29 1924


Uimhir 29 de 1924.


ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1924.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN BÓITHRE IARAINN I SAORSTÁT ÉIREANN D'ATH-CHÓGHLÉASA AGUS DO REGLEÁIL FEASTA AGUS CHUN AN DLÍ A BHAINEAS LE BÓITHRE IARAINN DO LEASÚ AR SHLITE EILE. [23adh Iúl, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRA.

Minithe.

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an chuideachta chó-nasctha” an chuideachta a bunófar tré sna cuideachtana a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chó-nasca do réir forálacha an Achta so agus tré sna cuideachtana a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san do thógaint isteach;

cialluíonn an focal “cuideachta chó-nascthach” ceann de sna cuideachtana a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus 'na bhfuiltar chun an chuideachta chó-nasctha do dhéanamh di tré chó-nasca;

cialluíonn an focal “cuideachta thógtha-isteach” ceann de sna cuideachtana a luaidhtear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus 'na bhfuiltar chun í thógaint isteach sa chuideachtain chó-nasctha fé fhorálacha an Achta so;

cialluíonn an focal “an bínse bóthair iarainn” an chúirt a bunófar fén ainm sin do réir Cuid II. den Acht so;

cialluíonn an focal “Aire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

CUID I.

Ath-choghleasa Suisteam na mBothar Iarainn.

Có-nasca na mbóthar iarainn.

2. —(1) Chun suisteam bóithre iarainn Shaorstáit Éireann d'ath-chóghléasa agus é oibriú níos fearr agus níos saoire códhéanfar an chuideachta chó-nasctha do réir forálacha an Achta so tré sna cuideachtana a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chó-nasca, agus tré sna cuideachtana a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san do thógaint isteach.

(2) Chun crícheanna an Achta so, déanfidh an chuideachta chónasctha ar an 1adh lá d'Eanair, 1925, no ar pé dáta roimhe sin no ina dhiaidh a cheapfidh an bínse bóthair iarainn tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, Mion-Bhóthar Iarainn Gual-Choiléar Airgne, Bóthar Iarainn Bhaile Ath hI agus Gual-Choiléar Chnocán na Mactíre, agus Bóthar Iarainn Chaisleán an Chumair do thógaint isteach ar théarmaí a socrófar le húnaerí na mbóthar iarainn sin, no, mara socruítear mar sin é, ar théarmaí a shocróidh an bínse bóthair iarainn.

Ullamhú agus socrú na scéime có-nascthachta.

3. —(1) Féadfidh na cuideachtana có-nascthacha, ar an 31adh lá de Lúnasa, 1924, no roimhe sin, scéim chó-nascthachta a cuireadh le chéile do réir forálacha an Achta so agus le n-ar aontuigh na cuideachtana san uile, do chur fé bhráid an Aire.

(2) Cuirfidh an tAire chun an bhínse bhóthair iarainn aon scéim a cuirfar fé n-a bhráid mar sin, agus daingneoidh an bínse an scéim mara bhfeictar dóibh ná fuil an scéim do réir mar a hiarrtar leis an Acht so í bheith no nár có-líonadh na forálacha den Acht so a bhaineas leis an nós-imeachta is inleanta sara gcuirtar fé bhráid an Aire scéim le n-ar haontuíodh.

(3) Mara ndinidh na cuideachtana có-nascthacha scéim chónascthachta le n-ar haontuíodh, agus a cuireadh le chéile do réir forálacha an Achta so, do chur fé bhráid an Aire ar an dáta san no roimhe sin, ullamhóidh agus socróidh an bínse bóthair iarainn do réir an Achta so scéim chun na cuideachtana san do chó-nasca.

Forálacha nách foláir a bheith sa scéim chónascthachta.

4. —I scéim chó-nascthachta fén Acht so—

(a) beidh forálacha chun an chuideachta chó-nasctha d'ionchorporú fé ainm oiriúnach agus comhacht aici chun talamh a bheith ar seilbh aici chun crícheanna na cuideachtan, agus pé forálacha a dheabhróidh bheith riachtanach no oiriúnach i dtaobh caipital scaire agus iasacht na cuideachtan có-nasctha agus dílsiú maoin, ceartanna, comhachtanna, dualgaisí agus fiachaisí, reachtúil no nea-reachtúil, na gcuideachtan gcónascthach; agus

(b) socrófar go generálta i dtaobh téarmaí agus coiníollacha an chó-nasctha agus i gcóir críochnú gnótha na gcuideachtan gcó-nascthach, maraon le hurúsanna ón gcuideachtain chó-nasctha, pé cinn agus pé méideanna ionta a luadhfar sa scéim, do roinnt ar shealbhóirí urúsanna o sna cuideachtana có-nascthacha in ionad na n-urús san agus mar shásamh ar gach éileamh a eireoidh dá mbarr; agus

(c) ionchorporófar Cuid V. den Railways Clauses Act, 1863, fé réir forálacha an Achta so, agus féadfar aon cheann d'fhorálacha an Companies Clauses Consolidation Act, 1845, agus d'fhorálacha na nAcht le n-ar leasuíodh an tAcht san d'ionchorporú fé réir an atharuithe seo: go bhféadfidh daoine atá ina n-únaerí, agus 'na bhfuil pé cáilíochtaí eile acu a forálfar (má foráltar iad) leis an scéim, bheith ar aon choistí a ceapfar fé alt 95 den Companies Clauses Consolidation Act, 1845, bíodh nách stiúrthóirí ar an gcuideachtain na daoine sin; agus

(d) cuirfar in éifeacht na forálacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so i dtaobh stiúrú na cuideachtan có-nasctha, agus féadfar, le toil na n-únaerí, socrú i dtaobh cúiteamh d'íoc amach as sócmhainní cuideachtan có-nascthaighe le héinne de stiúrthóirí na cuideachtan san go mbainfidh cailliúint do tré dheire bheith curtha len' oifig no a eireoidh as oifig toisc é bheith ceaptha mar bhall seasmhach den bhínse bhóthair iarainn, ach sa chás deiridh sin cuimhneofar ar a luach saothair mar bhall seasmhach den tsórt san den bhínse bhóthair iarainn nuair a beifear ag socrú méid aon chúitimh den tsórt san; agus

(e) beidh pé forálacha is gá de dheascaibh an chó-nasctha maidir le bainistí aon chiste no cistí i gcóir aoisliúntais, pinsin, soláthair, baintreacha agus dílleachtaithe agus sochair eile, a bunuíodh ag aon chuideachtain chónascthach, ach san i dtreo go gcimeádfar bainistí na gcistí sin ar gach slí eile gan atharú go dtí go ndéanfidh an tOireachtas socrú eile; agus

(f) ionchorporófar na forálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir le sean-oifigigh agus seana-sheirbhísigh; agus

(g) féadfar pé foth-fhorálacha agus forálacha breise do dhéanamh a dheabhróidh bheith riachtanach no oiriúnach chun forálacha na scéime agus crícheanna an Achta so do chur i lán-éifeacht.

Ullamhú agus ceadú scéimeanna tógainteisteach.

5. —(1) Féadfidh na cuideachtana có-nascthacha, ar an 31adh lá de Lúnasa, 1924, no roimhe sin, scéim no scéimeanna do chur fé bhráid an Aire a cuirfar le chéile do réir forálacha an Achta so chun gach ceann no aon cheann de sna cuideachtana tógthaisteach do thógaint isteach sa chuideachtain chó-nasctha, ar théarmaí le n-a n-aontóidh na cuideachtana tógtha-isteach le n-a mbainfidh an scéim no na scéimeanna.

(2) Cuirfidh an tAire chun an bhínse bhóthair iarainn aon scéim a cuirfar fé n-a bhráid mar sin, agus daingneoidh an bínse an scéim mara bhfeictar dóibh ná fuil an scéim do réir mar a hiarrtar leis an Acht í bheith no nár có-líonadh na forálacha den Acht so a bhaineann leis an nós-imeachta is inleanta sara gcuirtar fé bhráid an Aire scéim le n-ar haontuíodh.

(3) Mara gcuiridh na cuideachtana có-nascthacha fé bhráid an Aire, ar an dáta san no roimhe sin, scéim no scéimeanna le n-ar haontuíodh agus a cuireadh le chéile do réir forálacha an Achta so chun gach cuideachta thógtha-isteach do thógaint isteach, ullamhóidh agus socróidh an bínse bóthair iarainn do réir an Achta so scéim chun tógaint-isteach do dhéanamh ar aon chuideachta den tsórt san nár dineadh ina cóir scéim thógainte-isteach le n-ar haontuíodh agus a cuireadh le chéile do réir forálacha an Achta so.

Forálacha a bheidh i scéimeanna tógainteisteach.

6. —I scéim thógainte-isteach fén Acht so—

(a) socrófar ar pé slí a dheabhróidh bheith riachtanach no oiriúnach i dtaobh maoin, ceartanna, comhachtanna, dualgaisí, agus fiachaisí uile, reachtúil no nea-reachtúil, aon chuideachtan tógtha-isteach le n-a mbaineann an scéim, d'aistriú chun na cuideachtan có-nasctha; agus

(b) socrófar i dtaobh na comaoine a tabharfar don chuideachtain no do sna cuideachtana tógtha-isteach, agus go generálta i dtaobh téarmaí agus coiníollacha an aistrithe, agus féadfar a shocrú go mbeidh an chomaoine có-dhéanta, i bpáirt no go hiomlán, d'urúsanna ón gcuideachtain chó-nasctha; agus

(c) socrófar i dtaobh críochnú gnótha na cuideachtan no na gcuideachtana tógtha-isteach agus féadfar a shocrú go bhfuighidh sealbhóir aon urúsanna de chuid na cuideachtan tógtha-isteach, nuair a déanfar aon chríochnú-gnótha den tsórt san, in ionad na n-urús san agus mar shásamh ar gach éileamh a eireoidh dá mbarr, urúsanna de chuid na cuideachtan có-nasctha atá ina gcuid den chomaoine a híocfar as aistriú an ghnótha, pé cinn agus pé méideanna ionta a luadhfar sa scéim, agus féadfar, le toil na n-únaerí, socrú i dtaobh cúiteamh d'íoc amach as sócmhainní cuideachtan tógtha-isteach le héinne de stiúrthóirí na cuideachtan san go mbainfidh cailliúint do tré dheire do bheith curtha len' oifig no a eireoidh as oifig toisc é bheith ceaptha mar bhall seasmhach den bhínse bhóthair iarainn, ach sa chás deiridh sin cuimhneofar ar a luach saothair mar bhall seasmhach den tsórt san den bhínse bhóthair iarainn nuair a beifear ag socrú méid aon chúitimh den tsórt san; agus

(d) ionchorporófar forálacha Cuid V. den Railways Clauses Act, 1863, fé réir forálacha an Achta so; agus

(e) beidh pé forálacha is gá de dheascaibh na tógainteisteach maidir le bainistí aon chiste no cistí i gcóir aois-liúntais, pinsin, soláthair, baintreacha agus dílleachtaithe, agus sochair eile, a bunuíodh ag aon chuideachtain thógtha-isteach le n-a mbaineann an scéim, ach san i dtreo go gcimeádfar bainistí na gcistí sin ar gach slí eile gan atharú go dtí go ndéanfar socrú eile ag an Oireachtas no tré chó-aontú idir na páirtithe le n-a mbaineann an scéal, pe'ca aca is gá sa chás; agus

(f) ionchorporófar na forálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir le sean-oifigigh agus seana-sheirbhísigh; agus

(g) féadfar pé foth-fhorálacha agus forálacha breise do dhéanamh a dheabhróidh bheith riachtanach no oiriúnach chun forálacha na scéime agus crícheanna an Achta so do chur i lán-éifeacht.

I gcásanna áirithe ní haistreofar fiachas.

7. —(1) In ainneoin éinní atá san Acht so, ní haistreofar chun na cuideachtan có-nasctha aon fhiachas atá ar chuideachtain tógtha-isteach maidir le haon dividenda no ús no riaráiste dividenda no úis ar aon iasacht no ar aon mhorgáiste, banna, muirear, debentiúir, stoc debentiúra no urús eile ar airgead ar a raibh riaráiste dividenda no úis sé mblian no breis gan íoc ar an 3adh lá d'Abrán, 1924, agus ní bhainfidh leis an bhfiachas san aon fhorálacha san Acht so a bhaineann le scéim thógainte-isteach: Ach ní bhainfidh an fo-alt so leis an bhfiachas atá ar chuideachtain tógtha-isteach maidir le haon dividenda no ús no riaráiste dividenda no úis ar aon mhorgáiste, banna, muirear, debentiúir, stoc debentiúra no urús eile ar airgead, 'na raibh a shealbhóir de bhua an chéanna (pe'ca tríd féin é no tré iontaobhaí thar a cheann, no tré ghlacadóir a cheap sé no tré aon iontaobhaí thar a cheann san), ar an 3adh lá d'Abrán, 1924, i seilbh na maoine no aon chuid den mhaoin gurb é an morgáiste, an banna, an muirear, an debentiúir, no an stoc debentiúra san no an t-urús eile sin ar airgead í.

(2) Mara socruighidh na cuideachtana có-nascthacha agus na cuideachtana tógtha-isteach chun críche scéime tógainte-isteach, cad is luach caipitiúil d'aon iasacht no urús áirithe dá luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, isé méid a bheidh sa luach ná pé méid (más ann do) a shocróidh an bínse bóthair iarainn tar éis féachaint arbh fhéidir go n-íocfaí aon dividenda no ús ar aon iasacht no urús den tsórt san dá mba ná déanfí an tógaint-isteach.

Forálacha i dtaobh socrú téarmaí agus coiníollacha an chó-nasctha no an aistrithe.

8. —Chun téarmaí agus coiníollacha an chó-nasctha idir na cuideachtana có-nascthacha do shocrú no téarmaí agus coiníollacha aistriú gnó aon chuideachtan tógtha-isteach, breithneoidh an bínse bóthair iarainn gach éinní a bhaineann leis an scéal, go mór mór luach gach cuideachtan de sna cuideachtana có-nascthacha agus de sna cuideachtana tógtha-isteach mar chuideachtain fé leith, do réir an ioncuim glan a thuillid, agus a luach mar fhíor-chuid den chuideachtain chó-nasctha: ach déanfar san gan bacaint le spáráil ná le méadú gnótha ná le nithe eile a raghadh chun a luach do mhéadú mar fhíor-chuid den tsórt san agus ná tiocfadh ach amháin de bharr na bhforálacha den Acht so a bhaineann le cónasca agus le tógaint-isteach:

Ach i gcás líne cuideachtan do bheith á oibriú ag cuideachtain eile fé shocrú tré n-a bhfuil percentáiste d'fháltaisí iomlána an líne a hoibrítear amhlaidh iníoctha leis an gcuideachtain gur leo an líne, ní chuirfidh an bínse bóthair iarainn san áireamh, nuair a bheid ag socrú téarmaí agus coiníollacha an aistrithe, aon chomhachta chun éilithe dhéanamh is aoirde ná iad súd a húdaruítear i gcóir an líne sin fé sna forálacha reachtúla a bhí i bhfeidhm sa bhliain 1913.

Forálacha breise i dtaobh scéimeanna.

9. —(1) Déanfar an scéim chó-nascthachta agus gach scéim thógainte-isteach do chur le chéile i slí go dtiocfid i ngníomh an 1adh lá d'Eanair, 1925, no ar pé dáta roimhe sin no ina dhiaidh a shocróidh an bínse bóthair iarainn tar éis dul i gcomhairle leis an Aire:

Ach tuigfar an scéim chó-nascthachta do theacht i ngníomh láithreach roimh na scéimeanna tógainte-isteach.

(2) Sara gcuirtar chun an bhínse bhóthair iarainn scéim chónascthachta no scéim thógainte-isteach le n-ar haontuíodh, déanfar, ar an gcuma a foráltar sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an scéim do chur fé bhráid únaerí agus sealbhóirí stuic dhebentiúra gach cuideachtan có-nascthaighe agus gach cuideachtan tógtha-isteach le n-a mbaineann an scéim.

(3) Nuair a bheidh scéim fén gCuid seo den Acht so daingnithe no socruithe ag an mbínse bóthair iarainn, beidh gach duine fé cheangal aici agus beidh éifeacht aici fé mar a hachtófí san Acht so í, agus má foráltar le haon scéim den tsórt san go gcuirfar aon urúsanna ón gcuideachtain chó-nasctha in ionad urúsanna cuideachtan có-nascthaighe no cuideachtan tógtha-isteach beidh ag aon iontaobhaí no ag éinne eile a bheidh ag gníomhú i bhfeidh meanas iontaoibhe, más rud é, ar dháta an chó-nasctha no na tógainte-isteach, go raibh aon urúsanna o chuideachtain chonascthach no o chuideachtain tógtha-isteach ar seilbh aige agus go raibh teideal aige chun iad do bheith ar seilbh aige, beidh aige teideal chun na hurúsanna ón gcuideachtain chó-nasctha a cuirfar ina n-ionad do bheith ar seilbh aige.

(4) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar scór aon scéime có-nascthachta no tógainte-isteach.

(5) Cuirfar ar díol, i pé áiteanna agus ar pé praghsanna a ordóidh an tAire, cóipeanna cló-bhuailte den scéim chónascthachta bheartuithe agus de gach scéim thógainte-isteach a cuireadh fé bhráid an Aire no d'ullamhuigh an bínse bóthair iarainn do réir forálacha altanna 3 agus 5 den Acht so, fé seach, agus foillseofar san Iris Oifigiúil fógra á rá go bhfuil na cóipeanna san ar díol agus cá bhfuilid le fáil, agus ní dhéanfidh an bínse bóthair iarainn aon scéim den tsórt san do dhaingniú ná do shocrú go ceann lá is fiche tar éis foillsiú an fhógra san.

(6) Tuigfar gur rialacha reachtúla an scéim chó-nascthachta agus gach scéim thógainte-isteach agus déanfar iad do chlóbhuala, d'uimhriú, d'fhoillsiú agus do dhíol, agus féadfar iad do luadh, fé mar is gá rialacha reachtúla do chló-bhuala, d'uimhriú, d'fhoillsiú, agus do dhíol, agus fé mar is ceaduithe iad do luadh, do réir na dlí de thurus na huaire.

(7) Má chuireann an bínse bóthair iarainn siar go dtí dáta is déanaí ná an 1adh lá san d'Eanair, 1925, dáta na scéimeanna có-nascthachta agus tógainte-isteach do theacht i ngníomh, ansan, faid a beifar ag feitheamh leis an dáta san, déanfar gnóthaí gach cuideachtan có-nascthaighe agus gach cuideachtan tógthaisteach d'úsáid, d'oibriú, do bhainistí, do choinneáil suas agus do dheisiú mar aon chó-ghnó amháin, agus roinnfar fáltaisí glan an chó-ghnótha ar na cuideachtana có-nascthacha agus na cuideachtana tógtha-isteach ar pé téarmaí agus fé réir pé coiníollacha agus do réir pé cionúireachtaí ar a socróidh na cuideachtana uile agus fé leith le cead ón mbínse bóthair iarainn, no, mara ndintar an socrú san, fé mar a cheapfidh an bínse bóthair iarainn, agus déanfar na forálacha so a leanas den Acht so agus a bhaineas leis an gcuideachtain chó-nasctha d'fheidhmiú fé is dá mb'é gnó na cuideachtan có-nasctha an có-ghnó san agus fé is dá mb'é an chuideachta chó-nasctha cólucht rialúcháin an chó-ghnótha.

Roimh-scéim.

10. —(1) Féadfidh aon dá chuideachtain chó-nascthacha no níos mó roimh-scéim i gcóir có-nasca na gcuideachtan san do leaga fé bhráid an Aire aon uair tar éis rithte an Achta so agus roimh an 31adh lá de Lúnasa, 1924, chun í chur chun an Bhínse Bhóthair Iarainn.

(2) Féadfidh cuideachta chó-nascthach no aon dá chuideachtain chó-nascthacha no níos mó roimh-scéim do leaga fé bhráid an Aire aon uair tar éis rithte an Achta so agus roimh an 31adh lá de Lúnasa, 1924, chun í chur chun an Bhínse Bhóthair Iarainn, roimh-scéim chun aon chuideachta no cuideachtana tógthaisteach do thógaint isteach sa chuideachtain na sna cuideachtana có-nascthacha san ar pé téarmaí ar a socrófar idir na cuideachtana san.

(3) Ceadóidh an Bínse Bóthair Iarainn aon roimh-scéim den tsórt san a cuirfar chúcha amhlaidh mara bhfeictar dóibh nár có-líonadh na forálacha den Acht so a bhaineann leis an nósimeachta is inleanta sara gcuirtar scéim fé bhráid an Aire no, tar éis éisteacht le pé cinn de sna cuideachtana có-nascthacha eile gur mian leo go n-éistfí leo, maran dó leis an mBínse Bóthair Iarainn an scéim do bheith bunoscionn leis an scéim chó-nascthachta a déanfar do réir forálacha an Achta so no docharach di.

(4) Láithreach tar éis a ceaduithe tiocfidh gach roimh-scéim den tsórt san i ngníomh fé réir pé forálacha a bheidh inti ina thaobh san.

(5) Fé réir forálacha an ailt seo, bainfidh na forálacha uile atá sa Chuid seo den Acht so i dtaobh scéimeanna có-nascthachta agus scéimeanna tógainte-isteach, tar éis na hoiriúnuithe is gá do dhéanamh ortha, bainfid fé seach le roimh-scéimeanna có-nascthachta agus le roimh-scéimeanna tógainte-isteach ach amháin, in ionad éifeacht do thabhairt, i roimh-scéim chó-nascthachta, do sna forálacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so i dtaobh stiúrú na Cuideachtan, go gcuirfar inti pé socrú eile ina thaobh ar a socrófar idir na cuideachtana a có-nascfar.

(6) Ag daingniú no ag ullamhú agus ag socrú na scéime conascthachta dóibh, cuirfidh an Bínse Bóthair Iarainn in éifeacht aon roimh-scéim a cheaduíodar, ach déanfid é i slí ná déanfa sé dochar do leasanna na gcuideachtana có-nascthacha eile.

(7) Aon chuideachta a bunófar le roimh-scéim chó-nascthachta tuigfar chun crícheanna an Achta so gur cuideachta chó-nascthach í in ionad na gcuideachtana a có-nascadh tríd an scéim agus ní tuigfar gurb í an chuideachta chó-nasctha do réir brí an Achta so í.

Comhacht d'iontaobhaithe chun urúsanna na cuideachtan có-nasctha do cheannach.

11. —Chun crícheanna forálacha an Trustee Act, 1893, i dtaobh na n-urús go bhfuil sé údaruithe d'iontaobhaithe cistí iontaobhachta do shúncáil ionta, deighleálfar leis an gcuideachtain chónasctha fé is dá mba chuideachta bhóthair iarainn i Saorstát Éireann í a hionchorporófí tré Acht Páirliminte fé leith agus go ndéanfadh sí, i ngach bliain den deich mbliana díreach roimh dháta an chó-nascthachta, dividendum d'íoc do réir ráta nár lú ná trí per centum per annum ar a gnáth-stoc.

Fostaithe Tigh Eadar-Chuntais Bóithre Iarainn na hÉireann.

12. —(1) Bainfidh forálacha an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht so, agus na hatharuithe a luaidhtear ina dhiaidh seo anso déanta ortha, le gach duine a bhí ar an 3adh lá d'Abrán, 1924, ina oifigeach no ina sheirbhíseach do Thigh Eadar-Chuntais Bóithre Iarainn na hÉireann agus a cuirfar chun siúil toisc deire bheith le n-a oifig no le n-a bhirt de dheascaibh aon ath-chóghléasa a déanfar ar Thigh Eadar-Chuntais Bóithre Iarainn na hÉireann laistigh dé chúig bliana tar éis rithte an Achta so, no go n-éileofar air dá dheascaibh dualgaisí do chó-líona ná fuil có-ghaolmhar do sna dualgaisí a bhíodh air a chó-líona láithreach roimh an dáta roimhráite no atá ina mbreis nea-réasúnta leo.

(2) Chun críche an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht so do chur i mbaint leis na daoine roimhráite, léireofar an Sceideal san agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí Tigh Eadar-Chuntais Bóithre Iarainn na hÉireann sa Sceideal san in ionad na cuideachtan có-nasctha agus fé is dá mb'oifigigh no seirbhísigh do chuideachtain chó-nascthach na daoine roimhráite.

CUID II.

Bunu an Bhinse Bhothair Iarainn.

Có-dhéanamh an bhínse bhóthair iarainn.

13. —(1) Bunófar cúirt dá ngairmfar an Bínse Bóthair Iarainn agus a bheidh có-dhéanta de thriúr ball seasmhach, sé sin lé rá, cathaoirleach agus beirt ghnáth-bhall, agus isé an Seanascal a cheapfidh iad uile, ar chomhairle na hArd-Chomhairle.

(2) Ceapfar gach duine de bhaill sheasmhacha an bhínse bhóthair iarainn agus beidh sé i seilbh oifige ar feadh cúig mblian agus ansan ragha sé as oifig, ach beidh sé ion-athcheaptha.

(3) Féadfidh ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn eirghe as a oifig aon uair.

(4) Ní féadfar ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn do chur as a oifig ach le rún a rithfidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann agus san mar gheall ar mhí-chumas no mí-iompar a luadhfar sa rún san.

(5) Beidh an bínse bóthair iarainn ina chúirt bhreacacháin agus beidh séala oifigiúil aige ar a dtabharfar áird go hoifigiúil agus i gcúrsaí breithiúntais, agus féadfidh an bínse bóthair iarainn gníomhú in ainneoin aon fholúntas do bheith ina líon.

Cáilíochta ballra an bhínse bhóthair iarainn.

14. —(1) Gach duine a ceapfar chun bheith ina chathaoirleach ar an mbínse bóthair iarainn ní foláir do bheith ar dháta a cheaptha—

(a) ina abhcóide a bhí ag cleachta a ghairme ar feadh deich mblian ar a luíod, no

(b) ina bhreitheamh no tar éis bheith ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda, no

(c) tar éis bheith ina bhreitheamh de Chúirt Uachtarach an Údaráis in Éirinn, no

(d) tar éis bheith ina Bhreacthóir no ina Bhreitheamh Chúirte Contae i Saorstát Éireann.

(2) Féadfar breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, no den Chúirt Chuarda do cheapa agus é i seilbh na hoifige sin, le n-a thoil féin agus le toil an Phrímh-Bhreithimh, chun bheith ina chathaoirleach ar an mbínse bóthair iarainn ar na téarmaí go bhféadfa sé a oifig mar bhreitheamh den tsórt san do chimeád in ainneoin a cheaptha mar chathaoirleach den tsórt san.

(3) Ní foláir do dhuine de ghnáth-bhaill an bhínse bhóthair iarainn taithí do bheith aige i gcúrsaí tráchtála agus ní foláir don duine eile de sna baill sin taithí do bheith aige i ngnó bóthair iarainn.

(4) Ní dhéanfidh ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn, faid a bheidh an oifig sin aige, dul ná fanúint ar fostú ag aon duine ná ag aon chuideachtain ná ag aon lucht eile gnótha a iomparuíonn daoine no rudaí, agus ní dhéanfidh cathaoirleach ar an mbínse bóthair iarainn, faid a bheidh an oifig sin aige, dlí do chleachta ag an mbarra i Saorstát Éireann.

(5) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, féadfar ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn do cheapa ar pé téarmaí, maidir le haon oifig no fostaíocht eile do chimeád no gan a cimeád aige, a chuirfidh an Ard-Chomhairle in úil don tSeanascal, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire marab Aire den Ard-Chomhairle é.

Ceapa oifigeacha agus íoc costaisí an bhínse bhóthair iarainn.

15. —(1) Ceapfidh an tAire clárathóir don bhínse bhóthair iarainn agus féadfa sé, fé réir cead an Aire Airgid maidir le huimhreacha, oifigigh agus seirbhísigh eile do cheapa don bhínse bhóthair iarainn fé mar a mheasfa sé bheith riachtanach chun cabhrú leo chun a ndualgaisí d'fheidhmiú.

(2) Íocfar le baill sheasmhacha an bhínse bhóthair iarainn, agus le clárathóir agus oifigigh agus seirbhísigh eile an bhínse bhóthair iarainn pé luach saothair a shocróidh an tAire Airgid.

(3) Bainfidh Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) , le clárathóir agus le hoifigigh agus seirbhísigh eile an bhínse bhóthair iarainn.

(4) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar luach saothair ballra (ar a n-áirítear baill shealadacha) agus clárathóir agus oifigeacha agus seirbhíseacha eile an bhínse bhóthair iarainn agus gach costas eile fé n-a raghaidh an bínse bóthair iarainn i bhfeidhmiú agus i gcó-líona a gcomhacht agus a ndualgaisí, agus ar a iarraidh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deire gach bliana airgeadais íocfidh an chuideachta chó-nasctha leis an Aire Airgid mar chuid dá costaisí oibre suim is có-ionann le leath na breise a shocróidh an tAire Airgid a bheith ag an luach saothair agus ag na costaisí sin an bhliain airgeadais sin ar shuim na dtáillí uile d'éilimh agus a fuair an bínse bóthair iarainn fén Acht so an bhliain airgeadais sin.

Ní bheidh scaireanna ag baill den bhínse bhóthair iarainn in aon ghnó iompair.

16. —(1) Gach éinne a ceapfar chun bheith ina bhall sheasmhach den bhínse bhóthair iarainn, déanfa sé gach scair in aon ghnó iompair a bheidh dá chuid féin aige, no go mbeidh leas aige ann chun tairfe dho féin, le linn a cheaptha, do dhíol agus do chur as a lámhaibh ar fad laistigh de thrí mhí tar éis a cheaptha, agus más rud é, le huacht no le comharbacht, go dtuitfidh aon scaireanna in aon ghnó iompair chun ball den bhínse bhóthair iarainn, no go ndílseofar ann iad, chun tairfe dho féin, déanfa sé iad no an leas atá aige ionta do dhíol agus do chur as a lámhaibh ar fad laistigh de thrí mhí tar éis iad do thuitim chuige no tar éis a ndílsithe ann ar an gcuma san.

(2) Ní dhéanfidh ball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn, faid a bheidh an oifig sin ar seilbh aige, aon scaireanna in aon ghnó iompair do cheannach ná do ghlaca ná leas ionta d'fháil chun tairfe dho féin.

(3) Aon bhall seasmhach den bhínse bhóthair iarainn a chimeádfidh, a cheannóidh, no a ghlacfidh aon scaireanna in aon ghnó iompair no 'na dtiocfidh leas chuige ionta no 'na bhfanfidh leas aige ionta i gcoinnibh an ailt seo, beidh sé fé mhí-cháilíocht maidir le n-a oifig mar bhall den tsórt san agus tuigfar é bheith tar éis dul aisti.

(4) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “scaireanna in aon ghnó iompair” aon stoc, scaireanna, debentiúirí, stoc debentiúra, bannaí, no urúsanna eile de chuid aon chuideachtan a iomparuíonn daoine no rudaí sa Bhreatain Mhóir no in Éirinn.

Baill bhreise agus baill shealadacha den bhínse.

17. —(1) Bunófar dhá phainéal, sé sin le rá:—

(a) painéal (dá ngairmfar an “painéal generálta” ina dhiaidh seo anso) a bheidh có-dhéanta de dháréag a ainmneoidh an Seanascal ar chomhairle na hArd-Chomhairle, comhairle a tabharfar, maidir le triúr díobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus i dtreo gur triúr iad san a bheidh ionadathach do leasanna tráchtála agus tionnscail agus, maidir le beirt eile dhíobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus i dtreo gur beirt iad san a bheidh ionadathach do leasanna lucht oibre agus, maidir le beirt eile dhíobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus i dtreo gur beirt iad san a bheidh ionadathach do leasanna paisnéirí ar bhóithre iarainn agus, maidir le ceathrar eile dhíobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tailte agus Talmhaíochta agus i dtreo gur ceathrar iad san a bheidh ionadathach do leasanna talmhaíochta agus, maidir le héinne amháin eile dhíobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Iascaigh agus i dtreo gur duine é sin a bheidh ionadathach do leasanna iascaigh; agus

(b) painéal (dá ngairmfar “painéal na mbóthar iarainn agus na gcanálach” ina dhiaidh seo anso) a bheidh có-dhéanta de cheathrar a ainmneoidh an Seanascal ar chomhairle na hArd-Chomhairle, comhairle a tabharfar tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus i dtreo gur triúr a bheidh ionadathach do sna cuideachtana bóthair iarainn i Saorstát Éireann triúr acu agus i dtreo gur duine a bheidh ionadathach do sna cuideachtana agus do sna húdarásanna canálach agus loingseoireachta intíre i Saorstát Éireann an duine eile acu.

(2) Ceapfar gach ball de sna painéil ar feadh pé téarma, nách sia ná trí bliana o dháta a cheaptha, a shocróidh an Seanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, nuair a bheidh an ceapa á dhéanamh agus ansan imeoidh sé as oifig, ach beidh ball a imeoidh as oifig ion-athcheaptha.

(3) Má thárluíonn aon fholúntas i líon na mball seasmhach den bhínse bhóthair iarainn, no má bhíonn aon bhall seasmhach den bhínse bhóthair iarainn, tré bhreoiteacht fhada no tré ní dho-sheachanta eile, gan bheith ábalta ar theacht go dtí cruinnithe den bhínse, ansan, chun crícheanna Cuid III. den Acht so, agus chuige sin amháin, faid a bheidh na folúntaisí sin gan líona no faid a bheidh an ball san gan teacht go dtí na cruinnithe sin—

(a) i gcás an chathaoirligh, féadfidh an Seanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, duine do cheapa chun gníomhú mar chathaoirleach sealadach ina áit; agus

(b) i gcás éinne de sna gnáth-bhaill, féadfidh an Seanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, ball de phainéal do cheapa chun gníomhú ina áit, duine a roghnófar ón bpainéal generálta no painéal na mbóthar iarainn agus na gcanálach do réir cáilíocht an ghnáth-bhaill a bheidh i gceist.

(4) Más rud é, chun crícheanna aon cháis no imeachta áirithe a bunófar fé Chuid III. den Acht so, go n-iarrfidh an bínse bóthair iarainn é, ar iarratas o éinne de sna páirtithe no ar aon tslí eile, no gur dó leis an Aire gur rud oiriúnach é, cuirfar leis an mbínse bóthair iarainn beirt bhall sa bhreis a ainmneoidh an Seanascal, ar chomhairle na hArd-Chomhairle, ón bpainéal, eadhon, ball breise a roghnófar ón bpainéal generálta agus an ball eile o phainéal na mbóthar iarainn agus na gcanálach.

Nuair a beifar ag roghnú baill o cheachtar de sna painéil, cuimhneofar ar cadé an saghas an cás no an imeacht áirithe a bheidh le héisteacht i dtreo, sa mhéid gur féidir é, gur duine an ball san a roghnófar go mbeidh taithí agus eolas aige ar na nithe teicniciúla a eireoidh sa chás no san imeacht áirithe sin.

(5) Gach duine a ceapfar fén alt so chun bheith ina chathaoirleach shealadach no ina bhall shealadach den bhínse bhóthair iarainn, íocfar leis, faid a bheidh sé i seilbh na hoifige sin, pé luach saothair a shocróidh an tAire Airgid agus beidh aige agus feidhmeoidh sé an uile cheann de chomhachtanna agus d'fheidhmeanna cathaoirleach an bhínse bhóthair iarainn no gnáth-bhaill den chéanna (pe'ca aca é).

(6) Einne a ceapfar fén alt so chun bheith ina bhall bhreise den bhínse bhóthair iarainn beidh sé ina bhall den bhínse bhóthair iarainn chun crícheanna aon imeacht gur ceapadh é mar gheall ortha agus, fé réir forálacha na Coda so den Acht so agus fé réir na rialacha generálta a bheidh déanta fútha, beidh aige agus feidhmeoidh sé an uile cheann de chomhachtanna agus d'fheidhmeanna baill den bhínse bhóthair iarainn.

Comhachta generálta an bhínse bhóthair iarainn.

18. —(1) Chun crícheanna an Achta so beidh lán-chomhacht agus lán-údarás ag an mbínse bóthair iarainn, chun gach ní, i ndlí no i bhfírinne, a tabharfar os a gcóir go cuibhe fén Acht so, d'éisteacht agus do shocrú agus, ag feidhmiú a gcomhachta fén Acht so dhóibh, ní féadfar srian do chur leo le hordú a dhéanfidh aon chúirt eile, ná ní féadfar aon imeachta a bheidh os a gcóir d'aistriú isteach in aon chúirt eile le certiorari.

(2) Beidh ag an mbínse bóthair iarainn, maidir leis na nithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair (tar éis a gcostaisí do thairisgint dóibh), fínnithe do scrúdú tré chomhrá béil no tré mhóid-scríbhinn, agus dintiúirí, leabhair, páipéirí, agus scríbhinní do thabhairt i láthair; agus

(b) pionós do chur ar dhaoine a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt no do scríbhinní do thabhairt i láthair, no a bheidh ciontach i maslú i láthair an bhínse bhóthair iarainn no i láthair éinne acu agus é ina shuidhe i gcúirt oscailte; agus

(c) a n-orduithe do chur i bhfeidhm; agus

(d) nithe eile is gá no is ceart chun a n-údaráis uile agus fé leith fén Acht so d'fheidhmiú go cuibhe no chun an tAcht so do chur in éifeacht ar aon tslí eile;

gach comhacht, ceart agus príbhléid den tsórt atá dílsithe san Ard-Chúirt chun na gcrícheanna san no chun crícheanna dá samhail, agus tuigfar sa dlí gur imeacht bhreithiúntais os cóir cúirte breacacháin gach imeacht a bheidh os cóir an bhínse bhóthair iarainn.

(3) Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so fé mar is toil leis an mbínse bóthair iarainn isea a bheidh costaisí gach imeachta agus costaisí de dheascaibh gach imeachta a bheidh os cóir an bhínse bhóthair iarainn, agus féadfaidh an bínse a ordú cé íocfidh agus cé leis go n-íocfar iad agus cé a mheádhfidh agus a lomhálfidh iad.

Nós-imeachta agus táillí.

19. —(1) Féadfidh an bínse bóthair iarainn, fé cheadú ón Aire agus an Phrímh-Bhreithimh, rialacha generálta do dhéanamh chun a nós-imeachta agus a gcleachta do rialú agus go generálta chun a ndualgaisí agus a gcomhachta fén Acht so do chur in éifeacht, agus féadfar leis na rialacha san, imeasc nithe eile, forálacha do dhéanamh i dtaobh—

(a) an bínse do mhola costaisí, ach san i dtreo, in imeachta fén Acht so a bheidh os cóir an bhínse bhóthair iarainn ar agra aon chuideachtan no duine, lasmuich de chonspóidí idir dhá chuideachtain bhóthair iarainn no níos mó, ná beidh comhacht ag an mbínse chun costaisí do mhola marab é a dtuairim gur rud suaibhreosach ciapthach an t-iarratas no an t-éileamh no an gearán no an chosaint no an agóid, pe'ca aca é;

(b) aon cheist do chur fé bhráid baill no oifigigh den bhínse, no fé bhráid éinne eile a cheapfid, chun tuairisc do thabhairt tar éis fiosrúchán do dhéanamh go háitiúil;

(c) comhacht do thabhairt don bhínse chun aon imeachta a bheidh os a gcóir do chríochnú, bíodh go ndéanfar atharú le linn na n-imeacht maidir leis na daoine a bheidh ina suidhe mar bhaill den bhínse;

(d) ceart chun éisteacht d'fháil i láthair an bhínse ach teideal a bheith ag páirtí ar bith chun éisteacht d'fháil i bpearsain, no tré ionadaí ar gnáth-fhostú ag an bpáirtí ach údarás cuibhe i scríbhinn do bheith aige, no tré abhcóide no tré atúrnae;

(e) an méid ball den bhínse is gá chun quorum do dhéanamh chun cásanna de shaghasanna difriúla d'éisteacht.

(2) Eileoidh an bínse bóthair iarainn agus íocfar, i dtaobh imeachta a bheidh os a gcóir agus i dtaobh gníomhartha a dhineadar féin no éinne dá n-oifigigh i bhfeidhmiú a gcomhacht agus a ndualgaisí fé seach, pé táillí a hordófar le horduithe a dhéanfidh an tAire ar mhola ón mbínse bóthair iarainn agus le cead ón Aire Airgid.

(3) Tabharfidh an tAire don bhínse bhóthair iarainn pé cúnamh a éileoidh an bínse, agus cuirfe sé ar fáil don bhínse aon eolas atá ar seilbh aige agus is dó leis a bhaineann leis an ní atá os cóir an bhínse, agus beidh teideal ag an Aire chun teacht i láthair agus éisteacht d'fháil in aon imeachta os cóir an bhínse.

(4) Tabharfidh an bínse bóthair iarainn don Aire gach bliain tuairisc ar a n-imeachta fén Acht so, maraon le tuairiscí ar na cásanna d'éisteadar agus ar ar thugadar breith, pé cinn acu go bhfeicfar dóibh buan-tácht no tácht speisialta a bheith ag baint leo, agus leagfidh an tAire an tuairisc sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Suidheanna.

20. —I mBaile Atha Cliath a bheidh príomh-oifig an bhínse bhóthair iarainn ach, fé réir forálacha an Achta so agus fé réir na rialacha a bheidh déanta fútha, féadfidh an bínse bóthair iarainn suidheanna bheith acu in aon pháirt de Shaorstát Éireann, i pé áit no áiteanna a bheidh caothúil chun breith do thabhairt ar na himeachta a bheidh os a gcóir.

Do réir barúla móráirimh de sna baill a bheidh i láthair a bheidh na breitheanna.

21. —(1) An bhreith a tabharfar ar aon cheist a bheidh os cóir an bhínse bhóthair iarainn beidh sí do réir barúla an mhóráirimh de sna baill (ar a n-áireofar baill bhreise, más ann dóibh) den bhínse bhóthair iarainn a éisteoidh an cás.

(2) Isé an cathaoirleach no an ball eile a bheidh i gceannas an uair sin a chraolfidh gach breith a thabharfidh an bínse bóthair iarainn, agus ní dhéanfidh aon bhall eile aon bhreith ná barúil do chraola ar leithligh.

Athchomhairc.

22. —(1) Ní luighfidh aon athchomharc in aghaidh aon ordú a dhéanfidh an bínse bóthair iarainn i bhfeidhmiú aon údaráis a tugtar dóibh le Cuid I. den Acht so, ná in aghaidh aon bhreith a thabharfidh an bínse bóthair iarainn fé aon údarás eile ar cheist fírinne ná ar aon cheist i dtaobh locus standi éinne a thiocfidh no a éileoidh éisteacht d'fháil ina láthair.

(2) Ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh gach breith a thabharfidh an bínse bóthair iarainn, ach ní cuirfar a leithéid d'athchomharc ar siúl ach do réir rialacha de rialacha cúirte na Cúirte Uachtaraí.

(3) Ag éisteacht athchomhairc di in aghaidh an bhínse bhóthair iarainn, féadfidh an Chúirt Uachtarach gach brí do bhaint as an scéal ná beidh bunoscionn leis na dátáin a chinn an bínse bóthair iarainn go soiléir, agus is gá chun breith do thabhairt ar na ceisteanna a cuirfar san athchomharc, agus beidh gach comhacht aici chuige sin fé is dá mb'athchomharc in aghaidh breith ón Ard-Chúirt an t-athchomharc, agus féadfa sí aon ordú do dhéanamh a fhéadfadh an bínse bóthair iarainn a dhéanamh agus fós aon ordú eile a bheidh ceart, agus fé mar is toil leis an gCúirt Uachtarach isea bheidh costaisí athchomhairc agus costaisí de dheascaibh athchomhairc, ach ní féadfar aon chostaisí do chur ar an mbínse bóthair iarainn ná ar aon bhall de ná ar aon oifigeach do de dheascaibh ná ar scór aon athchomhairc.

Feidhmeanna Choimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach d'aistriú.

23. —(1) Gach feidhm, údarás, comhacht agus dualgas a bhí, ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, á bhfeidhmiú ag Coimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach no forchurtha ortha do réir reachta no ar aon tslí eile, déanfar (lasmuich de sna heisceachtaí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) o am rithte an Achta so agus dá éis iad d'fheidhmiú agus do chó-líona i Saorstát Éireann ag an mbínse bóthair iarainn.

(2) Maidir le haon ghníomh, rud, no ní do dhéanamh no gan é do dhéanamh tar éis rithte an Achta so, déanfar gach luadh no tagairt atá in aon Reacht Briotáineach do Choimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach do léiriú agus beidh éifeacht aige mar luadh no tagairt don bhínse bhóthair iarainn, fé réir forálacha an Achta so agus lasmuich de sna cásanna a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.

(3) Na feidhmeanna, údaráis, comhachta, agus dualgaisí uile agus fé leith a bronntar no a forchuirtar ar an mbínse bóthair iarainn leis an alt so, féadfa siad san iad d'fheidhmiú no do chó-líona chun crícheanna an Achta so chó maith leis an gcrích chun ar bronnadh no ar forchuireadh an céanna ar Choimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon cheann de sna feidhmeanna, na húdaráis, na comhachta, ná na dualgaisí a fheidhmíonn Coimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach no a bronnadh no a forchuireadh ortha fé fho-alt (1) d'alt 1 den Defence of the Realm (Acquisition of Land) Act, 1916, no leis, no fé alt 8 den Acht chéanna, no leis, ná ní bhainfe sé le haon luadh ná tagairt do Choimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach atá in aon Reacht Briotáineach maidir le haon cheann de sna feidhmeanna, na húdaráis, na comhachta, agus na dualgaisí sin.

CUID III.

Eilithe Bothair Iarainn.

Na héilithe atá i bhfeidhm anois.

24. —Na héilithe a bhí i bhfeidhm ag na cuideachtana cónascthacha agus ag na cuideachtana tógtha-isteach an 3adh lá d'Abrán, 1924, fanfid i bhfeidhm mar éilithe maximum mara ndintar agus go dtí go ndéanfar iad d'atharú do réir na Coda so den Acht so.

Scrúdú roimh ré.

25. —Ar dháta nách déanaí ná trí mhí tar éis rithte an Achta so, scrúdóidh an bínse bóthair iarainn na héilithe atá i bhfeidhm fé láthair ag na cuideachtana có-nascthacha agus ag na cuideachtana tógtha-isteach d'fhonn na héilithe sin no aon cheann acu d'atharú ach tabharfid aire do sna cúrsaí ba bhun leis gur húdaruíodh éilithe méaduithe bheith i bhfeidhm ón 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1920, agus d'aon atharuithe a chuaidh ar na cúrsaí sin, maraon le haon luíodú a chuaidh ar chostaisí oibre ón dáta san, agus ceapfid lá chun aon atharuithe a socrófar amhlaidh do theacht i ngníomh.

Aicmiú ar Earraí.

Aicmiú.

26. —Breithneoidh an bínse bóthair iarainn agus, tar éis gach páirtí d'éisteacht go bhfuil baint aige leis an scéal agus gur mian leis go n-éistfí é, socróid cadé an aicmíocht ar earraí tráchtála a bhainfidh leis an gcuideachtain chó-nasctha agus beidh comhacht acu chun an aicmíocht do roinnt i pé méid aicmí ina mbeidh pé saghsanna earraí is oiriúnach leo, agus nuair a bheid á shocrú cadí an aicme ina gcuirfar aon tsaghas áirithe earraí, i dteanta aire thabhairt do gach ní eile a bhaineann leis an scéal, tabharfid aire do luach na n-earraí sin, don toirt a bheidh ionta i gcomórtas le n-a meáchaint, do chúntúirt díobhála dhóibh, agus do chostas a láimhseála, agus don tsábháil costais a thiocfadh as na hearraí sin do chur chun siúil ina gcaindíochta móra.

Riail-Eilithe.

Leagfar sceidil fé bhráid an bhínse.

27. —(1) Ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1925, no ar pé dáta ina dhiaidh sin a cheadóidh an tAire, leagfidh an chuideachta chó-nasctha fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn sceidil de sna riail-éilithe a bheid ar aigne a chur i bhfeidhm do réir na haicmíochta a socrófar mar adubhradh thuas, agus (lasmuich d'eisceachtaí dá bhforáltar ina dhiaidh seo anso) taisbeánfid na rátaí i gcóir iompair earraí, cá mhéid iad na héilithe cinn-scríbe, agus na táillí i gcóir iompar paisnéirí agus a mbagáiste, agus foillseofar gach sceideal den tsórt san ar pé slí a ordóidh an bínse bóthair iarainn.

(2) Déanfar na sceidil a leagfar fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn amhlaidh do roinnt sna coda agus beid sa bhfuirm a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so no i pé coda eile no i pé fuirmeacha eile den tsamhail chéanna a ordóidh an bínse bóthair iarainn.

Socrú na sceideal.

28. —Breithneoidh an bínse bóthair iarainn na sceidil de riailéilithe beartuithe a leagfar fé n-a mbráid amhlaidh maraon le haon agóidí ina gcoinnibh sin a cuirfar isteach laistigh den aimsir orduithe agus ar an gcuma orduithe agus, tar éis gach páirtí d'éisteacht go bhfuil baint aige leis an scéal agus gur mian leis go n-éistfí é, déanfid, do réir na bhforálacha atá anso ina dhiaidh seo, na sceidil sin do shocrú maraon le dáta an lae cheaptha a thiocfidh an céanna i ngníomh.

Caithfar na riail-éilithe d'éileamh.

29. —(1) Na héilithe a bheidh i sceideal de riail-éilithe, fé mar a bheidh socair ag an mbínse bóthair iarainn don chuideachtain chó-nasctha, isiad san na héilithe go mbeidh teideal ag an gcuideachtain sin chun iad d'iarraidh, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, ar son na seirbhísí uile a déanfar agus gur socruíodh éilithe ina gcóir, agus ní héileofar níos mó ná níos lú ná na héilithe údaruithe sin ach amháin i gcás ráta fé leith no táille fé leith a buanófar, a deonfar, no a socrófar fé fhorálacha na Coda so den Acht so, no maidir le trácht comórtasúil dá réir sin.

(2) Nuair a déanfar aon aithris cúise leis an mbínse bóthair iarainn pe'ca an chuideachta chó-nasctha a dhéanfidh é nuair a bheid ag leaga na sceidealacha de riail-éilithe beartuithe fé n-a mbráid, no aon pháirtí go bhfuil baint aige leis an scéal no an tAire, beidh comhacht ag an mbínse bóthair iarainn chun a shocrú aon uair cá mhéid a rann-íocfidh an chuideachta chónasctha i gcóir aon tré-ráta no tré-tháille no a gheobhaid as.

Phuirt do chosaint.

30. —(1) Gach téarma, coiníoll agus foráil, d'aon achtachán reachtúil no d'aon réiteach a daingníodh le haon achtachán reachtúil no a ghabhann leis mar sceideal atá, le linn rithte an Achta so, i bhfeidhm agus mar cheangal ar aon chuideachtain chó-nascthach no ar aon chuideachtain tógtha-isteach, agus a bhaineann le trácht d'iompar, no a dineadh chun aon chríche eile, leanfid i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht, ach amháin sa mhéid go n-athghairmtear no go n-atharuítear leis an Acht so iad; ach ní léireofar aon achtachán reachtúil no réiteach den tsórt san mar ní a bhaineann no a shroiseann chó fada le h-aon chuid ná leis an trácht ar aon chuid de bhóthar iarainn na cuideachtan có-nasctha ná raibh fé réir achtacháin reachtúla no réitigh den tsórt san ná nár bhain a leithéid leis le linn rithte an Achta so.

(2) Fé réir forálacha an Achta so, ní dhéanfidh an chuideachta chó-nasctha, tríd na rátaí no na taíllí a éileoid, pe'ca tré-rátaí no tré-tháillí iad no rátaí no táillí áitiúla, ná tríd na saoráidí a thabharfid ná tríd an gcóiríocht a sholáthróid, ná ar aon tslí eile, leath-chumaigh do dhéanamh ar aon phort áirithe i Saorstát Éireann i gcompráid le haon phort eile i Saorstát Éireann go ndintar no gur féidir trácht d'iompar chuige, uaidh no tríd.

(3) Má dhineann éinne go bhfuil baint aige leis an scéal é éileamh ortha, déanfidh an chuideachta chó-nasctha gach dícheall is cóir chun módh réasúnta do sholáthar chun tré-chlárú do dhéanamh i gcóir gach bealaigh réasúnta agus tré-rátaí, trétháillí agus tré-shaoráidí ag gabháil leis an tré-chlárú san.

(4) Ní thabharfidh an chuideachta chó-nasctha do thrádálaithe atá in aon phort no a úsáideann aon phort i Saorstát Éireann aon luíoduithe, coimisiúin, liúntaisí gníomhaireachta ná liúntaisí eile ná tugann an chuideachta ina leithéid eile sin de chás do thrádálaithe atá in aon phort eile no a úsáideann aon phort eile i Saorstát Éireann, agus folóidh an focal “trádálaithe” aon chuideachta ionchorporuithe bóthair iarainn no luinge gaile.

(5) Má eiríonn aon aighneas aon uair fé fhorálacha an ailt seo no i dtaobh éinní no aon ruda fén alt so, no i dtaobh ce'ca tá an chuideachta chó-nasctha ag có-líona a n-oblagáidí fén alt so, no ag déanamh gach ní is réasúnta no is gá chuige sin, no ná fuil, o am go ham cuirfar fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn an céanna agus tabharfa siad-san breith air.

Eilithe cuideachtana nea-chó-nasctha.

31. —Na rátaí, na táillí, na custuim agus na diúitéthe atá á n-éileamh le linn rithte an Achta so ag cuideachtana bóthair iarainn nách cuideachtana có-nascthacha ná cuideachtana tógthaisteach, sa mhéid go mbainid leis na coda san dá ngnóthaí atá suidhte i Saorstát Éireann fanfid i bhfeidhm mar éilithe maximum mara ndintar agus go dtí go ndéanfar iad d'atharú do réir an ailt seo:

Ach aon uair tar éis rithte an Achta so—

(i) féadfidh aon dream ionadathach de lucht bóithre iarainn d'úsáid a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn na héilithe roimhráite no aon cheann acu do luíodú;

(ii) féadfidh aon trádálaí go bhfuil baint ag aon éileamh áirithe leis a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn an t-éileamh san do luíodú;

(iii) féadfidh aon chuideachta den tsórt san a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn na héilithe roimhráite no aon cheann acu do mhéadú;

(iv) féadfidh aon chuideachta chó-nascthach no thógthaisteach no an chuideachta chó-nasctha no aon dream ionadathach de thrádálaithe no dream atá ionadathach do lucht trádála no do mhuintir aon áite a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn atharú do dhéanamh ar aon luíodú a dhin aon chuideachta den tsórt san ar na héilithe roimhráite no ar aon cheann acu ar aon tslí eile seachas fé ordú ón mbínse bóthair iarainn.

Foillseofar aon iarratas den tsórt san ar pé slí a ordóidh an bínse bóthair iarainn, agus féadfidh an bínse, tar éis gach páirtí d'éisteacht go bhfuil baint aige leis an scéal agus gur mian leis go n-éistfí é, pé atharuithe is dó leis an mbínse is ceart do dhéanamh ar na héilithe sin no ar aon cheann acu, agus ceapfid lá ar a dtiocfidh na hatharuithe i bhfeidhm.

Athghairm ar shean-fhorálacha.

32. —Gach foráil reachtúil, agus forálacha gach réitigh i dtaobh aicmiú earraí tráchtála agus i dtaobh éilithe a éilíonn an chuideachta chó-nasctha ar earraí tráchtála no paisnéirí d'iompar no maidir leis sin, sa mhéid go mbaineann na forálacha san leis na nithe roimhráite beid athghairmthe agus scuirfid de bheith i ngníomh ón lá ceaptha, ach amháin sa mhéid go n-údaruítear le h-aon fhoráil reachtúil, chun faid a chomhreamh, costas speisialta an míle do cheapa i gcóir aon choda de bhóthar iarainn na cuideachtan có-nasctha agus sa mhéid go ndéanfar, i gcás aon réitigh den tsórt san no i gcás forála reachtúla le n-a gceaptar éileamh speisialta, é bhuanú fé fhorálacha na Coda so den Acht so no le hordú ón mbínse bóthair iarainn.

Atharuithe ina dhiaidh sin ar riail-éilithe.

33. —An chuideachta chó-nasctha no aon dream ionadathach de thrádálaithe no éinne a gheobhaidh deimhniú ón Aire gur duine ceart chuige é, beidh teideal acu chun a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn aon uair na riail-éilithe no aon cheann acu no aon choiníollacha a bhaineann leo d'atharú agus, má dhineann an chuideachta no an dream trádálaithe no an duine sin, pe'ca aca é, a chur ina luighe ar an mbínse bóthair iarainn gur cheart na riail-éilithe no na coiníollacha no aon cheann acu d'atharú, déanfidh an bínse pé atharuithe is oiriúnach leo, agus ceapfid an dáta ar a raghaidh na riail-éilithe no na coiníollacha atharuithe in éifeacht:

Ach bainfid fo-ailt (3), (4), (5), agus (6) d'alt 54 den Acht so le haon iarratas i gcóir athscrúdú no atharú generálta ar riailéilithe na cuideachtan có-nasctha fén alt so, fé is dá mb'athscrúdú ar riail-éilithe agus ar éilithe fé leith fén alt san an t-iarratas san.

Eilithe fé leith.

Forálacha i dtaobh seanrátaí fé leith.

34. —(1) Na rátaí fé leith a bheidh i ngníomh díreach roimh an lá ceaptha ar bhóthar iarainn na cuideachtan có-nasctha, beid siad go léir gan bheith i ngníomh an lá ceaptha agus as san amach ach amháin pé rátaí fé leith—

(a) nách lú ná cúig per cent. fé bhun na riail-rátaí a bheadh inéilithe ar an lá ceaptha agus as san amach mara mbeadh san; agus

(b) a cimeádadh i ngníomh tré réiteach i scríbhinn idir an gcuideachtain bhóthair iarainn agus an trádálaí le n-a mbainid no, marar dineadh réiteach, a chuir an trádálaí in iúl do rúnaí na cuideachtan bóthair iarainn i scríbhinn maraon le himpidhe go gcuirfí iad chun an bhínse bhóthair chun breith do thabhairt ortha, agus sa chás san leanfidh na rátaí go dtí go dtabharfidh an bínse bóthair iarainn breith ortha, agus is ar an gcuideachta bhóthair iarainn a bheidh sé a chruthú gur cheart aon rátaí den tsórt san d'atharú no do chur ar ceal;

ach, dá ainneoin sin, ní leanfidh aon ráta nár cuireadh i bhfeidhm in éilithe ar earraí tráchtála a cuireadh chun siúil laistigh den dá bhliain roimh an 1adh lá d'Eanair, 1926, maran féidir don trádálaí a chur ina luighe ar an gcuideachta bhóthair iarainn no, má bhíonn sé gan réiteach do dhéanamh leis an gcuideachta bhóthair iarainn, a chur ina luighe ar an mbínse bóthair iarainn—

(i) gurb é an t-éinní amháin fé ndeár gan é chur i bhfeidhm ná an trádáil do bheith ar staid nea-ghnáth; no

(ii) go bhfuil i ngníomh fós ag stáisiúin no ag leataobhacha eile sa ghrúpa no sa líomatáiste chéanna ráta atá díreach ar có-mhéid leis chun an chinn aistir chéanna;

ach má réitíonn an trádálaí agus an chuideachta bhóthair iarainn le n-a chéile chun aon ráta a bheidh breis agus dachad per cent. fé bhun an riail-ráta is inéilithe mar adubhradh do chimeád i bhfeidhm, cuirfar an ráta fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn roimh an lá ceaptha agus má dintar san leanfidh an ráta i bhfeidhm go dtí go dtabharfidh an bínse breith ar an scéal.

(2) Féadfar a shocrú le haon réiteach no le haon bhreith den tsórt san go gcimeádfar aon ráta fé leith i bhfeidhm go ceann tréimhse áirithe aimsire agus é bheith chó hárd is bhí cheana no níos aoirde ach, i gcás réitigh idir an chuideachta chó-nasctha agus trádálaí, gan é bheith níos lú ná cúig per cent. ná níos mó ná dachad per cent. fé bhun an riail-ráta is inéilithe.

Rátaí nua fé leith.

35. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin beidh saorchead ag an gcuideachtain chó-nasctha rátaí nua fé leith de dheona i gcóir iompar aon earraí tráchtála, agus tuairisceofar na rátaí sin don Aire laistigh de cheithre lá dhéag no pé tréimhse is sia ná san a lomhálfidh an tAire; ach ní bheidh ráta nua fé leith, a deonfar amhlaidh, níos lú ná cúig per cent. ná níos mó ná dachad per cent. fé bhun an riail-ráta is inéilithe, gan toil an bhínse bhóthair iarainn.

(2) Má sé tuairim an Aire go bhfuil an chuideachta chónasctha ag deona rátaí nua fé leith i slí a raghadh chun dochair d'aon aicme daoine a úsáideann an bóthar iarainn agus ná tairfeodh de bharr na rátaí sin, no i slí go mbeadh cúntúirt ann ná fuigheadh an chuideachta a riail-ioncum, féadfa sé an scéal do chur fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn agus, tar éis caoi do thabhairt do gach páirtí le n-a mbaineann an scéal ar éisteacht d'fháil, féadfidh an bínse ceachtar de sna nithe seo a leanas no iad araon do dhéanamh:—

(a) na riail-éilithe d'athscrúdú;

(b) gach ceann no aon cheann de sna rátaí san fé leith do chur ar ceal no d'atharú.

(3) Féadfidh aon trádálaí a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn aon uair ráta nua fé leith do cheapa.

Atharú ar rátaí fé leith,

36. —(1) Ní bheidh teideal ag an gcuideachtain chó-nasctha aon ráta fé leith a cheap an bínse bóthair iarainn do mhéadú ná do chur ar ceal gan cead d'fháil ar dtúis ón mbínse sin.

(2) Féadfidh an chuideachta chó-nasctha aon uair aon ráta fé leith do luíodú ach ní déanfar, gan toil an bhínse bhóthair iarainn, an ráta do luíodú i dtreo is go mbeadh sé níos mó ná dachad per cent. fé bhun an riail-ráta a bheadh inéilithe, agus tuairisceofar aon luíodú den tsórt san don Aire fé is dá mbé rud a bheadh ann ná ráta nua fé leith do dheona.

(3) Féadfidh an chuideachta chó-nasctha aon uair aon ráta fé leith, nár cheap an bínse bóthair iarainn, do mhéadú tar éis fógra tríocha lá do thabhairt, ar pé slí a ordóidh an bínse, i dtaobh an mhéaduithe atá beartuithe agus, ar dhul in éag don bhfógra san, mara ndinidh aon trádálaí le n-a mbaineann an scéal aon agóid do chur ina choinnibh, féadfid an ráta méaduithe do chur i bhfeidhm láithreach mara mbeidh sé níos lú ná cúig per cent. fé bhun an riail-ráta is inéilithe, ach, má dintar agóid den tsórt san no más rud é, nuair a bheadh an ráta méaduithe, go mbeadh sé níos lú ná cúig per cent. fé bhun an riail-ráta is inéilithe, ní bheidh éifeacht ag an méadú mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an bínse bóthair iarainn san do chinne tar éis caoi do thabhairt don chuideachtain ar éisteacht d'fháil:

Ach ní bheidh teideal ag aon trádálaí chun cur i gcoinnibh méadú ar ráta fé leith a luíoduigh an chuideachta chó-nasctha tar éis an lae cheaptha maran rud é gurb é thiocfadh as an méadú ná an ráta a bhainfadh le hiompar a chuid earraí do bheith níos aoirde ná an ráta a bhain leis díreach sarar dineadh an luíodú.

(4) Féadfidh an chuideachta chó-nasctha aon uair aon ráta fé leith, nár cheap an bínse bóthair iarainn, do chur ar ceal tar éis fógra tríocha lá do thabhairt, ar pé slí a ordóidh an bínse bóthair iarainn, i dtaobh an chur-ar-ceal atá beartuithe, agus, ar dhul in éag don bhfógra san, mara ndinidh aon trádálaí le n-a mbaineann an scéal aon agóid do chur ina choinnibh, féadfid an ráta do chur ar ceal fé mar atá beartuithe, ach, má dintar aon agóid den tsórt san, ní bheidh éifeacht ag an gcur-ar-ceal mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an bínse bóthair iarainn san do chinne tar éis caoi do thabhairt don chuideachtain ar éisteacht d'fháil:

Ach ní bheidh teideal ag aon trádálaí chun cur i gcoinnibh ráta fé leith do chur ar ceal a deonadh ag an gcuideachtain chónasctha tar éis an lae cheaptha maran rud é gurb é thiocfadh as an gcur-ar-ceal ná an ráta a bhainfadh le hiompar a chuid earraí do bheith níos aoirde ná an ráta a bhain leis ar an dáta ar ar deonadh an ráta fé leith.

(5) Ní raghaidh aon mhéadú ná aon chur-ar-ceal den tsórt san in éifeacht i gcás aon ráta fé leith a cuireadh fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn fé mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht so, go dtí go dtabharfidh an bínse breith ina thaobh, agus ní déanfar aon ráta fé leith le n-ar haontuíodh fén alt san 34 do mhéadú ná do chur ar ceal go ceann dhá mhí dhéag tar éis an lae cheaptha ach amháin mar chuid de mhéadú ghenerálta fén gCuid seo den Acht so no chun baint o thosaíocht nea-chuibhe.

(6) Beidh teideal ag aon trádálaí no ag aon dream ionadathach de thrádálaithe go bhfuil baint acu leis an ráta, no ag an gcuideachtain chó-nasctha, chun a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn aon uair aon ráta fé leith do chur ar ceal no d'atharú.

(7) Féadfidh an chuideachta chó-nasctha cur-ar-ceal do dhéanamh ar aon ráta fé leith a bheidh ann tar éis an lae cheaptha agus a bheidh le tréimhse dhá bhliain gan cur i bhfeidhm in éilithe ar earraí tráchtála a cuireadh chun siúil ar an mbóthar iarainn.

Athscrúdú ar rátaí comórtais fé leith.

37. —Má chítar don Aire go n-éilíonn an chuideachta chónasctha rátaí fé leith a théigheann chun dochair don phuiblíocht de dheascaibh na slí ina n-oibríd ar earraí d'iompar tré sheirbhísí loingseoireachta no tré loingseoireacht intíre no, má dintar aithris cúise sa chéill sin leis an Aire ag aon dream daoine 'na bhfuil leas substainteach acu san iompar san dar leis an Aire, agus an aithris cúise sin ina cás prima facie a sháiseoidh an tAire, cuirfidh an tAire an scéal fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn chun é athscrúdú agus, tar éis dóibh gach páirtí le n-a mbaineann an scéal d'éisteacht, féadfidh an bínse bóthair iarainn na rátaí sin d'atharú no do chur ar ceal no pé ordú eile do dhéanamh a chífar dóibh bheith oiriúnach.

Brise rátaí fé leith.

38. —(1) Má iarrtar ar an mbínse bóthair iarainn aon ráta fé leith do cheapa no do cheadú i gcóir iompar earraí tráchtála idir dhá stáisiún, no idir stáisiún agus leataobh, no idir dhá leataobh, no idir stáisiún no leataobh agus siúnta, socróidh an bínse bóthair iarainn, nuair a bheid ag ceapa no ag ceadú an ráta fé leith, cadiad na méideanna (má bhíonn aon cheann) a folófar sa ráta i gcóir na seirbhísí seo a leanas:—

(a) iompar;

(b) cinn-scríbe stáisiúin;

(c) cinn-scríbe seirbhíse;

(d) cóiríocht agus seirbhísí do thabhairt ag leataobh príobháideach no maidir leis.

(2) Má dheonann an chuideachta chó-nasctha ráta fé leith chun earraí tráchtála d'iompar idir dhá stáisiún, no idir stáisiún agus leataobh, no idir dhá leataobh, no idir stáisiún no leataobh agus siúnta, gan san do chur fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn, agus má thaisbeánann an chuideachta i luadh an ráta agus sa leabhar rátaí an méid (más ann do) atá foluithe fé i gcóir na seirbhísí sin uile agus fé leith mar adubhradh, ní bheidh dul thar an mbrise a taisbeánfar amhlaidh ar an ráta fé leith mara ndinidh trádálaí go mbaineann an ráta leis a ghearán gur méid mí-réasúnta an méid a ceapadh i gcóir aon tseirbhíse áirithe, agus sa chás san is ar an gcuideachtain chó-nasctha a bheidh cruthúnas do thabhairt.

(3) Nuair a bhí an chuideachta chó-nasctha ag deona ráta fé leith den tsórt san, marar dhineadar idirdhealú sa mheastachán i gcóir an ráta no sa leabhar rátaí idir na méideanna a bhí foluithe fé i gcóir na seirbhísí sin uile agus fé leith mar adubhradh—

(a) i gcás ráta stáisiún-go-stáisiún tuigfar an ráta do bheith có-dhéanta de ráta iompair agus d'éilithe cinn-scríbe do réir na méideanna atá foluithe fén riail-ráta córéire i gcóir na seirbhíse agus na coiríochta céanna maidir leis an saghas céanna earraí idir na stáisiúin chéanna; agus

(b) i gcás aon ráta eile, déanfidh an chuideachta, laistigh de cheithre lá déag tar éis iarratas i scríbhinn d'fháil o éinne go mbaineann brise an ráta leis, eolas do thabhairt don duine sin ar na méideanna atá (má tá aon cheann) foluithe fén ráta i gcóir na seirbhísí sin uile agus fé leith mar adubhradh.

(4) Aon aighneas a bheidh ann i dtaobh brise aon ráta fé leith den tsórt san socróidh an bínse bóthair iarainn é má iarrann trádálaí no an chuideachta chó-nasctha ortha é shocrú.

(5) Chun aon cheist do shocrú i dtaobh tosaíochta no búntáiste nea-chuibhe no mí-réasúnta adubhradh a tugadh, ní thabharfidh an bínse bóthair iarainn aon aire do sna fíor-choda fé leith d'aon ráta mar a taisbeántar sa leabhar rátaí no mar a socruítear leis an alt so iad ach, mara gcuirtar ina luighe ar an mbínse bóthair iarainn in aon chás in ar dineadh iarratas chun na críche sin go mbeadh sé cothrom agus réasúnta na fíor-choda den ráta do bhreithniú, socróid an cheist do réir an ráta iomláin i gcóir iompair is ionchurtha i bhfeidhm ar na hearraí tráchtála go ndubhradh gur tugadh an tosaíocht no an búntáiste nea-chuibhe no mí-réasúnta san ina dtaobh agus do réir staid an cháis ina bhfuil an ráta infheidhmithe.

Táillí fé leith.

39. —(1) Féadfidh an chuideachta chó-nasctha táillí is ísle ná na riail-táillí d'éileamh in aon tsaghas cáis gur oiriúnach leis an gcuideachtain é dhéanamh ann, ach laistigh de cheithre lá déag tar éis san do shocrú no laistigh de pé tréimhse níos sia ná san a cheadóidh an tAire, tuairisceofar don Aire na cásanna ina bhféadfar na táillí fé leith sin d'éileamh, más ísle iad ná na gnáth-tháillí agus an méid a bheid fé bhun na riail-táille.

(2) Más dó leis an Aire gur i slí a raghadh chun dochair d'aon aicme eile de lucht an bhóthair iarainn d'úsáid a dhin an chuideachta chó-nasctha táillí fé leith do dheona no i slí gur bhaolach ná déanfadh an chuideachta a riail-ioncum, féadfa sé an scéal do chur fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn agus féadfid siadsan, tar éis caoi do thabhairt do gach páirtí le n-a mbaineann an scéal ar éisteacht d'fháil, gach ceann no aon cheann de sna táillí fé leith a deonadh amhlaidh do chur ar ceal no d'atharú.

Coiníollacha Iompair.

Leagfar na coiníollacha beartuithe fé bhráid an bhínse.

40. —Laistigh de shé mhí o am rithte an Achta so, no laistigh de pé aimsir sa bhreis a cheadóidh an bínse bóthair iarainn cuirfidh na cuideachtana có-nascthacha fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn agus foillseoid ar pé slí a ordóidh an bínse bóthair iarainn—

(a) na téarmaí agus na coiníollacha (dá ngairmtear “coiníollacha cúntúrtha cuideachtan” ina dhiaidh seo anso) ar agus fé n-a ndéanfar earraí tráchtála nách eallach stuic, agus eallach stuic, d'iompar fé seach má iomparuítear ar ghnáth-rátaí iad;

(b) na téarmaí agus na coiníollacha (dá ngairmtear “coiníollacha cúntúrtha únaera” ina dhiaidh seo anso) ar agus fé n-a ndéanfar earraí tráchtála nách eallach stuic, agus, fé réir mar a foráltar ina dhiaidh seo anso, eallach stuic, d'iompar fé seach má iomparuítear ar rátaí cúntúrtha únaera iad;

(c) na téarmaí agus na coiníollacha ar agus fé n-a n-iomparófar earraí so-loitthe ná fuil cosaint cheart déanta ortha le pacáil.

Socrú an bhínse.

41. —(1) Breithneoidh an bínse bóthair iarainn na téarmaí agus na coiníollacha a leagfar fé n-a mbráid amhlaidh no, mara leagtar téarmaí agus coiníollacha fé n-a mbráid laistigh den aimsir a ceadófar amhlaidh, ullamhóid agus foillseoid féin téarmaí agus coiníollacha sealadacha agus, tar éis éisteacht do thabhairt d'aon dream ionadathach de thrádálaithe gur mian leo éisteacht d'fháil agus d'aon pháirtí eile is dó leis an Aire a bheith i dteideal éisteacht d'fháil, socróid agus, nuair a bheidh san déanta, foillseoid san Iris Oifigiúil, na téarmaí agus na coiníollacha atá ceart agus réasúnta, dar leo, agus ceapfid dáta nách luatha ná dhá mhí tar éis an fhoillsithe sin chun na téarmaí agus na coiníollacha san do theacht i bhfeidhm.

(2) Ar theacht i bhfeidhm do sna téarmaí agus na coiníollacha a socrófar amhlaidh beid mar riail-téarmaí agus mar riailchoiníollacha iompair ag an gcuideachtain chó-nasctha, agus tuigfar iad do bheith réasúnta.

Na coiníollacha ar a n-iomprófar earraí tráchtála.

42. —(1) Ar an dáta a socrófar amhlaidh mar adubhradh agus dá éis sin, isiad téarmaí agus coiníollacha ar agus fé n-a n-iompróidh an chuideachta chó-nasctha earraí tráchtála, nách earraí gur socruíodh ina gcóir le connra speisialta, ná coiníollacha cúntúrtha cuideachtan, agus, gan aon chonnra speisialta i scríbhinn, bainfidh na coiníollacha san le hearraí tráchtála d'iompar ar ghnáth-rátaí:

Ach, in aon chás ina mbeidh ráta cúntúrtha únaera i bhfeidhm agus in ar hiarradh ar an gcuideachtain i scríbhinn earraí d'iompar ar an ráta san, isiad téarmaí agus coiníollacha ar agus fé n-a n-iomprófar na hearraí sin ná coiníollacha cúntúrtha únaera.

(2) Isiad téarmaí agus coiníollacha ar agus fé n-a n-iompróidh an chuideachta chó-nasctha earraí so-loitthe ná fuil cosaint cheart déanta ortha le pacáil (má glactar iad chun iad d'iompar) ná na coiníollacha a shocróidh an bínse bóthair iarainn mar adubhradh, ach ní bheidh an chuideachta fé aon oblagáid earraí so-loitthe d'iompar ná fuil cosaint cheart déanta ortha le pacáil.

(3) Ní dhéanfidh éinní san Acht so an chuideachta agus trádálaí do chosc ar aontú i scríbhinn, fé réir forálacha na Railway and Canal Traffic Acts, 1854 and 1888, le haon téarmaí agus coiníollacha is oiriúnach leo i gcóir iompar earraí, eallach stuic, no earraí so-loitthe ná fuil cosaint cheart déanta ortha le pacáil, no earraí cúntúrthacha.

Coiníollacha d'atharú.

43. —Aon uair tar éis dáta na dtéarmaí agus na gcoiníollacha a socrófar amhlaidh mar adubhradh do theacht i bhfeidhm, féadfidh an chuideachta chó-nasctha no aon dream ionadathach de thrádálaithe a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn na téarmaí agus na coiníollacha san do leasú no d'atharú no cur leo, agus, tar éis éisteacht do thabhairt do gach páirtí is dó leo a bheith i dteideal chun éisteacht d'fháil, féadfidh an bínse leasuithe no atharuithe do dhéanamh ar na téarmaí agus ar na coiníollacha san no nithe do chur leo fé mar is dó leis an mbínse bóthair iarainn a bheith ceart agus réasúnta, agus dáta do cheapa ar a dtiocfid i bhfeidhm.

Forálacha Ilghnéitheacha i dtaobh Eilithe.

Rátaí cúntúrtha únaera.

44. —(1) Le linn sceideal d'éilithe do bheith acu á shocrú, no laistigh de dhá mhí dhéag no de pé tréimhse níos sia ná san ina dhiaidh sin a lomhálfidh an tAire in aon chás, socróidh an bínse bóthair iarainn cadiad na luíoduithe a déanfar ar na riail-éilithe sa chás ina n-iompróidh an chuideachta chó-nasctha earraí tráchtála so-loitthe fé choiníollacha cúntúrtha únaera, agus nochtfar no taisbeánfar na luíoduithe sin sa sceideal ar pé slí a ordóidh an bínse bóthair iarainn.

(2) I gcás ráta fé leith do bheith i bhfeidhm agus gur coiníollacha cúntúrtha cuideachtan no coiníollacha cúntúrtha únaera, pe'ca taobh acu é, na coiníollacha a bhaineann leis an ráta san, agus nách difríocht shuarach an difríocht i bhfreagarthacht na cuideachtan fén dá shreath coiníollacha maidir leis na hearraí tráchtála a bheidh i gceist, luadhfidh an chuideachta chó-nasctha ráta có-réire fé sna coiníollacha eile má iarann trádálaí ortha é i scríbhinn agus mara luadhaidh an chuideachta a leithéid sin de ráta chun sástachta don trádálaí laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an iarratais sin féadfidh an trádálaí iarratas a dhéanamh chun an bhínse bhóthair iarainn agus socróidh an bínse bóthair iarainn an ráta có-réire sin agus ceapfid an dáta ar a dtiocfa sé i bhfeidhm.

(3) Sí difríocht a bheidh idir ghnáth-ráta agus ráta cúntúrtha únaera ná pé difríocht is dó leis an mbínse bóthair iarainn a bheith cothrom do réir réasúin le méid na difríochta i gcúntúirt na cuideachtan fén dá shreath coiníollacha i gcás na n-earraí tráchtála a bheidh i gceist.

(4) Ní bheidh an chuideachta chó-nasctha fé aon oblagáid eallach stuic d'iompar ar rátaí cúntúrtha únaera i gcásanna ná hiomprófí eallach stuic ar rátaí luíoduithe fé choiníollacha cúntúrtha únaera ar dháta rithte an Achta so.

Eilithe minimum.

45. —Beidh teideal ag an gcuideachtain chó-nasctha chun suim d'éileamh ar son iompar earraí tráchtála do réir faide minimum a bheidh oiread mílte ar faid agus shocróidh an bínse bóthair iarainn no pé suim minimum a shocróidh an bínse bóthair iarainn ach ní hatharófar na faideanna minimum san do réir ce'ca héileofar éilithe ceann-scríbe stáisiúin no ná héileofar.

Eilithe ar son bailiú agus seachada.

46. —(1) Ar an lá ceaptha agus ina dhiaidh sin féadfidh an chuideachta chó-nasctha aon earraí tráchtála a bheidh le hiompar no a hiompruíodh ar bhóthar iarainn do bhailiú agus do sheachada de bhóthar agus éilithe réasúnta d'éileamh ar a shon i dteanta na n-éilithe ar son a n-iompartha de bhóthar iarainn, agus sa leabhar rátaí a cimeádfar sa stáisiún ina dtógaid ortha féin bailiú agus seachada do dhéanamh foillseoid na héilithe a bheidh i bhfeidhm ar son bailiú agus seachada earraí tráchtála is gnáth a bhailiú agus a sheachada.

(2) In aon áit ina dtairgeann an chuideachta chó-nasctha earraí tráchtála do bhailiú agus do sheachada féadfidh an chuideachta agus, ar a éileamh san ortha agus ar íoc na n-éilithe gceart, beidh ortha bailiú agus seachada do dhéanamh ar earraí tráchtála den tsórt is gnáth leis an gcuideachtain de thurus na huaire a bhailiú agus a sheachada san áit sin:

Ach ní héileofar ar an gcuideachtain earraí do sheachada chun éinne ná fuil toilteanach chun marga dhéanamh, marga gur féidir do deire chur leis tar éis fógra réasúnta, chun an chuid eachta do sheachada a chuid tráchta go léir no a chuid tráchta mheathtaigh go léir, ar na héilithe atá sa leabhar rátaí, ón stáisiún ina bhfuil na héilithe sin i bhfeidhm.

(3) I gcás éinne ná déanfidh an marga san ní héileofar ar an gcuideachtain aon earraí tráchtála leis do sheachada ach, mara nglacaidh an duine sin seachada aon earraí áirithe tráchtála laistigh d'aimsir réasúnta, féadfidh an chuideachta na hearraí sin do sheachada chuige agus pé éilithe réasúnta is oiriúnach leo d'éileamh ar an seachada san.

(4) Sé an bínse bóthair iarainn a shocróidh aon aighneas i dtaobh ce'ca tá aon éileamh ar son bailiú agus seachada réasúnta no ná fuil, no i dtaobh faid téarma fógra chun deire chur le marga fén alt so do bheith réasúnta no gan a bheith.

Earraí cúntúrthacha.

47. —(1) Ní chuirfidh éinní san Acht so aon oblagáid ar an gcuideachtain chó-nasctha earraí cúntúracha do ghlaca chun iad d'iompar, ná ní dhéanfa sé dochar do sna comhachta atá ag aon Roinn Rialtais fén Explosives Act, 1875, ná luíodú ortha, ná difir do dhleathacht ná d'oibriú aon ordú, riala ná fo-dhlí a dineadh fé sna comhachta atá san Acht san.

(2) Má dhineann an chuideachta chó-nasctha, ar an lá ceaptha no ina dhiaidh sin, earraí cúntúrthacha do ghlaca chun iad d'iompar, iomprófar na hearraí fé réir pé fo-dhlithte, rialacháin agus coiníollacha is oiriúnach leis an gcuideachtain a dhéanamh i dtaobh iad d'iompar no do stóráil, agus déanfidh únaer no consighneoir na n-earraí sin an chuideachta do shlánú ar gach cailliúint no damáiste agus in aghaidh gach cailliúna no damáiste a thiocfidh don chuideachtain no ina bhfuil no ina mbeidh an chuideachta freagarthach tré gan na fo-dhlithe, na rialacháin, agus na coiníollacha a luadhadh roimhe seo agus a bhaineann leis na hearraí sin do chó-líona agus íocfa sé lán-chúiteamh i ngach díobháil a déanfar amhlaidh do sheirbhísigh na cuideachtan agus i ngach damáiste a déanfar amhlaidh dá maoin mara gcruthuítear gurbh é mí-iompar toiliúil seirbhíseacha na cuideachtan fé ndeár an díobháil no an damáiste, ach, fé réir na nithe roimhráite, cuirfar i bhfeidhm na forálacha den Chuid seo den Acht so a bhaineann le gnáth-rátaí agus le rátaí cúntúrtha únaera.

(3) Sé an bínse bóthair iarainn a shocróidh aon cheist i dtaobh ce'ca earraí cúntúrthacha earraí áirithe no nach ea:

Ach má fhaisnéiseann an chuideachta chó-nasctha aon earra do bheith cúntúrthach, is ar an té go dteastuíonn uaidh go n-iomprófí an earra a bheidh a thaisbeáint ná fuil sé cúntúrthach.

Sceidealacha de riail-éilithe, etc., d'fhoillsiú.

48. —(1) Déanfar na sceidil de riail-éilithe agus na riailtéarmaí agus na riail-choiníollacha iompair, nuair a socrófar iad do réir forálacha na Coda so den Acht so, agus aon orduithe ón mbínse bóthair iarainn le n-a n-atharuítear riail-éilithe no riail téarmaí agus riail-choiníollacha, déanfar iad do chlóbhuala, d'uimhriú, d'fhoillsiú agus do dhíol, agus féadfar iad do luadh fé mar is gá de thurus na huaire do réir dlí rialacha reachtúla do chlóbhuala, d'uimhriú, d'fhoillsiú agus do dhíol agus fé mar is ceaduithe iad do luadh.

(2) Déanfidh an chuideachta chó-nasctha cóipeanna clóbhuailte den aicmiú ghenerálta ar earraí tráchtála agus den sceideal de riail-éilithe a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do chimeád le díol i pé áiteanna agus ar pé praghsanna réasúnta a ordóidh an tAire.

(3) I ngach stáisiún ina nglactar earraí tráchtála chun iad d'iompar, no más in áit éigin eile seachas stáisiún a glactar earraí tráchtála chun iad d'iompar, ansan sa stáisiún is goire don áit sin, cimeádfidh an chuideachta chó-nasctha i gcóir iniúcha phuiblí, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, cóip d'aicmiú ghenerálta na n-earraí tráchtála a hiompruítear ar an mbóthar iarainn, agus leabhar no leabhair ina luadhfar—

(i) an fhaid i gcóir éilimh ón stáisiún no ón áit sin atá gach áit go nglacaid earraí ina chóir, agus isí faid í sin ná an fhaid is giorra maraon le haon bhreiseanna a húdaruítear le reacht;

(ii) na scálaí de riail-éilithe a bhaineann le gach aicme fé leith earraí tráchtála a hiompruítear ar an mbóthar iarainn;

(iii) gach ráta fé leith atá i bhfeidhm ón stáisiún no ón áit sin;

(iv) aon éilithe atá i bhfeidhm ar son earraí tráchtála do bhailiú agus do sheachada sa stáisiún no san áit sin.

Beidh aicmiú generálta na n-earraí tráchtála agus gach leabhar den tsórt san ar oscailt, ar gach tráth réasúnta, i dtreo go bhféadfidh éinne iad d'iniúcha agus san gan aon táille d'íoc.

(4) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin cimeádfidh an chuideachta chó-nasctha ar oscailt ina bpríomh-oifig i gcóir iniúcha, ar feadh tréimhse deich mblian, na leabhair, na sceidil, no na páipéirí eile ina luaidhtear na rátaí, na héilithe agus na coiníollacha iompair a bhí in úsáid an 1adh lá d'Eanair, 1916, ar na bóithre iarainn uile agus fé leith a bhí dá gcuid féin no a bhí á n-oibriú ag na cuideachtana co-nascthacha agus ag na cuideachtana tógthaisteach, agus ar a n-iarraidh sin ortha agus ar íoc éilimh réasúnta, tabharfid uatha cóipeanna de sna leabhair, na sceidil agus na páipéirí sin no sleachta asta.

(5) Mara gcó-líonaidh an chuideachta chó-nasctha forálacha an ailt seo, féadfar, ar a gciontú ar an slí achmair, iad do chur fé fhíneáil nách mó ná cúig púint in aghaidh gach cionta agus, má leantar den chionta, in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta.

Forálacha ilghnéitheacha i dtaobh rátaí.

49. —Na forálacha atá sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so (eadhon, forálacha atá cosúil leo súd atá anois sna horduithe de gach saghas i dtaobh rátaí agus éilithe bóthair iarainn), bainfid leis an gcuideachtain chó-nasctha ón lá ceaptha.

Feidhmeanna breise don bhínse bhóthair iarainn.

50. —I dteanta aon chomhachtanna eile a bronntar ar an mbínse bóthair iarainn fén gCuid seo den Acht so, beidh comhacht acu chun breith do thabhairt tar éis gach páirtí d'éisteacht le n-a mbaineann an scéal agus gur mian leis go n-éistfí é, ar aon cheisteanna tabharfar os a gcóir i dtaobh na nithe seo a leanas:—

(a) aicmiú na n-earraí tráchtála d'atharú, no aicmiú aon earra d'atharú, no aicmiú do dhéanamh ar aon earra ná beidh aicmithe an uair sin, no aon cheist i dtaobh na haicme ina bhfuil aon earra curtha;

(b) tré-rátaí do bhunú, d'atharú, no do chur ar ceal;

(c) grúp-rátaí nua do bhunú agus seana-ghrúp-rátaí do bhunú, d'atharú, no do chur ar ceal;

(d) aon chustum is iníoctha ag trádálaí d'atharú;

(e) an méid a lomhálfar ar son aon tseirbhísí cinn-scríbe ná dintar i stáisiún, no ar son cóiríochta agus seirbhísí a bhaineann le leataobh príobháideach agus ná soláthruítear no ná dintar ag an leataobh san;

(f) réasúntacht no nea-réasúntacht aon éilimh a dhineann an chuideachta chó-nasctha ar son aon tseirbhísí no cóiríochta ná baineann aon éileamh údaruithe leo;

(g) réasúntacht no nea-réasúntacht aon choiníollacha i dtaobh pacáil earraí gur an-fhuiriste damáiste do dhéanamh dóibh ar turus no gur baol dóibh damáiste do dhéanamh d'earraí tráchtála eile;

(h) na hearraí agus na rudaí is ceaduithe a iompar mar bhagáiste paisnéirí;

(i) bunú có-choistí áitiúla a bheidh ionadathach do thrádálaithe agus don chuideachtain chó-nasctha, agus a bhfeidhmeanna agus na háiteanna ina mbunófar iad.

Leasuithe ar Achtanna áirithe.

51. —(1) Sa bhaint a bheidh acu leis an gcuideachtain chónasctha, beidh éifeacht, ón lá ceaptha, ag na hAchtanna a luaidhtear sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, fé réir na leasuithe luaidhtear sa tríú colún den sceideal san.

(2) Má tá aon tsean-Acht speisialta dá mbaineann le haon chuideachta chó-nascthach no cuideachta thógtha-isteach gan alt d'aon cheann de sna Railways Clauses Acts, a leasuítear no a hathghairmtear leis an sceideal san, do bheith ionchorporuithe ann, ach go bhfuil forálacha ann atá ar có-réir leis an alt san, déanfar ar an bhforáil chó-réire sin an leasú no an athghairm chéanna a dintar leis an sceideal san ar an alt den Railways Clauses Act.

(3) Chun fo-alt (5) d'alt 1 agus alt 2 den Harbours, Docks and Piers (Temporary Increase of Charges) Act, 1920, do chur i mbaint leis na hOrduithe a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoisceanna Reachtúla (Buanú Muirireacha) (Uimh. 2), 1923 (Uimh. 16 de 1923) , do réir fo-alt (2) d'alt 3 den Acht deiridh sin a luadhadh, ach ní chun aon chríche eile, déanfar an fo-alt san (5) d'alt 1 agus an t-alt san 2 den Acht a céad-luadhadh a atharú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfar an bínse bóthair iarainn in ionad an choiste chomhairle rátaí;

(b) cuirfar in ionad an fho-choiste a luaidhtear san alt san 2 coiste a bheidh có-dhéanta de pé baill de bhuan-bhaill an bhínse bhóthair iarainn a ainmneoidh an bínse bóthair iarainn agus a cheadóidh an tAire agus d'oiread ball den phainéal ghenerálta a bunuítear fé Chuid II. den Acht so is ainmneoidh an tAire, agus de bhaill (có-líon na mball den phainéal ghenerálta a hainmneofar amhlaidh) de phainéal na mbóthar iarainn agus na gcanálach a bunuítear fé Chuid II. den Acht so fé mar ainmneoidh an tAire.

Léiriú ar fhocail a húsáidtear i gCuid III.

52. —Sa Chuid seo den Acht so—

foluíonn an focal “éilithe” rátaí, táillí, custuim, dleachtanna agus éilithe eile;

cialluíonn an focal “rátaí” rátaí agus éilithe eile ar son earraí trachtála d'iompar;

cialluíonn an focal “táillí” rátaí agus éilithe eile ar son paisnéirí agus a mbagáiste d'iompar;

nuair a bhaineann an focal “atharuithe” le héilithe foluíonn sé atharuithe le n-a ndintear luíodú no méadú, agus léireofar dá réir sin an focal “atharuím” agus focail atá gaolmhar leis;

foluíonn an focal “earraí tráchtála” gach saghas earra, minearáil, eallach stuic, agus-ainmhí;

cialluíonn an focal “éilithe fé leith” éilithe is ísle ná na riailéilithe, agus foluíonn sé éilithe speisialta a buanuítear fé réir ceartú fé fhorálacha na Coda so den Acht so, agus léireofar dá réir sin na focail “rátaí fé leith” agus “táillí fé leith”;

foluíonn an focal “coiníollacha” rialacháin;

cialluíonn an focal “orduithe i dtaobh rátaí agus éilithe bóthair iarainn” orduithe sealadacha le n-ar socruíodh rátaí agus éilithe maximum a bhaineann le cuideachta bhóthair iarainn agus a dineadh agus a daingníodh ag Páirlimint na Ríochta Aontuithe do réir alt 24 den Railway and Canal Traffic Act, 1888;

cialluíonn an focal “an lá ceaptha” an lá a shocróidh an bínse bóthair iarainn mar lá ceaptha ar a dtiocfidh i bhfeidhm na sceidil de riail-éilithe a bheidh socair acu;

cialluíonn an focal “riail-éilithe” na héilithe a socrófar leis na sceidil do riail-éilithe a shocróidh an bínse bóthair iarainn fén gCuid seo den Acht so;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an mbínse bóthair iarainn.

Eilithe do cheartú do réir Ioncuim.

Eilithe do cheartú do réir ioncuim.

53. —(1) Siad riail-éilithe a socrófar don chuideachtain chónasctha i dtosach bára ná éilithe is dó leis an mbínse bóthair iarainn a bhéarfidh, maraon leis na meáin eile ioncuim, sa mhéid gur féidir é agus le hoibriú agus bainistí a bheidh éifeachtúil agus baileach, ioncum glan bliantúil (dá ngairmtear an riail-ioncum ina dhiaidh seo anso) a bheidh có-ionann leis an meán-ioncum iomlán glan bliantúil a fuair na cuideachtana cónascthacha agus na cuideachtana tógtha-isteach i gcaitheamh na dtrí mblian cuntais a chríochnuigh díreach roimh an 1adh lá d'Eanair, 1914, maraon le—

(a) suim is ionann agus cúig per cent. ar an gcaiteachas caipitiúil, eadhon, an bun ar ar lomháladh ús i gceann na tréimhse gur le na linn a bhí na cuideachtana cónascthacha agus na cuideachtana tógtha-isteach ar seilbh ag an Rialtas Briotáineach; agus

(b) pé liúntas is gá mar leor-chúiteamh in aon chaipital breise a fuarthas no a soláthruíodh ar scór caiteachais, ar chuntas caipitail, fé n-ar chuathas ón 1adh lá d'Eanair, 1913, agus nár háiríodh mar chuid den chaiteachas dá dtagartar sa mhír sin roimhe seo, sé sin, maran féidir a thaisbeáint nár mhéaduigh an caiteachas san luach an ghnótha; agus

(c) pé liúntas a chífar don bhínse bóthair iarainn a bheith réasúnta ar scór caiteachais chaipitiúil, nách lú ná míle punt i gcás aon oibre áirithe agus nách caiteachas caipitiúil a háiríodh i mír (a), ar oibreacha a mhéaduigh luach an ghnótha ach ná raibh lán-chúiteamhach fós i dtosach na bliana 1913:

Ach nuair a bheidh an bínse á dhéanamh amach cadí an tsuim a bhéarfidh éilithe má bhíonn an t-oibriú agus an bhainistí go héifeachtúil agus go baileach, ansan, mar ghríosú chun gníomhartha do dhéanamh go luath chun costaisí a bhaineann le hoibriú agus le bainistí do ghearra anuas, fé mar a féadfí a dhéanamh de bharr có-naisc no ag súil leis, cuimhneoidh an bínse ar an ngearra anuas a bheidh déanta cheana féin tré ghníomhartha den tsórt san, agus déanfid pé lomháil ar a scór san a mheasfidh an bínse bheith cóir agus cothrom ach ná raghaidh thar trí is tríocha agus trian per cent. den ghearra anuas san.

(2) Nuair a bheidh an bínse bóthair iarainn ag socrú éilithe do réir forálacha an ailt seo cuimhneoid ar na slite is fearr, dar leo, chun a chur in áirithe an feabhsú agus an leathanú maximum do dhéanamh, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, ar earraí tráchtála agus paisnéirí agus a mbagáiste d'iompar ar bhóthar iarainn, agus gheobhaid amach dá réir sin chó fada agus is féidir é conus d'oibrigh na sean-éilithe sin no aon cheann acu ar an ngnó earraí tráchtála no paisnéirí le n-a mbainid agus, go sonnrách, ce'ca chun méaduithe no chun luíoduithe an ghnótha san a chuaidh feidhmiú na n-éilithe sin, no is dóichí a raghadh sé dá leantí dhe.

(3) Tar éis aon athscrúdú do dhéanamh, den tsórt a luaidhtear sa chéad alt ina dhiaidh seo, má chítear don bhínse bóthair iarainn an liúntas a lomháladh fé mhír (c) d'fho-alt (1) den alt so do bheith ró-árd no ró-íseal, féadfidh an bínse an liúntas d'athscrúdú agus pé ceartú is gá do dhéanamh ar mhéid an riailioncuim.

(4) Nuair a bheidh an bínse bóthair iarainn ag socrú na n-éilithe is gá chun an riail-ioncuim do thabhairt, cuimhneoid ar na héilithe ar scór aon ghnótha a bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain, mar ghnó chabhartha no mar fho-ghnó a ghabhann le n-a mbóithre iarainn, agus ná fuil aon údarás ag an mbínse bóthair iarainn os cionn na n-éilithe a bhaineann leis agus más dó leis an mbínse bóthair iarainn ná héilíonn an chuideachta leor-éilithe no ná fuil gníomhartha réasúnta déanta acu chun a chur ar a gcumas féin leor-éilithe d'éileamh ar scór aon ghnótha den tsórt san, déanfidh an bínse bóthair iarainn le linn bheith ag socrú na n-éilithe fén gCuid seo den Acht so, aire thabhairt don ioncum a thiocfadh as aon ghnó den tsórt san dá mbeadh leor-éilithe i bhfeidhm.

Athscrúdú o am go ham ar riail-rátaí agus ar rátaí fé leith.

54. —(1) Athscrúdóidh an bínse bóthair iarainn riail-rátaí agus rátaí fé leith na cuideachtan có-nasctha i gceann na céad lánbhliana airgeadais tar éis an lae cheaptha no, má sé an chéad lá d'Eanair is lá ceaptha aon bhliain, i gceann na bliana san agus, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt ar an slí a nochtar ina dhiaidh seo anso, i gceann gach bliana ina dhiaidh sin, agus déanfar an t-athscrúdú do réir na foghluma a bheidh fachta as oibriú na n-éilithe sin ar feadh na tréimhse gur le n-a linn a bhí na riail-éilithe i bhfeidhm no, más sia ná trí bliana an tréimhse sin, do réir na foghluma a bheidh fachta as oibriú na n-éilithe sin ar feadh na dtrí mblian roimh-thagtha.

(2) Féadfidh an tAire a ordú, maidir le haon bhliain tar éis an dara athscrúdú bliantúil gan athscrúdú do dhéanamh, ach ní tabharfar aon ordú den tsórt san maidir le haon bhliain gur iarr an chuideachta chó-nasctha no aon dream ionadathach de thrádálaithe ar an Aire athscrúdú do chur á dhéanamh ina cóir.

(3) Nuair a dhéanfidh an bínse bóthair iarainn aon athscrúdú den tsórt san, más léir dóibh, maidir leis an ioncum glan no leis an meán-ioncum glan bliantúil a fuair an chuideachta, no a fhéadfidís a fháil le bainistí éifeachtúil bhaileach, sa tréimhse ar dineadh an t-athscrúdú do réir na foghluma a thug sí léi, go bhfuil breis shubstainteach aige ar riail-ioncum na cuideachtan maraon le pé liúntas (má lomháltar é) a chífar don bhínse bhóthair iarainn bheith riachtanach chun leor-chúiteamh do dhéanamh in aon chaipital breise a fuarthas no a soláthruíodh ar scór caiteachais, ar chuntas chaipitail, fé n-ar chuathas ón dáta ar ar socruíodh na riail-éilithe i dtosach bára, ansan, maran dó leis an mbínse bóthair iarainn mar gheall ar atharú sa chás, nách dócha go leanfidh an bhreis, atharóid gach ceann no aon cheann de sna riail-éilithe agus déanfid a chothrom san d'atharú generálta ar éilithe fé leith na cuideachtan i dtreo go raghaidh ar ioncum glan na cuideachtan sna blianta ina dhiaidh sin luíodú is có-ionann le ceithre fichid per cent. den bhreis sin.

(4) Nuair a dhéanfidh an bínse bóthair iarainn aon athscrúdú den tsórt san, más léir dóibh an t-ioncum glan no an meánioncum glan bliantúil, a fuair an chuideachta sa tréimhse gur dineadh an t-athscrúdú do réir na foghluma a thug sí léi, do bheith níos lú ná riail-ioncum na cuideachtan maraon le pé liúntas (má lomháltar é) a chífar don bhínse bhóthair iarainn bheith riachtanach chun leor-chúiteamh do dhéanamh in aon chaipital breise a fuarthas no a soláthruíodh ar scór caiteachais, ar chuntas chaipitail, fé n-ar chuathas ón dáta ar ar socruíodh na riail-éilithe i dtosach bára, agus más léir dóibh nárbh easba éifeachtúlachta ná baileachais sa bhainistí fé ndeár an t-easnamh, ansan, maran dó leis an mbínse bóthair iarainn, mar gheall ar atharú sa chás, nách dócha go leanfidh an t-easnamh, déanfid atharuithe ar gach ceann no aon cheann de sna riail-éilithe agus a gcothrom san d'atharú generálta ar éilithe fé leith na cuideachtan fé mar is dó leo is gá chun a chur ar chumas na cuideachtan an riail-ioncum do thuilleamh maraon le liúntas (má lomháltar é) den tsórt roimhráite.

(5) Ar dhéanamh aon athscrúdú den tsórt san má gheibhtar amach aon bhreis den tsórt san roimhráite, ansan, chun críche athscrúduithe a déanfar ina dhiaidh sin, beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt so fé mar a cuirfí in ionad an riail-ioncuim suim (dá ngairmtear “an riail-ioncum méaduithe” ina dhiaidh seo anso) is có-ionann leis an riail-ioncum tar éis fiche per cent. den bhreis sin do chur leis, agus ar dhéanamh aon athscrúdú den tsórt san ina dhiaidh sin má gheibhtar amach aon bhreis os cionn an riail ioncuim mhéaduithe tar éis an liúntas (má lomháltar é) i gcóir caipitail bhreise do chur leis, ansan, chun críche athscrúduithe a déanfar ina dhiaidh sin méadófar an riail-ioncum méaduithe tré shuim is ionann le fiche per cent. den bhreis sin do chur leis, agus mar sin de:

Ach má dintar, mar gheall ar easnamh, na riail-éilithe agus na héilithe fé leith d'atharú do réir fo-alt (4) den alt so aon uair tar éis a leithéid sin de bhreis d'fháil amach, ní déanfar aon chur-in-ionad den tsórt san go dtí go bhfuighfar amach arís breis os cionn an riail-ioncuim tar éis an liúntas (má lomháltar é) i gcóir caipitail bhreise do chur leis.

(6) Nuair a bheidh an bínse bóthair iarainn ag atharú éilithe tar éis aon athscrúdú den tsórt san do dhéanamh, tabharfid aire do sna nithe dá dtabharfidís aire agus éilithe acu á shocrú i dtosach bára:

Ach tabharfidh an bínse aire do sna torthaí airgeadais a fuarthas de bharr aon ghnótha chabhartha no fo-ghnótha a bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain, agus más deimhin leo, tar éis gach a mbaineann leis an scéal do bhreithniú, go bhfuil an t-ioncum glan a thagann as ró-íseal, féadfid, chun críche an athscrúduithe sin, pé luíoduithe is dó leo is ceart do dhéanamh ar na héilithe a socrófí mara mbeadh san.

(7) Na hatharuithe a déanfar ar riail-éilithe agus ar éilithe fé leith do réir an ailt seo, beidh éifeacht acu ón 1adh lá d'Iúl na bliana a thiocfidh i ndiaidh na bliana deiridh a bhí fé athscrúdú no o pé dáta eile a shocróidh an bínse bóthair iarainn.

CUID IV.

Pagh agus Coiniollacha Seirbhise.

Coiníollacha seirbhíse fostaithe bóthair iarainn do regleáil.

55. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis, regleálfar rátaí páigh, trátha diúité, agus coiníollacha eile seirbhíse fostaithe bóthair iarainn do réir margaí atá déanta no a déanfar o am go ham idir ionadaí ceárd-chumann na bhfostaithe sin, ar aon taobh amháin agus, ar an dtaobh eile, na cuideachtana bóthair iarainn agus na daoine eile go bhfuilid ar fostú acu fé seach.

(2) Laistigh de mhí tar éis rithte an Achta so no tar éis déanamh aon mhargaidh den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, pe'ca aca is déanaí, fágfar leis an Aire scríbhinn bhunaidh gach margaidh den tsórt san, no có-shamhail do, no cóip de a deimhníodh mar fhíor-chóip ar pé cuma d'orduigh an tAire.

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “fostaí bóthair iarainn” duine ar fostú ag cuideachta bhóthair iarainn no ag Tigh Eadar-Chuntais Bóithre Iarainn na hÉireann in aon ghrád dá luaidhtear san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus i pé grádanna eile a cuirfar ina dhiaidh seo laistigh de scóip na margaí dá dtagartar san alt so tré aontú idir pháirtithe na margaí sin, agus go bhfuil a stáisiún, a dhepôt no a áit eile fostaíochta i Saorstát Éireann.

Ceapa chun grádanna cléireachais.

56. —(1) Ach amháin fé mar a foráltar ina dhiaidh seo san alt so, is tré scrúdú comórtais oscailte, do réir rialachán a dhéanfidh an chuideachta chó-nasctha, a déanfar gach ceapa chun aon oifige no ionaid i ngrádanna cléireachais seirbhís na cuideachtan cónasctha. Beidh an Ghaedhilg ina habhar éiginteach sna scrúduithe sin.

(2) Beidh gach scrúdú comórtais oscailte den tsórt san ar oscailt do gach éinne gur mian leis dul fén gcéanna agus go bhfuil gnáth-chomhnaí air in Éirinn agus a íocfidh na táillí agus go mbeidh na cáilíochta san aige maidir le haois, sláinte agus carachtar, a bheidh orduithe sna rialacháin a bhainfidh leis an scrúdú.

(3) Féadfidh an chuideachta chó-nasctha a fhoráil le rialachán speisialta gur tré scrúduithe comórtais teoranta a líonfar pé cion de sna folúntaisí i ngrádanna a sheirbhíse a cheadóidh an tAire, agus ar scrúdú do bheith teoranta amhlaidh ní leigfar fé ach daoine atá no a bhí ar fostú ag an gcuideachtain chónasctha no clann daoine den tsórt san.

Scéim d'ullamhú i gcóir ciste aois-liúntais.

57. —(1) Laistigh de bhliain tar éis an 1adh lá d'Eanair, 1925, no de pé tréimhse eile a shocróidh an tAire, ullamhóidh an chuideachta chó-nasctha scéim chun í phlé leis na ceárd-chumainn a ionaduíonn fostaithe na cuideachtan có-nasctha, scéim chun ciste aois-liúntais do bhunú, ar mhódh rann-íocach, do pé cuid d'fhostaithe na cuideachtan có-nasctha gur féidir, agus aire chuibhe dá thabhairt do chúrsaí rímh-chléireachais, soláthar do dhéanamh dóibh amach as ciste den tsórt san.

(2) Forálfar sa scéim a ullamhóidh an chuideachta chó-nasctha amhlaidh go mbeidh ionadaithe do sna fostaithe páirteach i mbainistí an chiste aois-liúntais.

CUID V.

Regleail na mBothar Iarainn.

Comhacht chun orduithe dhéanamh i dtaobh oibriú na mbóthar iarainn.

58. —(1) Chun an tsábháltacht phuiblí no leas na puiblíochta no na tráchtála no aon chomharsanachta áirithe do chur in áirithe agus do chur ar aghaidh, féadfidh an bínse bóthair iarainn, le hordú, ar iarratas o aon dream daoine a ionaduíonn aon leasanna den tsórt san, a éileamh ar an gcuideachtain chó-nasctha no ar aon chuideachta bhóthair iarainn eile, maidir leis an gcuid sin dá ngnó a luíonn i Saorstát Éireann, seirbhísí, saoráidí agus áisiúlachtaí réasúnta bóthair iarainn do thabhairt ar a ngnó agus maidir le n-a ngnó (maraon le pé atharuithe agus leathanuithe agus feabhsanna beaga do dhéanamh ar na sean-oibreacha ná beidh níos mó ná deich míle púnt le caitheamh ortha in aon chás áirithe) fé mar adéarfar san ordú:

Ach más rud é, nuair a cuirfar isteach iarratas den tsórt san, go gcuirfidh cuideachta ina luighe ar an mbínse bóthair iarainn nách féidir, agus an scéal go léir mar atá sé, an caipital is gá chun na críche do sholáthar no do chaitheamh mar a meastar gan dochar do dhéanamh do leasanna na scaireánach a bheidh ann an uair sin, ní déanfar an t-ordú:

Agus fós beidh na comhachta fén bhfo-alt so mar bhreis agus ní mar luíodú ar aon chomhachta eile atá ann cheana le n-a n-éilítear go ndéanfar a bhfuil riachtanach chun an phuiblíocht do chosaint no chun saoráidí réasúnta do sholáthar.

(2) Féadfidh an tAire, le hordú, a éileamh ar an gcuideachtain chó-nasctha no ar aon chuideachta bhóthair iarainn eile, maidir leis an gcuid sin dá ngnó a luíonn i Saorstát Éireann, déanamh do réir aon mhola o chigire a ceapadh go cuibhe fén Regulation of Railways Act, 1871.

(3) I gcás aon choróinéir do chur coiste no do bheith chun coiste do chur ar éinne a marbhuíodh de dheascaibh tionóisce go n-iarratar de thurus na huaire leis na Regulation of Railways Acts, 1840 to 1889, no dá réir fógra ina thaobh do chur chun an Aire, agus i gcás é chur iarratais scríbhte chun an Aire chuige seo, féadfidh an tAire cigire no duine éigin go bhfuil eolas ar dhlí no eolas speisialta aige do cheapa chun cabhrú in obair an choiste sin, agus an té a ceapfar amhlaidh gníomhóidh sé mar mheastóir don choróinéir, agus an cuntas ba chóir don choróinéir a thabhairt don Aire fé sna hAchtanna roimhráite isé an duine sin a thabharfidh don Aire é in ionad an coróinéir é do thabhairt do agus foillseofar an cuntas ar an gcuma ina ndéanfí é i gcás iniúcha fhuirmeálta ar thionóisc fén Regulation of Railways Act, 1871.

(4) Déanfar forálacha na Regulation of Railways Acts, 1840 to 1889, maidir le hoscailt aon bhóthair iarainn, do leathanú i dtreo go mbainfid le hiniúcha gach oibre nua no athdhéanta, maraon le droichid agus viaducta.

(5) Aon ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so déanfidh aon chuideachta bhóthair iarainn le n-a mbaineann an t-ordú é chólíona, agus mara gcó-líonaid é féadfar é chur i bhfeidhm (fé réir a bhforáltar anso roimhe seo) le hordú a dhéanfidh an bínse bothair iarainn ar iarratas ón Aire.

Comhacht chun orduithe dhéanamh chun talamh, etc., d'fháil.

59. —(1) Chun a chur ar chumas cuideachtan bóthair iarainn atharuithe, leathanuithe, agus feabhsuithe do dhéanamh ar oibreacha atá ann cheana do réir ordú ón mbínse bóthair iarainn no ón Aire no, ar iarratas cuideachtan bóthair iarainn, chun a chur ar chumas na cuideachtan san aon atharú, leathanú no feabhsú atá luaidhte in alt 45 den Railway Clauses Act, 1845, do dhéanamh agus do sholáthar, féadfidh an t-Aire, tar éis forálacha an ailt seo do chó-líona, a údarú don chuideachta bhóthair iarainn an talamh agus na faoisimh d'fháil agus na hoibreacha dhéanamh is gá chun na hatharuithe, na leathanuithe agus na feabhsuithe roimhráite do dhéanamh.

(2) Sara ndintar ordú fén alt so fágfidh an chuideachta bhóthair iarainn leis an Aire pé pleananna, áireamhachtaí agus scríbhinní eile a iarrfidh an tAire agus tar éis fágáil na scríbhinní sin tabharfidh an tAire fógra puiblí, a foillseofar aon uair amháin san Iris Oifigiúil agus aon uair amháin gach seachtain de thrí seachtainí as a chéile i bpáipéar éigin, agus sa pháipéar chéanna gach seachtain, a léitear sa chontae no sna contaethe ina bhfuil an talamh, i dtaobh é bheith chun déanamh an orduithe sin do bhreithniú agus i dtaobh na slí ina bhféadfar agus i dtaobh na haimsire gur laistigh di a féadfar aithris cúise do dhéanamh agus agóidí do chur isteach i dtaobh an orduithe, agus, más dó leis go bhfuil sé oiriúnach é dhéanamh, cuirfe sé fé ndeár fiosrúchán puiblí do chomóra i dtaobh éinní a bhaineann le déanamh an orduithe sin.

(3) In ordú a déanfar fén alt so féadfar—

(a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, d'ionchorporú, ach é atharú i dtreo go bhfolóidh an focal “public authority” an chuideachta bhóthair iarainn sin, agus

(b) na Lands Clauses Acts d'ionchorporú sa mhéid ná fuilid bunoscionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh.

(4) Ní déanfar aon ordú fén alt so i dtaobh éinní gur dó leis an Aire, de bharr aithrise cúise a dineadh chuige no de bharr na tuarasgabhála ón duine a bhí i mbun fiosrúcháin phuiblí no de bharr éinní eile, gur ní é de shaghas no de mhéid nár cheart dul ar aghaidh leis gan údarás d'fháil ón Oireachtas tré Bhille Phríobháideach.

Comhacht chun daingniú dhéanamh ar mhargaí chun bóithre iarainn do cheannach, do thógaint ar léas no d'oibriú.

60. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo agus tar éis pé fógraí agus fiosrúcháin is dó leis an Aire is gá no is oiriúnach, féadfidh an tAire daingniú do dhéanamh ar aon mharga a déanfar ina dhiaidh seo chun an chuideachta chó-nasctha do cheannach, do léasú, no d'oibriú aon chuid de shuisteam aon chuideachtan bóthair iarainn eile.

(2) Gan údarás ón Oireachtas, ní bheidh aon mharga den tsórt san roimhráite dleathach ná éifeachtúil mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an tAire é dhaingniú fén alt so, ach má dintar agus nuair a déanfar é dhaingniú amhlaidh beidh lán fheidhm agus lán-dhleathacht aige agus féadfidh na páirtithe sa mharga san é chur in éifeacht gan a thuille údaráis ón Oireachtas.

(3) Ní dhaingneoidh an tAire aon mharga fén alt so más dó leis gur marga é de shaghas no de mhéid nár cheart dul ar aghaidh leis gan údarás d'fháil ón Oireachtas tré Bhille Phríobháideach.

Margaí.

61. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis sin, ní bheidh sé dleathach d'aon chuideachtain chó-nascthaigh ná d'aon chuideachtain tógtha-isteach ná don chuideachtain chó-nasctha atharú ná athghairm do dhéanamh ar aon mharga ná socrú (nách marga ná socrú a daingníodh le hachtachán reachtúil no a cuireadh mar sceideal leis) a dineadh le haon chuideachtain bhóthair iarainn no le haon ghnó iompair eile chun trácht do roinnt no do dhíriú, no chun fáltaisí do chó-chruinniú, no chun rátaí idir-dhealuithe do chur ar thrácht ar muir go Saorstát Éireann no amach as, ná margaí do dhéanamh chun aon chríche dhíobh san, ach amháin sa mhéid go n-údarófar no go n-éileofar é le hordú a dhéanfidh an bínse bóthair iarainn go n-aire chuibhe d'fhorálacha an Achta so.

(2) Ní dhéanfidh an bínse bóthair iarainn aon ordú den tsórt san roimhráite ach ar iarratas—

(a) o aon pháirtí sa mharga no sa socrú san; no

(b) ón gcuideachtain chó-nasctha; no

(c) o dhream ionadathach trádálaithe; no

(d) o dhream daoine atá ionadathach do thrádáil no do chomharsanacht; no

(e) o bhóthar iarainn no o ghnó iompair eile le n-a mbaineann an marga no an socrú san.

(3) Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, ní dhéanfidh éinní san Acht so dochar ná difir do chearta ná d'fhiachaisí aon chuideachtan có-nascthaighe ná aon chuideachtan tógtha-isteach fé aon mharga no socrú (nách marga ná socrú a daingníodh le hachtachán reachtúil no a cuireadh mar sceideal leis) a bhí ann le linn rithte an Achta so ach amháin sa mhéid go bhfuil na cearta no na fiachaisí sin bunoscionn le forálacha soiléire an Achta so.

(4) Gach cuideachta chó-nascthach agus gach cuideachta thógtha-isteach, agus fós gach cuideachta bhóthair iarainn eile go luíonn a mbóthar iarainn no aon chuid de laistigh de Shaorstát Éireann, déanfid—

(a) laistigh de mhí tar éis don Aire é éileamh ortha i scríbhinn no, mara ndintar an t-éileamh san, ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá d'Eanair, 1925, sceideal do thabhairt don Aire agus mion-innste scríbhte ann ar gach marga agus socrú le n-a mbaineann an fo-alt so agus a bheidh ann ar dháta an éilimh sin no, mara mbeidh an t-éileamh san ann, ar an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, agus gur páirtí ionnta an chuideachta san, agus

(b) laistigh de choicíos tar éis dáta aon mhargaidh no socrú le n-a mbaineann an fo-alt so agus a dineadh tar éis dáta an éilimh sin, no tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924 (pe'ca aca é), agus gur páirtí ann an chuideachta san, mion-innste scríbhte, ar an marga no ar an socrú san, do thabhairt don Aire, agus

(c) laistigh de sheachtain tar éis don Aire é éileamh ortha i scríbhinn, pé mion-innste agus eolas sa bhreis, a éileoidh an tAire amhlaidh, do thabhairt don Aire maidir le n-a bhfuil in aon mharga no socrú gur tugadh mion-innste air cheana fé aon mhír díobh san roimhe seo.

Má thugann aon chuideachta faillí in aon mhion-innste no eolas do thabhairt uatha do réir an ailt seo no má thugaid fén alt so aon eolas atá bréagach no a chuirfadh duine amú, féadfar a chur ar an gcuideachtain go n-íocfid leis an Aire i gcóir an Stát-Chiste pé pionós nách mó ná cúig púint ar fhichid agus, ina theanta san, má leanann an cionta, pé pionós breise nách mó ná cúig púint in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta, a fhorchuirfidh an bínse bóthair iarainn ortha ar iarratas ón Aire.

Baineann an fo-alt so le gach marga agus socrú (pe'ca fé chomhachta reachtúla a dineadh iad no ar shlí eile) le n-a socruítear i gcóir trácht do roinnt no do dhíriú ar bóthar iarainn go haon áit no o aon áit i Saorstát Éireann no i gcóir có-chruinniú fáltaisí a thiocfidh isteach de bhárr an tráchta san, no i gcóir rátaí idirdhealuithe ar thrácht ar muir go Saorstát Éireann no amach as.

(5) Tar éis rithte an Achta so beidh sé dleathach d'Aire an Phuist no d'aon cheann de sna cuideachtana có-nascthacha no tógtha-isteach no don chuideachtain chó-nasctha a iarraidh ar an mbínse bóthair iarainn—

(a) athscrúdú dhéanamh ar aon mharga, pe'ca marga reachtúil é no a mhalairt, atá ann ar dháta rithte an Achta so idir Aire an Phuist agus aon cheann de sna cuideachtana có-nascthacha no tógtha-isteach; no

(b) mara bhfuil aon mharga den tsórt san ann mar sin, breith do thabhairt ar aon difríocht no aighneas a bheidh no a eireoidh idir Aire an Phuist agus aon cheann de sna cuideachtana có-nascthacha no tógthaisteach no an chuideachta chó-nasctha maidir leis an luach saothair a híocfar as seirbhísí a thugann an chuideachta san d'Aire an Phuist, ach (in ainneoin aon fhorála reachtúla no forála eile ina choinnibh sin) leanfidh an chuideachta san de sna seirbhísí sin do thabhairt go dtí go dtabharfidh an bínse bóthair iarainn a mbreith.

CHUID VI.

Boithre Iarainn fe Urraiocht Bharuntachta.

Brí focal áirithe.

62. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “dividenda fé urraíocht bharúntachta” na dividenda ar scair-chaipital íoctha bóithre iarainn barúntachta curtha-isteach atá urruithe, le linn rithte an Achta so, ag barúntachtaí áirithe no ag codacha áirithe de bharúntachtaí i Saorstát Éireann fé urraíochtaí a tugadh fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, no fé aon Acht eile no fé aon Ordú i gComhairle a dineadh fé aon Acht den tsórt san: cialluíonn an focal “urra-bharúntacht” barúntacht no cuid de bharúntacht go bhfuil dividenda fé urraíocht bharúntachta urruithe aici fé aon urraíocht a tugadh fé aon Acht no Ordú i gComhairle den tsórt san adubhradh;

cialluíonn an focal “bóthar iarainn barúntachta curtha-isteach” bóthar iarainn no cuid de bhóthar iarainn gur dividenda fé urraíocht bharúntachta na dividenda ar aon chuid dá chaipital íoctha agus atá le cur isteach (tré chó-nasca no tré thógaintisteach), fé fhorálacha an Achta so, i ngnó na cuideachtan cónasctha.

Forálacha i dtaobh urraíochtaí barúntachta.

63. —(1) I rith gach bliana de sna deich mbliana a luaidhtear i gCuid I. den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht so íocfidh an tAire leis an gcuideachtain chó-nasctha amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus ina tráth-choda cothroma leathbhliantúla, an tsuim adeirtear sa Chuid sin I. den sceideal san a bheith iníoctha gach bliain de sna blianta san fé seach.

(2) Ar pé dátaí a shocróidh an tAire déanfidh comhairlí na gcontaethe uile agus fé leith a luaidhtear i gCuid II. den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht so na suimeanna a luaidhtear sa Chuid sin II. in aghaidh na gcontaethe sin fé seach d'íoc leis an Aire ina dtráth-choda cothroma leath-bhliantúla i rith gach bliana de sna blianta a luaidhtear sa Chuid sin II. i gcóir na gcontaethe sin fé seach, agus isiad suimeanna iad san ná na méideanna a sholáthair agus d'íoc na comhairlí sin fé seach i gcóir na tréimhse deiridh cuntasaíochta a chríochnuigh roimh an 1adh lá d'Eanair, 1914, mar gheall ar an bhfiachas a bhí ar urra-bharúntachtaí sa chontae i dtaobh dividenda fé urraíocht bharúntachta.

(3) Na suimeanna uile agus fé leith a íocfidh comhairle contae leis an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo, soláthróidh an chomh airle sin iad as na líomatáistí céanna agus do réir na gcionúireacht gcéanna agus ar an gcuma gcéanna gur asta agus dá réir agus uirthi a soláthruíodh an tsuim d'íoc an chomhairle sin i gcóir na tréimhse cuntasaíochta deiridh a chríochnuigh roimh an 1adh lá d'Eanair, 1914, mar gheall ar an bhfiachas a bhí ar urra-bharúntachtaí sa chontae i dtaobh dividenda fé urraíocht bharúntachta:

Ach féadfidh an tAire, le hordú, ar iarratas o aon chomhairle den tsórt san agus le toil an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, a údarú don chomhairle sin leathnú do dhéanamh ar an líomatáiste as a soláthrófar na suimeanna a íocfidh an chomhairle sin leis an Aire, no atharú do dhéanamh ar na cionúireachtaí gur dá réir a soláthrófar iad no ar an slí ina soláthrófar iad.

(4) An fiachas (atá, a bheidh no a fhéadfidh teacht chun bheith) ar chomhairlí uile agus fé leith na gcontaethe ina luíonn urrabharúntachtaí, maidir le dividenda fé urraíocht bharúntachta no le críochnú, oibriú no coinneáil-suas bóithre iarainn barúntachta curtha-isteach, fé aon urraíocht a tugadh fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, no fé aon Acht eile no fé aon Ordú i gComhairle a dineadh fé aon Acht den tsórt san, stadfidh an fiachas san ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, ach ní dhéanfidh an stad san dochar ná difir d'aon fhiachas den tsórt san roimhráite ar aon chomhairle den tsórt san maidir le haon tréimhse roimh an 1adh lá d'Eanair, 1925.

(5) An fiachas (atá, a bheidh no a fhéadfidh teacht chun bheith) ar na bóithre iarainn barúntachta curtha-isteach uile agus fé leith, ag an Aire Airgid no ag comhairlí na gcontaethe ina luíonn urra-bharúntachtaí, fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, no fé aon Acht eile go bhfuil urraíocht déanta fé n'údarás ar dhividenda, ar chríochnú, ar oibriú no ar choinneáil-suas bóthair iarrainn bharúntachta curtha-isteach, no fé aon Ordú i gComhairle a dineadh fé aon Acht den tsórt san, stadfa sé ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924.

(6) An fiachas a fhéadfidh teacht (má thagann sé) chun bheith ar aon chuideachta chó-nascthach no thógtha-isteach, ag an Aire Airgid no ag Comhairle aon chontae fén Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, no fé aon Acht eile 'na bhfuil no 'na raibh urraíocht déanta fé n'údarás ar dhividenda, ar chríochnú, ar oibriú no ar choinneáil-suas bóthair iarainn no aon choda de bhóthar iarainn na cuideachtan san no fé aon Ordú i gComhairle a dineadh fé aon Acht den tsórt san, no fé aon bhreithiúntas, aithne no ordú a bunuíodh ar aon Acht no Ordú den tsórt san, stadfa sé ón 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924.

(7) Ní bheidh aon airgead iníoctha amach as Cuntas na Cánach Áitiúla fé fho-alt (4) d'alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, le comhairle aon chontae i gcóir aon tréimhse tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, mar gheall ar aon bhóthar iarainn barúntachta curtha-isteach agus, in ionad na n-íocanna san íocfar leis an Aire, amach as Cuntas na Cánach Áitiúla, i rith gach bliana de sna deich mbliana a luaidhtear i gCuid III. den Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an tsuim adeirtear, sa Chuid sin III. den Sceideal san, a bheith iníoctha gach bliain de sna blianta san, fé seach. Ní bhainfidh forálacha fo-alt (5) d'alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, le haon tsuim a híocfar leis an Aire fén bhfo-alt so.

Bóithre iarainn barúntachta atá dílsithe i gcomhairlí contae.

64. —In aon chás ina dtáinig gnó aon bhóthair iarainn bharúntachta churtha-isteach, agus maoin aon chuideachtan go raibh baint acu leis, chun bheith ina mhaoin ag árd-choiste no comhairle contae fé fhorálacha a bhí in Ordú-i-gComhairle do réir fo-alt (2) d'alt 10 den Tramways and Public Companies (Ireland) Act, 1883, ansan, chun Cuid I. den Acht so do chur i mbaint leis an mbóthar iarainn barúntachta curtha-isteach san—

(a) na daoine is scaireánaigh de thurus na huaire den chuideachtain gur leo an gnó agus an mhaoin sin láithreach sara dtáinig an céanna chun bheith ina mhaoin ag an árd-choiste no ag an gcomhairle contae, tuigfar gurb iad na daoine sin únaerí an bhóthair iarainn sin, agus

(b) ní bheidh toiliú na comhairle contae riachtanach i gcóir aon scéime chun an chuideachta chó-nasctha do thógaint gnó an bhóthair iarainn sin isteach.

CUID VII.

Generalta.

Féadfidh údaráis phuiblí iarrataisí do dhéanamh i gcásanna áirithe.

65. —(1) Sa chás san, fén Acht so, ina bhféadfadh dream ionadathach de thrádálaithe no dream atá ionadathach do thrádáil no do chomharsanacht iarratas do dhéanamh chun an bhínse bhóthair iarainn, féadfidh aon cheann de sna húdaráis no de sna cóluchtaí seo a leanas an t-iarratas do dhéanamh:—

(a) aon bhord cuain, no comhairle aon chontae no buirge no ceanntair; no

(b) aon chomhlachas tráchtála no comhlachas atá ionadathach do loingseoireacht, do thalmhaíocht, do thrádálaithe, do lastairí no do phaisnéirí agus a gheobhaidh deimhniú ón Aire gur cólucht ceart iad chun a leithéid d'iarratas do dhéanamh.

(2) Fé réir a bhforáltar san alt so, ní bheidh teideal ag aon chuideachta, cólucht ná duine chun aon iarratas do dhéanamh mara bhfuil baint díreach acu le habhar an iarratais sin.

(3) Féadfidh aon údarás no cólucht den tsórt roimhráite teacht i láthair i gcoinnibh aon iarratais, aithris cúise, no cur-fé-bhráid in aon chás in ar dó leis an Aire gur dócha go ndéanfadh an bhreith a tabharfí ar aon iarratas, aithris cúise, no chur-fébhráid den tsórt san, difir don údarás san no do sna daoine darb ionadaithe iad.

(4) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, a éileamh mar choiníoll ar dheimhniú do thabhairt fén alt so go dtabharfar urús, ar pé slí agus i pé méid is gá, dar leis, ar chostaisí fé n-a raghfar.

(5) Aon deimhniú a deonfar fén alt so, beidh sé i bhfeidhm go ceann dhá mhí dhéag ón dáta ar ar tugadh amach é mara dtarraingítear siar é.

(6) Aon chostaisí fé n-a raghaidh aon údarás den tsórt san in aon iarratas no cur-i-gcoinnibh den tsórt san no mar gheall air sin, íocfar iad amach as an ráta no as an gciste as a n-íoctar na costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás i bhfeidhmiú a ngnáthdhualgaisí.

Fógraí, etc.

66. —Aon fhógra, iarratas, impí, no scríbhinn eile a húdaruítear no a héilítear, leis an Acht so, a chur ag triall ar chuideachta bhóthair iarainn, féadfar é chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha fé sheola rúnaí na cuideachtan i bpríomh-oifig na cuideachtan, mara n-orduighidh an bínse bóthair iarainn slí éigin eile.

Scríbhinní do sheirbheáil ar an gcuideachtain chó-nasctha.

67. —Aon scríbhinn a héilítear no a húdaruítear, le dlí lasmuich den Acht so, a sheirbheáil ar an gcuideachtain chó-nasctha féadfar í sheirbheáil amhlaidh tré—

(a) í shíne chun rúnaí na cuideachtan có-nasctha sa phríomhoifig atá ag an gcuideachtain chó-nasctha i Saorstát Éireann, no

(b) í fhágaint sa phríomh-oifig roimhráite i gclúdach fé sheola rúnaí na cuideachtan có-nasctha, no

(c) í chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha fé sheola rúnaí na cuideachtan có-nasctha sa phríomhoifig roimhráite.

Na teangthacha ina mbeidh fógraí puiblí agus ticéidí.

68. —Chó luath agus is féidir é cuirfidh an chuideachta chónasctha fógraí agus comharthaí i nGaedhilg agus i mBéarla in ionad na bhfógraí agus na gcomharthaí puiblí go léir (ar a n-áirítear ainmneacha stáisiún) atá i mBéarla amháin anois, agus, laistigh de bhliain ón 1adh Eanair, 1925, leagfid fé bhráid an Aire scéim chun a gcárta-thicéidí paisnéara i gcóir turus laistigh den tSaorstát do chlóbhuala i nGaedhilg agus i mBéarla agus, maran dó leis an Aire go mbeadh an riail-ioncum i gcuntúirt agus nár bhfólair rátaí agus táillí do mhéadú de dheascaibh glaca leis an scéim, ordóidh sé don chuideachtain chó-nasctha an scéim sin do chur i ngníomh: Ach féadfar na stuic de thicéidí atá ann fé láthair d'úsáid go dtí go mbeid ídithe.

Cúntaisí, áirimh agus staitistíocht.

69. —(1) Na cuntaisí a bheidh le tabhairt ag an gcuideachtain chó-nasctha fén Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911, tiomsófar iad i pé slí a ordóidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachtain chó-nasctha.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an gcuideachtain chó-nasctha pé staitistíocht agus áirimh a éileoidh an tAire do thiomsú agus do thabhairt do i pé slí agus fuirm a ordóidh sé.

(3) Chun críche an Achta so beidh ag an Aire, no ag aon oifigeach dá n-údaróidh sé é go cuibhe, comhacht chun pé rannsú is gá, dar leis, a dhéanamh ar chúrsaí na cuideachtan có-nasctha, agus beidh dul aige ar leabhair, ar chuntaisí agus ar áirimh na cuideachtan có-nasctha, agus tabharfidh oifigigh agus seirbhísigh na cuideachtan don Aire no d'aon oifigeach cuibhe-údaruithe den tsórt san pé saoráidí a éileoidh sé.

(4) Na comhachta a bheidh ag an Aire fén alt so is méadú iad, agus ní luíodú, ar aon chomhachta a bronntar air fén Acht so no fé aon Acht eile chun fiosrúcháin do chomóra.

(5) Mara gcó-líonaidh an chuideachta chó-nasctha éinní áirithe dá n-éilítear leis an alt so, féadfar an ní sin do chur i bhfeidhm le hordú ón mbínse bóthair iarainn ar iarratas ón Aire.

(6) Ní léireofar éinní san alt so mar údarás chun aon teora do chur le smacht únaerí aon ghnótha ar na crícheanna 'na bhfuil caiteachas an ghnótha san le caitheamh leo, ná chun aon chur isteach do dhéanamh ar an smacht san.

Ainmneacha agus seolta na scaireánach.

70. —(1) In ainneoin éinní atá in alt 10 den Companies Clauses Consolidation Act, 1845, beidh sé dleathach don chuideachtain chó-nasctha treoir de chártaí no treoir eile (de shaghas a cheadóid iniúchóirí na cuideachtan có-nasctha), ina mbeidh ainmneacha agus seolta scaireánach uile agus fé leith na cuideachtan cónasctha, do chur in ionad Leabhar Seolta na Scaireánach a foráltar fén alt san agus is dá réir sin a léighfar an t-alt san agus a bheidh éifeacht aige sa mhéid go mbainfe sé leis an gcuideachtain chó-nasctha agus nuair a bheidh an treoir de chártaí no an treoir eile sin curtha in ionad an Leabhair Sheolta mar sin scuirfidh alt 34 den Regulation of Railways Act, 1868, de bhaint a bheith aige leis an gcuideachtain chó-nasctha: Ach an t-éileamh a hiarrfar ar chóip den treoir de chártaí no den treoir eile sin ní ragha sé thar suim £2 10s. 0d.

(2) Má dhineann an chuideachta chó-nasctha éinní contrárdha d'alt 10 den Companies Clauses Consolidation Act, 1845, mar a hatharuítear leis an alt so é, féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur ortha mar gheall ar gach cionta fé leith, fíneáil a féadfar a fháil agus a úsáid ar an gcuma gcéanna in ar féidir de thurus na huaire fíneála a forchuirtar leis an Railway Clauses Consolidation Act, 1845, d'fháil agus d'úsáid.

Achtacháin ná bainfidh leis an gcuideachtain chó-nasctha.

71. —Na hachtacháin a háirítear sa Deichiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, ní bhainfid leis an gcuideachtain chó-nasctha ón lá ceaptha.

Gearr-theideal.

72. —Féadfar Acht na mBóthar Iarainn, 1924 , do ghairm den Acht so.

SCEIDIL.


Cead Sceideal.

Cuideachtana Co-nascthacha agus Togtha-Isteach.

Ailt 1 agus 2 (1).

1

Cuideachtana Có-nascthacha.

2

Cuideachtana Tógtha-Isteach.

Cuideachta Mhórbhóthar Iarainn an Deiscirt agus an Iarthair, maraon leis an ngnó fé leith Síne Ghéisill.

Cuideachta Mhórbhóthar Iarainn Lár agus Iarthar Éireann.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas, maraon le Siúnta-Bhóithre Iarainn Chathair Bhaile Atha Cliath agus le Síne-Bhóithre Iarainn Ros Mhic Treoin agus Portláirge.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Chorcaighe, na Banndan agus an Chósta Theas maraon le Síne Bhágh Bheanntraighe.

Cuideachta an tSíne o Bhéal Atha an Rí agus o Thuaim go Clár Chloinne Mhuiris, Teoranta.

Cuideachta Shiúnta-Bhóthar Iarainn Eadtrom Bhéal Atha na Scairte agus Thigh Molaga.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Eadtrom Bhaile an Róba agus Chlár Chloinne Mhuiris, Teoranta.

Cuideachta Shíne-Bhóthar Iarainn Dhún na Séad, Teoranta.

Cuideachta Shíne-Bhóthar Iarainn Bheanntraighe.

Cuideachta Bhóthar Iarainn an Chabháin agus Liathdroma, Teoranta.

Cuideachta Shíne-Bhóthar Iarainn Chlanna Chaoilte.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Chorcaighe, na Carraige Duibhe agus an Phasáiste.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Díreach Chorcaighe agus Mhaghchromtha.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Eadtrom Chorcaighe agus Mhúscraighe, Teoranta.

Bóithre Iarainn Chathair Chorcaighe.

Cuideachta Shíne-Bhóthar Iarainn Eadtrom an Dhomhnaigh Mhóir, Teoranta.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus Dhún Laoghaire.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Eadtrom Bhaíle Locha Riach agus Ath Díomáin, Teoranta.

Cuideachta Thrambhealach agus Bhóthar Iarainn Eadtrom Scoil Mhuire agus an Scibírín. (Cuideachta Thrambhealaí agus Bhóithre Iarainn Eadtroma Iar-Chairbre, Teoranta).

Cuideachta Bhóithre Iarainn an Chláir Theas, Teoranta.

Cuideachta Bhóthar Iarainn an Deiscirt.

Cuideachta Shíne-Bhóthar Iarainn Eadtrom Thigh Molaga agus Chúirt an tSéafraidh.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Eadtrom Thráighlí agus an Daingin, Teoranta.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Thráighlí agus na Fionnaite.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Phortláirge agus na Trágha Móire.

Cuideachta Bhóthar Iarainn Iar-Chláir, Teoranta.

Dara Sceideal.

Bord Stiurthoiri na Cuideachtan Co-nasctha.

Alt 4 (d).

CUID I.

An Chead Bhliain.

1. Ar feadh na tréimhse dar tosach an dáta ar a dtiocfidh an scéim chó-nascthachta i ngníomh agus dar críoch dáta tionól coitiann na cuideachtan có-nasctha sa bhliain ina dhiaidh sin, beidh an chuideachta á stiúra ag bórd a bheidh có-dhéanta de pé méid daoine a socrófar leis an scéim no leis na scéimeanna có-nascthachta agus ná beidh os cionn líon cúig dhuine dhéag ná fé bhun líon dáréag.

2. Roimh dháta na scéime có-nascthachta do theacht i ngníomh toghfidh únaerí gach cuideachtan có-nascthaí, as na stiúrthóirí sin ar an gcuideachtain sin a bheidh i seilbh oifige an uair sin, pé méid daoine a socrófar leis an scéim chun fónamh mar stiúrthóir no mar stiúrthóirí ar an gcuideachtain chó-nasctha mar adubhradh.

3. Na stiúrthóirí a toghfar amhlaidh beid i seilbh oifige go dtí dáta an tionóil choitinn sin agus raghaid as oifig ansan, ach féadfar aon stiúrthóir a raghaidh as oifig amhlaidh do thogha mar stiúrthóir don chuideachtain fé sna forálacha atá curtha síos ina dhiaidh seo anso má bhíonn sé cáilithe chuige ar gach slí eile.

4. Má thagann foth-fholúntas imeasc na stiúrthóirí i rith na tréimhse sin, cuirfar ann duine a chó-thoghfid na stiúrthóirí, eadhon, duine a bhí ina stiúrthóir ar an gcuideachtain chó-nascthach 'nar thoibh a húnaerí an stiúrthóir d'imigh.

CUID II.

Tar eis na Cead Bhliana.

1. O dháta tionól coitiann na cuideachtan có-nasctha sa bhliain i ndiaidh bliain na scéime có-nascthachta do theacht i ngníomh, beidh an chuideachta á stiúra ag bord stiúrthóirí a bheidh có-dhéanta de pé méid ball a luadhfar sa scéim agus a thoghfid únaerí na cuideachtan agus ná beidh os cionn líon cúig dhuine dhéag ná fé bhun líon dáréag.

2. Sí cáilíocht a bheidh ag stiúrthóir ná oiread de scair-chaipital na cuideachtan có-nasctha is luadhfar sa scéim do bheith ar seilbh aige dá cheart féin agus, fé réir a bhforáltar ina dhiaidh seo anso, trí bliana a bheidh mar théarma oifige dá leithéid sin de stiúrthóir, ach féadfar é ath-thogha ar dhul as oifig do má bhíonn sé cáilithe chuige ar gach slí eile.

3. Cuirfar in aon fhoth-fholúntas a thiocfidh imeasc na stiúrthóirí duine a chó-thoghfid na stiúrthóirí eile, agus aon stiúrthóir a cóthoghfar chun foth-fholúntais beidh sé i seilbh oifige ar feadh na tréimhse céanna a leanfadh an té a chuaidh roimhe i seilbh oifige.

4. An chéad uair a toghfar stiúrthóirí tuigfar trian líon iomlán na stiúrthóirí no, maran iolrú ar trí a líon, ansan an líon is goire do thrian agus nách mó ná trian (daoine a roghnófar le crannchur i gcás easaontais) do bheith tofa go ceann bliana, agus trian, no an líon is goire dho mar adubhradh (daoine a roghnófar le crannchur i gcás easaontais) do bheith tofa go ceann dhá bhlian.

5. Fé réir na bhforálacha san roimhe seo den Sceideal so, feidhmeofar na forálacha den Companies Clauses Consolidation Act, 1845, a bhaineann le ceapa agus le sealaíocht stiúrthóirí.

Triu Sceideal.

Sean-Oifigigh agus Seana-Sheirbhisigh.

Ailt 4 (f) , 6 (f) , agus 12 (2).

Gach éinne a bhí, ar an 3adh lá d'Abrán, 1924, le tréimhse ba lú ná cúig bliana ina oifigeach no ina sheirbhíseach d'aon chuideachta chó-nascthach no cuideachta thógtha-isteach agus ná ráineoidh do, roimh chó-nasca no tógaint-isteach na cuideachtan có-nascthaí no na cuideachtan tógtha-isteach san, imeacht dá dheoin féin ná é do chur as seirbhís aon chuideachtan có-nascthaí ná cuideachtan tógtha-isteach den tsórt san mar gheall ar mhí-iompar no mí-ábaltacht agus ná déanfidh oifigeach no seirbhíseach don chuideachtain chó-nasctha dhe, beidh teideal aige chun aisce a háireofar do réir an séú cuid dá thuarastal bliantúil agus dá shochar oifige in aghaidh gach bliana iomláine dá thréimhse seirbhíse.

Déanfar na forálacha so a leanas d'fheidhmiú maidir le daoine a bhí ar an 3adh lá d'Abrán, 1924, agus ar feadh tréimhse roimhe sin nách lú ná cúig bliana, ina n-oifigigh no ina seirbhísigh ag aon chuideachta chó-nascthach no cuideachta thógtha-isteach, agus ná beidh, roimh chó-nasca no tógaint-isteach na cuideachtan có-nascthaí no na cuideachtan tógtha-isteach san ina bpinsinéirí ná ina mblianachtóirí do réir rialacha aon chiste pinsin no aois-liúntais bóthair iarainn dar baill iad, ná tar éis dul as oifig dá dtoil féin, ná tar éis a gcurtha as seirbhís aon chuideachtan có-nascthaí no cuideachtan tógtha-isteach den tsórt san mar gheall ar mhí-iompar no mí-chumas (oifigigh agus seirbhísigh 'na ngairmtear díobh go léir ina dhiaidh seo sa Sceideal so “sean-oifigigh agus seana-sheirbhísigh”):—

(1) O dháta an chó-nasca no na tógainte-isteach, beidh gach seanoifigeach agus seana-sheirbhíseach ina oifigeach no ina sheirbhíseach don chuideachtain chó-nasctha.

(2) Féadfidh an chuideachta chó-nasctha deire do chur le hoifig no le post aon tsean-oifigigh no seana-sheirbhísigh is dó leo bheith nea-riachtanach, agus aon tsean-oifigeach no seanasheirbhíseach ar a n-éileofar dualgaisí do chó-líona ná fuil i gcó-réir, no a bheadh ina mbreis nea-réasúnta, leis na dualgaisí a bhíodh air a chó-líona mar oifigeach no mar sheirbhíseach don chuideachtain o n-ar haistríodh é, féadfa sé scarúint le n'oifig no le n-a phost.

(3) Aon tsean-oifigeach no seana-sheirbhíseach a haistreofar amhlaidh ní measa bheidh an scéal aige, gan a chead, de dheascaibh an aistrithe sin, maidir le coiníollacha a sheirbhíse i gcoitinne (ar a n-áirítear sealbhaíocht oifige, luach saothair, aiscí, pinsean, aois-liúntas, cistí breoiteachta no aon tsochair no liúntaisí, pe'ca feidhm dlí atá acu no feidhm gnás na cuideachtan có-nascthaí no tógtha-isteach) ná mar a bhí sé aige maidir leis na coiníollacha seirbhíse a bhí ann do cheana féin.

(4) Más rud é, i gcás aon tsean-oifigigh no seana-sheirbhísigh a haistreofar amhlaidh, gur measa atá an scéal aige mar adubhradh, gan a chead, de dheascaibh an aistrithe sin, agus go bhfuil éinní caillte aige no aon díobháil déanta dho dá dheascaibh, beidh teideal aige chun pé suim airgid d'fháil ón gcuideachtain chó-nasctha a thabharfadh cúiteamh réasúnta dho sa chailliúint no sa díobháil sin, agus isí an chuideachta chó-nasctha a cheapfidh méid na suime sin (fé réir athchomhairc mar a foráltar ina dhiaidh seo anso).

(5) Gach sean-oifigeach no seana-sheirbhíseach 'na gcuirfar deire le n'oifig no le n-a phost ar an gcuma san, no a scarfidh le n'oifig no le n-a phost ar an gcuma san, no 'na scarfar le n-a sheirbhís ar an scór ná fuil gá léi no ar aon réasún eile seachas aon mhí-iompar no mí-chumas, no 'na luíodófar a luach saothair no a shochar oifige ar an scór gur luíoduíodh a dhualgaisí, no a chaillfidh airgead ar aon tslí eile de dheascaibh an chó-nasca no na tógainte-isteach (ar a n-áirítear aon chailliúint aois-liúntais a bhí in áirithe dho no cailliúint liúntaisí eile a bheadh le fáil ar dhul as oifig do no ar fháil bháis do agus cailliúint liúntaisí dá bhaintrigh no dá chlainn ina dhiaidh, pe'ca feidhm dlí atá acu no feidhm gnás na cuideachtan có-nascthaí no tógtha-isteach), beidh teideal aige chun cúiteamh d'fháil ón gcuideachtain chó-nasctha, agus ceapfidh an chuideachta chó-nasctha méid an chúitimh sin (fé réir athchomhairc mar a foráltar ina dhiaidh seo anso) do réir na rialacha so a leanas, sé sin le rá:—

(a) isé rud a bheidh sa chúiteamh ná liúntas bliantúil a híocfar leis an sean-oifigeach no seana-sheirbhíseach le n-a bheo agus ná raghaidh, i gcás ar bith, thar dhá dtrian a luach saothair agus a shochair oifige agus, fé réir na teorann san, a háireofar do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis an gcuideachtain chónasctha no le haon chuideachtain chó-nascthach no tógtha-isteach, agus breis leis sin do réir líon blianta iomlána a sheirbhíse agus í áirithe do réir an scála so a leanas:—

más fiche bliain iomlán seirbhíse no níos mó a thug sé, breis deich seascadú dá luach saothair agus dá shochar oifige,

más cúig bliana déag iomlána seirbhíse no níos mó a thug sé agus níos lú ná fiche bliain den tsórt san, breis seacht seascadú dá luach saothair agus dá shochar oifige, más deich mbliana iomlána seirbhíse no níos mó a thug sé agus níos lú ná cúig bliana déag den tsórt san, breis cúig seascadú dá luach saothair agus dá shochar oifige, más cúig bliana iomlána seirbhíse no níos mó a thug sé agus níos lú ná deich mbliana den tsórt san, breis trí seascadú dá luach saothair agus dá shochar oifige:

(b) má bhí aon tsean-oifigeach no seana-sheirbhíseach as láthair go sealadach óna fhostaíocht mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san agus, le linn iomlán na nealáithreachta san, go raibh sé ar seirbhís i bhFórsaí Náisiúnta Shaorstáit Éireann, no in aon fhórsaí mileata a bhí ag fónamh fé údarás an Chead Dháil Éireann, an Dara Dáil Éireann, no Rialtais Shealadaigh na hÉireann, no an Airm, an Chabhlaigh no an Aer-Fhórsa Bhriotáinigh déanfar chun crícheanna an Sceidil seo an nealáithreacht shealadach san do chomhreamh agus d'áireamh mar chuid dá thréimhse seirbhíse mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san:

(c) i gcás sean-oifigigh no seana-sheirbhísigh a ceapadh chun a oifige, mar dhuine go raibh cáilithe speisialta aige, agus é ní ba shine ná mar is gnáth do dhuine bheith nuair a thosnuíonn sé i seirbhís bóthair iarainn, féadfar an tréimhse a thug sé i seirbhís cuideachtan có-nascthaí no cuideachtan tógtha-isteach do mhéadú tré oiread blian a chur léi a dheabhróidh bheith ceart agus gach ní fé leith sa chás d'áireamh, agus leis sin comhreofar a chúiteamh do réir na tréimhse seirbhíse méaduithe sin:

(d) i gcás sean-oifigigh no seana-sheirbhísigh a chaillfidh aon aois-liúntas a bhí in áirithe dho no liúntas eile a bheadh le fáil ar dhul as oifig do no ar fháil bháis do fé mar adubhradh thuas, féadfar breis do chur leis an gcúiteamh a húdaruítear ar aon tslí eile, leis an Sceideal so, a mhola dho, pé breis a dheabhróidh a bheith ceart agus gach ní a bhaineann leis an gcás d'áireamh:

(e) chun an cúiteamh fén Sceideal so do dhéanamh amach tuigfar gurb é is luach saothair agus sochar oifige do sheanoifigeach no do sheana-sheirbhíseach ná luach bliantúil an luach saothair agus an tsochair oifige a bhí aige á fháil ón gcuideachtain chó-nasctha no o aon chuideachtain chónascthach no tógtha-isteach ar an dáta ar ar thárla an ní as ar éirigh an t-éileamh ar chúiteamh mara bhfuair sé árdú céime (nárbh árdú céime laistigh d'aon ghrád dá ndeighleáltar leis sna margaí idir na cuideachtana bóthair iarainn agus na ceárd-chumainn) tar éis an 3adh lá d'Abrán, 1923, agus sa chás san tuigfar chun na críche roimhráite gurb é is luach saothair agus sochar oifige dho ná luach bliantúil an luach saothair agus an tsochair oifige a bhí aige á fháil díreach roimh an árdú céime sin. Má ceaptar sean-oifigeach mar bhall seasmhach den bhínse bóthair iarainn áireofar é mar shean-oifigeach go bhfuil deire le n'oifig o dháta an chó-nasca agus beidh teideal aige chun cúitimh dá réir sin, ach ar feadh na tréimhse a bheidh sé ag gníomhú mar bhall seasmhach den tsórt san den bhínse bóthair iarainn ní bheidh sa chúiteamh a gheobhaidh sé ach an difríocht (má bhíonn ann) idir a luach saothair mar bhall seasmhach den bhínse bóthair iarainn agus an liúntas bliantúil a deonadh do fé mhír (5) (a) den Sceideal so.

(6) Chun críche an Sceidil seo, aon atúrnae a bhí ar feadh tréimhse na gcúig mblian a tháinig díreach roimh dháta rithte an Achta so, gan bheith ag gníomhú ach do chuideachtain chó-nascthaigh no do chuideachtain tógtha-isteach mar árd-chomhairleach dlí no mar chomhairleach dlí conganta dhóibh ar thuarastal tuigfar gur sean-oifigeach é don chuideachtain sin.

(7) Einne a gheibheann liúntas bliantúil mar chúiteamh fén Sceideal so féadfa sé a iarraidh ar an gcuideachtain chónasctha, laistigh de bhliain ón dáta ar ar ceapadh méid an liúntais sin, an ceathrú cuid ar a mhéid den liúntas bliantúil sin d'atharú go dtí suim chaipitiúil airgid a íocfar leis agus a dhéanfidh an chuideachta chó-nasctha amach do réir na forála a bheidh sa scéim có-nascthachta chuige sin, agus ní dhiúltóidh an chuideachta chó-nasctha go míréasúnta do ghéille d'aon iarratas den tsórt san ar atharú do dhéanamh.

(8) Má ghoilleann ar aon tsean-oifigeach no seana-sheirbhíseach an bhreith a thabharfidh an chuideachta chó-nasctha ar éinní atá aici le socrú fé sna rialacha san roimhe seo, no má eiríonn aon aighneas no ceist idir aon tsean-oifigeach no seana-sheirbhíseach agus an chuideachta chó-nasctha i dtaobh éinní a eireoidh fén Sceideal so, féadfidh an seanoifigeach no an seana-sheirbhíseach san athchomharc do dhéanamh chun buan-mholtóra no chun bord de mholtóirí a cheapfidh an Prímh-Bhreitheamh, agus déanfidh siad-san an t-athchomharc san d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus ní bheidh dul thar a mbreith air. Isé an Prímh-Bhreitheamh a cheapfidh agus isí an chuideachta chónasctha a íocfidh méid na táille a bheidh iníoctha leis an mbuan-mholtóir sin no le gach ball fé leith den bhord san de mholtóirí ar aon athchomharc den tsórt san.

(9) Chun crícheanna an Sceidil seo tuigfar gach duine atá ar fostú ag cuideachtain chó-nascthach no ag cuideachtain tógtha-isteach do bheith ina oifigeach no ina sheirbhíseach don chuideachtain sin: Fé réir forálacha mír (6) den Sceideal so i gcás aon atúrnae.

Ceathru Sceideal.

Foralacha i dtaobh Sceimeanna do chur fe bhreithniu.

Alt 9 (2).

An scéim a bheidh le cur fé bhreithniú cuirfar í fé bhreithniú únaerí agus sealbhóirí stuic dhebentiúra gach cuideachtan fé leith le n-a mbaineann sí agus san ag cruinniú a comórfar d'aon ghnó chuige sin.

Gairmfar an cruinniú san tré fhógrán a cuirfar uair sa tseachtain ar feadh dhá sheachtain i ndiaidh a chéile i bpáipéar éigin amháin, agus sa pháipéar céanna, dá bhfoillsítear i mBaile Atha Cliath, agus i bpáipéar éigin amháin, agus sa pháipéar céanna, de pháipéirí na contae no na gcontaethe ina bhfuil príomh-oifig no príomh-oifigí aon chuideachtan den tsórt san suidhte; agus fós tré chearcalán a díreofar chun gach únaera agus chun gach sealbhóra stuic dhebentiúra ag an seola aitheanta is déanaí a bhí aige no ag á ghnáth-sheola, agus a cuirfar tríd an bpost no a seachadfar ag an seola san seacht lá ar a luíod sara gcomórfar an cruinniú san, agus fuirm fholamh leasvótála ag gabháil leis, maraon le treoracha cearta i dtaobh conus an céanna d'úsáid; agus isiad an fhuirm chéanna leas-vótála agus na treoracha céanna a cuirfar chun gach únaera agus gach sealbhóra stuic dhebentiúra den tsórt san agus ní haon tsaghas eile; ach ní stampálfar aon fhuirm leas-vótála den tsórt san sara gcuirtar amach í, ná ní húsáidfar cistí aon chuideachtan chun aon leas-vótanna do stampáil, ná ní cuirfar chun siúil aon eolas i dtaobh cé hé éinne go ndeonfar an leas-vóta ina fhábhar, agus ní cuirfar aon chearcalán ná fuirm leas-vótála eile i dtaobh an chruinnithe sin chun aon únaera ná chun aon tsealbhóra stuic dhebentiúra o oifig aon chuideachtan, ná o aon stiúrthóir no oifigeach d'aon chuideachtain a thabharfidh san mar thuairisc air féin.

Comórfar an cruinniú san ar dháta nách luaithe ná an seachtú lá tar éis an fógrán san do chur isteach mar an uair dheireannach, agus féadfar é chomóra an lá céanna a comórfar gnáth-chruinniú coitiann den chuideachtain.

Ag an gcruinniú san cuirfar an scéim sin fé bhreithniú a mbeidh de sna húnaerí agus de sna sealbhóirí stuic dhebentiúra roimhráite i láthair an uair sin, agus molfar é ag na húnaerí a bheidh i láthair i bpearsan no tré leas-vótálaithe agus 'na mbeidh seilbh acu ar thrí cheathrú cuid ar a luíod den mhéid de chaipital íoctha na cuideachtan (eadhon, caipital le na ngabhann ceart chun vótáil ag gach gnáth-chruinniú den chuideachtain) a bheidh ar seilbh ag na húnaerí a bheidh i láthair, mar adubhradh, ag an gcruinniú.

Daoine gur leo aon scaireanna íoctha nó stuic íoctha ar a n-áirítear stoc debentiúra, agus ná beidh cáilithe chun vótáil ag gnáth chruinnithe agus 'na ndéanfadh an scéim difir dá leasanna, féadfid a vótanna do thairisgint ag an gcruinniú, agus cuirfar ar breaca ar leithligh na vótanna uile a tairgfar amhlaidh.

Cuirfidh an chuideachta ar breaca ainmneacha na n-únaerí agus na sealbhóirí stuic dhebentiúra a bheidh i láthair i bpearsain ag an gcruinniú agus cuirfar cóip den bhreacachán san chun an bhínse bhóthair iarainn. Chun na críche sin tuigfar gurb aon chruinniú amháin an cruinniú san agus aon chruinnithe eile, speisialta no generálta, roimhe no ina dhiaidh, a bheidh in aon tsreath leis. Féadfidh aon únaer a bheidh i láthair i bpearsain ag an gcruinniú vótaíocht d'éileamh.

Cuigiu Sceideal.

An Roinnt agus an Fhuirm a bheidh ar Sceidealacha de Riail-Eilithe.

Alt 27 (2).

Mar seo a leanas isea a bheidh na codacha ina roinnfar gach sceideal de riail-éilithe a chuirfidh an chuideachta chó-nasctha fé bhreithniú an bhínse bhóthair iarainn:—

Cuid I. ina mbeidh na héilithe ar son na n-earraí agus na minearál a háirítear sna haicmí uile agus fé seach d'earraí tráchtála (ar a n-áirítear earraí cúntúrthacha agus earraí is an-fhuiriste do dhamáistiú) a luaidhtear san aicmíocht;

Cuid II. ina mbeidh na héilithe ar son ainmhithe;

Cuid III. ina mbeidh na héilithe ar son caráistí;

Cuid IV. ina mbeidh na héilithe ar son earraí tráchtála meathtacha a hiomprófí ar thraen phaisnéara no tré sheirbhís eile den tsaghas san;

Cuid V. ina mbeidh na héilithe ar son beartán mbeag;

Cuid VI. ina mbeidh na héilithe ar son earraí tráchtála de shaghas nea-ghnáith;

Cuid VII. ina mbeidh na táillí agus na héilithe a tógfar ar son paisnéirí agus a mbagáiste d'iompar agus ar son eallach stuic, caráistí, beartáin, agus earraí tráchtála (lasmuich díobh súd a háirítear i gCuid IV.) d'iompar ar thraen phaisnéara no tré sheirbhís eile den tsaghas san;

Cuid VIII. ina mbeidh na héilithe ar son aon chustuim is iníoctha ag trádálaí.

Mar a ordóidh an bínse bóthair iarainn isea bheidh fuirmeacha na gCoda difriúla i gcás Coda V., VI., VII., agus VIII., agus is mar leanas a bheid i gcás Coda I., II., III., agus IV.:—

Cuid I.

Earrai agus Minearail.

An aicme maidir leis na hEarraí Tráchtála le n-a mbainid na hEilithe

Riail-Rátaí Iompair

Riail-Eilithe Cinn-Scríbe

 

 

 

 

 

Ar son an ch ad Míle no aon chuid den bhFaíd sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaíd sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaíd sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaíd sin

 

Ar son an chuid eile den bhFaid

Eileamh Cinn Scríbe Stáisiúin ag gach ceann den tslí

Eilithe Cinn Scríbe Seirbhíse

Ládáil

-ládáil

Clúdach

chlúdach

An Tonna an Míle

An Tonna an Míle

An Tonna an Míle

An Tonna an Míle

An Tonna an Míle

An Tonna

An Tonna

An Tonna

An Tonna

An Tonna

1

2

3

etc.

Cuid II.

Aicme na nAinmhithe.

Tuairisc.

An Ráta Iompair an Míle slí

Eileamh Cinn-Scríbe Stáisiúin ag gach ceann den tslí

Eilithe Cinn-Scríbe Seirbhíse

An t-éileamh minimum i gcóir Ainmhithe

Ar son an chéad Míle no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaid sin

 

Ar son an chuid eile den bhFaid

Ládáil

ládáil

d.

d.

d.

d.

d.

s. d.

s. d.

s. d.

s. d.

1

2

3

etc.

Cuid III.

Caraisti.

Tuairisc

An Ráta Iompair an Míle slí

Eileamh Cinn-Scribe Stáisiúin ag gach ceann den tslí

Eilithe Cinn-Scríbe Seirbhíse

Ar son an chéad Míle no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chuid eile den bhFaid

Ládáil

ládáil

Clúdach

chlúdach

d.

d.

d.

d.

d.

s. d.

s. d.

s. d.

s. d.

s. d.

1

2

3

etc.

Cuid IV.

Earrai Trachtala Meathtacha ar Thraen Phaisneara.

Roinn I.

Tuairisc.

Roinn II.

Tuairisc,

etc.

Roinn I.

An Ráta Iompair

Eileamh Cinn-Scribe Stáisiúin ag gach ceann den tslí

Eilithe Cinn-Scríbe Seirbhise

Ar son aon Fhaid nách sia ná Míle

Ar son aon Fhaid is sia ná Míle gan bheith thar Míle

Ar son aon Fhaid is sia ná Míle gan bheith thar Míle

Ar son aon Fhaid is sia ná Míle gan bheith thar Míle

Ar son aon Fhaid is sia ná Míle gan bheith thar Míle

Ar son aon Fhaid is sia ná Míle

Ládáil

-ládáil

An Galún

An Galún

An Galún

An Galún

An Galún

An Galún

An Canna

An Canna

An Canna

d.

d.

d.

d.

d.

d.

d.

d.

d.

CANNAI

FOLMHA

A GCUR

THAR N-

AIS

An Canna

An Canna

An Canna

An Canna

An Canna

An Canna

An Canna

An Canna

An Canna

d.

d.

d.

d.

d.

d.

d.

d.

d.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ranna II. agus III.

An Ráta Iompair

Eileamh Cinn Scríbe Stáisiúin ag gach ceann den tslí

Eilithe Cinn-Scríbe Seirbhíse

Ar son an chéad Míle no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chéad Míle eile no aon chuid den bhFaid sin

Ar son an chuid eile den bhFaid

Ládáil

-ládáil

An Céad Meáchaint an Míle

An Céad Meáchaint an Míle

An Céad Meáchaint an Míle

An Céad Meáchaint an Míle

An Céad Meáchaint an Míle

An Céad Meáchaint

An Céad Meáchaint

An Céad Meáchaint

d.

d.

d.

d.

d.

d.

d.

d.

 

 

 

 

 

 

 

 

Seu Sceideal.

Foralacha Ilghneitheacha i dTaobh Ratai.

Alt 49.

Faid do thomhas.

1. Ag tomhas na faide fan an bhóthair iarainn dóibh chun an t-éileamh ar iompar aon earraí tráchtála do shocrú ní áireoidh an chuideachta aon chuid dá mbóthar iarainn le n-a mbaineann éileamh cinn-scríbe stáisiúin mar gheall ar na hearraí sin.

Eilithe ar mheáchaint agus ar thomhas d'áireamh.

2. Mara socruítear ar a mhalairt idir an chuideachta agus an trádálaí, socrófar gach éileamh, sa mhéid gur féidir é, do réir na mór-mheáchainte a bheidh sna hearraí trádála nuair a gheobhaidh an chuideachta iad, rud a déanfar amach do réir na gnáth-mheáchainte impiriúla, ach féadfidh an bínse bóthair iarainn aon earraí trádála do luadh 'na bhféadfar na héilithe ortha do dhéanamh amach do réir an mhéide chúbaigh atá ionta, agus leagfid amach an modh ar a ndéanfar amach cadé an méid cúbach atá ionta i gcóir an éilimh.

Seirbhísí cinn-scríbe in áiteanna eile seachas áiteanna cinn-scríbe na cuideachtan.

3. Má dintar earraí trádála a hiompruíodh i dtruc fé leith do ládáil no do dhí-ládáil in áit eile seachas seid no foirgint leis an gcuideachtain, ní fhéadfidh an chuideachta aon éileamh cinn-scríbe seirbhíse d'éileamh ar thrádálaí ar son na cuideachtan do dhéanamh aon tseirbhíse acu san má iarr an trádálaí ar an gcuideachtain leigint do féin an tseirbhíse do dhéanamh do féin agus gur dhiúltuigh an chuideachta go mí-réasúnta do leigint do déanamh amhlaidh. Isé an bínse bóthair iarainn a shocróidh aon aighneas a eireoidh idir an trádálaí agus an chuideachta i dtaobh aon éilimh cinn-scríbe seirbhíse a héilíodh ar thrádálaí ná leigfadh an chuideachta dho an tseirbhís do dhéanamh do féin.

Eilithe ar son leataobhacha agus cóiríochta.

4. Ní dhéanfidh éinní san Acht so an chuideachta do chosc ar éilithe agus íocanna, i bhfuirm cíosa no éinní eile, do dhéanamh agus do ghlaca, i dteanta na n-éilithe a húdaruítear leis an Acht so, ar son leataobhacha no cóiríocht eile déanmhachta atá ar fáil no a cuirfar ar fáil chun úsáid phríobháideach trádálaithe agus ná teastuíonn ón gcuideachtain chun deighleáil leis an trácht chun crícheanna iompair:

Ach is le marga i scríbhinn, a shighneoidh an trádálaí no duine éigin go mbeidh údarás cuibhe aige uaidh chuige sin, a socrófar méid na n-éilithe no na n-íocanna san no, i gcásanna easaontais, isé an bínse bóthair iarainn a shocróidh é.

Eilithe ar son eadar-iompair.

5. Maidir le hearraí tráchtála a glacfar o chuideachta bóthair iarainn eile go bhfuil bóthar iarainn ar leithead eile acu no a seachadfar dóibh no a malairteofar idir roinn leathan agus roinn chaol de bhóthar iarainn na cuideachtan, féadfidh an chuideachta éileamh réasúnta do dhéanamh ar son aon tseirbhíse eadar-iompair a dhéanfid ach i gcás easaontais, isé an bínse bóthair iarainn a shocróidh méid an éilimh sin.

Eilithe ar son trucanna d'úsáid.

6.—(1) Féadfidh an chuideachta pé suimeanna a shocróidh an bínse bóthair iarainn d'éileamh ar son úsáid trucanna a sholáthróid chun earraí tráchtála d'iompar i gcás gan soláthar trucanna do bheith áirithe sna rátaí iompair.

(2) Mara soláthruíonn an chuideachta trucanna i gcóir iompar earraí tráchtála, nách earraí ná fuil soláthar trucanna áirithe ina gcóir sna rátaí iompair, luíodfar an t-éileamh ar son iompair pé méid a shocróidh an bínse bóthair iarainn.

(3) Ní bheidh ar an gcuideachtain trucanna do sholáthar i gcóir iompar earraí tráchtála ná fuil soláthar trucanna áirithe ina gcóir sna rátaí iompair, ná chun aol ina charn ná salann ina charn, ná aon earraí tráchtála dhéanfadh díobháil do thrucanna, d'iompar:

Ach má eiríonn aon aighneas idir an chuideachta agus trádálaí i dtaobh ce'ca dhéanfadh aon tsaghas áirithe earraí tráchtála díobháil do thrucanna no ná déanfadh, féadfar é chur fé bhráid an bhínse bhóthair iarainn, ach má dintar aon chur-fé-bhráid den tsórt san beidh ar an trádálaí go dteastuíonn uaidh go n-iomprófí na hearraí a thaisbeáint ná déanfidh na hearraí sin díobháil do sna trucanna.

Eilithe nuair iompruíonn cuideachta bóthair iarainn ar bhóthar iarainn na cuideachtan.

7. Aon chuideachta bóthair iarainn a iompróidh earraí ar bhóthar iarainn na cuideachtan no a dhéanfidh aon cheann de sna seirbhísí go n-údaruítear rátaí no éilithe ar a son leis an Acht so, beidh acu, fé réir forálacha an Achta so, teideal chun na rátaí agus na héilithe céanna d'éileamh a húdaruítear don chuideachtain a éileamh.

Eilithe duga agus cur-arbord-luinge.

8. Ní dhéanfidh éinní san Acht so aon difir don cheart atá ag an gcuideachtain chun aon éilithe d'éileamh go n-údaruítear dóibh le haon reacht iad d'éileamh ar son aon chóiríocht no seirbhísí a sholáthródh no a dhéanfadh an chuideachta i no mar gheall ar aon duganna no áiteanna cur-ar-bord-luinge.

Forálacha i dtaobh earraí meathtacha.

9. Bainfidh na forálacha agus na rialacháin seo a leanas le hearraí tráchtála meathtacha d'iompar ar thraen phaisnéara:—

(a) Tabharfidh an chuideachta saoráidí réasúnta chun na hearraí a haicmítear mar earraí meathtacha d'iompar fé luas ar thraen phaisnéara no ar sheirbhís eile dá saghas:

(b) Beidh na saoráidí sin fé réir na rialachán réasúnta a bheidh ag an gcuideachtain chun a seirbhís traenach paisnéara d'oibriú go caothúil agus go puinteálta, agus ní háireofar ortha aon oblagáid chun earraí meathtacha d'iompar ar aon traen áirithe:

(c) Ní bheidh an chuideachta fé oblagáid aon earraí tráchtála nách earraí meathtacha d'iompar ar thraen phaisnéara ná ar sheirbhís dá saghas:

(d) Isé an bínse bóthair iarainn a shocróidh aon cheist i dtaobh na saoráidí a thabharfidh an chuideachta uatha fé sna forálacha agus na rialacháin seo.

Eilithe ar son seirbhísí ná fuil socrú déanta ar aon tslí eile ina dtaobh.

10.—(1) Féadfidh an chuideachta suim réasúnta d'éileamh ar son na seirbhísí a luaidhtear anso síos, no ar son aon cheann acu, nuair a déanfar iad do thrádálaí ar iarratas uaidh no chun áise dho:—

(i) Seirbhísí a thabharfidh an chuideachta uatha ag leataobhacha no i mbaint le leataobhacha nách leis an gcuideachtain agus ná fuil ráta ná éileamh ar a son socair ar aon tslí eile;

(ii) Earraí tráchtála atá le hiompar no a hiompruíodh ar an mbóthar iarainn do bhailiú no do sheachada lasmuich de stáisiún cinn-scríbe ar aon tslí eile seachas mar a foráltar le halt 46 den Acht so;

(iii) Earraí tráchtála do mheádh;

(iv) Trucanna do choinneáil no aon chóiríocht d'úsáid no fanúint ina seilbh, roimh iompar earraí no dá éis, níos sia ná pé tréimhse is gá do réir réasúin chun go bhféadfidh an chuideachta deighleáil le hearraí tráchtála mar lucht iompair dóibh, no chun go bhféadfidh an consighneoir no an consighné iad do sheachada no do ghlaca, no, i gcásanna ina gconsighneofar na hearraí tráchtála go dtí seola eile seachas an stáisiún cinn-scríbe, níos sia ná tréimhse réasúnta ón am a seachadadh fógra ag an seola san i dtaobh na hearraí tráchtála bheith tagtha go dtí an stáisiún cinn-scríbe chun a seachada agus seirbhísí a tabharfar i mbaint leis an úsáid agus leis an seilbh sin;

(v) Earraí tráchtála ná fuil aon éileamh socair ina gcóir do ládáil no do dhí-ládáil, do chlúdach no do dhí-chlúdach;

(vi) Tuiteáin ghuail d'úsáid;

(vii) Cóiríocht a thabharfidh an chuideachta uatha ar chaladh cois uisce agus seirbhísí speisialta a thabharfidh an chuideachta uatha ann maidir le hearraí tráchtála do chur ar bórd árthach no báirsí no do thógaint amach asta i gcás gan aon éileamh speisialta do bheith orduithe le haon reacht, ach chun aon bhrise dhéanamh ar ráta tuigfar gurb éileamh duga an t-éileamh a luaidhtear sa bhfo-mhír seo;

(viii) Aon chóiríocht no seirbhísí a sholáthróidh an chuideachta no a thabharfid uatha laistigh de scóip a ngnótha agus ná fuil aon fhorálacha ina gcóir sa Sceideal so.

(2) Isé an bínse bóthair iarainn, ar iarratas ceachtar den dá pháirtí, a shocróidh aon difríocht a eireoidh fén mír seo, ach má dhineann trádálaí, sara dtabharfar aon tseirbhís do, fógra thabhairt i scríbhinn don chuideachtain ná teastuíonn an tseirbhís sin uaidh, ní tuigfar gur ar iarratas an trádálaí ná chun áiseachta dho a tugadh an tseirbhís.

(3) Aon éileamh a éileoidh an chuideachta fé seo agus do réir ordú ón mbínse bóthair iarainn a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, féadfar, fé fhorálacha na míre seo, é bhaint amach le haicsean i gcúirt dlí.

11. Isé an riail-ráta ar son iompair an ráta a fhéadfidh an chuideachta a éileamh ar son earraí tráchtála d'iompar ar traen earraí tráchtála agus, fé réir na n-eisceacht agus na bhforálacha a luaidhtear sa Sceideal so, foluíonn sé an chuideachta do sholáthar comhachta gluaiseachta agus trucanna, agus gach costas eile a bhaineann leis an iompar san agus ná foráltar éinní ina thaobh anso ar aon tslí eile.

12. Isé an riail-éileamh cinn-scríbe stáisiúin an t-éileamh a fhéadfidh an chuideachta a éileamh ar thrádálaí ar son úsáid a dhéanamh den chóiríocht (lasmuich de thuiteáin ghuail) a sholáthruíonn an chuideachta agus ar son na ndualgaisí a thógann an chuideachta ortha féin, agus ná foráltar éinní ina dtaobh sa Sceideal so, ag an stáisiún cinnscríbe chun deighleáil no ag deighleáil le hearraí tráchtála mar lucht iompair dóibh roimh a n-iompar no dá éis sin.

13. Isiad na riail-éilithe cinn-scríbe seirbhíse na héilithe a fhéadfidh an chuideachta a éileamh ar thrádálaí ar son na seirbhísí seo a leanas nuair a tabharfar iad do thrádálaí no ina chóir, sé sin le rá, ládáil, dí-ládáil, clúdach, agus dí-chlúdach earraí tráchtála, agus tuigfar go bhfoluíonn na héilithe sin, maidir le gach seirbhís fé leith, gach éileamh ar son an chuideachta do sholáthar lucht oibre, meaisínteachta, gléasra, stóranna agus clúdacha.

14. Má bhíonn consighneacht ar traen earraí tráchtála os cionn trí chéad meáchaint, féadfar éileamh ar son cuid de cheathrú céad meáchaint mar cheathrú céad meáchaint.

15. Féadfidh an chuideachta éileamh ar son cuid de mhíle slí do réir an méid ceathrú míle atá sa chuid sin agus féadfar éileamh ar son cuid de cheathrú míle mar cheathrú míle.

16. Ní tuigfar gur beartáin bheaga earraí a cuirfar chun siúil ina gcaindíochtaí móra le chéile bíodh go mbeid có-dhéanta de bheartáin difriúla de shaghas málaí siúicre, caifé, agus a leithéidí.

17. Aon mhéid earraí tráchtála níos lú ná ualach truc a ghlacfidh no a sheachadfidh an chuideachta in aon truc amháin ar leataobh no ag leataobh nách leis an gcuideachtain, no go mbeidh ar an gcuideachtain no go n-éileofar ortha iad d'iompar in aon truc amháin mar gheall ar staid an cháis in ar tairgeadh na hearraí no mar gheall ar chineál na n-earraí, féadfidh an chuideachta éileamh ar a son fé mar éileoidís ar son ualaigh mhinimum réasúnta agus cuimhneamh acu ar chineál na n-earraí.

18. Cialluíonn an téarma “stáisiún cinn-scríbe” stáisiún no áit ar an mbóthar iarainn ina ndintar consighneacht d'earraí tráchtála do ládáil no do dhí-ládáil sara n-iompruítear ar an mbóthar iarainn iad no dá éis sin, ach ní fholuíonn sé aon stáisiún ná siúnta in ar dineadh na hearraí tráchtála a mbeifar ag éileamh aon éilimh chinn-scríbe ina dtaobh, do mhalairtiú le haon chuideachta bóthair iarainn, do thabhairt suas dóibh, no do ghlaca uatha, ná ní fholuíonn sé siúnta idir an bóthar iarainn agus leataobh atá curtha ar cíos ag an gcuideachtain no nách leo, ná ní fholuíonn sé, maidir le hearraí tráchtála ag gluaiseacht chun na leataoibhe sin no uaidh, aon stáisiún go bhfuil baint ag an leataoibh sin leis, ná aon dug ná áit cur-ar-bord luinge go bhfuil na héilithe ar son é úsáid regleálta le reacht.

Foluíonn an focal “leataobh” brainse-bhóithre iarainn nách le cuideachtain bhóthair iarainn.

19. Sa Sceideal so cialluíonn an focal “an chuideachta” an chuideachta chó-nasctha, agus foluíonn an focal “trádálaí” éinne a dhineann no gur mian leis earraí tráchtála do chur chun siúil no do ghlaca ar bóthar iarainn.

Seachtu Sceideal.

Achtachain a Leasuitear.

Alt 51.

Siosón agus Caibideal

Gearr-theideal

An leasú.

11 Geo. 4 and 1 Will. 4, c. 68.

The Carriers Act, 1830

In alt a haon, déanfar na focail “silks in a “manufactured or unmanufactured state “and whether wrought up or not wrought “up with other materials” d'athghairm agus cuirfar an focal “twenty-five” in ionad “ten.”

In alt a dó cuirfar an focal “twenty-five” in ionad an fhocail “ten.”

Cuirfar an t-alt nua so a leanas i ndiaidh alt 10:—

“11. In this Act the expression ‘common carrier by land’ shall include a common carrier by land who is also a carrier by water, and as regards every such common carrier this Act shall apply to carriage by water in the same manner as it applies to carriage by land.”

8 & 9 Vict. c. 20

The Railways Clauses Act, 1845, mar a hionchorpruíodh in aon Acht, pe'ca roimh rith an Achta so no ina dhiaidh sin a ritheadh é.

In alt a trí, i ndiaidh na bhfocal “The “word ‘toll’ shall include any rate or “charge or other payment payable under “the special Act” cuirfar isteach na focail “or fixed by the railway tribunal under “the provisions of the Railways Act, 1924.”

In alt a nócha-hocht, in ionad na bhfocal “number or quantity of goods conveyed by “any such carriage” cuirfar isteach na focail “full name and address of the “consignee and such particulars of the “nature, weight (inclusive of packing), and “number of parcels or articles of merchan“dise handed to the company for con“veyance as may be necessary to enable “the company to calculate the charges “therefor.”

Cuirfar an fo-alt so a leanas i ndeire alt a nócha-hocht:—

“(2) The company shall be entitled to refuse to convey any merchandise delivered to them for conveyance as aforesaid in respect of which the foregoing provisions of this section have not been complied with, or to examine, weigh or count the same and make such reasonable charge therefor as they think fit:

“Provided that the company shall not refuse to convey the parcels or articles of merchandise handed to them for conveyance as aforesaid without giving the person an opportunity of having them weighed or counted upon payment of a reasonable charge.”

17 & 18 Vict. c. 31

The Railway and Canal Traffic Act, 1854.

In alt a seacht, in ionad na bhfocal “for any “horse fifty pounds, for any neat cattle per “head fifteen pounds, for any sheep or pigs “per head two pounds” cuirfar na focail “for any horse one hundred pounds, for “neat cattle per head fifty pounds, for any “other animal five pounds.”

Ochtu Sceideal.

Na Gradanna le n-a mBaineann Cuid IV. den Acht.

Alt 55 (3).

Rannóg

Grúpa

Grádanna an Ghrúpa

1

Máistrí Stáisiúin

..

Máistrí Stáisiúin, Gníomhairí Earraí, Máistrí Clóis, Máistrí Conganta Clóis, Gníomhairí Paisnéara agus Beartán.

Cléirigh

..

Cléirigh (Fir agus Mná).

Maoir

..

Ceannasaithe Tráchta, Cigirí don Roinn Tráchta, Cigirí agus Saoistí do Roinn na nEarraí, Cigirí Buan-slí, Cigirí Comharthaí is Telegrafa, Saoistí Scruinge, Cigirí um Oibriú Scruinge, Cigirí Caráistí agus Bhaigíní, Cigirí Ticéidí.

2

Comharthóirí, etc.

..

Comharthóirí, Cimeádaithe Crosairí.

Gárdaí, etc.

..

Gárdaí Traenach Paisnéara, Gárdaí Traenach Earraí, Gárdaí Traenach Ballasta, Siuntaerí Traenach Paisnéara, Siuntaerí Traenach Earraí, Saoistí Clóis.

Fuireann Tráchta

..

Freastalaithe i Seomraí Eadaigh agus in Oifigí Maoine Caillte, Bailitheoirí um Bhagáiste Bhreise, Saoistí Stáisiúin, Iompróirí, Saoistí Beartán, Iompróirí Beartán, Bailitheoirí Ticéidí, Iompróirí Ceannais, Teachtairí.

Fuireann na nEarraí

Seicéirí, Comhreamhaigh, Iompróirí, Saoist-Oibritheoirí, Iompróirí Ceannais.

Fuireann Chairéireachta.

Cairéirí, Tiománaithe Ród-Mhótair, Saoist-Oibritheoirí,

Scrúdóirí Caráistí agus Bhaigíní

Scrúdóirí Caráistí, Fir Chúraim, Scrúdóirí Bhaigíní, Ilitheoirí agus Smearthóirí Caráiste agus Bhaigín.

3

Tiománaithe, etc.

..

Tiománaithe Scruinge, agus Fir Ráil-Mhótair, Teineadóirí, Glanadóirí.

Fuireann Seid, etc.

Fir Chúraim, Glanadóirí Scruinge, Fir Bharraí, Coirenítheoirí, Glaoiteoirí, Gualairí, Fir Chrann Tógála, Tarraiceoirí Teine, Pacálaithe Glanda, Scruingirí Pumpála, Gainmheoirí, Oibritheoirí Seid, Galadóirí, Tabharthóirí Stóranna, Am-Chimeádaithe (Neachléiriciúil), Glanadóirí Cuisleann.

4

Gaingéirí, etc.

..

Gaingéirí (Buan-slí), Láithreoirí Plátaí, Cigirí,Am-Chimeádaithe, Oibritheoirí, Uirliseoirí.

Línteoirí Comharthaí agus Telegrafa, etc.

Prímh-Línteoirí, Fir Chúraim, Línteoirí, Gaingéirí (Comharthaí agus Telegrafa), Socrathóirí, Oibritheoirí, Sreangadóirí agus Greamathóirí.

Naou Sceideal.

Iocanna ar son Urraiochtai Baruntachta.

Alt 63.

Cuid I.

Cuid II.

Cuid III.

An méid a Iocfidh an tAire leis an gCuideachtain Chó-nasctha gach bliain díobh so a leanas.

Na méideanna a Iocfidh na Comhairlí Contae seo a leanas leis an Aire gach bliain o 1925 go 1934 agus an dá bhliain sin san áireamh.

An méid a hIocfar amach as Cuntas na Cánach Áitiúla leis an Aire gach bliain o 1925 go 1934 agus an dá bhliain sin san áireamh.

Bliain

£

£

£

1925

..

48,688

Cabhán

..

666

1926

..

48,688

An Clár

..

4,320

1927

..

48,688

Corcaigh

..

4,823

1928

..

48,688

An Ghaillimh

802

6,804

1929

..

48,688

Ciarraighe

..

4,200

1930

..

47,288

Liathdruim

..

4,221

1931

..

47,288

Muigheo

..

866

1932

..

47,288

1933

1934

..

..

47,288

47,288

An méid a Iocfidh an Chomhairle Chontae a luaidhtear thíos leis an Aire gach bliain o 1925 go 1929 agus an dá bhliain sin san áireamh:

Tiobrad Arann, an Trian

Theas

..

£1,400


Deichiu Sceideal.

Achtachain na bainfidh leis an gCuideachtain Cho-nasctha.

Alt 69.

Siosón agus Caibideal

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

31 & 32 Vict. ch. 119

..

Regulation of Railways Act, 1868.

Alt 34.

36 & 37 Vict. ch. 48

..

The Regulation of Railways Act, 1873.

Ailt 14 agus 15.

57 & 58 Vict. ch. 54

..

The Railway and Canal Traffic Act, 1894.

Ailt 1, 3, agus 4.

11 & 12 Geo. V. ch. 55.

The Railways Act, 1921.

Alt 84, fo-alt (1), agus na focail “save as aforesaid” i bhfo-alt (2).