|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 34 de 1925. | ||
[EN] |
ACHT TOGHACHÁIN (TOGHACHÁIN AN TSEANAID), 1925. | |
ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEAS LE TOGHACHÁIN BHALL DE SHEANAD ÉIREANN. [11adh Iúl, 1925.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An ainm-liost d'iarrthóirí docheapa. |
1. —(1) Roimh gach toghachán Seanaid ceapfidh an tUachtarán le hordú lá oiriúnach mar lá deiridh ar a bhféadfidh daoine ba bhaill de Sheanad Éireann aon uair a chur in úil do réir Airtiogal 33 den Bhunreacht gur mian leo go gcuirfí iad ar an ainm-liost d'iarrthóirí don toghachán san, agus i ndeire an lae a ceapadh amhlaidh tuigfar ceapa an ainm-liosta san do bheith críochnuithe. |
[EN] | (2) Gach ordú a dhéanfidh an tUachtarán fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta. | |
[EN] |
Laetheanta do cheapa do thoghachán an tSeanaid. |
2. —Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 46 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 ( Uimh. 12 de 1923 ) agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le furógra, laistigh de choicíos tar éis ceapa an ainm-liosta d'iarrthóirí do thoghachán Seanaid do bheith críochnuithe, an lá ar a mbeidh an toghachán Seanaid sin do cheapa, agus an lá a ceapfar amhlaidh ní bheidh sé níos luatha ná seacht lá tar éis dáta an fhurógra san ná níos déanaí ná sé seachtaine tar éis ceapa an ainm-liosta d'iarrthóirí do bheith críochnuithe. |
[EN] |
Fuirm na bpáipéirí ballóide. |
3. —Ní bheidh sé riachtanach ainmneacha na n-iarrthóirí i dtoghachán Seanaid do chlóbhuala ar na páipéirí ballóide in aon cholún leanúnach amháin, agus ina ionad san, ach gan dul ón ord aibítre a horduítear leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , féadfar na hainmneacha san do shocrú ar na páipéirí ballóide i pé slí is dó leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí is fearr a chabhródh le marcáil agus le comhreamh. |
[EN] |
Iarrthóir d'fháil bháis tar éis ceapa an ainm-liosta. |
4. —(1) I gcomhreamh na vótanna a tugadh i dtoghachán Seanaid, gheobhfar thar gach rogha a breacadh d'iarrthóir a fuair bás tar éis ceapa an ainm-liosta agus roimh oscailt na vótaíochta agus ina ionad san tabharfar aire do sna céad roghna eile ar fáil. |
[EN] | (2) I gcomhreamh na vótanna a tugadh i dtoghachán Seanaid, tabharfar aire chuibhe do sna roghna a breacadh d'iarrthóirí a gheobhaidh bás tar éis oscailt na vótaíochta agus sara mbeidh comhreamh na vótanna san críochnuithe ag Ceann Comhrimh an tSeanaid agus, más gá é agus sa mhéid gur gá é do réir na roghna san, tuigfar na hiarrthóirí sin do bheith tofa do réir brí an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) ach ní níos mó ná san ná in aon tslí eile. | |
[EN] | (3) Leanfar de sna vótanna a tugadh i dtoghachán Seanaid do chomhreamh go dtí gur có-ionann leis an méid folúntaisí atá le líona an méid iarrthóirí a tuigfar a bheith tofa, do réir brí an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , tar éis na hiarrthóirí sin (más ann dóibh) a fuair bás mar a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do ghearra amach, agus na hiarrthóirí sin a tuigfar amhlaidh a bheith tofa agus ná fuair bás amhlaidh isiad amháin a bheidh tofa agus a tuairisceofar a bheith tofa agus is ina n-ord ceart féin, gan na hiarrthóirí a fuair bás amhlaidh do bhac, a bheid tofa amhlaidh agus a tuairisceofar iad amhlaidh. | |
[EN] |
Rialacha chun ord toghacháin do dhéanamh amach. |
5. —Na hiarrthóirí a fuarthas a bheith tofa tar éis comhreamh na vótanna i dtoghachán Seanaid, is san ord a déanfar amach do réir na rialacha so a leanas a bheid tofa agus a tuairisceofar iad do bheith tofa, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) iarrthóirí gurb ionann agus an quota no gur mó ná an quota an méid vótanna a cuireadh ina leith beid tofa san ord in ar haistríodh a mbarrachaisí fé seach no ina n-aistreofaí iad mara mbeadh clás (5) de riail 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) ; | |
[EN] | (b) iarrthóir gurb ionann agus an quota agus nách mó ná an quota an méid vótanna a cuireadh ina leith tuigfar an barrachas ba lú do bheith aige sa chomhreamh ina bhfuair sé a quota; | |
[EN] | (c) más ionann barrachaisí beirt iarrthóirí no níos mó agus nách gá fén Tríú Sceideal san iad d'aistriú, tuigfar gurb é barrachas an iarrthóra is mó gur cuireadh bunvótanna ina leith an barrachas is mó; | |
[EN] | (d) i gcásanna le n-a mbaineann an chéad riail sin roimhe seo má bhíonn ionannas bun-vótanna idir bheirt iarrthóirí no níos mó tabharfar aire don líon iomlán de vótanna a cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin fé seach sa chéad chomhreamh ina raibh neamh-ionannas vótanna eatorra agus tuigfar gurb é barrachas an iarrthóra ba mhó vótanna sa chomhreamh san an barrachas is mó, agus i gcás ionannas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh cinnfidh Ceann Comhrimh an tSeanaid le chrannchur cadé an t-ord ina bhfuil na hiarrthóirí sin tofa; | |
[EN] | (e) i gcás iarrthóirí a tuigfar a bheith tofa fé fhorálacha riail 9 den Tríú Sceideal san isé is ord toghacháin dóibh ná ord méid na vótanna a cuireadh ina leith fé seach, ag tosnú leis an méid is mó, agus i gcás ionannas idir aon mhéideanna den tsórt san socrófar an t-ord idir na hiarrthóirí sin fé sna rialacha san roimhe seo fé is dá mba bharrachaisí na méideanna san; | |
[EN] | (f) ní bhainfidh clás (3) de riail 9 den Tríú Sceideal san le comhreamh na vótanna i dtoghachán Seanaid; | |
[EN] | (g) bainfidh riail 12 den Tríú Sceideal san leis na rialacha san roimhe seo fé mar a bhaineann sí leis na rialacha atá sa sceideal san. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus léiriú. |
6. —(1) Féadfar an tAcht Toghacháin (Toghacháin an tSeanaid), 1925, do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) . |