44 1924


Uimhir 44 de 1924.


ACHT BREITHIÚNAIS CHOIRIÚLA (RIARA), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE DÍOTÁLA I gCÁSANNA COIRIÚLA AGUS LE NITHE A LEANAS ASTA SAN NO ATÁ COSÚIL LEO. [5adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Rialacha i dtaobh díotálanna.

1. —Na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so i dtaobh díotálanna beidh éifeacht aca fé mar a hachtófí san Acht so iad, ach féadar cur leis na rialacha san, iad d'atharú no iad do chur ar nea-mbrí le tuille rialacha a déanfar fén Acht so.

Rialacha do dhéanamh fén Acht so.

2. —(1) Na daoine go bhfuil údarás acu no gur gá a gcó-aontú, do réir alt 36 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), chun na Rialacha Cúirte a luaidhtear san alt san do dhéanamh, siniad na daoine a dhéanfidh agus 'na ndéanfar le n-a gcó-aontú aon rialacha a déanfar fén Acht so.

(2) Bainfidh alt 101 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ) le gach riail a déanfar fén Acht so.

Na rialacha a féadfar a dhéanamh fén Acht so.

3. —(1) Féadfar rialacha do dhéanamh fén Acht so o am go ham chun gach riail no aon riail dá bhfuil sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'atharú no do chur ar nea-mbrí.

(2) I dteanta na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, féadfar tuille rialacha dhéanamh fén Acht so i dtaobh éinní de sna nithe le n-a ndeighleáltar sna rialacha san atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Beidh éifeacht ag na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so fé réir aon atharuithe no breiseanna a déanfar ortha no a cuirfar leo le rialacha a déanfar fén Acht so.

Forálacha generálta i dtaobh díotálanna.

4. —(1) Beidh i ngach díotáil, agus is leor í má bhíonn inti, ráiteas ar an gcionta no ar na ciontaí áirithe a bheidh curtha i leith an duine chúisithe, maraon le pé mion-innste is gá chun eolas réasúnta do thabhairt ar nádúir an chúisimh.

(2) In ainneoin aon riail dlí no cleachta agus fé réir forálacha an Achta so ní féadfar agóid do chur i gcoinnibh díotála mar gheall ar a fuirm no mar gheall ar a bhfuil inti má bhíonn sí curtha le chéile do réir na rialacha fén Acht so.

Féadfar cúisithe do chur le chéile san aon díotáil amháin.

5. —Fé réir forálacha na rialacha fén Acht so, féadfar cúisithe mar gheall ar níos mó ná aon fheleontacht amháin no mar gheall ar níos mó ná aon mhí-iompar amháin, agus cúisithe mar gheall ar fheleontachtaí agus mí-iompair le chéile, do chur le chéile san aon díotáil amháin, ach má trialtar feleontacht maraon le mí-iompar cuirfar an coiste dháréag fé mhionn agus beidh ceart ag an duine cúisithe chun cur i gcoinnibh coisteoirí díreach fé is dá mb’ fheleontachtaí na ciontaí go léir in ar cúisíodh sa díotáil é.

Orduithe chun an díotáil do leasú, chun triail fé leith do dhéanamh, agus chun an triail do chur ar athló.

6. —(1) Más rud é, roimh thriail no in aon chéim de thriail, go bhfeicfar don chúirt go bhfuil easnamh ar an díotáil, déanfidh an chúirt pé ordú chun an díotáil do leasú is dó leis an gcúirt is gá i gcóir an cháis, maran rud é nách féidir, dar leis an gcúirt, na leasuithe riachtanacha do dhéanamh gan éagcóir do dhéanamh, agus féadfidh an chúirt pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh i dtaobh íoc aon chostaisí fé n-a raghfar toisc gur gá an leasú do dhéanamh.

(2) Má leasuítear díotáil amhlaidh, cúl-scríobhfar nóta i dtaobh an orduithe leasúcháin ar an díotáil, agus, chun crícheanna na trialach agus chun crícheanna gach imeachta a bhaineann leis an triail, deighleálfar leis an díotáil fé mar a cuirfí í fé bhráid an choiste dháréag sa bhfuirm leasuithe.

(3) Más rud é, roimh thriail no in aon chéim de thriail, gur dó leis an gcúirt go mb'fhéidir go ndéanfí dochar do dhuine chúisithe, no go gcuirfí tré n-a chéile é, ina chosaint toisc é bheith cúisithe i níos mó ná cionta amháin san aon díotáil amháin, no, ar aon chúis eile, gur mhaith an rud a ordú triail fé leith do thabhairt don duine in aon chionta no ciontaí áirithe in ar cúisíodh é i ndíotáil, féadfidh an chúirt a ordú go ndéanfar triail fé leith ar aon scór no scóranna sa díotáil sin.

(4) Más rud é, roimh thriail no in aon chéim de thriail, gur dó leis an gcúirt gur rud oiriúnach le déanamh é triail duine a cúisíodh do chur ar athló de bharr feidhmiú bheith déanta ar aon chomhacht atá ag an gcúirt fén Acht so chun díotáil do leasú no chun a ordú go ndéanfí triail fé leith ar scór, déanfidh an chúirt pé ordú a dheabhróidh bheith riachtanach i dtaobh an triail do chur ar athló.

(5) Sa chás go ndéanfidh an chúirt ordú fén alt so chun triail fé leith do dhéanamh no chun triail do chur ar athló—

(a) más le linn trialach a déanfar ordú den tsórt san, féadfidh an chúirt a ordú go scurfar an coiste dháréag o bhreith-fhocal do thabhairt ar an scór no ar na scóranna 'nar cuireadh a dtriail ar athló, no ar an díotáil, pe'ca aca é; agus

(b) an nós-imeachta a leanfar i dtriail fé leith ar scór, beidh sé ar gach slí fé mar a bheadh sé dá gcuirtí an scór i ndíotáil fé leith, agus an nós-imeachta a leanfar i dtriail a cuireadh ar athló (má scuireadh an coiste dháréag) beidh sé ar gach slí fé mar a bheadh sé dá mba ná beadh an triail tosnuithe; agus

(c) féadfidh an chúirt pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh i dtaobh costaisí agus i dtaobh an duine cúisithe do chur fé bhannaí agus i dtaobh méadú bannaí agus nithe eile.

(6) Aon chomhacht a bheidh ag an gcúirt fén alt so is mar bhreis a bheidh sí le haon chomhacht eile atá ag an gcúirt chun na críche céanna no chun crícheanna dá samhail agus ní mar luíodú uirri.

Costaisí díotálanna ar a mbeidh easnamh no ina mbeidh an iomad.

7. —Má chítar don chúirt go bhfuil abhar nea-riachtanach no faid nea-riachtanach i ndíotáil no go bhfuil fíor-easnamh uirri in aon tslí, féadfidh an chúirt pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh i dtaobh íoc na coda san de chostaisí an chúisimh fé n-ar chuathas de dheascaibh abhar nea-riachtanach no faid neariachtanach do bheith so díotáil mar sin no de dheascaibh an fhíor-easnaimh sin uirri.

Foráil i dtaobh an Vexatious Indictments Act.

8. —Ní chuirfidh éinní san Acht so cosc le hagóid do chur i gcoinnibh díotála má sháruíonn sí an Vexatious Indictments Act, 1859, no mara gcó-líona sí é.

Ar agra an Phríomh-Atúrnae a cuirfar cúisithe ar aghaidh.

9. —(1) Is ar agra Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann a cuirfar ar aghaidh gach cúiseamh coiriúil a cuirfar ar aghaidh ar dhíotáil in aon chúirt.

(2) Is ar agra Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann a cuirfar ar aghaidh gach cúiseamh in aon chúirt údaráis achmair, ach amháin sa chás ina ndéanfidh Aire, Roinn Stáit, no duine (oifigiúil no neamh-oifigiúil), 'na mbeidh údarás aige chuige sin do réir dlí de thurus na huaire, cúiseamh coiriúil i gcúirt údaráis achmair do chur ar aghaidh.

Fuirm an mhionna i gcás ceist i dtaobh cumas pléideála.

10. —Is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh an mionn fé n-a gcuirfar coisteoirí a painéalfar chun a fháil amach ce'ca tá príosúnach inniúil ar phléadáil no ná fuil, sé sin le rá:—

“Mionnuím dar Dia an uile chomhacht go bhféachfad go maith agus go dícheallach ce'ca tá A.B., an príosúnach ag an mbarra, as a mheabhair no ná fuil, agus go dtabharfad breith-fhocal fíor chó fada lem’ thuisgint.”

Fuirm an mhionna i gcás tost an phríosúnaigh.

11. —Is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh an mionn fé n-a gcuirfar coisteoirí a painéalfar chun a fháil amach ce'ca tré n-a mhailís féin no le leamhnú Dé atá bailbhe ar phríosúnach a fhanann ina thost, sé sin le rá:—

“Mionnuím dar Dia an uile chomhacht go bhféachfad go maith agus go dícheallach ce'ca tré n-a mhailís féin no le leamhnú Dé atá bailbhe ar A.B., an príosúnach ag an mbarra, agus go dtabharfad breith-fhocal fíor do réir na fianaise.”

Nolle prosequi agus an fhuirm a bheidh air.

12. —I dtriail príosúnaigh ar dhíotáil ar agra Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann, féadfar nolle prosequi d'iontráil, ar iarratas Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann, aon uair tar éis an díotáil do bheith curtha fé bhráid an choiste dháréag agus sara dtugtar breith-fhocal ar an díotáil, agus is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh gach nolle prosequi den tsórt san, sé sin le rá:—

Ar an............lá de............................................, 19............, i dtriail A.B. ar chúiseamh Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann ar dhíotáil mar

gheall ar...............................................................................................

....................dubhairt an Príomh-Atúrnae sin, ina phearsain féin (no tré n'abhcóide) leis an gcúirt ná leanfadh sé níos sia den A.B. sin do chúiseamh ar an díotáil sin, agus leis sin d'orduigh an chúirt an A.B. sin do shaora ón díotáil roimhráite.

Fuirm banna.

13. —Gach banna fé n-a raghfar mar urraíocht i láthair Giúistís Dúithche no Breithimh den Chúirt Dúithche no Feadhmanaigh Síochána, is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh sé no i pé fuirm den tsaghas chéanna a theastóidh sa chás:—

Cuimhnítear gur dhin A. B., as..........................................................

...............(oibritheoir), C. D., as...........................................................

...............(grósaer), agus E. F., as........................................................

...............(búistéir), ar an...................lá de...........................................

sa bhliain d'Aois Ar dTiarna..............., teacht i bpearsain am láthair-se, an fo-shighnitheoir, Giúistís Dúithche i Saorstát Éireann (no Breitheamh de Chúirt Dúithche Shaorstáit Éireann no Feadhmanach Síochána) do Dhúthaigh............................... agus gur admhuigh gach duine fé leith acu go raibh na suimeanna so fé seach a leanas dlite ag Saorstát Éireann ortha, sé sin le rá, suim..............................................ar A. B. sin agus suim .........................................an duine ar C. D. agus ar E. F. sin, suimeanna a gearrfar agus a tógfar ar a maoin agus ar a n-áirnéis, ar a dtailte agus ar a dtionóntacháin, fé leith agus fé seach, chun úsáid Aire Airgid Shaorstáit Éireann, mara ndinidh seisean, A. B. sin, an coiníoll cúl-scríbhte do chó-líona. Tugtha agus admhuithe an lá agus an bhliain a céad-luaidhtear thuas i........................am’ láthair-se,.........................

Sé coiníoll a ghabhann leis an mbanna atá scríbhte istigh anso ná, de bhrí gur cúisíodh A.B. sin an lá so am’ láthair-se, an Breitheamh no an Feadhmanach Síochána a luaidhtear istigh, i (etc., mar atá sa bharántas); ar an abhar san má thagann A.B. sin i láthair an chéad shuidhe eile den Chúirt Dúithche (no den Chúirt Chuarda no den Ard-Chúirt no den Phríomh-Chúirt Choiriúil, pe'ca aca é) a comórfar sa Dúthaigh agus don Dúthaigh (no fé mar a bheidh), agus san áit sin é féin do thabhairt isteach i gcimeád do chimeádaí an (phríosúin choitianta) san áit sin, agus pléadáil do dhéanamh i pé cúiseamh no díotáil a cuirfar ina choinnibh, agus a thriail sa chéanna do sheasamh, agus gan imeacht as an gCúirt sin gan cead, ansan an banna san do bheith gan brí no, marab é sin é, é sheasamh ina lán-fheidhm agus ina lán-bhrí.

Fuirm mionn na gcoisteoirí i gcásanna coiriúla.

14. —An mionn fé n-a gcuirfar na coisteoirí a painéalfar chun aon chúiseamh no ceist choiriúil do thriail, is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh sé, sé sin le rá: —

“Mionnuím dar Dia an uile chomhacht go dtrialfad go maith agus go fírinneach an cheist i dtaobh ce 'ca tá an duine cúisithe ciontach no ná fuil sa chionta a luaidhtear sa díotáil a cuireadh ina aghaidh (no ina haghaidh) agus go dtabharfad breith-fhocal fíor do réir na fianaise.”

Eisceachtaí agus léiriú.

15. —(1) Ní dhéanfidh éinní san Acht so, ná sna rialacha fé, aon difir don dlí ná don chleachta a bhaineann le húdarás cúirte ná maidir le cadé an áit in ar féidir duine cúisithe do thriail, ná dochar dom oblagáid, ná luíodú in aon tslí ar an oblagáid, eadhon, cruthú do dhéanamh le fianaise do réir dlí ar aon ghníomhartha, faillíocha, no intinní is gá do réir dlí chun cionta dhéanamh den ní ina gcúisítear an duine cúisithe, ná ní dhéanfa sé difir ar aon tslí eile do dhlithe na fianaise i gcásanna coiriúla.

(2) San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, cialluíonn an focal “an chúirt” an chúirt ina dtrialtar no ina gcúisítear duine i gcionta indíotálta.

(3) Na forálacha atá san Acht so i dtaobh díotálanna, bainfid le scéala coiriúla san Ard-Chúirt agus le fiosrúcháin agus fós le haon phlé, freagra, no pléadáil eile choiriúil, agus pé atharuithe ortha a déanfar ortha le rialacha a déanfar fén Acht so.

Athghairm, méid agus gearr-theideal.

16. —(1) Dintar na hachtacháin a háirítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm leis seo sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den sceideal san.

(2) Féadfar an tAcht Breithiúnais Choiriúla (Riara), 1924 , do ghairm den Acht so.

(3) Tiocfidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá a cheapfidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú.

CEAD SCEIDEAL.

RIALACHA.

Ailt 1, 2 (2).

Abhar, etc., i gcóir díotálanna.

1.—(1) Féadfidh díotáil bheith ar mheamram no ar pháipéar mharthanach, agus í scríbhte no clóbhuailte, no i bpáirt scríbhte agus i bpáirt clóbhuailte.

(2) Gach leathán ar a mbeidh díotáil curtha síos ní bheidh sé níos mó ná 12 órlach ná níos lú ná 6 hórlaigh ar faid, ná níos mó ná 14 hórlaigh ná níos lú ná 12 órlach ar leithead, agus más gá níos mó ná leathán amháin, ceanglófar na leatháin dá chéile i bhfuirm leabhair.

(3) Ar thaobh na láimhe clé de gach leathán cimeádfar imeall ceart nách lú ná 3 hórlaigh ar leithead.

(4) Féadfar figiúirí agus comhngair d'úsáid i ndíotáil chun éinní do chur in úil is gnáth a chur in úil leo.

(5) Ní féadfar agóid do chur i gcoinnibh díotála ar an scór amháin nár có-líonadh an riail seo.

Tosach na díotála.

2.—Is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh tosach na díotála:—

Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann v. A.B.

Cuirt na Trialach (e.g. an Phríomh-Chúirt Choiriúil, (no) Cúirt de Chuaird na hArd-Chúirte, (no) An Chúirt Chuarda Breithiúnais i Saorstát Éireann, (no) Cúirt Breithimh Chúirte Contae Phortláirge, (no) Cúirt Breacthóir Chorcaighe).

An Cuiseamh ata a Leaga fe Bhraid an Choiste Dhareag.

Tá A.B. á chúiseamh sa chionta so (sna ciontaí seo) a leanas:—

Cúisithe do chur le chéile i ndíotáil amháin.

3.—Féadfar cúisithe mar gheall ar aon chionta, pe'ca feleontachtaí no mí-iompair iad, do chur le chéile san aon díotáil amháin, más ar na dátáin chéanna atáid bunuithe, no más sreath ciontaí iad no cuid de shreath ciontaí atá mar a chéile.

An modh ina gcúiseofar duine i gciontaí.

4.—(1) Cuirfar síos sa díotáil, i mír fé leith dá ngairmfar scór, tuairisc an chionta ina mbeidh duine á chúiseamh i ndíotáil nó, má cúisítear é i níos mó ná cionta amháin sa díotáil, tuairisc gach cionta fé leith ina mbeidh sé á chúiseamh amhlaidh.

(2) Tosnóidh scór díotála le ráiteas ar an gcionta ina bhfuil an cúiseamh á dhéanamh, ní dá ngairmfar ráiteas an chionta.

(3) I ráiteas an chionta beidh cuntas geairid ar an gcionta i ngnáth-chaint, ina seachnófar téarmaí teicniciúla chó fada agus is féidir é, agus ní gá gach páirt táchtach den chionta do luadh ann, agus más cionta a cruthnuíodh le reacht an cionta ina bhfuil an cúiseamh á dhéanamh, beidh sa ráiteas tagairt don alt den reacht le nar cruthnuíodh an cionta.

(4) Tar éis ráiteas an chionta cuirfar síos mion-innste ar an gcionta san i ngnáth-chaint agus ní gá téarmaí teicniciúla d'úsáid ionta:

Ach sa chás ina ndintar, le haon riail dlí no le haon reacht, teora do chur leis no mion-innste is gá a thabhairt ar chionta i ndíotáil, ní bheidh sé riachtanach do réir éinní sa riail seo níos mó mion-innste do thabhairt ná mar is gá do réir na riala dlí no an reachta san.

(5) Na fuirmeacha atá sa bhfo-scríbhinn a ghabhann leis na rialacha so, no fuirmeacha a bheidh dá réir oiread agus is féidir é, úsáidfar iad i gcásanna le na mbainid agus i gcásanna eile úsáidfar fuirmeacha a bheidh sa chéill chéanna no chó mór dá réir agus is féidir é ach atharófar ráiteas an chionta agus na mion-innste ar an gcionta do réir mar a bheidh an scéal i ngach cás fé leith.

(6) Má bhíonn thar aon scór amháin i ndíotáil uimhreofar na scóranna do réir a chéile.

Forálacha i dtaobh ciontaí reachtúla.

5.—(1) Má deirtar in achtachán le n-a mbunuítear cionta gurb é rud atá sa chionta ná aon cheann áirithe d'aon ghníomhartha difriúla go ceachtardha do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh, no aon ghníomh do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh fé aon cheann áirithe d'aon fheadhmannachtaí difriúla, no le haon cheann áirithe d'aon intinní difriúla, no má deirtar aon chuid den chionta go ceachtardha féadfar na gníomhartha, na faillíocha, na feadhmannachtaí, no na hintinní, no na nithe eile adeirtar go ceachtardha san achtachán do rá go ceachtardha sa scór ina bhfuil cúiseamh sa chionta.

(2) Ní bheidh sé riachtanach, in aon scór ina bhfuil cúiseamh i gcionta reachtúil, aon eisceacht ná saora o oibriú an reachta le n-ar cruthnuíodh an cionta, ná aon cháiliú air, do chur ar neamhní.

Tuairisc maoine.

6.—(1) Is i ngnáth-chaint a bheidh tuairisc maoine i scór i ndíotáil agus i slí go mbeidh sé réasúnta soiléir cadí an mhaoin atá i gceist, agus má tugtar tuairisc na maoine ar an gcuma san ní bheidh sé riachtanach (ach amháin nuair is gá é chun tuairisc do thabhairt ar chionta atá ag brath ar aon únaereacht speisialta ar mhaoin no luach speisialta maoine) a rá cad is ainm don té gur leis an mhaoin ná cad is fiú an mhaoin.

(2) I gcás maoin do bheith dílsithe i níos mó ná éinne amháin, ma tagartar do sna húnaerí i ndíotáil, is leor a rá gur le duine ainmnithe de sna daoine sin, agus le daoine eile, an mhaoin, agus más cólucht daoine na daoine gur leo an mhaoin agus có-ainm ortha, mar atá “Aititheoirí,” “Iontaobhaithe,” “Coimisinéirí,” no “Club” no ainm éigin eile den tsórt san is leor an chó-ainm d'úsáid gan ainm éinne fé leith do luadh.

Tuairisc daoine.

7.—An tuairisc no an comharthú a tabharfar i ndíotáil ar an duine cúisithe no ar éinne eile dá dtagrófar inti, déanfar é réasúnta dóthanach chun a dhéanamh amach cé hé an duine sin, agus gan a bheith riachtanach a ainm cheart ná a áit comhnaithe, a theideal, a inbhe ná a ghnó do luadh; agus más rud é, toisc nách fios ainm an duine, no mar gheall ar éinní eile, nách féidir a leithéid sin de thuairisc no de chomharthú do thabhairt, tabharfar pé tuairisc no comharthú is féidir a thabhairt do réir réasúin agus an scéal amhlaidh no féadfar “duine nách aithnid” do thabhairt mar thuairisc ar an duine sin.

Tuairisc scríbhinne.

8.—Más gá tagairt d'aon scríbhinn no instruimid i ndíotáil, is leor mar thuairisc uirthi aon ainm no comharthú le n-a n-aithnítear í do ghnáth, no a brí do thabhairt, gan aon chóip di do chur síos.

Riail ghenerálta i dtaobh tuairisce.

9.—Fé réir aon fhorálacha eile de sna rialacha so, is leor tuairisc i ngnáth-chaint do thabhairt ar áit, am, rud, ní, gníomh no faillí ar bith gur gá tagairt do i ndíotáil, ach é dhéanamh i slí go mbeidh sé réasúnta soiléir cadé an áit, an t-am, an rud, an ní, an gníomh no an fhaillí atá i gceist.

Ráiteas i dtaobh intinne.

10.—Nuair a beifar ag luadh intinn calaois, mealla no díobháil do dhéanamh, ní gá a rá go rabhthas ar intinn calaois do dhéanamh ar aon duine áirithe no é mhealla no díobháil do dhéanamh do más rud é, do réir an reachta le n-ar cruthnuíodh an cionta, nách cuid riachtanach den chionta é dhéanamh le hintinn calaois do dhéanamh ar aon duine áirithe ná le hintinn é mhealla ná le hintinn díobháil do dhéanamh do.

Seana-chiontuithe etc., do chur i leith duine.

11.—Má cuirtar i leith duine gur ciontuíodh cheana é no gur minic ag déanamh coirthe no ar meisce é, is i ndeire na díotála a cuirfar san, tré n-a rá—i gcás an duine bheith ciontuithe cheana, gur ciontuíodh cheana é sa chionta do dhéanamh am áirithe in áit áirithe, ach gan mion-innste thabhairt ar an gcionta, agus i gcás duine a dhineann coirthe no a bhíonn ar meisce go minic, gur duine é a dhineann coirthe go minic no a bhíonn ar meisce go minic, pe'ca aca é.

Saora i gcóir a. 32 (4) den Children Act, 1908.

12.—Ní dhéanfidh éinní sna rialacha so, ná in aon rialacha a déanfar fé alt a dó den Acht so, aon difir d'fhorálacha fo-alt (4) d'alt 32 den Children Act, 1908.

Caithfar cóip den díotáil do sholáthar.

13.—(1) Beidh sé de dhualgas ar chlárathóir na cúirte cóip den díotáil do thabhairt don duine cúisithe in aisce má iarrann sé í.

(2) I gcur na riala so i mbaint le cúirteanna contae, cuirfar cléireach na síochána in ionad clárathóir na cúirte.

Léiriú.

14.—Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923) le léiriú na rialacha so fé mar a bhaineann sé le léiriú Achta den Oireachtas.

Gearr-theideal.

15.—Féadfar na Rialacha Díotála, 1924, do ghairm de sna rialacha so, agus féadfar na rialacha so, maraon le haon rialacha a déanfar fén Acht so, do luadh le chéile fé aon chó-theideal a hordófar leis na rialacha deiridh sin a luaidhtear.

FO-SCRIBHINN LEIS NA RIALACHA.

FUIRMEACHA DIOTALA.

1.

RAITEAS AN CHIONTA.

Dúnmharbhú.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an

lá de

gContae

, J.S. do mharbhú.


2.

RAITEAS AN CHIONTA.

Cabharthóir le dúnmharbhú iar ngníomh.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B., agus a fhios aige go maith gur dhin H.C. áirithe C.C. do dhúmharbhú i gContae                    , an          lá de                    , H.C. sin do ghlaca, do shólású, do chimeád fé n-a choimirce agus cabhair agus cothú do thabhairt do i gContae                    , an          lá de                    , agus laethanta eile ina dhiaidh sin.


3.

RAITEAS AN CHIONTA.

Duineabhacht.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an

lá de

, i gContae

, J.S. do mharbhú go nea-dhleathach.


4.

RAITEAS AN CHIONTA.

Eigniú.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an

lá de

, i gContae

, aithne do chur ar E.F. go colnaí dá hainneoin.


5.

RAITEAS AN CHIONTA.

Cead Scor.

Créachtnú le hintinn díobhála contrárdha d'alt 18 den Offences against the Person Act, 1861.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae          , C.D. do chréachtnú le hintinn díobháil mhór chuirp do dhéanamh do, no é bhasca, no máchail do chur air, no é chur ar mí-chumas, no cur i gcoinnibh gabháil do dhéanamh go dleathach air, eadhon, ar A.B. sin.

RAITEAS AN CHIONTA.

Dara Scor.

Créachtnú contrárdha d'alt 20 den Offences against the Person Act, 1861.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an

lá de

, i gContae

, C.D. do chréachtnú go mailíseach.


6.

RAITEAS AN CHIONTA.

Danardhacht do leanbh, contrárdha d'alt 12 den Children Act, 1908.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. idir an          lá de                    , agus an          la de                    , i gContae                    , agus é ina dhuine os cionn sé mblian ndéag d'aois ar a raibh cimeád, cúram no caomhaint C.D., leanbh, droch-dhéanamh do thabhairt don leanbh san no faillí do thabhairt ann, no a chur fé ndeár no a fháil go ndéanfaí droch-dhéanamh do thabhairt don leanbh no faillí do thabhairt ann i slí gur dócha go mbeadh peannaid nár ghá air no go ndéanfaí díobháil dá shláinte.


7.

RAITEAS AN CHIONTA.

Ladranntacht, contrárdha d'alt 17 (1) (a) den Larceny Act, 1916.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B., eadhon, cléireach no seirbhíseach do M.N., deich stata éadaigh do ghuid o M.N. sin ar an          lá de                    i gContae.


8.

RAITEAS AN CHIONTA.

Robáil, le fóiréigean, contrárdha d'alt 23 (1) (b) den Larceny Act, 1916.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , uaireadóir do robáil ar C.D., agus le n-a linn sin, no díreach roimhe no ina dhiaidh, do dhin sé fóiréigean pearsanta ar C.D. sin.


9.

RAITEAS AN CHIONTA.

Cead Scor.

Ladranntacht ag duine a ciontuíodh cheana.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , mála le C.D. do ghuid. Do ciontuíodh A.B. cheana i mbuirgléaracht an          lá de                    , sa Chúirt a bhí ina suidhe i nGaillimh.

RAITEAS AN CHIONTA.

Dara Scor.

Earraí do guideadh do ghlaca, contrárdha d'alt 33 (1) den Larceny Act, 1916.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , mála le C.D. do ghlaca agus a fhios aige an céanna do bheith guidthe.


10.

RAITEAS AN CHIONTA.

Ladranntacht, contrárdha d'alt 13 den Larceny Act, 1916.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar oíche an          lá de                    , i gContae                    , brise isteach agus dul isteach i dtigh comhnaithe C.D. le hintinn guid a dhéanamh ann, agus do ghuid sé ann uaireadóir le S.T., uaireadóir is fiú deich bpúint.


11

RAITEAS AN CHIONTA.

Bagairt a dhéanamh clú-mhille scríbhte d'fhoillsiú, contrárdha d'alt 31 den Larceny Act, 1916.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    ,i gContae                    , leitir do chur ag triall ar C.D., no í do sheachada no do thairgsint do, no chuir sé fé ndeár go bhfuigheadh sé í, leitir in ar cuireadh coir aithiseach i leith C.D. sin no in ar bagradh air go ndéanfí amhlaidh agus san le hintinn a chur fhiachaint ar C.D. sin airgead do thabhairt uaidh.


12.

RAITEAS AN CHIONTA.

Earraí d'fháil le feallaireacht, contrárdha d'alt 32 (1) den Larceny Act, 1916.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , le hintinn calaois do dhéanamh, cúig slata éadaigh d'fháil o S.P., tré n-a leigint air go fallsa gur sheirbhíseach eisean, A.B. sin, do J.S., agus gur chuir J.S. sin eisean, A.B. sin, ag triall ar S.P. ad iarraidh an éadaigh sin, agus go raibh údarás an uair sin aige-sean, A.B. sin, o J.S. sin chun an t-éadach san do ghlaca thar ceann J.S. sin.


13.

RAITEAS AN CHIONTA.

Cogar chun calaoise.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. agus C.D. ar an          lá de                    , agus ar laethanta iomdha idir an lá san agus an          lá de                    , i gContae                    , cogar le chéile chun calaois do dhéanamh tré fhógrán a chuireadar san, A.B. sin agus C.D. sin, sa pháipéar nuachta H.C., agus in ar tugadh le tuisgint go fallsa go raibh gnó dílis macánta ar siúl an uair sin ag A.B. agus C.D. mar sheodairí i                    , i gContae          , agus go raibh ar a gcumas an uair sin earraí áirithe seodaireachta do thabhairt do pé duine a chuirfadh dhá phúnt chúcha.


14.

RAITEAS AN CHIONTA.

Cead Scor.

Dógha, contrárdha d'alt 2 den Malicious Damage Act, 1861.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , tigh comhnaithe do chur tré theine go mailíseach agus duine, F.G., ann.

RAITEAS AN CHIONTA.

Dara Scor.

Dógha, contrárdha d'alt 3 den Malicious Damage Act, 1861.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , tigh do chur tré theine go mailíseach le hintinn díobhála no calaoise.


15.

RAITEAS NA gCIONTA.

A.B., dógha, contrárdha d'alt 3 den Malicious Damage Act, 1861:

C.D., cabharthóir sa chionta chéanna roimh an ngníomh.

MION-INNSTE AR NA CIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , tigh do chur tré theine le hintiun díobhála no calaoise.

Do dhin C.D. an lá céanna san i gContae                    , a chomharliú do A.B. agus a thabhairt air agus a ordú dho an cionta san do dhéanamh.


16.

RAITEAS AN CHIONTA.

Cead Scor.

Cionta fé alt 35 den Malicious Damage Act, 1861.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , trasnán le Mórbhóthar Iarainn an Deiscirt agus an Iarthair do chur as a ionad le hintinn aon scruinge, cóiste freastail, caráiste no truc, in úsáid ar an mbóthar iarainn sin, do chosc, do leaga, do chur buniscionn, do dhocharú no do dhíthiú.

RAITEAS AN CHIONTA.

Dara Scor.

Constaicí do chur ar bhóthar iarainn, contrárdha d'alt 36 den Malicious Damage Act, 1861.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B., ar an          lá de                    , i gContae                    , tré trasnán le Mórbhóthar Iarainn an Deiscirt agus an Iarthair do chur as a ionad go nea-dhlíthiúil, cosc do chur no a chur fé ndeár cosc do chur le scruinge no le caráiste a bhí in úsáid ar an mbóthar iarainn sin.


17.

RAITEAS AN CHIONTA.

Damáiste dhéanamh do chrainn, contrárdha d'alt 22 den Malicious Damage Act, 1861.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , damáiste go mailíseach do chrann daire a bhí ag fás ansan.

Do ciontuíodh A.B. fé dhó cheana i gcionta fé alt 22 den Malicious Damage Act, 1861, eadhon, i                    , an          lá de          , agus i          , an          lá de                    .


18.

RAITEAS AN CHIONTA.

Cead Scor.

Aithris ar scríbhinn, contrárdha d'alt 2 (1) (a) den Forgery Act, 1913.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , le hintinn calaois do dhéanamh, uacht bhréagach a bhí in ainm bheith ina huacht a dhin C.D.

RAITEAS AN CHIONTA.

Dara Scor.

Aithris ar scríbhinn do thairgsint, contrárdha d'alt 6 den Forgery Act, 1913.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , uacht bhréagach áirithe, a bhí in ainm bheith ina huacht a dhin C.D., do thairgsint agus a fhios aige gurbh uacht bhréagach í, agus san le hintinn calaois do dhéanamh.


19.

RAITEAS AN CHIONTA.

Mona bréagach do thairgsint, contrárdha d'alt 9 den Coinage Offences Act, 1861.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , sa tsiopa atá ag C.D. i gContae                    , leath-choróin bhréagach do thairgsint agus a fhios aige gur leath choróin bhréagach í.


20.

RAITEAS AN CHIONTA.

Mona bréagach do thairgsint, contrárdha d'alt 12 den Coinage Offences Act, 1861.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , sa tsiopa atá ag C.D. i gContae                    , sabhran bréagach do thairgsint agus a fhios aige gur shabhran bréagach é.

Do ciontuíodh A.B. i mí-iompar cheana fé alt 9 den Coinage Offences Act, 1861, ar an          lá de                    , i


21.

RAITEAS AN CHIONTA.

Clú-mhille scríbhte.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , clú-mhille scríbhte d'fhoillsiú i dtaobh E.F., i bhfuirm leitreach (leabhair, paimfléide, pictiúra, no pé rud é féin).

(Luaidhtear an innuendo más gá é).


22.

RAITEAS AN CHIONTA.

Cead Scor.

Clú-mhille draosta scríbhte d'fhoillsiú.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin E.M. ar an          lá de                    , i gContae                    , agus do chuir sé fé ndéar no thug sé chun críche, clú-mhille draosta scríbhte, 'na bhfuil mion-innste air curtha isteach i dteanta na díotála so, do dhíol, do nochta agus d'fhoillsiú.

(Luaidhtear na leathanaigh agus na línte atáthar a ghearán, más gá san, mar a bheadh i leabhar).

RAITEAS AN CHIONTA.

Dara Scor.

Clú-mhille (no ní) draosta scríbhte do thabhairt chun críche le hintinn é dhíol no é fhoillsiú.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin E.M. ar an          lá de                    , i gContae                    , clú-mhille (no ní) draosta scríbhte, 'na bhfuil mioninnste air curtha isteach i dteanta na díotála so, do thabhairt chun críche le hintinn an clú-mhille (no ní) draosta scríbhte sin do dhíol, do nochta no d'fhoillsiú.

23.

RAITEAS AN CHIONTA.

Cead Scor.

Fallsú cuntaisí, contrárdha d'alt 1 den Falsification of Accounts Act, 1875.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , agus é mar chléireach no scirbhíseach ag C.D., le hintinn calaois do dhéanamh, iontráil bhréagach do chur no aontú le hiontráil bhréagach do chur i leabhar airgid le C.D. sin, a fhostathóir, agus í in ainm bheith á theasbáint gur híocadh £100 le L.M. an lá san.

RAITEAS AN CHIONTA.

Dara Scor.

Mar atá an chéad scór.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , agus é mar chléireach no seirbhíseach ag C.D., no d'aontuigh sé go ndéanfaí, le hintinn calaois do dhéanamh, puínte táchtach d'fhágaint amach as leabhar airgid le C.D. sin, a fhostathóir, sé sin le rá, £50 d'fháil o H.S. an lá san.


24.

RAITEAS AN CHIONTA.

Cead Scor.

Maoin do chlaona go calaoiseach, contrárdha d'alt 20 (1) (iv) (a) den Larceny Act, 1916.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , maoin áirithe do chlaona go calaoiseach chun úsáide agus chun tairbhe dho féin, sé sin le rá, £100 do chur H.S. fé n-a chúram i dtreo go ndéanfadh seisean, A.B. sin, é choinneáil i slán-chimeád.

RAITEAS AN CHIONTA.

Dara Scor.

Maoin do chlaona go calaoiseach, contrárdha d'alt 20 (1) (iv) (b) den Larceny Act, 1916.

MION-INNSTE AR AN gCIONTA.

Do dhin A.B. ar an          lá de                    , i gContae                    , maoin áirithe do chlaona go calaoiseach chun úsáide agus chun tairbhe dho féin, sé sin le rá, suim £200, a fuair sé ar son agus thar ceann L.M.

DARA SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

11 & 12 Vict. c. 12.

The Treason Felony Act, 1848.

Alt a cúig.

11 & 12 Vict. c. 46.

The Criminal Procedure Act, 1848.

A bhfuil den Acht gan athghairm.

14 & 15 Vict. c. 100.

The Criminal Procedure Act, 1851.

Ailt a haon, a dó, a trí, a cúig, a seacht, a trí is fiche, a ceathair is fiche, agus a cúig is fiche.

24 & 25 Vict. c. 96.

The Larceny Act, 1861.

Alt a hocht is fiche o “and in any indictment” go deire an ailt, agus alt a céad a sé déag o thosach an ailt go dtí “offences; and.”

24 & 25 Vict. c. 97.

The Malicious Damage Act, 1861.

Alt a trí fichid, síos go dtí “alleging “an intent to injure or defraud “any particular person; and.”

24 & 25 Vict. c. 98.

The Forgery Act, 1861.

Ailt a dó is dachad agus a trí is dachad, agus alt a ceathair is dachad síos go dtí “any partic“ular person; and.”

24 & 25 Vict. c. 99.

The Coinage Offences Act, 1861

Alt a seacht is tríocha, o “it shall “be sufficient” go dtí “con“viction for the previous offence; “and.”

24 & 25 Vict. c. 100.

The Offences against the Person Act, 1861.

Alt 6.

26 & 27 Vict. c. 29

The Corrupt Practices Prevention Act, 1863.

Alt a sé síos go dtí “require; and.”

38 & 39 Vict. c. 24.

The Falsification of Accounts Act, 1875.

Alt a dó.

39 & 40 Vict. c. 36.

The Customs Consolidation Act, 1876.

Alt a naoi is fiche, o “and in any “information” go deire an ailt.

46 & 47 Vict. c. 3.

The Explosive Substances Act, 1883.

Fo-alt (2) d'alt a seacht.

51 & 52 Vict. c. 64.

The Law of Libel Amendment Act, 1888.

Alt a seacht.

61 & 62 Vict. c. 60.

The Inebriates Act, 1898.

I bhfo-alt (2) d'alt a haon na focail

“in any indictment under this

“section, it shall be sufficient,

“after charging the offence, to

“state that the offender is a

“habitual drunkard.”

8 Edw. VII. c. 48.

The Post Office Act, 1908.

Alt a trí is seachtó sa mhidé go mbaineann sé le díotála.

8 Edw. VII. c. 59.

The Prevention of Crime Act, 1908.

Fo-alt (3) d'alt a deich.