57 1924


Uimhir 57 de 1924.


ACHT ATHCHOMHARCANNA CÚIRTE CONTAE, 1924.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN COIMISINÉIRÍ DO CHEAPA CHUN ATHCHOMHAIRC D'ÉISTEACHT AGUS BREITH DO THABHAIRT ORTHA, ATHCHOMHAIRC A DINEADH CHUN BREITHIÚN ARD-SHIOSÓIN I gCOINNIBH BREITHEANNA BREACTHÓIRÍ AGUS BREITHIÚN CÚIRTE CONTAE AGUS A BHÍ AR FEITHEAMH I dTOSACH FEIDHME CUID II. DEN ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924 .

[18adh Mí na Nodlag, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Féadfidh Coimisinéirí athchomhairc áirithe d'éisteacht.

1. —(1) Gach athchomharc a dineadh chun Breithimh Ard-Shiosóin i gcoinnibh breithe Breacthóra no Breithimh Chúirte Contae agus a bhí ar feitheamh i dtosach feidhme Cuid II. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) (athchomhairc dá ngairmtear san Acht so athchomhairc ar feitheamh), in ionad Breitheamh den Ard-Chúirt dá éisteacht agus do thabhairt breithe air fé alt 103 den Acht san, féadfidh Coimisinéir a ceapfar fén Acht so é éisteacht agus breith do thabhairt air aon uair laistigh de dhá mhí dhéag tar éis rithte an Achta so.

(2) Le linn do Choimisinéir a ceapfar fén Acht so athchomharc atá ar feitheamh mar adubhradh d'éisteacht agus breith do thabhairt air beidh aige na comhachta, na húdaráis agus na príbhléidí uile a bheadh ag Breitheamh den Ard-Chúirt le linn do-san athchomharc den tsórt san d'éisteacht agus breith do thabhairt air fé alt 103 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , agus beidh aige fós pé comhachta, údaráis agus príbhléidí, breise no eile, a bheadh ag Breitheamh Ard-Shiosóin roimh thosach feidhme an Achta Chúirteanna Breithiúnais, 1924, le linn do-san athchomharc den tsórt san d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

Coimisinéirí do cheapa.

2. —(1) Féadfidh an Seanascal, aon uair laistigh de dhá mhí dhéag tar éis rithte an Achta so, agus é ag gníomhú ar chomhairle na hArd-Chomhairle, pé Coimisinéirí agus pé méid díobh is dó leis is ceart do réir na comhairle roimhráite do cheapa chun crícheanna an Achta so.

(2) Gach duine a ceapfar fén alt so chun bheith ina Choimisinéir ní foláir do ar dháta a cheaptha bheith ina abhcóide atá ag cleachta a ghairme agus seasamh dhá bhliain déag ar a luíod aige no bheith tar éis bheith ina Bhreitheamh de Chúirt Uachtarach an Údaráis in Éirinn no ina Bhreacthóir no ina Bhreitheamh Cúirte Contae in Éirinn, no ina Bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Dála do réir brí Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 (Uimh. 36 de 1923) , no ina Choimisinéir Breithiúntais a ceapadh fén Acht san.

(3) Gach duine a ceapfar fén alt so chun bheith ina Choimisinéir féadfar é do bhrise no é do chur as an oifig sin do réir mar is toil leis an Seanascal é agus eisean ag gníomhú ar chomhairle na hArd-Chomhairle.

(4) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfar le gach Coimisinéir a ceapfar fén alt so, faid a leanfa sé i seilbh na hoifige sin, pé luach saothair agus liúntas a cheapfidh an tAire Dlí agus Cirt le haontú an Aire Airgid.

Gnó do roinnt ar Choimisinéirí.

3. —Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hOrdú, a ordú ce'ca cinn de sna hathchomhairc atá ar feitheamh a éistfidh Coimisinéir agus ar a dtabharfa sé breith fén Acht so in’ ionad Breitheamh den Ard-Chúirt dá dhéanamh, agus leis an Ordú san no le haon Ordú eile féadfa sé a ordú ce'ca Coimisinéir a dhéanfidh gach athchomharc den tsórt san atá ar feitheamh d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus cathain a déanfar san agus canad.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Athchomharcanna Cúirte Contae, 1924 , do ghairm den Acht so.