|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 12 de 1924. | ||
[EN] |
ACHT UM AM SAMHRAIDH, 1924. | |
ACHT CHUN FORÁIL DO DHÉANAMH CHUN GO mBEIDH AN tAM I SAORSTÁT ÉIREANN CHUN TOSAIGH AR AM IARTHAIR NA hEURÓIPE AR FEADH TRÉIMHSE ÁIRITHE DEN BHLIAIN 1924. [12adh Abrán, 1924.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Am do chur uair chun tosaigh ar feadh ama shamhraidh. |
1. —(1) Beidh an t-am i Saorstát Éireann uair chun tosaigh ar am Iarthair na hEuróipe chun crícheanna generálta ar feadh tréimhse an ama shamhraidh sa bhliain 1924. |
[EN] | (2) In aon chás ina bhfuil tagairt do phonc ama in aon achtachán, Ordú i gComhairle, Ordú, rialachán, riail, fo-dhlí, cairt, fógra no scríbhinn ar bith eile, tuigfear, ar feadh tréimhse an ama shamhraidh sa bhliain 1924 agus gan dochar dá bhforáltar 'na dhiaidh seo, gurb é am an t-am dá dtagartar ná an t-am fé mar a socruítear é chun crícheanna generálta leis an Acht so. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so cur isteach ar úsáid ama Iarthair na hEuróipe chun crícheanna réalt-eolais, méteoraíochta, nó mairnéalachta, ná cur isteach ar léiriú aon scríbhinne a luadhann no a thagrann do phonc ama i dtaobh aon chríche dhíobh san. | |
[EN] |
Teoranta tréimhse ama shamhraidh. |
2. —Chun críche an Achta so isé rud é tréimhse an ama shamhraidh i gcóir na bliana 1924 ná an tréimhse a thosnóidh ar a dó a chlog, am Iarthair na hEuróipe, ar maidin an 13adh lae d'Abrán, 1924, agus a chríochnóidh ar a dó a chlog, am Iarthair na hEuróipe, ar maidin an 21adh lae de Mheadhon Fhoghmhair, 1924. |
[EN] |
Míniú ar am Iarthair na hEuróipe. |
3. —San Acht so cialluíonn an focal “am Iarthair na hEuróipe” meadhon-am Greenwich. |
[EN] |
Gearr-theideal. |
4. —Féadfar an tAcht um Am Samhraidh, 1924 , do ghairm den Acht so. |