1 1924

Uimhir 1 de 1924.


ACHT SEALADACH CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA (COMHACHTA GABHÁLA AGUS COINNÉALA), 1924.


ACHT CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN DAOINE ÁIRITHE DO GHABHÁIL AGUS DO CHOINNÉAIL AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LE COSAINT NA PUIBLÍOCHTA AGUS COSAINT PHEARSAN AGUS MHAOINE [31adh Eanair, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Féadfidh Aire Feidhmiúcháin gabháil agus coinneáil do chur ar dhaoine áirithe.

1. —Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúcháin a chur fé ndeár go ngabhfar agus, fé réir forálacha an Achta so, a ordú go gcoinneofar i gcimeád in aon áit i Saorstát Éireann éinne go ndeimhneoidh an tAire sin i scríbhinn ina thaobh gur deimhin leis go bhfuil cúis réasúnta le hamhras go bhfuil no go raibh an duine sin ag déanamh no páirteach i ndéanamh aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Féadfidh oifigeach freagarthach daoine áirithe do ghabháil.

2. —(1) Beidh sé dleathach d'oifigeach freagarthach gabháil agus coinneáil i gcimeád ar feadh aon tréimhse nách sia ná seachtain do dhéanamh ar éinne a gheobhfar ag déanamh aon chionta dá luaidhtear sa sceideal a ghabhann leis an Acht so no ag tabhairt fé no ar éinne go bhfuil amhras ag an oifigeach san go bhfuil sé tar éis a leithéid a dhéanamh, agus chun aon ghabháil den tsórt san do dhéanamh beidh sé dleathach do dul isteach agus cuardach do dhéanamh in aon áitreabh gurb eol an duine sin a bheith ann no go bhfuil cúis réasúnta chun a chreidiúint go bhfuil sé ann.

(2) Beidh sé dleathach d'Aire Feidhmiúcháin, fé réir forálacha an Achta so, a ordú go gcoinneofar i gcimeád in aon áit i Saorstát Éireann éinne a gabhfar fén alt so agus go ndeimhneoidh an tAire sin i scríbhinn ina thaobh gur deimhin leis go bhfuil cúis réasúnta le hamhras go bhfuil no go raibh an duine sin ag déanamh no páirteach i ndéanamh aon chionta dá luaidhtear sa sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) I gcás éinne do ghabháil fén alt so, mara ndinidh Aire Feidhmiúcháin ordú fén alt so chun é do choinneáil déanfar, ar dháta nách déanaí ná seachtain tar éis a ghabhála, an duine sin do leigint saor, no é do chúiseamh i gcionta no i gciontaí dhíobh san a luaidhtear sa sceideal a ghabhann leis an Acht so no i gcionta no i gciontaí eile agus deighleáil leis do réir dlí, agus chuige sin, más i gcimeád mileata dho, cuirfar i gcimeád síbhialta é.

Dul isteach i dtigh comhnaithe chun gabháil do dhéanamh.

3. —In aon chás ina mbeidh cúis réasúnta ag Oifigeach freagarthach d'Fhórsaí Mileata Shaorstáit Éireann chun a cheapa go mbeidh sé riachtanach dul isteach i dtigh comhnaithe chun go ndéanfa sé gabháil a bheidh aige le déanamh fén Acht so, beidh sé de dhualgas ar an Oifigeach san, má luíon sé le réasún gur féidir é a shocrú go mbeidh Oifigeach de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána i láthair agus an dulisteach san á dhéanamh agus déanfaidh an tAire Cosanta agus an tAire um Ghnóthaí Dúithche pé socruithe is gá no is maith chun na críche sin.

Coinneáil daoine atá anois i gcimeád mileata.

4. —Gach éinne atá anois á choinneáil i gcimeád mileata no á chimeád mar phríosúnach no mar chime mhileata agus ná beidh daortha, roimh rith an Achta so, chun téarma príosúntachta no piantseirbhíse ag aon bhínse a bhunuigh na húdaráis mhileata, féadfar é do choinneáil i gcimeád fén Acht so fé ordú o Aire Feidhmiúcháin más dó leis an Aire sin gur chontabhairt don phuiblíocht an duine sin do leigint saor.

Comhairlí Athchomhairc.

5. —(1) Gach Comhairle Athchomhairc atá ann fé láthair agus a bunuíodh fé alt 4 den Acht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923 ( Uimh. 28 de 1923 ), cimeádfar ar bun chun crícheanna an ailt seo iad, agus bunóidh Aire Feidhmiúcháin pé Comhairlí Athchomhairc sa bhreis a bheidh riachtanach chun na gcrícheanna san.

(2) Gach Comhairle Athchomhairc a cimeádfar ar bun no a bunófar fén alt so beidh sí có-dhéanta de thriúr ball ar a luíod agus beidh ortha san, abhcóide no atúrnae atá ag cleachta a ghairme agus seasamh cúig mblian ar a luíod aige, no duine atá no a bhí ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach Údaráis in Éirinn, no ina Bhreacthóir no ina Bhreitheamh Cúirte Contae in Éirinn, no ina Bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Dála mar a mínítear í in Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 (Uimh. 36 de 1923) , no ina bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda.

(3) Féadfar pé táillí no luach saothair a cheapfidh an tAire Airgid d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le haon bhall de Chomhairle Athchomhairc ná faghann luach saothair as cistí puiblí.

(4) Einne a coinneofar i gcimeád fén Acht so, pe'ca fé ordú a dhin Aire Feidhmiúcháin é no fé ordú a dhin na húdaráis mhileata, féadfa sé, ar an gcuma orduithe, a iarraidh go ndéanfidh Comhairle Athchomhairc fiosrú i dtaobh abhar a choinneála, agus leis sin déanfidh an Chomhairle sin chó luath agus is féidir é fiosrú ar an gcuma orduithe i gcás an duine sin agus tabharfid tuairisc don Aire Feidhmiúcháin sin sa bhfuirm orduithe ar thora an fhiosruithe sin.

(5) Nuair a bheidh fiosrú á dhéanamh fén alt so tabharfar don Chomhairle Athchomhairc na tuairiscí no na deimhnithe go bhfuiltar, dá mbua, ag coinneáil an duine go bhfuil fiosrú á dhéanamh ar a chás.

(6) Nuair a gheobhaidh a leithéid sin d'Aire Feidhmiúcháin o Chomhairle Athchomhairc tuairisc adeir ná fuil aon chúis réasúnta le hamhras gur dhin an duine atá i gcoinneáil aon chionta dá luaidhtear sa sceideal a ghabhann leis an Acht so ná le hamhras go raibh sé á dhéanamh no páirteach ina dhéanamh, déanfa sé, laistigh de cheithre lá déag tar éis do an tuairisc d'fháil, a ordú go leigfar saor é maran rud é—

(a) go gcuirfe sé an tuairisc thar n-ais chun na Comhairle Athchomhairc chun tuille fianaise do bhreithniú, no

(b) go gcúiseofar an duine in aon chionta is inphionósuithe le príosúntacht.

(7) Einne a bheidh ag fulang breith príosúntachta no piantseirbhíse, a cuireadh air ag bínse a bhunuigh na húdaráis mhileata, ní bheidh teideal aige chun athchomhairc chun Comhairle Athchomhairc fén alt so.

(8) Déanfidh Aire Feidhmiúcháin rialacháin i gcóir Comhairlí Athchomhairc d'fheidhmiú na bhfeidhmeanna a cuirtar ortha leis an alt so, agus chuige sin féadfa sé, le hordú, aon rialacháin a bheidh ann agus a dineadh fé alt 4 den Acht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha). 1923, do chimeád i bhfeidhm.

(9) Ná rialacháin uile a déanfar no a cimeádfar i bhfeidhm fén alt so leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus má dhineann aon Tigh de dhá Thigh an Oireachtais rún do rith chun na rialacháin do chur ar nea-mbrí beidh na rialacháin gan brí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a bheidh déanta fútha cheana féin.

(10) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dineadh no a cimeádadh i bhfeidhm fén alt so.

Féadfar bannaí a ghlaca o dhaoine a leigfar saor.

6. —(1) Aon uair a bheidh Aire Feidhmiúcháin ar aigne éinne a gabhadh no atá á choinneáil fén Acht so do leigint saor féadfidh an tAire coiníoll do chur leis an leigint-saor san go raghaidh an duine sin agus beirt uraí fiach-acfuinneacha ina theanta i mbannaí i láthair Giúistís Dúithche i pé suim a mholfidh an tAire agus isé coiníoll a bheidh sna bannaí sin ná an duine roimhráite do bheith dea-iompartha agus síochánta ar feadh pé tréimhse, nách sia ná trí bliana, a cheapfidh an tAire roimhráite.

(2) Na hachtacháin sin uile le n-a ndintar regleáil ar dhul i mbannaí i láthair Máistreora Roinne do Chathair Bhaile Atha Cliath ar bheith dea-iompartha agus síochánta agus regleáil ar an bhfuirm agus ar an modh chun na bannaí sin do chur i bhfeidhm agus d'estréatáil, bainfid le gach banna ina raghfar fén alt so i láthair Máistreora Roinne den tsórt roimh-ráite, agus na forálacha a bhaineann le bannaí chun bheith dea-iompartha agus síochánta agus atá in alt 34 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, agus in alt 10 den Fines Act (Ireland), 1851, fé mar atáid leasuithe leis an Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1918, bainfid le gach banna ina raghfar fen alt so i láthair Giúistís Dúithche lasmuich de Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath.

Féadfidh Aire Feidhmiúcháin rialacháin do dhéanamh.

7. —(1) Féadfidh Aire Feidhmiúcháin rialacháin do dhéanamh—

(a) ag luadh na bpríosún, na gcampaí príosúin agus na n-áiteanna eile ina bhféadfar daoine i gcimeád fén Acht so do choinneáil;

(b) chun na príosúin, na campaí agus na háiteanna eile sin do bhainistí, do chimeád sláintiúil, do stiúra agus do ghárdáil go héifeachtúil;

(c) chun smacht do chur i bhfeidhm agus do chimeád imeasc na ndaoine i gcoinneáil amhlaidh;

(d) chun aire liaigiúil, mháinliaigiúil agus bhanaltrais do thabhairt do sna daoine i gcoinneáil amhlaidh;

(e) chun na príosúin, na campaí agus na háiteanna eile sin d'iniúcha agus chun na daoine a bheidh á gcoinneáil ionta do bheith á bhfiosrú ag daoine freagarthacha a ceapfar ag an Aire agus a chó-líonfidh na feidhmeanna san gan luach saothair d'fháil;

(f) chun aon daoine den tsórt san do chosc ar éaló agus chun údarás do thabhairt chun gach cuardach agus fiosrú do dhéanamh a bheidh riachtanach do réir réasúin chun na críche sin;

(g) ag ordú no ag socrú i dtaobh aon ruda no éinní eile a bhaineann le coinneáil na ndaoine sin fén Acht so do dhéanamh éifeachtúil.

(2) Na rialacháin uile atá ann fé láthair agus a dineadh fé alt 13 den Acht chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923 ( Uimh. 28 de 1923 ), sa mhéid ná fuilid bunoscionn leis na comhachta a bronntar leis an bhfo-alt san roimhe seo leanfid i bhfeidhm sa mhéid go leanfaidís agus leis an éifeacht a bheadh acu dá mba fén Acht so a déanfí iad.

Chun chomhachta na bhforsaí mileata do chimeád slán.

8. —Ní tuigfar éinní san Acht so do bheith ag déanamh athghairm, nea-mbríochaint, luíodú ná dochar ar ná don bhfeidhmiú a dhéanfidh fórsaí mileata Shaorstáit Éireann ar aon cheann de sna comhachta no na húdaráis is infheidhmithe acu de bhua riachtanais mhileata a eireoidh agus iad ag có-líona an dualgais a bheidh ortha chun rebeliúntacht do chur fé chois.

Minithe.

9. —San Acht so,

cialluíonn an focal “oifigeach freagarthach” oifigeach nách ísle céim ná ceannphort agus atá i bhfórsa póilíneachta a bunuíodh ag an Aire um Ghnóthaí Dúithche no atá fé n-a smacht, no aon bhall d'fhórsa póilíneachta a gheobhaidh údarás fé leith ón oifigeach san, no oifigeach d'fhórsaí mileata Shaorstáit Éireann nách ísle céim ná ceanncatha agus dá dtabharfidh an tAire Cosanta in aon chás áirithe comhachta fé leith chun a chomhachta fén Acht so do thabhairt d'aon bhall d'fhórsaí mileata Shaorstáit Éireann, nách ísle céim ná sáirsint, ach amháin i gcás ina ndéanfar le hórdú o dhuine go bhfuil an chomhacht san aige, fórsa mileata do chur chun aon duine no daoine do ghabháil, agus sa chás san tuigfar na comhachta a deontar leis an Acht so do bheith ag gach ball den bhfórsa san:

foluíonn an focal “Giúistís Dúithche” Máistreoir Roinne do Chathair Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an focal “Aire Feidhmiúcháin” Aire atá ina bhall den Ard-Chomhairle.

Gearr-theideal, tosach feidhme agus buaine.

10. —(1) Féadfar an tAcht Sealadach chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Gabhála agus Coinneála), 1924, do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i bhfeidhm an 1adh lá d'Fheabhra, 1924, agus leanfidh sé i bhfeidhm go ceann bliana ón dáta san agus ragha sé in éag ansan.


SCEIDEAL.

1. Daoine do ghríosú chun tabhairt fé fhuirm bhunuithe Rialtas Shaorstáit Éireann do bhrise le fóiréigean no aon iarracht den tsórt san d'ullamhú no, ar aon tslí eile, cabhair no misneach do thabhairt dá leithéid d'iarracht.

2. Aon oifigeach do Rialtas Shaorstáit Éireann do mhealla, no tabhairt fé n-a mhealla, go nea-dhleathach, chun có-líona a dhualgais mar oifigeach den tsórt san do dhiúlta no chun é leigint i bhfuaire no i bhfaillí.

3. Seilbh gan údarás dleathach ar

(a) aon arm teine marathach no arm d'aon tsaghas eile as a bhféadfaí aon urchar, pileur no teilgeán eile do chaitheamh; no

(b) aon amuinisean d'aon arm teine no arm eile den tsaghas san; no

(c) aon ghranád, búmba no teilgeán eile den tsórt san, pe'ca is féidir é d'úsáid le haon arm teine no arm eile den tsaghas san no nách féidir; no

(d) aon phléascán talmhan no inneal pléascach eile den tsaghas san; no

(e) aon dynamite, gelignite no substaint phléascach eile; no

(f) éinní a théigheann chun aon earra no substaint den tsórt san roimhráite do dhéanamh suas no a cuirtar isteach ann.

4. Seilbh gan údarás dleathach ar aon bhall éadaigh, treallaimh no feistis no ar aon airm no amuinisean is le haon bhall no a tugadh amach d'aon bhall d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann.

5. Duine do chur no do ghabháil éide no aon chuid d'éide aon bhrainse d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann uime gan údarás dleathach.

6. Duine do thabhairt ainm, teideal no comharthaí aon chéime, no aon bhaill, d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann air féin chun aon ghníomh do dhéanamh no d'fháil déanta ná beadh an té a thug air féin an ainm, an teideal no na comharthaí sin i dteideal do réir dlí chun é dhéanamh ná chun é d'fháil déanta as a údarás féin.

7. Dul isteach agus seilbh do chimeád go héagcórach ar thalamh gan dath ná deabhramh teidil ná údaráis.

8. Robáil fé arm; sé sin le rá, duine do dhéanamh robála no iarracht ar robáil agus é armtha le héinní atá no a dheabhruíonn a bheith ina arm no ina inneal troda.

9. Dógha; sé sin le rá, teine do thabhairt no iarracht ar theine do thabhairt, go nea-dhleathach, d'aon tigh, monarcha, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no d'aon mhaoin talamhaíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no d'aon mhaoin d'aon tsórt no saghas so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás.

10. Díobháil no scrios, no iarracht ar dhíobháil no scrios, do dhéanamh go nea-dhleathach ar aon tigh, monarca, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no ar aon mhaoin talamhaíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no ar aon mhaoin d'aon tsórt no saghas, so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás.

11. Cuir-isteach no cosc do dhéanamh, go nea-dhleathach, ar aon talamh no áitreabh do shealbhú no d'úsáid go dleathach no ar thairfe do bhaint as go dleathach.

12. Bac do chur, no iarracht ar bhac do chur, ar riara cirt.

13. Cabhrú le héinne, é ghríosú, cuidiú leis no é mhisniú, no cogar do dhéanamh, chun aon chionta dá luaidhtear sa sceideal so do dhéanamh, no cabhrú chun éinne atá ciontach in aon chionta den tsórt san do chur i bhfolach no chun é do dhul saor, agus san go feasach.