46 1924


Uimhir 46 de 1924.


ACHT CHUN DRÉINEÁIL DO CHOINNEÁIL SUAS, 1924.


ACHT CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN OIBREACHA DRÉINEÁLA I SAORSTÁT ÉIREANN, A DINEADH FÉ SNA hACHTANNA A BHAINEANN LE DRÉINEÁIL TAILTE IN ÉIRINN, DO CHOINNEÁIL SUAS, DO DHEISIÚ, AGUS D'FHEABHASÚ.

[5adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so, cialluíonn an focal “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn agus na focail uile go dtugtar bríonna speisialta dhóibh sa Local Government (Ireland) Act, 1898, tá leo na bríonna speisialta a tugtar amhlaidh dóibh fé seach.

Féadfidh na Coimisinéirí oibreacha dréineála do dheisiú.

2. —(1) Féadfidh na Coimisinéirí o am go ham mar is oiriúnach leo agus nuair is oiriúnach leo é, innealtóir no duine inniúil eile do cheapa chun cigireacht do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabhairt ar staid na n-oibreacha dréineála in aon cheanntar dréineála.

(2) Má chítar do sna Coimisinéirí ó thuarasgabháil aon innealtóra den tsórt san no duine eile den tsórt san, go bhfuil na hoibreacha dréineála in aon cheanntar dréineála gan bheith ina leithéid sin de dhea-ordú, do threo agus de riocht go bhfuilid ceart agus oiriúnach, dar leis na Coimisinéirí, i gcóir na críche a ceapadh dóibh, féadfidh na Coimisinéirí pé oibreacha a dhéanamh is dó leo is gá chun na hoibreacha dréineála sa cheanntar dréineála san do dheisiú go ceart agus go héifeachtúil, agus mar chuid de sna hoibreacha san féadfar aon fheabhsuithe, is gá no is ceart dar leis na Coimisinéirí agus ná raghaidh chun díobhála d'einne, do dhéanamh ar na hoibreacha dréineála san.

(3) Gach ceann no aon cheann de sna comhachta a bronnadh ar na Coimisinéirí leis an Drainage Maintenance Act, 1866, fé mar a hoiriúnuíodh no a hatharuíodh é le haon achtachán is déanaí ná san, i dtaobh oibreacha a dhineadar fén Acht san, beidh sé ag na Coimisinéirí agus féadfid é fheidhmiú í dtaobh aon oibreacha a dhéanfid fén Acht so.

Gnó dréineála d'aistriú chun comhairlí contae.

3. —(1) Má dhinid na Coimisinéirí aon oibreacha fén Acht so in aon cheanntar dréineála nár dineadh gnó an bhúird dréineála no na n-iontaobhaithe ann d'aistriú chun comhairle chontae fé alt 20 den Local Government (Ireland) Act, 1898, féadfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, ar chríochnú na n-oibreacha san, gnó bórd dréineála no iontaobhaithe an cheanntair dréineála san d'aistriú go dtí an chomhairle chontae cheart no go dtí na comhairlí contae cearta tré ordú a dhéanfa sé i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air chuige sin leis an alt san 20, mar a leasuítear leis an alt so é, agus ní gá chuige sin an bórd dréineála ná na hiontaobhaithe sin do thoiliú leis an aistriú san.

(2) Aon ordú a dhéanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí do réir an fho-ailt sin roimhe seo, ní gá é dhaingniú mar Ordú Sealadach.

Airgead do sholáthar i gcóir oibreacha fén Acht so.

4. —(1) An t-airgead is gá i gcóir costas aon oibreacha a dhéanfidh na Coimisinéirí fén Acht so in aon cheanntar dréineála, is mar leanas a soláthrófar é:—

(a) amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfidh an tAire Airgid oiread agus is dó leis is ceart den chostas san d'íoc ach gan san a bheith níos mó in aon chás ná leath costas iomlán na n-oibreacha a déanfar fén Acht so sa cheanntar dréineála san;

(b) féadfidh comhairle na contae ina luíonn an ceanntar dréineála no aon chuid de íoc do dhéanamh ar an gcuma a foráltar ina dhiaidh seo anso, i pé méid den chostas san is dó leis an gcomhairle sin is ceart agus an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ag aontú leo, ach an tsuim a íocfidh an chomhairle sin no, más i níos mó ná aon chontae amháin a luíonn an ceanntar, an tsuim iomlán a íocfidh comhairlí na gcontae uile ina luíonn an ceanntar, ní ragha sí thar leath costas iomlán na n-oibreacha a déanfar fén Acht so sa cheanntar san;

(c) roimh-íocfidh na Coimisinéirí ar an gcuma a foráltar ina dhiaidh seo anso an bhreis a bheidh ag an gcostas san ar na suimeanna (más ann dóibh) a soláthrófar fé sna míreanna san roimhe seo.

(2) Chun crícheanna an Achta so, áireofar mar chuid de chostas aon oibreacha do dhéanamh gach fo-chostas a bhainfidh le déanamh na n-oibreacha san.

Rann-íoc o chomhairlí contae.

5. —(1) Chun crícheanna an mhéid den Acht so le n-a n-údaruítear do chomhairle chontae cuid de chostas oibreacha a dhéanfidh na Coimisinéirí fén Acht so d'íoc féadfidh comhairle chontae airgead d'fháil ar iasacht fé Airtiogal 22 den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, fé is dá mbeadh na crícheanna san luaidhte san airtiogal san, agus airgead a gheobhfar ar iasacht chun na gcrícheanna roimhráite, ní háireofar é mar chuid d'fhiacha na contae chun crícheanna an airtiogail sin.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, is tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán a soláthrófar costas aon iasachta a gheobhfar fén alt so agus an t-airgead chun an iasacht san d'aisíoc agus chun an t-ús uirthe d'íoc, ach féadfidh an chomhairle chontae rún do rith go ndéanfar, in ionad an costas agus an t-airgead san do ghearra mar mhuirear contae iomláine, an costas agus an t-airgead san do ghearra mar mhuirear baile no mar mhuirear ceanntair ar aon bhailecheanntar no bailecheanntair, tuathcheanntar no tuathcheanntair, dar dineadh tairfe go speisialta de bharr na n-oibreacha gur soláthruíodh an iasacht ina gcóir.

(3) Aon rún a rithfidh comhairle chontae do réir an fho-ailt sin roimhe seo ní ragha sé in éifeacht mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí é dhaingniú, ach má dhineann agus nuair a dhéanfidh an tAire sin é dhaingniú, tar éis é atharú no gan é atharú, pe'ca tré chur leis no baint as, raghaidh an rún san in éifeacht, agus é daingnithe amhlaidh, ar an dáta agus ón dáta a luadhfar ann chun na críche sin agus mara luaidhtear aon dáta den tsórt san ann ar an gcuma san, is ón dáta ar ar rith an chomhairle chontae an rún a raghaidh an rún in éifeacht.

(4) Ní dhaingneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí aon rún den tsórt san roimhráite go dtí—

(a) gur deimhin leis gur dhin an chomhairle chontae laistigh de sheachtain tar éis rithte an rúin, fógra ina thaobh do chur chun comhairle gach ceanntair chontae le n-a mbaineann an rún, agus

(b) go mbreithneoidh an tAire sin aon aithris cúise i dtaobh an rúin a leagfidh aon chomhairle cheanntair den tsórt san fé n-a bhráid laistigh de mhí tar éis an fógra ina thaobh bheith curtha chúcha amhlaidh.

(5) Sara ndaingnighidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí aon rún den tsórt san, féadfa sé, más oiriúnach leis é fiosrúchán áitiúil do chur ar bun i dtaobh an rúin sin agus le gach fiosrúchán áitiúil den tsórt san bainfidh Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898.

Roimh-íocanna o sna Coimisinéirí.

6. —(1) An cion a bheidh le soláthar ag na Coimisinéirí de chostas aon oibreacha a déanfar fén Acht so in aon cheanntar dréineála déanfidh na Coimisinéirí é roimh-íoc amach as airgead atá fé n-a gcúram agus is ceaduithe a thabhairt ar iasacht agus beidh sé ionaisíoctha leis na Coimisinéirí, maraon le hús do réir an ráta a ordóidh an tAire Airgid—

(a) más in aon chontae amháin a luíonn an ceanntar dréineála go léir, ag comhairle na contae sin; agus

(b) más i dhá gcontae no níos mó a luíonn an ceanntar dréineála, ag comhairlí na gcontaethe sin sna cionúireachtaí a cheapfidh na Coimisinéirí.

(2) Ar bheith críochnuithe d'aon oibreacha a dhéanfidh na Coimisinéirí fén Acht so i gceanntar dréineála no, más oiriúnach leis na Coimisinéirí é, ar bheith críochnuithe d'aon chuid fé leith de sna hoibreacha san, gheobhaidh na Coimisinéirí amach costas na n-oibreacha san no na coda san díobh a bheidh críochnuithe amhlaidh agus cadé an cion den chostas san atá le roimh-íoc ag na Coimisinéirí fén alt so, agus déanfid ordú muirir fén Drainage Maintenance Act, 1866, maidir leis an gcion san agus leis an ús air do réir an ráta roimhráite.

(3) Beidh gach ordú muirir den tsórt san i pé fuirm a horduítear leis an Drainage Maintenance Act, 1866, tar éis pé atharuithe dhéanamh uirri is gá a dhéanamh de bharr forálacha an Achta so agus, fé réir aon atharuithe no oiriúnuithe a dineadh ar an Acht san le haon Acht ina dhiaidh sin agus fé réir forálacha an Achta so, bainfidh le hordú muirir a déanfar do réir an ailt seo gach foráil den Acht san a bhainfadh le hordú muirir a déanfí fén Acht san.

Chun suimeanna fé ordú muirir fén Acht so do bhailiú.

7. —(1) Na suimeanna uile agus fé seach a muirearófar le hordú muirir a déanfar fén Acht so, ar na tailte sa cheanntar le n-a mbaineann an t-ordú, beid iníoctha, agus déarfar san ordú iad do bheith iníoctha, le comhairle na contae ina luíonn an talamh agus, chun na suimeanna san d'fháil, beidh ag an gcomhairle sin gach aon cheann riamh de sna comhachta, na cearta, agus na leighseanna a bronntar leis an Drainage Maintenance Act, 1866, ar na Coimisinéirí chun suimeanna d'fháil a muirearófaí le hordú muirir a déanfí fé, agus féadfidh an chomhairle iad d'fheidhmiú chuige sin.

(2) Gach suim a leagfar ar aon únaer le hordú muirir no do réir ordú muirir a déanfar fén Acht so, beidh sí iontógtha o shealbhaire an tailimh agus iníoctha aige agus ionbhainte dhe marab é an t-únaer féin is sealbhaire ar an talamh agus déanfidh na Coimisinéirí pé roinnte is gá chun an fo-alt so do chur in éifeacht, ach an fiachas a bheidh ar shealbhaire fén alt so beidh sé gan dochar d'aon cheart chun aon tsuim den tsórt san dá n-íocfa sé do bhaint as an gcíos is iníoctha aige.

(3) Beidh sé de dhualgas ar chomhairle aon chontae ina luíonn ceanntar dréineála no aon chuid de cheanntar dréineála le n-a mbaineann ordú muirir a dineadh fén Acht so gach suim iníoctha do bhailiú o unaerí no (marab é an t-únaer féin an sealbhaire) o shealbhairí oiread agus luíonn sa chontae sin de sna tailte a cuireadh fé mhuirear leis an ordú san, sé sin, gach suim is iníoctha ag únaerí na dtailte sin leis an gcomhairle sin fén ordú muirir, agus déanfar agus féadfar aon tsuim den tsórt san do bhailiú agus do bhaint amach ar an gcuma na ndintar no 'nar féidir ráta dealbhais do bhailiú agus do bhaint amach.

(4) Bainfidh alt 54 den Drainage and Improvement of Lands Act (Ireland), 1863, le gach airgead a leagfar agus a cuirfar mar ráta agus mar cháin ar únaerí agus ar a dtailte do réir aon ordú muirir a déanfar fén Acht so.

An fiachas a bheidh ag na Coimisinéirí ar chomhairlí contae.

8. —(1) Déanfar le gach ordú muirir a dhéanfid na Coimisinéirí do réir an Achta so, i dteanta aon mhuirir a déanfar leis do réir an Drainage Maintenance Act, 1866, no do réir aon ailt eile den Acht so—

(a) más ag aon chomhairle chontae amháin atá an tsuim, le n-a mbaineann an t-ordú, ionaisíoctha leis na Coimisinéirí de bhua an Achta so, an tsuim sin agus an t-ús uirthi do chur mar mhuirear ar chiste chontae na comhairle sin; agus

(b) más ag dhá chomhairle chontae no níos mó atá an tsuim sin íonaisíoctha leis na Coimisinéirí de bhua an Achta so, a fhaisnéis cadiad na cionúireachtaí ina bhfuil an tsuim sin ionaisíoctha ag na comhairlí sin agus an tsuim sin agus an t-ús uirthi do chur mar mhuirear ar chistí contae fé seach na gcomhairlí sin sna cionúireachtaí a faisnéiseadh amhlaidh; agus

(c) a fhaisnéis i gcás ar bith cadiad na tráthanna agus cadé an chuma go bhfuil na suimeanna san agus an t-ús ortha iníoctha ag an gcomhairle contae no ag na comhairlí contae fé seach leis na Coimisinéirí.

(2) Gach suim agus ús a muirearófar ar chiste chontae le haon ordú muirir a déanfar fén Acht so, isí an chomhairle chontae 'na muirearófar an céanna ar a gciste contae a íocfidh é leis na Coimisinéirí, agus san ar na tráthanna agus ar an gcuma a faisnéiseadh leis an ordú muirir, agus is amach as an airgead a bhaileoid o únaerí no o shealbhairí na dtailte ar ar muirearadh an céanna a íocfidh an chomhairle sin é agus marar leor an t-airgead san agus sa mhéid nách leor é, amach as an gciste contae, agus soláthrófar é tríd an ráta dealbhais mar mhuirear contae iomláine.

(3) Gach airgead is iníoctha leis na Coimisinéirí ag comhairle chontae do réir an ailt seo, féadfidh na Coimisinéirí é fháil ón gcomhairle sin le haicsean dlí.

Comhairlí contae do bhailiú rátaí, etc., chun dreíneáil do choinneáil suas.

9. —(1) Baineann an t-alt so le gach suim atá, no a bheidh ina dhiaidh seo, ionbhailithe ag comhairle chontae, pe'ca mar ráta chun dréineáil do choinneáil suas é no fé ordú muirir no ar aon tslí eile, o sna tailte i gceanntar dréineála no o únaerí na dtailte sin de dheascaibh gnó bord dréineála no iontaobhaithe an cheanntair dréineála san do bheith aistrithe, no do bheith á aistriú ina dhiaidh seo, chun na comhairle contae sin.

(2) Gach suim le n-a mbaineann an t-alt so agus a leagadh ar únaer, marab é an t-únaer féin is sealbhaire ar an talamh beidh sí iontógtha o shealbhaire an tailimh agus iníoctha aige agus ionbhainte dhe thar ceann únaer an tailimh, agus féadfidh na Coimisinéirí pé roinnte do dhéanamh is gá chun an fo-alt so do chur in éifeacht, ach an fiachas a bheidh ar shealbhaire fén alt so beidh sé gan dochar d'aon cheart chun aon tsuim den tsórt san dá n-íocfa sé do bhaint as an gcíos is iníoctha aige.

(3) Déanfidh agus féadfidh an chomhairle chontae aon tsuim le n-a mbaineann an t-alt so do bhailiú agus do bhaint amach ar an gcuma 'na ndintar no 'nar féidir ráta dealbhais do bhailiú agus do bhaint amach.

(4) Bainfidh alt 54 den Drainage and Improvement of Lands Act (Ireland), 1863, le gach airgead a baileofar o shealbhaire tailimh, no a bainfar de, agus a íocfa sé do réir an ailt seo.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

10. —(1) Féadfar an tAcht chun Dreíneáil do Choinneáil Suas, 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Drainage Maintenance Act, 1866, agus féadfar na hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.

(3) Tuigfar an tAcht so do theacht i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1924, agus beidh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.