37 1926


Uimhir 37 de 1926.


ACHT NA gCOISTÍ DHÁRÉAG (BAILE ÁTHA CLIATH), 1926.


ACHT CHUN A SHOCRÚ GO nDÉANFAR GACH CÚIS A TRIAILFAR LE COISTE DHÁRÉAG I gCATHAIR NO I gCONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH DO THRIAIL LE COISTE AS AINMLIOST A BHEIDH CÓ-DHÉANTA GO LEATHRANNACH DE CHOISTEÓIRÍ Ó CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS GO LEATHRANNACH DE CHOISTEÓIRÍ Ó SNA BAILECHEANNTAIR I gCONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS CHUN A CHEADÚ DO CHOISTE DEN tSÓRT SAN SCARÚINT Ó CHÉILE I gCÁSANNA ÁIRITHE FELEONTACHTA.

[28adh Iúl, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “fo-shirriam na cathrach” fo-shirriam chathair Bhaile Atha Cliath, agus

cialluíonn an focal “fo-shirriam na contae” fo-shirriam chontae Bhaile Atha Cliath.

Chun ainmliostaí de choisteoirí do chur le chéile.

2. —(1) D'ainneoin éinní atá san Acht so leanfa sé de bheith de dhualgas ar fho-shirriam na cathrach agus ar fho-shirriam na contae fé seach précheapt d'iarraidh chun coisteoirí do ghairm agus liost díobh do chur isteach ar na hócáidí céanna agus ar an slí gcéanna ar a ndintí roimhe seo é, ach an précheapt a tabharfar amach do réir aon iarratais den tsórt san o cheachtar den dá fhoshirriam san díreofar chun an dá fho-shirriam san é agus tabharfar cóip den phrécheapt san do pé duine de sna fo-shirriam sin nár iarr an précheapt no cuirfar chuige í.

(2) Déarfar i ngach précheapt a tabharfar amach fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so go n-éilíonn sé agus oibreoidh sé chun a éileamh ar fho-shirriam na cathrach agus ar fho-shirriam na contae go ndéanfidís le chéile leor-uimhir de choisteoirí speisialta agus de choisteoirí comónta no de choisteoirí speisialta no de choisteoirí comónta (pe'ca aca is gá sa chás) do ghairm agus liost díobh do chur isteach sa tslí a horduítear leis an Acht so chun na gcrícheanna a luaidhtear sa phrécheapt san.

(3) Nuair a gheobhaidh fo-shirriam na cathrach agus foshirriam na contae précheapt no cóip de phrécheapt (pe'ca aca é) a tugadh amach fén alt so raghaid i gcomhairle le n-a chéile agus aontóid le n-a chéile i dtaobh an méid coisteoirí speisialta (más ann dóibh) agus an méid coisteoirí comónta (más ann dóibh) a gairmfar agus 'na gcuirfar isteach liost díobh do réir an phrécheapta san.

(4) Má éilítear leis an bprécheapt san aon choisteoirí speisialta do ghairm agus liost díobh do chur isteach, toghfidh fo-shirriam na cathrach amach as leabhar coisteoirí speisialta chathair Bhaile Atha Cliath ansan, sa tslí atá i bhfeidhm go dtí so, oiread ainmneacha agus is có-ionann le leath an méid coisteoirí speisialta ar ar hontuíodh amhlaidh mar adubhradh agus san am gcéanna toghfidh fo-shirriam na contae an oiread chéanna ainmneacha amach as leabhar coisteoirí speisialta chontae Bhaile Atha Cliath sa tslí atá i bhfeidhm go dtí so ach, ag togha amach na n-ainmneacha san do, geobhaidh fo-shirriam na contae thar ainm gach duine ná fuil a sheola in aon bhailecheanntar dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus déanfidh na foshirriaim sin ansan, sa tslí atá i bhfeidhm go dtí so no chó geairid di agus is caothúil dóibh, na hainmneacha uile do thoghdar amach fé seach amhlaidh do chur ar aon ainmliost amháin de choisteoirí speisialta.

(5) Má éilítear leis an bprécheapt san aon choisteoirí comónta do ghairm agus liost díobh do chur isteach, toghfidh fo-shirriam na cathrach amach as leabhar coisteoirí generálta chathair Bhaile Atha Cliath ansan, sa tslí atá i bhfeidhm go dtí so, oiread ainmneacha agus is có-ionann le leath an méid coisteoirí comónta ar ar haontuíodh amhlaidh mar adubhradh agus san am gcéanna toghfidh fo-shirriam na contae an oiread chéanna ainmneacha amach as leabhar coisteoirí generálta chontae Bhaile Atha Cliath sa tslí atá i bhfeidhm go dtí so ach, ag togha amach na n-ainmneacha san do, geobhaidh fo-shirriam na contae thar ainm gach duine ná fuil a sheola in aon bhailecheanntar dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus déanfidh na foshirriaim sin ansan, sa tslí atá i bhfeidhm go dtí so no chó geairid di agus is caothúil dóibh, na hainmneacha uile do thoghdar amach fé seach amhlaidh do chur ar aon ainmliost amháin de choisteoirí comónta.

(6) Ansan cuirfidh na fo-shirriam có-liost isteach mar fhreagra ar an bprécheapt san agus tríd sin cuirfid isteach an t-aon ainm liost amháin (más ann do) de choisteoirí speisialta agus an t-aon ainmliost amháin (más ann do) de choisteoirí comónta d'ullamhuíodar amhlaidh mar adubhradh.

(7) Na coisteoirí go mbeidh a n-ainmneacha ar ainmliost a bheidh curtha isteach fén alt so, déanfidh fo-shirriam na cathrach an chuid acu gur toghadh a n-ainmneacha amach as leabhar coisteoirí do chathair Bhaile Atha Cliath agus déanfidh foshirriam na contae an chuid acu gur toghadh a n-ainmneacha amach as leabhar coisteoirí do chontae Bhaile Atha Cliath do ghairm chun teacht i láthair agus fónamh i gcúirt.

Cáilíocht agus ionghlaoiteacht choisteoirí.

3. —(1) Gach éinne a bheidh de thurus na huaire cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir speisialta i gcathair Bhaile Atha Cliath agus gach éinne a bheidh de thurus na huaire cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir speisialta i gcontae Bhaile Atha Cliath agus gur i mbailecheanntar dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bheidh a sheola do réir mar a bheidh sé curtha síos i leabhar coisteoirí speisialta chontae Bhaile Atha Cliath, beid cáilithe chun a ngairmthe agus chun a gcurtha isteach agus ionghairmthe agus ionchurtha isteach, ar aon ainmliost de choisteoirí speisialta a cuirfar isteach fén Acht so, agus beid cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh ar aon choiste dháréag a glaodhfar o sna coisteoirí a hainmnítear ar an ainmliost san.

(2) Gach éinne a bheidh de thurus na huaire cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir chomónta i gcathair Bhaile Atha Cliath agus gach éinne a bheidh de thurus na huaire cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh mar choisteoir chomónta i gcontae Bhaile Atha Cliath agus gur i mbailecheanntar dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so a bheidh a sheola do réir mar a bheidh sé curtha síos i leabhar coisteoirí generálta chontae Bhaile Atha Cliath, beid cáilithe chun a ngairmthe agus chun a gcurtha isteach agus ionghairmthe agus ionchurtha isteach, ar aon ainmliost de choisteoirí comónta a cuirfar isteach fén Acht so, agus beid cáilithe agus ionghlaoite chun fónamh ar aon choiste dháréag a glaodhfar o sna coisteoirí a hainmnítear ar an ainmliost san.

(3) Gach cúis, síbhialta no coiriúil, is intrialta le coiste dháréag ag Breitheamh den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda ina shuidhe i gCathair Bhaile Atha Cliath no i gContae Bhaile Atha Cliath agus gach cúis is intrialta le coiste dháréag ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil ina suidhe sa chathair no sa chontae sin, beid intrialta ag an mBreitheamh no ag an gCúirt sin le coiste dháréag a glaodhfar as ainmliost de choisteoirí speisialta no as ainmliost de choisteoirí comónta (pe'ca aca is gá sa chás) a bheidh curtha isteach fén Acht so agus, d'ainneoin aon achtacháin no aon ordú cúirte (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a dineadh é) ina choinnibh sin, ní bheidh aon chúis den tsórt san intrialta le haon choiste dháréag eile ag aon Bhreitheamh den tsórt san ina shuidhe mar adubhradh ná ag an gCúirt sin ina suidhe mar adubhradh.

(4) Ar thriail éinne i bhfeleontacht nách dúnmharbha, tréasún ná feleontacht tréasúin le coiste dháréag a bheidh glaoidhte as ainmliost de choisteoirí a bheidh curtha isteach fén Acht so, féadfidh an chúirt, más oiriúnach léi é, aon uair sara mbreithneoidh an coiste a mbreith-fhocal, a leigint don choiste scarúint o chéile sa tslí chéanna ina leigtar don choiste scarúint o chéile anois ar thriail éinne i mí-iompar.

Orduithe deacrachta.

4. —Má eiríonn aon deacracht i gcur an Achta so in éifeacht féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, pé orduithe do thabhairt uaidh agus pé nithe agus rudaí do dhéanamh is dó leis is gá chun an tAcht so d'fheidhmiú sa cheart.

Gearr-theideal, léiriú, luadh, agus tosach feidhme.

5. —(1) Féadfar Acht na gCoistí Dháréag (Baile Atha Cliath), 1926 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAchtanna na gCoistí Dháréag, 1871 go 1924, agus féadfar Achtanna na gCoistí Dháréag, 1871 go 1926, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

(3) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá de Lúnasa, 1926.

SCEIDEAL.

Bailecheanntar na Carraige Duibhe.

Bailecheanntar Dheilginse.

Bailecheanntar Dhún Laoghaire.

Bailecheanntar Bhinn Eadair.

Bailecheanntar Chill Inghean Léinín agus Bhaile Bhric.

Bailecheanntar Phembróc.

Bailecheanntar Rátha Maonas agus an Rátha Ghairbh.