42 1926


Uimhir 42 de 1926.


ACHT CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA (COMHACHTA OCÁIDEACHA), 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA AGUS CHUN COSANTA PEARSAN AGUS MAOINE LE LINN STRUS-ÓCÁIDÍ NÁISIÚNTA AGUS I gCÓIR NITHE BHAINEAS LEIS NA CÚRSAÍ SIN.

[19adh Mí na Samhna, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Furogra Strus-Ocaide.

Furógra strusócáide náisiúnta.

1. —(1) Má sé tuairim na hArd-Chomhairle aon uair strusócáid náisiúnta do bheith tar éis eirithe agus í bheith de shaghas go bhfuil sé oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht forálacha Cuid II. den Acht so do chur i bhfeidhm, féadfidh an Ard-Chomhairle a fhaisnéis le furógra go bhfuil strus-ócáid náisiúnta ann.

(2) Ní fhanfidh furógra a déanfar fén Acht so i bhfeidhm ach ar feadh ráithe (mara mbuanuítear fén alt so é) agus ragha sé in éag ansan, ach féadfar o am go ham aon fhurógra den tsórt san do chimeád i bhfeidhm ar feadh ráithe tríd an Ard-Chomhairle do dhéanamh furógra roimh dhul in éag don fhurógra bhunaidh no don bhuanú dheiridh air.

(3) Más rud é, aon uair a déanfar furógra fén Acht so (pe'ca furógra bunaidh no furógra chun buanuithe é), go mbeidh an tOireachtas no aon Tigh den Oireachtas curtha ar athló go dtí lá agus uair is déanaí ná cúig lá tar éis an furógra do bheith déanta, déarfidh agus déanfidh an furógra an tOireachtas no an Tigh sin den Oireachtas (pe'ca aca é) do ghairm chun teacht le chéile arís ar uair oiriúnach a luadhfar sa bhfurógra agus ar lá oiriúnach a luadhfar ar an gcuma gcéanna agus a bheidh trí lá ar a laighead no cúig lá ar a mhéid tar éis an furógra do bheith déanta, agus i ngach cás den tsórt san tiocfidh an tOireachtas no an Tigh sin den Oireachtas, pe'ca aca é, le chéile arís an lá agus an uair a luadhfar amhlaidh fé is dá mbeadh sé curtha ar athló go dtí an lá agus an uair sin.

(4) Gach furógra a déanfar fén alt so foillseofar láithreach san Iris Oifigiúil é agus fós leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag ceiliúra an fhurógra san, raghaidh an furógra san in éag láithreach ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén bhfurógra san.

Eifeacht an fhurógra.

2. —(1) Pé uair agus gach uair a dhéanfidh an Ard-Chomhairle furógra strus-ócáide náisiúnta fén Acht so, ansan tiocfidh Cuid II. den Acht so agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht so i bhfeidhm láithreach agus fanfid i bhfeidhm faid a fhanfidh no a cimeádfar furógra dá leithéid i bhfeidhm agus, nuair a raghaidh furógra dá leithéid in éag sa deire, stadfidh Cuid II. den Acht so agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht so láithreach de bheith i bhfeidhm.

(2) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag Cuid II. den Acht so agus ag an Sceideal a ghabhann leis an Acht so ach amháin mar agus nuair a foráltar san leis an alt so.

CUID II.

Foralacha Ocaideacha.

Féadfidh Aire den Ard-Chomhairle a chur fé ndeár daoine áirithe do ghabháil agus do choinneáil.

3. —Beidh sé dleathach d'Aire den Ard-Chomhairle a chur fé ndeár go ngabhfar agus, fé réir forálacha an Achta so, a ordú go gcoinneofar i gcimeád in aon áit i Saorstát Éireann éinne go ndeimhneoidh an tAire sin i scríbhinn ina thaobh gur deimhin leis go bhfuil cúis réasúnta le hamhras go bhfuil no go raibh an duine sin ag déanamh no páirteach i ndéanamh aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Féadfidh oifigeach freagarthach daoine áirithe do ghabháil.

4. —(1) Beidh sé dleathach d'oifigeach fhreagarthach gabháil agus coinneáil i gcimeád ar feadh aon tréimhse nách sia ná seachtain do dhéanamh ar éinne a gheobhfar ag déanamh aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so no ag tabhairt fé n-a dhéanamh no 'na mbeidh amhras ag an oifigeach san go bhfuil sé tar éis é dhéanamh, agus chun aon ghabháil den tsórt san do dhéanamh beidh sé dleathach do dul isteach agus cuardach do dhéanamh in aon áitreabh in ar b'eol no ina meastar le réasún éinne den tsórt san do bheith.

(2) Beidh sé dleathach d'Aire den Ard-Chomhairle, fé réir forálacha an Achta so, a ordú go gcoinneofar i gcimeád in aon áit i Saorstát Éireann éinne a gabhfar fén alt so agus 'na ndeimhneoidh an tAire sin i scríbhinn ina thaobh gur deimhin leis go bhfuil cúis réasúnta le hamhras go bhfuil no go raibh an duine sin ag déanamh no páirteach i ndéanamh aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) I gcás éinne do ghabháil fén alt so mara ndinidh Aire den Ard-Chomhairle ordú fén alt so chun é do choinneáil déanfar, ar dháta nách déanaí ná seachtain tar éis a ghabhála, an duine sin do leigint saor, no é do chúiseamh i gcionta no i gciontaí dhíobh san a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so no in aon chionta no ciontaí eile agus deighleáil leis do réir dlí, agus chuige sin, más i gcimeád mileata dho, cuirfar i gcimeád síbhialta é.

Dul isteach i dtigh comhnaithe chun gabháil do dhéanamh.

5. —In aon chás ina mbeidh cúis réasúnta ag oifigeach freagarthach d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann chun a cheapa go mbeidh sé riachtanach dul isteach i dtigh comhnaithe chun gabháil do dhéanamh a bheidh aige le déanamh fén Acht so, beidh sé de dhualgas ar an oifigeach san, más féidir le réasún é dhéanamh, a shocrú go mbeidh ball den Ghárda Síochána i láthair agus an dul-isteach san á dhéanamh, agus déanfidh an tAire Cosanta agus an tAire Dlí agus Cirt pé socruithe is gá no is maith chun na críche sin.

Comhairlí Athchomhairc do bhunú.

6. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis gach ócáide ar a dtiocfidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm bunóidh Aire den Ard-Chomhairle Comhairle no Comhairlí Athchomhairc agus gach ceann acu có-dhéanta de thriúir ball ar a laighead, agus beidh ortha san abhcóide no atúrnae atá ag cleachta a ghairme agus seasamh cúig mblian ar a laighead aige no atá no a bhí ina Bhreacthóir no ina Bhreitheamh Chúirte Contae in Éirinn no ina Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda, no den Chúirt Dúithche.

(2) Féadfar pé táillí no luach saothair a cheapfidh an tAire Airgid d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le haon bhall de Chomhairle Athchomhairc ná faghann luach saothair as cistí puiblí.

(3) Einne a coinneofar i gcimeád fén Acht so, pe'ca fé ordú a dhin Aire den Ard-Chomhairle é no fé ordú a dhin na húdaráis mhileata, féadfa sé, ar an gcuma orduithe, a iarraidh go ndéanfidh Comhairle Athchomhairc fiosrú i dtaobh abhar a choinneála, agus leis sin déanfidh an Chomhairle sin chó luath agus is féidir é fiosrú ar an gcuma orduithe i gcás an duine sin agus tabharfid tuairisc don Aire sin den Ard-Chomhairle sa bhfuirm orduithe ar thora an fhiosruithe sin.

(4) Nuair a bheidh aon fhiosrú á dhéanamh fén alt so tabharfar don Chomhairle Athchomhairc na tuairiscí no na deimhnithe go bhfuiltar, dá mbua, ag coinneáil an duine go bhfuil an fiosrú á dhéanamh ar a chás.

(5) Nuair a gheobhaidh a leithéid sin d'Aire den Ard-Chomhairle o Chomhairle Athchomhairc tuairisc adeir ná fuil aon chúis réasúnta le hamhras gur dhin an duine atá i gcoinneáil aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná le hamhras go raibh sé á dhéanamh no páirteach ina dhéanamh, déanfa sé, laistigh de mhí tar éis do an tuairisc d'fháil, a ordú go leigfar saor é maran rud é—

(a) go gcuirfe sé an tuairisc thar n-ais chun na Comhairle Athchomhairc chun tuille fianaise do bhreithniú, no

(b) go gcúiseofar an duine in aon chionta is inphionósuithe le príosúntacht.

(6) Déanfidh Aire den Ard-Chomhairle rialacháin i gcóir Comhairlí Athchomhairc d'fheidhmiú na bhfeidhmeanna a forchuirtar ortha leis an alt so, agus i ngach áit ina n-úsáidtear an focal “orduithe” san alt so cialluíonn sé orduithe leis na rialacháin sin.

(7) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann aon Tigh de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leagtha an rialacháin sin fé n-a bhráid, rún do rith chun an rialachán san do chur ar nea-mbrí beidh an rialachán san gan brí dá réir-sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a bheidh déanta fé cheana féin.

Féadfar bannaí a ghlaca o dhaoine a leigfar saor.

7. —(1) Aon uair a bheidh Aire den Ard-Chomhairle ar aigne éinne a gabhadh no atá á choinneáil fén Acht so do leigint saor féadfidh an tAire coiníoll do chur leis an leigint-saor san go raghaidh an duine sin agus beirt uraí fiach-acfuinneacha ina theanta i mbannaí i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche i pé suim le n-a n-aontóidh an tAire agus isé coiníoll a bheidh sna bannaí sin ná an duine roimhráite do bheith dea-iompartha agus síochánta ar feadh pé tréimhse, nách sia ná trí bliana, a cheapfidh an tAire roimhráite.

(2) Na hachtacháin uile agus fé seach a bhaineann le bannaí a tógtar i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche chun bheith dea-iompartha agus síochánta, bainfid le tógaint, le fuirm, agus le feidhmiú bannaí agus le bannaí do bhaint amach d'fhonn a bhfeidhmithe fén alt so agus regleálfar na nithe sin leo.

Féadfidh Aire den Ard-Chomhairle rialacháin do dhéanamh.

8. —(1) Féadfidh Aire den Ard-Chomhairle rialacháin do dhéanamh—

(a) ag luadh na bpríosún agus na n-áiteanna eile ina bhféadfar daoine i gcimeád fén Acht so do choinneáil;

(b) chun na háiteanna san nách príosúin do bhainistí, do chimeád sláintiúil, do stiúra agus do ghárdáil go héifeachtúil;

(c) chun smacht do chur i bhfeidhm agus do chimeád imeasc na ndaoine i gcoinneáil amhlaidh;

(d) chun aire liaigiúil, mháinliaigiúil agus bhanaltrais do thabhairt do sna daoine i gcoinneáil amhlaidh;

(e) chun na háiteanna san (nách príosúin) d'iniúcha agus chun na daoine a bheidh á gcoinneáil ionta do bheith á bhfiosrú ag daoine freagarthacha a ceapfar ag Aire den Ard-Chomhairle agus a chó-líonfidh na feidhmeanna san gan luach saothair d'fháil;

(f) chun aon daoine den tsórt san do chosc ar éaló agus chun údarás do thabhairt chun gach cuardach agus fiosrú do dhéanamh a bheidh riachtanach do réir réasúin chun na críche sin;

(g) ag ordú no ag socrú i dtaobh aon ruda no éinní eile a bhaineann le coinneáil na ndaoine sin fén Acht so do dhéanamh éifeachtúil.

Míniú ar “oifigeach freagarthach.”

9. —San Acht so, cialluíonn an focal “oifigeach freagarthach” oifigeach den Ghárda Síochána no aon bhall den Ghárda Síochána a gheobhaidh údarás fé leith ón oifigeach san, no oifigeach d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann nách ísle céim ná ceannphort agus féadfidh an tAire Cosanta in aon chás áirithe comhacht speisialta do thabhairt don oifigeach san chun a chomhachta fén Acht so do leigint chun aon bhaill d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann, nách ísle céim ná sáirsint, ach thairis sin i gcásanna ina ndéanfar, le hordú o dhuine go bhfuil an chomhacht san aige, fórsa mileata do chur chun aon duine no daoine do ghabháil, tuigfar i gcás den tsórt san na comhachta a deontar leis an Acht so do bheith ag gach ball den fhórsa san.

CUID III

Gearr-theideal.

10. —Féadfar an tAcht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1926 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

1. Daoine do ghríosú chun tabhairt fé fhuirm bhunuithe Rialtas Shaorstáit Éireann do bhrise le fóiréigean no aon iarracht den tsórt san d'ullamhú no, ar aon tslí eile, cabhair no misneach do thabhairt dá leithéid d'iarracht.

2. Aon oifigeach do Rialtas Shaorstáit Éireann do mhealla, no tabhairt fé n-a mhealla, go nea-dhleathach, chun diúltú dá dhualgas mar oifigeach den tsórt san do chólíona no chun é leigint i bhfuaire no i bhfaillí.

3. Seilbh gan údarás dleathach ar—

(a) aon arm teine marathach no arm d'aon tsaghas eile as a bhféadfaí aon urchar, pileur no teilgeán eile do chaitheamh; no

(b) aon amuinisean d'aon arm teine no arm eile den tsaghas san; no

(c) aon ghranád, búmba no teilgeán eile den tsórt san, pe'ca is féidir é d'úsáid le haon arm teine no arm eile den tsaghas san no nách féidir; no

(d) aon phléascán talmhan no inneal pléascach eile den tsaghas san; no

(e) aon dynamite, gelignite no substaint phléascach eile; no

(f) aon fhíorchuid no táthchuid d'aon earra no substaint den tsórt san roimhráite.

4. Seilbh gan údarás dleathach ar aon bhall éadaigh, treallaimh no feistis no ar aon airm no amuinisean is le haon bhall no a tugadh amach d'aon bhall d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann.

5. Duine do chur no do ghabháil éide no aon chuid d'éide aon bhrainse d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann uime gan údarás dleathach.

6. Duine do thabhairt ainm, teideal no comharthaí aon chéime, no aon bhaill, d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann air féin chun aon ghníomh do dhéanamh no d'fháil déanta ná beadh an té a thug air féin an ainm, an teideal no na comharthaí sin i dteideal do réir dlí chun é dhéanamh ná chun é d'fháil déanta as a údarás féin.

7. Dul isteach agus seilbh do chimeád go héagcórach ar thalamh gan dath ná deabhramh teidil ná údaráis.

8. Robáil fé arm; sé sin le rá, duine do dhéanamh robála no iarracht ar robáil agus é armtha le héinní atá no a dheabhruíonn a bheith ina arm no ina inneal troda.

9. Dógha; sé sin le rá, teine do thabhairt no iarracht ar theine do thabhairt, go nea-dhleathach, d'aon tigh, monarcha, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no d'aon mhaoin talmhaíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no d'aon mhaoin d'aon tsórt no saghas, so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás.

10. Díobháil no scrios, no iarracht ar dhíobháil no scrios, do dhéanamh go nea-dhleathach ar aon tigh, monarca, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no ar aon mhaoin talmh aíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no ar aon mhaoin d'aon tsórt no saghas, so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás.

11. Cuir-isteach no cosc do dhéanamh, go nea-dhleathach, ar aon talamh no áitreabh do shealbhú no d'úsáid go dleathach no ar thairfe do bhaint as go dleathach.

12. Bac do chur, no iarracht ar bhac do chur, ar riara cirt.

13. Cabhrú le héinne, é ghríosú, cuidiú leis no é mhisniú, no cogar do dhéanamh, chun aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal so do dhéanamh, no cabhrú chun éinne atá ciontach in aon chionta den tsórt san do chur i bhfolach no chun é do dhul saor, agus san go feasach.

14. Aon ghníomh gur tréasún no ceilt tréasúin no feleontacht no mí-iompar fén Acht um Chiontaí Tréasúnta, 1925 (Uimh. 18 de 1925) no dá bhua é do dhéanamh.