hÉireann no in Arm Cathránach na hÉireann (pe'ca aca é) an t-éinní amháin fé ndeár a bhás, agus

(d) le gach éinne go ndeimhneoidh an tAire gur bhall é d'Oglaigh na hÉireann no d'Arm Chathránach na hÉireann agus, tar éis do seirbhís do thabhairt uaidh sna fórsaí, a fuair bás roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus é ag tabhairt seirbhíse uaidh amhlaidh, no a scuireadh as na fórsaí roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus a fuair bás (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) laistigh de cheithre bliana tar éis an scurtha san agus, in aon chás, gurbh é an t-éinní amháin fé ndeár é fháil bháis amhlaidh ná galar is ionchurtha i leith seirbhíse mileata in Oglaigh na hÉireann no in Arm Cathránach na hÉireann (pe'ca aca é) no i leith seirbhíse mileata den tsórt san agus seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse sin, agus

(e) le gach éinne a bhí, díreach roimh a bhás, ag fáil pinsin mhí-ábaltachta a deonadh do fén Acht so do réir an scála de phinsin atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a fuair bás ón ngalar gur deonadh an pinsean san do mar gheall air agus ón ngalar san amháin.

(2) Féadfidh an tAire, ar fháil bháis d'éinne le n-a mbaineann an fo-alt so no mar gheall ar é fháil bháis, ceachtar den dá ní seo a leanas, ach ní fhéadfa sé iad araon, do dhéanamh, sé sin le rá:—

(i) aisce de pé méid a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, do dheona do pé duine no daoine acu so a shocróidh an tAire, eadhon, baintreach agus clann an duine sin, no

(ii) na liúntaisí agus na haiscí uile agus fé seach a luaidhtear sa Chuid oiriúnach den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so i gcóir baintreach agus cloinne do dheona do bhaintrigh agus do chloinn an duine sin.

Baineann an fo-alt so—

(a) le gach éinne a fuair bás (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin agus é ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí agus gurbh é an t-éinní amháin fé ndeár a bhás ná galar is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse (dá ngairmtear “an tréimhse sin” sa bhfo-alt so) dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1922, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1924, agus

(b) le gach éinne, tar éis do seirbhís do thabhairt uaidh sna fórsaí i rith na tréimhse sin, do scuireadh asta an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) agus a fuair bás laistigh de cheithre bliana tar éis an scurtha san agus gur galar is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse sin an t-éinní amháin fé ndeár é fháil bháis amhlaidh, agus

(c) le gach éinne go ndeimhneoidh an tAire gur bhall é d'Oglaigh na hÉireann no d'Arm Chathránach na hÉireann agus, tar éis do seirbhís do thabhairt uaidh sna fórsaí i rith na tréimhse sin, a fuair bás an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) agus é ag tabhairt seirbhíse uaidh amhlaidh no a scuireadh as na fórsaí an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) agus a fuair bás laistigh de cheithre bliana tar éis an scurtha san agus, in aon chás, gurbh é an t-éinní amháin fé ndeár é fháil bháis amhlaidh ná galar is ionchurtha i leith seirbhíse mileata in Oglaigh na hÉireann no in Arm Cathránach na hÉireann (pe'ca aca é) no i leith seirbhíse mileata den tsórt san agus seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse sin, agus

(d) le gach éinne a bhí, díreach roimh a bhás, ag fáil pinsin mhí-ábaltachta a deonadh do fén Acht so do réir an scála de phinsin atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis >an Acht so agus fós ag fáil pinsin fhir phósta a bhí iníoctha leis fén Acht so agus a fuair bás ón ngalar gur deonadh an pinsean mí-ábaltachta san do mar gheall air agus ón ngalar san amháin.

(3) An aisce no suim iomlán na n-aiscí (pe'ca aca é) a deonfar, ar fháil bháis d'éinne no mar gheall ar bhás éinne, do chúram an duine sin fé fho-alt (1) den alt so no do bhaintrigh agus do chloinn an duine sin fé fho-alt (2) den alt so, ní ragha sí thar suim trí chéad punt.

(4) Más dó leis an Aire gur ceart é féadfar aon aisce a deonfar fén alt so d'íoc i dtráthchoda de pé méideanna agus pé tráthanna is dó leis an Aire is oiriúnach ag cuimhneamh do ar gach a mbaineann leis an gcás.

(5) Ní deonfar aon liúntas ná aisce fén alt so ar fháil bháis d'éinne ná mar gheall ar bhás éinne gurb aon fhaillí no mí-iompar mór ina pháirt féin ba bhun le n-a bhás.

(6) Ní deonfar aon liúntas ná aisce fé fho-alt (2) den alt so do bhaintrigh ná do dhuine chloinne éinne ná raibh, má b'oifigeach é, ina fhear pósta chun crícheanna an Achta so no, má ba shaighdiúir é, ag fáil liúntais fhir phósta mar shaighdiúir phósta ar an am so a leanas, sé sin le rá, más le linn do bheith ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí a fuair sé bás, ar am a bháis, no, más tar éis a scurtha as na fórsaí a fuair sé bás, díreach roimh an scur san.

(7) Chun an Cúigiú Sceideal agus an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur i mbaint le cás duine go ndeimhneofar fé fho-alt (1) den alt so gur bhall é d'Oglaigh na hÉireann no d'Arm Chathránach na hÉireann agus nár thug seirbhís uaidh sna fórsaí, socróidh an tAire, ag cuimhneamh do ar an inbhe a bhí ag an duine sin go hachtúil in Oglaigh na hÉireann no in Arm Cathránach na hÉireann (pe'ca aca é), cé'ca b'oifigeach no saighdiúir an duine sin, agus chun na críche roimhráite beidh an socrú san gan aon dul thairis ach é ina shocrú dheiridh.

(8) Gach liúntas a deonfar fén alt so mar gheall ar bhás duine a fuair bás roimh an 1adh lá d'Abrán, 1926, tosnóidh sé ar an dáta san, agus gach liúntas a deonfar fén alt so ar fháil bháis do dhuine no mar gheall ar bhás duine a fuair bás an 1adh lá d'Abrán, 1926, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin), tosnóidh sé an lá tar éis lá báis an duine sin.

(9) Tuigfar bás duine do theacht de ghalar agus de sin amháin do réir bhrí an ailt seo d'ainneoin go dtáinig an bás san go leathrannach no gur brostuíodh é no gur cabhruíodh leis tré chréacht a fuair an duine sin le linn seirbhíse agus is ionchurtha i leith seirbhíse i bhfórsaí no i gcólucht den tsórt chéanna (cé nách gá í bheith sa tréimhse chéanna) mar an tseirbhís 'na bhfuil an galar san ionchurtha ina leith.

Liúntaísí agus aiscí do chúram duine i gcásanna áirithe eile.

15. —(1) Féadfar na liúntaisí agus na haiscí uile agus fé seach a luaidhtear sa Chuid oiriúnach den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dheona do bhaintrigh, do chloinn, do chúram, agus do leath-chúram éinne de sna daoine seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) gach éinne a marbhuíodh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, le linn do bheith ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí, agus é i mbun a dhualgais mar bhall de sna fórsaí no i gcás is ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí, agus

(b) gach éinne a fuair, ar an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, le linn do bheith ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí, créacht is ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí agus a fuair bás roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, ón gcréacht san agus uaithi sin amháin agus é fós ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí, agus

(c) gach éinne a fuair, ar an 1adh lá de Dheire Fomhair 1923, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, le linn do bheith ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí, créacht is ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí agus a scuireadh as na fórsaí roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus a fuair bás (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) ón gcréacht san agus uaithi sin amháin laistigh de cheithre bliana tar éis do an chréacht san d'fháil, agus

(d) gach éinne do scuireadh as na fórsaí roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, tar éis do seirbhís do thabhairt uaidh ionta, agus a fuair bás (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) le linn do bheith ag fáil pinsin chréachta a deonadh do fén Acht so agus fós ag fáil pinsin fhir phósta a bhí iníoctha leis fén Acht so agus gur ón gcréacht gur deonadh an pinsean créachta san do amhlaidh mar gheall uirthi, agus uaithi sin amháin, a fuair sé bás.

(2) Féadfar na liúntaisí agus na haiscí uile agus fé seach a luaidhtear sa Chuid oiriúnach den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dheona do bhaintrigh agus do chloinn éinne de sna daoine seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) gach éinne a marbhuíodh an 1adh lá de Dheire Fomhair 1924, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin), le linn do bheith ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí, agus é i mbun a dhualgais mar bhall de sna fórsaí, no i gcás is ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí, agus

(b) gach éinne a fuair, ar an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin), le linn do bheith ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí, créacht is ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí agus a fuair bás ón gcréacht san agus uaithi sin amháin le linn do bheith ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí agus gur ar an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin, agus laistigh de cheithre bliana tar éis do an chréacht san d'fháil, a fuair sé bás, agus

(c) gach éinne a fuair, ar an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin), le linn do bheith ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí, créacht is ionchurtha i leith a sheirbhíse sna fórsaí agus, tar éis a scurtha as na fórsaí an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin, a fuair bás ón gcréacht san agus uaithi sin amháin laistigh de cheithre bliana tar éis do an chréacht san d'fháil, agus

(d) gach éinne do scuireadh as na fórsaí an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin), tar éis do seirbhís do thabhairt uaidh ionta, agus a fuair bás le linn do bheith ag fáil pinsin chréachta a deonadh do fén Acht so agus fós ag fáil pinsin fhir phósta a bhí iníoctha leis fén Acht so agus gur on gcréacht gur deonadh an pinsean créachta san do mar gheall uirthi, agus uaithi sin amháin, a fuair sé bás.

(3) Ní deonfar liúntas ná aisce fé fho-alt (1) den alt so do bhaintrigh ná do dhuine de chloinn, do chúram ná do leathchúram éinne do marbhuíodh de dheascaibh aon fhaillí no mí-iompair mhóir ina pháirt féin no gurbh aon fhaillí no mí-iompar mór ina pháirt féin fé ndeár a bhás, ná, fé fho-alt (2) den alt so, dá bhaintrigh ná do dhuine chloinne leis.

(4) Ní deonfar aon liúntas ná aisce fé fho-alt (2) den alt so do bhaintrigh ná do dhuine de chloinn éinne ná raibh, má ba oifigeach é, ina fhear pósta chun crícheanna an Achta so no, má ba shaighdiúir é, ag fáil liúntais fhir phósta mar shaighdiúir phósta ar an am so a leanas, sé sin le rá, más le linn do bheith ag tabhairt seirbhíse uaidh sna fórsaí do marbhuíodh é, ar am a bháis, no, más créacht fé ndeár a bhás, ar an am a fuair sé an chréacht san.

(5) Gach liúntas a deonfar fén alt so do bhaintrigh no do dhuine de chloinn no do chúram duine do fuair bás no do marbhuíodh roimh an 1adh lá d'Abrán, 1926, tosnóidh sé ar an dáta san agus gach liúntas a deonfar fén alt so do bhaintrigh no do dhuine de chloinn no do chúram duine do fuair bás no do marbhuíodh an 1adh lá d'Abrán, 1926, no dá éis sin (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin), tosnóidh sé an lá tar éis lá an duine sin d'fháil bháis no do mharbha amhlaidh.

(6) Tuigfar bás duine do theacht de chréacht agus di sin amháin do réir bhrí an ailt seo d'ainneoin go dtáinig an bás san go leathrannach no gur brostuíodh é no gur cabhruíodh leis tré ghalar is ionchurtha i leith seirbhíse i bhfórsaí no i gcólucht den tsórt chéanna (cé nách gá í bheith sa tréimhse chéanna) mar an tseirbhís 'na bhfuil an chréacht san ionchurtha ina leith.

Cuntas do thabhairt i liúntaisí ex gratia i gcásanna áirithe.

16. —Pé uair a deonfar liúntas fén Acht so do no chun tairbhe do dhuine agus a thosnóidh an liúntas san ar dháta roimh rith an Achta so agus d'íoc an tAire liúntas ex gratia roimh rith an Achta so don no chun tairbhe don duine sin, ansan, maidir le gach íocaíocht a híocadh (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) ar scór an liúntais ex gratia sin, tuigfar, sa mhéid gur in aghaidh tréimhse tar éis dáta tosnuithe an liúntais sin a deonadh fén Acht so a híocadh no a híocfar í, gur ar scór an liúntais deiridh sin a luaidhtear a híocadh í agus tabharfar cuntas inti dá réir sin.

Fuirm iarratais ar phinsean, etc.

17. —Gach iarratas ar phinsean, aisce, no liúntas do dheona fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no fén Acht so, is chun an Aire, sa bhfuirm orduithe, a déanfar é, agus beidh na mion-innste orduithe ann.

Teora ama d'éilithe pinsean, etc.

18. —(1) Gach iarratas o dhuine adeir gur bhall é d'Oglaigh na hÉireann no d'Arm Chathránach na hÉireann agus nár thug seirbhís uaidh sna fórsaí, á iarraidh go ndeonfaí pinsean créachta no aisce dho fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no go ndeonfaí pinsean do fén Acht so, is laistigh de bhliain o am rithte an Achta so a déanfar é.

(2) Gach iarratas o dhuine do scuireadh as na fórsaí roimh rith an Achta so, á iarraidh go ndeonfaí pinsean créachta no aisce dho fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é, no go ndeonfaí pinsean créachta no aisce dho fén Acht so, is laistigh de bhliain o am rithte an Achta so a déanfar é.

(3) Gach iarratas o dhuine do scuireadh as na fórsaí (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) á iarraidh go ndeonfaí pinsean mí-ábaltachta dho fén Acht so, is roimh pé dáta acu so a leanas is déanaí, sé sin le rá, deire ceithre mblian o dháta an scurtha san no deire bliana o am rithte an Achta so, a déanfar é.

(4) Gach iarratas ar liúntas no aisce do dheona fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no fén Acht so, maidir le duine a fuair bás roimh rith no ar dháta rithte an Achta so. is laistigh de bhliain o am rithte an Achta so a déanfar é.

(5) Gach iarratas ar liúntas no aisce do dheona fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no fén Acht so, maidir le duine a gheobhaidh bás tar éis rithte an Achta so, is laistigh de bhliain o dháta bháis an duine sin a déanfar é.

Athnuachaint iarrataisí gur diúltuíodh do ghéille dhóibh fén bPríomh-Acht.

19. —Einne a dhin iarratas, roimh rith an Achta so, á iarraidh go ndeonfaí pinsean, liúntas, no aisce dho fén bPríomh-Acht, agus gur diúltuíodh do ghéille dá iarratas ar an scór nár bhain an tAcht san leis an uair sin, féadfa sé, má bhaineann an Príomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é leis, an pinsean, an liúntas, no an aisce sin d'iarraidh, agus i gcás ceart féadfar é dheona dho, fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é.

Cosc ar phinsin dúbalta.

20. —Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, ní deonfar aon phinsean ná aisce (nách pinsean fir phósta) fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é ná fén Acht so d'éinne dar deonadh pinsean no aisce cheana fén bPríomh-Acht no fén Acht san mar a leasuítear leis an Acht so é no fén Acht so.

Costaisí taistil agus liúntaisí cothuithe.

21. —(1) Féadfidh an tAire íocaíochtaí in aghaidh costaisí taistil agus in aghaidh liúntais chothuithe d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le lucht iarrtha pinsean, liúntaisí, no aiscí fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no fén Acht so nuair a thiocfid i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath chun dul fé scrúdú dochtúra le hordú Bhord na nArm-Phinsean, agus le daoine a thiocfidh i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath mar fhínnithe os cóir Bhord na nArm-Phinsean mar fhreagra ar ghairm ón mBord san.

(2) Ordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so le toiliú an Aire Airgid méideanna na n-íocaíocht a féadfar a íoc in aghaidh costaisí taistil agus in aghaidh liúntais chothuithe fén bhfo-alt san roimhe seo agus an cás ina bhféadfar agus na coiníollacha ar a bhféadfar na híocaíochta san d'íoc, agus ní híocfar aon íocaíocht den tsórt san ach do réir na rialachán san.

Míniú ar “fear pósta.”

22. —(1) Beidh duine ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so o dháta a phósta go dtí go dtárlóidh pé ní acu so a leanas is túisce a thárlóidh agus (lasmuich den chás dá bhforáltar anso ina dhiaidh seo) ní níos sia ná san, sé sin le rá, a bhás féin, bás a mhná, an pósa do chur ar nea-mbrí go dleathach, no an pósa do scur go dleathach.

(2) Beidh duine do thug seirbhís uaidh sna fórsaí ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so, pé faid a mhairfe sé tar éis bháis a mhná no tar éis a phósa bheith curtha ar nea-mbrí go dleathach no scurtha go dleathach agus a bheidh duine cloinne leis beo eadhon, mac fé bhun ocht mbliana déag d'aois no inghean fé bhun bliain is fiche d'aois i gcás duine dob oifigeach díreach sarar scuireadh as na fórsaí é no mac fé bhun sé mbliana déag d'aois no inghean fé bhun ocht mbliana déag d'aois i gcás duine ba shaighdiúir díreach sarar scuireadh as na fórsaí é.

(3) Duine nár thug seirbhís uaidh sna fórsaí ach ba bhall d'Oglaigh na hÉireann no d'Arm Chathránach na hÉireann beidh sé ina fhear phósta chun crícheanna an Achta so pé faid a mhairfe sé tar éis bháis a mhná no tar éis a phósa bheith curtha ar nea-mbrí go dleathach no scurtha go dleathach agus a bheidh clann aige, eadhon, mac fé bhun ocht mbliana déag d'aois no inghean fé bhun bliain is fiche d'aois i gcás éinne den tsórt san gur do réir an ráta is oiriúnach d'oifigeach a bheidh a phinsean mí-ábaltachta iníoctha fén Acht so no mac fé bhun sé mbliana déag d'aois no inghean fé bhun ocht mbliana déag d'aois i gcás éinne den tsórt san gur do réir an ráta is oiriúnach do shaighdiúir a bheidh a phinsean mí-ábaltachta iníoctha fén Acht so.

Conus a híocfar pinsin i gcásanna áirithe.

23. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire duine ag fáil pinsin a deonadh do fén bPríomb-Acht no fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no fén Acht so do bheith fé oblagáid dlí a bhean agus a chlann no éinne acu do chothú agus é do bheith ag tabhairt faillí i gcólíona na hoblagáide sin, ansan, in ionad an pinsean san d'íoc leis an duine sin, féadfar, má orduíonn an tAire é agus pé uair agus ar feadh pé aimsire a ordóidh an tAire, an pinsean san d'íoc le mnaoi an duine sin no do chur chun cothuithe, chun oideachais, no chun tairbhe a dhuine no a dhaoine cloinne, fé mar is gá sa chás.

(2) Má orduíonn an tAire é agus pé uair agus ar feadh pé aimsire a ordóidh an tAire féadfar pinsean fir phósta is iníoctha fén Acht so le héinne d'íoc le mnaoi an duine sin no do chur chun cothuithe, chun oideachais, no chun tairbhe a dhuine chloinne no gach éinne no éinne dá chlainn in ionad é d'íoc leis an duine sin.

Díth dhúbalta.

24. —Nuair a bheidh duine fé dhíth (dá ngairmtear an ghalardhíth anso ina dhiaidh seo) gur lú a grád ná an grád minimum díthe agus a bheidh an scéal sa chás go bhféadfí pinsean mí-ábaltachta do dheona don duine sin fén Acht so mar gheall ar an díth sin dá mbeadh grád na díthe sin có-ionann leis an ngrád minimum díthe no níos mó ná é, agus nuair a bheidh an duine sin leis fé dhíth (dá ngairmtear an chréacht-díth anso ina dhiaidh seo) 'na mbeidh pinsean créachta aige no 'na bhféadfí pinsean créachta do dheona dho mar gheall uirthi, no 'na bhféadfí, dá mbeadh grád na díthe sin có-ionann le fiche per cent. no níos mó ná san, pinsean créachta do dheona dho mar gheall uirthi, fén bPríomh-Acht no fén Acht san mar a leasuítear leis an Acht so é no fén Acht so, ansan, chun a shocrú ce 'ca deonfar pinsean don duine sin no ná deonfar agus cadé ráta an phinsin sin (más ann do) no ce'ca méadófar pinsean a deonadh do cheana no ná méadófar agus cadé meid an mhéaduithe sin (más ann do), beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) isé a bheidh mar ghrád dá dhíth ná suim iomlán grád na galar-dhíthe agus grád na créacht-díthe,

(b) más mó ná céad per cent. an tsuim iomlán san áireofar grád a dhíthe mar chéad per cent.,

(c) tuigfar iomlan a dhíthe do theacht de dheascaibh an ní fé ndeár an ghalar-dhíth no de dheascaibh an ní fé ndeár an chréacht-díth, pe'ca acu is fábhrúla dho, agus

(d) má deontar pinsean do de bhua an ailt seo stadfidh, ar thosnú don phinsean a deonfar do de bhua an ailt seo, an pinsean (más ann do) a deonadh do cheana.

Coiníollacha bhaineann le pinsin.

25. —(1) Baineann an t-alt so le gach éinne dar deonadh pinsean (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) fén bPríomh-Acht no fén Acht san mar a leasuítear leis an Acht so é no fén Acht so, agus san alt so déanfar gach tagairt do phinsean maidir le héinne den tsórt san do léiriú mar thagairt don phinsean a deonadh do amhlaidh.

(2) An pinsean a deonadh (ar aon tslí seachas mar dheontas deiridh do réir bhrí alt 6 den Phríomh-Acht agus na rialachán a dineadh fé) do dhuine le n-a mbaineann an t-alt so, ní leanfar de ach ar an gcoiníoll go raghaidh an duine sin, pé uair a éileoidh an tAire air é, fé pé scrúdú dochtúra no cóir leighis no obráid mháinliaghachta a ordóidh an tAire o am go ham, agus má eitíonn éinne den tsórt san no má leigeann sé i bhfaillí dul fé aon scrúdú dochtúra no cóir leighis no obráid mháinliaghachta den tsórt san nuair a héileofar amhlaidh air é féadfidh an tAire, más dó leis gur ceart é, deire ar fad do chur, díreach ar dhéanamh an eitigh no na faillí sin do, leis an bpinsean a deonadh do.

(3) Féadfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, íoc do dhéanamh i gcostas aon scrúduithe dochtúra no córach leighis no obráide máinliaghachta fé n-a raghaidh duine le n-a mbaineann an t-alt so in óspideul, i dteaghlach banaltrais no i bhfundúireacht eile den tsórt san no i dteaghlach an duine sin féin le hordú an Aire agus fós i gcostas an duine sin do chothú le linn é bheith ag dul fén scrúdú, fén gcóir, no fén obráid sin no le linn é bheith á choinneáil in aon fhundúireacht den tsórt san chun crícheanna an scrúduithe no na córach no na hobráide sin, agus fós in aon chostaisí taistil no costaisí eile fé n-a raghfar ag taisteal don duine sin no á bhreith o aon áit no go haon áit i gcóir aon scrúduithe no córach no obráide den tsórt san.

(4) Féadfidh an tAire méadú de pé méid is dó leis is ceart do dhéanamh ar phinsean éinne le n-a mbaineann an t-alt so faid a bheidh an duine sin fé aon scrúdú dochtúra no cóir leighis no obráid mháinliaghachta le hordú an Aire ach, ag socrú méid aon mhéaduithe den tsórt san do, cuimhneoidh an tAire ar aon tsochair árachais sláinte náisiúnta no sochair no deontaisí eile den tsórt chéanna chun a mbeidh teideal ag an duine sin, agus féadfidh an tAire, leis, nuair a bheidh sé ag déanamh an mhéaduithe sin, socrú do dhéanamh chun go mbainfar as an bpinsean méaduithe aon tsuimeanna is iníoctha ar son daoine den tsórt san do chothú in aon óspideul, teaghlach banaltrais, no fundúireacht eile den tsórt san faid a bhíodar á gcoinneáil ann i gcóir an scrúduithe, na córach, no na hobráide sin.

(5) Féadfidh an tAire, tré rialacháin a déanfar fén Acht so, na rialacha d'ordú a bheidh le cólíona in aon óspideul mileata no maidir le héinne le n-a mbaineann an t-alt so agus a bheidh á choinneáil san óspideul san le hordú an Aire chun dul fé aon scrúdú dochtúra no cóir leighis no obráid mháinliaghachta, agus a ordú go gcuirfar pionóisí i bhfeidhm mar gheall ar bhriseanna aon rialach den tsórt san (pionóisí ar a n-áirítear an duine a bheidh á choinneáil amhlaidh sa bhfundúireacht san do chur as an bhfundúireacht san no a phinsean do stad i gcás é do dhéanamh na briseanna san) agus cé hiad na daoine a fhéadfidh féachaint isteach i mbriseanna den tsórt san adeirtar a dineadh agus cé hiad na daoine a fhéadfidh na pionóisí sin d'fhorchur.

(6) Féadfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, agus do réir rialachán a déanfar fén Acht so le toiliú an Aire Airgid, íoc do dhéanamh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i gcostaisí sochraide éinne le n-a mbaineann an t-alt so agus a gheobhaidh bás in aon óspideul, teaghlach banaltrais, no fundúireacht eile den tsórt san agus é á choinneáil ann le hordú an Aire chun dul fé aon scrúdú dochtúra no cóir leighis no obráid mháinliaghachta.

Ailt áirithe den Phríomh-Acht do chur i mbaint.

26. —(1) I ngach áit ina bhfuil an focal “fén Acht so” in ailt 5, 6, agus 9 go 15 den Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é léireofar é mar fhocal a chialluíonn fén bPríomh-Acht no fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht láithreach so é no fén Acht láithreach so, agus beidh éifeacht ag na hailt sin dá réir sin.

(2) I ngach áit ina bhfuil an focal “pinsean créachta” in aon cheann de sna hailt den Phríomh-Acht a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo déanfar, nuair a bheidh an t-alt san á chur i mbaint le pinsin a deonadh fén Acht so, é do léiriú agus beidh éifeacht aige mar fhocal a fholuíonn pinsean mí-ábaltachta.

Rialacháin.

27. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no rud atá orduithe no atá á ordú no a hordófar le rialacháin a dineadh fén Acht so, ach i ngach áit san Acht so ina dtagartar do sna rialacháin sin mar rialacháin atá á dhéanamh no a déanfar le toiliú an Aire Airgid ní déanfar iad gan an toiliú san.

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialachán san do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

Gearr-theideal agus luadh.

28. —Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1927 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

CEAD SCEIDEAL.

LEASUITHE AR AN bPRIOMH-ACHT.

Alt agus fo-alt den Phríomh-Acht.

Conus a leasuítear é.

Alt 1, fo-ailt (1), (2), agus (3).

(a) Tríd na focail “toisc gan é do bheith infheadhma a thuille do reir an dochtúra” do scrios amach as gach áit ina bhfuil na focail sin;

(b) Tríd na focail agus na figiúirí “agus roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923” do chur isteach i ndiaidh na bhfigiúirí agus na bhfocal “1922, no ina dhiaidh sin” i ngach áit ina bhfuil na figiúirí agus na focail sin.

Alt 1, fo-alt (4)

Tríd an bhfocal “amhlaidh” do scrios amach as an áit ina bhfuil an focal san, agus na focail “mar adubhradh” do scrios amach.

Alt 3, fo-alt (1).

(a) Tríd na focail agus na figiúirí “roimh an 1adh lá d'Abrán, 1922” do scrios amach agus na focail “agus é ag tabhairt seirbhíse uaidh in Oglaigh na hÉireann no in Arm Cathránach na hÉireann” do chur isteach ina n-ionad;

(b) Tríd na focail agus na figiúirí “agus roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923” do chur isteach i ndiaidh na bhfigiúirí “1922” sa dara háit ina bhfuil na figiúirí sin;

(c) Tríd na focail “toisc gan é do bheith infheadhma a thuille do réir an dochtúra” do scrios amach.

Alt 4, fo-alt (3).

Tríd na focail go léir o sna focail “maran rud é” go deire an fho-ailt do scrios amach agus na focail seo do chur ina n-ionad: “ach má dineadh ball de sna fórsaí den duine sin ní bheidh an pinsean san iníoctha in aghaidh ná ar son na tréimhse ina raibh no ina mbeidh sé ina bhall de sna fórsaí.”

Alt 4.

Tré fho-alt nua do chur isteach ag deire an ailt mar leanas:—

“(4) Aon phinsean créachta a deonfar do dhuine do créachtnuíodh agus é i mbun a dhualgais mar bhall d'Oglaigh na hÉireann an 1adh lá d'Abrán, 1922, no ina dhiaidh sin, tosnóidh sé ar dháta créachtnuithe an duine sin, ach má dineadh ball de sna fórsaí den duine sin ní bheidh an pinsean san iníoctha in aghaidh ná ar son na tréimhse ina raibh no ina mbeidh sé ina bhall de sna fórsaí.”

Alt 5, fo-alt (1).

Tríd an bhfo-alt do scrios amach agus tré fho-alt nua do chur isteach ina ionad, mar leanas:—

“(1) Féadfidh an tAire, o am go ham, le toiliú an Aire Airgid, pé fearaistí máinleagha agus fearaistí leagha is gá do sholáthar d'éinne dar deonadh pinsean créachta (buan no neambuan) no aisce fén Acht so agus socrú do dhéanamh i gcóir deisiú agus athnuachaint aon fhearaistí den tsórt san.”

Alt 5, fo-alt (2).

Tríd na focail “oifigeach no saighdiúir” do scrios amach as gach áit ina bhfuil na focail sin agus an focal “duine” do chur isteach ina n-ionad.

Alt 6, fo-alt (1)

Tríd na focail “oifigigh agus saighdiúirí” do scrios amach agus an focal “dhaoine” do chur isteach ina n-ionad.

Alt 6, fo-alt (2)

Tríd na focail “oifigeach ná d'aon tsaighdiúir” agus na focail “oifigeach no don tsaighdiúir” do scrios amach agus an focal “duine” do chur isteach ina n-ionad fé seach.

Alt 7, fo-alt (1)

Tríd na focail agus na figiúirí “agus roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923” do chur isteach i ndiaidh na bhfigiúirí agus na bhfocal “1922, no ina dhiaidh sin” i ngach áit ina bhfuil na figiúirí agus na focail sin.

Alt 7, fo-alt (1)

Tríd na focail “thrí bliana” do scrios amach as mír (b) agus na focail “cheithre bliana” do chur isteach ina n-ionad.

Alt 8, fo-alt (1).

(a) Tríd na focail agus na figiúirí “roimh an 1adh lá d'Abrán, 1922” do scrios amach as an gcéad áit agus as an dara háit ina bhfuilid agus na focail “agus é ag tabhairt seirbhíse uaidh in Oglaigh na hÉireann no in Arm Cathránach na hÉireann” do chur isteach ina n-ionad i ngach cás;

(b) Tríd na focail agus na figiúirí “agus roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1923” do chur isteach i ndiaidh na bhfigiúirí agus na bhfocal “1922, no ina dhiaidh sin.”

Alt 8, fo-alt (1)

Tríd na focail “laistigh de thrí bliana” do scrios amach agus na focail “laistigh de cheithre bliana” do chur isteach ina n-ionad.

Alt 8, fo-alt (2).

Tríd an bhfo-alt do scrios amach agus fo-alt nua do chur isteach ina ionad mar leanas:—

“(2) Gach liúntas a deonfar fén alt so tosnóidh sé an 1adh lá d'Abrán, 1922, no ar dháta bháis an té 'na mbeidh sé iníoctha mar gheall air, pe'ca dáta aca san is déanaí.”

Alt 11, fo-alt (1).

Tríd na focail “oifigeach no saighdiúir” agus “t-oifigeach no an saighdiúir” do scrios amach agus an focal “duine” do chur isteach ina n-ionad fé seach.

Alt 12, fo-alt (1).

Tríd an bhfo-alt do scrios amach agus fo-alt nua do chur isteach ina ionad mar leanas:—

“(1) Gach éinne a dhéanfidh, a shighneoidh, no a úsáidfidh aon fhaisnéis, iarratas, no ráiteas eile i scríbhinn agus a fhios aige é bheith bréagach, d'fhonn deona no íoc pinsin, liúntais, no aisce fén Acht so d'fháil do féin no d'éinne eile, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil nách mó ná cúig púint ar fhichid do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.”

Alt 13, fo-ailt (1), agus (2)

Tríd na focail “oifigeach ná saighdiúir” “oifigigh no saighdiúra” agus “oifigeach no don tsaighdiúir” do scrios amach agus an focal “duine” do chur isteach ina n-ionad fé seach.

Alt 13, fo-alt (2).

Tríd na focail “no aon chúiteamh a mholfidh an tAire Airgid ar mhola an Choiste um Dhíobháil Phearsanta” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “oifigigh no saighdiúra.”

 

Céad Sceideal

Tríd na focail agus na figiúirí seo do scrios amach:—

Díth méireanna uile an dá chos   ..

20

40

8/4

3

2

Agus na focail agus na figiúirí seo do chur isteach ina n-ionad —

Díth méireanna uile an dá chos   ..

30

60

12/7

4/6

3

DARA SCEIDEAL.

Scálaí de phinsin mhí-ábaltachta, de phinsin chréachta, agus de phinsin fhear pósta do dhaoine do scuireadh as na fórsaí roimh an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924.

Grád na díthe.

Oifigigh.

Saighdiúiri.

Pinsean mí-ábaltachta.

Pinsean fir phósta.

Pinsean mí-ábaltachta.

pinsean fir phósta.

Per cent.

Sa bhliain

Sa tseachtain.

Sa tseachtain.

Sa tseachtain.

100

£200

15s.

0d.

£2

2.

0.

10s.

90

£180

13s.

6d.

£1

17.

9s.

80

£160

12s.

0d.

£1

13.

7.

8s.

70

£140

10s

6d.

£1

9.

4.

7s.

60

£120

9s.

0d.

£1

5.

2.

6s.

50

£100

7s.

6d.

£1

1.

0.

5s.

40

£80

6s.

0d.

16.

9.

4s.

30

£60

4s.

6d.

12.

7.

3s.

20

£40

3s.

0d.

8.

4.

2s.

TRIU SCEIDEAL.

Scálaí de phinsin mhí-ábaltachta, de phinsin chréachta, agus de phinsin fhear pósta do dhaoine do scuireadh as na fórsaí an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1924, no dá éis sin.

CUID I.

OIFIGIGH.

Grád na díthe.

SCÁLA AN PHINSIN.

100 per cent.

60 per cent. den phágh bhliantúil ar dháta an scurtha.

  90  ,,    ,,

54  ,,    ,,     ,,    ,,          ,,       ,,    ,,     ,,       ,,

  80  ,,    ,,

48  ,,    ,,     ,,    ,,          ,,       ,,    ,,     ,,       ,,

  70  ,,    ,,

42  ,,    ,,     ,,    ,,          ,,       ,,    ,,     ,,       ,,

  60  ,,    ,,

36  ,,    ,,     ,,    ,,          ,,       ,,    ,,     ,,       ,,

  50  ,,    ,,

30  ,,    ,,     ,,    ,,          ,,       ,,    ,,     ,,       ,,

  40  ,,    ,,

24  ,,    ,,     ,,    ,,          ,,       ,,    ,,     ,,       ,,

  30  ,,    ,,

18  ,,    ,,     ,,    ,,          ,,       ,,    ,,     ,,       ,,

  20  ,,    ,,

12  ,,    ,,     ,,    ,,          ,,       ,,    ,,     ,,       ,,

Nota.—Ní fholuíonn “Págh Bliantúil” liúntaisí, ná págh breise ar son diúité shealadaigh no thástála no ghníomhathaigh.

An pinsean fir phósta is iníoctha le hoifigeach atá ag fáil pinsin fén Sceideal so agus 'na bhfuil teideal aige chun pinsin fhir phósta beidh sé do réir ráta £20 sa bhliain.

CUID II.

SAIGHDIUIRI.

An chéim le linn scurtha as na Fórsai. Grúpa.

Rátaí an Phinsin sa tseachtain do réir ghráid na díthe.

100%

90%

80%

70%

60%

50%

40%

30%

20%

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Saighdiúir Singil

I

26

0

23

5

20

10

18

2

15

7

13

0

10

5

7

10

5

2

Corporal

II

30

0

27

0

24

0

21

0

18

0

15

0

12

0

9

0

6

0

Sáirsint Ceathrú-Sháirsint Co.

III

34

0

30

7

27

2

23

10

20

5

17

0

13

7

10

2

6

10

Sáirsint Co. Ceathrú-Sháirsint Catha

IV

38

0

34

2

30

5

26

7

22

10

19

0

15

2

11

5

7

7

Maor-Sháirsint

V

42

0

37

9

33

7

  4

25

2

21

0

16

9

12

7

8

4

An pinsean fir phósta is iníoctha le saighdiúir atá ag fáil pinsin fén Sceideal so agus 'na bhfuil teideal aige chun pinsin fhir phósta beidh sé do réir chúig scillinge sa tseachtain.

CEATHRU SCEIDEAL.

Scála de Ghrádanna Mí-ábaltachta de dheascaibh Créacht.

An díobháil a dineadh

Grád na Díthe

per cent.

Díth dá ghéag no breis

..

..

..

..

100

Díth an dá lámh no díth méireanna agus ordóga uile

na lámh

..

..

..

..

..

..

,,

Díth iomlán radharc na súl

..

..

..

..

,,

Créachta, gortuithe, no a dtortha a fhágann duine

nách féidir leis corraí as a leabaidh

..

..

,,

Créachta in orgáin inmheánacha, uchta no builg no gortuithe dhóibh a fhágann duine ina bhuan-mhair-

tíneach ar fad

..

..

..

..

..

,,

Pairílis orgánach iomlán o chréachta no o ghortuithe

don inchinn no do shnáth an droma

..

..

,,

Díth géige láimhe agus súile

..

..

..

..

90

Díth géige coise agus súile

..

..

..

..

,,

Díth láimhe agus coise

..

..

..

..

,,

Díth géige láimhe ón ngualainn

..

..

..

,,

Díth an dá chos

..

..

..

..

..

80

Teasca géige coise ag an gcromán no fén gcromán, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná cúig órlach má tomhastar é o bharr an tróchanteura mhóir; teasca na lámh-ghéige deise fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná sé órlach má tomhastar é o bharr an acrómíon; no teasca na lámh-ghéige clé

ón ngualainn

..

..

..

..

..

..

,,

Teasca géige coise fén gcromán, ach gur fágadh stúmpa is sia n á cúig órlach má tomhastar é o bharr an tróchanteura mhóir, agus ná téigheann fé bhun lár na ceathrún; teasca na lámh-ghéige clé fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná sé órlach má tomhastar é o bharr an acrómíon; no teasca na lámh-ghéige deise fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná sé órlach, má tomhastar é o bharr an acrómíon, ón uilinn, no fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná sé órlach má tomhastar

per cent.

é o bharr an olecranoin

..

..

..

..

70

Teasca géige coise fé lár na ceathrún, ón nglúin, no fén nglúin, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná ceithre órlach; teasca na lámh-ghéige clé fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná sé órlach má tomhastar é o bharr an acrómíon, ón uilinn, no fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná cúig órlach má tomhastar é o bharr an olecranoin; no teasca na lámh-ghéige deise fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná cúig órlach

má tomhastar é o bharr an olecranoin

..

..

..

..

60

Teasca géige fén nglúin, ach gur fágadh stúmpa is sia ná céithre órlach; no teasca na láimhe clé fén uilinn ach gur fágadh stúmpa is sia ná cúig órlach

má tomhastar é o bharr an olecranoin

..

..

50

Díth súile, de dheascaibh créachta grán-ghunna no

gortú

..

..

..

..

..

..

40

Díth ordóige no cheithre méireanna na láimhe deise

..

40

Díth ordóige no cheithre méireanna na láimhe clé

no díth trí méireanna ar an láimh dheis

..

..

30

Oibriú Lisfranc ar chois

..

..

..

..

30

Díth méireanna uile an dá chos

..

..

..

30

Díth dhá mhéir, ar láimh

..

..

..

..

20

Díth méireanna uile aon choise amháin

..

..

20

Nota.I gcás daoine a deimhnítear a bheith ina gciotóga beidh an cúiteamh as díth lámh-ghéige clé, láimhe clé, etc., díreach mar an gcúiteamh a híocfar as díth lámh-ghéige deise, láimhe deise, etc., agus vice versa.

CUIGIU SCEIDEAL.

Cúram daoine go bhféadfar Aiscí do dheona dhóibh no do roinnt ortha.

CUID I.

OIFIGIGH.

1. Baintreach.

2. Mic fé bhun 18 mbliana agus ingheana fé bhun 21 bliain.

3. (a) Máthair.

(b) Athair os cionn 60 bliain no fé mhí-chumas bhuan tré dhroch-shláinte.

(c) Dritháireacha agus drifeuracha atá fé mhí-chumas bhuan tré dhroch-shláinte.

(d) Aithreacha móra agus máithreacha móra.

4. Dritháireacha fé bhun 18 mbliana agus drifeuracha fé bhun 21 bliain.

CUID II.

SAIGHDIUIRI.

1. Baintreach.

2. Mic fé bhun 16 mbliana agus ingheana fé bhun 18 mbliana.

3. (a) Máthair.

(b) Athair os cionn 60 bliain no fé mhí-chumas bhuan tré dhroch-shláinte.

(c) Dritháireacha agus drifeuracha atá fé mhí-chumas bhuan tré dhroch-shláinte.

(d) Aithreacha móra agus máithreacha móra.

4. Dritháireacha fé bhun 16 mbliana agus drifeuracha fé bhun 18 mbliana.

SEU SCEIDEAL.

LIUNTAISI DO CHURAM DAOINE.

CUID I.

OIFIGIGH.

1. Baintreach

...

...

£90 sa bhliain le linn baintreachais agus aisce £120 an chéad uair eile a phósfa sí.

2. Gach mac fé bhun 18

(a) Leo beo a mháthar, £24 sa

mbliana

...

...

bhliain.

(b) Tar éis bháis a mháthar, £40 sa bhliain.

3. Gach inghean fé bhun

(a) Le beo a máthar, £24 sa

21 bhliain

...

...

bhliain.

(b) Tar éis bháis a máthar, £40 sa bhliain.

4. Gach duine cloinne atá 12 bhliain no os a chionn san, agus atá

Aisíoc an méid a crúthofar a caitheadh go riachtanach agus go ceart ar tháillí oideachais, ach gan é do

fé bhun 18 mbliana

..

dhul thar £35 in aon bhliain chaileandair áirithe.

5. (a) Máthair

...

...

Aon liúntas amháin do réir £1 sa

(b) Athair os cionn 60 bliain no fé mhíchumas tré dhrochshláinte.

tseachtain. Má bhíonn beirt no níos mó dá leithéidí ann, ní bheidh ach aon liúntas amháin le n'íoc agus san le pé duine dhíobh a

(c) Dritháir no drifiúr atá ina bhuanbhreoiteachán.

ordóidh an tAire Cosanta.

(d) Aithreacha móra agus máithreacha móra.

6. Gach dritháir fé bhun 18 mbliana agus gach drifiúr fé bhun 21 bliain.

Liúntas 7s. 6d. sa tseachtain, ach ní raghaidh iomlán na liúntaisí fén alt so thar £1 sa tseachtain i gcás aon oifigigh áirithe, agus ní bheidh aon liúntas iníoctha fén alt so in aon chás ina bhfuil aon liúntas iníoctha fé aon cheann de sna hailt sin roimhe seo.

7. I gcás oifigeach d'fhágaint dílleachtaithe fé chúram éinne de sna daoine a luaidhtear in Alt 5 den Sceideal so agus atá ina chúram air, ní raghaidh iomlán na liúntaisí is iníoctha i dtaobh an duine sin agus na ndílleachtaithe sin (lasmuich den liúntas a bheidh, má bhíonn sé, iníoctha fé Alt 4) ní ragha sé thar méid na liúntaisí go léir a bheadh íníoctha fé ailt 1 agus 2 le linn baintreachais na baintrí dá bhfágfadh an t-oifigeach baintreach ina dhiaidh.

8. Ní bheidh aon liúntas iníoctha le haon duine fé sna forálacha san roimhe seo den Sceideal so mara raibh lán-chúram an duine sin, ar dháta báis an oifigigh 'na mbeidh an liúntas á éileamh mar gheall air, ar an oifigeach san.

9. I gcás oifigeach d'fhágaint daoine a bhí ina leath-chúram air ní deonfar aon liúntaisí do sna daoine sin, ach i gcásanna gátair no i gcásanna speisialta eile féadfar aisce no aiscí do dheona do gach duine no d'aon chuid dá leithéidí sin. Ní raghaidh thar £150 méid iomlán na n-aiscí a deonfar fén alt so mar gheall ar aon oifigeach áirithe.

10. I gcás aon duine 'na raibh a lán-chúram no a leath-chúram ar bhreis agus éinne amháin de dhaoine atá marbh, ní bhfuighfidh eisean, mar gheall ar na daoine sin atá marbh, liúntaisí ná aisce 'na raghaidh a n-iomlán thar an liúntas maximum dob fhéidir a dheona dho fén Sceideal so mar gheall ar éinne amháin áirithe de sna daoine sin atá marbh. Sa chlás so foluíonn an focal “daoine atá marbh” oifigigh atá marbh chó maith le saighdiúirí atá marbh.

CUID II.

SAIGHDIUIRI.

1. Baintreach      ...      ...

17s. 6d. sa tseachtain le linn baintreachais agus aisce £45 10s. 0d. an chéad uair eile a phósfa sí.

2. Clann atá fé bhun 16 mbliana más clann mhac iad, no fé bhun 18 mbliana más clann inghean iad.

(a) Le beo a máthar, 5s. sa tseachtain in aghaidh na céad-gheine agus 3s. 6d. in aghaidh gach geine eile.

(b) Tar éis bháis a máthar 8s. 6d. sa tseachain in aghaidh gach geine.

3. Gach duine cloinne atá 12 bhliain, no os a chionn san, agus atá fé bhun 18 mbliana.

Aisíoc an méid a cruthófar a caitheadh go riachtanach agus go ceart ar tháillí oideachais, ach gan é do dhul thar £35 in aon bhliain chaileandair áirithe, má soláthruítear fianaise a chuirfidh ina luighe ar an Aire go dtairfeodh leanbh saighdiúra d'oideachas is aoirde ná an t-oideachas a tugtar i mBunscoileanna agus go ndeabhródh an scéal gur chaill sé an t-oideachas san tré bhás a athar.

4. (a) Máthair      ...      ...

(b) Athair os cionn 60 bliain no fé mhíchumas tré dhrochshláinte.

(c) Drítháir no drifiúr atá ina bhuanbhreoiteachán.

(d) Aithreacha móra agus máithreacha móra.

Aon liúntas amháin do réir 15s. sa tseachtain. Má bhíonn beirt no níos mó dá leithéidí ann, ní bheidh ach aon liúntas amháin le n'íoc, agus íocfar an liúntas san le pé duine dhíobh a ordóidh an tAire Cosanta.

5. Gach dritháir fé bhun 18 mbliana agus gach drifiúr fé bhun 21 bliain.

Liúntas 5s. sa tseachtain; agus ní raghaidh iomlán na liúntaisí fén alt so thar 15s. sa tseachtain i gcás aon tsaighdiúra áirithe. Ní bheidh aon liúntas iníoctha fén alt so in aon chás ina bhfuil aon liúntas iníoctha fé aon cheann de sna hailt sin roimhe seo.

6. I gcás saighdiúra d'fhágaint dílleachtaithe fé chúram duine dá luaidhtear in alt 4 den Sceideal so agus atá ina chúram air, ní raghaidh iomlán na liúntaisí is iníoctha i dtaobh an duine sin agus na ndílleachtaithe sin ní ragha sé thar méid na liúntaisí go léir a bheadh iníoctha fé ailt 1 agus 2 le linn baintreachais na baintrí dá bhfágfadh an saighdiúir baintreach ina dhiaidh.

7. Ní bheidh aon liúntas iníoctha le haon duine fé sna forálacha san roimhe seo den Sceideal so mara raibh lán-chúram an duine sin, ar dháta báis an tsaighdiúra 'na mbeidh an liúntas á éileamh mar gheall air, ar an saighdiúir sin.

8. I gcás saighdiúir d'fhágaint daoine a bhí ina leath-chúram air ní deonfar aon liúntaisí do sna daoine sin, ach i gcásanna gátair no i gcásanna speisialta féadfar aisce no aiscí do dheona do gach duine no d'aon chuid dá leithéidí sin. Ní raghaidh thar £100 méid iomlán na n-aiscí a deonfar fén alt so mar gheall ar aon tsaighdiúir áirithe.

9. I gcás aon duine 'na raibh a lán-chúram no a leath-chúram ar bhreis agus éinne amháin de dhaoine atá marbh, ní bhfuighfidh eisean, mar gheall ar na daoine sin atá marbh, liúntaisí ná aiscí 'na raghaidh a n-iomlán thar an liúntas maximum dob fhéidir a dheona dho fén Sceideal so mar gheall ar éinne amháin áirithe de sna daoine sin atá marbh. Sa chlás so, foluíonn an focal “daoine atá marbh” oifigigh atá marbh chó maith le saighdiúirí atá marbh.

SEACHTU SCEIDEAL.

LIUNTAISI DO CHURAM DAOINE.

CUID I.

OIFIGIGH.

1. Baintreach dhara lefteanant, lefteanant no

chaptaein

...

£60 sa bhliain le linn baintrea chais.

,,              mhaoir no

cheannphuirt

£90       ,,          ,,        ,,

,,           chornail no

oifigigh is

aoirde céime

ná san

...

£120      ,,         ,,       ,,

2. Baintreach oifigigh (d'aon

chéim)

...

...

£120 d'aisce an chéad uair eile a phósfa sí.

3. Clann fé bhun 18 mbliana

(a) Le beo a máthar, £16 sa bhliain do gach duine cloinne, ach ní ragha sé thar £64 ar fad sa bhliain do chloinn aon oifigigh áirithe;

(b) Tar éis bháis a máthar, £30 sa bhliain do gach duine cloinne.

4. Clann os cionn 11 bhliana agus fé bhun 18 mbliana

 

Aisíoc an méid a cruthófar a caitheadh go riachtanach agus go ceart ar tháillí oideachais, ach ní ragha sé thar £30 in aon bhliain chaileandair áirithe d'aon duine cloinne áirithe. Breis leis an liúntas a luaidhtear ag Uimh. 3 isea an liúntas so.

CUID II.

SAIGHDIUIRI.

1. Baintreach

...

...

12s. 6d. sa tseachtain le linn baintreachais.

,,

...

...

Aisce £50 an chéad uair eile a phósfa sí.

2. Clann fé bhun 18 mbliana

(a) Le beo a máthar, 4s. sa tseachtain do gach duine cloinne, ach ní ragha sé thar 16s. ar fad sa tseachtain do chloinn aon tsaighdiúra áirithe.

(b) Tar éis bháis a máthar, 8s. sa tseachtain do gach duine cloinne.