21 1924


Uimhir 21 de 1924.


ACHT CUIDEACHTAN (ATHDHÉANAMH BREACACHÁN), 1924.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN GO nATHDHÉANFÍ IN OIFIG CHLARATHOIR NA gCUIDEACHTAN NA BREACACHÁIN A BHAINEAS LE CUIDEACHTANA ÁIRITHE GUR MILLEADH A mBREACACHÁIN SAN OIFIG SIN. [26adh Meitheamh, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Na cuideachtana le n-a mbaineann an tAcht so.

1. —(1) Baineann an tAcht so le gach cuideachtain—

(a) a cláruíodh fé sna Joint Stock Companies Acts, fén Companies Act, 1862, no fén Companies (Consolidation) Act, 1908, agus

(b) a hionchorporuíodh roimh an 26adh lá de Bhealtaine, 1921, agus

(c) nár scuireadh ná nár scriosadh amach as an gclár roimh rith an Achta so, agus

(d) 'na bhfuil a hoifig chláruithe i Saorstát Éireann, agus

(e) ná dintar í eisceacht ón Acht so leis an gcéad fho-alt eile.

(2) Ní bhaineann an tAcht so—

(a) leis na cuideachtana a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ná

(b) le haon chuideachtain go raibh a gnó á ghlana suas, go héigeanta no go toilteannach, an 26adh lá de Bhealtaine, 1921, agus go ndéanfar glanasuas a gnótha do chríochnú agus do chur in úil go cuibhe don chlárathóir laistigh de shé mhí tar éis rithte an Achta so.

Na cuideachtana go bhféadfidh an chúirt an tAcht so do chur i mbaint leo.

2. —(1) Más rud é—

(a) i gcás cuideachtan le n-a mbainfadh an tAcht so dá mba ná scuirfí roimh rith an Achta so í, go ndéanfidh an chúirt ordú fé alt 223 den Companies (Consolidation) Act, 1908, á fhaisnéis go raibh scur na cuideachtan gan brí, no

(b) i gcás cuideachtan le n-a mbainfadh an tAcht so dá mba ná scriosfí amach as an gclár í roimh rith an Achta so, go ndéanfidh an chúirt ordú fé alt 242 den Companies (Consolidation) Act, 1908, ainm na cuideachtan do chur thar n-ais ar an gclár,

féadfidh an chúirt a fhaisnéis san ordú san go mbainfidh an tAcht so leis an gcuideachtain tar éis pé atharuithe is dó leis an gcúirt is ceart do dhéanamh maidir leis na haimsearacha go ndéanfar gníomhartha laistigh díobh, no maidir le héinní eile, agus leis sin bainfidh an tAcht so, agus é atharuithe amhlaidh, leis an gcuideachtain ón dáta ar a gcuirfar cóip oifige den ordú san i dtaisce leis an gclárathóir.

(2) An té go ndéanfar ar iarratas uaidh ordú fén alt so á fhaisnéis go mbainfidh an tAcht so le cuideachtain, beidh sé de dhualgas air cóip oifige den ordú do chur i dtaisce leis an gclárathóir laistigh de sheacht lá tar éis déanamh an orduithe, agus mara ndinidh an duine sin amhlaidh, féadfar, ar a chiontú ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae a bheidh an cur-i-dtaisce gan déanamh.

Na cuideachtana le n-a mbaineann an tAcht cuirfid ráiteas agus scríbhinní chun an chlárathóra.

3. —(1) Laistigh de mhí tar éis don chlárathóir é iarraidh ar an gcuideachtain tré leitir a chuirfe sé tríd an bpost chun na cuideachtan no, mara ndinidh sé amhlaidh, ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, cuirfar chun an chlárathóra o gach cuideachtain le n-a mbaineann an tAcht so—

(a) ráiteas sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus é críochnuithe go cuibhe i dtreo go mbeidh ann go cruinn na nithe agus na rudaí uile agus fé leith go n-iarrtar leis an bhfuirm sin iad do chur síos intí, agus

(b) cóip de gach scríbhinn dá luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus

(c) scríbhinn bhunaidh gach deimhniú dá luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Gach ráiteas a cuirfar chun an chlárathóra do réir an fho-ailt sin roimhe seo deimhneofar a fhírinne le faisnéis reachtúil a bheidh sa bhfuirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dhéanfidh beirt de sna daoine seo a leanas, sé sin le rá, na stiúrthóirí, an bainisteoir, agus an rúnaí.

(3) Na cóipeanna a chuirfidh cuideachta chun an chlárathóra do réir an ailt seo, de sna scríbhinní a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, deimhneofar a n-údarás tré shéala na cuideachtan do chur ortha agus teisteofar iad ar an gcuma a horduítear le rialacháin na cuideachtan.

(4) Déanfidh an clárathóir an ráiteas roimhráite agus na cóipeanna roimhráite de scríbhinní do chimeád agus do chur i dtaisce.

(5) Laistigh de mhí tar éis do é fháil cuirfidh an clárathóir thar n-ais chun an tseoltóra gach deimhniú bunaidh a sheol cuideachta chuige do réir an ailt seo.

(6) Má dhineann agus nuair a dhéanfidh cuideachta le n-a mbaineann an tAcht so a chur ina luighe ar an gclárathóir le faisnéis reachtúil nách féidir no gur do-dhéanta ráiteas do chríochnú no cóip de scríbhinn no deimhniú bunaidh do chur chun an chlárathóra do réir an ailt seo, agus gur dhin an chuideachta do réir an ailt seo sa mhéid gur féidir é no sa mhéid nách do-dhéanta é, féadfidh an clárathóir an chuideachta san do shaora ón oblagáid a bheidh uirthi tuille do dhéanamh chun an t-alt so do chó-líona.

Gan dochar do shealbhóirí debentiúra, morgáistithe, etc.

4. —(1) Na nithe a bheidh ráite ag cuideachtain i ráiteas a chuir sí chun an chlárathóra do réir an Achta so i dtaobh debentiúirí, morgáistí, agus muirearacha a bhaineann le n-a maoin, ní bheid ach ina bhfianaise prima facie ar na nithe sin, agus ní dhéanfa sé dochar ná difir do cheartanna aon iontaobhaí debentiúra, sealbhóra debentiúra, morgáistí, muirearthóra ná éinne eile d'éilitheoirí na cuideachtan debentiúir, morgáiste, no muirear do bheith luaidhte sa ráiteas san no fágtha amach as.

(2) San alt so foluíonn an focal “debentiúir” stoc debentiúra chó maith le debentiúir.

Tabharfidh an clárathóir deimhniú gur có-líonadh an tAcht.

5. —Nuair a bheidh agus chó luath agus a bheidh an clárathóir sásta go bhfuil cuideachta le n-a mbaineann an tAcht so tar éis an tAcht so do chó-líona ach amháin sa mhéid gur cheaduigh an clárathóir di (má cheaduigh sé in aon chor) gan é chó-líona, tabharfidh an clárathóir amach don chuideachtain deimhniú ar an gcó-líona san sa bhfuirm atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite gur dhin an chuideachta an tAcht so do chó-líona go cuibhe.

Scriosfar amach as an gclár cuideachtana ná có-líonfidh an tAcht.

6. —(1) Laistigh de shé mhí tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, foillseoidh an clárathóir san Iris Oifigiúil, agus i dhá gceann ar a luíod de sna páipéirí nuachta laethiúla a léitear i Saorstát Éireann, fógra á rá—

(a) cad is ainm do gach cuideachtain 'na bhfuil cúis ag an gclárathóir chun a chreidiúint go mbaineann an tAcht so léi agus nár chó-líon an tAcht so roimh an bhfoillsiú san; agus

(b) go ndéanfar, i gceann trí mhí tar éis foillsiú an fhógra san, gach cuideachta (pe'ca tá sí ainmnithe sa bhfógra san no ná fuil) le n-a mbaineann an tAcht so agus ná beidh an tAcht so có-líonta aici an uair sin, go ndéanfar í scur de bhua an Achta so agus a hainm do scrios amach as an gclár.

(2) Gach cuideachta le n-a mbaineann an tAcht so agus ná beidh an tAcht so có-líonta aici fé cheann trí mhí tar éis dáta an fhógra a foillseofar do réir an fho-ailt sin roimhe seo, beidh sí scurtha de bhua an Achta so nuair a bheidh an trí mhí sin caithte agus leis sin scriosfar a hainm amach as an gclár.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis deire na tréimhse sin trí mhí, foillseoidh an clárathóir san Iris Oifigiúil, agus i dhá gceann ar a luíod de sna páipéirí nuachta laethiúla a léitear i Saorstát Éireann, fógra ina nochtfar ainmneacha na gcuideachtan uile gur scriosadh a n-ainmheacha amach as an gclár do réir an ailt seo.

Déanfar cuideachtana scurtha áirithe do scrios amach as an gclár.

7. —(1) Aon uair roimh an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1925, féadfidh an clárathóir fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agus i dhá gceann ar a luíod de sna páipéirí nuachta laethiúla a léitear i Saorstát Éireann, ag innsint ainmneacha aon chuideachtana a cláruíodh in Éirinn agus 'na bhfuil oifigí cláruithe acu sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é agus 'na bhfuil cúis aige chun a chreidiúint gur scuireadh iad roimh an 26adh lá de Bhealtaine, 1921, ach nách féidir do fianaise dheimhnitheach do thabhairt ar a scur.

(2) I gceann trí mhí tar éis foillsiú fógra fén alt so, scriosfidh an clárathóir amach as an gclár ainmneacha na gcuideachtan uile a hainmníodh sa bhfógra san ach amháin ainmneacha na gcuideachtan san gur cruthaíodh do nár scuireadh iad.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis ainm cuideachtan do scrios amach as an gclár fén alt so, foillseoidh an clárathóir fógra san Iris Oifigiúil i dtaobh an scrios-amach san.

Pionóisí mar gheall ar nea-chó-líona an Achta.

8. —(1) Má dhineann cuideachta le n-a mbaineann an tAcht so ráiteas do thabhairt don chlárathóir do réir an Achta so agus go mbeidh sé bréagach no go gcuirfadh sé duine amú in aon phunc áirithe, beidh gach stiúrthóir, bainisteoir, agus rúnaí don chuideachtain ciontach i mí-iompar mara gcruthuighidh sé gur dineadh an ráiteas san i gan fhios do no gan aontú uaidh agus, ar a chiontú ar an slí achmair, féadfar é dhaora chun príosúntachta ar feadh téarma nách sia ná sé mhí i dteanta no d'éamais daor-oibre no, más toil leis an gcúirt é, chun fíneála ná raghaidh thar caoga púnt, no ar a chiontú ar díotáil, féadfar é dhaora chun príosúntachta ar feadh téarma nách sia ná dhá bhliain i dteanta no d'éamais daor-oibre no, más toil leis an mbreitheamh é, chun fíneála ná raghaidh thar céad púnt, no chun na príosúntacha agus na fíneála san le chéile.

(2) I gcás aon chuideachtan le n-a mbaineann an tAcht so—

(a) mara gcríochnuighidh sí agus mara gcuiridh sí chun an chlárathóra laistigh den aimsir a horduítear leis an Acht so an ráiteas is gá don chuideachtain sin, do réir an Achta so, a chríochnú agus a chur chun an chlárathóra, sé sin, sa mhéid nár dhin an clárathóir (má dhin sé in aon chor) an chuideachta do shaora fén Acht so ón oblagáid a bhí uirri an ráiteas san do chríochnú, no

(b) maran rud é go gcuirfidh sí chun an chlárathóra, laistigh den aimsir a horduítear leis an Acht so, aon chóip de scríbhinn no aon deimhniú bunaidh is gá don chuideachtain sin, do réir an Achta so, a chur chun an chlárathóra agus nár dhin an clárathóir fén Acht so an chuideachta do shaora ón oblagáid a bhí uirri é chur chun an chlárathóra,

ar a gciontú ar an slí achmair féadfar an chuideachta san agus gach stiúrthóir, bainisteoir, agus rúnaí don chuideachtain sin do chur fé fhíneáil ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae a bheidh éinní de sna nithe sin gan déanamh.

Féadfidh an chúirt an ráiteas do cheartú.

9. —(1) Má chítar don chúirt maidir le ráiteas a chuir cuideachta chun an chlárathóra do réir an Achta so aon iontráil sa ráiteas san do bheith neamh-fhíor no nea-chruinn no go gcuirfadh sí duine amú, féadfidh an chúirt, ar iarratas an chlárathóra no na cuideachtan no éinne de bhaill no d'eilitheóirí na cuideachtan a ordú go gceartófar an ráiteas ar pé slí a ordóidh an chúirt leis an ordú san.

(2) Nuair a dhéanfidh an chúirt ordú fén alt so, déanfidh an chuideachta, laistigh de mhí tar éis dáta an orduithe, ráiteas leasuithe do réir téarmaí an orduithe sin do chur chun an chlárathóra, agus na forálacha den Acht so a bhaineann le n-a bhfuil sa ráiteas bhunaidh, le deimhniú a fhírinne, agus le saoirse o oblagáid a chríochnuithe, agus le píonóisí mar gheall ar ráiteas atá bréagach no a chuirfadh duine amú do chur chun an chlára thóra no mar gheall ar gan an ráiteas bunaidh do chríochnú no gan é chur chun an chlárathóra, bainfid leis an ráiteas leasuithe atá le cur chun an chlárathóra fén alt so.

Comhacht don chúirt chun cuideachtana a scriosfar amach as an gclár fén Acht so do chur thar n-ais arís air.

10. —(1) Má dhineann an clárathóir do réir an Achta so ainm cuideachtan do scrios amach as an gclár, ansan, ar iarratas a dhéanfidh an chuideachta no éinne dá baill nó dá héilitheoirí laistigh de chúig bliana i ndiaidh an scrios-amach san, más deimhin leis an gcúirt go raibh an chuideachta ag déanamh gnótha no ag obair nuair a bhí an scrios-amach san á dhéanamh no gur ceart mar gheall ar éinní eile ainm na cuideachtan do chur thar n-ais arís ar an gclár, féadfidh an chúirt gach ní no éinní dhíobh so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a fhaisnéis go bhfuil scur na cuideachtan (má scuireadh í) gan brí;

(b) a ordú go gcuirfar ainm na cuideachtan thar n-ais arís ar an gclár;

(c) a éileamh ar an gcuideachtain gach ceann no aon cheann no cinn d'fhorálacha an Achta so do chó-líona tar éis pé atharuithe is dó leis an gcuirt is ceart do bheith déanta ortha maidir leis na haimsearacha go ndéanfar gníomhartha laistigh díobh no maidir le héinní eile;

(d) a chur fé ndeár go mbeidh aon chuid áirithe den ordú gan teacht i ngníomh mara gcó-líonaidh an chuideachta forálacha an Achta so no foráil no forálacha dhíobh tar éis a n-atharuithe mar adubhradh;

(e) pé orduithe do thabhairt agus pé forálacha do dhéanamh a dheabhróidh bheith ceart chun an chuideachta agus gach éinne eile do chur, sa mhéid gur féidir é, sa treo chéanna ina mbeidís dá mba ná scriosfí ainm na cuideachtan amach as an gclár agus dá mba na scuirfí (má scuireadh) an chuideachta;

(f) pé ordú is dó leis an gcúirt is ceart do dhéanamh i dtaobh costaisí.

(2) Má dintar ordú fén alt so chun ainm cuideachtan do chur thar n-ais arís ar an gclár no chun a fhaisnéis go raibh scur cuideachtan gan brí, tuigfar go raibh an chuideachta ann i gcomhnaí chó maith is ná scriosfí a hainm amach as an gclár agus (ma scuireadh í) chó maith is ná scuirfí í.

(3) Má bhíonn cuideachta in ainm bheith ag déanamh gnótha no ag obair tar éis a hainm a bheith scriosta amach as an gclár do réir an Achta so no tar éis a scurtha do bhua an Achta so, tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur éilitheoir ar an gcuideachtain éinne go raghaidh an chuideachta no go mbeidh sí in ainm dul fé fhiachas aige tar éis an scrios-amach no an scur san, ach beidh san gan dochar do cheartanna an duine sin (más ann dóibh) in aghaidh na ndaoine a bheidh in ainm bheith ag cimeád na cuideachtan ar siúl no á hoibriú no ag cimeád a gnótha ar siúl no á oibriú.

(4) Beidh sé de dhualgas ar an té go ndéanfar ordú fén alt so ar iarratas uaidh cóip oifige den ordú do sheachada don chlárathóir laistigh de sheacht lá tar éis déanamh an orduithe, agus mara ndinidh an duine sin an chóip sin den ordú do sheachada amhlaidh féadfar, ar a chiontú ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae a bheidh an seachada san gan déanamh.

Faoiseamh don chlárathóir maidir le cuideachtana le n-a mbaineann an tAcht.

11. —(1) Aon uair a héileofar ar an gclárathóir aon scríbhinn a bhí i gcimeád aige agus a chláruigh sé roimh an 26adh lá de Ehealtaine, 1921, maidir le cuideachta le n-a mbaineann an tAcht so, do thaisbeáint chun go n-iniúchfar í ina oifig no do thabhairt mar fhianaise in aon chúirt, no aon uair a héileofar air cóip d'aon scríbhinn den tsórt san no sliocht aisti do sholáthar, ansan agus in aon chás den tsórt san—

(a) má chuir an chuideachta cóip den scríbhinn chun an chlárathóra do réir an Achta so, is leor don chlárathóir cóip den chóip den scríbhinn sin a cuireadh chuige amhlaidh no sliocht aisti (pe'ca aca is gá sa chás) do thaisbeáint, do thabhairt mar fhianaise no do sholáthar;

(b) marar cuireadh aon chóip den scríbhinn chun an chlárathóra do réir an Achta so, ach an t-eolas atá sa scríbhinn sin go bhfuil sé sa ráiteas a chuir an chuideachta chun an chlárathóra do réir an Achta so, is leor don chlárathóir cóip den ráiteas roimhráite no sliocht as (pe'ca aca is gá sa chás) do thaisbeáint, do thabhairt mar fhianaise no do sholáthar;

(c) marar cuireadh cóip den scríbhinn chun an chlárathóra do réir an Achta so, agus an t-eolas atá sa scríbhinn sin ná fuil sé sa ráiteas roimhráite, beidh an clárathóir saor agus saortar leis seo é o aon oblagáid maidir le cóip den scríbhinn sin no sliocht aisti do thaisbeáint chun go n-iniúchfí ina oifig í, do thabhairt mar fhianaise in aon chúirt, no do sholáthar.

(2) Aon uair a héileofar ar an gclárathóir deimhniú do thabhairt ar éinní no ar aon rud a thárla no a dineadh roimh an 26adh lá de Bhealtaine, 1921, maidir le cuideachta le n-a mbaineann an tAcht so, ansan—

(a) má bhíonn an chuideachta tar éis scríbhinn bhunaidh deimhniú den tsórt san, a thug an clárathóir amach roimh an 26adh lá de Bhealtaine, 1921. do chur chun,an chlárathóra do réir an Achta so is leor don chlárathóir deimhniú do thabhairt a bheidh bunuithe ar an gcóip no ar an mbreacachán eile, den chéad deimhniú san, i dtaisce ag an gclárathóir nuair a cuirtear an chéad deimhniú san chuige mar sin; no

(b) mara mbítear tar éis aon chéad deimhniú den tsórt san do chur chun an chlárathóra, ach gur cruthuíodh chun sástachta don chlárathóir do réir an Achta so an ní go bhfuil an deimhniú á éileamh ina thaobh, is leor don chlárathóir deimhniú do thabhairt gur dineadh an ní do chruthú amhlaidh chun sástachta dho; agus

(c) in aon chás eile beidh an clárathóir saor agus saortar leis seo é o aon oblagáid an deimhniú san do thabhairt

Faoiseamh don chlárathóir maidir le cuideachtana ná baineann an tAcht leo.

12. —(1) Maidir le haon scríbhinn a bhí i gcimeád ag an gclárathóir agus a chláruigh sé roimh an 26adh lá de Bhealtaine, 1921, agus a bhaineann le cuideachta ná baineann an tAcht so léi agus nách cuideachta dhíobh súd a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, beidh an clárathóir saor agus saortar leis seo é o aon oblagáid maidir le cóip di no sliocht aisti do thaisbeáint chun go n-iniúchfí ina oifig í, no do thabhairt mar fhianaise in aon chúirt, no do sholáthar.

(2) Beidh an clárathóir saor agus saortar leis seo é o aon oblagáid maidir le deimhniú do thabhairt ar éinní no aon rud a thárla no a dineadh roimh an 26adh lá de Bhealtaine, 1921, mar gheall ar chuideachta ná baineann an tAcht so léi agus nách cuideachta dhíobh súd a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Mínithe.

13. —San Acht so—

cialluíonn an focal “clárathóir” an clárathóir cuideachtana i Saorstát Éireann;

cialluíonn an focal “cúirt” an chúirt go mbeidh údarás aici de thurus na huaire chun gnó cuideachtana do chríochnú;

agus gach focal agus abairt eile a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear, leis, sna Companies Acts, 1908 to 1917, beidh leo san Acht so na bríonna atá leo fé seach sna hAchtanna san.

Gearr-theideal.

14. —(1) Féadfar an tAcht Cuideachtan (Athdhéanamh Breacachán), 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Companies Acts, 1908 to 1917, agus féadfar na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

CEAD SCEIDEAL.

Cuideachtana Ainmnithe na baineann an tAcht so leo.

A. H. Bex, Limited.

“Anglo-Celt,” Limited.

Byford & Company, Limited.

F. W. Crossley Publishing Company, Limited.

Mountmellick Town Hall Company, Limited.

National Sawmills & Cooperage Company, Limited.

DARA SCEIDEAL.


Fuirm an Raitis ata le deanamh fen Acht so.

Mion-innste ar Ainm agus ar Chó-dhéanamh na Cuideachtan mar a bhíodar 25 Bealtaine, 1921.

1. Ainm na Cuideachtan.     ..     ..     ..     ..

2. Sean-Ainm na Cuideachtan (má bhí ainm eile uirthi), agus dáta an Deimhniú ar Atharú na hAinme     ..     ..     ..     ..

3. Oifig Chláruithe na Cuideachtan     ..     ..

4. Dáta Ionchorporú na Cuideachtan     ..     ..

5. Bunuíodh an Chuideachta agus regleáltar í le

(Abartar ce'ca le Memorandum agus Airtiogail, le hAcht Speisialta, le Cairt Ríoga, le Leitreacha Paitinne, le Dintiúir Socruithe no ar aon tslí eile é, cuirtar síos dátaí agus mion-innste eile, agus luaidhtear aon Rúin Speisialta agus Orduithe Cúirte a bhaineann leis an scéal.)

6. Cadé an sórt Cuideachtan í—

(a) Ce'ca teoranta nó nea-theoranta ata     ..

(b) Ce'ca le scaireanna no le hurraíocht atá sí tecranta     ..     ..     ..

(c) Más le hurraíocht é, bhfuil scairchaipital ann ?     ..     ..     ..

(d) Má tá sí nea-theoranta, bhfuil scairchaipital ann ?     ..     ..     ..

7. An t-ainm-chaipital a bhí ag an gCuideachtain ar dháta a hionchorporuithe no, mara bhfuil aon scair-chaipital ag an gCuideachtain, cá mhéid ball a bhí inti nuair a cláruíodh í     ..     ..     ..

8. Dáta agus méid gach méadú ina dhiaidh sin ar chaipital no, mara bhfuil aon scairchaipital ag an gCuideachtain, dáta agus líon gach méadú ina dhiaidh sin ar líon na mball     ..     ..     ..     ..     ..

9. Ar dhin an Chuideachta an scair-chaipital do chódhlúthú agus do roinnt ina scaireanna níos mó ? Má dhin, cuirtar síos na dátaí agus mion-innste     ..     ..     ..

10. Ar iompuigh an Chuideachta aon chuid dá scaireanna ina stoc no ar ath-iompuigh sí stoc ina scaireanna ? Má dhin, cuirtar síos na dátaí agus mion-innste     ..     ..

11. Dáta agus méid gach luíodú ina dhiaidh sin ar chaipital agus conus a dineadh é ?     ..

12. Ar ceapadh aon tSocrathóir ? Má ceapadh, innstear a ainm agus a sheola, dáta agus módh a cheaptha, agus a bhfuil sé ag gníomhú fós, agus ceangailtear de seo Fógra Ceaptha Socrathóra sa bhfuirm orduithe no cóip oifige den Ordú a dhin an Chúirt chun gnó na Cuideachtan do chríochnú     ..     ..     ..     ..     ..

13. Ar ceapadh aon Ghlacadóir ? Má ceapadh, innstear a ainm agus a sheola, dáta agus módh a cheaptha, agus a bhfuil sé ag gníomhú fós, agus ceangailtear de seo Fógra Ceaptha Glacadóra sa bhfuirm orduithe     ..     ..     ..     ..     ..

14. Ar rith an Chuideachta Rún Speisialta aon uair ? Má dhin, cuirtar síos dáta agus tuairisc gach Rúin den tsórt san, agus ceangailtear de seo cóip de gach Rún den tsórt san a ritheadh roimh 26 Bealtaine, 1921, agus a dílse deimhnithe go cuibhe le séala na Cuideachtan     ..     ..

N.B.—Glacfidh an Clárathóir le cóipeanna láimhscríbhte mara bhfuil cóipeanna clóbhuailte ar fáil.

15. Ar rith an Chuideachta Rún Nea-ghnáith aon uair ó 30 Meitheamh, 1908 ? Má dhin, cuirtar síos dáta agus tuairisc gach Rúin den tsórt san, agus ceangailtear de seo cóip de gach Rún den tsórt san a rithcadh tar éis an 30adh lá san de Mheitheamh, 1908, agus roimh 26 Bealtaine, 1921, agus a dílse deimhnithe go cuibhe le séala na Cuideachtan     ..     ..     ..

N.B.—Glacfidh an Clárathóir le cóipeanna láimhscríbhte mara bhfuil cóipeanna clóbhuailte ar fáil.

16. Mion-innste ar an Scair-Chaipital mar a bhí 25 Bealtaine, 1921:—

An Scair-Chaipital Ainmniúil £......, agus é roinnte i ......scaireanna de £...... an ceann. Líon iomlán na scaireanna a bhí tógtha suas go dtí an 25adh lá de Bhealtaine, 1921........

An méid scaireanna a tugadh amach ar coiníoll go n-íocfí ar fad asta in airgead tirm     ..     ..     ..     ..

............................

An méid scaireanna a tugadh amach mar scaireanna gur lán-íocadh asta ar aon tslí seachas in airgead tirm     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

............................

An méid scaireanna a tugadh amach gur páirt-íocadh asta chó fada le ............ an scair ar aon tslí eile seachas in airgead tirm     ..     ..     ..

............................

Do glaodhadh suas, in aghaidh gach scaire de

                                                 ......scaireanna     ..

£............................

,,      ,,        ,,    ,,   ,,    ......        ,,           ..

£............................

,,      ,,        ,,    ,,   ,,    ......        ,,           ..

£............................

An méid glaoite a fuaradh ar fad, maraon le híoc nuair a hiarradh agus a roinneadh     ..     ..     ..

£............................

An méid ar fad (má b'ann do) a haontuíodh a mheas mar a híocfí é in aghaidh scaireanna a tugadh amach mar scaireanna gur lán-íocadh asta ar aon tslí eile seachas in airgead tirm     ..     ..     ..     ..

£............................

An méid ar fad (má b'ann do) a haontuíodh a mheas mar a híocfí é in aghaidh...... scaireanna a tugadh amach mar scaireanna gur páirt-íocadh asta chó fada le............ an scair ar aon tslí eile seachas in airgead tirm     ..     ..     ..

£............................

An méid glaoite ar fad nár íocadh     ..     ..     ..

£............................

An méid ar fad a híocadh (má híocadh éinní) in aghaidh ......scaireanna a giallbhruideadh     ..     ..

£............................

Méid iomlán na scaireanna agus an stuic go bhfuil scair-bharántaisí ina seasamh fós dóibh     ..     ..

£............................

Méid na scaireanna no méid an stuic atá i ngach scairbharántas fé leith     ..     ..     ..     ..     ..

£............................

17. Mion-innste ar Chonnartha a dhin an Chuideachta chun scaireanna do roinnt ar chomaoine nárb airgead tirm:—

Dáta an Chonnartha.

Ainmneacha na bPáirtithe.

An chomaoine a tugadh don Chuideachtain.

Mion-innste ar na scaireanna a roinneadh ar an gcomaoine sin.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

18. Mion-innste ar Mhorgáistí agus ar Mhuirir a chruthnuigh an Chuideachta:

A.—Morgáistí agus Muirir a cruthnaíodh roimh 1 Iúl, 1908, agus ba ghá a chlárú dá mba ar an dáta san no ina dhiaidh a cruthnófí iad, ach ní háirítear ortha Morgáistí ná Muirir ba ghá a chlárú fé Alt 14 den Companies Act, 1900.

I dtaobh gach Morgáiste no Muirir den tsórt san tugtar na mion-innste seo a leanas, eadhon:—

(a) Dáta a chruthnuithe agus a thuairisc

..

(b) An tsuim a cuireadh in áirithe

..

..

(c) Mion-innste gearra ar an maoin a

muirearadh

..

..

..

..

(d) Ainmneacha agus seolta na Morgáistithe no na muirearthóirí no na ndaoine eile go bhfuil teideal acu chun an mhorgáiste no chun an

mhuirir

..

..

..

..

(e) Méid agus dáta cláruithe gach sásaimh

chláruithe

..

..

..

..

Innstear, leis, an méid ar fad a bhí gan íoc ar an 25adh Bealtaine, 1921, ar na Morgáistí agus na Muirir sin.

B.—Morgáistí agus Muirir Chláruithe a cruthnaíodh 1 Eanair, 1901, no ina dhiaidh sin, agus roimh 26 Bealtaine, 1921, agus nách Debentiúirí de shreath atá ar chéim pari passu.

I dtaobh gach Morgáiste no Muirir den tsórt san tugtar na mion-innste seo a leanas, eadhon:—

(a) Dáta a chruthnuithe agus a thuairisc

..

(b) Dáta a chláruithe

..

..

..

(c) Mion-innste ar an méid a céadchuireadh in áirithe agus ar an méid a bhí gan íoc 25 Bealtainc,

1921

..

..

..

..

..

(d) Mion-innste gearra ar an maoin a

muirearadh

..

..

..

..

(e) Ainmneacha na Morgáistithe no na muirearthóirí no na ndaoine eile go bhfuil teideal acu chun an

mhorgáiste no chun an mhuirir

..

(f) Méid agus dáta cláruithe gach sásaimh

chláruithe

..

..

..

..

C.—Debentiúirí de shreath ar chéim pari passu a tugadh amach 1 Eanair, 1901, no ina dhiaidh sin, agus roimh 26 Bealtaine, 1921.

I dtaobh gach sreatha Debentiúirí den tsórt san tugtar na mion-innste seo a leanas, eadhon:—

(a) Dáta an chláruithe

..

..

..

(b) An méid ar fad a cuireadh in áirithe

leis an sreath

..

..

..

(c) Dáta an rúin le n-ar húdaruíodh an

sreath do thabhairt amach

..

..

(d) Dáta agus méid gach

tabhartha-amach a dineadh ar an sreath

..

(e) An méid a glanadh agus a scriosadh

amach

..

..

..

..

(f) An méid a bhí gan glana 25 Bealtaine,

1921

..

..

..

..

..

(g) Dáta an Dintiúra folúcháin

..

..

(h) Gearr-thuairisc gheanerálta ar an

maoin a muirearadh

..

..

(i) Ainmneacha Iontaobhaithe na

sealbhóirí debentiúra

..

..

..

(j) Méid agus dáta cláruithe gach sásaimh

chláruithe

..

..

..

..

(k) Ar dineadh aon choimisiún no lascaine d'íoc no do lomháil ar shíntiúisí do sholáthar no ar aontú chun iad do sholáthar i gcóir aon scaireauna sa Chuideachtain agus, má dineadh, tagartar do sna hAirtiogail le n-a n-údaruítear an t-íoc no an lomháil agus cuirtar síos ráta an choimisiúin no na lascaine agus dáta an chearcaláin no an fhógra, má b'ann do (agus nách prospectus é), le n-ar hiarradh síntiúisí i gcóir na scaireanna agus le n-ar nochtadh méid no ráta an choimisiúin no na

lascaine

..

..

..

..

19. Ainmneacha, etc., na Stiúrthóirí a bhí ar an gCuideachtain 25 Bealtaine, 1921.

Ainm iomlán.

Gnáth-áit Chomhnaí.

Náisiúntacht.

Gnó eile (má tá sé aige).

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

20. Mion-innste breise atá le tabhairt ag Cuideachtain Phríobháidigh ar nithe mar a bhíodar 25 Bealtaine, 1921.

(a) A raibh in Airtiogail Chó-Chumainn na Cuideachtan, ar dháta a hionchorporuithe, na clásanna ba ghá chun “Cuideachta Phríobháideadh” do dhéanamh den

Chuideachtain ?

..

..

..

..

..

Mara raibh, cuirtar síos dáta an Rúin Speisialta le n-ar dineadh Cuideachta Phríobháideach den chuideachtain.

(b) Más ar an 1 Eanair, 1901, no ina dhiaidh sin, a hionchorporuíodh an Chuideachta agus nár Chuideachta Phríobháideach ar dháta a hionchorporuithe í, ar dhin an Chuideachta aon uair cuire thabhairt don phuiblíocht sighniú i gcóir aon chuid dá

scaireanna ?

..

..

..

..

..

Má dhin, abartar (i) Cad is dáta don phrospectus le n-ar tairgeadh scaireanna

don phuiblíocht chun sighniú ina gcóir

..

(ii) Cá mhéid scair-chaipital a céadthairgeadh don phuiblíocht chun sighniú

ina chóir

..

..

..

..

..

(iii) Cadé an síntiús minimum a socruíodh le Memorandum no le hAirtíogail Chó-Chumainn agus atá ainmnithe sa Phrospectus nó sa Ráiteas atá in ionad Prospectuis

(iv) Cá mhéid caipital go raibh sighnithe ina chóir nuair a thosnuigh an Chuideachta ar an gcéad roinnt a dhéanamh ar scaireanna a bhí iníoctha ar fad in airgead tirm

(v) Cad is dáta don Deimhniú le n-ar cuireadh an Chuideachta i dteideal chun

tosnú ar ghnó do dhéanamh

..

..

21. Mion-innste breise atá le tabhairt ag Cuideachta a hionchorporuíodh 1 Eanair, 1901, no ina dhiaidh sin, agus nách Cuideachta Phríobháideach, ar nithe mar a bhíodar 25 Bealtaine, 1921.

(a) Ar dhin an Chuideachta aon uair cuire thabhairt don phuiblíocht sighniú i gcóir aon chuid dá scaireanna nó dá debentiúirí ?

(b) Dáta an Phrospectuis le n-ar tairgeadh scaireanna no debentiúirí don phuiblíocht

chun sighniú ina gcóir

..

..

..

(c) An méid scair-chaipitail a céad-thairgeadh

don phuiblíocht chun sighniú ina chóir

..

(d) An méid debentiúirí a tairgeadh don

phuiblíocht chun sighniú ina gcóir

..

..

(e) An síntiús minimum a socruíodh le Memorandum no le hAirtiogail agus atá ainmnithe sa Phrospectus nó sa Ráiteas atá in ionad

Prospectuis

..

..

..

..

..

(f) An méid caipitail go raibh sighnithe ina chóir nuair a thosnuigh an Chuideachta ar an gcéad roinnt a dhéanamh ar scaireanna a

bhí iníoctha ar fad in airgead tirm

..

..

(g) Dáta an Deimhnithe le n-ar cuireadh an Chuideachta i dteideal chun tosnú ar ghnó

do dhéanamh

..

..

..

..

(h) A raibh an Chuideachta ina Cuideachtain

Phríobháidigh aon uair

..

..

..

(i) Má bhí, abartar cathin a dineadh Cuideachta

Phuiblí dhi

..

..

..

..

..

22. Scríbhinní go bhfuil cóipeanna dhíobh á gcur chun siúil ina theanta so.

 

(Cuirtar síos anso liost de sna scríbhinní go bhfuil cóipeanna dhíobh á gcur chun siúil leis seo do réir Alt 3 agus Sceideal 3 den Acht Cuideachtan (Athdhéanamh Breacachán), 1924 .)

23. Deimhnithe atá á gcur chun siúil ina theanta so.

(Cuirtar síos anso liost de sna deimhnithe bunaidh atá á gcur chun siúil leis seo do réir Alt 3 agus Sceideal 4 den Acht Cuideachtan (Athdheánamh Breacachán), 1924 .)

Cuireadh Séala Coitiann na Cuideachtan leis seo an......lá so de............192  , i bhfianaise

........................

........................

Stiúthóirí.

........................

........................

........................

Rúnaí.

Faisneis Reachtuil.

Luaidhtear sa bhFaisnéis seo na hoifigí atá ag na Faisnitheoirí sa Chuideachtain.

Dinimid-ne,....................................as .................. agus .................................................. as .................. a fhaisnéis leis seo, go solamanta agus go macánta, gur fíor agus gur ceart na mion-innste, na nithe agus na rudaí uile agus fé leith a luaidhtear anso roimhe seo; nár dineadh............................................, Teoranta, do scur ná do scrios amach as an gClár, agus nár dineadh aon ordú agus nár ritheadh aon rún roimh 26 Bealtaine, 1921, chun gnó na Cuideachtan san do chríochnú,

Más gá é, ba chóir, foclú na Faisnéise seo d'atharú do réir fírinne an scéil.

Ar a fhaisnéis do

.............................................

.............................................

.............................................

san thuas am'fhianaise-sei

........................ ....................

.............................................

an........lá so de..........

.................192    .


TRIU SCEIDEAL.

Scribhinni 'na bhfuil Coipeanna dhiobh le cur chun an Chlarathora.

Memorandum agus Airtiogail Chó-Chumainn na Cuideachtan (más ann dóibh).

Gach Acht Páirliminte Speisialta (más ann do) le n-ar có-dhineadh no le n-a regleáltar an Chuideachta.

Gach Cairt Ríoga (más ann di) le n-ar có-dhineadh no le n-a regleáltar an Chuideachta.

Gach Leitir Phaitinne (más ann di) le n-ar có-dhineadh no le n-a regleáltar an Chuideachta.

Gach Dintiúir Socrúcháin (más ann do) le n-ar có-dhineadh no le regleáltar an Chuideachta.

Gach Ordú a dhin an Chúirt agus le n-a ndintar atharú, leasú, leathnú no éinní eile ar aon scríbhinn díobh san.

Gach Rún Speisialta a ritheadh roimh an 26adh lá de Bhealtaine, 1921.

Gach Rún Nea-ghnáith a ritheadh ón 30adh lá de Mheitheamh, 1908, agus roimh an 26adh lá de Bhealtaine, 1921.

Gach scríbhinn eile (más ann di) le n-a ndintar có-dhéanamh na Cuideachtan d'ordú, do regleáil, no d'atharú.


CEATHRU SCEIDEAL.

Deimhnithe Bunaidh ata le cur chun an chlarathora.

Pé Deimhnithe dhíobh so a leanas a thug an Clárathóir amach don Chuideachtain roimh an 26adh lá de Bhealtaine, 1921:—

Deimhniú ar Ionchorporú.

Deimhniú chun tosnú ar ghnó do dhéanamh.

Gach Deimhniú ar chlárú Morgáistí agus Muirear.

Gach Deimhniú ar chlárú Orduithe le n-ar daingníodh luíodú caipitail.

Deimhniú ar chlárú Ordú le n-ar cuireadh isteach Memorandum agus Airtiogail Chó-Chumainn i gcóir Dintiúra Socrúcháin.

Gach Deimhniú ar atharú ainme.

Gach Deimhniú ar atharú cuspóirí.


CUIGIU SCEIDEAL.

Fuirm Dheimhniu ar an Acht do bheith Co-lionta.

Deimhním leis seo go bhfuil........................................................., Teoranta, tar éis an tAcht Cuideachtan (Athdhéanamh Breacachán), 1924 , do chó-líona go cuibhe, ach amháin sa mhéid gur dhineas-sa, i bhfeidhmiú na comhachta a bronnadh orm chuige sin leis an Acht san, an Chuideachta san do shaora ón oblagáid a bhí uirthi an tAcht san do chó-líona.

Tugtha fém' láimh an ................. lá so de.............................

Míle Naoi gCéad...........................................................

...........................................................................

Clárathóir na gCumann gCó-Stuic.