10 1926


Uimhir 10 de 1926.


ACHT CÓ-NASCTHA NA bhFÓRSAÍ PÓILÍNEACHTA (LEASÚ), 1926.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR NA FORÁLACHA ATÁ IN ACHT CÓ-NASCTHA NA bhFÓRSAÍ PÓILÍNEACHTA, 1925 , I dTAOBH RÁTA PHÓILÍNEACHTA BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS I dTAOBH CÓLUCHTAÍ IONADATHACHA DE BHAILL DEN bhFÓRSA PHÓILÍNEACHTA CHÓ-NASCTHA DO BUNUÍODH LEIS AN ACHT SAN DO CHEAPA. [11adh Márta, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 (Uimh. 7 de 1925) , agus cialluíonn an focal “an fórsa có-nasctha” an ní céanna a chialluíonn sé sa Phríomh-Acht.

Ráta póilíneachta Bhaile Atha Cliath.

2. —Léireofar fo-ailt (1) agus (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht acu agus tuigfar go raibh éifeacht riamh acu fé is dá ndintí na focail “sa bhliain airgeadais áitiúil a thosnóidh an 1adh lá d'Abrán, 1925” do chur isteach sna fo-ailt sin fé seach in ionad na bhfocal “sa chéad bhliain airgeadais áitiúil a thosnóidh tar éis rithte an Achta so” atá anois ann.

Cóluchtaí ionadathacha do cheapa.

3. —(1) Athghairmtear alt 17 den Phríomh-Acht leis seo agus achtuítear leis seo ina ionad san go mbainfidh alt 13 (alt a bhaineann le cóluchtaí ionadathacha do cheapa sa Ghárda Síochána) d' Acht an Ghárda Síochána, 1924 (Uimh. 25 de 1924) leis an bhfórsa có-nasctha agus chun críche na bainte sin léireofar mar thagairt don bhfórsa có-nasctha an focal “Gárda Síochána” i ngach áit ina bhfuil sé san alt san, agus léireofar mar thagairt don Phríomh-Acht an focal “fén Acht so” san áit ina bhfuil sé san alt san.

(2) Athghairmtear leis seo ailt 1 agus 2 den Constabulary and Police (Ireland) Act, 1919.

(3) Na rialacháin uile a bhaineann le cóluchtaí ionadathacha do cheapa de bhaill den bhfórsa có-nasctha no de lucht aon chéime, aicme no roinne de sna baill sin agus a dineadh fé aon achtachán roimh an bPríomh-Acht agus atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, leanfid i bhfeidhm (d'ainneoin an t-achtachán san do bheith athghairmthe leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so) go dtí go malairteofar iad ar rialacháin a déanfar fé alt 14 den Phríomh-Acht, agus más go leathrannach amháin a malairteofar amhlaidh aon cheann de sna rialacháin a céad-luaidhtear leanfidh an rialachán san i bhfeidhm fé réir an mhalairtithe leathrannaigh sin go dtí go malairteofar mar sin go hiomlán é.

Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.

4. —(1) Féadfar Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta (Leasú), 1926 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht agus féadfar Achtanna Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 agus 1926, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.